20.6.2013   

GA

Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh

C NaN/1


FÓGRA COMÓRTAIS OSCAILTE

EPSO/AD/255/13 — AISTRITHEOIRÍ CRÓITISE (HR)

(2013/C 174 A/01)

Tá an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) ag eagrú comórtas oscailte ar bhonn trialacha chun painéil a chur i dtoll a chéile chun aistritheoirí (1) a earcú (AD 5).

Is é is aidhm don chomórtas seo painéil a chruthú chun folúntais i bpoist in institiúidí an Aontais Eorpaigh a líonadh.

Roimh duit iarratas a chur isteach, ní mór na treoracha do chomórtais oscailte a foilsíodh in Iris Oifigiúil C 270 A an 7 Meán Fómhair 2012 agus ar shuíomh gréasáin EPSO a léamh go grinn.

Is cuid dhílis den fhógra comórtais an treoir sin agus cuideoidh sí leat rialacha na nósanna imeachta agus na bealaí ar a gcuirtear iarratas isteach a thuiscint.

AN CLÁR ÁBHAR

I.

CÚLRA

II.

DUALGAIS

III.

INCHÁILITHEACHT

IV.

TRIALACHA IONTRÁLA

V.

TRIALACHA AISTRIÚCHÁIN

VI.

IONAD MEASÚNAITHE

VII.

PAINÉIL

VIII.

CONAS IARRATAS A CHUR ISTEACH

I.   CÚLRA

1.

Líon na n-iarrthóirí a n-éireoidh leo

Rogha 1

Rogha 2

46

32

Earcófar na hiarrthóirí a n-éireoidh leo sa chomórtas sa Bhruiséil agus i Lucsamburg.

2.

Nótaí

Tá dhá rogha i gceist leis an gcomórtas seo. Ní féidir clárú ach do rogha amháin.

Ní mór an rogha sin a dhéanamh tráth an chlárúcháin ar líne agus ní féidir é a athrú tar éis duit d'iarratas a dhearbhú agus a bhailíochtú ar líne.

Tá an comórtas seo dírithe orthu siúd a bhfuil teanga na Cróitise, idir labhairt agus scríobh, ar a dtoil acu (2), (leibhéal máthairtheanga nó a chothrom) agus tuiscint an-mhaith ar an gcéad agus ar an dara teanga fhoinseach. Mura bhfuil an leibhéal sin agat, molaimid go láidir duit gan clárú.

Tugtar dá n-aire do na hiarrthóirí go bhfuil an comórtas seo á eagrú go príomha lena áirithiú go ndéanfar íosmhéid daoine a chomhtháthú i seirbhís shibhialta an Aontais Eorpaigh mar ullmhú d'aontachas na Cróite. Is gá sin a áirithiú chun prionsabal an leanúnachais riaracháin, a aithníonn cúirteanna an Aontais, a chomhlíonadh agus ar mhaithe le dea-fheidhmiú na seirbhíse sibhialta. Ciallaíonn sin go bunúsach nach mór bearta ullmhúcháin a dhéanamh gan dochar don nós imeachta a bhaineann le daingniú an Chonartha Aontachais ná do na rialacha is gá chun an Conradh sin a chur chun feidhme go héifeachtach. Mar sin de, ní bheidh an painéal bailí mura ndaingneoidh na Ballstáit go léir an Conradh Aontachais. Bíodh a fhios ag na hiarrthóirí, dá mba rud é nach ndaingneofaí an Conradh Aontachais nó nach dtiocfadh na rialacha thuasluaite i bhfeidhm, go bhféadfaí deireadh a chur leis an nós imeachta roghnúcháin tráth ar bith agus, dá mbeadh an nós imeachta roghnúcháin sin curtha i gcrích, nach bhféadfadh na hiarrthóirí ar an bpainéal aon cheart a agairt ar an mbonn sin.

II.   DUALGAIS

Is ag grád AD 5 a théitear i gceann ghairm an riarthóra — riarthóir teanga nó riarthóir de chineál eile — sna hinstitiúidí Eorpacha.

An príomhchúram atá ar riarthóirí teanga (aistritheoirí) cuidiú leis an institiúid nó leis an gcomhlacht ina bhfuil sé ag obair misean na hinstitiúide nó an chomhlachta sin a chomhlíonadh trí aistriúchán d'ardchaighdeán a dhéanamh ar dhoiciméid roimh na spriocdhátaí a leagtar síos agus trí chomhairle teanga a thabhairt.

Ar na cúraimí atá ar riarthóirí teanga (aistritheoirí) tá aistriúchán, athbhreithniú, agus obair théarmeolaíochta, ó dhá theanga iasachta ar a laghad isteach sa phríomhtheanga. Is minic a bhíonn na hábhair a mbítear ag plé leo casta, agus is gnách go mbaineann siad le cúrsaí polaitíochta, cúrsaí dlí, cúrsaí eacnamaíocha, cúrsaí airgeadais, cúrsaí eolaíochta agus cúrsaí teicniúla, agus le gach réimse eile a mbíonn an tAontas Eorpach ag plé leis. Chun na cúraimí sin a dhéanamh caithfear úsáid thráthrialta a bhaint as uirlisí ríomhaireachta agus as uirlisí eile oifige.

III.   INCHÁILITHEACHT

Ar an dáta deiridh atá leagtha síos don chlárúchán ar líne, ní mór duit na coinníollacha ginearálta agus sonracha seo a leanas a chomhlíonadh:

1.

Coinníollacha ginearálta

(a)

Bheith i do shaoránach de Bhallstát den Aontas Eorpach nó, de bhun phointe (a) d'Airteagal 28 de na Rialacháin Foirne, i do shaoránach den Chróit, stát aontach.

(b)

Do chearta mar shaoránach a theachtadh.

(c)

Aon oibleagáid dlí atá ort i dtaca le seirbhís mhíleata a bheith comhlíonta agat.

(d)

Na riachtanais charachtair a chomhlíonadh a theastaíonn chun na dualgais i gceist a dhéanamh.

2.

Coinníollacha sonracha

2.1.

Céim

Leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa iomlán tríú leibhéal trí bliana ar a laghad agus céim bainte amach ag a dheireadh.

2.2.

Taithí oibre

Níl aon taithí oibre ag teastáil.

2.3.

Eolas ar theangacha

ROGHA 1

 

Teanga 1

an phríomhtheanga

an Chróitis a bheith ar do thoil agat

Teanga 2

an chéad teanga fhoinseach

sáreolas ar cheann de na teangacha seo a bheith agat:

DE (Gearmáinis), EN (Béarla) agus FR (Fraincis)

Teanga 3

an dara teanga fhoinseach (nach ionann í agus teanga 2)

sáreolas ar cheann de na teangacha seo a bheith agat:

DE (Gearmáinis), EN (Béarla) agus FR (Fraincis)

ROGHA 2

 

Teanga 1

an phríomhtheanga

an Chróitis a bheith ar do thoil agat

Teanga 2

an chéad teanga fhoinseach

sáreolas ar cheann de na teangacha seo a bheith agat:

DE (Gearmáinis), EN (Béarla) agus FR (Fraincis)

Teanga 3

an dara teanga fhoinseach, nach ionann í agus an Béarla, an Fhraincis ná an Ghearmáinis í

sáreolas ar theanga amháin eile de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh

I gcomhréir leis an mbreithiúnas a thug Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (an Mór-Dhlísheomra) uaithi i gCás C-566/10 P, Poblacht na hIodáile v Coimisiún, tá sé de cheanglas ar institiúidí an AE a shonrú cé na fáthanna a bhfuil rogha an dara teanga teoranta sa chomórtas seo acu chuig líon srianta de theangacha oifigiúla de chuid an AE.

Cuirtear in iúl do na hiarrthóirí gur roghnaíodh dara teangacha an chomórtais seo de réir leas na seirbhíse, leas a éilíonn go mbeidh na hearcaigh nua in ann dul i mbun oibre láithreach agus go mbeidh sé ar a gcumas cumarsáid éifeachtach a dhéanamh le linn a n-oibre laethúla. Ina éagmais sin, bheadh baol ann go gcuirfí bac mór le hobair na n-institiúidí.

Ar bhonn an chleachtais sheanbhunaithe atá ag institiúidí an Aontais maidir leis na teangacha cumarsáide inmheánacha, agus riachtanais na seirbhísí maidir le cumarsáid sheachtrach agus próiseáil comhad á gcur san áireamh, is iad an Béarla, an Fhraincis agus an Ghearmáinis na teangacha is mó a úsáidtear. Ina theannta sin, is iad an Béarla, an Fhraincis agus an Ghearmáinis na dara teangacha is mó i bhfad amach a roghnaíonn na hiarrthóirí sna comórtais, nuair is fúthu a bhíonn roghnú an dara teanga. Is léiriú é sin ar an leibhéal oideachais agus ar na hinniúlachtaí gairme ar féidir bheith ag súil leo ó na hiarrthóirí ar na poist laistigh d'institiúidí an Aontais, mar atá, sáreolas ar cheann de na teangacha sin ar a laghad. Dá bhrí sin, agus leas na seirbhíse agus riachtanais agus inniúlachtaí na n-iarrthóirí á gcur sa mheá, agus sainréimse an chomórtais seo á chur san áireamh, tá ábhar maith ann trialacha a eagrú sna trí theanga sin chun a chinntiú go mbeidh sáreolas ag na hiarrthóirí uile, is cuma cén phríomhtheanga atá acu, ar cheann de na trí theanga oifigiúla sin ar leibhéal teanga oibre.

Ina theannta sin, chun go mbeidh cothrom iomaíochta ann, ní mór do gach iarrthóir, fiú má tá ceann de na trí theanga sin ina phríomhtheanga oifigiúil aige, an triail sin a dhéanamh sa dara teanga, teanga a bheidh le roghnú as na trí theanga sin. Mar sin, tugann an measúnú ar na hinniúlachtaí sonracha deis d'institiúidí an Aontais a mheas cé chomh hábalta is atá na hiarrthóirí dul i mbun oibre láithreach i dtimpeallacht atá cosúil leis an timpeallacht ina n-iarrfar orthu bheith ag obair. Tá na bearta seo gan dochar d'fhoghlaim tríú teanga ina dhiaidh sin i gcomhréir le hAirteagal 45, mír 2 de na Rialacháin Foirne.

IV.   TRIALACHA IONTRÁLA

Déanfar na trialacha iontrála ar ríomhaire agus is é EPSO a eagróidh iad. Is é an coiste a chinnfidh leibhéal deacrachta na dtrialacha agus a fhormheasfaidh an t-ábhar iontu ar bhonn mholtaí EPSO.

1.

Cuireadh

Tabharfar cuireadh duit chuig na trialacha má bhíonn d'iarratas bailíochtaithe agat in am (féach Roinn VIII).

Tabhair do d'aire:

1.

má tá d'iarratas bailíochtaithe agat, tá sé dearbhaithe agat go gcomhlíonann tú na coinníollacha ginearálta agus sonracha atá leagtha síos i Roinn III;

2.

chun na trialacha a dhéanamh, ní mór duit dáta a chur in áirithe; ní foláir é sin a dhéanamh roimh an spriocdháta a chuirfear in iúl duit trí do chuntas EPSO.

2.

Cineál agus marcáil na dtrialacha

Sraith de thrialacha bunaithe ar cheisteanna ilroghnacha chun do chumas agus d'inniúlacht ghinearálta a mheasúnú maidir leis na nithe seo a leanas:

Triail (a)

Réasúnaíocht bhriathartha

Marcáil: 0-20 pointe

Triail (b)

Réasúnaíocht uimhriúil

Marcáil: 0-10 bpointe

An pasmharc: 4 phointe

Triail (c)

Réasúnaíocht theibí

Marcáil: 0-10 bpointe

 

 

An pasmharc foriomlán do thrialacha (a) agus (c): 15 phointe

Triail (d)

Triail teanga

Marcáil: 0-10 bpointe

An pasmharc: 5 phointe

Triail (e)

Triail teanga

Marcáil: 0-10 bpointe

An pasmharc: 5 phointe

3.

Teanga na dtrialacha

Teanga 2: trialacha (a), (b) agus (c)

Teanga 1: triail (d)

Teanga 3: triail (e)

V.   TRIALACHA AISTRIÚCHÁIN (3)

1.

Cuireadh chuig na trialacha

Déanfar d'inniúlachtaí sonracha a mheas trí bhíthin na dtrialacha aistriúcháin

má ghnóthaigh tú an pasmharc sna trialacha iontrála go léir,

má ghnóthaigh tú (4) ceann de na marcanna foriomlána is fearr do thrialacha (a), (c), (d), (e), agus

más rud é, tar éis scrúdú a dhéanamh ar an bhfaisnéis a soláthraíodh san iarratas ar líne (5), go gcomhlíonann tú coinníollacha ginearálta agus sonracha Roinn III.

Triail díbreora atá i dtriail (b) ach ní áireofar pointí na trialach sin le pointí na dtrialacha eile d'fhonn na hiarrthóirí a dtabharfar cuireadh chuig na trialacha aistriúcháin dóibh a chinneadh.

Tabharfar cuireadh chuig na trialacha aistriúcháin, de réir na rogha, do thart ar a thrí oiread líon na n-iarrthóirí a n-éireoidh leo atá luaite san fhógra comórtais seo, agus foilseofar an líon sin ar shuíomh gréasáin EPSO (http://blogs.ec.europa.eu/eu-careers.info/).

Beidh na trialacha aistriúcháin ar siúl in ionaid scrúdúcháin sna Ballstáit agus sa Chróit.

2.

Cineál agus marcáil na dtrialacha

(a)

triail aistriúcháin ó theanga 2 go teanga 1 (le foclóir)

(b)

triail aistriúcháin ó theanga 3 go teanga 1 (le foclóir)

Marcálfar gach triail aistriúcháin as 80 pointe.

An pasmharc: 40 pointe.

Mura n-éiríonn leis an iarrthóir an pasmharc a bhaint amach do thriail (a), ní cheartófar triail (b).

VI.   IONAD MEASÚNAITHE

1.

Cuireadh

Tabharfar cuireadh duit teacht chuig an ionad measúnaithe, i bprionsabal, sa Bhruiséil ar feadh lae amháin, má tá an pasmharc bainte amach agat agus má tá do thoradh i measc na dtorthaí is fearr ar na trialacha aistriúcháin. Cuirfear pointí na dtrialacha sin leis na pointí a ghnóthaítear le linn an ionaid mheasúnaithe.

Tabharfar cuireadh chuig an ionad measúnaithe, de réir na rogha, do thart ar a dhá oiread líon na n-iarrthóirí a n-éireoidh leo atá luaite san fhógra comórtais seo, agus foilseofar an líon sin ar shuíomh gréasáin EPSO (http://blogs.ec.europa.eu/eu-careers.info/).

2.

Ionad measúnaithe

Is éard is aidhm don ionad measúnaithe d'inniúlachtaí ginearálta (6) a mheasúnú i do chéad teanga fhoinseach (teanga 2), is é sin Gearmáinis (DE), Béarla (EN) nó Fraincis (FR), ar na bealaí seo a leanas:

(c)

agallamh struchtúrtha

(d)

gníomhaíocht i ngrúpa

(e)

cur i láthair ó bhéal

Measúnófar gach inniúlacht ghinearálta mar atá léirithe sa tábla seo thíos:

 

Agallamh struchtúrtha

Gníomhaíocht i ngrúpa

Cur i láthair ó bhéal

Anailísiú agus réiteach fadhbanna

 

x

x

Cumarsáid

x

 

x

Cáilíocht agus torthaí

x

 

x

Foghlaim agus forbairt

x

x

 

Tosaíochtaí a chur in ord tábhachta agus eagrúchán

 

x

x

Buanseasmhacht

x

 

x

Obair bhuíne

x

x

 

Cumas ceannaireachta

x

x

 

3.

Marcáil

Marcálfar iomlán na n-inniúlachtaí ginearálta as 80 pointe (10 bpointe in aghaidh na hinniúlachta).

An pasmharc: 40 pointe as 80 d'iomlán na n-ocht n-inniúlacht ghinearálta.

4.

Ualú

Ríomhtar an marc foriomlán, bunaithe ar mharcanna na dtrialacha aistriúcháin (inniúlachtaí sonracha) agus thrialacha an ionaid mheasúnaithe (inniúlachtaí ginearálta) le chéile, mar seo a leanas:

Inniúlachtaí sonracha: trialacha (a) agus (b): 65 % den mharc foriomlán

Inniúlachtaí ginearálta: Trialacha (c), (d) agus (e): 35 % den mharc foriomlán

VII.   PAINÉIL

1.

Iarrthóirí a chur ar na painéil

Cuirfidh an bord roghnúcháin d'ainm ar an bpainéal:

má tá tú ar dhuine de na hiarrthóirí (7) a ghnóthaigh an pasmharc agus ceann de na marcanna foriomlána is fearr sna trialacha aistriúcháin agus sna trialacha measúnaithe

agus más rud é, i bhfianaise na ndoiciméad tacaíochta, go gcomhlíonann tú na coinníollacha iontrála go léir.

Déanfar seiceáil ar na hiarratais, in ord íslitheach tuillteanais, go mbainfear amach an líon is mó iarrthóirí is féidir a bheith ar an bpainéal, ar iarrthóirí iad a chomhlíonann na coinníollacha incháilitheachta ar fad.

Ní bhreathnófar ar dhoiciméid tacaíochta na n-iarrthóirí nach mbaineann an tairseach sin amach. Má thagann sé chun solais sa tseiceáil nach bhfuil na dearbhuithe (8) a rinne iarrthóir san iarratas ar líne ag luí leis na doiciméid tacaíochta ábhartha, dícháileofar an t-iarrthóir sin den chomórtas.

2.

Aicmiú

Tarraingeofar suas na liostaí de réir rogha agus in ord aibítre.

VIII.   CONAS IARRATAS A CHUR ISTEACH

1.

Clárú ar líne

Ní mór duit clárú ar líne sa tslí a léirítear ar shuíomh gréasáin EPSO, agus sa treoirleabhar maidir le clárú go háirithe.

Spriocdháta (an bailíochtú san áireamh): an 23 Iúil 2013 ag 12 a chlog (meán lae), am na Bruiséile.

2.

Comhad iarratais

Má tá tú ar dhuine de na hiarrthóirí a dtabharfar cuireadh dóibh chuig an ionad measúnaithe, beidh ort an comhad iomlán a bhaineann le d'iarratas a bhreith leat (9) (an fhoirm iarratais ar líne agus í sínithe, na doiciméid tacaíochta san áireamh) chuig an ionad measúnaithe.

Sonraí praiticiúla: féach pointe 6.1 de na treoracha do chomórtais oscailte.


(1)  Gach áit anseo a bhfuil tagairt don fhirinscne, glactar leis gur ag tagairt don fhirinscne agus don bhaininscne atáthar.

(2)  Féach Comhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha (CECR) —(http://europass.cedefop.europa.eu/europass/home/hornav/Downloads/CEF/LanguageSelfAssessmentGrid.csp) — an t-íosleibhéal is gá le feimhmiú mar aistritheoir: teanga 1 = C2, teanga 2 = C1, teanga 3 = C1.

(3)  Déanfaidh an coiste a mbeidh sna trialacha seo a bhailíochtú.

(4)  Maidir leis an áit dheireanach, i gcás ina ngnóthóidh roinnt iarrthóirí an marc céanna, iarrfar orthu ar fad teacht chuig an ionad measúnaithe.

(5)  Seiceálfar an fhaisnéis sin, trí scrúdú a dhéanamh ar na doiciméid tacaíochta, sula gcuirfear i dtoll a chéile an painéal (féach Roinn VII. 1 agus Roinn VIII. 2).

(6)  Tá tuilleadh eolais ar na hinniúlachtaí sin i bpointe 1.2 den treoir do chomórtais oscailte.

(7)  Maidir leis an áit dheireanach, i gcás ina ngnóthóidh roinnt iarrthóirí an marc céanna, cuirfear iad ar fad ar an bpainéal.

(8)  Is é EPSO a dheimhneoidh na dearbhuithe i ndáil leis na coinníollacha ginearálta agus is é an bord roghnúcháin a dheimhneoidh na dearbhuithe i ndáil leis na coinníollacha sonracha.

(9)  Déanfar dáta do choinne san ionad measúnaithe a chur in iúl duit in am agus i dtráth trí do chuntas EPSO.