23.10.2014   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


FÓGRA COMÓRTAIS OSCAILTE

EPSO/AD/293/14

Riarthóirí (AD 7) sna réimsí seo a leanas:

1.

Dlí na hiomaíochta

2.

Airgeadas corparáideach

3.

Eacnamaíocht airgeadais

4.

Eacnamaíocht thionsclaíoch

5.

Maicreacnamaíocht

 

Tá an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) ag eagrú comórtas oscailte, ar bhonn cáilíochtaí agus trialacha, chun painéil a thiomsú óna bhféadfar oifigigh den ghrád “Riarthóirí” (1) a earcú don Choimisiún Eorpach.

Sula gcuirfidh tú iarratas isteach, ní mór duit na Rialacha Ginearálta maidir le comórtais oscailte a foilsíodh in Iris Oifigiúil C 60 A an 1 Márta 2014 agus ar shuíomh gréasáin EPSO a léamh go grinn.

Is cuid dhílis den fhógra comórtais na rialacha sin agus cuideoidh siad leat rialacha na nósanna imeachta agus an dóigh a gcuirtear iarratas isteach a thuiscint.

CLÁR

I.

CÚLRA

II.

DUALGAIS

III.

INCHÁILITHEACHT

IV.

TRIALACHA IONTRÁLA

V.

CEAD ISTEACH SA CHOMÓRTAS AGUS ROGHNÚ AR BHONN CÁILÍOCHTAÍ

VI.

IONAD MEASÚNAITHE

VII.

DEARBHUITHE NA nIARRTHÓIRÍ A SHEICEÁIL

VIII.

PAINÉIL

IX.

IARSCRÍBHINNÍ

I.   CÚLRA

1.

An líon iarrthóirí is féidir a chur ar na painéil de réir réimse

Réimse 1: 27

Réimse 2: 14

Réimse 3: 25

Réimse 4: 15

Réimse 5: 30

2.

Nótaí

Baineann an fógra seo le roinnt réimsí

I ngeall ar shrianta buiséadacha agus riaracháin, agus ionas go mbeidh liosta d'iarrthóirí speisialaithe ar fáil ag an tseirbhís agus iad réidh le dul i mbun oibre láithreach, ní féidir le hiarrthóirí cur isteach ach ar aon réimse amháin.

Déanfar an roghnú i dtús báire tríd an “scagthóir buanna” (féach Roinn V den fhógra comórtais seo agus pointe 4 sna hiarscríbhinní) lena sainaithnítear na hiarrthóirí is fearr ar bhonn critéir shonracha agus de réir riachtanais na seirbhíse agus thosaíochtaí an Choimisiúin.

Ní mór an rogha a dhéanamh tráth an chlárúcháin ar líne agus ní féidir í a athrú i ndiaidh duit d’iarratas a dhearbhú agus a bhailíochtú ar líne.

3.

Conas iarratas a chur isteach

Ní mór duit clárú ar líne ar an dóigh a léirítear ar shuíomh gréasáin EPSO, agus sa treoirleabhar maidir le clárúchán go háirithe.

Spriocam (an bailíochtú san áireamh): 25 Samhain 2014 ar 12 a chlog (meán lae), am na Bruiséile.

II.   DUALGAIS

Tá cur síos sna hiarscríbhinní ar dhualgais gach próifíle.

III.   INCHÁILITHEACHT

Ar an dáta deiridh atá leagtha síos don chlárúchán ar líne, ní mór duit na coinníollacha ginearálta agus sonracha seo a leanas a chomhlíonadh:

1.

Coinníollacha ginearálta

(a)

Bheith i do shaoránach de Bhallstát den Aontas Eorpach.

(b)

Do chearta mar shaoránach a theachtadh.

(c)

Aon oibleagáid dlí atá ort i dtaca le seirbhís mhíleata a bheith comhlíonta agat.

(d)

Na riachtanais charachtair a chomhlíonadh a theastaíonn chun na dualgais i gceist a dhéanamh.

2.

Coinníollacha sonracha

2.1.

Cáilíochtaí

Féach na hiarscríbhinní.

2.2.

Taithí oibre

Féach na hiarscríbhinní.

2.3

Eolas ar theangacha  (2)

Teanga 1

An phríomhtheanga (an t-íosleibhéal a theastaíonn: C1)

Sáreolas ar cheann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh.

Teanga 2

An dara teanga, nach ionann í agus teanga 1 (an t-íosleibhéal a theastaíonn: B2)

Eolas sásúil ar an mBéarla, ar an bhFraincis nó ar an nGearmáinis

I bhfianaise an bhreithiúnais a thug Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (an Mór Dhlísheomra) i gCás C-566/10 P, Poblacht na hIodáile v an Coimisiún, is mian le hinstitiúidí an Aontais a shonrú cé na fáthanna a bhfuil na teangacha as ar féidir an dara teanga a roghnú teoranta acu sa chomórtas seo do líon srianta de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh.

Dá bhrí sin, cuirtear in iúl do na hiarrthóirí gur roghnaíodh dara teangacha an chomórtais seo de réir leas na seirbhíse, leas a éilíonn go mbeidh na hearcaigh nua in ann dul i mbun oibre láithreach agus go mbeidh sé ar a gcumas cumarsáid éifeachtach a dhéanamh le linn na hoibre laethúla. Ina éagmais sin, bheadh baol ann go gcuirfí bac mór ar obair na n-institiúidí.

Is fada an Béarla, an Fhraincis agus an Ghearmáinis ina bpríomhtheangacha cumarsáide inmheánaí in institiúidí an Aontais Eorpaigh, agus is iad is minice a mbíonn gá leo chun cumarsáid a dhéanamh le páirtithe seachtracha agus chun comhad a láimhseáil. Ar a bharr sin, is iad an Béarla, an Fhraincis agus an Ghearmáinis na dara teangacha is leitheadaí san Aontas Eorpach agus is iad is mó a ndéantar staidéar orthu mar dhara teangacha. Ós amhlaidh atá, is féidir bheith ag súil faoi láthair le leibhéal áirithe oideachais agus inniúlachtaí gairme a bheith ag iarrthóirí ar na poist in institiúidí an Aontais, mar atá, sáreolas ar cheann de na teangacha sin ar a laghad. Dá bhrí sin, agus leas na seirbhíse agus inniúlachtaí na n-iarrthóirí á gcur sa mheá, agus sainréimse an chomórtais seo á chur san áireamh, tá ábhar maith ann trialacha a eagrú sna trí theanga sin chun a chinntiú go mbeidh máistreacht ag na hiarrthóirí uile, is cuma cén phríomhtheanga atá acu, ar cheann de na trí theanga oifigiúla sin mar theanga oibre. Mar sin, ligean an measúnú ar na hinniúlachtaí sonracha d’institiúidí an Aontais a mheas a ábalta is atá na hiarrthóirí dul i mbun oibre láithreach i dtimpeallacht atá cosúil leis an timpeallacht ina n-iarrfar orthu bheith ag obair.

Ar na cúiseanna céanna, tá ciall leis an teanga chumarsáide idir na hiarrthóirí agus an institiúid a theorannú, teanga na n-iarratas san áireamh. Cinnteoidh sin, leis, go mbeidh an chomparáid idir na hiarrthóirí agus an tseiceáil a dhéanfar orthu ar bhonn a n-iarratais, go mbeidh siad ar aon dul le chéile.

Ina theannta sin, chun go mbeidh cothrom iomaíochta ann, ní mór do gach iarrthóir, fiú má tá ceann de na trí theanga sin ina príomhtheanga oifigiúil aige, trialacha áirithe a dhéanamh sa dara teanga aige, agus beidh an dara teanga le roghnú as na trí theanga sin.

Tá na bearta seo gan dochar don fhéidearthacht tríú teanga a fhoghlaim níos faide anonn i gcomhréir le hAirteagal 45(2) de na Rialacháin Foirne.

IV.   TRIALACHA IONTRÁLA

Ní eagróidh EPSO na trialacha iontrála ar ríomhaire ach amháin má bhíonn an líon daoine a chláróidh don chomórtas os cionn tairseach áirithe, agus is é stiúrthóir EPSO, ina cháil mar údarás a bhfuil cumhacht ainmniúcháin aige, a shocróidh an tairseach sin, i ndiaidh deireadh a theacht le clárú na n-iarrthóirí. Is féidir an tairseach sin a bheith éagsúil ó chomórtas go chéile agus cuirfear na mionsonraí ina leith sin chugat trí do chuntas EPSO.

Mura mbeidh trialacha iontrála ann, beidh na trialacha réasúnaíochta ar siúl ag céim an ionaid measúnaithe (féach Roinn VI.2).

Is é an bord roghnúcháin a chinnfidh leibhéal deacrachta na dtrialacha atá luaite sa tábla thíos agus is é a fhaomhfaidh a mbeidh iontu ar bhonn moltaí ó EPSO.

1.

Cuireadh

Tabharfar cuireadh duit an scrúdú agus an triail aistriúcháin a dhéanamh má bhailíochtaigh tú d'iarratas in am (féach Roinn I.3).

Tabhair do d'aire:

1.

Is ionann d’iarratas a bhailíochtú agus a dhearbhú go gcomhlíonann tú coinníollacha ginearálta agus sonracha Roinn III;

2.

Chun na trialacha a dhéanamh ní mór dáta a chur in áirithe. Tá sé sár-riachtanach sin a dhéanamh roimh an spriocam a chuirfear in iúl duit trí do chuntas EPSO.

2.

Cineál agus marcáil na dtrialacha

Sraith de thrialacha arb é a bheidh iontu ceisteanna ilroghnacha lena measúnófar do chuid inniúlachtaí réasúnaíochta, mar atá:

Triail (a)

Réasúnaíocht bhriathartha

Marcálfar an triail seo as 20 pointe

Pasmharc: 10 bpointe

Triail (b)

Réasúnaíocht uimhriúil

Marcálfar an triail seo as 10 bpointe

Triail (c)

Réasúnaíocht theibí

Marcálfar an triail seo as 10 bpointe

 

Is é 10 bpointe an pasmharc foriomlán do thriail (b) agus (c).

3.

Teanga na dtrialacha

Teanga 1

V.   CEAD ISTEACH SA CHOMÓRTAS AGUS ROGHNÚ AR BHONN CÁILÍOCHTAÍ

Déanfar scrúdú i dtús báire ar chomhlíonadh na gcoinníollacha ginearálta agus sonracha agus déanfar an roghnú ar bhonn cáilíochtaí de réir na ndearbhuithe san iarratas a chuir tú isteach.

(a)

Scrúdófar na freagraí a thug tú ar na ceisteanna maidir leis na coinníollacha ginearálta agus sonracha chun a chinneadh an gcuirfear thú ar liosta na n-iarrthóirí a chomhlíonann na coinníollacha ginearálta agus sonracha uile.

(b)

Ansin, déanfaidh an bord roghnúcháin, i gcás na n-iarrthóirí a chomhlíonann coinníollacha incháilitheachta an chomórtais, roghnú ar bhonn cáilíochtaí chun na hiarrthóirí is mó a bhfuil a bpróifíl (dioplómaí agus taithí oibre go háirithe) oiriúnach i dtaca leis na dualgais a aithint agus na critéir roghnúcháin atá leagtha síos san fhógra comórtais seo. Is ar bhonn na ndearbhuithe a rinneadh sa chluaisín “scagthóir buanna” (DE: Talentfilter, EN: talent screener, FR: évaluateur de talent), agus ar an mbonn sin amháin, a dhéanfar an roghnú sin, agus is próiseas dhá chéim a bheidh ann:

tabharfar ualú ó 1 go dtí 3 do gach critéar roghnúcháin (féach pointe 4 sna hiarscríbhinní), de réir an tábhacht a mheasann an bord roghnúcháin a bheith leis;

scrúdóidh an bord roghnúcháin freagraí na n-iarrthóirí ansin agus tabharfaidh sé marc ó 0 go dtí 4 do gach freagra, de réir cháilíochtaí an iarrthóra. Ansin déanfar na marcanna sin, arna n-iolrú faoi ualú gach ceiste, a shuimiú chun marc foriomlán a fháil.

Má bhíonn trialacha iontrála ar siúl roimh ré (féach Roinn IV), scrúdófar na coinníollacha ginearálta agus sonracha in ord íslitheach pointí, de réir réimse agus go dtí go mbainfear amach an líon iarrthóirí:

a ghnóthaigh pas agus na marcanna is fearr sna trialacha iontrála agus

a chomhlíonann coinníollacha incháilitheachta an chomórtais

arb é an líon iarrthóirí é a shocraigh an t-údarás ceapacháin  (3).

Maidir leis an áit dheireanach, i gcás ina ngnóthóidh roinnt iarrthóirí an marc céanna, cuirfear na hiarrthóirí sin ar fad san áireamh i gcéim an roghnúcháin ar bhonn cáilíochtaí (féach (a) agus (b) thuas). Ní scrúdófar iarratais ar líne na n-iarrthóirí a bheidh faoi bhun na tairsí sin.

Tiomsóidh an bord roghnúcháin liosta de na hiarrthóirí ansin in ord na marcanna foriomlána. I ngach réimse, beidh líon na n-iarrthóirí a tabharfar cuireadh chun an ionaid measúnaithe dóibh (4) cothrom le trí oiread, ar a mhéad líon na n-iarrthóirí is féidir a chur ar an bpainéal (5) (féach Roinn I). Foilseofar an líon sin ar shuíomh gréasáin EPSO (http://blogs.ec.europa.eu/eu-careers.info/).

VI.   IONAD MEASÚNAITHE

1.

Cuireadh

Má bhíonn tú ar na hiarrthóirí

a chomhlíonann, de réir na ndearbhuithe a rinneadh san iarratas ar líne, coinníollacha iontrála ginearálta agus sonracha Roinn III

AGUS

a ghnóthaigh ceann de na marcanna is airde sa roghnú ar bhonn cáilíochtaí,

tabharfar cuireadh duit trialacha an ionaid measúnaithe a dhéanamh; is gnách go mbíonn na trialacha sin ar siúl sa Bhruiséil ar feadh lá nó dhó. (6)

Má thugtar cuireadh chun an ionaid measúnaithe duit, beidh ort an comhad iomlán a bhaineann le d'iarratas (an fhoirm iarratais ar líne agus í sínithe, na doiciméid tacaíochta san áireamh) a thabhairt leat chun an ionaid measúnaithe. (7)

Sonraí praiticiúla: féach pointe 2.1.7 de na Rialacha Ginearálta maidir le comórtais oscailte.

2.

Ionad Measúnaithe

Déanfar trí chineál measúnaithe ort agus is é an bord roghnúcháin a dhéanfaidh a mbeidh iontu a fhaomhadh.

measúnú ar d'inniúlachtaí réasúnaíochta (mura ndearnadh measúnú orthu sna trialacha iontrála) leis na trialacha seo:

(a)

triail réasúnaíochta briathartha

(b)

triail réasúnaíochta uimhriúla

(c)

triail réasúnaíochta teibí

measúnú ar d'inniúlachtaí sonracha leis na trialacha seo a leanas:

(d)

agallamh struchtúrtha ar bhonn d'inniúlachtaí sa réimse i gceist agus ar na freagraí a thug tú i d'iarratas sa chluaisín “scagthóir buanna”

measúnú ar d'inniúlachtaí ginearálta leis na trialacha seo a leanas: (8)

(e)

cás-staidéar

(f)

gníomhaíocht i ngrúpa

(g)

agallamh struchtúrtha

Measúnófar gach ceann de na hinniúlachtaí ginearálta mar atá léirithe sa tábla seo thíos:

 

Cás-staidéar

Gníomhaíocht i ngrúpa

Agallamh struchtúrtha

Anailísiú agus réiteach fadhbanna

x

x

 

Cumarsáid

x

 

x

Cáilíocht agus torthaí

x

 

x

Foghlaim agus forbairt

 

x

x

Tosaíochtaí a chur in ord tábhachta agus eagrúchán

x

x

 

Buanseasmhacht

 

x

x

Obair bhuíne

 

x

x

Cumas ceannaireachta

 

x

x


3.

Teangacha an ionaid measúnaithe

Teanga 1 i gcás thrialacha (a) (b) agus (c).

Teanga 2 i gcás thrialacha (d), (e), (f) agus (g).

4.

Marcáil agus ualú

Inniúlachtaí réasúnaíochta:

(a)

inniúlachtaí briathartha: marcálfar an triail seo as 20 pointe

An pasmharc: 10 bpointe

(b)

inniúlachtaí uimhriúla: marcálfar an triail seo as 10 bpointe

(c)

inniúlachtaí uimhriúla: marcálfar an triail seo as 10 bpointe

An pasmharc foriomlán do thrialacha (b) agus (c): 10 bpointe

Trialacha díbeartha is ea trialacha (a), (b) agus (c), ach ní chuirfear marcanna na dtrialacha sin le marcanna eile an ionaid measúnaithe.

Inniúlachtaí sonracha (triail (d))

Triail (d): marcálfar an triail seo as 100

an pasmharc: 50 pointe

Ualú: 55 % den mharc foriomlán

Inniúlachtaí ginearálta (trialacha (e), (f) agus (g))

Marcálfar iomlán na n-inniúlachtaí ginearálta as 80 pointe (10 bpointe in aghaidh na hinniúlachta)

An pasmharc:

3 phointe in aghaidh na hinniúlachta agus

40 pointe as 80 d'iomlán na 8 n-inniúlacht ghinearálta

Ualú: 45 % den mharc foriomlán

VII.   DEARBHUITHE NA nIARRTHÓIRÍ A SHEICEÁIL

I bhfianaise thorthaí an ionaid measúnaithe, déanfar na dearbhuithe a rinne na hiarrthóirí ina n-iarratas ar líne a sheiceáil i dtaca leis na doiciméid tacaíochta a chuir siad ar fáil; is é EPSO a dhéanfaidh an tseiceáil sin i dtaca leis na coinníollacha ginearálta, agus is é an bord roghnúcháin a dhéanfaidh i dtaca leis na coinníollacha sonracha í.

Déanfar an tseiceáil, in ord íslitheach tuillteanais, ar iarratas na n-iarrthóirí a ghnóthaigh pas i dtrialacha (d), (e), (f), agus (g), agus na marcanna foriomlána is airde. Ina theannta sin, ní mór do na hiarrthóirí pas a ghnóthú i dtrialacha réasúnaíochta (a), (b) agus (c). Déanfar an tseiceáil go dtí go sroichfear an líon is mó iarrthóirí is féidir a bheith ar na painéil, ar iarrthóirí iad a chomhlíonann na coinníollacha incháilitheachta ar fad. Ní scrúdófar doiciméid tacaíochta na n-iarrthóirí a bheidh faoi bhun na tairsí sin.

Maidir leis na cáilíochtaí a mheas, ní chuirfear na doiciméid tacaíochta san áireamh ach amháin chun an t-eolas a tugadh cheana sa chluaisín “scagthóir buanna” a sheiceáil. Má thagann sé chun solais sa tseiceáil nach bhfuil na dearbhuithe a rinne iarrthóir san iarratas ar líne ag luí leis na doiciméid tacaíochta, dícháileofar an t-iarrthóir sin den chomórtas.

VIII.   PAINÉIL

1.

Ainmneacha a chur ar an bpainéal

Cuirfidh an bord roghnúcháin d'ainm ar an bpainéal:

má bhíonn tú ar na hiarrthóirí a ghnóthaigh pas i dtrialacha (a) go (g), agus ceann de na marcanna foriomlána is airde d'iomlán thrialacha measúnaithe (d), (e), (f) agus (g) (féach líon na n-iarrthóirí is féidir a chur ar an bpainéal, Roinn I.1) (9)

agus más léir, i bhfianaise na ndoiciméad tacaíochta, go gcomhlíonann tú na coinníollacha incháilitheachta go léir.

2.

Aicmiú

Tiomsófar na liostaí de réir réimse agus beidh na hainmneacha iontu in ord aibítre.


(1)  Gach áit san fhógra seo a bhfuil tagairt don fhirinscne, glactar leis gur ag tagairt don fhirinscne agus don bhaininscne atáthar.

(2)  Féach Comhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha (CECR) – (http://europass.cedefop.europa.eu/europass/home/hornav/Downloads/CEF/LanguageSelfAssessmentGrid.csp).

(3)  Is é sin, an uimhir dá dtagraítear sa chéad pharagraf de Roinn IV.

(4)  Maidir leis an áit dheireanach, i gcás ina ngnóthóidh roinnt iarrthóirí an marc céanna, tabharfar cuireadh dóibh ar fad chun an ionaid measúnaithe.

(5)  Na hiarrthóirí nach bhfaighidh cuireadh chun an ionaid measúnaithe, cuirfear chucu torthaí a measúnaithe chomh maith leis an ualú a thug an bord roghnúcháin do gach ceist.

(6)  Ar chúiseanna praiticiúla, d'fhéadfadh na trialacha réasúnaíochta bheith ar siúl in ionaid scrúdúcháin sna Ballstáit, ar leithligh ó thrialacha eile an ionaid measúnaithe.

(7)  Déanfar dáta do choinne san ionad measúnaithe a chur in iúl duit in am agus i dtráth trí do chuntas EPSO.

(8)  Tá cur síos ar na hinniúlachtaí sin i bpointe 1.2 de na Rialacha Ginearálta maidir le comórtais oscailte.

(9)  Déanfar dáta do choinne don ionad measúnaithe a chur in iúl duit in am agus i dtráth trí do chuntas EPSO.


IARSCRÍBHINN I

RÉIMSE 1: DLÍ NA HIOMAÍOCHTA (AD 7)

1.   Dualgais

Tá an comórtas oscailte seo á eagrú chun Riarthóirí (AD 7) a earcú i réimse dhlí Eorpach na hiomaíochta.

Tá á lorg ag an gCoimisiún Eorpach dlíodóirí a bhfuil cur amach agus saineolas acu ar dhlí Eorpach na hiomaíochta (go háirithe maidir le cumaisc, státchabhair agus na dlíthe in aghaidh trustaí) agus taithí phraiticiúil acu ar chur i bhfeidhm rialacha agus nósanna imeachta iomaíochta a fuarthas in oifig abhcóidí, taithí ar ghnóthaí dlínse, agus ar bheith ag obair mar dhlíodóir i gcomhlacht, i gcomhairleacht dlí, in eagraíocht ghnó nó in údarás náisiúnta nó idirnáisiúnta. Ba cheart cruthú a ndea-inniúlachtaí a bheith ag iarrthóirí ó thaobh anailís a dhéanamh ar chásanna iomaíochta, a ngnéithe eacnamaíocha san áireamh, agus ba cheart dóibh bheith in ann measúnú dlí a dhéanamh ar bhonn rialacha agus nósanna imeachta dhlí na hiomaíochta agus téacsanna dlí a ullmhú.

Príomhdhualgais: Anailís a dhéanamh ar bheartas an Aontais Eorpaigh i leith na ndlíthe in aghaidh trustaí, i leith cumasc, agus státchabhrach, agus dualgais riaracháin, chomhairleacha, agus maoirseachta a dhéanamh a bhaineann le cur i bhfeidhm dhlí Eorpach na hiomaíochta.

Beidh dualgais na gcás-láimhseálaithe ag brath ar cé acu i réimse na ndlíthe in aghaidh trustaí, i réimse na gcumasc nó i réimse na státchabhrach a bheidh siad ag obair, ach is féidir go mbeidh a leithéidí seo de dhualgais le déanamh:

Measúnú a dhéanamh ar conas margaí a bhaineann leis an réimse seo a shainiú i gcomhréir le prionsabail dhlí na hiomaíochta.

Measúnú a dhéanamh ar iompraíocht nó comhaontú ar leith a rinneadh idir roinnt comhlachtaí féachaint a dhéanamh amach an sárú é ar Airteagail 101 nó 102 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Measúnú a dhéanamh chun a dhéanamh amach, ar an gcéad dul síos, an gcuirfeadh comhchruinniú ar tugadh fógra ina leith mórbhac ar iomaíocht éifeachtach de réir bhrí Airteagail 2(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 (“an Rialachán maidir le cumaisc”) agus, ar an dara dul síos, an gcuirfeadh gealltanais na bpáirtithe deireadh leis na cúiseanna imní a bhfuil an comhchruinniú ina údar leo.

Measúnú a dhéanamh ar cheisteanna nós imeachta le linn saolré cáis, e.g. an comhchruinniú é idirbheart ar leith, comhchruinniú atá ag teacht faoin Rialachán an Aontais Eorpaigh maidir le cumaisc, nó rochtain ar chomhad a thabhairt.

Measúnú ar bheart ar leith féachaint a dhéanamh amach an státchabhair é de réir an tsainmhínithe atá in Airteagal 107(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Anailís a dhéanamh ar an measúnú comhoiriúnachta a rinneadh ar bheart státchabhrach, i gcomhréir leis na rialacha infheidhme.

Imscrúduithe margaidh a dhéanamh.

Meamraim inmheánacha, Cinntí ón gCoimisiún agus doiciméid nós imeachta de chineálacha eile (e.g. ráitis agóidí) a ullmhú agus a dhréachtú.

Reachtaíocht, fógraí ón gCoimisiún agus doiciméid beartais eile a ullmhú agus a dhréachtú a bhaineann le beartais an Aontais Eorpaigh i leith na ndlíthe in aghaidh trustaí, i leith cumasc agus i leith státchabhrach.

2.   Cáilíochtaí

Oideachas is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile ceithre bliana ar a laghad sa dlí agus dioplóma bainte amach ag a dheireadh

Oideachas is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile trí bliana ar a laghad sa dlí agus dioplóma bainte amach ag a dheireadh mar aon le bliain amháin ar a laghad de thaithí oibre a fuarthas ina dhiaidh agus a bhaineann leis na dualgais atá leagtha síos i bpointe 1.

N.B.: Cuid dhílis den dioplóma is ea an bhliain sin de thaithí oibre, agus ní féidir í a áireamh mar chuid den taithí oibre a iarrtar thíos.

3.   Taithí oibre

Sé bliana ar a laghad de thaithí oibre, agus baint ag trí bliana acu sin le cur i bhfeidhm rialacha agus nósanna imeachta dhlí na hiomaíochta. Ar na scileanna a theastaíonn tá saineolas ar: an dóigh le hanailís a dhéanamh ar mhargaí agus ar shaincheisteanna iomaíochta a bhaineann le hábhar, agus tuiscint mhaith ar na gnéithe eacnamaíocha ina bunús leis sin; an dóigh le measúnú dlí a dhéanamh ar na saincheisteanna sin de réir rialacha agus nósanna imeachta na hiomaíochta agus an dóigh le doiciméid dlí a ullmhú.

Ní chuirfear an taithí oibre sin san áireamh ach amháin má fuarthas í i ndiaidh bhaint amach na céime a lig don iarrthóir cur isteach ar an gcomórtas.

4.   Critéir roghnúcháin

Sa roghnú ar bhonn cáilíochtaí, cuirfidh an bord roghnúcháin na critéir seo a leanas san áireamh:

1.

Taithí oibre ar chur i bhfeidhm rialacha agus nósanna imeachta dhlí iomaíochta an Aontais Eorpaigh, na mBallstát nó tríú tíortha (e.g. tíortha Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa agus Stáit Aontaithe Mheiriceá), cuir i gcás na dlíthe in aghaidh trustaí a bhaineann le comhaontuithe sriantacha, ceannas, cairtéil nó státchabhair, in aon cheann díobh seo a leanas:

comhlacht dlí;

gnólacht, mar dhlíodóir;

comhairleacht dlí;

eagraíocht ghnó.

2.

Taithí oibre ar chur i bhfeidhm rialacha agus nósanna imeachta dhlí iomaíochta an Aontais Eorpaigh, na mBallstát nó tríú tíortha (e.g. tíortha Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa agus nó Stáit Aontaithe Mheiriceá), cuir i gcás dlíthe in aghaidh trustaí a bhaineann le comhaontuithe sriantacha, ceannas, cairtéil, cumaisc nó státchabhair, i gcúirt nó in údarás poiblí náisiúnta nó idirnáisiúnta.

3.

Taithí oibre ar dhlí an Aontais Eorpaigh, ar an dlí tráchtála nó ar an dlí trádála in aon cheann acu seo:

comhlacht dlí;

gnólacht, mar dhlíodóir;

comhairleacht dlí;

eagraíocht ghnó.

4.

Taithí oibre ar dhlí an Aontais Eorpaigh, dlí tráchtála nó dlí trádála i gcúirt nó in údarás poiblí náisiúnta nó idirnáisiúnta.

5.

Páipéir staidéir bhunchéime nó iarchéime ar dhlí an Aontais Eorpaigh nó ar dhlí na hiomaíochta, sa bhreis ar an staidéar a theastaíonn le cur isteach ar an gcomórtas.

6.

Taithí oibre ar nósanna imeachta reachtacha a bhaineann le dlí an Aontais Eorpaigh nó le dlí na hiomaíochta.

7.

Taithí ar thaighde acadúil a dhéanamh ar dhlí an Aontais Eorpaigh nó ar dhlí na hiomaíochta nó ar a múineadh.

8.

Ailt a foilsíodh in irisí speisialaithe nó rannpháirteachas, ó bhéal nó i scríbhinn, i gcomhdhálacha nó ceardlanna a bhaineann le dlí an Aontais Eorpaigh nó dlí na hiomaíochta.


IARSCRÍBHINN II

Réimse 2: AIRGEADAS CORPARÁIDEACH (AD 7)

Tá an comórtas oscailte seo á eagrú chun riarthóirí (AD 7) i réimse an airgeadais chorparáidigh a earcú le beartais iomaíochta an Aontais Eorpaigh a chur chun feidhme.

1.   Dualgais

Tá eacnamaithe á lorg ag an gCoimisiún Eorpach a bhfuil saineolas agus taithí oibre acu ar airgeadas corparáideach agus ar anailísiú airgeadais. Ba cheart taithí a bhaineann le hábhar a bheith ag na hiarrthóirí sa chaoi is go bhféadfaidh siad anailís airgeadais a chur i bhfeidhm ar chásanna beartais.

Príomhdhualgais: Anailís a dhéanamh ar bheartas an Aontais Eorpaigh i leith na ndlíthe in aghaidh trustaí, i leith cumasc, agus i leith státchabhrach, agus dualgais riaracháin, chomhairleacha, agus maoirseachta a dhéanamh a bhaineann le cur i bhfeidhm dhlí Eorpach na hiomaíochta.

Ag seo samplaí de na dualgais a bheidh ar na cás-láimhseálaithe a mbeidh saineolas acu ar an airgeadas corparáideach:

Measúnú mionsonraithe a dhéanamh ar théarmaí agus ar shonraí iasachta, ráthaíochta nó insteallta caipitil a thug stát do chomhlacht, chun a dhéanamh amach an de réir choinníollacha an mhargaidh a tugadh an tacaíocht nó an amhlaidh gur státchabhair a bhí inti. Chuige sin, is gnách nach mór anailís a dhéanamh ar acmhainneacht creidmheasa agus ar bhrabúsacht an chomhlachta a fuair an tacaíocht;

Mionanailís a dhéanamh ar phlean athstruchtúraithe comhlachta, ar tugadh fógra ina leith, a bhí i sáinne agus ar tugadh státchabhair dó. Bheadh i gceist leis sin, go háirithe, a dhéanamh amach an rachadh an plean i ngleic le húdair na sáinne, an bhféadfadh a bheith mar thoradh ar an bplean inmharthanacht agus brabúsacht fhadtéarmach an chomhlachta a chur ar bun arís gan tuilleadh státchabhrach a bheith ag teastáil, agus cé acu ba leor nó nár leor na bearta a rinne an comhlacht chun costais an athstruchtúraithe a chlúdach leis féin (e.g. acmhainní a dhíol, caipiteal príobháideach a bhailiú, maoiniú a fháil sa mhargadh);

Measúnú mionsonraithe a dhéanamh ar bhrabúsacht dhóchúil tionscadail taighde agus forbraíochta nó tionscadail infheistíochta. Réamh-mheastacháin ar an tsreabh airgid agus an ráta lascaine arna úsáid a fhíorú. Measúnú a dhéanamh chun a dhéanamh amach an bhfuil an tionscadal brabúsach a dhóthain le cur i gcrích gan státchabhair;

Measúnú mionsonraithe a dhéanamh ar chostais agus brabúsacht seirbhíse leasa eacnamaíoch i gcoitinne a chuireann comhlacht ar fáil;

Measúnú mionsonraithe a dhéanamh ar scéimeanna agus meicníochtaí airgeadais ad hoc atá beartaithe ag na Ballstáit chun éascaíocht a dhéanamh d'fhiontair bheaga agus mheánmhéide iasachtaí a fháil.

2.   Cáilíochtaí

Oideachas is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile ceithre bliana ar a laghad san eacnamaíocht, san airgeadas, sa chuntasaíocht, sa riarachán gnó agus dioplóma bainte amach ag a dheireadh

Oideachas is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile trí bliana ar a laghad san eacnamaíocht, san airgeadas, sa chuntasaíocht, sa riarachán gnó agus dioplóma bainte amach ag a dheireadh mar aon le bliain amháin ar a laghad de thaithí oibre a fuarthas ina dhiaidh agus a bhaineann leis na dualgais atá leagtha síos i bpointe 1.

N.B.: Cuid dhílis den dioplóma is ea an bhliain sin de thaithí oibre, agus ní féidir í a áireamh mar chuid den taithí oibre a iarrtar thíos.

3.   Taithí oibre

Sé bliana ar a laghad de thaithí oibre a bhaineann le hanailís airgeadais a dhéanamh ar chomhlachtaí. Ar na scileanna a theastaíonn tá saineolas ar an dóigh le hanailís airgeadais a dhéanamh ar chomhlachtaí agus ar a gcuid uirlisí airgeadais.

Ní chuirfear an taithí oibre sin san áireamh ach amháin má fuarthas í i ndiaidh bhaint amach na céime a lig don iarrthóir cur isteach ar an gcomórtas.

4.   Critéir roghnúcháin

Sa roghnú ar bhonn cáilíochtaí, cuirfidh an bord roghnúcháin na critéir seo a leanas san áireamh:

1.

Ardchúrsa oiliúna iarchéime san airgeadas atá aitheanta go hidirnáisiúnta (an cúrsa Chartered Financial Analyst Programme nó a chothrom) a bheith críochnaithe agus céim nó teastas iar-chéime bainte amach ag a dheireadh sa bhreis ar na cáilíochtaí a theastaíonn chun cur isteach ar an gcomórtas, sin nó PhD san airgeadas nó san airgeadas corparáideach.

2.

Taithí oibre ar acmhainneacht creidmheasa corparáidí (i.e. a gcumas a gcuid iasachtaí agus dliteanas a aisíoc) a mheas.

3.

Taithí oibre ar iasachtaí nó bannaí corparáideacha a phraghsáil, a thrádáil nó infheistíocht a dhéanamh iontu.

4.

Taithí oibre ar mheasúnú a dhéanamh ar an mbrabúsacht dhóchúil comhlachta nó ag tionscadail infheistíochta, ar bhonn a phlean gnó.

5.

Taithí oibre ar mhodhanna cainníochtúla (e.g. samhlacha lascaine le haghaidh sreabhadh airgid todhchaí, nó cóimheasa airgeadais) a úsáid chun comhlachtaí nó tionscadail infheistíochta a luacháil.

6.

Taithí oibre ar ionstraimí díorthacha a phraghsáil, a thrádáil nó infheistíocht a dhéanamh iontu.

7.

Taithí oibre ar chomhlacht amháin nó níos mó a bhí i sáinn a athstruchtúrú.

8.

Taithí oibre ar chaipiteal nó maoiniú/fiachas a bhailiú do chomhlacht mór. (Ní mór an comhlacht sin a bheith níos mó ná fiontar beag nó meánmhéide, i.e. ina chomhlacht ina bhfuil níos mó ná 250 duine de réir an tsainmhínithe atá i Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún: http://eur-lex.europa.eu/LexUriServ/LexUriServ.do?uri=OJ:L:2003:124:0036:0041:EN:PDF).


IARSCRÍBHINN III

RÉIMSE 3: EACNAMAÍOCHT AIRGEADAIS (AD 7)

1.   Dualgais

Tá an comórtas oscailte seo á eagrú chun Riarthóirí (AD 7) i réimse na heacnamaíochta airgeadais a earcú, agus tá sé dírithe go háirithe ar an bhfaireachas iltaobhach agus tíre, agus ar anailísiú agus ceapadh beartas.

Ar na príomhdhualgais tá:

faireachas agus anailís a dhéanamh ar fheidhmiú margaí airgeadais nó codanna de mhargaí sna Ballstáit, sa limistéar euro agus san Aontas Eorpach, go háirithe clistí margaidh agus míphraghsáil a d’fhéadfadh bheith ann a aimsiú;

anailís agus measúnú a dhéanamh ar inmharthanacht, feidhmiú agus inbhuanaitheacht institiúidí airgeadais agus margaí i mBallstáit, Ballstáit a bhfuil clár coigeartaithe eacnamaíoch á chur i bhfeidhm acu san áireamh;

anailís a dhéanamh, bíodh sí teoiriciúil, eimpíreach nó samhailbhunaithe, chun tacú le ceapadh agus measúnú beartas a bhaineann le margaí airgeadais, institiúidí airgeadais agus bonneagair airgeadais a rialáil;

modhanna, uirlisí agus nósanna imeachta a cheapadh agus a chur i bhfeidhm maidir le próiseáil agus léiriú sonraí airgeadais, airgeadaíocha agus eacnamaíocha; áirítear leis sin sonraí i ndáil le hurrúis airgeadais arbh fhéidir go n-úsáidfí ardteicnící cainníochtúla orthu chun measúnú agus luacháil a dhéanamh;

ionstraimí airgeadais nó gléasanna sainchuspóireacha (amhail scéimeanna um ráthú ionstraimí fiachais nó ionstraimí comhroinnte riosca) a cheapadh, a chaibidliú agus a chur chun feidhme chun tacú le cur chun feidhme bheartais an Aontais Eorpaigh;

caidreamh a dhéanamh le hinstitiúidí idirnáisiúnta eacnamaíocha agus airgeadais, le húdaráis phoiblí agus le geallsealbhóirí eile d'fhonn faireachas eacnamaíoch a dhéanamh ar mhargaí airgeadais, faireachas ar chur i bhfeidhm clár coigeartaithe eacnamaíoch san áireamh;

i gcomhthéacs na ndualgas thuasluaite, doiciméid anailíseacha, doiciméid bheartais agus doiciméid dlí a dhréachtú a úsáidfear go hinmhéanach agus go seachtrach.

2.   Cáilíochtaí

Oideachas is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile ceithre bliana ar a laghad san eacnamaíocht nó san airgeadas agus dioplóma bainte amach ag a dheireadh.

Oideachas is comhionann le cúrsa ollscoile trí bliana ar a laghad san eacnamaíocht nó san airgeadas agus dioplóma bainte amach ag a dheireadh mar aon le bliain amháin ar a laghad de thaithí oibre a fuarthas ina dhiaidh agus a bhaineann leis na dualgais atá leagtha síos i bpointe 1.

NB: Cuid dhílis den chéim is ea an bhliain sin de thaithí oibre, agus ní féidir í a áireamh mar chuid den taithí oibre a iarrtar thíos.

3.   Taithí oibre

Taithí oibre sé bliana ar a laghad ar anailís a dhéanamh ar an earnáil airgeadais.

Ní chuirfear an taithí oibre sin san áireamh ach amháin má fuarthas í i ndiaidh bhaint amach na céime a lig don iarrthóir cur isteach ar an gcomórtas.

4.   Critéir roghnúcháin

Sa roghnú ar bhonn cáilíochtaí, cuirfidh an bord roghnúcháin na critéir seo a leanas san áireamh:

1.

Céim (seachas PhD) nó teastas sa bhreis ar an gceann a theastaíonn chun cur isteach ar an gcomórtas (féach pointe 2 thuas) i gceann amháin de na disciplíní seo: airgeadas eacnamaíoch, eacnamaíocht, airgeadas corparáideach, anailís chainníochtúil, staidreamh, eacnamaíocht fheidhmeach, nó airgeadas matamaiticiúil.

2.

PhD i gceann amháin de na disciplíní seo: airgeadas eacnamaíoch, eacnamaíocht, airgeadas corparáideach, anailís cainníochtúil, staidreamh, eacnamaíocht fheidhmeach, nó airgeadas matamaiticiúil.

3.

Taithí oibre dhá bhliain ar a laghad in institiúidí baincéireachta nó in institiúidí airgeadais eile.

4.

Taithí oibre dhá bhliain ar a laghad i riarachán poiblí nó in institiúid idirnáisiúnta a raibh maoirseacht micreastuamachta nó macrastuamachta de chúram air.

5.

Taithí oibre dhá bhliain ar a laghad i riarachán poiblí nó in institiúid idirnáisiúnta ar bheartais chobhsaíochta airgeadais a cheapadh, a riar nó a chur chun feidhme.

6.

Taithí oibre dhá bhliain ar a laghad in institiúidí léinn nó taighde ar speisialtacht acu an t-airgeadas nó an eacnamaíocht.

7.

Taithí oibre dhá bhliain ar a laghad ar anailís a dhéanamh ar inmharthanacht nó ar fheidhmíocht institiúidí airgeadais.

8.

Ailt a foilsíodh in irisí eacnamaíocha piarmheasúnaithe, go háirithe i réimsí na heacnamaíochta airgeadais cainníochtúla, na cobhsaíochta airgeadais nó an airgeadais chorparáidigh.

9.

Taithí oibre ar thuarascálacha teicniúla nó neamhtheicniúla a dhréachtú faoi fhorbairtí sna margaí airgeadais, faoin gcobhsaíocht airgeadais nó faoi threochtaí in earnáil na baincéireachta.

10.

Táithí oibre dhá bhliain ar a laghad ar an eacnaiméadracht fheidhmeach, go háirithe gnéithe di amhail anailís ar amshraitheanna nó anailís cúlchéimnithe ar shonraí painéil.

11.

Taithí oibre ar shamhlacha maicreacnamaíocha (e.g. samhlacha DSGE) a fhorbairt nó a úsáid.

12.

Taithí oibre ar chlár coigeartaithe eacnamaíoch a cheapadh nó a chur chun feidhme.


IARSCRÍBHINN IV

RÉIMSE 4. EACNAMAÍOCHT THIONSCLAÍOCH (AD 7)

Tá an comórtas oscailte seo á eagrú chun riarthóirí (AD 7) i réimse na heacnamaíochta tionsclaíche a earcú le beartas iomaíochta an Aontais Eorpaigh a chur chun feidhme.

1.   Dualgais

Tá an Coimisiún Eorpach ag lorg eacnamaithe ag a bhfuil saineolas san eacnamaíocht thionsclaíoch (agus cúlra sa léann eimpíreach nó teoiriciúil) mar aon le taithí phraiticiúil ar anailís eacnamaíoch a fhorbairt i dtaca le nósanna imeachta maidir leis na dlíthe in aghaidh trustaí, maidir le cumaisc agus maidir le státchabhair. Ba cheart cruthú a ndea-inniúlachtaí a bheith ag iarrthóirí maidir le hanailís eacnamaíoch a chur i bhfeidhm ar cásanna a bhaineann leis beartais iomaíochta.

Príomhdhualgais: anailís a dhéanamh ar bheartais an Aontais Eorpaigh i leith na ndlíthe in aghaidh trustaí, i leith cumasc, agus i leith státchabhrach, agus dualgais riaracháin, chomhairleacha, agus maoirseachta a dhéanamh a bhaineann le cur i bhfeidhm dhlí Eorpach na hiomaíochta.

Beidh dualgais na gcás-láimhseálaithe ag brath ar cé acu i réimse na ndlíthe in aghaidh trustaí, i réimse na gcumasc nó i réimse na státchabhrach a bheidh siad ag obair. Ach d'fhéadfadh dualgais ar nós na ndualgas seo a bheith le déanamh:

measúnú a dhéanamh ar conas margaí a bhaineann leis an réimse seo a shainiú i gcomhréir le prionsabail dhlí na hiomaíochta;

measúnú a dhéanamh ar iompraíocht nó comhaontú ar leith a rinneadh idir roinnt comhlachtaí féachaint a dhéanamh amach an sárú é ar Airteagail 101 nó 102 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;

measúnú a dhéanamh féachaint an dtiocfadh as comhchruinniú ar tugadh fógra ina leith mórbhac ar iomaíocht éifeachtach de réir bhrí Airteagail 2(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 139/2004 (“an Rialachán maidir le cumaisc”) agus an mbeadh mar thoradh ar ghealltanais na bpáirtithe deireadh a chur leis na cúiseanna imní a lean an comhchruinniú;

measúnú a dhéanamh ar bheart ar leith féachaint a dhéanamh amach an státchabhair é de réir an tsainmhínithe atá in Airteagal 107.1 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;

anailís a dhéanamh ar an measúnú comhoiriúnachta a rinneadh ar bheart státchabhrach, i gcomhréir leis na rialacha infheidhme;

measúnuithe eacnamaíocha ar bheartais phoiblí agus ar ghníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin a chomhordú, a mheas, agus a dhéanamh;

imscrúduithe margaidh a dhéanamh;

meamraim inmheánacha, Cinntí ón gCoimisiún agus doiciméid nós imeachta de chineálacha eile (e.g. ráitis agóidí) a ullmhú agus a dhréachtú;

fógraí ón gCoimisiún agus doiciméid beartais eile a ullmhú agus a dhréachtú a bhaineann le beartas an Aontais Eorpaigh i leith na ndlíthe in aghaidh trustaí, i leith cumasc agus i leith státchabhrach.

2.   Cáilíochtaí

Oideachas is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile ceithre bliana ar a laghad agus dioplóma san eacnamaíocht bainte amach ag a dheireadh

Oideachas is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile trí bliana ar a laghad san eacnamaíocht agus dioplóma bainte amach ag a dheireadh mar aon le bliain amháin ar a laghad de thaithí oibre a fuarthas ina dhiaidh agus a bhaineann leis na dualgais atá leagtha síos i bpointe 1.

N.B.: Cuid dhílis den dioplóma is ea an bhliain sin de thaithí oibre, agus ní féidir í a áireamh mar chuid den taithí oibre a iarrtar thíos.

3.   Taithí oibre

Sé bliana ar a laghad de thaithí oibre, agus baint ag trí bliana acu sin le cur i bhfeidhm rialacha agus nósanna imeachta dhlí na hiomaíochta. Ar na scileanna theastaíonn tá saineolas ar an dóigh le hanailís a dhéanamh ar mhargaí agus comhlachtaí agus ar shaincheisteanna iomaíochta a bhaineann le hábhar, agus tuiscint mhaith ar na gnéithe eacnamaíocha ina bunús leis sin, agus ar an dóigh leis na nithe sin a mheasúnú i bhfianaise rialacha agus nósanna imeachta na hiomaíochta;

Ní chuirfear an taithí oibre sin san áireamh ach amháin má fuarthas í i ndiaidh bhaint amach na céime a lig don iarrthóir cur isteach ar an gcomórtas.

4.   Critéir roghnúcháin

Sa roghnú ar bhonn cáilíochtaí, cuirfidh an bord roghnúcháin na critéir seo a leanas san áireamh:

1.

Taithí oibre i gcomhairleacht eacnamaíoch, institiúid taighde nó i rannóg de riarachán poiblí agus a bhain le beartais iomaíochta, measúnú, nó rialáil.

2.

Taithí oibre a fuarthas in údarás iomaíochta nó údarás rialála.

3.

Taithí oibre a fuarthas in institiúid airgeadais.

4.

Taithí oibre a fuarthas i rannóg cumasc agus éadálacha nó i rannóg pleanála straitéisí comhlachta ilnáisiúnta.

5.

Taithí oibre ar an anailís eacnamaíoch, ar an eacnaiméadracht nó ar an staidreamh i dtaca le measúnú ex-post a dhéanamh ar bheartais phoiblí agus ar ghníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin.

6.

Staidéar bunchéime nó iarchéime a raibh ina cuid de speisialtacht san eacnamaíocht thionsclaíoch, san airgeadas corparáideach, san airgeadas poiblí, san eacnamaíocht fheidhmeach, san eacnaiméadracht nó sa staidreamh.

7.

Taithí oibre ar theicnící eacnaiméadracha (e.g. uirlisí ar nós Stata nó SPSS) nó ar shamhaltú eacnamaíoch (e.g. uirlisí ar nós Mathematica nó Matlab) a chur i bhfeidhm.

8.

Taithí oibre ar anailís eacnamaíoch nó airgeadais, ar an eacnaiméadracht nó ar an staidreamh a mhúineadh nó taighde acadúil a dhéanamh orthu, agus baint ag an taithí sin leis an mbeartas iomaíochta nó le gnóthaí rialála.

9.

Ailt a foilsíodh in irisí léinn piarmheasúnaithe i réimse na hanailíse eacnamaíche nó airgeadais, na heacnaiméadrachta nó an staidrimh, ar ailt iad a bhaineann leis an mbeartas iomaíochta nó le gnóthaí rialála.

10.

Ailt nó páipéir thaighde eile a foilsíodh i réimse na hanailíse eacnamaíche nó airgeadais, na heacnaiméadrachta nó an staidrimh, ar ailt nó páipéar taighde iad a bhaineann leis an mbeartas iomaíochta nó le gnóthaí rialála.

11.

Rannpháirteachas i gcomhdhálacha nó i gceardlanna, ó bhéal nó i scríbhinn, a bhain leis an mbeartas iomaíochta nó le gnóthaí rialála.


IARSCRÍBHINN V

RÉIMSE 5. MAICREACNAMAÍOCHT (AD 7)

1.   Dualgais

Tá an comórtas oscailte seo á eagrú chun Riarthóirí (AD 7) i réimse na maicreacnamaíochta a earcú. Tá sé dírithe go háirithe ar an bhfaireachas iltaobhach agus tíre, ar anailís beartas agus ar cheapadh beartas.

Ar na príomhdhualgais tá:

faireachas a dhéanamh ar fhorbairtí maicreacnamaíocha agus ar bheartais mhaicreacnamaíocha sna Ballstáit, sa limistéar euro agus san Aontais Eorpach;

cláir coigeartaithe maicreacnamaíocha a cheapadh agus a chur i bhfeidhm;

anailís eimpíreach nó ionsamhlú a dhéanamh chun taca a chur faoi cheapadh agus measúnú beartas eacnamaíoch, go háirithe beartais i réimsí amhail airgeadas poiblí, athchóirithe struchtúracha agus institiúidí agus margaí airgeadais;

creata agus uirlisí anailíseacha a cheapadh chun anailís a dhéanamh ar fhorbairtí eacnamaíocha agus ar fheidhmíocht beartas;

réamhaisnéisí eacnamaíocha an Choimisiúin Eorpaigh a ullmhú;

caidreamh a dhéanamh le hinstitiúidí idirnáisiúnta eacnamaíocha agus airgeadais, le húdaráis phoiblí agus le geallsealbhóirí eile maidir le cláir faireachais eacnamaíocha agus cláir coigeartaithe eacnamaíocha a chur chun feidhme;

i gcomhthéacs na ndualgas thuasluaite, doiciméid anailíse, doiciméid bheartais agus doiciméid dlí a dhréachtú, idir dhoiciméid inmheánacha agus doiciméid atá sé beartaithe a fhoilsiú;

2.   Cáilíochtaí

Oideachas is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile ceithre bliana ar a laghad san eacnamaíocht agus dioplóma bainte amach ag a dheireadh

Oideachas is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile trí bliana ar a laghad san eacnamaíocht agus dioplóma bainte amach ag a dheireadh agus bliain amháin de thaithí oibre a fuarthas ina dhiaidh agus a bhaineann leis na dualgais atá leagtha síos i bpointe 1.

NB: Cuid dhílis den chéim is ea an t-íosmhéid sin d'aon bhliain amháin de thaithí oibre, agus ní féidir í a áireamh mar chuid den taithí oibre a iarrtar thíos.

3.   Taithí oibre

Taithí oibre sé bliana ar a laghad i réimse na maicreacnamaíochta.

Ní chuirfear an taithí oibre sin san áireamh ach amháin má fuarthas í i ndiaidh bhaint amach na céime a lig don iarrthóir cur isteach ar an gcomórtas.

4.   Critéir roghnúcháin

Sa roghnú ar bhonn cáilíochtaí, cuirfidh an bord roghnúcháin na critéir seo a leanas san áireamh:

1.

Céim (seachas PhD) nó dioplóma sa bhreis ar an gceann a theastaíonn chun cur isteach ar an gcomórtas (féach pointe 2 thuas) i gceann amháin de na disciplíní seo: eacnamaíocht, anailís cainníochtúil, staidreamh, airgeadas nó maicreacnamaíocht fheidhmeach.

2.

PhD i gceann de na disciplíní seo: eacnamaíocht, anailís cainníochtúil, staidreamh, airgeadas nó maicreacnamaíocht fheidhmeach.

3.

Taithí oibre dhá bhliain ar a laghad in institiúidí idirnáisiúnta eacnamaíocha nó airgeadais.

4.

Taithí oibre dhá bhliain ar a laghad a fuarthas i riarachán poiblí, i rannóg a raibh de chúram uirthi beartais eacnamaíocha, fhioscacha nó airgeadais a cheapadh nó a chur chun feidhme.

5.

Taithí oibre dhá bhliain ar a laghad in institiúidí léinn, beartais nó taighde (ar speisialtacht acu an eacnamaíocht nó beartais eacnamaíocha).

6.

Ailt a foilsíodh in irisí eacnamaíocha piarmheasúnaithe i réimsí na hanailíse cainníochtúla nó an tsamhaltaithe.

7.

Ailt a foilsíodh in irisí eacnamaíocha piarmheasúnaithe i réimse na maicreacnamaíochta.

8.

Taithí oibre ar thuarascálacha teicniúla nó neamhtheicniúla a dhréachtú maidir le treochtaí maicreacnamaíocha, faireachas maicreacnamaíoch nó réamhaisnéis mhaicreacnamaíoch.

9.

Taithí oibre ar thuarascálacha teicniúla nó neamhtheicniúla a dhréachtú ar éifeachtaí eacnamaíocha athchóirithe struchtúracha agus beartais atá ceaptha chun cumas iomaíochta a fheabhsú.

10.

Taithí oibre ar thuarascálacha teicniúla nó neamhtheicniúla a dhréachtú ar an airgeadas poiblí agus ar rialachas eacnamaíoch na hEorpa.

11.

Táithí oibre dhá bhliain ar a laghad ar an eacnaiméadracht fheidhmeach, go háirithe gnéithe di amhail anailís amshraitheanna nó anailís cúlchéimnithe ar shonraí painéil.

12.

Taithí oibre ar shamhlacha maicreacnamaíocha (e.g. samhlacha DSGE) a fhorbairt nó a úsáid.

13.

Taithí oibre ar chláir coigeartaithe eacnamaíocha a cheapadh nó a chur chun feidhme.