15.12.2009   

GA

Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh

C NaN/1


FÓGRA UM CHOMÓRTAS OSCAILTE: CÚNTÓIR AIRGEADAIS

TAGAIRT: EF/TA/09/12

(2009/C 303 A/01)

Tá an Foras Eorpach um Dhálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú (Eurofound), atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath, Éire, ag iarraidh liosta ionadaithe iarrthóirí a chruthú don phost mar Chúntóir Airgeadais:

Ag brath ar an réimse oibre, d'fhéadfadh dualgais an phoist aon cheann, nó gach ceann, de na cúraimí seo a chuimsiú:

Íocaíochtaí nó idirbheart airgeadais a thosú,

Costais taistil na mball foirne a ríomh,,

Aisíocaíochtaí do shaineolaithe a thagann chuig cruinnithe Eurofound a ríomh,

Tacaíocht, maidir lena n-idirbhearta airgeadais, a thabhairt d'aonaid shanntá,

Dualgais ghinearálta bhuiséadacha, lena n-áirítear réamhthuar, monatóireacht agus tuairisciú;

Tacaíocht a thabhairt le saotharshreabhadh an riaracháin soláthair agus conraitheoireachta chomh maith le saotharshreabhadh cáipéisí,

Comhairle a thabhairt maidir leis na rialacháin airgeadais, rialacha aisíocaíochta, treoirlínte soláthair, etc.

Tacaíocht rúnaíochta agus riaracháin a thabhairt don aonad ábhartha,

Plé a dhéanamh le teagmhálaithe inmhéanacha agus eachtracha trí ríomhphost, ar an nguthán, duine le duine, etc;

Cruinnithe agus taisteal gnó a ullmhú agus a eagrú,

Bunachair shonraí ábhartha a choimeád suas chun dáta,,

Dialanna a choimeád agus spriocdhátaí a bhaint amach,

Comhaid a ullmhú agus a choimeád suas chun dáta,,

Dualgais agus freagrachtaí eile a d'fhéadfaí a shannadh,

Tá an comórtas seo oscailte d'iarrthóirí a:

bhfuil saoránacht de cheann amháin de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh acu,

bhfuil teideal gach ceart mar shaoránach acu,

bhfuil gach dualgas de réir an dlí maidir le seirbhís mhíleata comhlíonta acu,

bheidh in ann teistiméireachtaí carachtair a thabhairt maidir lena n-oiriúnacht chun na dualgais atá sainithe a chomhlíonadh,

bhfuil eolas críochnúil acu ar theanga oifigiúil amháin an Aontais Eorpaigh agus eolas sásúil ar theanga eile an Aontais, chomh maith le heolas sármhaith ar an mBéarla ós é sin príomhtheanga Eurofound;

chríochnaigh ardleibhéal meánoideachais agus é sin dearbhaithe ag dioplóma a thabharfadh rochtain ar oideachas iarmheánoideachais;

bhfuil ar a laghad dhá bhliain de thaithí ábhartha acu.

Earcófar an té a cheapfar chuig Grúpa Feidhmíochta AST, Grád 1, mar Ghníomhaire Sealadach ar conradh aga éiginnte.

Is féidir sonraí iomlána an phoist chomh maith leis na nósanna imeachta iarratais agus roghnaithe a íoslódáil ón leathanach folúntas ar shuíomh gréasáin Eurofound: www.eurofound.europa.eu/about/vacancies/. Ba chóir d'iarrthóirí an fógra folúntais a léamh go cúramach mar ní ghlacfar le hiarratais neamhiomlána.

Ba chóir gach iarratas a chur isteach ar an bhfoirm iarratais oifigiúil ar féidir í a íoslódáil ón suíomh gréasáin freisin.

Spriocdháta le haghaidh iarratas: an 18 Eanáir 2010.