24.4.2009 |
GA |
Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh |
C NaN/2 |
FÓGRA UM CHOMÓRTAS OSCAILTE: OIFIGEACH CUNTASAÍOCHTA
TAGAIRT: EF/TA/08/05
(2009/C 95 A/02)
Tá an Foras Eorpach um Dhálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú (Eurofound), atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath, Éire, ag iarraidh Oifigeach Cuntasaíochta (F/B) a earcú.
Ag tuairisciú don Cheannaire Riaracháin, tá an tOifigeach Cuntasaíochta freagrach as an gcur i bhfeidhm ceart d'íocaíochtaí agus as ioncam a bhailiú chomh maith leis na cuntais a ullmhú, a láithriú agus a choimeád i gcomhréir le Rialachán Airgeadais Eurofound. Thairis sin, leagfaidh an tOifigeach Cuntasaíochta síos na rialacha agus modhanna cuntasaíochta chomh maith le cairt na gcuntas. Tá an sealbhóir oifige freagrach as an mbainistiú cistíochta agus imríonn sé/sí ról suntasach i rialachas ceart Eurofound.
Tá an comórtas seo oscailte d'iarrthóiríí a:
— |
bhfuil saoránacht de cheann amháin de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh acu; |
— |
bhfuil teideal gach ceart mar shaoránach acu; |
— |
bhfuil gach dualgas de réir an dlí maidir le seirbhís mhíleata comhlíonta acu; |
— |
bheidh in ann teistiméireachtaí carachtair a thabhairt maidir lena n-oiriúnacht chun na dualgais atá sainithe a chomhlíonadh; |
— |
bhfuil eolas críochnúil acu ar theanga oifigiúil amháin an Aontais Eorpaigh agus eolas sásúil ar theanga eile an Aontais, chomh maith le heolas sármhaith ar an mBéarla ós é sin príomhtheanga Eurofound. Buntáiste a bheadh ann inniúlacht sa Fhraincis a bheith acu; |
— |
Ardleibhéal meánoideachais críochnaithe go rathúil; |
— |
Cáilíocht ghairmiúil ábhartha; |
— |
Taithí oibre sé bliana ar a laghad acu lena n-áirítear taithí chuntasaíochta 3 bliana; |
Earcófar an té a cheapfar chuig Grúpa Feidhmíochta AST, Grád 4, mar Ghníomhaire Sealadach ar conradh aga éiginnte.
Is féidir sonraí iomlána ar an bpost chomh maith leis na gnásanna iarratais agus roghnaithe a íoslódáil ón leathanach folúntas ar láithreán gréasáin Eurofound: www.eurofound.europa.eu/about/vacancies/. Ba chóir d'iarrthóirí an fógra folúntais a léamh go cúramach mar dícháileofar iarratais neamhiomlána.
Ba chóir gach iarratas a chur isteach ar an bhfoirm iarratais oifigiúil ar féidir í a íoslódáil ón láithreán gréasáin freisin.
Spriocdháta le haghaidh iarratas: 24 Bealtaine 2009.