13.2.2014   

GA

Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh

C NaN/1


FÓGRA COMÓRTAIS OSCAILTE

EPSO/AST-SC/01/14

Rúnaithe (grád SC 1 agus grád SC 2)

do na teangacha seo a leanas: an Chróitis, an Béarla, an Fhraincis agus an Ghearmáinis

(2014/C 42 A/01)

Tá an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) ag eagrú comórtas oscailte ar bhonn trialacha chun painéil a thiomsú óna n-earcófar rúnaithe (1).

Is é is aidhm don chomórtas seo painéil a thiomsú chun poist fholmha d'oifigigh in institiúidí an Aontais Eorpaigh a líonadh.

Sula gcuirfidh tú iarratas isteach, ní mór duit na treoracha do chomórtais oscailte a foilsíodh in Iris Oifigiúil C 270 A an 7 Meán Fómhair 2012 agus ar shuíomh gréasáin EPSO a léamh go grinn.

Is cuid dhílis den fhógra comórtais na treoracha sin agus cuideoidh siad leat rialacha na nósanna imeachta agus na bealaí ar a gcuirtear iarratas isteach a thuiscint.

AN CLÁR ÁBHAR

I.

CÚLRA

II.

DUALGAIS

III.

INCHÁILITHEACHT

IV.

TRIALACHA IONTRÁLA

V.

COMÓRTAS OSCAILTE

VI.

PAINÉIL

VII.

CONAS IARRATAS A CHUR ISTEACH

I.   CÚLRA

1.

An líon iarrthóirí a n-éireoidh leo de réir teanga agus gráid

 

Grád SC 1

Grád SC 2

HR =

EN =

FR =

DE =

40

70

56

21

13

32

33

10

NB: Bunús na ndaoine a earcófar ag grád SC 2, is don Chúirt Bhreithiúnais agus don Chúirt Iniúchóirí i Lucsamburg a earcófar iad.

2.

Nótaí

Is le dhá ghrád agus leis an gCróitis, leis an mBéarla, leis an bhFraincis agus leis an nGearmáinis a bhaineann an fógra comórtais seo. Ní féidir clárú ach d'aon ghrád amháin agus d'aon teanga amháin.

Ní mór an rogha sin a dhéanamh tráth an chlárúcháin ar líne agus ní féidir í a athrú i ndiaidh duit d'iarratas a dhearbhú agus a bhailíochtú ar líne.

Mar sin féin,

más rud é go bhfuil tú cláraithe do ghrád SC 2, agus

gur ghnóthaigh tú ceann de na marcanna is fearr sna trialacha iontrála chun cuireadh a fháil chun na chéad chéime eile den chomórtas seo, agus

nach gcomhlíonann tú na coinníollacha incháilitheachta do ghrád SC 2, cé go gcomhlíonann tú na coinníollacha incháilitheachta do ghrád SC 1,

féadfaidh an bord roghnúcháin, má thoilíonn tú chuige (iarrfar an toiliú sin ort tráth an chlárúcháin ar líne), d'iarratas a aistriú chuig grád SC 1.

Sa chás sin, cuirfear do thorthaí i gcomparáid le torthaí iarrthóirí ghrád SC 1 agus, más duine de na hiarrthóirí tú a ghnóthaigh na marcanna is fearr sna trialacha iontrála don ghrád sin, tabharfar cuireadh duit na trialacha measúnaithe a dhéanamh.

Déanfar an t-aistriú sin sula dtabharfar cuireadh duit na trialacha measúnaithe a dhéanamh agus ar bhonn na ndearbhuithe a rinne tú san iarratas ar líne. Iarrthóirí a mbeidh a marcanna faoi bhun thairseach na marcanna is fearr do ghrád SC 2, ní fhéadfar a n-iarratas a aistriú go grád SC 1.

II.   DUALGAIS

Tá na hinstitiúidí Eorpacha ar lorg daoine a dhéanfaidh cúraimí rúnaíochta dóibh.

Is é an ról is mó atá i gceist, rúnaí/cúntóir riaracháin. Cé gur minic a thugtar cúraimí riaracháin/oifige ar na cúraimí sin, is féidir go mbeidh siad éagsúil le chéile de réir an phoist. De ghnáth, tugann rúnaí tacaíocht do dhuine amháin nó do roinnt daoine, do sheirbhís amháin nó do roinnt seirbhísí, d'aonad amháin nó do roinnt aonad in institiúid. Is é an dualgas atá ar an rúnaí, cruth a chur ar fhaisnéis, í a thrasfhoirmiú agus í a dháileadh.

Seo samplaí de na cúraimí éagsúla is féidir a bheith le déanamh:

comhaid a ullmhú,

gníomhaíochtaí na seirbhísí (cruinnithe, taisteal gairmiúil) a eagrú agus a chomhordú,

doiciméid agus iarratais ar ghníomhaíochtaí a bhainistiú (doiciméid agus comhfhreagras a phróiseáil agus a aicmiú agus obair leantach a dhéanamh orthu),

doiciméid a ullmhú, a phróiseáil, a thabhairt chun críche agus a sheiceáil (cur in eagar, leagan amach leathanach, formáidiú, táblaí) le ríomhchláir shainiúla,

faisnéis a lorg, a thiomsú agus a scaipeadh (bunachair shonraí agus comhaid a thabhairt cothrom le dáta).

III.   INCHÁILITHEACHT

Ar an dáta deiridh atá leagtha síos don chlárúchán ar líne ní mór duit na coinníollacha ginearálta agus sonracha seo a leanas a chomhlíonadh:

1.

Coinníollacha ginearálta

(a)

Bheith i do shaoránach de Bhallstát den Aontas Eorpach.

(b)

Do chearta mar shaoránach a theachtadh.

(c)

Aon oibleagáid dlí atá ort i dtaca le seirbhís mhíleata a bheith comhlíonta agat.

(d)

Na riachtanais charachtair a chomhlíonadh a theastaíonn chun na dualgais i gceist a dhéanamh.

2.

Coinníollacha sonracha

2.1.

Cáilíochtaí:

Grád SC 1 agus grád SC 2

Oideachas tríú leibhéal, agus dioplóma bainte amach ag a dheireadh i reimse na rúnaíochta.

Oideachas dara leibhéal agus dioplóma bainte amach ag a dheireadh a thugann rochtain ar an oideachas tríú leibhéal, agus taithí oibre trí bliana ar a laghad a fuarthas ina dhiaidh sin i réimse na rúnaíochta agus baint dhíreach ag formhór na gcúraimí a bhí le déanamh le linn na taithí sin le dualgais rúnaí mar a bhfuil cur síos orthu i Roinn II.

NB: Ní áireofar na trí bliana sin ar na blianta de thaithí oibre a iarrtar thíos.

2.2

Taithí oibre

Grád SC 2 amháin

Taithí oibre ceithre bliana ar a laghad i réimse na rúnaíochta ar bhain formhór na gcúraimí a bhí le déanamh lena linn go díreach leis na dualgaisí rúnaíochta a bhfuil cur síos orthu i Roinn II.

Níl an taithí oibre sin ábhartha ach amháin má fuarthas í i ndiaidh bhaint amach na céime a lig don iarrthóir cur isteach ar an gcomórtas.

2.3.

Eolas ar theangacha (2)

I bhfianaise an bhreithiúnais a thug Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (an Mór-Dhlísheomra ) i gCás C-566/10 P, Poblacht na hIodáile v an Coimisiún, is mian le hinstitiúidí an Aontais a shonrú cé na fáthanna a bhfuil rogha an dara teanga teoranta acu sa chomórtas seo do líon srianta de theangacha oifigiúla an AE.

Dá bhrí sin, cuirtear in iúl do na hiarrthóirí gur roghnaíodh dara teangacha an chomórtais seo de réir leas na seirbhísí, leas a éilíonn go mbeidh na hearcaigh nua in ann dul i mbun oibre láithreach agus go mbeidh sé ar a gcumas cumarsáid éifeachtach a dhéanamh le linn a n-oibre laethúla. Ina éagmais sin, bheadh baol ann go gcuirfí bac mór ar obair na n-institiúidí.

Ar bhonn an chleachtais sheanbhunaithe atá ag institiúidí an Aontais maidir leis na teangacha cumarsáide inmheánaí, agus riachtanais na seirbhísí maidir le cumarsáid sheachtrach agus próiseáil comhad á gcur san áireamh, is iad an Béarla, an Fhraincis agus an Ghearmáinis na teangacha is mó a úsáidtear. Ar a bharr sin, is iad an Béarla, an Fhraincis agus an Ghearmáinis na dara teangacha is leitheadaí san Aontas Eorpach agus is iad is mó a ndéantar staidéar orthu mar dhara teangacha. Is dearbhú é sin ar an méid a bhfuiltear ag súil leis faoi láthair maidir le leibhéal oideachais agus inniúlachtaí gairme iarrthóirí ar na poist in institiúidí an Aontais, mar atá, sáreolas ar cheann de na teangacha sin ar a laghad. Dá bhrí sin, agus leas na seirbhíse agus riachtanais agus inniúlachtaí na n-iarrthóirí á gcur sa mheá, agus sainréimse an chomórtais seo á chur san áireamh, tá ábhar maith ann trialacha a eagrú sna trí theanga sin chun a chinntiú go mbeidh máistreacht ag na hiarrthóirí uile, is cuma cén phríomhtheanga atá acu, ar cheann de na trí theanga oifigiúla sin mar theanga oibre. Mar sin, ligeann an measúnú ar na hinniúlachtaí sonracha d'institiúidí an Aontais a mheas cé chomh hábalta is atá na hiarrthóirí dul i mbun oibre láithreach i dtimpeallacht atá cosúil leis an timpeallacht ina n-iarrfar orthu bheith ag obair.

Ar na cúiseanna céanna, moltar an teanga chumarsáide idir na hiarrthóirí agus an institiúid a theorannú, an teanga ina scríobhtar na hiarratais san áireamh. Cinnteoidh sin, leis, go mbeidh an chomparáid idir na hiarrthóirí agus an tseiceáil a dhéanfar orthu ar bhonn a n-iarratais ar aon dul le chéile.

Ina theannta sin, chun go mbeidh cothrom iomaíochta ann, ní mór do gach iarrthóir, fiú má tá ceann de na trí theanga sin ina phríomhtheanga oifigiúil aige, trialacha áirithe a dhéanamh sa dara teanga, agus beidh an dara teanga le roghnú as na trí theanga sin.

Tá na bearta seo gan dochar d'fhoghlaim tríú teanga ina dhiaidh sin i gcomhréir le hAirteagal 45(2) de na Rialacháin Foirne.

Teanga 1

Príomhtheanga:

sáreolas ar an teanga a roghnaíodh don chomórtas as HR/EN/ FR/DE

agus

 

Teanga 2

Dara teanga (nach ionann agus teanga 1):

eolas sásúil ar an mBéarla, ar an bhFraincis nó ar an nGearmáinis

IV.   TRIALACHA IONTRÁLA

Déanfar na trialacha iontrála ar ríomhaire, agus is é EPSO a eagróidh iad. Is é an bord roghnúcháin a chinnfidh leibhéal deacrachta na dtrialacha agus a fhaomhfaidh a mbeidh iontu i bhfianaise moltaí ó EPSO.

1.

Cuireadh

Tabharfar cuireadh duit na trialacha a dhéanamh má bhailíochtaigh tú d'iarratas in am (féach Roinn VII).

Tabhair do d'aire:

1.

Is ionann d'iarratas a bhailíochtú agus a dhearbhú go gcomhlíonann tú coinníollacha ginearálta agus sonracha Roinn III.

2.

Chun na trialacha a dhéanamh, ní mór duit dáta a chur in áirithe; tá sé sár-riachtanach sin a dhéanamh roimh an spriocam a chuirfear in iúl duit trí do chuntas EPSO.

2.

Cineál agus marcáil na dtrialacha

Sraith de thrialacha bunaithe ar cheisteanna ilroghnacha chun do chumas agus d'inniúlachtaí ginearálta a mheasúnú maidir leis na nithe seo a leanas:

Triail (a)

réasúnaíocht bhriathartha

marcáil: marcálfar an triail seo as 20 pointe

an pasmharc: 10 bpointe

Triail (b)

inniúlachtaí oibre:

beachtaíocht agus cruinneas

marcáil: marcálfar an triail seo as 40 pointe

Triail (c)

inniúlachtaí oibre:

tosaíochtaí a chur in ord tábhachta agus eagrúchán

marcáil: marcálfar an triail seo as 40 pointe

 

an pasmharc: 40 pointe don dá thriail, d'iomlán (b) agus (c)

Triail (d)

triail tuisceana teanga

marcálfar an triail seo as 10 bpointe

an pasmharc: 5 phointe

3.

Teanga na dtrialacha

Teanga 1 i gcás thrialacha (a) agus (d)

Teanga 2 i gcás thrialacha (b) agus (c)

V.   COMÓRTAS OSCAILTE

1.

Cuireadh

Tabharfar cuireadh duit (3) páirt a ghlacadh sna trialacha measúnaithe a bhíonn ar siúl sa Bhruiséil, de ghnáth, ar feadh lae amháin

má ghnóthaigh tú an pasmharc agus ceann de na marcanna foriomlána is fear sna trialacha iontrála ar fad,

agus

más léir, i bhfianaise an scrúdaithe ar an bhfaisnéis a soláthraíodh san iarratas ar líne (4), go gcomhlíonann tú coinníollacha ginearálta agus sonracha Roinn III.

Tabharfar cuireadh chun na dtrialacha measúnaithe do thuairim is dhá oiread go leith líon na n-iarrthóirí atá luaite san fhógra seo, agus foilseofar an líon sin ar shuíomh gréasáin EPSO (http://blogs.ec.europa.eu/eu-careers.info/).

2.

Trialacha measúnaithe

Déanfar dhá chineál measúnaithe ort agus is é an bord roghnúcháin a dhéanfaidh iad a fhormheas:

inniúlachtaí sonracha: trialacha (e) agus (f)

inniúlachtaí ginearálta: trialacha (g) agus (h)

Measúnófar do chuid inniúlachtaí sonracha, leis na trialacha seo a leanas:

(e)

triail phraiticiúil (5) féachaint do chumas ullmhúcháin agus/nó do chumas próiseála i leith doiciméad in MS Word agus Excel a mheas.

(f)

triail phraiticiúil chun d'inniúlachtaí sa scríobh a mheas (go háirithe litriú, comhréir agus gramadach).

Measúnófar do chuid inniúlachtaí ginearálta  (6), leis na trialacha seo a leanas:

(g)

inbhosca ríomhphoist

(h)

agallamh struchtúrtha

Cuirfear triail inniúlachta i réimse na ríomhaireachta ort freisin (Litearthacht Ríomhaireachta). Ní dhéanfar an triail sin a mharcáil ó eagraítear í chun anailísí staidrimh a dhéanamh, agus chuige sin amháin.

(i)

inniúlacht i réimse na ríomhaireachta (Litearthacht Ríomhaireachta)

Scrúdófar gach ceann de na hinniúlachtaí ginearálta sin mar atá léirithe sa tábla seo thíos:

 

Inbhocsa r-phoist

Agallamh struchtúrtha

Anailísiú agus réiteach fadhbanna

x

 

Cumarsáid

 

x

Cáilíocht agus torthaí

x

 

Foghlaim agus forbairt

 

x

Tosaíochtaí a chur in ord tábhachta agus eagrúchán

x

 

Buanseasmhacht

 

x

Obair bhuíne

 

x

3.

Teangacha na dtrialacha measúnaithe

Teanga 1: trialacha (e) agus (f)

Teanga 2: trialacha (g), (h) agus (i)

4.

Marcáil agus ualú

Inniúlachtaí sonracha

triail (e): marcálfar an triail seo as 20 bpointe

an pasmharc: 12 phointe

triail (f): marcálfar an triail seo as 10 bpointe

an pasmharc: 6 phointe

ualú: 30 % den mharc foriomlán

inniúlachtaí ginearálta: (g) agus (h)

marcálfar na trialacha seo as 10 bpointe i ngach ceann de na hinniúlachtaí ginearálta

an pasmharc:

 

3 phointe do gach inniúlacht

agus

 

35 pointe as 70 do na 7 n-inniúlacht ghinearálta ar fad

ualú: 70 % den mharc foriomlán

VI.   PAINÉIL

1.

Iarrthóirí a chur ar phainéal

Cuirfidh an bord roghnúcháin d'ainm ar an bpainéal

má tá tú ar dhuine de na hiarrthóirí  (7) a ghnóthaigh na pasmharcanna agus ceann de na marcanna foriomlána is fearr do na trialacha measúnaithe ar fad (féach líon na n-iarrthóirí a n-éireoidh leo, Roinn I(1))

agus más léir, i bhfianaise na ndoiciméad tacaíochta, go gcomhlíonann tú na coinníollacha incháilitheachta ar fad.

Déanfar an tseiceáil sin, in ord íslitheach tuillteanais, go mbainfear amach an líon is mó iarrthóirí is féidir a bheith ar an bpainéal, ar iarrthóirí iad a chomhlíonann na coinníollacha incháilitheachta ar fad.

Ní scrúdófar doiciméid tacaíochta na n-iarrthóirí a bheidh faoi bhun na tairsí sin. Má thagann sé chun solais sa tseiceáil nach bhfuil na dearbhuithe (8) a rinne an t-iarrthóir san iarratas ar líne ag luí leis na doiciméid tacaíochta ábhartha, dícháileofar an t-iarrthóir sin den chomórtas.

2.

Aicmiú

Tiomsófar na liostaí de réir teanga, de réir gráid agus beidh na hainmneacha iontu in ord aibítre.

VII.   CONAS IARRATAS A CHUR ISTEACH

1.

Clárú ar líne

Ní mór duit clárú ar líne sa tslí a léirítear ar shuíomh gréasáin EPSO, agus sa treoirleabhar maidir le clárúchán go háirithe.

Spriocdháta (an bailíochtú san áireamh): an 18 Márta 2014 ar 12 a chlog (meán lae), am na Bruiséile

2.

Comhad iarratais

Má bhíonn tú ar dhuine de na hiarrthóirí a dtabharfar cuireadh dóibh na trialacha measúnaithe a dhéanamh, beidh ort an comhad iomlán a bhaineann le d'iarratas a thabhairt leat (9) (an fhoirm iarratais ar líne agus í sínithe, na doiciméid tacaíochta san áireamh) chun na dtrialacha measúnaithe.

Sonraí praiticiúla: féach pointe 6.1 de na treoracha do chomórtais oscailte.


(1)  Gach áit anseo a bhfuil tagairt don fhirinscne, glactar leis gur ag tagairt don fhirinscne agus don bhaininscne atáthar.

(2)  Féach Comhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha (CECR) — íosleibhéal: teanga 1 = C1/teanga 2 = B2

(http://europass.cedefop.europa.eu/europass/home/hornav/Downloads/CEF/LanguageSelfAssessmentGrid.csp)

(3)  Maidir leis an áit dheireanach, i gcás ina ngnóthóidh roinnt iarrthóirí an marc céanna, tabharfar cuireadh dóibh go léir na trialacha aistriúcháin a dhéanamh.

(4)  Seiceálfar an fhaisnéis sin, trí scrúdú a dhéanamh ar na doiciméid tacaíochta, sula dtiomsófar an painéal (féach Roinn VI.1 agus Roinn VII.2).

(5)  Tabharfar mionsonraí maidir leis na méarchláir a cuirfear ar fáil d'iarrthóirí nuair a thabharfar cuireadh dóibh teacht go dtí na trialacha measúnaithe. Is iad na méarchláir chaighdeánacha a bhíonn in úsáid in ionaid oibre san Eoraip a chuirfear ar fáil d'iarrthóirí.

(6)  Tá níos mó eolais ar na hinniúlachtaí sin i bpointe 1.2 de na treoracha do chomórtais oscailte.

(7)  Maidir leis an áit dheireanach, i gcás ina ngnóthóidh roinnt iarrthóirí an marc céanna, cuirfear ainmneacha na n-iarrthóirí sin ar fad ar an bpainéal.

(8)  Is é EPSO a dhéanfaidh na dearbhuithe a sheiceáil i dtaca leis na coinníollacha ginearálta agus is é an Bord Roghnúcháin a dhéanfaidh iad a sheiceáil i dtaca leis na coinníollacha sonracha.

(9)  Déanfar dáta do choinne san ionad measúnaithe a chur in iúl duit in am agus i dtráth trí do chuntas EPSO.