|
1.9.2015 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
1 |
FÓGRA FOLÚNTAIS PE/187/S
STIÚRTHÓIR
(Grúpa feidhme AD, grád 14)
AN ARDSTIÚRTHÓIREACHT UM BEARTAIS SHEACHTRACHA AN AONTAIS – STIÚRTHÓIREACHT NA GCOISTÍ
1. Folúntas
Tá cinneadh déanta ag Uachtarán Pharlaimint na hEorpa tús a chur leis an nós imeachta chun post mar Stiúrthóir (1) (AD, grád14) a líonadh laistigh d’ArdStiúrthóirtheacht Bheartais Sheachtracha an Aontais – Stiúrthóireacht na gCoistí, ar bhonn Airteagal 29(2) de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (2) (dá ngairtear “Rialacháin Foirne” anseo feasta).
Seolfar an nós imeachta roghnúcháin seo, a bhfuil sé d’aidhm aige an rogha is leithne d’iarrthóirí a thabhairt don Údarás Ceapacháin, ag an am céanna leis na nósanna imeachta inmheánacha agus idirinstitiúideacha chun poist a líonadh.
Déanfar an earcaíocht ar ghrád AD 14 (3). Is é EUR 13 322,22 in aghaidh na míosa an buntuarastal. I dteannta an bhuntuarastail atá faoi réir cáin Chomhphobail agus atá díolmhaithe ó cháin náisiúnta, tá liúntais áirithe a d’fhéadfaí a íoc leis an té a cheapfar, de réir mar a leagtar amach sna Rialacháin Foirne.
Cuirtear in iúl do na hiarrthóirí go bhfuil an post seo faoi réir na rialacha maidir leis an mbeartas soghluaisteachta arna nglacadh ag Biúró Pharlaimint na hEorpa an 29 Márta 2004.
Éilítear solúbthacht leis an bpost seo agus go ndéanfar teagmháil go rialta le daoine laistigh agus lasmuigh den Pharlaimint, go háirithe leis na Feisirí de Pharlaimint na hEorpa. Beidh ar an Stiúrthóir taisteal go minic idir láithreacha oibre na Parlaiminte agus go dtí láithreacha eile lasmuigh díobh.
2. Ionad Fostaíochta
An Bhruiséil. D’fhéadfaí an post seo a aistriú go dtí ceann de láithreacha oibre eile Pharlaimint na hEorpa.
3. Comhionannas Deiseanna
Is fostóir comhionannais deiseanna í Parlaimint na hEorpa agus glacann sí le hiarratais gan idirdhealú a dhéanamh ar fhorais ar bith amhail inscne, cine, dath, bunadh eitneach nó sóisialta, tréithe géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairimí polaitiúla nó aon tuairim eile, a bheith ar dhuine de mhionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois, gnéaschlaonadh, stádas pósta nó stádas teaghlaigh.
4. Cúraimí an phoist
Oifigeach sinsearach a bheidh sa Stiúrthóir agus beidh sé freagrach as na dualgais seo a leanas, de réir na dtreoirlínte agus na gcinntí arna leagan síos ag an údarás parlaiminteach agus ag an Ard-Stiúrthóir (4):
|
— |
a áirithiú go mbeidh eintiteas mór in Ardrúnaíocht Pharlaimint na hEorpa, ina bhfuil roinnt aonad atá freagrach as réimsí inniúlachta na Stiúrthóireachta, ag feidhmiú go maith; |
|
— |
foirne gníomhairí a bhainistiú, a dhreasú, a spreagadh agus a chomhordú; an úsáid is fearr is féidir a bhaint as acmhainní agus caighdeán cáilíochta an eintitis (eagrú, bainistiú acmhainní daonna agus buiséid, nuáil etc.) á áirithiú sna réimsí gníomhaíochta; |
|
— |
gníomhaíochtaí bainistíochta a phleanáil (cuspóirí agus straitéisí a leagan síos); na cinntí is gá a ghlacadh chun na cuspóirí aontaithe a ghnóthú; measúnú a dhéanamh ar sholáthar seirbhísí chun cáilíocht na seirbhísí sin a ráthú; |
|
— |
comhairle a chur ar an Ard-Stiúrthóir, ar an Ardrúnaíocht agus ar Fheisirí de Pharlaimint na hEorpa ina réimsí gníomhaíochta; |
|
— |
comhoibriú leis na stiúrthóireachtaí éagsúla san Ardrúnaíocht, ionadaíocht a dhéanamh ar an institiúid agus conarthaí nó comhaontuithe a chaibidliú ina réimsí gníomhaíochta; |
|
— |
tionscadail shonracha a bhféadfadh freagrachtaí airgeadais a bheith ag gabháil leo a bhainistiú agus a thabhairt chun críche; |
|
— |
feidhmeanna oifigigh údaraithe trí fhotharmligean a fheidhmiú. |
5. Incháilitheacht (an phróifíl riachtanach)
Tá an nós imeachta roghnúcháin seo ar oscailt d’iarrthóirí a chomhlíonann na critéir seo a leanas faoin dáta deiridh chun iarratas a chur isteach:
|
(a) |
Na coinníollacha ginearálta I gcomhréir le hAirteagal 28 de na Rialacháin Foirne, ní mór do na hiarrthóirí:
|
|
(b) |
Coinníollacha sonracha
|
6. Nós imeachta roghnúcháin
Chun cabhrú leis an Údarás Ceapacháin a rogha a dhéanamh, déanfaidh an Coiste Comhairleach um Oifigigh Shinsearacha a Cheapadh liosta iarrthóirí a chur le chéile agus molfaidh sé do Bhiúró Pharlaimint na hEorpa cé hiad na daoine a nglaofar orthu chun agallaimh. Glacfaidh an Biúró an liosta, agus seolfaidh an Coiste na hagallaimh agus cuirfidh sé a thuarascáil chríochnaitheach faoi bhráid an Bhiúró le haghaidh cinneadh. Ag an gcéim seo, féadfaidh an Biúró na hiarrthóirí a chur faoi agallamh.
7. Iarratais a chur isteach
Is é an dáta deiridh chun iarratas a chur isteach ná:
15 Meán Fómhair 2015, ag meán oíche (am na Bruiséile).
Iarrtar ar na hiarrthóirí ráiteas maidir leis na cúiseanna atá acu le cur isteach ar an bpost, a bheidh i bhformáid pdf, (agus é dírithe chuig “Monsieur le Secrétaire général du Parlement européen, avis de recrutement numéro PE/187/S”), mar aon le curriculum vitae i bhformáid Europass (7), a sheoladh trí ríomhphost, agus ar an modh sin amháin, agus tagairt don fhógra seo (PE/187/S) i líne an ábhair, chuig an seoladh ríomhphoist seo a leanas:
EP-SENIOR-MANAGEMENT@ep.europa.eu
agus is é dáta agus am seolta an ríomhphoist a bheidh mar fhianú air.
Is faoi na hiarrthóirí a bheidh sé a dheimhniú go mbeidh gach doiciméad scanta inléite.
Ní mór do na hiarrthóirí a fhaigheann glao chun agallaimh, faoi dháta an agallaimh, doiciméid tacaíochta a bhaineann lena staidéir, lena dtaithí ghairmiúil agus lena bhfreagrachtaí reatha a thabhairt ar aird, agus na doiciméid sin a bheith i bhfoirm cóipeanna nó fótachóipeanna amháin (8) . Ní thabharfar na doiciméid seo ar ais do na hiarrthóirí.
Déanfar na sonraí pearsanta a chuirfidh na hiarrthóirí in iúl, faoin nós imeachta roghnúcháin seo, a phróiseáil i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 (9) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000.
(1) Aon tagairt san fhógra seo do dhuine den ghnéas fireann measfar freisin gur tagairt í do dhuine den ghnéas baineann.
(2) Féach Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle (IO L 56, 4.3.1968, lch. 1) arna leasú le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 723/2004 (IO L 124, 27.4.2004, lch. 1) agus arna leasú go deireanach le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1023/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 lena leasaítear Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh (IO L 287, 29.10.2013, lch. 15).
(3) Déanfar an t-oifigeach, tar éis é a earcú, a chur sa chéim is iomchuí i gcomhréir le hAirteagal 32 de na Rialacháin Foirne.
(4) Féach an iarscríbhinn do phríomhdhualgais an phoist seo.
(5) Ní chuirfear an bhliain sin de thaithí san áireamh agus measúnú á dhéanamh ar an taithí ghairmiúil a éilítear sa chéad fhleasc eile den mhír seo.
(6) Is iad seo a leanas teangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh: an Béarla, an Bhulgáiris, an Chróitis, an Danmhairgis, an Eastóinis, an Fhionlainnis, an Fhraincis, an Ghaeilge, an Ghearmáinis, an Ghréigis, an Iodáilis, an Laitvis, an Liotuáinis, an Mháltais, an Ollainnis, an Pholainnis, an Phortaingéilis, an Rómáinis, an tSeicis, an tSlóivéinis, an tSlóvaicis, an Spáinnis, an tSualainnis agus an Ungáiris.
(7) http://europass.cedefop.europa.eu/
(8) Ní bhaineann sé seo le hiarrthóirí atá ag obair do Pharlaimint na hEorpa ar na dátaí deiridh le haghaidh iarratais.
(9) Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a bheith á bpróiseáil ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin. (IO L 8, 12.1.2001, lch. 1.)
IARSCRÍBHINN
AN ARDSTIÚRTHÓIREACHT UM BEARTAIS SHEACHTRACHA
STIÚRTHÓIREACHT NA gCOISTÍ
RÉIMSE FREAGRACHTAÍ
(Líon foirne iomlán de 81 ghníomhaire (47 AD agus 34 AST))
|
— |
Aonaid agus seirbhísí na Stiúrthóireachta a mhaoirsiú, a chomhordú agus a threorú |
|
— |
Feidhmeanna oifigigh údaraithe trí fhotharmligean a fheidhmiú |
|
— |
Ionadaíocht a dhéanamh ar an Stiúrthóireacht, nuair is gá, i gcoistí éagsúla agus/nó i gcomhlachtaí idirinstitiúideacha |
|
— |
Ionadaíocht a dhéanamh ar an Ard-Stiúrthóir nuair a bhíonn sé as láthair |
|
— |
Maoirsiú a dhéanamh ar eagar na Comhdhála Parlaimintí maidir leis an Eagraíocht Dhomhanda Trádála (EDT) agus ar a choiste stiúrtha |
|
— |
Riar don chaidreamh le heagraíochtaí iltaobhacha eile: An tAontas Idirpharlaiminteach (AIP), Tionól Parlaiminteach na hEagraíochta um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE) |
|
— |
Riar don chaidreamh leis na hinstitiúidí eile, go háirithe leis an gCoimisiún Eorpach, leis an gComhairle, leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) agus leis na hambasadóirí |
|
— |
A bheith rannpháirteach i lear mór cruinnithe comhordaithe inmheánacha agus idirsheirbhísí, mar aon le cruinnithe comhlachtaí (Comhdháil na nUachtarán, Comhdháil Chathaoirligh na gCoistí, Comhdháil Chathaoirligh na dToscaireachtaí) |
|
— |
Cruinnithe seirbhíse (stiúrthóir agus cinn aonaid Stiúrthóireacht A) a eagrú (a ullmhú agus gníomhaíocht iardain a dhéanamh ina ndiaidh) |
|
— |
Riar don bhainistiú tionscadal |
RÚNAÍOCHT AN CHOISTE UM GHNÓTHAÍ EACHTRACHA (AFET)
|
— |
Riar do Rúnaíocht an Choiste: cruinnithe a eagrú, cruinnithe comhordaitheoirí a eagrú, miontuairiscí a phleanáil, duais Sakharov a eagrú i gcomhar leis an bhFochoiste um Chearta an Duine (DROI), leis an gCoiste um Fhorbairt (DEVE) agus leis an Aonad Gníomhaíochta um Chearta an Duine (HRAC); riar do Rúnaíocht cúig ghrúpa oibre (caidreamh AE-na Náisiúin Aontaithe, an Chomharsanacht Theas, Comhpháirtíocht an Oirthir, ionstraimí airgeadais seachtracha agus na Balcáin Thiar); doiciméid oibre/dréacht-tuarascálacha a ullmhú (nósanna imeachta reachtacha agus neamhreachtacha), agus riar d’fhaireachán ar ghníomhartha “coisteolaíochta” |
|
— |
Trí rannchuidithe i scríbhinn agus ó bhéal, cabhrú le Feisirí Pharlaimint na hEorpa i bhfeidhmiú a gcuid feidhmeanna dóibh mar Uachtarán, mar Leas-Uachtarán, mar rapóirtéir, mar rapóirtéir don tuairim |
|
— |
Éisteachtaí poiblí, comhdhálacha, misin lasmuigh de na háiteanna oibre, toscaireachtaí ad-hoc etc. a eagrú |
|
— |
Riar don chomhthadhall leis na hinstitiúidí Eorpacha eile, leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS), le misin taidhleoireachta creidiúnaithe san Aontas Eorpach agus le tríú tíortha, mar aon le comhthadhall leis na Náisiúin Aontaithe, leis an Aontas Idirpharlaiminteach (AIP), leis an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE), leis an Tionól Parlaiminteach (TP) agus leis an gComhairle um Chomhar Réigiúnach sna Balcáin Thiar |
|
— |
Comhordú a dhéanamh ar obair an choiste agus a dhá fhochoiste (Slándáil agus Cosaint (SEDE) agus Cearta an Duine (DROI)) |
|
— |
Cúraimí an choiste agus cúraimí na gcomhchoistí parlaiminteacha comhpháirteacha agus na dtoscaireachtaí idirpharlaiminteacha, lena n-áirítear toscaireachtaí breathnadóireachta toghcháin is ábhartha dá inniúlacht, a chomhordú |
|
— |
Riar do chomhordú an Choiste leis na comhlachtaí polaitiúla agus riaracháin inmheánacha (suíonna iomlánacha, Comhdháil na nUachtarán, Comhdháil Chathaoirligh na gCoistí (CCC), an Biúró, etc.) |
FÓNAMH MAR RÚNAÍOCHT AN FHOCHOISTE UM SHLÁNDAIL AGUS UM CHOSAINT (SEDE)
|
— |
Riar do Rúnaíocht an Fhochoiste: cruinnithe, cruinnithe comhordaitheoirí, miontuairiscí, etc. a eagrú |
|
— |
Cúnamh a chur ar fáil do rapóirtéirí/rapóirtéirí don tuairim de chuid an Choiste um Ghnóthaí Eachtracha i réimsí na slándála agus na cosanta |
|
— |
Riar don chomhthadhall leis an gCoimisiún, leis an gComhairle agus leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí i réimse an Chomhbheartais Slándála agus Cosanta (CBSC) |
|
— |
Éisteachtaí a eagrú |
|
— |
Doiciméid oibre agus mionteagasca (lena n-áirítear le haghaidh nótaí an Chathaoirligh) a ullmhú |
|
— |
Riar do mhisin an Fhochoiste a eagrú |
|
— |
Cúnamh a thabhairt don Toscaireacht um an gCaidreamh le Tionól Parlaiminteach ECAT (cruinnithe, taisteal oifigiúil agus comhthadhall lena rúnaíocht) |
RÚNAÍOCHT AN FHOCHOISTE UM CHEARTA AN DUINE (DROI)/AN T-AONAD UM CHEARTA AN DUINE
|
— |
Riar do rúnaíocht an fho-choiste: cruinnithe, éisteachtaí poiblí, cruinnithe den Bhiúró méadaithe, miontuairiscí, grúpa oibre maidir leis na hionstaimí airgeadais seachtracha a eagrú |
|
— |
Cabhrú le rapóirtéirí/rapóirtéirí don tuairim de chuid an Choiste um Ghnóthaí Eachtracha i réimse chearta an duine; trí thuarascáil tionscnaimh a bhunú ag an am céanna; cúnamh a chur ar fáil don Choiste Gnóthaí Eachtracha (AFET) agus don Choiste um Fhorbairt (DEVE), do na comhdhálacha comhpháirteacha, do na comhchoistí parlaiminteacha comhpháirteacha agus do na toscaireachtaí idirpharlaiminteacha i réimse chearta an duine; Duais Sakharov (i gcomhar leis an aonad nua i.e. Aonad Gníomhachtaí Chearta an Duine, Oifig Uachtarán Pharlaimint na hEorpa agus iomlán na nArdstiúrthóirtheachtaí lena mbaineann) |
|
— |
Misin a eagrú lasmuigh de na háiteanna oibre |
|
— |
Riar do rannchuidiú don nós imeachta i gcás práinne (Riail 135), chomh maith le faireachán a dhéanamh ar na rúin a ghlacann an Pharlaimint maidir le cearta an duine |
|
— |
Riar do ghníomhaíocht iardain de dhroim litreacha a sheolann Uachtarán na Parlaiminte agus cathaoirligh choistí DROI agus AFET agus iad ag tacú le cásanna aonair, chomh maith le doiciméid oibre agus mionteagasca (i gcomhréir leis an Roinn Beartais) |
|
— |
Riar do chomhar leis na hinstitiúidí Eorpacha, le An Chomhairle Eorpach, leis na Náisiúin Aontaithe, le ESCE agus leis na Ballstáit i réimse chearta an duine, chomh maith le comhthadhall agus malartú faisnéise le heagraíochtaí neamhrialtasacha (ENRanna) |
|
— |
Fáilte a chur roimh thoscaireachtaí “Chearta an Duine” a thugann cuairt ar an bParlaimint agus a bheith ina gcomhluadar |
RÚNAÍOCHT AN CHOISTE UM FHORBAIRT (DEVE)
|
— |
Riar do Rúnaíocht an Choiste: cruinnithe, cruinnithe comhordaitheoirí, clársceidealú, miontuairiscí, etc. a eagrú |
|
— |
Trí rannchuidithe i scríbhinn agus ó bhéal, cabhrú le hUachtarán Pharlaimint na hEorpa agus leis na Feisirí de Pharlaimint na hEorpa i bhfeidhmiú a gcuid feidhmeanna dóibh mar Uachtarán, mar Leas-Uachtarán, mar rapóirtéir, mar rapóirtéir don tuairim |
|
— |
Doiciméid oibre/dréacht-tuarascálacha/dréacht-tuairimí (nósanna imeachta reachtacha agus neamhreachtacha), caibidlíochtaí (nósanna imeachta reachtacha) a ullmhú |
|
— |
Éisteachtaí poiblí, misin staidéir agus misin ad hoc (breathnadóireacht toghcháin) lasmuigh de na háiteanna oibre (tíortha i mbéal forbartha) etc. a eagrú |
|
— |
Riar don chomhthadhall leis na hinstitiúidí eile, le páirtithe leasmhara agus leis an tsochaí shibhialta |
|
— |
Cúnamh sonrach ón gCoiste DEVE a chur ar fáil le linn 2 sheisiún bhliantúla Chomhthionól Parlaiminteach ACC |
RÚNAÍOCHT AN CHOISTE UM THRÁDÁIL IDIRNÁISIÚNTA (INTA)
|
— |
Riar do Rúnaíocht an Choiste: cruinnithe, cruinnithe comhordaitheoirí, clársceidealú, miontuairiscí, etc. a eagrú |
|
— |
Doiciméid oibre/dréacht-tuarascálacha (nósanna imeachta reachtacha agus neamhreachtacha) a ullmhú |
|
— |
Éisteachtaí poiblí agus misin ad hoc a eagrú lasmuigh de na háiteanna oibre |
|
— |
Trí rannchuidithe i scríbhinn agus ó bhéal, cabhrú le hUachtarán Pharlaimint na hEorpa agus leis na Feisirí de Pharlaimint na hEorpa i bhfeidhmiú a gcuid feidhmeanna dóibh mar Uachtarán, mar Leas-Uachtarán, mar rapóirtéir, mar rapóirtéir don tuairim |
|
— |
Riar don chomhthadhall leis na hinstitiúidí eile, le páirtithe leasmhara agus leis an tsochaí shibhialta |
|
— |
Riar do chomhthadhall leis na misin taidhleoireachta creidiúnaithe san Aontas Eorpach i réimse na trádála idirnáisiúnta |
|
— |
Riar do chomhthadhall le toscaireachtaí an Choimisiúin sna tríú tíortha i réimse na trádála idirnáisiúnta |
|
— |
Riar d’eagrú agus d’ullmhú na gComhdhálacha Parlaiminteacha maidir leis an Eagraíocht Dhomhanda Trádála (EDT), agus cúnamh a thabhairt do na comhlachtaí sin |