27.9.2012   

GA

Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh

C NaN/1


FÓGRA COMÓRTAIS OSCAILTE

EPSO/AST/121/12

(2012/C 291 A/01)

Tá an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) ag eagrú comórtas oscailte ar bhonn trialacha chun painéal a chur i dtoll a chéile óna n-earcófar cúntóirí (1).

EPSO/AST/121/12 — Teicneoirí comhdhála (AST 3)

Is é is aidhm don chomórtas seo painéal a chur i dtoll a chéile chun poist fholmha in institiúidí an Aontais Eorpaigh a líonadh.

Roimh duit iarratas a chur isteach, ní mór an treoir is infheidhme maidir le comórtais oscailte a foilsíodh in Iris Oifigiúil C 270 A an 7 Meán Fómhair 2012 agus ar shuíomh gréasáin EPSO a léamh go grinn.

Is cuid dhílis den fhógra comórtais an treoir sin agus cuideoidh sí leat rialacha na nósanna imeachta agus an chaoi a gcuirtear iarratas isteach a thuiscint.

AN CLÁR ÁBHAR

I.

CÚLRA

II.

DUALGAIS

III.

INCHÁILITHEACHT

IV.

TRIALACHA IONTRÁLA

V.

CEAD ISTEACH SA CHOMÓRTAS AGUS ROGHNÚ AR BHONN CÁILÍOCHTAÍ

VI.

COMÓRTAS OSCAILTE

VII.

PAINÉAL

VIII.

CONAS IARRATAS A CHUR ISTEACH

I.   CÚLRA

Líon na n-iarrthóirí a n-éireoidh leo: 23.

II.   DUALGAIS

Is éard a bheidh de chúram ar chúntóirí AST 3, faoi mhaoirseacht riarthóra, cuidiú misean a n-institiúide nó a gcomhlachta a chur chun feidhme agus féadfar a iarraidh orthu tascanna cur chun feidhme, tascanna cur i gcrích, tascanna tacaíochta agus tascanna lóistíochta a dhéanamh i réimsí éagsúla.

Ar na príomhchúraim a bheidh ar theicneoirí tá obair dheartha, suiteála agus bainistithe a bhaineann le gléasanna fuaime agus físe a oibriú i suiteálacha comhdhála ilmheáin agus closamhairc. A leithéidí seo:

suiteálacha comhdhála agus suiteálacha trealaimh chlosamhairc a dhearadh,

sonraíochtaí teicniúla a dhréachtú do shuiteálacha nua comhdhála agus closamhairc agus sonraíochtaí teicniúla a dhréachtú chun suiteálacha atá ann cheana a athchóiriú agus maoirsiú a dhéanamh ar oibreacha a dhéanann conraitheoirí,

obair dheisiúcháin a dhéanamh i gcás ainghléas a bheith ar shuiteálacha comhdhála agus closamhairc,

maoirsiú a dhéanamh ar oibreacha cothabhála ar shuiteálacha comhdhála agus closamhairc,

clostrealamh agus/nó fístrealamh soghluaiste (e.g. ceamaraí, scáileáin, teilgeoirí, micreafóin, deasca meascacháin, racaí soghluaiste) a chóimeáil, a shuí, agus a oibriú le linn ócáidí,

féachaint chuig dea-fheidhmiú chórais bhainistithe an trealaimh chlosamhairc i seomraí comhdhála,

tomhais analógacha agus dhigiteacha a dhéanamh le huirlisí beachtais (ascalascóip, gineadóirí comharthaí, méadair dheicibeilí, teirmiméadair dhigiteacha, etc.) i seomraí comhdhála,

trealamh closamhairc agus ríomhaireachta a chóimeáil, a shuiteáil agus a chumrú chun íomhánna agus fuaim a chraoladh trí ghréasán ríomhaireachta agus/nó trí ghréasán teileachumarsáide (fís-sruthú agus clos-sruthú, físchomhdhálacha, etc.),

bheith i bhfeighil an chlosrialaithe agus an fhísrialaithe sna seomraí comhdhála, ar an láthair nó go cianda (ó sheomra rialaithe), le linn gnáth-thráthanna oibre agus lasmuigh de ghnáth-thráthanna oibre,

taifead físe agus/nó fuaime a dhéanamh ar idirghabhálacha na rannpháirtithe (le micreafóin, ceamaraí, agus le huirlisí éagsúla closamhairc),

córais ilteangacha comhdhála agus ateangaireachta a ríomhchlárú, a oibriú agus a dheisiú, agus/nó ríomhchlárú, oibriú agus deisiú a dhéanamh ar chórais lena ndéantar fís-sruthú a ghlacadh, a phróiseáil agus a chraoladh,

díospóireachtaí a thaifeadadh i meáin dhigiteacha (líneacha agus neamhlíneacha),

comharthaí closamhairc a ghlacadh, a ródú agus a dháileadh ó sheomra rialaithe chuig ionaid dáileacháin i bhfoirgneamh,

gréasán scáileán faisnéise a oibriú agus a chumrú agus féachaint chuige go bhfeidhmeoidh an gréasán sin go rianúil lena mbogearraí oibriúcháin,

córais a oibriú lena ndéantar sruthanna físe agus fuaime a ionchódú agus a sheoladh,

féachaint leis go gcomhlíonfar na rialacha idirnáisiúnta maidir le suiteálacha comhdhála agus suiteálacha ateangaireachta comhuainí,

íomhánna a roghnú ó chóras ilcheamaraí cruinnithe agus ócáidí d'fhonn, go háirithe, íomhánnna agus fuaim a chraoladh,

córais vótála leictreonacha a oibriú,

fardal trealaimh a choinneáil agus an trealamh a bhainistiú,

mionghréasán LAN (TCP-IP) a bhainistiú, a chumrú agus a dheisiú,

deisithe agus oiriúnaithe leictreonacha a dhéanamh.

III.   INCHÁILITHEACHT

Ar an dáta deiridh atá leagtha síos don clárúchán ar líne, ní mór duit na coinníollacha ginearálta agus sonracha seo a leanas a chomhlíonadh:

1.

Coinníollacha ginearálta

(a)

Bheith i do shaoránach de Bhallstát den Aontas Eorpach.

(b)

Do chearta mar shaoránach a theachtadh.

(c)

Aon oibleagáid dlí atá ort i dtaca le seirbhís mhíleata a bheith comhlíonta agat.

(d)

Na riachtanais charachtair a chomhlíonadh a theastaíonn chun na dualgais i gceist a dhéanamh.

2.

Coinníollacha sonracha

2.1.

Cáilíochtaí

(a)

Leibhéal oideachais is comhionann le cúrsa iomlán tríú leibhéal agus cáilíocht a bhaineann le dualgais an phoist bainte amach ag a dheireadh.

nó (b)

Oideachas dara leibhéal agus cáilíocht bainte amach ag a dheireadh a thugann rochtain ar oideachas tríú leibhéal, agus taithí oibre trí bliana ar a laghad a fuarthas ina dhiaidh sin i réimse a bhaineann le dualgais an phoist.

NB: Ní áireofar na trí bliana sin agus áireamh á dhéanamh ar an líon blianta de thaithí oibre a éilítear thíos.

2.2.

Taithí oibre

Taithí oibre trí bliana ar a laghad a bhaineann le dualgais an phoist.

Níl an taithí oibre sin ábhartha ach amháin má fuarthas í i ndiaidh an ama ar bhain an t-iarrthóir amach an cháilíocht a lig don iarrthóir cur isteach ar an gcomórtas.

2.3.

Eolas ar theangacha

Is iad seo a leanas teangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh:

BG (Bulgáiris)

CS (Seicis)

DA (Danmhairgis)

DE (Gearmáinis)

EL (Gréigis)

EN (Béarla)

ES (Spáinnis)

ET (Eastóinis)

FI (Fionlainnis)

FR (Fraincis)

GA (Gaeilge)

HU (Ungáiris)

IT (Iodáilis)

LT (Liotuáinis)

LV (Laitvis)

MT (Máltais)

NL (Ollainnis)

PL (Polainnis)

PT (Portaingéilis)

RO (Rómáinis)

SK (Slóvaicis)

SL (Slóivéinis)

SV (Sualainnis)

(a)

Teanga 1

An phríomhtheanga:

 

Sáreolas ar theanga oifigiúil amháin de chuid an Aontais Eorpaigh.

(b)

Teanga 2

An dara teanga (nach ionann í agus teanga 1):

 

Eolas sásúil ar an nGearmáinis, ar an mBéarla nó ar an bhFraincis.

IV.   TRIALACHA IONTRÁLA

Déanfar na trialacha iontrála ar ríomhaire, agus is é EPSO a eagróidh iad. Is é an bord roghnúcháin a chinnfidh leibhéal deacrachta na dtrialacha agus a fhaomhfaidh a mbeidh iontu i bhfianaise moltaí ó EPSO.

Eagrófar na trialacha sin má chláraíonn níos mó ná 1 000 iarrthóir. Sa chás sin, cuirfear scéala chugat trí do chuntas EPSO.

1.

Cuireadh chun trialacha

Tabharfar cuireadh duit na trialacha a dhéanamh más rud é gur bhailíochtaigh tú d'iarratas in am (féach Roinn VIII).

Tabhair faoi deara:

1.

ar bhailíochtú d'iarratais duit, deimhníonn tú go gcomhlíonann tú coinníollacha ginearálta agus sonracha Roinn III;

2.

chun páirt a ghlacadh sna trialacha, ní mór dáta a chur in áirithe; tá sé fíor-riachtanach an dáta a chur in áirithe roimh an spriocdháta a chuirfear in iúl duit trí do chuntas EPSO.

2.

Cineál agus marcáil na dtrialacha

Sraith de thrialacha bunaithe ar cheisteanna ilroghnacha chun do chumas agus d'inniúlacht ghinearálta a mheasúnú maidir leis na nithe seo a leanas:

Triail (a)

réasúnaíocht bhriathartha

marcáil: 0–20 pointe

an pasmharc: 10 bpointe

Triail (b)

réasúnaíocht uimhriúil

marcáil: 0–10 bpointe

Triail (c)

réasúnaíocht theibí

marcáil: 0–10 bpointe

 

is é 10 bpointe an pasmharc d'iomlán thriail (b) agus thriail (c)

3.

Teanga na dtrialacha

Teanga 1

V.   CEAD ISTEACH SA CHOMÓRTAS AGUS ROGHNÚ AR BHONN CÁILÍOCHTAÍ

1.   An nós imeachta

I dtús báire scrúdófar na coinníollacha ginearálta agus sonracha agus déanfar an roghnú ar bhonn cáilíochtaí i bhfianaise na ndearbhuithe a rinne tú i d'iarratas.

(a)

Scrúdófar na freagraí a thug tú ar na ceisteanna maidir leis na coinníollacha ginearálta agus sonracha d'fhonn a chinneadh an féidir tú a chur ar liosta na n-iarrthóirí a chomhlíonann coinníollacha iontrála ar fad an chomórtais.

I gcás ina n-eagrófar trialacha iontrála roimh ré, déanfar na coinníollacha ginearálta agus sonracha a scrúdú, in ord íslitheach na bpointí a gnóthaíodh sna trialacha iontrála, go dtí go sroichfear líon 1 000 iarrthóir:

a ghnóthaigh an pasmharc agus na marcanna is fearr sna trialacha iontrála, agus

a chomhlíonann coinníollacha iontrála an chomórtais.

I gcás ina ngnóthaíonn roinnt iarrthóirí san áit dheireanach an marc céanna, cuirfear iad ar fad san áireamh i gcéim an roghnaithe ar bhonn cáilíochtaí. Ní scrúdófar iarratais ar líne na n-iarrthóirí atá faoi bhun na tairsí sin.

(b)

Ansin, i gcás na n-iarrthóirí a chomhlíonann coinníollacha iontrála an chomórtais, déanfaidh an bord roghnúcháin roghnú ar bhonn cáilíochtaí chun na hiarrthóirí sin a aithint a bhfuil na cáilíochtaí is ábhartha acu (cáilíochtaí agus taithí oibre go háirithe) i dtaca leis na dualgais agus na critéir roghnúcháin a bhfuil cur síos orthu san fhógra comórtais seo. Is ar bhonn na ndearbhuithe a rinne tú sa chluaisín “scagthóir buanna”agus ar an mbonn sin amháin a dhéanfar an roghnú sin agus dhá chéim a bheidh i gceist leis:

an chéad roghnú ar bhonn cáilíochtaí, déanfar é ar bhonn na bhfreagraí a fuarthas sa chluaisín “scagthóir buanna” san iarratas agus ar bhonn an ualaithe a ghabhann le gach ceann de na ceisteanna sin, agus ar an mbonn sin amháin. De réir na tábhachta a thugtar do gach critéar dá dtagraítear i bpointe 3 thíos, socróidh an bord roghnúcháin an t-ualú sin (ó 1 go 3). Ansin, iarratais ar líne na n-iarrthóirí a ghnóthaigh an méid is mó pointí, rachaidh siad ar aghaidh go dtí an dara céim den phróiseas roghnúcháin,

is ionann an méid iarratas a scrúdófar le linn an dara roghnú sin, agus thart ar thrí oiread líon na n-iarrthóirí a dtabharfar cuireadh dóibh chuig an ionad measúnaithe. Scrúdóidh an bord roghnúcháin freagraí na n-iarrthóirí agus tabharfaidh sé marc ó 0 go 4 do gach freagra. Déanfar na marcanna, arna n-iolrú faoi ualú gach ceiste, a shuimiú chun marc iomlán a fháil.

Ina dhiaidh sin, aicmeoidh an bord roghnúcháin na hiarrthóirí ar bhonn na marcanna iomlána sin. Is ionann líon na n-iarrthóirí a dtabharfar cuireadh dóibh chuig an ionad measúnaithe (2), agus trí oiread, ar a mhéad, líon na n-iarrthóirí atá sonraithe san fhógra comórtais seo. Foilseofar an líon sin ar shuíomh gréasáin EPSO (www.eu-careers.info).

2.   Dearbhuithe na n-iarrthóirí a sheiceáil

Tar éis thrialacha an ionaid mheasúnaithe agus i bhfianaise na dtorthaí a fuarthas sna trialacha sin, déanfaidh EPSO na dearbhuithe a rinne na hiarrthóirí ina n-iarratais ar líne a sheiceáil i dtaca leis na coinníollacha ginearálta agus déanfaidh an bord roghnúcháin iad a sheiceáil i dtaca leis na coinníollacha sonracha. Maidir leis na cáilíochtaí a mheas, ní chuirfear na doiciméid tacaíochta san áireamh ach amháin chun na freagraí a tugadh cheana sa chluaisín “scagthóir buanna” a dhearbhú. Má fhaightear amach sa tseiceáil nach gcomhthacaíonn na dearbhuithe sin (3) lena bhfuil sna doiciméid tacaíochta ábhartha, cuirfear na hiarrthóirí lena mbaineann as an gcomórtas.

Déanfar an tseiceáil, in ord íslitheach tuillteanais, ar na hiarrthóirí sin a ghnóthaigh an pasmharc agus na marcanna iomlána is fearr i scrúduithe (d), (e), (f) agus (g) san ionad measúnaithe. Caithfidh an pasmharc a bheith gnóthaithe ag na hiarrthóirí sin freisin i dtrialacha inniúlachta (a), (b) agus (c). Déanfar an tseiceáil sin ar na hiarrthóirí is féidir a bheith ar an bpainéal agus ar iarrthóirí iad a chomhlíonann na coinníollacha iontrála go léir, go dtí go mbainfidh líon na n-iarrthóirí sin an tairseach amach. Ní scrúdófar doiciméid tacaíochta na n-iarrthóirí atá faoi bhun na tairsí sin.

3.   Critéir roghnúcháin

Agus an roghnú ar bhonn cáilíochtaí á dhéanamh aige, cuirfidh an bord roghnúcháin na critéir seo a leanas san áireamh:

(1)

taithí oibre a bhaineann le ríomhchlárú, oibriú agus deisiú córas ilteangach comhdhála agus ateangaireachta;

(2)

taithí oibre a bhaineann le ríomhchlárú, oibriú agus deisiú córas lena ndéantar fís-sruthú a ghlacadh, a phróiseáil agus a chraoladh;

(3)

taithí oibre a bhaineann le clostrealamh agus/nó fístrealamh soghluaiste (e.g. ceamaraí, scáileáin, teilgeoirí, micreafóin, bóird mheasctha, racaí soghluaiste, etc.) a chóimeáil, a shuí, agus a oibriú;

(4)

taithí oibre a bhaineann le hoibriú córas soghluaiste ilteangach comhdhála agus ateangaireachta (córas na trucaide trealaimh agus/nó botháin shoghluaiste);

(5)

taithí oibre a bhaineann le sonraíochtaí teicniúla a dhréachtú do shuiteálacha nua comhdhála agus closamhairc agus sonraíochtaí teicniúla a dhréachtú chun suiteálacha atá ann cheana a athchóiriú;

(6)

taithí oibre a bhaineann le maoirsiú a dhéanamh ar chonraitheoirí agus oibreacha á ndéanamh acu;

(7)

taithí oibre a bhaineann le húsáid gréasán atá bunaithe ar phrótacal TCP/IP;

(8)

taithí oibre a bhaineann le tomhais analógacha agus dhigiteacha a dhéanamh le huirlisí beachtais (ascalascóip, gineadóirí comharthaí, méadair dheicibeilí, teirmiméadair dhigiteacha, etc.) i seomraí comhdhála;

(9)

taithí oibre a bhaineann le comharthaí closamhairc a ghlacadh, a ródú agus a dháileadh ó sheomra rialaithe chuig ionaid dáileacháin i bhfoirgneamh;

(10)

taithí oibre a bhaineann le córais a oibriú lena ndéantar sruthanna físe agus fuaime a ionchódú agus a sheoladh ar ghréasán TCP-IP (sruthú), ar ISDN nó ar saitilít;

(11)

taithí ghairmiúil a bhaineann leis an leictreonaic i gcoitinne (an leictreonaic analógach agus an leictreonaic dhigiteach).

VI.   COMÓRTAS OSCAILTE

1.

Cuireadh chuig an ionad measúnaithe

Má tá tú ar dhuine de na hiarrthóirí (4):

a ghnóthaigh ceann de na marcanna is fearr (má eagraíodh iad roimh ré, féach Roinn IV) agus an pasmharc sna trialacha iontrála,

agus

i bhfianaise na ndearbhuithe a rinneadh sa chlárú ar líne, a chomhlíonann coinníollacha iontrála ginearálta agus sonracha Roinn III,

agus

a ghnóthaigh ceann de na marcanna is fearr sa roghnú ar bhonn cáilíochtaí,

tabharfar cuireadh duit trialacha (5) an ionaid mheasúnaithe a dhéanamh, trialacha a reachtáltar sa Bhruiséil de ghnáth, ar feadh lae amháin nó dhá lá.

2.

An t-ionad measúnaithe

Déanfar measúnú ar thrí ní:

do chuid inniúlachtaí réasúnaíochta, murar measúnaíodh cheana iad sna trialacha iontrála, ar na dóigheanna seo a leanas:

(a)

scrúdú réasúnaíochta briathartha

(b)

scrúdú réasúnaíochta uimhriúla

(c)

scrúdú réasúnaíochta teibí

do chuid inniúlachtaí sonracha sa réimse i gceist ar na dóigheanna seo a leanas:

(d)

agallamh struchtúrtha ar inniúlachtaí an réimse i gceist, ar bhonn na bhfreagraí a thug tú i d'iarratas sa chluaisín “scagthóir buanna”

do chuid inniúlachtaí ginearálta (6):

Anailísiú agus réiteach fadhbanna

Cumarsáid

Cáilíocht agus torthaí

Foghlaim agus forbairt

Tosaíochtaí a chur in ord tábhachta, agus eagrúchán

Buanseasmhacht

Obair bhuíne

ar na dóigheanna (7) seo a leanas:

(e)

cás-staidéar

(f)

gníomhaíocht i ngrúpa

(g)

agallamh struchtúrtha ar na hinniúlachtaí ginearálta

Scrúdófar na hinniúlachtaí ginearálta sin mar atá léirithe sa tábla seo thíos:

 

Cás-Staidéar

Gníomhaíocht i ngrúpa

Agallamh struchtúrtha

Anailísiú agus réiteach fadhbanna

x

x

 

Cumarsáid

x

 

x

Cáilíocht agus torthaí

x

 

x

Foghlaim agus forbairt

 

x

x

Tosaíochtaí a chur in ord tábhachta, agus eagrúchán

x

x

 

Buanseasmhacht

 

x

x

Obair bhuíne

 

x

x

3.

Teanga an ionaid mheasúnaithe

Teanga 1 i gcás (a) (b) agus (c)

Teanga 2 i gcás (d), (e), (f) agus (g)

4.

Marcáil

Inniúlachtaí réasúnaíochta

(a)

réasúnaíocht bhriathartha: 0–20 pointe

pasmharc: 10 bpointe

(b)

réasúnaíocht uimhriúil: 0–10 bpointe

(c)

réasúnaíocht theibí: 0–10 bpointe

an pasmharc foriomlán i dtrialacha (b) agus (c): 10 bpointe

Trialacha díbreora is ea trialacha (a), (b) agus (c); ní chuirfear marcanna na dtrialacha sin le marcanna eile an ionaid mheasúnaithe.

Inniúlachtaí sonracha (triail (d))

0–100 pointe

pasmharc: 50 pointe

Ualú: 55 % den mharc foriomlán

Inniúlachtaí ginearálta (trialacha (e), (f) agus (g))

0–10 bpointe do gach ceann de na hinniúlachtaí ginearálta

pasmharc:

 

3 phointe in aghaidh gach inniúlachta agus

 

marc foriomlán 35 pointe as 70 sna seacht n-inniúlacht ghinearálta

Ualú: 45 % den mharc foriomlán

VII.   PAINÉAL

1.

Iarrthóirí a chur ar an bpainéal

Cuirfidh an bord roghnúcháin d'ainm ar an bpainéal:

má tá tú ar dhuine de na hiarrthóirí (8) a ghnóthaigh an pasmharc agus ceann de na marcanna foriomlána is fearr do thrialacha (d), (e), (f) agus (g) (féach líon na n-iarrthóirí a n-éireoidh leo, Roinn I.1),

agus, más rud é, i bhfianaise na ndoiciméad tacaíochta, go gcomhlíonann tú na coinníollacha incháilitheachta ar fad.

2.

Aicmiú

Liosta in ord aibítre.

VIII.   CONAS IARRATAS A CHUR ISTEACH

1.

Clárúchán ar líne

Ní mór duit clárú ar líne sa tslí a léirítear ar shuíomh gréasáin EPSO, sa treoirleabhar maidir le clárúchán, go háirithe.

Spriocdháta (an bailíochtú san áireamh): an 30 Deireadh Fómhair 2012 ag 12 a chlog (meán lae), am na Bruiséile.

2.

An comhad iarratais

Má bhíonn tú ar dhuine de na daoine a dtabharfar cuireadh dóibh chuig an ionad measúnaithe, beidh ort an comhad iarratais (9) a bhaineann le d'iarratas a bhreith leat (an fhoirm iarratais leictreonach agus í sínithe, na doiciméid tacaíochta san áireamh) chuig an ionad measúnaithe.

Sonraí praiticiúla: féach pointe 6.1 den treoir is infheidhme maidir le comórtais oscailte.


(1)  Gach áit anseo a bhfuil tagairt don fhirinscne, glactar leis gur ag tagairt don fhirinscne agus don bhaininscne atáthar.

(2)  Na hiarrthóirí nach bhfuair cuireadh chuig an ionad measúnaithe, gheobhaidh siad torthaí a measúnaithe chomh maith leis an ualú a thug an bord roghnúcháin do gach ceist.

(3)  Seiceálfar an fhaisnéis sin, trí scrúdú a dhéanamh ar na doiciméid tacaíochta, sula gcuirfear i dtoll a chéile an painéal (féach Roinn VII.1 agus Roinn VIII.2).

(4)  Maidir leis an áit dheireanach, i gcás ina ngnóthóidh roinnt iarrthóirí an marc céanna, tabharfar cuireadh dóibh ar fad chuig an ionad measúnaithe.

(5)  Ar chúiseanna eagrúcháin, d'fhéadfadh sé go mbeadh na trialacha réasúnaíochta agus an cás-staidéar (triail (e)) ar siúl in ionaid scrúduithe sna Ballstáit agus/nó sa Bhruiséil, ar leithligh ó thrialacha eile an ionaid mheasúnaithe.

(6)  Tá sonraí na n-inniúlachtaí sin ar fáil i bpointe 1.2 den treoir is infheidhme maidir le comórtais oscailte.

(7)  Déanfaidh an bord agallaimh a mbeidh sna gníomhaíochtaí sin a bhailíochtú.

(8)  Maidir leis an áit dheireanach, i gcás ina ngnóthóidh roinnt iarrthóirí an marc céanna, cuirfear iad ar fad ar an bpainéal.

(9)  Déanfar dáta do choinne san ionad measúnaithe a chur in iúl duit in am agus i dtráth trí do chuntas EPSO.