|
23.9.2015 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
1 |
Fógra folúntais CONS/AD/117
EOLAS GINEARÁLTA
|
Roinn |
Ard-Stiúrthóireacht D, Stiúrthóireacht 1 (Gnóthaí Baile) |
|
Áit oibre |
An Bhruiséil |
|
Teideal an phoist |
Stiúrthóir |
|
Grúpa feidhme agus grád |
AD 14 |
|
Tá imréiteach slándála riachtanach don phost |
SECRET EU |
|
SPRIOCDHÁTA d’IARRATAIS |
20 Deireadh Fómhair 2015 |
CÉ SINNE
Cuireann Ardrúnaíocht na Comhairle (ARC) tacaíocht ar fáil do Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus don Chomhairle Eorpach. Tá Ard-Stiúrthóireacht D (DGD) d’Ardrúnaíocht na Comhairle freagrach as beartas i réimse an Cheartais agus Gnóthaí Baile. Cuireann sí tacaíocht dhíreach ar fáil don Chomhairle, dá comhlachtaí ullmhúcháin, don Uachtaránacht rothlach agus, nuair is gá, d’Uachtarán na Comhairle Eorpaí ina réimsí téamacha agus i gcomhar le hArd-Stiúrthóireachtaí eile san Ardrúnaíocht. Tá dhá Stiúrthóireacht inti. Tá Stiúrthóireacht D1 sannta do shaincheisteanna “Gnóthaí Baile” agus is éard atá ann trí aonad: Schengen, Víosaí agus Teorainneacha (Aonad 1), Caidreamh Seachtrach, Tearmann agus Imirce (Aonad 2) agus Comhar Póilíneachta agus Custaim (Aonad 3).
A BHFUIL Á LORG AGAINN
Tá bainisteoir á lorg againn, a bheidh mar cheannaire agus mar spreagadh le haghaidh foireann ina mbeidh 36 bhall, i réimse beartais atá casta ó thaobh an dlí agus ó thaobh na polaitíochta de. Ó thaobh do réimse inniúlachta de, beifear ag súil go gcuirfidh tú comhairle ghairmiúil ar fáil ar an leibhéal is airde, comhairle maidir le hábhar agus maidir le nósanna imeachta, don Uachtaránacht agus don Chomhairle, d’Uachtarán na Comhairle Eorpaí agus don Ard-Stiúrthóir a bheidh agat. Beidh ort dea-chaidreamh a bhunú le hinstitúidí eile an Aontais agus comhoibriú go dlúth le ranna inmheánacha ARC agus le geallsealbhóirí seachtracha (aireachtaí, rialtais agus buanionadaithe de chuid na mBallstát, tríú Stáit agus gníomhaireachtaí Ceartais agus Gnóthaí Baile (CGB)). Beidh tú ag plé le comhaid atá an-íogair agus conspóideach ó thaobh na polaitíochta de ina bhfuil leasanna éagsúla ag na geallsealbhóirí. Dá bhrí sin, is gnéithe ríthábhachtacha iad scileanna maithe idirphearsanta agus an cumas caibidlíocht a dhéanamh agus teacht ar chomhréitigh chun a bheith éifeachtúil sa ról seo. Beidh an chuid de do chúlra gairmiúil atá ábhartha do na réimsí atá faoi chuimsiú na Stiúrthóireachta ina buntáiste chun an ról sin a chomhlíonadh.
Spreagann an Ardrúnaíocht cultúr na soghluaisteachta i measc a bainisteoirí le go mbeidh taithí leathan acu, agus ba cheart mar sin go mbeadh na hiarrthóirí toilteanach agus ábalta dul ag obair i réimsí éagsúla gníomhaíochta le linn a ngairmréime in Ardrúnaíocht na Comhairle.
CUSPÓIR FORIOMLÁN AN PHOIST
|
— |
Faoi údarás an Ardstiúrthóra/an Leas-Ardstiúrthóra, déanfaidh an té a cheapfar a Stiúrthóireacht a bhainistiú agus cuirfidh sé/sí comhairle ar fáil sna réimsí laistigh dá sainordú |
|
— |
Comhairle ardleibhéil i ndáil le beartais agus le nósanna imeachta a sholáthar, ó bhéal agus i scríbhinn, don Chomhairle Eorpach, don Chomhairle, do Coreper agus dá nUachtaránachtaí agus don Ard-Rúnaí faoi ghnéithe uile na sainchomhad a thagann faoi chuimsiú na Stiúrthóireachta |
|
— |
Cabhrú leis an Uachtaránacht i gcaibidlíocht agus cumarsáid agus comhar éifeachtach a áirithiú le gníomhaireachtaí agus le comhlachtaí agus le hinstitiúidí eile sa réimse sin |
CÚRAIMÍ
|
— |
Comhairle a thabhairt don Chomhairle Eorpach, don Chomhairle, do Coreper agus dá nUachtaránachtaí agus don Ard-Rúnaí faoi ghnéithe uile na sainchomhad d’fhonn cabhrú chun teacht ar réitigh |
|
— |
Faoi údarás an Ardstiúrthóra, a Stiúrthóireacht a bhainistiú, a gníomhaíochtaí a eagrú agus tacú leis an bhfoireann agus í a spreagadh le linn di bheith i mbun a cuid oibre |
|
— |
Na cuspóirí atá le comhlíonadh a shainiú agus cabhrú le hiad a bhaint amach trí chlár oibre na Stiúrthóireachta a bhunú agus faireachán iomchuí a áirithiú ar chur chun feidhme an chláir oibre |
|
— |
Ionadaíocht a dhéanamh ar a sheirbhís/ar a seirbhís ar leibhéal an Stiúrthóra laistigh de ARC agus lasmuigh de araon, go háirithe ó thaobh an chaidrimh a bheidh aici leis an Uachtaránacht rothlach, agus leis na hinstitiúidí eile |
|
— |
Cáilíocht na seirbhísí agus na dtáirgí a chuireann an Stiúrthóireacht ar fáil a áirithiú |
|
— |
Bainistiú gairmiúil ar acmhainní na Stiúrthóireachta a áirithiú |
|
— |
Cumarsáid agus comhar éifeachtach a áirithiú sa Stiúrthóireacht féin agus le ranna eile in Ardrúnaíocht na Comhairle |
|
— |
A áirithiú go gcloífear leis na rialacha agus leis na nósanna imeachta atá le cur i bhfeidhm i réimsí ábhartha na Stiúrthóireachta |
|
— |
Teagmhálacha a choimeád le hidirghabhálaithe seachtracha agus ionadaíocht a dhéanamh ar ARC i bhfóraim sheachtracha |
TIMPEALLACHT AN PHOIST
|
— |
Is gá a bheith ar fáil lasmuigh de na gnáthuaireanta oibre, ag brath ar riachtanais na seirbhíse, agus go háirithe i gcomhar le cruinnithe de chuid na Comhairle Eorpaí agus le seisiúin de chuid na Comhairle maidir le saincheisteanna a thagann faoi chúram na Stiúrthóireachta |
|
— |
Misin thar lear, de ghnáth, laistigh den Aontas agus thart ar 6-8 huaire in aghaidh na bliana |
|
— |
Misin chuig Lucsamburg (go hiondúil faoi dhó sa bhliain) |
|
— |
Ionad oibre: Foirgneamh Justus Lipsius |
INNIÚLACHTAÍ SONRACHA
Inniúlachtaí gairmiúla
|
— |
Ós rud é gurb iad an Fhraincis agus an Béarla a úsáidtear go forleathan le haghaidh cumarsáid inmheánach in Ardrúnaíocht na Comhairle, beidh eolas maith ar an mBéarla agus ar an bhFraincis agus cumas cumarsáide sa dá theanga sin ag teastáil. Bheadh eolas ar theangacha oifigiúla eile de chuid an Aontais ina bhuntáiste (1). |
|
— |
Gnáth-tháirgí TF |
|
— |
Eolas an-mhaith ar struchtúr agus ar fheidhmiú sheirbhísí ARC agus ar a gcaidreamh leis na hinstitiúidí eile |
|
— |
Tuiscint an-mhaith ar an timpeallacht pholaitiúil agus eolas ginearálta maith ar bheartais an Aontais Eorpaigh |
|
— |
Eolas cuimsitheach ar réimse an Cheartais agus Gnóthaí Baile |
|
— |
An cumas déileáil le faisnéis ar bhealach discréideach |
|
— |
An cumas réitigh ar fhadhbanna a shainaithint agus a mholadh |
Cúraimí a chur i gcrích agus torthaí a bhaint amach
|
— |
Acmhainn láidir chun obair a phleanáil agus a eagrú (príomh-inniúlacht) |
|
— |
An obair a chur i gcrích go tráthúil ar bhonn seasta (príomh-inniúlacht) |
Cáilíochtaí pearsanta
|
— |
Tuiscint láidir ar an bhfreagracht (inniúlacht ríthábhachtach) |
|
— |
An cumas a bheith ag súil le fadhbanna a d’fhéadfadh a bheith ann, iad a shainaithint agus a réiteach |
|
— |
An cumas feidhmiú i réimsí éagsúla gníomhaíochta le linn ghairmréim an duine in Ardrúnaíocht na Comhairle |
Scileanna idirphearsanta
|
— |
An cumas dea-chaidreamh oibre a chothú le raon idirghabhálaithe |
Inniúlachtaí Bainistíochta
|
— |
Obair agus acmhainní a bhainistiú, feasacht eagraíochta, cinnteoireacht, ceannaireacht agus forbairt foirne |
CÉ hIAD NA DAOINE AR FÉIDIR LEO IARRATAS A DHÉANAMH
Caithfidh na coinníollacha iontrála a leanas a bheith á gcomhlíonadh ag na hiarrthóirí tráth a mbeidh an t-iarratas á dhéanamh:
|
a) |
Coinníollacha ginearálta
|
|
b) |
Coinníollacha sonracha
Tá taithí ghairmiúil ar shaincheisteanna a bhaineann le gnóthaí baile mar bhuntáiste don phost. |
BARÚLACHA
|
— |
Is fostóir comhionannas deiseanna í Ardrúnaíocht na Comhairle agus is díol sásaimh di iarratais ó iarrthóirí fireanna agus baineanna arb as an raon geografach is leithne is féidir dóibh as measc Bhallstáit an Aontais. Cuireann ARC bearta ar fáil chun réiteach a dhéanamh idir an saol gairmiúil agus an saol príobháideach agus féadfaidh sí socruithe a dhéanamh san ionad oibre do dhaoine a bhfuil míchumas orthu (chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach Iarscríbhinn I). Ós rud é nach bhfuil líon mór ban ag na leibhéil bhainistíochta is airde, bheifí sásta go háirithe faoi iarratais ó mhná. |
|
— |
Tá gá le himréiteach slándála don phost seo, lena gceadaítear rochtain ar dhoiciméid rúnaicmithe (go dtí an leibhéal SECRET EU). Tuigfear go mbeidh na daoine a chuirfidh isteach ar an bpost seo toilteanach dul faoi scagadh slándála faoi Chinneadh Uimh. 2013/488/AE (3) ón gComhairle. Ní chuirfear ceapachán chun an phoist i bhfeidhm ach amháin ar choinníoll go bhfuair an t-iarrthóir a roghnófar deimhniú bailí imréitigh slándála. Déanfar conradh sealadach a thairiscint d’iarrthóir gan imréiteach slándála go dtí go bhfaighfear toradh an nós imeachta um imréiteach slándála. |
|
— |
Cuirfear lárionad measúnaithe ar fáil chun tacú leis an mBord Comhairleach Roghnúcháin. Is bailí ar feadh dhá bhliain a bheidh na tuarascálacha a bhunóidh an t-ionad measúnaithe. |
|
— |
Scrúdóidh an coiste comhairleach roghnúcháin cáilíochtaí, taithí agus spreagthacht na n-iarratasóirí agus cuirfidh sé liosta iarrthóirí i dtoll a chéile a dtabharfar cuireadh chucu freastal ar an gcéad agallamh. I ndiaidh an agallaimh sin, déanfaidh an coiste comhairleach réamh-roghnúcháin maidir leis na hiarrthóirí a rachaidh ar aghaidh go dtí ionad measúnaithe atá á riar ag comhairleoirí seachtracha earcaíochta agus go dtí an dara hagallamh leis an gcoiste comhairleach roghnúcháin. |
|
— |
An post foilsithe i gcomhréir le hAirteagal 29 § 2 de na Rialacháin Foirne (post bainistíochta sinsearaí). |
CONAS IARRATAS A DHÉANAMH
Is é an dáta deiridh le haghaidh iarratais a chur isteach an 20 Deireadh Fómhair 2015
Ba cheart na hiarratais a sheoladh trí ríomhphost chuig Selection.of.Officials-Applications.Management.Posts@consilium.europa.eu tráth nach déanaí ná an dáta deiridh.
Ní mór a áireamh sna hiarratais na nithe leanas chun go mbeidh siad bailí:
|
a) |
an fhoirm iarratais (Iarscríbhinn IV) agus í comhlíonta mar is cuí agus dátaithe; is féidir an fhoirm iarratais leictreonach a fháil ar láithreán gréasáin na Comhairle faoin nasc seo a leanas: http://www.consilium.europa.eu/en/general-secretariat/jobs/job-opportunities/ |
|
b) |
litir iarratais lena ngabhfaidh curriculum vitae mionsonraithe, i mBéarla nó i bhFraincis, de rogha i bhformáid an Europass (http://europass.cedefop.europa.eu), lena gcumhdófar gairmréim iomlán an iarratasóra agus ina sonrófar, inter alia, cáilíochtaí an iarratasóra, cur amach an iarratasóra ar theangacha, taithí an iarratasóra, na cúraimí atá faoi láthair ar an iarratasóir; agus |
|
c) |
fótachóipeanna dioplómaí lena ndeimhnítear oideachas agus fótachóipeanna na gcáilíochtaí agus na dteastas maidir leis an taithí ghairmiúil. Caithfidh doiciméid tacaíochta teacht ó thríú páirtí agus ní leor an CV a luaitear in (b) amháin a sheoladh. |
Is i dtéacs Word, i bhformáid pdf nó i bhformáid jpg a chaithfidh na doiciméid tacaíochta uile a ghabhann leis an iarratas a bheith agus caithfidh ainm (EN nó FR) agus uimhir a bheith orthu i seicheamh (Iarscríbhinn 1, Iarscríbhinn 2, etc). Ní mór liosta de na hiarscríbhinní ar fad a chur i gceangal freisin. Ní fhéachfar ar aon iarratas a gheofar trí réiteach stóráil sonraí néalbhunaithe nó trí chórais chomhchomhad.
An t-iarrthóir a roghnófar don phost, iarrfar air/uirthi bunchóipeanna na ndoiciméad thuasluaite a sholáthar.
ATHSCRÚDÚ AR IARRATAIS
Leagtar amach na nósanna imeachta maidir le hiarratais le haghaidh athbhreithnithe, achomhairc agus tarchur chuig an Ombudsman Eorpach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an bhfógra folúntais seo.
COSAINT SONRAÍ
Leagtar amach na rialacha lena rialaítear próiseáil sonraí pearsanta a bhaineann leis an nós imeachta roghnúcháin seo in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an bhfógra folúntais seo.
(1) Is iad teangacha de chuid an Aontais Eorpaigh: Béarla, Bulgáiris, Cróitis, Danmhairgis, Eastóinis, Fionlainnis, Fraincis, Gaeilge, Gearmáinis, Gréigis, Iodáilis, Laitvis, Liotuáinis, Máltais, Ollainnis, Polainnis, Portaingéilis, Rómainis, Seicis, Slóvaicis, Slóivéinis, Spáinnis, Sualainnis, Ungáiris.
(2) Ceanglaítear le hAirteagal 5(3) de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (na Rialacháin Foirne) nach mór do na hiarrthóirí an méid a leanas a bheith acu ar a laghad:
|
(i) |
leibhéal oideachais arb ionann é agus cúrsa ollscoile críochnaithe acu agus sin á fhianú ag dioplóma nuair is é ceithre bliana nó níos mó gnáth-thréimhse an oideachais ollscoile, nó |
|
(ii) |
leibhéal oideachais arb ionann é agus cúrsa ollscoile críochnaithe acu agus sin á fhianú ag dioplóma agus taithí ghairmiúil iomchuí bliana ar a laghad nuair is trí bliana ar a laghad atá sa ghnáth-thréimhse oideachais ollscoile. |
(3) IO L 274, 15.10.2013, lch. 1.
IARSCRÍBHINN I
Comhionannas Deiseanna ag Ardrúnaíocht na Comhairle
Mar fhostóir, tá ARC freagrach as comhionannas deiseanna idir fir agus mná a áirithiú agus idirdhealú ar aon fhoras a chosc.
Is iad seo a leanas príomhaidhmeanna an Bheartais Comhdheiseanna atá aici:
|
— |
urraim na mbeartas acmhainní daonna agus bainistithe pearsanra atá aici ar phrionsabail an chomhionannais agus an neamh-idirdhealaithe a áirithiú; |
|
— |
ionadaíocht chothrom idir fir agus mná a bhaint amach, go háirithe i bpoist bhainistithe; |
|
— |
staid daoine atá faoi mhíchumas a fheabhsú, ó thaobh inrochtana ar a foirgnimh agus timpeallachta oibre atá cuimsitheach agus oiriúnaithe dá riachtanais: D’fhéadfadh athchóiriú ar dhualgais nó ar fhreagracht, áiseanna teicniúla a chur ar fáil agus coigeartuithe eile ar an timpeallacht oibre a bheith i gceist i gcoigeartuithe do dhaoine atá faoi mhíchumas (“cóiríocht réasúnach”). Déanfar bearta den sórt sin ach amháin más rud é go gcuirfidh siad ualach míchuí ar acmhainní na hinstitiúide. |
|
— |
an fhoireann atá aici a chosaint ó chiapadh san áit oibre; |
|
— |
riachtanais foirne chun cothromaíocht a aimsiú idir tiomantais oibre agus teaghlaigh a chur san áireamh trí phacáiste maith beart atá fabhrach do theaghlaigh, lena n-áirítear fleisc-am, teilea-obair agus comhroinnt poist, a thairiscint. |
Bearta cothromaíochta oibre agus saoil
Tá córas Fleisc-ama i bhfeidhm ar fud ARC i gcomhréir le seachtain oibre 40-uair, agus deiseanna fleisc-saoire ar fáil don fhoireann neamh-bhainistíochta. Is féidir amchlár indibhidiúil, laistigh d’uaireanta creata 7.00 go dtí 20.00, a aontú i líon mór timpeallachtaí oibre.
Is féidir obair pháirtaimsire a dheonú, mar shampla chun aire a thabhairt do leanbh cleithiúnach suas go dtí aois 12 bhliain nó 14 bliana nuair is tuismitheoir aonair an t-oifigeach.
Tá 20 seachtain de shaoire mháithreachais reachtúil agus is féidir suas go dtí dhá uair an chloig sa lá a dheonú do bheathú cíche. Tá sé de cheart ag aithreacha 10 lá de shaoire atharthachta le pá a ghlacadh. Saoire thuismitheoirí suas go dtí sé mhí in aghaidh an pháiste, nó go dtí 12 mhí do thuismitheoirí aonair, is féidir í a dheonú le liúntas ar ráta comhréidh. I gcás breoiteacht thromchúiseach a bheith ar pháiste nó i gcás é nó í a bheith faoi mhíchumas, tá saoire mháithreachais, atharthachta agus thuismitheoirí níos faide. Is féidir saoire theaghlaigh le liúntas ar ráta comhréidh a bheith ann i gcás ball teaghlaigh le breoiteacht thromchúiseach nó faoi mhíchumas. Deonaítear saoire speisialta i gcásanna amhail pósadh, breith nó uchtú linbh, agus bás nó breoiteacht thromchúiseach baill teaghlaigh. I gcásanna eisceachtúla, is féidir saoire gan phá ar fhorais phearsanta (CCP) a thabhairt.
Ag brath ar chúraimí agus ar thimpeallacht oibre, is féidir teilea-oibriú a dhéanamh faoin gcóras caighdeánach teilea-oibre (60 % sa bhaile agus 40 % san oifig) nó faoin gcóras ócáideach teilea-oibre (suas go dtí 20 lá sa bhliain).
Tá na háiseanna cúraim leanaí ar fáil do bhaill foirne le leanaí, de réir critéir thosaíochta: Creis ARC do leanaí idir 0 agus 4 bliana, áiseanna cúraim tar éis na scoile agus saoire arna n-eagrú ag an gCoimisiún Eorpach agus gníomhaíochtaí tar éis na scoile ag na scoileanna Eorpacha.
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, cuir ríomhphost chuig egalite-des-chances@consilium.europa.eu
IARSCRÍBHINN II
ATHBHREITHNIÚ A IARRAIDH – NÓSANNA IMEACHTA ACHOMHAIRC – GEARÁIN CHUIG AN OMBUDSMAN EORPACH
Má mheasann tú, tráth ar bith le linn an nós imeachta roghnúcháin, go bhfuil tú thíos le cinneadh éigin a rinneadh, féadfaidh tú dul i muinín na modhanna seo a leanas:
|
— |
Athbhreithniú a iarraidh ar na cinntí a rinne an bord comhairleach roghnúcháin Laistigh de 10 lá ón dáta a bheidh ar an litir lena dtugtar fógra faoi chinneadh a rinne an Coiste Comhairleach Roghnúcháin, féadfaidh tú iarratas i scríbhinn ar athbhreithniú ar an gcinneadh sin a thíolacadh, ina leagfar amach na cúiseanna atá le d’iarratas, chuig an seoladh a leanas:
|
|
— |
Nós imeachta achomhairc
|
|
— |
Gearáin chuig an Ombudsman Eorpach Is féidir, ar aon dul le gach saoránach eile an Aontais, gearán a dhéanamh le:
faoi Airteagal 228(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach sa Chinneadh 94/262/CEGC, CE, Euratom ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Márta 1994 maidir leis na rialacháin agus na coinníollacha ginearálta lena rialaítear comhlíonadh dhualgais an Ombudsman (1). Tabhair faoi deara, maidir le gearáin a thíolacfar don Ombudsman Eorpach, nach mbeidh éifeacht fionraíochta ar bith acu maidir leis an tréimhse a leagtar síos in Airteagal 90(2) agus in Airteagal 91 de na Rialacháin Foirne i ndáil le gearáin nó achomhairc a thíolacadh do Bhinse um Sheirbhís Shibhialta an Aontais Eorpaigh faoi Airteagal 270 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. |
IARSCRÍBHINN III
COSAINT SONRAÍ
Ós í Ardrúnaíocht na Comhairle an institiúid a bhfuil freagracht uirthi as an nós imeachta roghnúcháin a eagrú, áirithíonn sí go bpróiseáiltear sonraí pearsanta na n-iarratasóirí i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le cosaint daoine aonair i ndáil le sonraí pearsanta arna bpróiseáil ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin (1).
Is é an bunús dlí don nós imeachta roghnúcháin Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus an Cinneadh ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2013 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe an Aontais a chosaint (2013/488/AE). Is faoi fhreagracht na Stiúrthóireachta Acmhainní Daonna (DG A 1A) an tAonad Foirne agus Soghluaisteachta, a dhéantar an nós imeachta roghnúcháin a reáchtáil, agus is é ceann an aonaid sin an rialaitheoir. Beidh rochtain ag comhaltaí na hoifige um roghnú oifigeach agus ag a n-oifigigh uachtaracha, ag comhaltaí an Choiste Chomhairligh Roghnúcháin agus, más gá, ag comhaltaí aonad na gcomhairleoirí dlí, ar an bhfaisnéis a chuireann iarratasóirí ar fáil. An fhaisnéis riaracháin lena sainaithnítear iarrthóir agus/nó eagrúchán praiticiúil an nós imeachta féin, féadfar í a sheachadadh chuig ionad measúnaithe.
Is é an cuspóir atá leis an oibríocht phróiseála sonraí a bhailiú lena sainaithneofar gach iarratasóir ar phost le hArdrúnaíocht na Comhairle agus duine a roghnú as measc na n-iarratasóirí sin.
Seo a leanas na sonraí atá i gceist:
|
— |
sonraí pearsanta lena bhféadfar na hiarratasóirí a shainaithint (sloinne, céadainm, dáta breithe, inscne, náisiúntacht); |
|
— |
faisnéis a chuireann na hiarratasóirí ar fáil chun eagrúchán praiticiúil an nós imeachta a éascú (seoladh poist, seoladh ríomhphoist, uimhir theileafóin); |
|
— |
faisnéis a chuireann na hiarratasóirí ar fáil chun go mbeifear in ann a mheas an gcomhlíonann siad na coinníollacha iontrála a leagtar síos i bhfógra an fholúntais (náisiúntacht; teangacha; cáilíochtaí na n-iarratasóirí agus an bhliain ar bronnadh iad, cineál dioplóma/céime, ainm na hinstitiúide bronnta; taithí ghairmiúil); |
|
— |
más infheidhme, faisnéis ar chineál agus ar fhad imréiteach slándála na n-iarratasóirí; |
|
— |
torthaí na scrúduithe a rinne na hiarratasóirí, lena n-áirítear na meastóireachtaí a rinne comhairleoirí an ionaid measúnaithe a tharraingt suas thar ceann an Choiste Roghnúcháin. |
Cuirfear tús leis an bpróiseáil ar an dáta a fhaightear an t-iarratas. Cuirtear na hiarratais i gcomhad agus stóráiltear iad sa chartlann ar feadh dhá bhliain.
Féadfaidh gach iarratasóir a gceart rochtana ar na sonraí pearsanta a fheidhmiú chomh maith leis an gceart na sonraí sin a cheartú. Ba cheart achainíocha réasúnaithe a sheoladh tríd an r-phost chuig an oifig um roghnú oifigeach ag Selection.of.officials@consilium.europa.eu
Féadfaidh iarratasóirí dul i dteagmháil leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí tráth ar bith (edps@edps.europa.eu)
IARSCRÍBHINN IV