Eagrán sealadach

BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Chéad Dlísheomra)

16 Iúil 2026 (1)

(Tarchur chun réamhrialú – Seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach – Treoir (AE) 2015/2366 – Pointe (3) d’Airteagal 4 – An coincheap ‘seirbhís íocaíochta’ – Pointe (24) d’Airteagal 4 – An coincheap ‘aistriú creidmheasa’ – Idirbheart eintitis idirmheánaigh a dhéantar faoi chonradh trípháirteach agus arb é atá ann cistí chliaint a shealbhú i gcuntas bainc an eintitis idirmheánaigh sin agus na cistí sin a aistriú chuig conraitheoir tar éis údarú a fháil ón gcliant – Aicmiú an idirbhirt – Easpa ‘seirbhís íocaíochta’)

I gCás C‑51/25,

IARRAIDH ar réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE, ó College van Beroep voor het bedrijfsleven (an Chúirt Achomhairc Riaracháin um Thrádáil agus Tionsclaíocht, an Ísiltír), trí bhreith an 28 Eanáir 2025, a fuarthas ag an gCúirt an 28 Eanáir 2025, sna himeachtaí

Betaal Garant Nederland CV

v

De Nederlandsche Bank NV,

idiragraithe:

Vereniging Eigen Huis,

tugann AN CHÚIRT (an Chéad Dlísheomra),

agus í comhdhéanta mar seo a leanas: F. Biltgen, Uachtarán Dlísheomra, T. von Danwitz, Leas-Uachtarán na Cúirte, ag feidhmiú mar Bhreitheamh den Chéad Dlísheomra, A. Kumin, S. Gervasoni agus M. Bošnjak (Rapóirtéir), Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: M. Campos Sánchez-Bordona,

Cláraitheoir: A. Lamote, Riarthóir,

ag féachaint don chuid i scríbhinn den nós imeachta agus tar éis éisteacht an 3 Nollaig 2025,

tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

–        De Nederlandsche Bank NV, ag G. Dictus agus A. Muhammad, advocaten,

–        Rialtas na hÍsiltíre, ag J. Langer agus C. S. Schillemans, i gcáil Gníomhairí,

–        Rialtas na Seice, ag J. Očková, M. Smolek agus J. Vláčil, i gcáil Gníomhairí,

–        Rialtas na hIodáile, ag S. Fiorentino, i gcáil Gníomhaire, le cúnamh ó E. Cicatelli, procuratore dello Stato, agus G. Iappelli, avvocato dello Stato,

–        Rialtas na hIorua, ag J. Høvik, E. Rikheim agus P. A. Tønnessen, i gcáil Gníomhairí,

–        an Coimisiún Eorpach, ag G. Goddin agus P. Vanden Heede, i gcáil Gníomhairí,

tar éis éisteacht le Tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 26 Feabhra 2026,

an Breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1        Baineann an iarraidh ar réamhrialú le léiriú ar phointe (3) d’Airteagal 4 de Threoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, lena leasaítear Treoracha 2002/65/CE, 2009/110/CE agus 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, agus lena n‑aisghairtear Treoir 2007/64/CE (IO 2015 L 337, lch. 35), arna léamh i gcomhar le pointe (3)(c) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2015/2366.

2        Rinneadh an iarraidh seo in imeachtaí idir Betaal Garant Nederland CV (‘Betaal Garant’), comhpháirtíocht theoranta arna rialú ag dlí na hÍsiltíre lena dtugtar ráthaíochtaí agus urraí do dhaoine aonair i ndáil le tionscadail tógála, agus De Nederlandsche Bank NV, banc ceannais na hÍsiltíre (‘DNB’), maidir le hurghaire, lena ngabhann íocaíocht phionósach thréimhsiúil, a forchuireadh ar Betaal Garant as sárú ar an reachtaíocht náisiúnta lena dtrasuitear Treoir 2015/2366, agus go sonrach, as gníomhaíocht an tsoláthraí seirbhísí íocaíochta a shaothrú, gan údarú.

 An dlí lena mbaineann

 Dlí an Aontais Eorpaigh

3        Foráiltear don mhéid seo a leanas le haithrisí 6 agus 24 de Threoir 2015/2366:

‘(6)      Ba cheart rialacha nua a bhunú, lena ndúnfar bearnaí rialála agus lena n‑áiritheofar soiléireacht dhlíthiúil níos fearr agus cur i bhfeidhm comhsheasmhach an chreata reachtaigh ar fud an Aontais [Eorpaigh]. Ba cheart coinníollacha oibríochta coibhéiseacha a ráthú, do na gníomhaithe atá sa mhargadh cheana agus do ghníomhaithe nua, ionas gur féidir le modhanna nua íocaíochta margadh níos leithne a bhaint amach, agus lena n‑áiritheofar ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí maidir leis na seirbhísí íocaíochta sin a úsáid ar fud an Aontais ina iomláine. Ba cheart é a bheith ina thoradh air sin go gcruthófar éifeachtúlachtaí sa chóras íocaíochta ina iomláine agus go mbeidh rogha níos mó seirbhísí íocaíochta ann, go mbeidh níos mó trédhearcachta ann ina leith, agus go gcuirfear leis an muinín a bhíonn ag tomhaltóirí as margadh íocaíochtaí comhchuibhithe.

[...]

(24)      Is gá catagóirí na soláthraithe seirbhísí íocaíochta a shonrú a fhéadfaidh seirbhísí íocaíochta a thairiscint go dlisteanach ar fud an Aontais, eadhon institiúidí creidmheasa a ghlacann taiscí ó úsáideoirí is féidir a úsáid chun idirbhearta íocaíochta a chistiú agus ar cheart dóibh leanúint de bheith faoi réir na gceanglas stuamachta a leagtar amach i dTreoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n‑aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO 2013 L 176, lch. 338)], institiúidí airgid leictreonaigh a eisíonn airgead leictreonach is féidir a úsáid chun idirbhearta íocaíochta a chistiú agus ar cheart dóibh leanúint de bheith faoi réir na gceanglas stuamachta a leagtar amach i dTreoir 2009/110/CE [ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le dul i mbun ghnó institiúidí airgid leictreonaigh, leanúint den ghnó sin a shaothrú agus maoirseacht stuamachta a dhéanamh air, lena leasaítear Treoir 2005/60/CE agus Treoir 2006/48/CE agus lena n‑aisghairtear Treoir 2000/46/CE (IO 2009 L 267, lch. 7)], institiúidí íocaíochta agus institiúidí gíoró postoifige atá i dteideal déanamh amhlaidh faoin dlí náisiúnta. Ba cheart feidhmiú an chreata dhlíthiúil sin a bheith teoranta do sholáthraithe seirbhíse a sholáthraíonn seirbhísí íocaíochta mar ghairm rialta nó mar ghníomhaíocht ghnó i gcomhréir leis an Treoir seo.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

4        Foráiltear mar seo a leanas in Airteagal 1(1) den Treoir sin, dar teideal ‘Ábhar’:

‘Bunaítear leis an Treoir seo na rialacha ar i gcomhréir leo a dhéanfaidh na Ballstáit idirdhealú idir na catagóirí soláthraithe seirbhísí íocaíochta seo a leanas:

(a)      institiúidí creidmheasa mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO 2013 L 176, lch. 1)];

(b)      institiúidí ríomh-airgid mar a shainmhínítear faoi phointe (1) d’Airteagal 2 de Threoir [2009/110] [...]

(c)      institiúidí gíoró postoifige [...]

(d)      institiúidí íocaíochta;

[...]’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

5        Foráiltear le hAirteagal 4 de Threoir 2015/2366, dar teideal ‘Sainmhínithe’, don mhéid seo a leanas:

‘Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

[...]

(3)      ciallaíonn “seirbhís íocaíochta” aon ghníomhaíocht ghnó a leagtar amach in Iarscríbhinn I;

(4)      ciallaíonn “institiúid íocaíochta” duine dlítheanach ar deonaíodh údarú dó i gcomhréir le hAirteagal 11 chun seirbhísí íocaíochta a sholáthar agus a fhorghníomhú ar fud an Aontais;

(5)      ciallaíonn “idirbheart íocaíochta” gníomh, arna thionscnamh ag íocóir nó thar a cheann nó ag an íocaí, lena gcuirtear, lena n‑aistrítear nó lena n‑aistarraingítear cistí, beag beann ar aon bhunoibleagáid idir an t‑íocóir agus an t‑íocaí;

[...]

(8)      ciallaíonn “íocóir” duine nádúrtha nó dlítheanach ag a bhfuil cuntas íocaíochta agus a cheadaíonn ordú íocaíochta ón gcuntas íocaíochta sin, nó, i gcás nach bhfuil cuntas íocaíochta ann, duine nádúrtha nó dlítheanach a thugann ordú íocaíochta;

(9)      ciallaíonn “íocaí” duine nádúrtha nó dlítheanach atá ceaptha mar fhaighteoir cistí lenar bhain idirbheart íocaíochta;

[...]

(11)      ciallaíonn “soláthraí seirbhíse íocaíochta” eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1) nó duine nádúrtha nó dlítheanach a thairbhíonn de dhíolúine faoi Airteagail 32 nó 33;

[...]

(13)      ciallaíonn “ordú íocaíochta” treoir ó íocóir nó íocaí dá sholáthraí seirbhísí íocaíochta ag iarraidh go ndéanfar idirbheart íocaíochta a fhorghníomhú;

[...]

(20)      ciallaíonn “tomhaltóir” duine nádúrtha atá ag gníomhú chun críocha seachas trádáil, gnó ná gairm an duine sin, i gconarthaí seirbhísí íocaíochta a chumhdaítear leis an Treoir seo;

[...]

(22)      ciallaíonn “seirbhís aistrithe luacha airgid” (money remittance) seirbhís íocaíochta faoina bhfaightear cistí ó íocóir, gan aon chuntais íocaíochta a chruthú in ainm an íocóra nó an íocaí, chun méid comhfhreagrach a aistriú chuig íocaí nó chuig soláthraí seirbhísí íocaíochta eile atá ag gníomhú thar ceann an íocaí, agus chuige sin amháin, nó seirbhís íocaíochta faoina bhfaightear na cistí sin thar ceann an íocaí agus a gcuirtear ar fáil don íocaí iad;

[...]

(24)      ciallaíonn “aistriú creidmheasa” seirbhís íocaíochta chun cuntas íocaíochta íocaí a chreidiúnú le hidirbheart íocaíochta nó sraith idirbheart íocaíochta ó chuntas íocaíochta íocóra arna dhéanamh ag an soláthraí seirbhíse íocaíochta ag a bhfuil cuntas íocaíochta an íocóra, bunaithe ar threoir ón íocóir;

[…]’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

6        De réir Iarscríbhinn I den Treoir sin:

‘Seirbhísí íocaíochta

(amhail dá dtagraítear i bpointe (3) d’Airteagal 4)

[...]

3.      Idirbhearta íocaíochta a fhorghníomhú, lena n‑áirítear aistrithe cistí ar chuntas íocaíochta le soláthraí seirbhíse íocaíochta an úsáideora nó le soláthraí seirbhíse íocaíochta eile:

(a)      dochair dhíreacha a fhorghníomhú, lena n‑áirítear dochair dhíreacha aonuaire;

(b)      idirbhearta íocaíochta a fhorghníomhú trí chárta íocaíochta nó trí ghléas dá shamhail;

(c)      aistrithe creidmheasa a fhorghníomhú, lena n‑áirítear buanorduithe;

[...]

6.      Seirbhís aistrithe luacha airgid;

[...]’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

 Dlí na hÍsiltíre

Cód Sibhialta na hÍsiltíre

7        Foráiltear le hAirteagal 767 de Leabhar 7 de Burgerlijk Wetboek (Cód Sibhialta na hÍsiltíre):

‘Ní fhéadfar a cheangal ar an bhforbróir ach íocaíochtaí a dhéanamh a fhreagraíonn, ar a laghad, do dhul chun cinn na hoibre tógála nó do luach na n‑earraí a aistrítear chuige; d’fhonn a áirithiú go gcomhlíonfar a oibleagáidí, féadfar a chomhaontú, áfach, go dtaiscfidh an t‑údarás conarthach méid nach bhféadfaidh a bheith níos mó ná 10 % de phraghas na hoibre le nótaire nó go soláthróidh sé urrús malartach don mhéid sin. Is íocaíocht mhíchuí é an méid a íoctar de bhreis.’

An Dlí maidir le rialú airgeadais

8        Thrasuigh an Wet op het financieel toezicht (an Dlí maidir le rialú airgeadais) an 28 Meán Fómhair 2006 (Stb. 2007, Uimh. 475), sa leagan is infheidhme maidir leis an díospóid sna príomhimeachtaí, (‘an Dlí maidir le rialú airgeadais’), Treoir 2015/2366 i ndlí na hÍsiltíre.

9        Faoi Airteagal 1:1 den Dlí sin, is ionann soláthraí seirbhísí íocaíochta agus duine arb é a ghníomhaíocht ghairmiúil seirbhísí íocaíochta a sholáthar, arb é atá iontu aon ghníomhaíocht ghairmiúil dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 2007/64/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2007 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach lena leasaítear Treoracha 97/7/CE, 2002/65/CE, 2005/60/CE agus 2006/48/CE agus lena n‑aisghairtear Treoir 97/5/CE (IO 2007 L 319, lch. 1). Ag féachaint d’aisghairm Threoir 2007/64 le Treoir 2015/2366, sonraíonn an chúirt a rinne an tarchur go gcomhfhreagraíonn na sainmhínithe a leagtar amach in Airteagal 1:1 den Dlí sin do na sainmhínithe in Airteagal 4 de Threoir 2015/2366.

10      Foráiltear le hAirteagal 2:3a den Dlí sin:

‘Beidh toirmeasc ar aon duine atá bunaithe san Ísiltír gníomhaíocht ghairmiúil soláthraí seirbhíse íocaíochta a shaothrú gan údarú a bheith faighte aige ó [DNB] chun na críche sin.’

 An díospóid sna príomhimeachtaí agus an cheist a tharchuirtear

11      Is cuideachta é Betaal Garant a chuireann comhairle, urraí agus ráthaíochtaí ar fáil do dhaoine príobháideacha i dtaca le tionscadail tógála agus ghnó in earnáil na tógála. Sa cháil sin, cuireann sé táirgí ar fáil do dhaoine príobháideacha, go háirithe táirgí dar teideal ‘Afbouwgarantie’ (ráthaíocht chomhlíonta) agus ‘Zekerheidsstelling’ (urrús comhthaobhach). Is léir ó fhoclaíocht na ceiste a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú agus ó fhorais na hiarrata ar réamhrialú nach mbaineann sí ach leis an urrús comhthaobhach.

12      Fondúireacht atá nasctha le Betaal Garant is ea Stichting BGN Zekerheidsstelling (‘Fondúireacht Betaal Garant’).

13      Tairgeann Betaal Garant an t‑urrús comhthaobhach do na páirtithe i gconradh oibreacha, ar bhonn conartha arna thabhairt i gcrích idir an cliant, an conraitheoir agus Betaal Garant féin. Is é is cuspóir don urrús sin an riosca mainneachtana ar thaobh an chliaint a bhfuil conraitheoir atá freagrach as tógáil teaghaise nó foirgnimh eile neamhchosanta air a chumhdach. Tá conraitheoirí neamhchosanta ar an riosca sin ós rud é go bhfuil an cliant i dteideal, faoi dhlí na hÍsiltíre, praghas na hoibre a íoc i roinnt tráthchodanna agus, go ginearálta, nach gá dó an tráthchuid deiridh a íoc go dtí go mbeidh an teaghais faighte. Chun an riosca sin a chumhdach, féadfaidh conraitheoirí a cheangal ar chliaint méid na tráthchoda deiridh a thaisceadh le nótaire nó urrús malartach a sholáthar. Is é is cuspóir don urrús sin a ráthú go n‑íocfar méid na tráthchoda deiridh sin leis an gconraitheoir.

14      De réir théarmaí agus choinníollacha ginearálta an mhuirir, ar téarmaí conarthacha iad arna dtarraingt suas ag Betaal Garant, mar a leagtar amach san iarraidh ar réamhrialú, i leith an urrúis chomhthaobhaigh, íocann an cliant méid áirithe le Fondúireacht Betaal Garant arna ríomh faoi threoir na chéad réamhíocaíochta atá dlite ar an bpraghas tógála a bhfuil sé faoi dhliteanas don chonraitheoir ina leith, tráth a dhéantar an réamhíocaíocht sin. Is ionann méid an urrúis chomhthaobhaigh, mar réamhshocrú, agus 6 % den phraghas tógála.

15      I gcás ina mbeidh an conradh oibreacha déanta chun sástacht an chonraitheora agus an chliaint, agus go bhfuil fógra i scríbhinn ina leith sin tugtha do Betaal Garant, íocfar méid an urrúis chomhthaobhaigh leis an gconraitheoir laistigh de 5 lá oibre. Aistrítear an méid sin ó chuntas íocaíochta Fhondúireacht Betaal Garant go dtí cuntas íocaíochta an chonraitheora.

16      Is ionann na costais a bhaineann le cur i gcrích urrúis chomhthaobhaigh den sórt sin agus 4% den mhéid sin don chliant de ghnáth, le híosmhéid EUR 300, agus 2.5 % den mhéid sin don chonraitheoir, le híosmhéid EUR 200. Gearrann Betaal Garant táille ar an gcliant as na costais a thabhaíonn sé. Asbhainfear na costais a bheidh le híoc ag an gconraitheoir nuair a íocfar méid an urrúis leis an gconraitheoir. I gcás fhéimheacht an chonraitheora, íocann Betaal Garant an méid sin leis an gconraitheoir a thagann in ionad an chonraitheora sin.

17      Tar éis iarraidh a fháil ó Vereniging Eigen Huis, scrúdaigh DNB an raibh an ráthaíocht chomhlíonta agus an t‑urrús comhthaobhach a thairg Betaal Garant contrártha don Dlí maidir le rialú airgeadais.

18      Le cinneadh an 8 Nollaig 2020, ghearr DNB urghaire ar Betaal Garant lena ngabhann íocaíocht phionósach thréimhsiúil a íoc ar an bhforas, inter alia, tríd an urrús comhthaobhach a thairiscint, gur sháraigh Betaal Garant an toirmeasc ar ghabháil go gairmiúil, gan údarú, do ghníomhaíocht an tsoláthraí seirbhíse íocaíochta, a leagtar síos in Airteagal 2:3a(1) den Dlí maidir le rialú airgeadais.

19      De réir na hurghaire sin, ceanglaíodh ar Betaal Garant, inter alia, deireadh a chur leis an sárú sin laistigh de 4 seachtaine óna fhógra, trí scor den urrús comhthaobhach a thairiscint agus trí chonarthaí atá ann cheana a shannadh, a leasú nó a fhoirceannadh. I gcás na sáruithe uile a aimsíodh, b’ionann an íocaíocht phionósach agus EUR 10 000 in aghaidh na seachtaine tar éis dhul in éag na tréimhse cairde a raibh Betaal Garant le bheith tar éis na hurghaire a chomhlíonadh go hiomlán ina deireadh. Ba é EUR 50 000 uasmhéid na híocaíochta pionósaí.

20      Rinne Betaal Garant achomharc riaracháin i gcoinne na hurghaire sin, ach dhearbhaigh DNB go raibh sé gan bhunús le cinneadh an 6 Deireadh Fómhair 2021. Thug Betaal Garant caingean i gcoinne an chinnidh sin os comhair rechtbank Rotterdam (Cúirt Dúiche Rotterdam, an Ísiltír).

21      Tar éis dó a chinneadh go raibh an tréimhse chairde imithe in éag gan an urghaire a bheith comhlíonta ag Betaal Garant, d’aisghabh DNB an íocaíocht phionósach atá i gceist le cinneadh an 31 Eanáir 2022.

22      Chuir Betaal Garant i gcoinne an chinnidh sin. Chuir DNB an agóid sin ar aghaidh chuig rechtbank Rotterdam (Cúirt Dúiche Rotterdam) mar chaingean os a comhair.

23      Dhíbh an chúirt sin caingean Betaal Garant a chaingne i gcoinne chinneadh an 6 Deireadh Fómhair 2021 agus chinneadh an 31 Eanáir 2022 toisc iad a bheith gan bhunús agus do-ghlactha faoi seach. Chinn sí go raibh DNB i gceart a chinneadh go raibh ar Betaal Garant údarú a bheith aige chun an ráthaíocht chomhlíonta agus an t‑urrús comhthaobhach a thairiscint agus, in éagmais údarú den sórt sin, gur ghníomhaigh Betaal Garant de shárú ar an Dlí maidir le rialú airgeadais.

24      Ina dhiaidh sin, rinne Betaal Garant achomharc os comhair College van Beroep voor het bedrijfsleven (an Chúirt Achomhairc Riaracháin um Thrádáil agus Tionsclaíocht, an Ísiltír), arb í an chúirt a rinne an tarchur í.

25      Fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur an bhfuil bunús maith le seasamh DNB. Measann sí, trí íocaíocht an mhéid a chomhfhreagraíonn don urrús comhthaobhach a dhéanamh, go dtugann an cliant, ina cháil mar ‘íocóir’, de réir bhrí phointe (8) d’Airteagal 4 de Threoir 2015/2366, ordú íocaíochta, de réir bhrí phointe (13) d’Airteagal 4 den Treoir sin, dá bhanc, ina cháil mar sholáthraí seirbhísí íocaíochta, de réir bhrí phointe (11) d’Airteagal 4 den Treoir sin, lena n‑iarrtar ar an mbanc sin cistí a aistriú óna chuntas íocaíochta, de réir bhrí phointe (12) d’Airteagal 4 den Treoir sin, chuig cuntas íocaíochta Fhondúireacht Betaal Garant. Dá réir sin, is é tuairim na cúirte a rinne an tarchur gur cheart Betaal Garant a aicmiú mar ‘íocaí’ de réir bhrí phointe (9) d’Airteagal 4 de Threoir 2015/2366. Measann an chúirt sin go bhforghníomhaíonn banc an chliaint idirbheart íocaíochta, de réir bhrí phointe (3) d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin, agus, dá bhrí sin, go soláthraíonn sé seirbhís íocaíochta. Ar an gcaoi chéanna, maidir leis an idirbheart arb é atá ann cistí a aistriú ó chuntas Fhondúireacht Betaal Garant go cuntas an chonraitheora, measann an chúirt sin go ndéanann banc na Fondúireachta sin idirbheart íocaíochta agus, dá bhrí sin, go soláthraíonn sé seirbhís íocaíochta, arb í an Fhondúireacht sin an ‘t‑íocóir’ agus an conraitheoir an ‘t‑íocaí’.

26      Ar an taobh eile, measann DNB gur idirbheart íocaíochta aonair arna dhéanamh ag Betaal Garant é cistí an chliaint a fháil i gcuntas Fhondúireacht Betaal Garant agus iad a aistriú ina dhiaidh sin ón gcuntas sin go dtí cuntas an chonraitheora. Sa chomhthéacs sin, forghníomhaíonn Betaal Garant, mar idirghabhálaí, aistriú cistí ón gcliant chuig an gconraitheoir, agus ar an gcaoi sin soláthraíonn sé seirbhís íocaíochta, de réir bhrí phointe (3) d’Airteagal 4 de Threoir 2015/2366, arna léamh i gcomhar le pointe (3) d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin.

27      Mar sin féin, tagraíonn an chúirt a rinne an tarchur do fhreagra ón gCoimisiún Eorpach, a foilsíodh an 18 Márta 2022, ar cheist 2020/5216, atá ar cheann de na rialacha stuamachta a chuireann an tÚdarás Baincéireachta Eorpach i bhfeidhm. De réir an fhreagra sin, is seirbhís íocaíochta é cistí a fháil agus a aistriú i gcomhréir le pointe (3) d’Airteagal 4 de Threoir 2015/2366, arna léamh i gcomhar le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin. I ndáil leis sin, measann an Coimisiún go bhféadfadh ‘seirbhís aistrithe luacha airgid’ a bheith ann de réir bhrí phointe (22) d’Airteagal 4 den Treoir sin, arna léamh i gcomhar le pointe (6) d’Iarscríbhinn I a ghabhann léi, nó go bhféadfaí idirbhearta íocaíochta a fhorghníomhú i gcomhréir le pointe (3) d’Iarscríbhinn I a ghabhann léi. Measann an chúirt a rinne an tarchur go bhféadfadh an freagra sin tacú le seasamh DNB.

28      Is sna himthosca sin a chinn College van Beroep voor het bedrijfsleven (an Chúirt Achomhairc Riaracháin um Thrádáil agus Tionsclaíocht) bac a chur ar na himeachtaí agus an cheist seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:

‘An bhfuil [pointe (3) d’Airteagal 4] de Threoir [2015/2366], arna léamh i gcomhar [leis an bhfrása tosaigh de phointe (3) agus] le pointe (3)(c) d’Iarscríbhinn I [a ghabhann leis an Treoir sin] le léiriú sa chaoi gur seirbhís íocaíochta í seirbhís lena mbaineann cistí a fháil agus a [aistriú] arna cur ar fáil ag eintiteas mar idirghabhálaí – agus, go sonrach, aistrithe [creidmheasa] a chur i gcrích de réir bhrí na Treorach – más amhlaidh, i gcomhthéacs conradh [arna thabhairt i gcrích idir] cliant agus conraitheoir, go bhfaigheann an t‑eintiteas cistí an chliaint sin [ina] chuntas íocaíochta agus, tar éis don chliant sin a thoiliú a thabhairt, a aistríonn na cistí sin ón gcuntas íocaíochta chuig cuntas [íocaíochta] an chonraitheora?’

 An cheist a tharchuirtear

29      Lena ceist aonair, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an bhfuil pointe (3) d’Airteagal 4 de Threoir 2015/2366, arna léamh i gcomhar le pointe (3)(c) d’Iarscríbhinn I a ghabhann léi, le léiriú sa chaoi gurb ionann seirbhís chun cistí a fháil agus a aistriú arna soláthar ag eintiteas atá ag gníomhú mar idirghabhálaí agus ‘seirbhís íocaíochta’, de réir bhrí phointe (3) d’Airteagal 4 den Treoir sin, agus go sonrach ‘aistriú creidmheasa’, i gcás, i gcomhthéacs conartha arna thabhairt i gcrích le cliant agus conraitheoir, ina bhfaigheann an t‑eintiteas sin cistí an chliaint i gcuntas íocaíochta fondúireachta atá nasctha leis, agus ina n‑aistríonn sé ansin iad chuig an gconraitheoir ón gcuntas sin, le toiliú an chliaint.

30      Mar réamhphointe, is léir ón iarraidh ar réamhrialú go soláthraíonn Betaal Garant seirbhísí ráthaíochta agus/nó urrúis chomhthaobhaigh i gcomhthéacs idirbhearta a bhaineann le tógáil foirgneamh, seirbhísí arb ionann iad agus ‘urrús malartach’ de réir bhrí Airteagal 767 de Leabhar 7 de Chód Sibhialta na hÍsiltíre. De réir na faisnéise céanna, déantar na seirbhísí sin a fhoroinnt in dhá fho-oibríocht ar leith.

–        Ar an gcéad dul síos, aistrítear cistí ó chuntas íocaíochta chliaint Betaal Garant go cuntas íocaíochta Fhondúireacht Betaal Garant. Coinnítear na suimeanna arna n‑íoc sa chuntas deireanach sin mar urrús go dtí go mbeidh fíorú déanta ag an gcliant lena mbaineann, agus fógra tugtha aige ina leith do Betaal Garant, go ndearna an conraitheoir lena mbaineann an conradh oibreacha chun a shástachta.

–        Ar an dara dul síos, tar éis an fhíoraithe sin agus le toiliú an chliaint sin, seolann Fondúireacht Betaal Garant ordú íocaíochta chuig a banc, ionas go n‑aistreoidh an banc an tsuim is gá óna chuntas íocaíochta chuig cuntas íocaíochta an chonraitheora sin.

31      É sin ráite, ba cheart a mheabhrú, de réir chásdlí socair, agus foráil de dhlí an Aontais á léiriú, gur gá foclaíocht na forála sin, an comhthéacs ina bhfuil sí agus na cuspóirí a shaothraítear leis na rialacha ar cuid díobh í a chur san áireamh (breithiúnais an 17 Samhain 1983, Merck, 292/82, EU:C:1983:335, mír 12, agus an 1 Lúnasa 2025, Alace agus Canpelli, C‑758/24 agus C‑759/24, EU:C:2025:591, mír 91).

32      Sa chéad áit, maidir le foclaíocht na bhforálacha atá i gceist, ba cheart a thabhairt faoi deara go dtagraíonn pointe (3) d’Airteagal 4 de Threoir 2015/2366, ina sainmhínítear an coincheap ‘seirbhís íocaíochta’, do na gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin, ina luaitear nach mór ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí sin a dhéanamh mar ‘ghníomhaíocht ghnó’.

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

33      I measc na ngníomhaíochtaí a liostaítear sa liosta sin, tá ‘idirbhearta íocaíochta a fhorghníomhú, lena n‑áirítear aistrithe cistí ar chuntas íocaíochta le soláthraí seirbhíse íocaíochta an úsáideora nó le soláthraí seirbhíse íocaíochta eile’ i gcás inarb é atá san idirbheart sin ‘aistrithe creidmheasa a fhorghníomhú’, dá bhforáiltear, inter alia, le pointe (3)(c) d’Iarscríbhinn I.

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

34      I gcomhréir le pointe (5) d’Airteagal 4 de Threoir 2015/2366, ciallaíonn ‘idirbheart íocaíochta’ ‘gníomh, arna thionscnamh ag íocóir nó thar a cheann nó ag an íocaí, lena gcuirtear, lena n‑aistrítear nó lena n‑aistarraingítear cistí, beag beann ar aon bhunoibleagáid idir an t‑íocóir agus an t‑íocaí’.

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

35      Ina theannta sin, ba cheart a mheabhrú, ar thaobh amháin, go sainmhínítear i bpointe (24) d’Airteagal 4 de Threoir 2015/2366 an coincheap ‘aistriú creidmheasa’ mar ‘s[h]eirbhís íocaíochta chun cuntas íocaíochta íocaí a chreidiúnú le hidirbheart íocaíochta nó sraith idirbheart íocaíochta ó chuntas íocaíochta íocóra arna dhéanamh ag an soláthraí seirbhíse íocaíochta ag a bhfuil cuntas íocaíochta an íocóra, bunaithe ar threoir ón íocóir’ agus, ar an taobh eile, go sainmhínítear i bpointe (8) d’Airteagal 4 den Treoir sin an coincheap ‘íocóir’ mar aon ‘duine nádúrtha nó dlítheanach ag a bhfuil cuntas íocaíochta agus a cheadaíonn ordú íocaíochta ón gcuntas íocaíochta sin, nó, i gcás nach bhfuil cuntas íocaíochta ann, duine nádúrtha nó dlítheanach a thugann ordú íocaíochta’.

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

36      Dá bhrí sin, chun aistriú creidmheasa a fhorghníomhú, ní hamháin go dtugann an t‑íocóir ordú íocaíochta dá sholáthraí seirbhíse íocaíochta, ach ní mór don soláthraí sin cuntas íocaíochta an íocóra a shealbhú freisin.

37      Dá bhrí sin, is léir ó léiriú litriúil ar na forálacha atá i gceist gur gnéithe riachtanacha iad cuntas íocaíochta íocóra a bheith ann agus an cuntas sin a bheith i seilbh an tsoláthraí seirbhísí íocaíochta chun a shuí gurb é atá in idirbheart íocaíochta nós imeachta chun ‘aistrithe creidmheasa a fhorghníomhú’ de réir bhrí phointe 3(c) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2015/2366, agus, dá bhrí sin, ‘seirbhís íocaíochta’ de réir bhrí na bhforálacha atá i gceist.

38      Sa chás seo, cé go mbaineann na seirbhísí ráthaíochta agus/nó urrúis chomhthaobhaigh arna dtairiscint ag Betaal Garant, inter alia, le haistrithe cistí i gcomhthéacs an dá fho-oibríocht dá dtagraítear i mír 30 den bhreithiúnas seo, is léir ón bhfaisnéis san iarraidh ar réamhrialú gurb iad bainc an chliaint agus Fondúireacht Betaal Garant faoi seach a dhéanann na haistrithe sin, agus ní Betaal Garant féin. De réir na faisnéise céanna, is ‘soláthraithe seirbhíse íocaíochta’ iad na bainc sin de réir bhrí phointe (11) d’Airteagal 4 de Threoir 2015/2366.

39      Is léir freisin ón iarraidh ar réamhrialú agus ó na barúlacha i scríbhinn a cuireadh faoi bhráid na Cúirte nach bhfuil cuntais íocaíochta ag Betaal Garant ná ag an Fondúireacht Betaal Garant thar ceann a gcliant, agus mar thoradh air sin go ndéantar méideanna atá dlite faoi na conarthaí idir Betaal Garant, cliaint agus conraitheoirí a aistriú ó chuntais atá i seilbh sholáthraithe seirbhíse íocaíochta na gcliant sin agus sholáthraithe seirbhíse íocaíochta Fhondúireacht Betaal Garant faoi seach.

40      Dá bhrí sin, i gcomhthéacs an dá fho-idirbheart a thuairiscítear i mír 30 den bhreithiúnas seo, is iad soláthraithe seirbhíse íocaíochta an chliaint agus Fhondúireacht Betaal Garant faoi seach atá freagrach as idirbhearta íocaíochta agus aistrithe creidmheasa a fhorghníomhú, gan aon bhaint a bheith ag an ngaol conarthach bunúsach idir an cliant, Betaal Garant agus an conraitheoir ina leith sin.

41      Cé gur féidir aistrithe cistí arna ndéanamh ag soláthraithe seirbhíse íocaíochta an chliaint agus Fhondúireacht Betaal Garant a aicmiú mar ‘sheirbhísí íocaíochta’, go háirithe aistrithe creidmheasa a dhéanamh, ba cheart a mheabhrú, os a choinne sin, gur cineál urrúis phearsanta í an tseirbhís ráthaíochta agus/nó urrúis chomhthaobhaigh a sholáthraíonn Betaal Garant sa chás seo, faoi Airteagal 767 de Leabhar 7 de Chód Sibhialta na hÍsiltíre, agus, go sonrach, gur ‘urrús malartach’ í ar an tseirbhís taisce le nótaire. Ós rud é nach sainmhínítear ná nach rialaítear seirbhís den sórt sin le Treoir 2015/2366, ní thagann sí faoi raon feidhme na Treorach sin.

42      Sa dara háit, maidir le comhthéacs na bhforálacha atá i gceist, ní mór a mheabhrú go mbunaítear sé chatagóir de sholáthraithe seirbhíse íocaíochta le hAirteagal 1(1) den Treoir 2015/2366. Áirítear ar na catagóirí sin, inter alia, institiúidí creidmheasa, institiúidí ríomh-airgid, institiúidí íocaíochta agus institiúidí gíoró postoifige. Mar is léir go háirithe ó phointe (24) d’Airteagal 4 den Treoir sin agus ó phointe (3) d’Iarscríbhinn I a ghabhann léi, tá sé beartaithe go mbeidh feidhm ag an Treoir sin maidir le seirbhísí íocaíochta agus aistrithe creidmheasa nach soláthraíonn ach eintitis a thagann faoi na catagóirí sin de sholáthraithe seirbhíse íocaíochta.

43      Tacaítear leis an léiriú sin le haithris 24 den Treoir chéanna, ar dá réir nár cheart feidhm a bheith ag an gcreat dlíthiúil a bhunaítear leis an Treoir sin ach amháin maidir le soláthraithe seirbhíse a sholáthraíonn seirbhísí íocaíochta mar ghníomhaíocht rialta nó ghairmiúil.

44      Mínítear an ceanglas sin le comhthéacs reachtach Threoir 2015/2366. Tá éifeachtaí suntasacha dlíthiúla i gceist le hidirbheart a aicmiú mar ‘sheirbhís íocaíochta’ don duine a thairgeann seirbhís den sórt sin ar bhonn gairmiúil agus rialta.

45      Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara gur sraith rialacha a bhfuil ceanglais arda mar shaintréith acu iad na forálacha a bhaineann le húdarú agus maoirseacht stuamachta institiúidí íocaíochta agus iad siúd lena rialaítear dliteanas sibhialta an tsoláthraí seirbhíse íocaíochta araon, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i míreanna 61 go 65 dá Thuairim. Tá údar le dianchóras dlí den sórt sin a chur i bhfeidhm, i bhfianaise a dhéine atá sé, mar gheall ar rannpháirtíocht dhíreach an tsoláthraí seirbhíse íocaíochta in aistriú cistí.

46      Go háirithe, agus mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara, go bunúsach, i mír 65 dá Thuairim, níl údar leis na ceanglais a bhaineann le húdarú institiúidí íocaíochta, maoirseacht stuamachta agus dliteanas sibhialta arna bhforchur le Treoir 2015/2366 mura ndéantar aistrithe cistí ach amháin chun seirbhís eile a chur i gcrích a thairgtear go príomha, mar is amhlaidh sa chás seo, eadhon seirbhís chun urrús malartach a sholáthar, gníomhaíocht nach dtagann, inti féin, faoi raon feidhme fhorálacha na Treorach sin.

47      Sa chás seo, is léir ón iarraidh ar réamhrialú agus ó na barúlacha a cuireadh faoi bhráid na Cúirte nach dtagann Betaal Garant faoi aon cheann de na catagóirí ‘soláthraí seirbhíse íocaíochta’ dá dtagraítear i mír 42 den bhreithiúnas seo agus, chun an tseirbhís chun urrús malartach a sholáthar atá i gceist sna príomhimeachtaí a chur i gcrích, nach n‑aistríonn Betaal Garant cistí é féin.

48      Sa tríú háit agus ar deireadh, maidir leis na cuspóirí a shaothraítear le Treoir 2015/2366, ba cheart a thabhairt faoi deara gur léir go háirithe ó aithris 6 di go bhfuil sé beartaithe leis an Treoir sin ní hamháin ardleibhéal cosanta a sholáthar do thomhaltóirí maidir le húsáid seirbhísí íocaíochta ar fud an Aontais Eorpaigh (féach, chuige sin, breithiúnas an 11 Samhain 2020, DenizBank, C‑287/19, EU:C:2020:897, mír 102), ach freisin chun soiléireacht dhlíthiúil níos fearr agus cur i bhfeidhm comhsheasmhach an chreata reachtaigh ar fud an Aontais Eorpaigh a áirithiú.

49      I ndáil leis sin, ba cheart a mheabhrú gur chinn an Chúirt cheana féin, i gcomhthéacs Threoir 2007/64, a tháinig roimh Threoir 2015/2366, go ndearna reachtas an Aontais iarracht margadh aonair a chruthú le haghaidh seirbhísí íocaíochta trí na 27 gcóras náisiúnta atá ann cheana a ionadú, a raibh mearbhall ann mar gheall ar a gcómhaireachtáil agus a d’fhulaing easpa deimhneachta dlíthiúla, le creat dlíthiúil comhchuibhithe lena sainítear cearta agus oibleagáidí úsáideoirí agus soláthraithe seirbhíse íocaíochta (breithiúnas an 2 Meán Fómhair 2021, CRCAM, C‑337/20, EU:C:2021:671, mír 44).

50      Ós rud é gur bunchuspóir den chóras a tugadh isteach le Treoir 2015/2366 é ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí a áirithiú, ní féidir, ann féin, raon feidhme fhorálacha na Treorach sin a athrú ná raon feidhme na gcoincheap ábhartha atá sna forálacha sin a leathnú trí dhul níos faide ná foclaíocht na sainmhínithe ar na coincheapa sin. Thairis sin, bheadh léiriú den sórt sin contrártha leis an gcuspóir soiléireacht dhlíthiúil a áirithiú i réimse na seirbhísí íocaíochta.

51      Thairis sin, mar a mheabhraítear i míreanna 13 agus 41 den bhreithiúnas seo, is rogha mhalartach í an ráthaíocht agus/nó an t‑urrús comhthaobhach a sholáthraíonn Betaal Garant sa chás seo, faoi Airteagal 767 de Leabhar 7 de Chód Sibhialta na hÍsiltíre, ar an tseirbhís urrúis chomhthaobhaigh le nótaire. Ní mór a thabhairt faoi deara nach léir ó fhorálacha ná ó scéim ghinearálta Threoir 2015/2366 go raibh sé beartaithe leis an Treoir sin soláthar seirbhísí den sórt sin ag nótairí a chur faoi réir an chórais speisialta le haghaidh seirbhísí íocaíochta agus faoi réir an choinníll maidir le húdarú a leagtar síos leis an Treoir sin.

52      Dá bhrí sin, is léir ón léiriú litriúil, comhthéacsúil agus teileolaíoch ar na forálacha atá i gceist go n‑eisiatar ó raon feidhme Threoir 2015/2366 soláthraithe seirbhíse slándála a bhaineann úsáid theagmhasach as seirbhísí íocaíochta arna dtairiscint ag soláthraithe eile a sholáthraíonn seirbhísí den sórt sin go príomha, mar chuid dá ghnáthghníomhaíocht nó dá ghníomhaíocht ghairmiúil.

53      I bhfianaise na mbreithnithe go léir roimhe seo, is é an freagra ar an gceist a tharchuirtear ná nach mór pointe (3) d’Airteagal 4 de Threoir 2015/2366, arna léamh i gcomhar le pointe (3)(c) d’Iarscríbhinn I a ghabhann léi, a léiriú sa chaoi nach ‘seirbhís íocaíochta’ í seirbhís chun cistí a fháil agus a aistriú arna soláthar ag eintiteas atá ag gníomhú mar idirghabhálaí, de réir bhrí phointe (3) d’Airteagal 4 den Treoir sin, agus go sonrach ‘aistriú creidmheasa’, i gcás, i gcomhthéacs conartha arna thabhairt i gcrích le cliant agus conraitheoir, ina bhfaigheann an t‑eintiteas sin cistí an chliaint i gcuntas íocaíochta fondúireachta atá nasctha leis, agus ina n‑aistríonn sé ansin iad chuig an gconraitheoir ón gcuntas sin, le toiliú an chliaint.

 Costais

54      Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte a rinne an tarchur, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a chur faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Chéad Dlísheomra) mar seo a leanas:

Maidir le pointe (3) d’Airteagal 4 de Threoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, lena leasaítear Treoracha 2002/65/CE, 2009/110/CE agus 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, agus lena naisghairtear Treoir 2007/64/CE, arna léamh i gcomhar le pointe (3)(c) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2015/2366,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

ní ‘seirbhís íocaíochta’ í seirbhís chun cistí a fháil agus a aistriú arna soláthar ag eintiteas atá ag gníomhú mar idirghabhálaí, de réir bhrí phointe (3) d’Airteagal 4 den Treoir sin, agus go sonrach ‘aistriú creidmheasa’, i gcás, i gcomhthéacs conartha arna thabhairt i gcrích le cliant agus conraitheoir, ina bhfaigheann an teintiteas sin cistí an chliaint i gcuntas íocaíochta fondúireachta atá nasctha leis, agus ina naistríonn sé ansin iad chuig an gconraitheoir ón gcuntas sin, le toiliú an chliaint.

Sínithe


1      Teanga an cháis: an Ollainnis.