|
14.9.2011 |
GA |
Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh |
C NaN/1 |
FÓGRA COMÓRTAS OSCAILTE EPSO/AD/227-228-229/11
Ar mhaith leat a bheith ag obair inár n-institiúidí?
An bhfuil na cáilíochtaí a éilimid agat?
Cuir d'ainm isteach
Cuir an deis chun sochair duit féin
Tá an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) ag eagrú comórtas oscailte ar bhonn trialacha chun painéil a chruthú óna n-earcófar riarthóirí (1).
EPSO/AD/227/11 — AIRCÍVIÚ (AD 6)
EPSO/AD/228/11 — TEICNEOLAÍOCHTAÍ NA FAISNÉISE AGUS NA CUMARSÁIDE (TFC) (AD 7)
EPSO/AD/229/11 — COMHAR AGUS BAINISTIÚ NA CABHRACH DO THRÍÚ TÍORTHA (AD 7)
Is é is aidhm don chomórtas seo painéil a chruthú chun folúntais i bpoist in institiúidí an Aontais Eorpaigh a líonadh.
Roimh iarratas a dhéanamh, ní mór an treoir is infheidhme maidir le comórtais oscailte a foilsíodh in Iris Oifigiúil C 184 A an 8 Iúil 2010 agus ar shuíomh gréasáin EPSO a léamh go cúramach.
Is cuid dhílis den fhógra comórtais an treoir sin agus cuideoidh sí leat rialacha na nósanna imeachta agus na bealaí ar a gcuirtear iarratas isteach a thuiscint.
CLÁR NA nÁBHAR
|
I. |
CÚLRA |
|
II. |
DUALGAIS |
|
III. |
INCHÁILITHEACHT |
|
IV. |
TRIALACHA IONTRÁLA |
|
V. |
CEAD ISTEACH SA CHOMÓRTAS AGUS ROGHNÚ AR BHONN CÁILÍOCHTAÍ |
|
VI. |
COMÓRTAS OSCAILTE |
|
VII. |
PAINÉIL |
|
VIII. |
CONAS IARRATAS A CHUR ISTEACH |
I. CÚLRA
|
EPSO/AD/227/11 = 13 EPSO/AD/228/11 = 71 EPSO/AD/229/11 = 45 |
||
|
Ní féidir leat clárú ach d'aon chomórtas amháin as measc na dtrí chomórtas agus d'aon réimse amháin as measc na dtrí réimse de chomórtas EPSO/AD/228/11. Ní mór an rogha sin a dhéanamh tráth an chlárúcháin ar líne agus ní féidir é a athrú tar éis duit d'iarratas a dhearbhú agus a dheimhniú ar líne. I gcás an chomórtais “comhar agus bainistiú na cabhrach do thríú tíortha”, nuair a shíníonn na hiarrthóirí an t-iarratas, glacann siad leis go mbeidh siad faoi réir na hoibleagáide páirt a ghlacadh i dtoscaireacht (go príomha sna tíortha i mbéal forbartha) de chuid an Aontais Eorpaigh má earcaítear iad. Is le haghaidh post sa Choimisiún atá na hearcaíochtaí beartaithe. |
II. DUALGAIS
Tugtar tuairisc ar na próifílí sonracha san Iarscríbhinn.
Tá sonraí maidir leis an bpróifíl ghinearálta atá na hinstitiúidí a lorg ar fáil i bpointe 1.2 den treoir is infheidhme maidir le comórtais oscailte.
III. INCHÁILITHEACHT
Ar an dáta deiridh arna shocrú le haghaidh clárúcháin ar líne, ní mór duit na coinníollacha ginearálta agus sonracha seo a leanas a chomhlíonadh:
|
|||||||||
|
|||||||||
|
|||||||||
|
2.1 |
Cáilíochtaí Féach pointe 2 de na hIarscríbhinní. |
||||||||
|
2.2 |
Taithí oibre Féach pointe 3 de na hIarscríbhinní. |
||||||||
|
2.3 |
Eolas ar theangacha |
||||||||
|
Príomhtheanga: sáreolas ar theanga oifigiúil amháin de chuid an Aontais Eorpaigh. |
||||||||
|
agus |
|
||||||||
|
Dara teanga (ní foláir í a bheith éagsúil le teanga 1): eolas sásúil ar an nGearmáinis, ar an mBéarla nó ar an bhFraincis. |
||||||||
IV. TRIALACHA IONTRÁLA
Na trialacha sin, eagrófar iad i gcás gach comórtais/réimse a bhfuil níos mó ná 600 iarrthóir cláraithe lena aghaidh. Sa chás sin, cuirfear é sin in iúl duit trí do chuntas EPSO.
|
Tabharfar cuireadh duit chun na trialacha a dhéanamh más rud é gur dheimhnigh tú d'iarratas in am (féach Roinn VIII). Tabhair faoi deara:
|
|||||||
|
Sraith de thrialacha bunaithe ar cheisteanna ilroghnacha chun do chumas agus d'inniúlacht ghinearálta a mheasúnú maidir leis na nithe seo a leanas: |
|||||||
|
Triail (a) |
Réasúnaíocht bhriathartha |
Marcáil: 0-20 pointe Pasmharc: 10 bpointe |
||||||
|
Triail (b) |
Réasúnaíocht uimhriúil |
Marcáil: 0-10 bpointe |
||||||
|
Triail (c) |
Réasúnaíocht theibí |
Marcáil: 0-10 bpointe |
||||||
|
|
10 bpointe is ea an pasmharc as iomlán thriail (b) agus thriail (c). |
|||||||
|
Teanga 1 |
|||||||
V. CEAD ISTEACH SA CHOMÓRTAS AGUS ROGHNÚ AR BHONN CÁILÍOCHTAÍ
1. Nós imeachta
Scrúdófar na coinníollacha ginearálta agus sonracha agus déanfar an roghnú ar bhonn cáilíochtaí ar dtús i bhfianaise na ndearbhuithe a rinne tú i d'iarratas.
|
(a) |
Scrúdófar na freagraí a thug tú ar na ceisteanna maidir leis na coinníollacha ginearálta agus sonracha chun a chinneadh an duine tú atá ar an liosta de na hiarrthóirí a chomhlíonann coinníollacha iontrála ar fad an chomórtais. I gcás ina réamheagrófar trialacha iontrála, déanfar na coinníollacha ginearálta agus sonracha a scrúdú, in ord íslitheach na bpointí a gnóthaíodh sna trialacha iontrála, go dtí go sroichfear, in aghaidh an chomórtais/réimse, líon na 600 iarrthóir:
|
|
(b) |
Ansin, i gcás na n-iarrthóirí a chomhlíonann coinníollacha iontrála an chomórtais, déanfaidh an bord roghnúcháin roghnú ar bhonn cáilíochtaí chun na hiarrthóirí sin a aithint a bhfuil na cáilíochtaí is ábhartha acu (céimeanna agus taithí oibre go háirithe) i dtaca leis na dualgais agus na critéir roghnúcháin a bhfuil tuairisc orthu san fhógra comórtas seo. Is ar bhonn na ndearbhuithe a rinne tú sa chluaisín “scagthóir buanna”agus ar an mbonn sin amháin a dhéanfar an roghnú sin agus dhá chéim a bheidh i gceist leis:
Ina dhiaidh sin, aicmeoidh an bord roghnúcháin na hiarrthóirí ar bhonn na marcanna iomlána sin. Is ionann líon na n-iarrthóirí a dtabharfar cuireadh dóibh (2) chuig an ionad measúnaithe, in aghaidh an chomórtais/réimse, agus trí oiread, ar a mhéad, líon na n-iarrthóirí atá sonraithe san fhógra comórtas seo. Foilseofar an líon sin ar shuíomh gréasáin EPSO (www.eu-careers.eu). |
2. Dearbhuithe na n-iarrthóirí a sheiceáil
Tar éis imeachtaí an ionaid mheasúnaithe agus i bhfianaise na dtorthaí, déanfaidh EPSO na dearbhuithe a rinne na hiarrthóirí ina n-iarratais ar líne a sheiceáil i dtaca leis na coinníollacha ginearálta agus déanfaidh an bord roghnúcháin iad a sheiceáil i dtaca leis na coinníollacha sonracha. Maidir leis na cáilíochtaí a mheas, ní chuirfear na doiciméid tacaíochta san áireamh ach amháin chun na freagraí a tugadh cheana sa chluaisín “scagthóir buanna” a dhearbhú. Má fhaightear amach sa tseiceáil nach luíonn na dearbhuithe sin lena bhfuil sna doiciméid tacaíochta ábhartha, cuirfear na hiarrthóirí lena mbaineann as an gcomórtas.
Déanfar an tseiceáil, in ord íslitheach tuillteanais, ar na hiarrthóirí sin a ghnóthaigh an pasmharc agus na marcanna is fearr in iomlán na scrúduithe (d), (e), (f) agus (g) san ionad measúnaithe. Ní mór go mbeadh na hiarrthóirí sin tar éis an pasmharc is gá a ghnóthú freisin i dtrialacha inniúlachta (a), (b) agus (c). Déanfar an tseiceáil sin go dtí go mbainfear amach an líon iarrthóirí is féidir a bheith ar an bpainéal agus go dtí go gcinntítear go sásaíonn na hiarrthóirí sin uile na coinníollacha iontrála go léir. Ní scrúdófar doiciméid tacaíochta na n-iarrthóirí atá faoi bhun na tairsí sin.
VI. COMÓRTAS OSCAILTE
|
Más iarrthóir tú (3):
tabharfar cuireadh duit trialacha (4) an ionaid mheasúnaithe a dhéanamh, trialacha a reachtálfar sa Bhruiséil, i bprionsabal, ar feadh lae nó dhá lá. |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Measúnófar do chuid inniúlachtaí réasúnaíochta, murar measúnaíodh iad cheana i dtrialacha iontrála. Is trína nithe seo a leanas a dhéanfar an measúnú sin:
Déanfar measúnú ar do chuid inniúlachtaí sonracha sa réimse tríd an scrúdú seo a leanas:
Déanfar measúnú freisin ort maidir leis na hinniúlachtaí ginearálta seo a leanas:
Tá sainmhíniú ar na hinniúlachtaí sin i bpointe 1.2 den treoir is infheidhme maidir le comórtais oscailte. Is trína nithe seo a leanas agus de réir an mhúnla seo a leanas a dhéanfar measúnú ar na hinniúlachtaí ginearálta sin:
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
|
Cás-staidéar |
Gníomhaíocht i ngrúpa |
Agallamh struchtúrtha |
|||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Anailísiú agus réiteach fadhbanna |
x |
x |
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Cumarsáid |
x |
|
x |
|||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Cáilíocht agus torthaí |
x |
|
x |
|||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Foghlaim agus forbairt |
|
x |
x |
|||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Cinneadh tosaíochtaí agus eagrúchán |
x |
x |
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Buanseasmhacht |
|
x |
x |
|||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Oibriú i bhfoireann |
|
x |
x |
|||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Cumas ceannaireachta |
|
x |
x |
|||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Teanga 1 i gcás nithe (a), (b) agus (c) Teanga 2 i gcás nithe (d), (e), (f) agus (g) |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Inniúlachtaí réasúnaíochta
Scrúduithe díbreora is ea scrúduithe (a), (b) agus (c) ach ní chuirfear marcanna na scrúduithe sin le marcanna eile an ionaid mheasúnaithe. Inniúlachtaí sonracha (scrúdú (d)) 0-100 pointe Pasmharc: 50 pointe Ualú: 55 % den mharc iomlán Inniúlachtaí ginearálta (scrúduithe (e), (f) agus (g)) 0-80 pointe d'iomlán na n-inniúlachtaí ginearálta (10 bpointe in aghaidh na hinniúlachta) Pasmharc:
Ualú: 45 % den mharc iomlán |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||
VII. PAINÉIL
|
Cuirfidh an bord roghnúcháin d'ainm ar an bpainéal (5) (féach líon na n-iarrthóirí a n-éireoidh leo, pointe 1 de Roinn I) más iarrthóir tú a chomhlíonann coinníollacha ar fad Roinn V. |
||
|
Liostaí arna dtarraingt suas de réir comórtais/réimse, de réir grúpa tuillteanais (4 ghrúpa ar a mhéad) agus in ord aibítre laistigh de gach grúpa tuillteanais. |
VIII. CONAS IARRATAS A CHUR ISTEACH
|
Ní mór duit clárú ar líne sa tslí a léirítear ar shuíomh gréasáin EPSO, agus go háirithe sa treoirleabhar maidir le clárúchán. Spriocdháta (lena n-áirítear deimhniú): 18.10.2011 ag 12 a chlog (meán lae), am na Bruiséile. |
||
|
Ag céim níos déanaí agus ar choinníoll gur duine de na hiarrthóirí tú ar tugadh cuireadh dóibh chuig an ionad measúnaithe, beidh ort d'iarratas iomlán a bhreith leat (iarratas ar líne sínithe agus doiciméid tacaíochta). Spriocdháta: cuirfear an spriocdháta in iúl duit in am agus i dtráth trí do chuntas EPSO agus ar an mbealach sin amháin. Sonraí Praiticiúla: féach pointe 2.2 den treoir is infheidhme maidir le comórtais oscailte. |
(1) Is ionann gach tagairt san fhógra seo don fhirinscne agus tagairt don dá inscne, fireann agus baineann.
(2) Féadfaidh iarrthóirí nach bhfuair cuireadh chuig an ionad measúnaithe cóip a fháil den leathanach measúnaithe ar a gcáilíochtaí chomh maith leis an ualú a thug an bord roghnúcháin do gach ceist, ach é sin a iarraidh laistigh de 10 lá féilire tar éis dóibh fógra a fháil ag cur in iúl nár tugadh cead isteach sa chómórtas dóibh.
(3) Maidir leis an áit dheireanach, i gcás ina ngnóthóidh roinnt iarrthóirí an marc céanna, tabharfar cuireadh dóibh ar fad chuig an ionad measúnaithe.
(4) Ar chúiseanna eagrúcháin, d'fhéadfadh sé go n-eagrófaí na trialacha réasúnaíochta chomh maith leis an gcás-staidéar (triail (e)) in ionaid scrúduithe sna Ballstáit agus/nó sa Bhruiséil, is cuma cá háit a reachtálfar trialacha eile an ionaid mheasúnaithe.
(5) Maidir leis an áit dheireanach, i gcás ina ngnóthóidh roinnt iarrthóirí an marc céanna, cuirfear iad ar fad ar an bpainéal.
IARSCRÍBHINNÍ
EPSO/AD/227/11 (AD 6)
AIRCÍVIÚ
1. Dualgais
Beidh ar na hoifigigh tascanna sa réimse seo a dhéanamh, tascanna amhail iad seo a gcuirtear síos orthu chun críche léiriúcháin mar seo a leanas:
|
— |
cuidiú leis an institiúid agus comhairle a thabhairt di ar ghnéithe uile an bheartais chartlannaithe chomh maith leis an mbeartas sin a chur i gcomhthéacs sa bheartas ginearálta maidir le bainistiú doiciméad, |
|
— |
bainistíocht fheidhmiúil a dhéanamh ar fhoireann cartlannaithe, |
|
— |
tionscadail a bhainistiú i réimse an chartlannaithe, i mbainistiú doiciméad, i seachfhoinsiú gníomhaíochtaí cartlannaithe, i bhfoinsí a fháil agus a fhoilsiú, i gcaomhnú doiciméad leictreonach, |
|
— |
forbairt agus uasdátú córas comhdaithe, fardal agus uirlisí eile cartlannaithe a chomhordú, |
|
— |
na critéir chun cur síos ar dhoiciméid i bhformáid dhigiteach (meiteashonraí agus cuir síos níos faide) a shainiú, de réir caighdeán Chomhairle Idirnáisiúnta na gCartlann, |
|
— |
cuidiú le barantúlacht agus caomhnú fadtéarmach na ndoiciméad a áirithiú, go háirithe i dtimpeallacht leictreonach, |
|
— |
cuidiú le hoiliúint theicniúil a eagrú do na baill foirne atá freagrach as na cartlanna a bhainistiú, |
|
— |
faireachán a áirithiú ar phróiseáil na n-iarrataí ar fhaisnéis a dhéantar laistigh de na hinstitiúidí agus a dhéanann taighdeoirí seachtracha, |
|
— |
an caidreamh leis na taighdeoirí agus le gach eintiteas seachtrach eile a iarrann faisnéis a bhainistiú, |
|
— |
faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí na margaí poiblí a bhfuil baint acu le faisnéis/cumarsáid agus sonraíochtaí agus doiciméid theicniúla eile a dhréachtú sa réimse céanna. |
2. Cáilíochtaí
Leibhéal oideachais ar aon dul le cúrsa iomlán ollscoile 3 bliana ar a laghad agus céim bainte amach ag a dheireadh. Ní mór ceann amháin díobh seo a leanas a bheith i gceist sa chéim:
|
— |
ar a laghad bliain amháin de ranganna ar chartlannú nó ar bhainistiú doiciméad, |
|
— |
céim san aircíviú nó i mbainistiú doiciméad a bheith ag gabháil léi, ar céim í a baineadh amach roimh an gcéim sin nó ina diaidh. |
3. Taithí oibre
Taithí oibre a mhair 3 bliana ar a laghad i réimse an chartlannaithe agus/nó i mbainistiú doiciméad.
Níl an taithí oibre sin ábhartha más rud é go bhfuarthas í sular baineadh amach an chéim a thug cead isteach sa chomórtas don iarrthóir.
4. Critéir roghnúcháin
Agus an roghnú ar bhonn cáilíochtaí á dhéanamh aige, cuirfidh an bord roghnúcháin na critéir seo a leanas san áireamh:
|
1. |
Taithí oibre i mbainistiú foirne i rannóg cartlann nó bainistithe doiciméad in eagraíocht phoiblí nó phríobháideach. |
|
2. |
Taithí oibre i gcomhordú tionscadal cartlann nó bainistithe doiciméad. |
|
3. |
Taithí oibre i bhforbairt caighdeán idirnáisiúnta maidir le bainistiú doiciméad agus cartlann. |
|
4. |
Taithí oibre i gcur i bhfeidhm caighdeán idirnáisiúnta maidir le bainistiú doiciméad agus cartlann. |
|
5. |
Taithí oibre i mbainistiú seirbhísí don chustaiméir agus i mbainistiú seirbhísí cumarsáide. |
|
6. |
Taithí oibre i mbainistiú gníomhaíochtaí oiliúna. |
|
7. |
Taithí oibre i réimse na margaí poiblí agus na nglaonna ar thairiscintí. |
EPSO/AD/228/11 (AD 7)
TEICNEOLAÍOCHTAÍ NA FAISNÉISE AGUS NA CUMARSÁIDE (TFC) — BAINISTIÚ TIONSCADAL AGUS SEIRBHÍSÍ
1. Dualgais
Féadfaidh na riarthóirí tascanna a dhéanamh, laistigh de na hinstitiúidí, a bhfuil baint acu leis na trí réimse seo, amhail:
|
— |
réitigh TF a fháil ar riachtanais ghnó, |
|
— |
tionscadail nó seirbhísí TF a bhainistiú, freagracht a ghlacadh as cáilíocht agus tráthúlacht tháirgí insoláthartha na dtionscadal/sheachadadh na seirbhíse agus freagracht a ghlacadh as tomhaltas acmhainní, |
|
— |
an caidreamh leis an ngnó/leis an gcustaiméir a bhainistiú i gcomhthéacs tionscadail nó seirbhíse TF, |
|
— |
foirne tionscadal/seirbhísí TF a bhainistiú, conarthaí tionscadal/seirbhísí TF a bhainistiú, |
|
— |
cruinnithe faisnéise, tuarascálacha agus cuir i láthair a ullmhú. |
Réimse 1. Infrastruchtúr TF agus seirbhísí (31 iarrthóir a n-éireoidh leo)
I gcáil bainisteora seirbhíse/tionscadail, páirt a ghlacadh i sainiú, i gceapadh agus i bhforbairt ailtireachtaí TF agus réiteach TF agus freagracht a ghlacadh astu i réimsí amhail infrastruchtúr an úsáideora dheiridh agus tacaíocht don úsáideoir deiridh, ailtireachtaí atá dírithe ar sheirbhísí agus/nó atá bunaithe ar an idirlíon, óstáil córas faisnéise, fíorúlú, córais chúltaca agus stórála, córais bhunachar sonraí agus timpeallachtaí feidhmeanna, etc. agus páirt a ghlacadh i soláthar oibríochtúil seirbhísí sna réimsí sin agus freagracht a ghlacadh as an soláthar sin.
Réimse 2. Infrastruchtúr teileachumarsáide agus seirbhísí (18 iarrthóir a n-éireoidh leo)
I gcáil bainisteora seirbhíse/tionscadail, páirt a ghlacadh i sainiú, i gceapadh agus i bhforbairt réiteach/seirbhísí agus freagracht a ghlacadh astu i réimsí amhail gréasáin sonraí/ghutha, seirbhísí gutha, seirbhísí físchomhdhála, seirbhísí ríomhphoist. I gcáil bainisteora seirbhíse, freagracht a ghlacadh as soláthar oibríochtúil seirbhísí sna réimsí sin.
Réimse 3. Córais faisnéise (22 iarrthóir a n-éireoidh leo)
I gcáil bainisteora tionscadail, páirt a ghlacadh i sainiú, i gceapadh, i bhforbairt agus i dtacaíocht córas mór faisnéise, feidhmeanna gréasáin nó ilmheánacha agus freagracht a ghlacadh as an méid sin. Páirt a ghlacadh i bhfoirne atá freagrach as teagmháil le húinéirí gnó, as anailís ar phróisis ghnó, as ailtireacht agus dearadh córas, as anailís fheidhmeach agus theicniúil, as forbairt, as dearbhú cáilíochta, as tástáil, as córais nua a thabhairt isteach sa timpeallacht gnó, as tacaíocht, agus a bheith i gceannas ar na foirne sin.
2. Cáilíochtaí
Leibhéal oideachais ar aon dul le cúrsa iomlán ollscoile 4 bliana nó níos mó agus céim i dteicneolaíochtaí na faisnéise agus na cumarsáide bainte amach ag a dheireadh.
NÓ
Leibhéal oideachais ar aon dul le cúrsa iomlán ollscoile 3 bliana ar a laghad agus céim i dteicneolaíochtaí na faisnéise agus na cumarsáide, agus taithí oibre aon bhliain amháin ar a laghad a bhaineann le dualgais an phoist agus a fuarthas ina dhiaidh sin.
NB: Cuid dhílis den chéim is ea an t-íosmhéid bliana amháin taithí oibre agus ní féidir í a áireamh sa taithí oibre a éilítear thíos.
NÓ
Leibhéal oideachais ar aon dul le cúrsa iomlán ollscoile 4 bliana nó níos mó agus céim bainte amach ag a dheireadh mar aon le hiarchéim i dteicneolaíochtaí na faisnéise agus na cumarsáide.
3. Taithí oibre
Taithí oibre a mhair 6 bliana ar a laghad, i réimse theicneolaíochtaí na faisnéise agus na cumarsáide, agus 4 bliana díobh i gceann amháin de na réimsí a gcuirtear síos orthu sa chur síos ar na dualgais.
Níl an taithí oibre sin ábhartha más rud é go bhfuarthas í sular baineadh amach an chéim a thug cead isteach sa chomórtas don iarrthóir.
4. Critéir roghnúcháin
Agus an roghnú ar bhonn cáilíochtaí á dhéanamh aige, cuirfidh an bord roghnúcháin na critéir seo a leanas san áireamh:
Réimse 1. Infrastruchtúr TF agus seirbhísí
|
1. |
Oiliúint 40 uair ar a laghad i mbainistiú seirbhísí. |
|
2. |
Oiliúint 40 uair ar a laghad i mbainistiú tionscadal. |
|
3. |
Oiliúint 20 uair ar a laghad i slándáil TF. |
|
4. |
Taithí ar thionscadal in ailtireacht agus/nó i gcur chun feidhme infrastruchtúir TF nó seirbhíse TF a bhainistiú, a raibh buiséad iomlán tionscadail ar a laghad EUR 200 000 i gceist leis. |
|
5. |
Ar a laghad 2 bhliain taithí ar bhainistiú seirbhíse ar seirbhís TF í a raibh costas iomlán bliantúil ar a laghad EUR 500 000 ag baint léi nó ar fhoireann seirbhíse ar a raibh cúigear ar a laghad. |
|
6. |
Ar a laghad 2 bhliain taithí praiticiúla ar shlándáil faisnéise. |
|
7. |
Ar a laghad 2 bhliain taithí ar chomhairliúchán teicniúil maidir le hinfrastruchtúr TF nó seirbhísí TF. |
|
8. |
Ar a laghad 2 bhliain taithí ar bhainistiú infrastruchtúir TF a raibh ar a laghad 40 freastalaí nó 500 deasc i gceist leis (nó meascán coibhéiseach den dá cheann). |
|
9. |
Taithí ar nós imeachta an tsoláthair phoiblí (bíodh sin ar thaobh an cheannaitheora nó ar thaobh an tsoláthróra), agus freagracht as gnéithe teicniúla agus gnéithe tionscadail/seirbhíse infrastruchtúir TF nó seirbhísí TF a bheith i gceist léi, ar infrastruchtúr é nó ar seirbhísí iad a bhfuil luach iomlán ar a laghad EUR 125 000 air nó orthu. |
Réimse 2. Infrastruchtúr teileachumarsáide agus seirbhísí
|
1. |
Oiliúint 40 uair ar a laghad i mbainistiú seirbhísí. |
|
2. |
Oiliúint 40 uair ar a laghad i mbainistiú tionscadal. |
|
3. |
Oiliúint 20 uair ar a laghad i slándáil TF. |
|
4. |
Taithí ar thionscadal in ailtireacht agus i bhforbairt gréasáin nó infrastruchtúir nó seirbhíse teileachumarsáide a bhainistiú, a raibh buiséad iomlán tionscadail ar a laghad EUR 200 000 i gceist leis. |
|
5. |
Ar a laghad 2 bhliain taithí ar bhainistiú seirbhíse ar seirbhís gréasáin nó teileachumarsáide í a raibh costas iomlán bliantúil ar a laghad EUR 500 000 ag baint léi nó ar fhoireann seirbhíse ar a raibh cúigear ar a laghad. |
|
6. |
Ar a laghad 2 bhliain taithí praiticiúla ar shlándáil ghréasáin nó teileachumarsáide. |
|
7. |
Ar a laghad 2 bhliain taithí ar chomhairliúchán teicniúil maidir le hinfrastruchtúr nó seirbhísí teileachumarsáide nó gréasáin. |
|
8. |
Ar a laghad 2 bhliain taithí ar bhainistiú gréasáin ina raibh ar a laghad 100 gléas gréasáin (lasca, ródairí, ballaí dóiteáin, seachfhreastalaithe, etc.). |
|
9. |
Taithí ar nós imeachta an tsoláthair phoiblí (bíodh sin ar thaobh an cheannaitheora nó ar thaobh an tsoláthróra) agus freagracht as gnéithe teicniúla agus gnéithe tionscadail/seirbhíse infrastruchtúir theileachumarsáide nó ghréasáin nó seirbhísí teileachumarsáide nó gréasáin a bheith i gceist léi, ar infrastruchtúr é nó ar seirbhísí iad a bhfuil luach iomlán ar a laghad EUR 125 000 air nó orthu. |
Réimse 3. Córais faisnéise
|
1. |
Oiliúint 40 uair ar a laghad i mbainistiú tionscadal. |
|
2. |
Oiliúint 20 uair ar a laghad i modheolaíocht forbartha bogearra. |
|
3. |
Taithí ar thionscadal in ailtireacht agus i bhforbairt córais faisnéise a bhainistiú, ar tionscadal é a raibh buiséad iomlán tionscadail ar a laghad EUR 500 000 i gceist leis nó saothar iomlán ar a laghad 5 bhliain-duine. |
|
4. |
Ar a laghad 2 bhliain taithí praiticiúla ar anailís ar riachtanais ghnó. |
|
5. |
Ar a laghad 2 bhliain taithí praiticiúla ar ailtireacht fiontar. |
|
6. |
Ar a laghad 2 bhliain taithí praiticiúla ar fhorbairt feidhmeanna gréasáin. |
|
7. |
Ar a laghad 2 bhliain taithí praiticiúla ar fhorbairt feidhmeanna ilmheánacha. |
|
8. |
Ar a laghad 2 bhliain taithí ar chomhairliúchán teicniúil maidir le forbairt córas faisnéise. |
|
9. |
Taithí ar nós imeachta an tsoláthair phoiblí (bíodh sin ar thaobh an cheannaitheora nó ar thaobh an tsoláthróra), agus freagracht as gnéithe teicniúla agus gnéithe tionscadail/seirbhíse forbartha córas faisnéise a bheith i gceist léi, ar forbairt í a bhfuil luach iomlán ar a laghad EUR 125 000 uirthi. |
EPSO/AD/229/11 (AD 7)
COMHAR AGUS BAINISTIÚ NA CABHRACH DO THRÍÚ TÍORTHA
1. Dualgais
Beidh ar na hoifigigh tascanna i réimse an chomhair um fhorbairt a dhéanamh, tascanna amhail iad seo a gcuirtear síos orthu chun críche léiriúcháin mar seo a leanas:
|
— |
cuidiú le beartais forbartha a fhorbairt, lena n-áirítear beartais earnálacha, agus le comhphlé beartas le comhpháirtithe agus geallsealbhóirí ábhartha, |
|
— |
páirt a ghlacadh i sainaithint agus i gcur le chéile tionscadal agus clár comhair um fhorbairt, lena n-áirítear tograí agus comhaontuithe maidir le maoiniú a ullmhú, |
|
— |
bainistiú oibríochtúil ar thionscadail agus ar chláir chomhair um fhorbairt, lena n-áirítear téarmaí tagartha a dhréachtú, glaonna ar thairiscintí a eagrú, conarthaí a dhéanamh agus maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme conarthaí, lena n-áirítear tuairiscí a fhormheas, íocaíochtaí agus dúnadh conarthaí, |
|
— |
bainistiú oibríochtúil clár tacaíochta buiséid (cláir ghinearálta agus cláir earnálacha) le haghaidh comhair um fhorbairt, |
|
— |
faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar thionscadail agus ar chláir chomhair um fhorbairt, |
|
— |
teagmháil a dhéanamh leis na gníomhaithe ábhartha ar fad amhail contrapháirtithe rialtais, eagraíochtaí idirnáisiúnta agus réigiúnacha, na Ballstáit agus an tsochaí shibhialta i réimse an chomhair um fhorbairt, |
|
— |
bheith i gceannas foirne bige comhoibrithe, |
|
— |
obair a dhéanamh maidir le comhar um fhorbairt i roinn oibríochtúil i dtoscaireacht de chuid an Aontais Eorpaigh. |
Nuair a shíníonn na hiarrthóirí an t-iarratas, glacann siad leis go mbeidh siad faoi réir na hoibleagáide páirt a ghlacadh i dtoscaireacht (go príomha sna tíortha i mbéal forbartha) de chuid an Aontais Eorpaigh má earcaítear iad. Is le haghaidh post sa Choimisiún atá na hearcaíochtaí beartaithe.
2. Cáilíochtaí
Leibhéal oideachais ar aon dul le cúrsa iomlán ollscoile 4 bliana nó níos mó agus céim i gceann amháin de na disciplíní seo a leanas, nó i roinnt díobh, bainte amach ag a dheireadh: an innealtóireacht, forbairt na tuaithe, an agranamaíocht, an t-iascach, an bainistiú foraoisí, an comhshaol, acmhainní nádúrtha, an t-athrú aeráide, an fuinneamh, an t-oideachas, an tsláinte, an eacnamaíocht, an dlí, na heolaíochtaí sóisialta, an riarachán gnó, an fhorbairt.
NÓ
Leibhéal oideachais ar aon dul le cúrsa iomlán ollscoile 3 bliana ar a laghad agus céim i gceann amháin de na disciplíní seo a leanas, nó i roinnt díobh, bainte amach ag a dheireadh: an innealtóireacht, forbairt na tuaithe, an agranamaíocht, an t-iascach, an bainistiú foraoisí, an comhshaol, acmhainní nádúrtha, an t-athrú aeráide, an fuinneamh, an t-oideachas, an tsláinte, an eacnamaíocht, an dlí, na heolaíochtaí sóisialta, an riarachán gnó, an fhorbairt, agus taithí oibre aon bhliain amháin ar a laghad a bhaineann le dualgais an phoist agus a fuarthas i ndiaidh na céime sin.
NB: Cuid dhílis den chéim is ea an t-íosmhéid bliana amháin taithí oibre agus ní féidir í a áireamh sa taithí oibre a éilítear thíos.
3. Taithí oibre
Ar a laghad 6 bliana taithí oibre i réimse an chomhair um fhorbairt i gceann amháin nó níos mó de na hearnálacha seo a leanas: an mhaicreacnamaíocht, bainistíocht an airgeadais phoiblí, athchóiriú na hearnála poiblí, an earnáil phríobháideach, an trádáil, an lánpháirtiú réigiúnach, an comhshaol agus acmhainní nádúrtha, an t-athrú aeráide, an fuinneamh, an t-infrastruchtúr, cúrsaí iompair, cúrsaí uisce, forbairt na tuaithe, an tslándáil bia, laghdú rioscaí tubaiste, an talmhaíocht, an fhoraoiseacht, an t-iascach, an rialachas, cearta daonna, toghcháin, an pharlaimint, na breithiúna, an tsláinte, an t-oideachas, an comhtháthú sóisialta, cúrsaí inscne, leanaí, pobail dúchais, dílárú agus údaráis áitiúla.
Níor mhór go mbeadh an t-iarrthóir tar éis 4 bliana ar a laghad de 6 bliana taithí a chaitheamh ag obair ar thionscadal nó ar chlár i dtír i mbéal forbartha agus 2 bhliain de na 4 bliana sin mar cheann foirne.
Níl an taithí oibre sin ábhartha más rud é go bhfuarthas í sular baineadh amach an chéim a thug cead isteach sa chomórtas don iarrthóir.
4. Critéir roghnúcháin
Agus an roghnú ar bhonn cáilíochtaí á dhéanamh aige, cuirfidh an bord roghnúcháin na critéir seo a leanas san áireamh:
|
1. |
Eolas ar cheann amháin nó níos mó de na teangacha seo a leanas (is féidir do phríomhtheanga agus/nó do dhara teanga a bheith ar áireamh sna teangacha sin): an Béarla, an Fhraincis, an Phortaingéilis nó an Spáinnis (an t-íosleibhéal is gá: B2 de Chomhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha (CCT)). |
|
2. |
Céim bhreise nó teastas breise a bhfuil baint aici nó aige leis na dualgais agus a fuarthas i gceann amháin de na réimsí seo: an innealtóireacht, forbairt na tuaithe, an agranamaíocht, an tslándáil bia, laghdú rioscaí tubaiste, an t-iascach, an bainistiú foraoisí, an comhshaol, acmhainní nádúrtha, an t-athrú aeráide, an fuinneamh, an t-oideachas, an tsláinte, an eacnamaíocht, an dlí, na heolaíochtaí sóisialta, an riarachán gnó, an staidéar ar fhorbairt. |
|
3. |
Taithí ar bheith ag obair i gceanncheathrú eagraíochta idirnáisiúnta nó gníomhaireachta/aireachta déthaobhaí cabhrach. |
|
4. |
Taithí breise oibre a bhfuil cruthúnas tugtha ina leith (anuas ar na 4 bliana a éilítear i bpointe 3 thuas) ar thionscadail nó ar chláir a bhainistiú i dtíortha i mbéal forbartha. |
|
5. |
Taithí ar bheith ag obair in ionadaíocht tíre de chuid eagraíochta déthaobhaí nó iltaobhaí (toscaireacht AE, Ambasáid/oifig gníomhaireachta forbartha de chuid Bhallstát an AE, oifig réigiúnach de chuid na Náisiún Aontaithe nó a coibhéis). |
|
6. |
Taithí breise oibre a bhfuil cruthúnas tugtha ina leith (anuas ar an 2 bhliain a éilítear i bpointe 3 thuas) ar bheith i gceannas foirne. |
|
7. |
Taithí ar bheith ag obair agus úsáid á baint as modhanna éagsúla chun cabhair a chur ar fáil amhail cur chuige atá bunaithe ar thionscadal, cláir thacaíochta um bheartas earnálacha agus/nó tacaíocht buiséid. |
|
8. |
Taithí ar bheartais agus treoirlínte a dhréachtú d'eagraíochtaí déthaobhacha agus/nó iltaobhacha. |
|
9. |
Taithí ar obair a dhéanamh maidir le saincheisteanna a bhaineann le go leor réimsí: an daonlathas, an comhionannas inscne, inbhuanaitheacht an chomhshaoil agus an t-athrú aeráide, an dea-rialachas agus cearta daonna, cearta an linbh agus na bpobal dúchais, agus VEID/SEIF i dtionscadail agus i gcláir chomhair um fhorbairt. |
|
10. |
Taithí ar bheith ag obair i roinnt de na réimsí seo a leanas: an mhaicreacnamaíocht, bainistíocht an airgeadais phoiblí, athchóiriú na hearnála poiblí, an earnáil phríobháideach, an trádáil, an lánpháirtiú réigiúnach, an comhshaol agus acmhainní nádúrtha, an t-athrú aeráide, an fuinneamh, an t-infrastruchtúr, cúrsaí iompair, cúrsaí uisce, forbairt na tuaithe, an tslándáil bia, laghdú rioscaí tubaiste, an talmhaíocht, an fhoraoiseacht, an t-iascach, an rialachas, cearta daonna, toghcháin, an pharlaimint, na breithiúna, an tsláinte, an t-oideachas, an comhtháthú sóisialta, cúrsaí inscne, leanaí, pobail dúchais, dílárú agus údaráis áitiúla. |
|
11. |
Taithí phraiticiúil ar fhaireachán agus/nó ar mheastóireacht a dhéanamh ar thionscadail agus ar chláir chomhair um fhorbairt. |
|
12. |
Taithí ar bheith ag obair leis an earnáil phríobháideach i gcomhthéacs forbartha agus/nó le bainc idirnáisiúnta forbartha. |