BREITHIÚNAS NA CÚIRTE GINEARÁLTA (an Tríú Dlísheomra, ina bhfuil cúigear Breithiúna ina suí)
17 Meitheamh 2026 ( *1 )
(an tSeirbhís Shibhialta – Baill foirne ar conradh – Luach saothair – Diúltú sochar sóisialta a dheonú – Baill foirne an Choimisiúin atá sannta do Lucsamburg – Bunús dlí na caingne – Cinneadh intuigthe maidir le diúltú – An oibleagáid cúiseanna a lua – Mainneachtain aon chúiseanna a lua – É sin a chur ina cheart i ndiaidh thionscnamh na caingne – Inniúlacht theoranta – Dliteanas)
I gCás T‑121/25,
Asma Gharbi, atá ina cónaí in Steinfort (Lucsamburg), dá ndéanann L. Levi agus S. Rodrigues, abhcóidí, ionadaíocht
iarratasóir,
v
an Coimisiún Eorpach, dá ndéanann O. Dani agus L. Hohenecker ionadaíocht, i gcáil Gníomhairí,
cosantóir,
tugann AN CHÚIRT GHINEARÁLTA (an Tríú Dlísheomra ina bhfuil cúigear Breithiúna ina suí),
agus í comhdhéanta mar seo a leanas: K. Kowalik-Bańczyk, Uachtarán, I. Reine, R. da Silva Passos, H. Cassagnabère (Rapóirtéir) agus T. Pavelin, Breithiúna,
Cláraitheoir: V. Di Bucci,
ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn, lena n‑áirítear na ceisteanna a chuir an Chúirt Ghinearálta ar an iarratasóir agus ar an gCoimisiún agus na freagraí ar na ceisteanna sin, a taisceadh i gClárlann na Cúirte an 13 agus an 11 Samhain 2025 faoi seach,
ag féachaint don fhíoras nár thíolaic na páirtithe aon iarraidh ar éisteacht laistigh de thréimhse 3 seachtaine ón am a tugadh fógra faoi chlabhsúr an chuid i scríbhinn den nós imeachta, agus tar éis a chinneadh rialú ar an gcaingean gan an chuid ó bhéal den nós imeachta, de bhun Airteagal 106(3) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta,
an Breithiúnas seo a leanas:
Breithiúnas
|
1 |
Lena caingean bunaithe ar Airteagal 270 CFAE, iarrann an t‑iarratasóir, Asma Gharbi, ar an gcéad dul síos, go gcuirfear ar neamhní a duillín pá le haghaidh mhí na Bealtaine 2024 (‘an duillín pá’) a mhéid a léirítear an cinneadh ón gCoimisiún Eorpach gan an sochar sóisialta dá bhforáiltear do na baill foirne atá sannta do Lucsamburg a bhfuil a nglanphá arna ríomh i gcomhréir le Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh (‘na Rialacháin Foirne’) nó le Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais (‘CFSE’) faoi bhun an mhéid a d’íocfaí le fostaí oilte a fhaigheann an pá íosta i Lucsamburg agus, ar an dara dul síos, a ordú don Choimisiún 1 euro siombalach a íoc as an damáiste morálta a mheasann sí a bhain di. |
Cúlra na díospóide agus na fíorais i ndiaidh an chaingean a thionscnamh
|
2 |
Chuaigh an t‑iarratasóir isteach i seirbhís na hOifige ‘Bonneagair agus lóistíocht’ i Lucsamburg (OIL) an 16 Aibreán 2024 i gcáil ball foirne ar conradh ar bhonn páirtaimseartha (80%) agus aicmíodh í i bhfeidhmghrúpa II, grád 5, céim 1. |
|
3 |
Ar a céad duillín pá, a eisíodh an 5 Bealtaine 2024, thug an t‑iarratasóir faoi deara nach bhfuair sí an sochar sóisialta míosúil dá bhforáiltear le Cinneadh C(2015) 4907 final ón gCoimisiún an 22 Iúil 2015 maidir le sochar sóisialta a íoc le baill foirne áirithe den Choimisiún atá sannta do Lucsamburg (‘Cinneadh 2015’) ar mhaithe le gníomhairí a bhfuil a nglanphá faoi bhun an ghlanphá a gheobhadh fostaí cáilithe a fhaigheann an t‑íosphá i Lucsamburg (‘an sochar sóisialta’). |
|
4 |
Mar a luaitear in aithris 4 de Chinneadh 2015, glactar an beart dá bhforáiltear leis an gcinneadh sin i ndiaidh comparáid a dhéanamh, a bhfuil sé éigeantach don Choimisiún é a dhéanamh, idir staid phearsanta gach baill foirne atá sannta do Lucsamburg agus cás hipitéiseach ina bhfostófaí an ball foirne sin faoi dhlí Lucsamburg agus ina bhfaigheadh sé an pá sóisialta íosta dá bhforáiltear le haghaidh oibrí oilte. Mar chuid den chomparáid sin, ní mór na hasbhaintí agus na liúntais dá bhforáiltear sa dá chás a chur san áireamh. |
|
5 |
I gcomhréir le hAirteagal 1 de Chinneadh 2015, dhréachtaigh an tArd-Stiúrthóir atá freagrach as acmhainní daonna liosta cuimsitheach de na gnéithe atá le cur san áireamh chun an glanphá a fuair gach ball foirne agus an pá íosta sóisialta comhfhreagrach i Lucsamburg a ríomh, in iarscríbhinn leis an gcinneadh ón Ard-Stiúrthóir Acmhainní Daonna agus Slándála arna ghlacadh an 22 Feabhra 2017 lena sonraítear na gnéithe atá le cur san áireamh chun an méid tagartha a ríomh le haghaidh gach baill foirne agus an pá íosta comhfhreagrach i Lucsamburg chun críoch na comparáide dá bhforáiltear le Cinneadh 2015 (‘Cinneadh 2017’). |
|
6 |
An 1 Eanáir 2024, b’ionann an pá íosta sóisialta comhlán i Lucsamburg d’oibrí oilte os cionn 18 mbliana d’aois agus EUR 3 085.11 in aghaidh na míosa le haghaidh post lánaimseartha (eadhon 40 uair in aghaidh na seachtaine). Luaitear sa duillín pá ‘tuarastal tagartha’ EUR 2 749.58. |
|
7 |
Agus í den tuairim gur cheart go mbeadh an sochar sóisialta á fháil aici, thaisc an t‑iarratasóir, an 10 Iúil 2024, gearán ar bhonn Airteagal 90(2) de na Rialacháin Foirne, chun críoch an duillín pá a chur ar neamhní. |
|
8 |
Ós rud é nár tugadh aon fhreagra laistigh den tréimhse 4 mhí i ndiaidh don iarratasóir an gearán a thaisceadh, tugadh cinneadh intuigthe maidir le diúltú an 10 Samhain 2024 (‘an cinneadh intuigthe maidir le diúltú’). |
|
9 |
D’ainneoin go leor comhfhreagras leis an gCoimisiún inar iarr an t‑iarratasóir freagra sainráite ón institiúid sin, níor glacadh cinneadh sainráite chun diúltú dá gearán (‘an cinneadh sainráite’) go dtí an 19 Feabhra 2025, eadhon an lá a taisceadh an chaingean seo, agus níor tugadh fógra di ina leith go dtí an lá dar gcionn. |
An t‑ordú atá á lorg ag na páirtithe
|
10 |
Iarrann an t‑iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
|
|
11 |
Iarrann an Coimisiún ar an gCúirt Ghinearálta:
|
An dlí
Bunús dlí na caingne
|
12 |
Ar an gcéad leathanach den iarratas, luaitear go ndéantar an t‑iarratas sin ‘de bhun Airteagail 263, 268 agus 340 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh’. |
|
13 |
I gcorp an iarratais, tagraíonn an t‑iarratasóir go sainráite, roinnt uaireanta, d’Airteagail 90 agus 91 de na Rialacháin Foirne, lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 270 CFAE (féach breithiúnas an 10 Meán Fómhair 2015, Réexamen Missir Mamachi di Lusignano v an Coimisiún, C‑417/14 RX-II, EU:C:2015:588, mír 30 agus an cásdlí dá dtagraítear). Thairis sin, lean sí na nósanna imeachta dá bhforáiltear sna hairteagail sin maidir leis an ngearán roimh ré agus na tréimhsí éagsúla a fhorordaítear a chomhlíonadh. |
|
14 |
Nuair a cuireadh ceist uirthi maidir le bunús dlí a caingne trí bheart eagrúcháin nós imeachta an 29 Deireadh Fómhair 2025, dheimhnigh an t‑iarratasóir gur cheart a mheas go ndearnadh an t‑iarratas sin ar bhonn Airteagal 270 CFAE. Is ar bhonn an Airteagail sin a láimhseáil an Coimisiún an chaingean ‘i bhfianaise ábhar an iarratais’. |
|
15 |
Dá réir sin, ní mór a mheas gur taisceadh an chaingean seo ar bhonn Airteagal 270 CFAE. |
An t‑iarratas ar neamhniú
Ábhar na díospóide a mhéid a bhaineann leis an iarratas ar neamhniú
|
16 |
Díríonn an t‑iarratasóir a caingean i gcoinne a duillín pá agus i gcoinne an chinnidh intuigthe maidir le diúltú. |
|
17 |
De réir cásdlí socair, is cuid de nós imeachta casta é an gearán riaracháin, dá dtagraítear in Airteagal 90(2) de na Rialacháin Foirne, agus diúltú an ghearáin sin, bíodh sin go sainráite nó go hintuigthe, agus níl iontu ach réamhchoinníoll chun an t‑ábhar a chur faoi bhráid na cúirte. Sna himthosca sin, tá sé d’éifeacht ag caingean, fiú i gcás ina bhfuil sí dírithe go foirmiúil i gcoinne dhiúltú an ghearáin, go gcuirtear an gníomh lena ndéantar dochar don iarratasóir a ndearnadh an gearán ina choinne faoi bhráid na cúirte, seachas sa chás ina bhfuil raon feidhme difriúil aige i gcomparáid leis an ngníomh ar díríodh an gearán ina choinne (féach breithiúnas an 8 Iúil 2020, WH v EUIPO, C‑138/19, nár foilsíodh, EU:C:2020:316, mír 33 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
18 |
Sa chás seo, leis an gcinneadh intuigthe maidir le diúltú, deimhnítear an duillín pá ar chuir an t‑iarratasóir ina choinne. Dá bhrí sin, níl ábhar neamhspleách san ordú atá á lorg ag an iarratasóir i ndail leis ain gcinneadh intuigthe maidir le diúltú agus, dá réir sin, ní mór a mheas go bhfuil siad dírithe go foirmiúil i gcoinne an duillín pá. |
An tsaincheist dlí, arna hardú ex officio, bunaithe ar shárú ar an oibleagáid cúiseanna a lua
|
19 |
Mar a luaitear i mír 9 thuas, thaisc an t‑iarratasóir an chaingean seo i gcoinne an duillín pá le hiarratas a taisceadh i gClárlann na Cúirte Ginearálta an 19 Feabhra 2025. |
|
20 |
Ba ar an 19 Feabhra 2025 freisin a ghlac an Coimisiún an cinneadh sainráite ina luaitear, den chéad uair, na cúiseanna nach ndearnadh foráil sa duillín pá maidir leis an sochar sóisialta a íoc. Níor tugadh fógra i leith an chinnidh sin don iarratasóir ach an lá dar gcionn. |
|
21 |
Is cásdlí socair é go mbaineann easpa cúiseanna nó cúiseanna neamhleora le sárú ar cheanglais fhíor-riachtanacha nós imeachta agus gur ábhar beartais phoiblí é nach mór do Chúirteanna an Aontais Eorpaigh a ordú ex officio (féach, chuige sin, breithiúnas an 13 Deireadh Fómhair 2021, Simpson v an Chomhairle, T‑646/16 P RENV-RX, nár foilsíodh, EU:T:2021:692, mír 46 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
22 |
Is bunphrionsabal de dhlí an Aontais í an oibleagáid cúiseanna a lua atá ina cheangal de bhun Airteagal 296 CFAE agus dá bhforáiltear le hAirteagal 41(2)(c) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Maidir le hoifigigh, go sonrach, leagtar síos an oibleagáid cúiseanna a lua sa dara mír d’Airteagal 25 de na Rialacháin Foirne agus, a mhéid a bhaineann leis na cinntí a glacadh i ndiaidh gearáin, sa dara fomhír d’Airteagal 90(2) de na Rialacháin Foirne. |
|
23 |
Ní mór a choinneáil i gcuimhne go bhfuil sé de chuspóir ag an oibleagáid cúiseanna a lua, ar an gcéad dul síos, léargas leordhóthanach a thabhairt don duine lena mbaineann chun bunús an chinnidh a mheas agus an iomchuí imeachtaí breithiúnacha a thionscnamh chun cur i gcoinne a dhlíthiúlachta agus, ar an dara dul síos, ionas go bhféadfaidh cúirteanna an Aontais athbhreithniú a dhéanamh (féach, chuige sin, breithiúnas an 11 Iúil 2002, Mavromichalis v an Coimisiún, T‑263/01, EU:T:2002:194, mír 18 agus an cásdlí dá dtagraítear). Sna himthosca sin, tá tábhacht ar leith ag baint le cúiseanna a lua le cinneadh institiúide, comhlachta, oifige nó gníomhaireachta de chuid an Aontais, a mhéid is ceann de na coinníollacha i ndáil le héifeachtacht an athbhreithnithe bhreithiúnaigh arna ráthú le hAirteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha (féach, chuige sin, breithiúnas an 16 Feabhra 2023, an Coimisiún v an Iodáil, C‑635/20 P, EU:C:2023:98, mír 95 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
24 |
Ní mór an ráiteas ar chúiseanna a cheanglaítear le hAirteagal 296 CFAE a bheith iomchuí do chineál an bhirt atá i gceist agus don chomhthéacs inar glacadh é. Ní mór an ceanglas chun cúiseanna a lua a mheas trí thagairt a dhéanamh d’imthosca nithiúla an cháis, lena n‑áirítear ábhar an bhirt atá i gceist, cineál na gcúiseanna a tugadh agus an leas a d’fhéadfadh a bheith ag an seolaí i mínithe a fháil (féach breithiúnas an 13 Márta 2025, PKK v an Chomhairle, C‑72/23 P, EU:C:2025:182, mír 142 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
25 |
Cé gur fíor nach bhfuil sé de cheangal ar an údarás ceapacháin, go ginearálta, freagra a thabhairt ar ghearán, ní hamhlaidh atá i gcás nach bhfuil cúiseanna leis an gcinneadh. Ní mór cúiseanna a lua, ar a dhéanaí, agus an gearán á dhiúltú (féach, chuige sin, breithiúnas an 11 Iúil 2002, Mavromichalis v an Coimisiún, T‑263/01, EU:T:2002:194, mír 19 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
26 |
Ní féidir mainneachtain aon chúiseanna a lua roimh thaisceadh caingne a leigheas le mínithe ón údarás ceapacháin i ndiaidh thaisceadh na caingne (féach, chuige sin, breithiúnas an 23 Meán Fómhair 2004, Hectors v an Pharlaimint, C‑150/03 P, EU:C:2004:555, mír 50 agus an cásdlí dá dtagraítear, agus an 28 Feabhra 2008, Neirinck v an Coimisiún, C‑17/07 P, EU:C:2008:134, mír 50 agus an cásdlí dá dtagraítear), nó bheadh baol ann go bhfágfaí doiléir leithdháileadh na n‑inniúlachtaí idir an riarachán agus cúirteanna an Aontais, go lagófaí an t‑athbhreithniú breithiúnach agus go gcuirfí i mbaol feidhmiú an chirt chun caingean a thionscnamh (breithiúnas an 11 Meitheamh 2020, an Coimisiún v Di Bernardo, C‑114/19 P, EU:C:2020:457, mír 58). Ag an gcéim sin, ní chomhlíonann mínithe den sórt sin an fheidhm dhúbhailte atá acu, a thugtar chun cuimhne i mír 23 thuas. |
|
27 |
Ina theannta sin, dá bhféadfaí mainneachtain aon chúiseanna a lua a chur ina ceart i ndiaidh an chaingean a thaisceadh, shárófaí cearta na cosanta, ós rud é go mbainfí an deis den iarratasóir a argóintí a chur in iúl i gcoinne an ráitis ar na cúiseanna, de bharr nach gcuirfí é ar an eolas faoi go dtí go mbeadh an t‑iarratas taiscthe. Chuirfí isteach ar phrionsabal chomhionannas na bpáirtithe os comhair chúirteanna an Aontais dá dheasca (féach, chuige sin, breithiúnas an 8 Deireadh Fómhair 2008, Barbin v an Pharlaimint, F‑81/07, EU:F:2008:125, mír 28 agus an cásdlí dá dtagraítear, agus ordú an 8 Márta 2012, Marcuccio v an Coimisiún, T‑126/11 P, EU:T:2012:115, mír 47 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
28 |
Ní mór a lua freisin, i gcás diúltú intuigthe, agus gan chúiseanna mar sin, do ghearán arna dhéanamh i gcoinne cinneadh nach bhfuil cúiseanna luaite leis, gurb é iompar an riaracháin a rannchuidíonn go cinntitheach le teacht chun cinn na díospóide a mhéid a bhíonn ar an iarratasóir, in éagmais freagairt ar a ghearán laistigh de na tréimhsí dá bhforáiltear le hAirteagal 90(2) de na Rialacháin Foirne, an t‑ábhar a chur faoi bhráid na Cúirte Ginearálta chun ráiteas bailí ar na cúiseanna leis an gcinneadh a ghlacadh ina leith a fháil. Is mó is cúis aiféala é sin ós é is cuspóir le comhlíonadh na hoibleagáide atá ar an riarachán cúiseanna a lua le linn na céime réamhdhlíthíochta a chur ar chumas an duine lena mbaineann raon feidhme an chinnidh a glacadh ina choinne a thuiscint agus, i gcás inarb iomchuí, a chur ina luí air go bhfuil bunús leis an gcinneadh sin, ar mhaithe le díospóid chúirte a sheachaint (féach, chuige sin, breithiúnais an 15 Meán Fómhair 2005, Casini v an Coimisiún, T‑132/03, EU:T:2005:324, mír 34, agus an 26 Deireadh Fómhair 2017, Paraskevaidis v Cedefop, T‑601/16, EU:T:2017:757, mír 42). |
|
29 |
Sa chás seo, de réir a nádúir, ní thugtar aon chúiseanna sa duillín pá. Thairis sin, aontaítear gur mhainnigh an Coimisiún a fhreagra ar ghearán an iarratasóra a sheirbheáil laistigh den tréimhse fhorordaithe, agus is ionann sin agus cinneadh intuigthe maidir le diúltú. |
|
30 |
Thairis sin, is léir ón gcáschomhad a cuireadh faoi bhráid na Cúirte Ginearálta gur dhearbhaigh an Coimisiún in go leor ríomhphost chuig an iarratasóir ‘ar chúiseanna eisceachtúla, ní raibh sé d’acmhainn ag an [údarás ceapacháin] freagra a thabhairt ar an ngearán’, ach ‘mar [a gheall siad], go [bhfaigheadh] [an t‑iarratasóir] freagra roimh an 19 Feabhra’, eadhon an lá roimh an teorainn ama a bhí ag an iarratasóir chun caingean a thionscnamh os comhair na Cúirte Ginearálta. Ní mór a thabhairt faoi deara, áfach, d’ainneoin an ghealltanais sin, nár ghlac an Coimisiún cinneadh den sórt sin go dtí an 19 Feabhra 2025 ag 23.10. |
|
31 |
Is léir gur cuireadh d’oibleagáid ar an iarratasóir, le glacadh an chinnidh shainráite tráth chomh déanach leis an 19 Feabhra 2025, cé go ndeachaigh an tréimhse chun caingean a thionscnamh an lá dar gcionn agus gur gheall an Coimisiún go sainráite freagra a sheoladh roimh an dáta sin, ar an iarratasóir, in éagmais aon mhíniú ón riarachán, a caingean a thaisceadh os comhair na Cúirte Ginearálta i gcoinne an duillín pá agus an chinnidh intuigthe, nár tugadh aon chúiseanna le ceachtar acu. |
|
32 |
Ina theannta sin, ní mór a mheabhrú, cé go n‑údaraítear an t‑údarás atá údaraithe chun conarthaí fostaíochta a thabhairt i gcrích cinneadh réasúnaithe a ghlacadh mar fhreagra ar an ngearán le linn na tréimhse 3 mhí a fhorordaítear le hAirteagal 91(3) de na Rialacháin Foirne, ní thairgtear an fhéidearthacht sin ach fad nár thaisc an t‑iarratasóir caingean (féach, chuige sin, breithiúnas 11 Iúil 2002, Mavromichalis v an Coimisiún, T‑263/01, EU:T:2002:194, mír 27, agus an 12 Feabhra 1992, Volger v an Pharlaimint, T‑52/90, EU:T:1992:12, mír 40). |
|
33 |
Is mó is cúis aiféala é dearcadh an Choimisiúin gur leor, sa chás seo, go gcuirfeadh sé in iúl don duine atá i gceist gabháil scáileáin de na hionsamhluithe a rinneadh leis na huirlisí ríomhaireachta a bhí ar fáil dó ionas go bhféadfadh sé, ar an gcéad dul síos, a áirithiú go ndearnadh an chomparáid dá dtagraítear i mír 4 thuas agus, ar an dara dul síos, a bheith ar an eolas faoi na méideanna tagartha a roghnaíodh don chomparáid sin. |
|
34 |
Chuige sin, trí cheann de na hoibleagáidí is bunúsaí i ndáil lena ball foirne nuafhostaithe ar conradh a chomhlíonadh, trí fhreagra sainráite a thabhairt ar an ngearán, bheadh an deis ag an gCoimisiún freisin a fhíorú, ag an staid réamhdhlíthíochta, an bhfuil an cinneadh i gcomhréir le dlí an Aontais. |
|
35 |
Is léir ón méid seo thuas gur sháraigh an Coimisiún an oibleagáid a bhí air cúiseanna a lua, ionas nach mór an duillín pá a chur ar neamhní, trí fheidhmiú an dlí. |
|
36 |
Bíodh sin mar atá, ní mór a choinneáil i gcuimhne gur cinneadh nach raibh leas ag an iarratasóir i neamhniú an chinnidh atá faoi chonspóid i gcás, mar gheall ar a inniúlacht theoranta, go mbeadh ar an riarachán an cinneadh céanna maidir leis an tsubstaint a ghlacadh agus a bhí sa chinneadh atá faoi chonspóid má cuireadh ar neamhní é (féach, chuige sin, breithiúnas an 6 Iúil 1983, Geist v an Coimisiún, 117/81, EU:C:1983:191, mír 7; an 18 Nollaig 1992, Díaz García v an Pharlaimint, T‑43/90, EU:T:1992:120, mír 54, agus an 20 Meán Fómhair 2000, Orthmann v an Coimisiún, T‑261/97, EU:T:2000:212, mír 33). |
|
37 |
Mar sin féin, is léir nach raibh na lochtanna atá i gceist sna cásanna dá dtagraítear i mír 36 thuas de chineál go mbeadh tionchar acu ar an gcaingean arna tabhairt os comhair na Cúirte Ginearálta, ós rud é nár bhain siad an deis den iarratasóir a thuiscint cén critéar nár chomhlíon sí agus, dá bhrí sin, an cinneadh a glacadh ina leith. |
|
38 |
Is iomchuí, dá bhrí sin, an staid a bhaineann le hinniúlacht theoranta an Choimisiúin chun an cinneadh atá faoi chonspóid a ghlacadh agus na hiarmhairtí atá le baint as maidir leis an gcaingean seo a scrúdú. |
|
39 |
Bunaíodh an sochar sóisialta le Cinneadh 2015 agus, mar a luaitear i mír 5 thuas, socraíodh modhanna ríofa na luach saothair atá le cur i gcomparáid le Cinneadh 2017, nach bhfuil feidhm aige ach maidir le baill foirne an Choimisiúin. |
|
40 |
Foráiltear le Cinntí 2015 agus 2017 nach mór don riarachán staid phearsanta agus teaghlaigh an bhaill foirne atá i gceist a chur san áireamh agus a liostú, go cruinn, san iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2017, gach gné is gá a chur san áireamh chun an méid tagartha le haghaidh gach baill foirne agus an pá íosta sóisialta comhfhreagrach i Lucsamburg. |
|
41 |
Dá réir sin, ós rud é gur liosta cuimsitheach é an liosta dá dtagraítear i mír 40 thuas, ní mór a mheas nach raibh cumhacht lánroghnach ag an gCoimisiún sa chás seo, ach go raibh inniúlacht theoranta aige, ós rud é go raibh air an sochar sóisialta a dheonú i gcás ina raibh glanphá baill foirne lánaimseartha faoi bhun an luacha saothair a íoctar le hoibrí oilte ar phá íosta sóisialta i Lucsamburg, agus nach raibh air é a dheonú ina mhalairt de chás. |
|
42 |
Is amhlaidh fós go bhfuil sé de shaintréith ag an gcás seo go bhfuil go leor sonraí uimhriúla nach mór a shuimiú agus a dhealú leis an luach saothair atá le cur i gcomparáid i gcomhthéacs na comparáide dá dtagraítear i mír 4 thuas, a fhágann nach raibh an t‑iarratasóir in ann an ríomh is gá a dhéanamh í féin, go sách cinnte, chun a chinntiú nach raibh sí cáilithe don sochar sóisialta. Ní féidir neamhaird a dhéanamh ar na deacrachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag ball foirne, a fortiori tráth a fhostaítear é, mar ab amhlaidh i gcás an iarratasóra, nuair a fhaigheann sé a chéad duillín pá chun ní amháin an glanphá lánaimseartha a bhfuil sé i dteideal a fháil a ríomh, ach freisin an pá, nach bhfuil ach hipitéiseach, a bheadh á fháil aige dá mbeadh sé fostaithe faoi dhlí Lucsamburg. |
|
43 |
Is fíre sin fós ós rud é, chun an dá luach saothair nach mór comparáid a dhéanamh eatarthu mar a luaitear i mír 4 thuas a chinneadh, nach bhfuil Cinneadh 2017 teoranta do na luachanna saothair comhlána a chur san áireamh, ach go bhforáiltear do go leor asbhaintí cánach, ranníocaíochtaí sóisialta (breoiteacht, seanaois, cleithiúnas) agus sochair (teaghlaigh, sochair speisialta bhreise, tús na bliana scoile, etc.) atá infheidhme ag an gCoimisiún agus i Lucsamburg. |
|
44 |
Is fíor go bhfuil sé de cheangal ar oifigigh a fhaigheann sochar airgeadais, nó a éilíonn sochar airgeadais, iarracht áirithe machnaimh agus fíoraithe a dhéanamh i ndáil leis an íocaíocht a fhaigheann sé nó a bhfuil sé i gceist aige a fháil (féach, chuige sin, breithiúnas an 24 Bealtaine 2023, AL v an Coimisiún, T‑714/21, nár foilsíodh, EU:T:2023:282, mír 71 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
45 |
Ní mór a thabhairt faoi deara, áfach, sa chás seo, gurb é sin go díreach a rinne an t‑iarratasóir iarracht a dhéanamh trí ghearán a thaisceadh ar bhonn Airteagal 90(2) de na Rialacháin Foirne. Bhí na cúiseanna leis an bhfreagra ar an ngearán sin, sna himthosca sin, fíor-riachtanach chun go bhféadfadh sé na cúiseanna a thuiscint a measadh nach raibh sí incháilithe don sochar sóisialta. |
|
46 |
I ndáil leis sin, ní mór a thabhairt faoi deara, in éagmais aon chúiseanna ar chor ar bith, nár cuireadh ar chumas an iarratasóra a áirithiú, ar an gcéad dul síos, go ndearna an riarachán an chomparáid dá dtagraítear i mír 4 thuas, ansin, go raibh na ríomhanna a bhí ann ceart agus, ar deireadh, go raibh na cinntí ó 2015 agus 2017, a bhféadfadh sí cur i gcoinne a ndlíthiúlachta, de réir an dlí. |
|
47 |
I ndáil leis sin, ní mór a thabhairt faoi deara, ar an gcéad dul síos, gur féidir le ball foirne cur i gcoinne duillín pá a léiríonn, den chéad uair, seasamh an riaracháin i ndáil leis an sochar atá i gceist, a mhéid is gníomhartha deimhniúcháin amháin iad na duillíní pá ina dhiaidh sin ar an seasamh sin agus nach féidir caingean le haghaidh neamhniú a thionscnamh ina gcoinne (féach, chuige sin, breithiúnas an 7 Feabhra 2019, Arango Jaramillo agus páirtithe eile v an Banc Eorpach Infheistíochta, T‑487/16, nár foilsíodh, EU:T:2019:66, míreanna 38 go 41 agus an cásdlí dá dtagraítear), agus, ar an dara dul síos, faoin gcásdlí reatha, nach léir go bhféadfadh an t‑iarratasóir argóintí nua a ardú ag céim an fhreagra, rud nach mbeadh sásúil ar aon nós i bhfianaise na bprionsabal a mheabhraítear i míreanna 26 agus 28 thuas. |
|
48 |
Sna himthosca sin, agus i bhfianaise an fhíorais go raibh sé chomh casta sin an chomparáid a dhéanamh, mar a luaitear i mír 42 thuas, nár cuireadh ar chumas an iarratasóra an cinneadh a glacadh ina leith a thuiscint, is féidir go raibh iarmhairtí ar fheidhmiú an chirt chun leigheas éifeachtach a fháil ag an earráid a bhaineann le mainneachtain aon chúiseanna a lua, in imthosca sonracha an cháis seo. |
|
49 |
Dá mbeadh na cúiseanna maidir le neamhíocaíocht an tsochair shóisialta faighte ag an iarratasóir, chuirfí ar a cumas ní hamháin an cinneadh gan an sochar sóisialta a íoc léi, ach freisin measúnú a dhéanamh an ceart caingean bhreithiúnach a thaisceadh – i gcoinne a fhostóra nua féin – agus an bhfuil a cuid argóintí ábhartha, lena n‑áirítear na pléadálacha neamhdhealthachta, is féidir a ardú mar thaca leis. |
|
50 |
Is léir ón méid sin go léir roimhe seo nach mór an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní, agus nach gá scrúdú a dhéanamh ar na saincheisteanna eile mar thaca leis an gcaingean. |
An t‑ordú cúitimh atá á lorg
|
51 |
Iarrann an t‑iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta a ordú don Choimisiún 1 euro siombalach a íoc as an damáiste morálta a mheasann sí a bhain di. |
|
52 |
I ndáil leis sin, de réir cásdlí socair, is féidir gurb ionann neamhniú gnímh atá neamhdhleathach ann féin agus cúiteamh iomchuí agus, i bprionsabal, leordhóthanach i leith aon damáiste morálta a eascraíonn as an ngníomh sin, mura léiríonn an t‑iarratasóir go ndearnadh damáiste morálta dó nach féidir a chúiteamh go hiomlán leis an neamhniú sin (féach, chuige sin, ordú an 3 Meán Fómhair 2019, FV v an Chomhairle, C‑188/19 P, nár foilsíodh, EU:C:2019:690, mír 26, agus breithiúnas an 28 Aibreán 2021, Correia v CESE, T‑843/19, EU:T:2021:221, mír 86). |
|
53 |
Sa chás seo, is leor a thabhairt faoi deara nach léiríonn an t‑iarratasóir go bhféadfadh an damáiste morálta líomhainte a leigheas go hiomlán le neamhniú an chinnidh atá faoi chonspóid. |
|
54 |
Sna himthosca sin, measann an Chúirt Ghinearálta nach mór a mheas gurb é neamhniú an chinnidh atá faoi chonspóid ann féin leigheas iomchuí agus leordhóthanach ar an damáiste morálta a rinneadh. |
|
55 |
Is léir ón méid seo thuas nach mór diúltú don ordú cúitimh atá á lorg. |
Costais
|
56 |
Faoi Airteagal 134(1) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta, ordófar don pháirtí nár éirigh leis na costais a íoc má rinneadh iarratas orthu i bpléadálacha an pháirtí ar éirigh leis. Ós rud é nár éirigh leis an gCoimisiún, ní mór a ordú dó na costais a íoc, i gcomhréir leis an ordú atá á lorg ag an iarratasóir. |
|
Ar na forais sin, rialaíonn AN CHÚIRT GHINEARÁLTA (an Tríú Dlísheomra ina bhfuil cúigear Breithiúna ina suí) mar seo a leanas: |
|
|
|
|
Kowalik-Bańczyk Reine da Silva Passos Cassagnabère Pavelin Arna thabhairt i gcúirt oscailte i Lucsamburg, an 17 Meitheamh 2026. Sínithe |
( *1 ) Teanga an cháis: an Fhraincis.