|
4.3.2014 |
GA |
Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh |
1 |
FÓGRA FOLÚNTAIS PE/175/S — STIÚRTHÓIR
(grúpa feidhme AD, grád 14)
ARD-STIÚRTHÓIREACHT AN AIRGEADAIS — AN STIÚRTHÓIREACHT UM THEIDIL AIRGEADAIS AGUS SHÓISIALTA NA BHFEISIRÍ
(2014/C 62 A/01)
1. Folúntas
Tá cinneadh déanta ag Uachtarán Pharlaimint na hEorpa tús a chur leis an nós imeachta chun post mar Stiúrthóir (1) (AD, grád 14) a líonadh laistigh d'Ard-Stiúrthóireacht an Airgeadais — an Stiúrthóireacht um Theidil Airgeadais agus Shóisialta na bhFeisirí, i gcomhréir le hAirteagal 29(2) de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (2) (dá ngairtear “Rialacháin Foirne” anseo feasta).
Seolfar an nós imeachta roghnúcháin seo, a bhfuil sé d'aidhm aige an rogha is leithne d'iarrthóirí a thabhairt don údarás ceapacháin, ag an am céanna leis na nósanna imeachta inmheánacha agus idirinstitiúideacha chun poist a líonadh.
Déanfar an earcaíocht sin ar ghrád AD 14 (3). Is EUR 13 216,49 in aghaidh na míosa an buntuarastal. I dteannta an bhuntuarastail atá faoi réir cáin Aontais agus atá díolmhaithe ó cháin náisiúnta, tá liúntais áirithe a d'fhéadfaí a íoc leis an té a cheapfar, de réir mar a leagtar amach sna Rialacháin Foirne.
Cuirtear in iúl do na hiarrthóirí go bhfuil an post seo faoi réir na rialacha maidir leis an mbeartas soghluaisteachta arna nglacadh ag Biúró Pharlaimint na hEorpa an 29 Márta 2004.
Éilítear solúbthacht leis an bpost seo agus go ndéanfar teagmháil go rialta le daoine laistigh agus lasmuigh den Pharlaimint lena n-áirítear Feisirí de Pharlaimint na hEorpa. Beidh ar an Stiúrthóir taisteal go minic idir láithreacha oibre na Parlaiminte agus go dtí láithreacha eile lasmuigh díobh.
2. Ionad fostaíochta
Tá an t-ionad fostaíochta lonnaithe sa Bhruiséil ach d'fhéadfaí an post seo a aistriú go dtí ceann de láithreacha oibre eile Pharlaimint na hEorpa.
3. Comhionannas deiseanna
Is fostóir comhionannais deiseanna í Parlaimint na hEorpa agus glacann sí le hiarratais gan idirdhealú a dhéanamh ar fhorais ar bith amhail gnéas, cine, dath, bunadh eitneach nó sóisialta, tréithe géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairimí polaitiúla nó aon tuairim eile, nó a bheith ar dhuine de mhionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois, gnéaschlaonadh, stádas pósta nó stádas teaghlaigh.
4. Cúraimí an phoist
Oifigeach sinsearach a bheidh sa Stiúrthóir, agus beidh sé/sí freagrach as na dualgais seo a leanas, de réir na dtreoirlínte agus na gcinntí arna leagan síos ag an údarás parlaiminteach agus ag an Ard-Stiúrthóir (4):
|
— |
a áirithiú go mbeidh eintiteas mór in Ardrúnaíocht Pharlaimint na hEorpa, ina bhfuil roinnt aonad atá freagrach as réimsí inniúlachta na Stiúrthóireachta, ag feidhmiú go maith, |
|
— |
foirne éagsúla a threorú, a mhaoirsiú, a spreagadh, agus a chomhordú; an úsáid is fearr a bhaint as acmhainní an eintitis agus cáilíocht seirbhíse (eagar, bainistiú acmhainní daonna agus buiséadacha, nuálaíocht, etc.) a áirithiú ina réimsí gníomhaíochta, |
|
— |
gníomhaíochtaí na Stiúrthóireachta a phleanáil (cuspóirí a leagan amach agus straitéisí a shainiú); na cinntí is gá a dhéanamh chun na cuspóirí aontaithe a ghnóthú; measúnú a dhéanamh ar na seirbhísí a chuirtear ar fáil chun cáilíocht na seirbhísí sin a ráthú, |
|
— |
comhairle a chur ar an Ard-Stiúrthóir, ar an Ard-Rúnaí agus ar Fheisirí de Pharlaimint na hEorpa sna réimsí gníomhaíochta, |
|
— |
comhoibriú leis na stiúrthóireachtaí éagsúla san Ardrúnaíocht, ionadaíocht a dhéanamh ar an institiúid agus conarthaí nó comhaontuithe a chaibidliú ina réimsí gníomhaíochta, |
|
— |
tionscadail shonracha a bhféadfadh freagrachtaí airgeadais a bheith ag gabháil leo a bhainistiú agus a thabhairt chun críche, |
|
— |
feidhmeanna oifigigh údaraithe trí fhotharmligean a fheidhmiú. |
5. Incháilitheacht (an phróifíl riachtanach)
Tá an nós imeachta roghnúcháin seo ar oscailt d'iarrthóirí a chomhlíonann na critéir riachtanacha seo a leanas faoin dáta deiridh chun iarratas a chur isteach:
(a) Coinníollacha ginearálta
I gcomhréir le hAirteagal 28 de na Rialacháin Foirne, ní mór do na hiarrthóirí:
|
— |
a bheith ina náisiúnach de cheann amháin de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
a lánchearta mar shaoránach a bheith á dteachtadh acu, |
|
— |
a ndualgais a bheith comhlíonta acu i ndáil leis na hoibleagáidí míleata is infheidhme de réir dlí, |
|
— |
na teistiméireachtaí carachtair a bheith acu is iomchuí do na cúraimí atá i gceist a chomhlíonadh. |
(b) Coinníollacha sonracha
(i) Cáilíochtaí, céimeanna agus an taithí ghairmiúil a éilítear
|
— |
Nuair is ceithre bliana nó níos mó an ghnáth-thréimhse do chúrsa léinn san ollscoil, leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile agus céim bainte amach ag a dheireadh, nó |
|
— |
nuair is trí bliana ar a laghad an ghnáth-thréimhse do chúrsa léinn san ollscoil, leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile agus céim bainte amach ag a dheireadh, mar aon le taithí ghairmiúil iomchuí d'aon bhliain amháin ar a laghad i ndiaidh na céime (5), |
|
— |
dhá bhliain déag ar a laghad de thaithí ghairmiúil a bheith bainte amach tar éis na cáilíochtaí dá dtagraítear thuas a fháil, lena n-áirítear sé bliana ar a laghad i ndualgais bhainistíochta. |
(ii) Eolas a éilítear
|
— |
Sáreolas ginearálta ar ghnóthaí Eorpacha, |
|
— |
tuiscint den scoth ar shaincheisteanna a bhaineann leis na beartais inmheánacha, náisiúnta agus idirnáisiúnta, |
|
— |
sáreolas ar na modhanna bainistíochta d'eagraíocht mhór san earnáil phoiblí nó phríobháideach a chuimsíonn gnéithe polaitiúla agus bainistíochta, |
|
— |
tuiscint an-mhaith ar na cultúir éagsúla a thugtar le chéile sna hinstitiúidí Eorpacha, |
|
— |
sáreolas ar struchtúr Ardrúnaíocht Pharlaimint na hEorpa, ar a heagar, ar a timpeallacht agus ar a geallsealbhóirí éagsúla, |
|
— |
sáreolas ar na Rialacháin Foirne, ar a léirmhíniú agus ar na rialacha a dhíorthaíonn astu, |
|
— |
sáreolas ar an Rialachán Airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh agus ar na rialacha dá chur i bhfeidhm, agus ar rialacha inmheánacha agus forálacha eile de chuid Pharlaimint na hEorpa, |
|
— |
eolas an-mhaith ar chúrsaí riaracháin (acmhainní daonna, bainistíocht, buiséad, airgeadas, teicneolaíocht faisnéise, saincheisteanna dlíthiúla, etc.), |
|
— |
sáreolas ar theicnící bainistíochta. |
(iii) Eolas ar theangacha
Ní mór eolas sármhaith a bheith ag na hiarrthóirí ar cheann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh (6), agus eolas an-mhaith a bheith acu ar cheann amháin eile ar a laghad de na teangacha sin.
Tabharfaidh an Coiste Comhairleach aird ar eolas ar theangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.
(iv) Scileanna a éilítear
|
— |
Bua na straitéise, |
|
— |
cumas ceannaireachta, |
|
— |
cumas pleanála chun cinn, |
|
— |
cumas freagairt d'athruithe, |
|
— |
críochnúlacht, |
|
— |
cumas cumarsáide. |
6. Nós imeachta roghnúcháin
Chun cabhrú leis an údarás ceapacháin a rogha a dhéanamh, déanfaidh an Coiste Comhairleach um Oifigigh Shinsearacha a Cheapadh liosta iarrthóirí a chur le chéile agus molfaidh sé do Bhiúró Pharlaimint na hEorpa cé hiad na daoine a nglaofar orthu chun agallaimh. Glacfaidh an Biúró an liosta, agus seolfaidh an Coiste na hagallaimh agus cuirfidh sé a thuarascáil chríochnaitheach faoi bhráid an Bhiúró le haghaidh cinnidh. Ag an gcéim seo, féadfaidh an Biúró na hiarrthóirí a chur faoi agallamh.
7. Iarratais a thíolacadh
Ní mór an t-iarratas a sheoladh tráth nach déanaí ná an
14 Márta 2014 ar 17.00 (am na Bruiséile).
Iarrtar ar iarrthóirí ráiteas maidir leis na cúiseanna a bhí acu le cur isteach ar an bpost a sheoladh i bhfoirm ríomhphoist amháin, agus an ráiteas sin curtha i bhformáid PDF, (le tabhairt dá aire d'Ardrúnaí Pharlaimint na hEorpa, fógra folúntais uimh. PE/175/S) agus curriculum vitae a sheoladh i bhformáid Europass (7), chuig an seoladh a leanas: EP-SENIOR-MANAGEMENT@ep.europa.eu
agus an dáta agus am seolta an ríomhphoist á dtógáil mar fhianaise.
Is faoi na hiarrthóirí a bheidh sé a dheimhniú go mbeidh gach doiciméad scanáilte inléite.
Ní mór do na hiarrthóirí a fhaigheann glao chun agallaimh, faoi dháta an agallaimh, doiciméid tacaíochta a bhaineann lena staidéir, lena dtaithí ghairmiúil agus lena bhfreagrachtaí reatha a thabhairt ar aird, agus na doiciméid sin a bheith i bhfoirm cóipeanna nó fótachóipeanna amháin (8). Ní thabharfar na doiciméid seo ar ais do na hiarrthóirí.
Déanfar an fhaisnéis phearsanta charachtair a chuirfidh na hiarrthóirí in iúl faoin nós imeachta roghnúcháin seo a phróiseáil de réir Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9).
(1) Aon tagairt san fhógra seo do dhuine den ghnéas fireann, measfar freisin gur tagairt í do dhuine den ghnéas baineann.
(2) Féach Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle (IO L 56, 4.3.1968, lch. 1) arna leasú le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 723/2004 (IO L 124, 27.4.2004, lch. 1) agus arna leasú go deireanach le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1023/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 lena leasaítear Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh (IO L 287, 29.10.2013, lch. 15).
(3) Earcófar an t-oifigeach sa chéim is iomchuí i gcomhréir le hAirteagal 32 de na Rialacháin Foirne.
(4) Féach an Iarscríbhinn do phíomhdhualgais an phoist seo.
(5) Ní chuirfear an bhliain sin de thaithí san áireamh agus measúnú á dhéanamh ar an taithí ghairmiúil a éilítear sa chéad mhír eile.
(6) Is iad teangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh: an Béarla, an Bhulgáiris, an Chróitis, an Danmhairgis, an Eastóinis, an Fhionlainnis, an Fhraincis, an Ghaeilge, an Ghearmáinis, an Ghréigis, an Iodáilis, an Laitvis, an Liotuáinis, an Mháltais, an Ollainnis, an Pholainnis, an Phortaingéilis, an Rómáinis, an tSeicis, an tSlóivéinis, an tSlóvaicis, an Spáinnis, an tSualainnis agus an Ungáiris.
(7) http://europass.cedefop.europa.eu/
(8) Ní bhaineann sé seo le hiarrthóirí atá ag obair do Pharlaimint na hEorpa ar an dáta deiridh le haghaidh iarratais.
(9) IO L 8, 12.1.2001, lch. 1.
IARSCRÍBHINN
ARD-STIÚRTHÓIREACHT AN AIRGEADAIS
AN STIÚRTHÓIREACHT UM THEIDIL AIRGEADAIS AGUS SHÓISIALTA NA bhFEISIRÍ
RÉIMSE FREAGRACHTAÍ
(Líon foirne iomlán 68 ngníomhaire (9 AD agus 59 AST))
|
— |
Na trí aonad sa Stiúrthóireacht a mhaoirsiú, a chomhordú agus a threorú |
|
— |
Faireachán a dhéanamh ar chomhaid agus riar a dhéanamh ar chearta airgeadais agus sóisialta na bhFeisirí de réir Reacht na bhFeisirí:
|
|
— |
Riar a dhéanamh ar ghnéithe airgeadais d'imchlúdach na bhFeisirí do chúntóirí creidiúnaithe |
|
— |
Comhairliúcháin, staidéir agus suirbhéanna de chineál teoranta a dhéanamh chun na rialacha a fhorbairt nó chun sainmhíniú a thabhairt ar na léirmhínithe |
|
— |
Ról an chathaoirligh a ghlacadh ar ghrúpaí oibre |
|
— |
Feidhmiú an Ionaid Géarchéime a áirithiú |
AN tAONAD UM THUARASTAL AGUS THEIDIL SHÓISIALTA NA bhFEISIRÍ
(lena n-áirítear an tSeirbhís um Pinsin agus Árachas na bhFeisirí, an tSeirbhís um Speansais Bhreoiteachta na bhFeisirí agus an tSeirbhís um Thuarastail na bhFeisirí)
Rannóg na bPinsean
|
— |
Comhaid a riar agus íocaíochtaí a dhéanamh faoin scéim pinsin scoir i gcomhréir leis na Rialacha a Rialaíonn Caiteachais agus Liúntais Fheisirí Pharlaimint na hEorpa (CLF) (pinsin FR agus IT) |
|
— |
Comhaid a riar agus íocaíochtaí a dhéanamh faoi na pinsin fhorlíontacha dheonacha agus teagmháil a chothú leis na cistí pinsin |
|
— |
Comhaid a riar agus íocaíochtaí a dhéanamh faoi Scéim Pinsin na bhFeisirí (pinsean seanaoise, pinsean easláine agus pinsean marthanóra) i gcomhréir le Reacht na bhFeisirí |
|
— |
Comhaid a riar agus íocaíochtaí a dhéanamh faoin liúntas idirthréimhseach um chríoch seirbhíse (de réir CLF) |
|
— |
Feidhmchláir a fhorbairt, a mhodhnú agus a thástáil i gcomhar leis an lucht teicneolaíochta faisnéise (go háirithe Tairseach na bhFeisirí) |
|
— |
Línte buiséid ad hoc a bhainistiú |
|
— |
Comhaid aonair na n-iar-Fheisirí a riar agus cartlannú na gcomhad a áirithiú |
|
— |
Teagmháil a chothabháil leis na hiar-Fheisirí |
Rannóg na Speansas Breoiteachta agus na nÁrachas
|
— |
Riar agus faireachán a dhéanamh ar chóras aisíocaíochta na speansas breoiteachta arna bhunú le Reacht na bhFeisirí agus dlúth-theagmháil a chothú le seirbhísí Oifig um Riar agus Íoc Teidlíochtaí Indibhidiúla an Choimisiúin Eorpaigh |
|
— |
Comhaid aonair na bhFeisirí a riar agus cartlannú na gcomhad a áirithiú |
|
— |
Comhthadhall a dhéanamh leis na Feisirí, lena gcúntóirí agus leis an gCoimisiún Eorpach |
|
— |
Gearáin a láimhseáil (Airteagal 6 agus Airteagal 72 de Rialacha Cur Chun Feidhme Reacht na bhFeisirí (RFRF)) |
|
— |
Riar a dhéanamh ar na comhaid agus ar na ráitis cuntais maidir le haisíoc na ranníocaíochtaí árachais breoiteachta (Airteagal 3(4) RFRF) |
|
— |
Feidhmchláir a fhorbairt, a mhodhnú agus a thástáil i gcomhar leis an lucht teicneolaíochta faisnéise (go háirithe Tairseach na bhFeisirí) |
|
— |
Deimhnithe um árachas breoiteachta a eisiúint do na Feisirí agus a gcleithiúnaithe |
|
— |
Cártaí árachais breoiteachta a tharraingt suas, a phriontáil agus a dháileadh |
|
— |
Comhaid aonair a riar maidir le hárachas tionóisce agus gadaíochta/caillteanais |
|
— |
Riar agus faireachán a dhéanamh ar aisíocaíocht fhorlíontach ó árachais tionóisce i ndlúthchomhar leis na hárachóirí agus le hOifig um Riar agus Íoc Teidlíochtaí Indibhidiúla an Choimisiúin Eorpaigh |
|
— |
Conarthaí árachais tionóisce agus gadaíochta/caillteanais a riar |
|
— |
Comhaid maidir le hárachas aisdúichithe a riar |
|
— |
Comhthadhall a áirithiú leis an gcomhlacht árachais le linn géarchéimeanna |
|
— |
Riar a dhéanamh ar na billí a thagann ón tSeirbhís Leighis |
|
— |
Riar a dhéanamh ar na billí ó scrúduithe bliantúla dochtúra na bhFeisirí |
|
— |
Riar a dhéanamh ar chomhaid na bhFeisirí atá faoi mhíchumas |
Rannóg na dTuarastal
|
— |
An liúntas parlaiminteach míosúil a íoc agus a riar (Airteagal 10 de Reacht na bhFeisirí) |
|
— |
Na deimhnithe uile is gá a eisiúint, go háirithe i gcomhair thuairisceáin chánach na bhFeisirí |
|
— |
An liúntas idirthréimhseach a íoc agus a riar (Airteagal 13 de Reacht na bhFeisirí) mar aon leis an liúntas idirthréimhseach um chríoch seirbhíse (CLF) |
|
— |
Comhaid aonair na bhFeisirí a riar agus cartlannú na gcomhad a áirithiú |
|
— |
Comhthadhall a dhéanamh leis na Feisirí, lena gcúntóirí agus leis na parlaimintí náisiúnta |
|
— |
Feidhmchláir a fhorbairt, a mhodhnú agus a thástáil i gcomhar leis an lucht teicneolaíochta faisnéise (go háirithe Tairseach na bhFeisirí) |
|
— |
Lárú na gcuntas bainc a riar |
|
— |
Comhaid a riar agus ráitis chuntais a chur ar fáil i dtaca leis na scéimeanna pinsin, easláine agus marthanóra/dílleachta d'Fheisirí i gcomhréir le CLF |
|
— |
Faireachán a dhéanamh ar línte buiséid agus meastacháin a ullmhú, ar bhonn sealadach, i gcomhair línte buiséid an aonaid |
AN tAONAD UM CHÚNAMH PARLAIMINTEACH AGUS UM CHAITEACHAIS GHINEARÁLTA NA bhFEISIRÍ
An liúntas um chúnamh parlaiminteach a riar
|
— |
Comhréireacht chomhaid na gcúntóirí áitiúla a áirithiú |
|
— |
Na Feisirí agus a gcúntóirí a choinneáil ar an eolas agus comhairle a chur orthu |
|
— |
Cartlannú a dhéanamh ar dhoiciméid aonair a gabhann leis na cuntais |
|
— |
Rialú a dhéanamh ar bhillí agus ar dhoiciméid tacaíochta eile ó sholáthróirí seirbhísí |
|
— |
Rialú agus faireachán a dhéanamh ar dhoiciméid tabhairt chun críche a chuireann gníomhairí íocaíochta isteach |
|
— |
Rialú agus faireachán a dhéanamh ar dhoiciméid slándála sóisialaí a chuireann gníomhairí íocaíochta isteach |
|
— |
Riar a dhéanamh ar na hiarrataí maidir le grúpáil Feisirí a bhunú, a mhodhnú agus a lánscor |
|
— |
Barrfheabhsú a dhéanamh ar an bhfaisnéis indibhidiúil a fhaigheann na Feisirí maidir leis na méideanna atá íoctha agus leithdháileadh na méideanna sin |
|
— |
Feidhmchláir theicneolaíochta faisnéise a oiriúnú agus a thástáil, go háirithe Tairseach na bhFeisirí |
|
— |
Árachas na n-oiliúnaithe a chomhordú |
Cur chun feidhme Reacht na gCúntóirí Creidiúnaithe a áirithiú i gcomhar leis an Ard-Stiúrthóireacht Pearsanra, go háirithe:
|
— |
Riar a dhéanamh ar na hiarrataí ar chonarthaí nua agus ar mhodhnuithe agus ar thabhairt i gcrích conarthaí cúntóirí creidiúnaithe |
|
— |
Riar a dhéanamh ar iarrataí ar mhisin na gcúntóirí creidiúnaithe |
|
— |
Riar a dhéanamh ar na hiarrataí maidir le grúpáil Feisirí a bhunú, a mhodhnú agus a lánscor |
|
— |
Comhaid a riar a bhaineann go sonrach le saoirse mháithreachais, le saoire bhreoiteachta, le hoiliúint ghairmiúil sheachtrach, etc. |
|
— |
Na Feisirí agus a gcúntóirí a choinneáil ar an eolas agus comhairle a chur orthu |
|
— |
Feidhmchláir teicneolaíochta faisnéise a oiriúnú agus a thástáil, go háirithe Tairseach na bhFeisirí |
|
— |
Cartlannú doiciméad a riar |
Liúntais um chostais ghinearálta a riar
AN tAONAD UM SPEANSAIS TAISTIL AGUS CHOTHAITHE NA bhFEISIRÍ
Oifig Liúntas na bhFeisirí
|
— |
Réamhíocaíochtaí na liúntas taistil agus cothaithe sna láithreacha oibre a ullmhú (lena n-áirítear aisíocaíocht speansas le linn fheidhmiú an tsainordaithe) |
|
— |
Na Feisirí a choinneáil ar an eolas agus comhairle a chur orthu |
|
— |
Tuairiscithe a ullmhú |
|
— |
Éilimh aisíocaíochta arna ndéanamh ag Feisirí a mheasúnú |
|
— |
Íocaíochtaí a dhéanamh a eascraíonn ó dhíospóidí maidir le hasbhaintí, íocaíochtaí, cúitimh agus cealuithe ar choigeartuithe le linn an rialaithe |
|
— |
Riar a dhéanamh ar chúrsaí riaracháin agus ar rúnaíocht an aonaid; páirt a ghlacadh i gcomhchuibhiú nósanna imeachta agus modhanna oibre |
An cuntas óinchiste a rialú
|
— |
Riar a dhéanamh ar chomhaid a thabhairt chun comhréireachta/a thabhairt chun críche, lena n-áirítear speansais a ghabhann le feidhmiú sainordaithe a aisíoc |
|
— |
An lámhleabhar nós imeachta a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir le hathruithe a dhéantar ar na rialacha |
|
— |
Bunús tagartha a fhorbairt a fheidhmeoidh mar “chás-dlí” i ndáil le cur i bhfeidhm na rialacha (cinntí na gcomhlachtaí polaitiúla, tuairiscithe mínithe maidir leis an bhfeidhmiú teicneolaíochta faisnéise agus na modhanna ríofa, tuairiscithe seirbhísí, treoracha agus comhairle) |
|
— |
Rialú a dhéanamh ar ráitis chuntais indibhidiúla agus ar dhoiciméid tacaíochta; na gníomhaíochtaí is gá le haghaidh sceidealú buiséid a leagan síos agus a bhainistiú |
|
— |
Rialú a dhéanamh ar na sonraí “vótáil le glaoch rolla” agus na gníomhaíochtaí chuige sin a leagan síos |
|
— |
Rialú a dhéanamh ar na híocaíochtaí a thugtar do thurais thriantánacha a dhéanann na grúpaí polaitiúla nó a dhéantar thar a gceann |
|
— |
Cartlannú a dhéanamh ar dhoiciméid indibhidiúla a ghabhann leis na cuntais agus cartlannú a dhéanamh don oifigeach údaraithe maidir le cur chun feidhme an bhuiséid |
|
— |
Comhthadhall a dhéanamh leis na hArd-Stiúrthóireachtaí eile, go háirithe le hArd-Stiurthóireacht na hUachtaránachta, leis an Ard-Stiúrthóireacht um Beartais Sheachtracha, leis an Ard-Stiúrthóireacht um Beartais Inmheánacha agus leis an Ard-Stiúrthóireacht Pearsanra mar aon leis na comhlachtaí rialaithe |
|
— |
Meastacháin buiséid a sholáthar agus faireachán/riar a dhéanamh ar línte buiséid |
|
— |
Staidreamh faoi na Feisirí a chur ar fáil arna iarraidh sin ag comhlachtaí polaitiúla agus buiséadacha |
|
— |
Anailís a dhéanamh ar na modhanna oibre, go háirithe maidir le cur i bhfeidhm na rialacha chun treoir nós imeachta coiteann a chruthú |
|
— |
Cúrsaí cartlainne a áirithiú sa tseirbhís |
|
— |
Rialú a dhéanamh ar ráitis bhuiséadacha le haghaidh na dtoscaireachtaí agus le haghaidh cruinnithe coiste lasmuigh den trí láthair oibre |
|
— |
Rialú a dhéanamh ar na sonraí a thaifeadtar sna feidhmchláir teicneolaíochta faisnéise bunaithe ar liostaí tinrimh |
|
— |
Íocaíocht na mbillí a thagann ón Oifig Taistil a ullmhú. Rialú ex-post a dhéanamh, riar a dhéanamh ar na hiarrataí ón Oifig Frith-Chalaoise Eorpach agus ó údaráis eile |
|
— |
Neamhniú ar éileamh ar aisíocaíocht a cheadú |
|
— |
Comhaid “íocaíochta/tabhairt chun críche” a riar thar ceann Ard-Stiúrthóireachtaí/institiúidí eile agus i gcomhar leo (mar shampla: cairteitiltí i gcomhthéacs toscaireachtaí) |
|
— |
Comhaid shonracha íocaíochta a riar i ndáil le pionóis a ghearrtar ar Fheisirí nó aisghabhálacha ón gcuntas óinchiste i dtaca le hiar-Fheisirí |
|
— |
Cóipeanna de na doiciméid tacaíochta arna n-éileamh ag rannóga eile an Aonaid a lorg agus a tharchur |
Cuntas Óinchiste na bhFeisirí
|
— |
Liúntais taistil agus cothaithe na bhFeisirí a íoc, billí na gníomhaireachta taistil agus gach caiteachas eile a íoc arna éileamh sin ag an oifigeach údaraithe inniúil, tríd an mbogearra slán ISABEL |
|
— |
Taifid an chuntais óinchiste a áirithiú agus taifid chuntasaíochta a áirithiú agus imréiteach seachtainiúil, míosúil agus bliantúil cuntas |
|
— |
Riar a dhéanamh ar chuntasacht iomlán na dtaifead laethúil sula ndéantar iad a tharchur chuig an rannóg rialaithe |
|
— |
Comhthadhall a dhéanamh go díreach leis an mbanc agus fíorú laethúil a dhéanamh ar ráitis chuntais an chuntais óinchiste |
|
— |
Comhthadhall a dhéanamh leis an Stiúrthóireacht um Theicneolaíochtaí Faisnéise chun an clár ríomhaireachta a thabhairt chun barrfheabhais |
|
— |
Páirt a ghlacadh i gcomhchuibhiú na nósanna imeachta agus na modhanna oibre |
|
— |
Anailís a dhéanamh ar staid dhíospóidí “R” agus “C”, agus na bearta is gá a ullmhú chun na suimeanna a eascraíonn ó na coigeartuithe a aisghnóthú, lena n-áirítear na Feisirí atá ar tí imeacht as oifig |
Nuálaíocht
|
— |
Comhthadhall a dhéanamh leis an Oifig Taistil |
|
— |
Riar a dhéanamh ar Thairseach na bhFeisirí |
|
— |
Riar agus faireachán a dhéanamh ar thionscadail teicneolaíochta faisnéise |
|
— |
Féilire na gcruinnithe agus údaruithe do thurais shonracha a ullmhú |
|
— |
Laethanta láithreachta na bhFeisirí a iontráil agus a fhíorú san fheidhmchlár MIME; na liostaí tinrimh a riar |
|
— |
Íocaíocht uathoibríoch na liúntas laethúil a ullmhú |
|
— |
Billí agus cuntais ón Oifig Taistil a rialú; na híocaíochtaí a ullmhú |
|
— |
Comhaid a ullmhú chun íocaíocht cúitimh a dhéanamh |
|
— |
Faireachán ar nótaí creidmheasa a thagann ón sonrascú díreach |
|
— |
Taifid íocaíochta na hOifige Taistil a ullmhú; faireachán a dhéanamh ar shonrascú díreach agus ar chúiteamh ar thicéid taistil |