15.7.2015   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


GLAO AR LÉIRIÚ SPÉISE

Gníomhairí Conarthacha i réimse an Fhaireachais agus an Choisc — rúpa Feidhmeanna I (GF I)

 

I.   RÉAMHRÁ

Tá an glao seo ar léiriú spéise á sheoladh ag Parlaimint na hEorpa chun bunachar sonraí a chruthú d’iarrthóirí a d’fhéadfaí a earcú mar ghníomhairí conarthacha (Grúpa Feidhme I)i réimse an Fhaireachais agus an Choisc.

Eagrófar an próiseas roghnúcháin le tacaíocht theicniúil ón Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO).

Úsáidfidh Parlaimint na hEorpa an bunachar sonraí. Is i Lucsamburg go príomha a bheidh na poist bunaithe, ach sa Bhruiséil agus in Strasbourg freisin, i gcomhréir le riachtanais seirbhíse na hInstitiúide.

Leis na nósanna imeachta roghnúcháin do ghníomhairí conarthacha, is gnách go mbíonn líon mór iarrthóirí cáilithe ann a n-éiríonn leo sa chomórtas roghnúcháin. Dá bhrí sin, ba cheart d’iarrthóirí a thabhairt dá n-aire go bhféadfadh sé go mbeadh níos mó ainmneacha sa bhunachar sonraí ná mar a bheadh ag teastáil ón institiúid.

Is é líon na bpost a bheidh ar fáil ná thart ar 300. Maidir leis na gníomhairí conarthacha a dtairgfear post dóibh, ceapfar iad faoi mar a shonraítear i dTeideal VIII den ghlao seo ar léiriú spéise.

Is le Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh (CSE) a rialaítear coinníollacha oibre na ngníomhairí seo (1).

Is é EUR 1  862,54 an buntuarastal míosúil (grád 1, céim 1). D’fhéadfadh liúntais agus sochair a leagtar síos in CSE a bheith ag gabháil leis an mbuntuarastal.

Tá an tuarastal faoi réir cáin Chomhphobail agus asbhaintí eile a leagtar síos in CSE. Tá an tuarastal díolmhaithe ó gach cáin náisiúnta.

Earcófar na gníomhairí conarthacha ar an mbonn geografach is leithne is féidir i measc náisiúnaigh na mBallstát, gan beann ar bhunadh ciníoch nó eitneach, ar chreideamh polaitiúil, fealsúnach nó reiligiúnach, ar aois nó ar mhíchumas, ar ghnéas nó ar ghnéaschlaonadh agus gan speáchas dá stádas pósta nó dá n-imthosca teaghlaigh.

Aon tagairt sa ghlao seo ar léiriú spéise do dhuine den ghnéas fireann measfar freisin gur tagairt í do dhuine den ghnéas baineann nó a mhalairt.

II.   CÚRAIMÍ AN PHOIST

Beidh sé de chúram ar an ngníomhaire conarthach cúnamh a thabhairt do riarthóir i bhfoireann gníomhairí um fhaireachas agus cosc, arb é an cúram atá orthu bearta slándála Pharlaimint na hEorpa a chur i bhfeidhm, na Feisirí, an fhoireann atá fostaithe de réir na Rialachán Foirne agus a n-aíonna a fháiltiú agus a chur ar an eolas i gcomhréir leis na rialacha maidir le pasanna agus údarúcháin lena ndeonaítear rochtain ar áitribh Pharlaimint na hEorpa.

Faoi údarás an oifigigh atá freagrach agus bunaithe ar threoirlínte agus ar chinntí ó Bhiúró Pharlaimint na hEorpa, glacfaidh an comhalta den fhoireann chonarthach chuige na cúraimí maidir le faireachas, cosc agus cosaint daoine agus earraí laistigh d’fhoirgnimh Pharlaimint na hEorpa.

Beidh sé de chúram ar an ngníomhaire go háirithe na cúraimí seo a leanas a chur i gcrích:

scagadh agus rialú a dhéanamh ar rochtain daoine agus earraí trí bhíthin scanóirí agus geataí braite,

déileáil go tapa agus go héifeachtach le staideanna sonracha, i gcás inar gá sin, trí Fheisirí, daoine den fhoireann atá fostaithe de réir na Rialachán Foirne, soláthraithe seirbhíse agus cuairteoirí a aithint ó shúil,

turais slándála a dhéanamh laistigh d’fhoirgnimh na hinstitiúide,

seiceálacha slándála a dhéanamh ar litreacha, ar bheartáin agus ar earraí seachadta,

gach céim is gá a ghlacadh chun seirbhís leanúnach agus ghairmiúil a áirithiú laistigh den institiúid,

idirghabháil a dhéanamh i gcás éigeandáil agus aláram dóiteáin a bheith ann, agus í sin i gcomhréir leis na nósanna imeachta atá bunaithe ag seirbhísí atá freagrach, agus buntreoracha coiscthe dóiteáin agus múchta dóiteáin a chur i gcrích,

garchabhair a thabhairt do gach duine atá ina gátar,

cúraimí éagsúla riaracháin a chur i gcrích (tuarascálacha a tharraingt suas, comhdú, próiseáil focal, staitisticí, ionchódú, cartlannú agus nuashonrú comhad a dhéanamh).

Maidir le gníomhairí áirithe a earcaítear i réimse an fhaireachais agus an choisc, d’fhéadfadh sé go dtairgfí cúrsa oiliúna dóibh i réimse an choisc dóiteáin, cúrsa a bhféadaidís post mar lucht múctha dóiteáin a fháil as ina dhiaidh.

Leagann Parlaimint na hEorpa béim ar chumas na n-iarrthóirí déileáil le réimse leathan de staideanna éagsúla agus freagairt go tapa agus go socair d’imthosca a bhíonn ag athrú agus cumarsáid a dhéanamh go héifeachtach. Ní mór dóibh a bheith in ann obair go dian ar bhonn rialta, leo féin nó mar chomhalta d’fhoireann i dtimpeallacht oibre ilchultúrtha.

Cuirfidh Parlaimint na hEorpa éide ar fáil do na hoifigigh um shlándáil agus cosc. Beidh feathail na hinstitiúide ar an éide sin.

D’fhéadfadh sé go n-éileofaí ar chomhalta den fhoireann chonarthach oibriú in dhá sheal oibre, i dtrí sheal oibre, agus, más gá sin, san oíche agus ag an deireadh seachtaine.

III.   CLÁR AMA TÁSCACH MAIDIR LEIS AN NÓS IMEACHTA

Déanfaidh Parlaimint na hEorpa an nós imeachta a riar i gcomhar le EPSO agus le cúnamh ó phainéal roghnúcháin a bheidh comhdhéanta d’ionadaithe ó Pharlaimint na hEorpa.

Is é seo a leanas an clár ama táscach:

roghnú ar bhonn cáilíochtaí: Meán Fómhair 2015,

na torthaí a chur in iúl: Deireadh Fómhair 2015.

IV.   COINNÍOLACHA IONTRÁLA

Faoin dáta deiridh atá socraithe do na hiarratais a chur isteach go leictreonach, ní mór na coinníollacha seo a leanas a bheith comhlíonta ag na hiarrthóirí:

A.   Na coinníollacha ginearálta

(a)

a bheith ina náisiúnach de cheann amháin de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh;

(b)

a lánchearta mar shaoránach a bheith á dteachtadh acu;

(c)

a ndualgais a bheith comhlíonta acu i ndáil leis na hoibleagáidí a fhorchuirtear faoi na dlíthe maidir le seirbhís mhíleata,

(d)

na teistiméireachtaí carachtair a bheith acu is iomchuí do na cúraimí atá i gceist a chomhlíonadh.

B.   Coinníollacha sonracha

I.   Cáilíochtaí

A gcuid scolaíochta éigeantaí, arna fianú le dioplóma nó teastas, a bheith críochnaithe go rathúil acu.

II.   Taithí ghairmiúil/eolas atá riachtanach

Ní mór d’iarrthóirí, tar éis dóibh scolaíocht éigeantach a chríochnú go rathúil, taithí ghairmiúil de dhá bhliain ar a laghad a bheith faighte acu i réimse atá ábhartha le cúraimí an phoist i réimse an choisc, na slándála poiblí nó na slándála príobháidí, an fhaireachais, an airíochais, an fháiltithe nó i gcosaint pearsana poiblí.

III.   Eolas ar theangacha

Ní mór eolas sármhaith (leibhéal C1  (2)) a bheith ag na hiarrthóirí ar cheann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh (teanga 1 – príomhtheanga) (3), chomh maith le heolas sásúil (leibhéal B2) ar an nGearmáinis, ar an mBéarla nó ar an bhFraincis (teanga 2). Ní mór do theanga 2 a bheith éagsúil le teanga 1.

Agus iarratas á chur isteach acu, ní fhéadfaidh na hiarrthóirí ach teanga amháin de na 24 theanga a roghnú mar phríomhtheanga (teanga 1) de 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh. Ní bheidh siad in ann a rogha teangacha a athrú tar éis a bhfoirm iarratais ar líne a bhailíochtú.

I gcomhréir leis an mbreithiúnas a thug Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (an Mór-Dhlísheomra) i gcás C-566/10 P, Poblacht na hIodáile v an Coimisiún, tugann Parlaimint na hEorpa anseo na cúiseanna a bhfuil rogha an dara teanga teoranta aici go dtí líon srianta de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh.

Dá bhrí sin, cuirtear in iúl do na hiarrthóirí gur roghnaíodh dara teangacha an ghlao ar léiriú spéise seo de réir leas na seirbhíse a éilíonn go mbeidh na hearcaigh nua in ann dul i mbun oibre láithreach agus go mbeidh siad in ann cumarsáid a dhéanamh go héifeachtach san obair laethúil a bhíonn acu. Ina éagmais sin, bheadh baol ann go gcuirfí bac mór ar fheidhmiú éifeachtach na hinstitiúide.

I bhfianaise an chleachtais sheanbhunaithe atá ag institiúidí an Aontais a mhéid a bhaineann le teangacha na cumarsáide inmheánaí, agus riachtanais na seirbhísí a mhéid a bhaineann le cumarsáid sheachtrach agus próiseáil comhad á gcur san áireamh, is iad an Béarla, an Fhraincis agus an Ghearmáinis na teangacha is mó a úsáidtear i gcónaí. Ina theannta sin, is mó i bhfad a úsáidtear an Béarla, an Fhraincis agus an Ghearmáinis mar dhara teangacha na n-iarrthóirí sna comórtais agus i nósanna roghnúcháin nuair is fúthu a bhíonn roghnú an dara teanga. Is léiriú é sin ar an leibhéal oideachais agus na hinniúlachtaí gairmiúla ar féidir a bheith ag súil leo ó na hiarrthóirí do phoist laistigh d’institiúidí an Aontais, mar atá, sáreolas ar cheann amháin de na teangacha sin ar a laghad. Dá bhrí sin, agus leas na seirbhíse agus riachtanais agus inniúlachtaí na n-iarrthóirí á gcur sa mheá, agus sainréimse an ghlao seo ar léiriú spéise á chur san áireamh, tá údar maith le heolas ar cheann amháin de na trí theanga sin a éileamh chun a áirithiú go mbeidh sáreolas ag na hiarrthóirí uile, is cuma cén phríomhtheanga oifigiúil atá acu, ar cheann amháin ar a laghad de na trí theanga oifigiúla ar leibhéal teanga oibre.

Sa bhreis air sin, chun cóir chomhionann a áirithiú, ní mór do gach iarrthóir, fiú má tá ceann amháin de na trí theanga ina príomhtheanga oifigiúil aige, eolas sásúil a bheith aige ar an dara teanga, teanga atá le roghnú as measc na dtrí theanga sin. Mar sin, tugann an measúnú ar na hinniúlachtaí sonracha teanga deis do Pharlaimint na hEorpa cumas na n-iarrthóirí a mheas trína gcur láithreach i dtimpeallacht atá cosúil leis an timpeallacht ina mbeidh siad ag obair amach anseo.

IV.   Inniúlachtaí

A bheith coinsiasach agus cruthaitheach, agus taitneamh a bhaint as a bheith ag obair ar fhoireann ilchultúrtha,

a bheith tiomanta agus solúbtha,

scileanna maithe idirphearsanta a bheith acu agus taidhleoireacht, cuirtéiseacht, féinsmacht agus discréid a léiriú,

tionscnamh, solúbthacht agus cumas eagraíochtúil a léiriú.

V.   CONAS IARRATAS A CHUR ISTEACH AGUS AN SPRIOCDHÁTA CHUN IARRATAIS A CHUR ISTEACH

Ní mór do na hiarrthóirí iarratas a chur isteach ar líne ar láithreán gréasáin EPSO ag an seoladh seo a leanas: http://europa.eu/epso/apply/jobs/index_ga.htm agus na treoracha atá ansin a leanúint, go háirithe sa treoirleabhar um iarratais ar líne. Ní mór an fhoirm iarratais a líonadh isteach i mBéarla, i bhFraincis nó i nGearmáinis.

Is ar na hiarrthóirí iad féin atá an fhreagracht an fhoirm ar líne a bheith líonta isteach faoin spriocdháta. Moltar gan fanacht go dtí an nóiméad deiridh chun iarratas a chur isteach, de bhrí go bhféadfadh sé go mbeadh ar dhuine an fhoirm iarratais ar líne a dhéanamh arís má bhíonn na línte róghnóthach nó má theipeann ar an nasc idirlín, agus ní féidir triail a bhaint as an athuair tar éis don spriocdháta dul in éag.

A luaithe a bheidh an t-iarratas bailíochtaithe, ní bheifear in ann é a athrú a thuilleadh. Déanann Parlaimint na hEorpa, i gcomhar le EPSO, na sonraí a phróiseáil láithreach d’fhonn an nós imeachta roghnúcháin a eagrú.

AN SPRIOCDHÁTA CHUN IARRATAIS A CHUR ISTEACH (lena n-áirítear an bailíochtú):

an 3 Meán Fómhair 2015 ar 12:00 (meán lae, am na Bruiséile).

VI.   NA CÉIMEANNA ROGHNÚCHÁIN

Is ar cháilíochtaí, atá bunaithe ar scrúdú ar fhreagraí mionsonraithe an “Mheastóra Tallainne”, agus air sin amháin, atá an nós imeachta roghnúcháin eagraithe.

Is iad seo a leanas na critéir a úsáidfear don roghnúchán:

1.

tréimhse/tréimhsí oiliúna i slándáil agus i bhfaireachas arna cur/arna gcur i gcrích tar éis na scolaíochta éigeantaí;

2.

teastas/dioplóma i réimse na garchabhrach agus/nó i múchadh dóiteán (e.g. teastas i dtrealamh dóiteáin, teastas sa gharchabhair etc.) arna eisiúint ag údarás inniúil aitheanta;

3.

taithí/oiliúint in úsáid feistí/suiteálacha/ábhar slándála (scanóirí bagáiste, geataí braite, TCI, beartáin amhrasacha etc.);

4.

oiliúint/taithí in úsáid uirlisí ríomhaireachta(próiseáil focal, ríomhphost, idirlíon, scairbhileoga, dialanna leictreonacha);

5.

imréiteach slándála náisiúnta agus/nó Eorpach a bheith ina seilbh acu;

6.

lasmuigh den taithí íosta dhá bhliain a éilítear sa réimse, taithí ghairmiúil bhreise i gcosc, sa tsábháilteacht phoiblí agus/nó phríobháideach, san fhaireachas, san airíochas, san fháiltiú nó i gcosaint pearsana poiblí;

7.

lasmuigh den taithí íosta dhá bhliain a éilítear sa réimse, taithí ghairmiúil bhreise i múchadh dóiteán nó sa gharchabhair;

8.

taithí a bheith faighte in eagraíochtaí Eorpacha nó idirnáisiúnta nó i dtimpeallacht ilchultúrtha nó ilnáisiúnta;

9.

eolas (meánleibhéal (A2) ar a laghad) ar theanga amháin nó ar roinnt teangacha eile de AE (éagsúil ó theanga 1 agus ó theanga 2 a luaitear i bpointe IV. B. III. den ghlao ar léiriú spéise).

Úsáidfidh an painéal roghnúcháin ualú do gach ceist den “Mheastóir Tallainne” ar scála 1 go 3. Tabharfaidh sé ansin ó 0 go 4 phointe le haghaidh gach ceann de na freagraí mionsonraithe sa “Mheastóir Tallainne”. Gheofar an marc deiridh trí na pointí a bheidh tugtha do gach freagra a iolrú faoin ualú a bheidh curtha ar fáil don cheist chomhfhreagrach.

Má shuitear ag aon chéim den nós imeachta nach cruinn í an fhaisnéis a bheidh curtha ar fáil san fhoirm iarratais, déanfar an t-iarrthóir a eisiamh ón nós imeachta.

VII.   TORTHAÍ AN ROGHNÚCHÁIN

Foilseofar torthaí an roghnúcháin i gcuntas EPSO na n-iarrthóirí.

Cuirfear isteach sa bhunachar sonraí ainmneacha na 600 iarrthóir a fuair an líon is airde pointí (4) faoi dheireadh an roghnúcháin agus a chomhlíonann na coinníollacha ginearálta agus na coinníollacha speisialta a shonraítear faoi IV pointe A agus pointe B den fhógra agus ní fhoilseofar faoi fhoirm ar bith eile iad. Beidh teacht ag Parlaimint na hEorpa ar an mbunachar sonraí. Beidh an bunachar sonraí bailí go dtí an 31 Nollaig 2018.

VIII.   EARCÚ

Ní ráthú ar phost a bheith ag duine a ainm a bheith curtha isteach sa bhunachar sonraí.

Má tharlaíonn deis conradh a thabhairt, féachfaidh na seirbhísí earcaíochta ar an mbunachar sonraí agus tabharfaidh siad cuireadh chun agallaimh do na hiarrthóirí is fearr a gcomhfhreagraíonn a bpróifíl le riachtanais an phoist lena mbaineann.

Cuirfear na hiarrthóirí sin faoi agallamh chun a mheas an bhfreagraíonn a bpróifíl don phost atá ar fáil. Le linn an agallaimh sin, déanfar eolas na n-iarrthóirí ar theangacha (teanga 1 agus teanga 2) a mheas chomh maith.

Caithfidh na hiarrthóirí a mbeidh cuireadh chun agallaimh faighte acu na doiciméid go léir lena bhfianaítear go gcomhlíonann siad coinníollacha uile an fhógra seo a chur ar fáil don agallamh, agus mura ndéanann siad amhlaidh, ní thairgfear post dóibh.

Ag brath ar thoradh an agallaimh, d’fhéadfadh sé go dtairgfí post dóibh.

Bunófar an conradh i gcomhréir le hAirteagal 3a, le hAirteagal 84 agus le hAirteagal 85 de CSE. Tréimhse thosaigh d’aon (1) bhliain amháin a bheidh ann a fhéadfar a athnuachan ar feadh tréimhse d’aon (1) bhliain amháin.

Ní fhéadfar dara hathnuachan go ceann tréimhse neamhchinntithe a thabhairt ach amháin tar éis imréiteach slándála a bheidh eisithe ag seirbhísí Pharlaimint na hEorpa a fháil.

IX.   CUMARSÁID

Rachaidh Parlaimint na hEorpa i dteagmháil leis na hiarrthóirí trína chuntas EPSO nó tríd an ríomhphost. Is faoi na hiarrthóirí atá sé dul chun cinn an nós imeachta a leanúint agus an fhaisnéis a bhaineann leo a sheiceáil trí fhéachaint go tráthrialta, ar a laghad 2 uair sa tseachtain, ar a gcuntas EPSO agus ar a ríomhphost pearsanta. Más rud é, mar gheall ar fhadhb theicniúil, nach bhfuil na hiarrthóirí in ann an fhaisnéis sin a sheiceáil, tá siad freagrach as é sin a chur in iúl láithreach i mbosca poist feidhme an nós imeachta

ACprevention2015@ep.europa.eu

I gcás aon chumarsáid eile a bhaineann leis an nós imeachta a dhéanamh, ba cheart ríomhphost a sheoladh chuig an mbosca poist feidhme sin.

Ar mhaithe le soiléireacht agus le hintuigtheacht na dtéacsanna ginearálta agus na dteachtaireachtaí cumarsáide a dhírítear chuig na hiarrthóirí nó a fhaightear ó na hiarrthóirí, is i mBéarla, i bhFraincis nó i nGearmáinis, agus sna teangacha sin amháin, a bheidh gach comhfhreagras idir Parlaimint na hEorpa agus na hiarrthóirí.

X.   FORAIS DÍCHÁILIÚCHÁIN A BHAINEANN LEIS AN BPRÓISEAS IARRATAIS

Bíonn Parlaimint na hEorpa an-aireach chun a áirithiú go ndéantar prionsabal na córa comhionainne a urramú. Dá bhrí sin, más rud é go bhfionnann EPSO ag aon chéim den nós imeachta gur chruthaigh iarrthóir níos mó ná cuntas EPSO amháin nó níos mó ná iarratas amháin don nós imeachta roghnúcháin sin nó go ndearna sé dearbhuithe bréagacha, déanfar é a eisiamh as an nós imeachta roghnúcháin.

Dlífear pionóis maidir le haon chalaois nó iarracht ar chalaois. Chuige sin, ba cheart d’iarrthóirí a thabhairt dá n-aire gurb iad na daoine a léiríonn an iontaofacht is airde, agus iad sin amháin, a dhéanann na hinstitiúidí a earcú.

XI.   FORÁLACHA SPEISIALTA

Maidir le hiarrthóirí atá faoi mhíchumas nó in imthosca a bhféadfadh deacrachtaí eascairt astu le linn an agallaimh, ní mór dóibh tic a chur sa bhosca a chuirtear ar fáil chuige sin san fhoirm iarratais agus gach faisnéis ábhartha a thabhairt chun a chur ar chumas lucht riaracháin na Parlaiminte, más féidir é, gach beart is gá a ghlacadh.

XII.   NÓSANNA IMEACHTA UM ATHBHREITHNIÚ/ACHOMHARC

Maidir le hiarrthóirí a mheasann go ndearnadh cinneadh díobhálach ina n-aghaidh, féadfaidh siad a iarraidh go ndéanfaí athbhreithniú ar an gcinneadh sin, ceann de na modhanna sásaimh a thionscnamh nó gearán a thaisceadh leis an Ombudsman Eorpach (5).

Iarrataí ar athbhreithniú

Féadfaidh tú iarraidh ar athbhreithniú, lena mínítear na cúiseanna atá leis, a dhéanamh ar cheann de na bealaí seo a leanas:

i bhfoirm ríomhphoist chuig bosca feidhme an nós imeachta:

ACprevention2015@ep.europa.eu

i bhfoirm facs chuig an uimhir seo a leanas: + 32-22831717

laistigh de dheich lá féilire ó dháta foilsithe thoradh an roghnúcháin i gcuntas EPSO de chuid na n-iarrthóirí. Seolfar freagra chuig an bpáirtí lena mbaineann a luaithe agus is féidir.

Modhanna sásaimh (tá an rogha seo ar fáil ag gach céim den nós imeachta).

Gearán bunaithe ar Airteagal 90(2) de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh a dhíriú chuig:

M. le Secrétaire général

Parlement européen

Bât. Konrad Adenauer

2929 Luxembourg

LUXEMBOURG

Tarraingítear aird na n-iarrthóirí ar an bhfíoras go bhfuil cumhacht leathan ag coistí roghnúcháin a mbreithiúnas féin a thabhairt, agus gur go neamhspleách a dhéanann siad a gcinntí agus nach féidir leis an údarás ceapacháin na cinntí sin a athrú. Ní féidir athbhreithniú a dhéanamh ar an gceart leathan breithiúnais sin ach amháin sa chás inar léir go ndearnadh sárú soiléir ar na rialacha a rialaíonn obair na gcoistí roghnúcháin. I gcás sárú den sórt sin, féadfar cinneadh an choiste a agóid go díreach os comhair Bhinse um Sheirbhís Shibhialta an Aontais Eorpaigh fiú amháin mura mbeidh gearán déanta ar dtús faoi Airteagal 90(2) de na Rialacháin Foirne.

Is féidir achomharc a dhéanamh chuig:

Tribunal de la fonction publique de l’Union européenne

2925 Luxembourg

LUXEMBOURG

bunaithe ar Airteagal 270 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus ar Airteagal 91 de na Rialacháin Foirne.

Níl an rogha seo ar fáil ach amháin maidir le cinntí a ghlacfaidh an coiste roghnúcháin.

Ní fhéadfar achomharc a dhéanamh chuig Binse um Sheirbhís Shibhialta an Aontais Eorpaigh i gcoinne cinntí riaracháin lena ndiúltaítear glacadh le hiarrthóir i nós imeachta roghnúcháin ar fhorais nach bhfuil an t-iarratas ag comhlíonadh na gcoinníollacha don ghlacadh isteach sin atá luaite i Roinn IV B. den fhógra earcaíochta seo ach amháin sa chás go mbeidh gearán taiscthe ar dtús, de réir mar atá tuairisc thuas air.

Ní fhéadfar achomharc chuig Binse um Sheirbhís Shibhialta an Aontais Eorpaigh a dhéanamh ach amháin trí dhlíodóir atá údaraithe chun cleachtadh os comhair cúirte i mBallstát den Aontas Eorpach nó sa Limistéar Eacnamaíoch Eorpach.

Tosaíonn na tréimhsí ama a leagtar síos in Airteagal 90 agus in Airteagal 91 de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (6) agus a bhfuil feidhm acu maidir leis an dá chineál achomhairc, ón dáta ar tugadh fógra den chinneadh bunaidh a bhfuil éifeacht dhíobhálach aige ort nó, sa chás amháin gur iarraidh ar athbhreithniú atá i gceist, ón dáta ar tugadh fógra duit i dtaobh fhreagra bunaidh an choiste roghnúcháin ar an iarraidh sin.

Gearáin chuig an Ombudsman Eorpach

Is féidir leat, faoi mar is féidir le gach saoránach den Aontas Eorpach, gearán a dhéanamh chuig an Ombudsman Eorpach:

Médiateur européen

1, avenue du Président Robert Schuman

BP 403

67001 Strasbourg Cedex

FRANCE,

faoi Airteagal 228(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i gCinneadh 94/262/CEGC, CE, Euratom ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Márta 1994 maidir leis na rialacháin agus na coinníollacha ginearálta lena rialaítear comhlíonadh dhualgais an Ombudsman (IO L 113, 4.5.1994).

Ba cheart do na hiarrthóirí a thabhairt dá n-aire nach bhfuil aon éifeacht fhionraitheach ag gearáin a dhéantar chuig an Ombudsman ar an tréimhse ama a leagtar síos in Airteagal 91 de na Rialacháin Foirne maidir le hachomhairc a thaisceadh le Binse um Sheirbhís Shibhialta an Aontais Eorpaigh faoi Airteagal 270 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.


(1)  Féach Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle (IO L 56, 4.3.1968, lch. 1) arna leasú le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 723/2004 (IO L 124, 27.4.2004, lch. 1) agus arna leasú go deireanach le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1023/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 lena leasaítear Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh (IO L 287, 29.10.2013, lch. 15).

(2)  Déan tagairt don chreat tagartha ar láithreán Europass, atá inrochtana tríd an nasc seo a leanas: http://europass.cedefop.europa.eu/ga/resources/european-language-levels-cefr

(3)  Is iad seo a leanas teangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh: an Béarla (EN), an Bhulgáiris (BG), an Chróitis (HR), an Danmhairgis (DA), an Eastóinis (ET), an Fhionlainnis (FI), an Fhraincis (FR), an Ghaeilge (GA), an Ghearmáinis (DE), an Ghréigis (EL), an Iodáilis (IT), an Laitvis (LV), an Liotuáinis (LT), an Mháltais (MT), an Ollainnis (NL), an Pholainnis (PL), an Phortaingéilis (PT), an Rómáinis (RO), an tSeicis (CS), an tSlóivéinis (SL), an tSlóvaicis (SK), an Spáinnis (ES), an tSualainnis (SV) agus an Ungáiris (HU).

(4)  Má fuair roinnt iarrthóirí an líon céanna pointí don áit dheireanach, ligfidh an painéal isteach na daoine sin go léir a bhfuil comhionannas pointí acu.

(5)  Ní dhéanfaidh athbhreithnithe, achomhairc ná gearáin chuig an Ombudsman Eorpach aon chur isteach ar obair an phainéil roghnúcháin.

(6)  Féach fonóta 1.