18.9.2013   

GA

Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh

C NaN/1


FÓGRA FOLÚNTAIS

Ceann Aonaid

(Grúpa feidhmeannais AD, grád 9-12)

Ardrúnaíocht — Stiúrthóireacht Airgeadais agus Tacaíochta — Aonad Foirgneamh

(2013/C 269 A/01)

CÉ MUID

Is é Cúirt Iniúchóirí na hEorpa an institiúid de chuid an Aontais Eorpaigh (AE) a bunaíodh leis an gConradh chun airgeadas an AE a iniúchadh. Mar iniúchóir seachtrach an AE, cabhraíonn sí chun bainistíocht airgeadais a fheabhsú agus feidhmíonn sí mar chaomhnóir neamhspleách ar leasa airgeadais shaoránaigh an AE.

Le linn a cuid iniúchtaí, seiceálann an Chúirt gur glacadh agus gur úsáideadh cistí an AE. Féachann sí an ndearnadh oibriúcháin airgeadais a chlárú i gceart nó a mhalairt agus a chur isteach, a chur i ngníomh le dlíthiúlacht is rialtacht dhlite agus a bhainistiú ar bhonn eacnamaíoch, go héifeachtúil agus go héifeachtach. Foilsíonn an Chúirt torthaí a cuid iniúchtaí i dtuairiscí atá glé, ábhartha agus oibiachtúil. Bíonn sí ag tarraingt suas tuairimí ar nithe a bhaineann le bainistíocht airgeadais freisin.

Oibríonn an Chúirt chun cur le freagracht, spreagann sí follasacht agus tugann cúnamh do Pharlaimint na hEorpa is don Chomhairle chun maoirseacht a dhéanamh ar chur i ngníomh bhuiséad an AE, go mór mór le linn nós imeachta comhlíonta. Tá tiomanta ag an gCúirt d'oibriú go héifeachtúil ar thús cadhnaíochta i modhanna iniúchtaí agus riarachán ar an earnáil phoiblí.

Is fostóir comhdheiseanna í an Chúirt le polasaí neamhleithcheala agus cuireann sí fáilte roimh iarratais ó gach uile iarrthóir cáilithe.

Is i Lucsamburg atá an Chúirt lonnaithe.

Tá an tAonad Foirgneamh ina chuid de Stiúrthóireacht Airgeadais agus Tacaíochta agus í freagrach den chuid is mó as na réimsí seo a leanas:

bainistiú tionscadal foirgneamh sa todhchaí (ag cinntiú go ngéilltear d'fhoirgneamh K2 agus ag cur foirgnimh nua isteach in áit ceann K1),

cothú foirgnimh, saoráidí teicniúla agus carrchlóis na Cúirte,

cinntiú go mbíonn foirgnimh na Cúirte sábháilte go fisiceach, agus glacadh le haon bhearta sláinte agus sábháilteachta is gá.

A BHFUIL MUID Á THAIRISCINT

Tá cinneadh déanta ag an gCúirt tús a chur le nós imeachta earcaíochta le haghaidh post Ceann Aonaid san Ardrúnaíocht — Stiúrthóireacht Airgeadais agus Tacaíochta — Aonad Foirgneamh, de réir Airteagal 29(2) de Rialacháin Foirne d'Oifigigh an Aontais Eorpaigh (dá ndéantar tagairt as seo thíos mar na “Rialacháin Foirne”). Tarlóidh an nós imeachta seo, a bhfuil d'aidhm aige cur le líon na n-iarrthóirí le roghnú ag an Údarás Ceapacháin, i dtreocheangal leis na nósanna imeachta earcaíochta go hinmheánach agus idir institiúidí.

Is é an tuarastal bunúsach míosúil faoi láthair EUR 7 127,99 ag grád AD 9 agus EUR 10 324,20 ag grád AD 12. Faoi na coinníollacha a leagadh síos sna Rialacháin Foirne, d'fhéadfaí go gcuirfear sochair áirithe leis an tuarastal bunúsach, atá faoir réir cháin an AE agus saor ó cháin náisiúnta.

Faoi údarás an Stiúrthóra, déanfaidh an Ceann Aonaid mar seo a leanas:

maoirseacht ar an eagraíocht agus ar thascanna ginearálta is teicniúla chun foirgnimh a chothabháil,

maoirseacht agus comhordú ar thionscadail tógála agus ar an obair ag roinnt leo,

rannpháirtíocht i modhanna soláthair phoiblí le haghaidh conarthaí nua i réimsí éagsúla gníomhaíochta agus idirbheartaíocht le soláthraithe is comhairligh,

pleananna gníomhaíochta agus cuspóirí a réadtiomnú, a tharraingt suas, a dhéanamh foirmeálta, a mholadh, a chur i ngníomh agus monatóireacht a dhéanamh ar chuspóirí is ar phleananna gníomhaíochta, de réir mar a ordaítear ag bainistíocht,

bainistíocht, spreagadh, agus comhordú a dhéanamh ar fhoireann amháin nó ar bhreis agus cinntiú go mbainfear an fheidhm is fearr is féidir as áiseanna an Aonaid trí chinntiú go ndéanfar seirbhísí den scoth (eagraíocht agus bainistíocht ar áiseanna daonna agus buiséid, srl.) a chur ar fáil i réimse gníomhaíochta na hinstitiúide.

A BHFUIL AG TEASTÁIL UAINN

Tá an nós imeachta roghnaithe seo ar oscailt d'iarrthóirí a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas ag an am a socraíodh chun iarratais a chur isteach:

de réir Airteagal 5 de na Rialacháin Foirne:

leibhéal oideachais a fhreagraíonn ar staidéar críochnaithe ar ollscoil atá fianaithe le dioplóma nuair is é gnáth-thréimhse oideachas ollscoile ceithre bliana nó níos mó, nó

leibhéal oideachais a fhreagraíonn ar staidéar críochnaithe ar ollscoil fianaithe le dioplóma agus taithí chuí ghairmiúil de bhliain amháin ar a laghad nuair is é gnáth-thréimhse oideachas ollscoile trí bliana ar a laghad, nó

nuair a dhéantar é a dhlisteanú chun leas na seirbhíse, oiliúint ghairmiúil ag leibhéal coibhéiseach,

deich mbliana ar a laghad de thaithí ghairmiúil sa réimse atá i gceist,

taithí ar bhainistiú foirgneamh nó ar thionscadal oibreacha poiblí,

ar a laghad trí bliana de thaithí ar sholáthar poiblí agus maoirseacht is bainistíocht conarthaí,

taithí ar stiúradh foirne atá freagrach as saoráidí teicniúla i bhfoirgneamh riaracháin (ag eagrú oibre agus ag bainistiú foirne),

a bheith in ann cumarsáid a dhéanamh go soiléir is go haclaí, taobh istigh agus taobh amuigh den Chúirt araon, ag cuimhneamh ar nádúr obair an Aonaid,

eolas mionsonraithe ar cheann amháin de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh agus eolas sásúil ar cheann eile,

ar chúiseanna seirbhíse, tá gá le heolas maith ar Fhraincis,

bheadh eolas maith ar Ghearmáinis agus/nó ar Lucsambuirgis ina bhuntáiste.

POLASAÍ EARCAÍOCHTA

COINNÍOLLACHA EARCAÍOCHTA

De réir Airteagal 28 de na Rialacháin Foirne, ní mór d'iarrthóirí:

a bheith ina náisiúnach de Bhallstát de chuid an AE,

a gcuid lánchearta a bheith acu mar shaoránaigh,

aon oibleagáidí a leagadh orthu le dlíthe earcaíochta maidir le dualgas míleata a bheith coimhlíonta acu,

na teistiméireachtaí cuí faoi charachtar a thaispeáint le haghaidh feidhmíocht a gcuid dualgas.

MODH ROGHNAITHE

(a)

Le cabhrú leis an gCúirt chun cinneadh a dhéanamh, déanfaidh bord réamhroghnaithe (“an bord”) iniúchadh ar iarratais de réir na gcritéir seo a leanas:

(i)

cáilíocht, taithí ghairmiúil, spreagthacht, ildánacht agus scileanna anailíse an iarrthóra;

(ii)

an inniúlacht atá acu chun tascanna bainistíochta a fheidhmiú agus foireann a stiúradh;

(iii)

a gcuid feidhmíochta i réimsí sonracha a bhfuil gá leo don phost.

(b)

Déanfaidh an bord measúnú ar iarrthóirí i ndá chéim:

(i)

déanfar measúnú ar na hiarrthóirí uile de réir:

CV agus litir spreagthachta,

staidéar cáis a n-iarrfar orthu é a scríobh;

(ii)

tabharfar cuireadh d'iarrthóirí a n-éireoidh leo chun:

freastal ar agallamh,

an staidéar cáis a chur i láthair.

Má roghnaíonn an bord amhlaidh, féadfaidh go ndéanfar scileanna bainistíochta na n-iarrthóirí a mheasúnú le measúnóir seachtrach.

COSAINT SONRAÍ

De réir Airteagal 7(3) de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint ha hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 ar chosaint daoine maidir le próiseáil sonraí pearsanta le hinstitiúidí is comhlachtaí an Chomhphobail agus ar shaorghluaiseacht sonraí dá leithéid (1), “ní dhéanfaidh an faighteoir na sonraí pearsanta a phróiseáil ach chun na gcríocha dá ndearnadh iad a tharchur”.

CUR ISTEACH IARRATAS

Ba cheart iarratais, as Béarla nó as Fraincis, a chur chuig an seoladh ríomhphoist seo a leanas: vacancies@eca.europa.eu

Ba cheart ar líne an ábhair san iarratas go mbeadh uimhir thagartha fhógra an fholúntais. Ní mór na cáipéisí seo a leanas a chur le hiarratais:

litir spreagthachta lena chois,

CV reatha ag baint feidhme as teimpléad Europass (féach: http://europass.cedefop.europa.eu),

an dearbhú foirmiúil coimhlíonta, sínithe agus dátaithe (ceangailte).

Ba chóir iarrthóirí a dtabharfar cuireadh go dtí agallamh dóibh tabhairt faoi deara nach gá dóibh ach cóipeanna nó fótachóipeanna de na cáipéisí tacaíochta maidir lena gcuid staidéir, a dtaithí ghairmiúil agus a gcuid dualgas faoi láthair a thabhairt leo go dtí an t-agallamh. Ní dhéanfar na cáipéisí seo a sheoladh ar ais.

Is é an sprioc-am i gcóir iarratas an 9 Deireadh Fómhair 2013 ag 17.00 (am i Lucsamburg).

Lucsamburg, an 5 Meán Fómhair 2013.

Thar ceann na Cúirte Iniúchóirí

Vítor CALDEIRA

An tUachtarán


(1)  IO L 8, 12.1.2001, lch. 1.


 

Image