Eagrán sealadach
BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Tríú Dlísheomra)
30 Aibreán 2026 (*)
(Tarchur chun réamhrialú – Prótacal (Uimh. 7) ar phribhléidí agus díolúintí an Aontais Eorpaigh – Airteagal 10 – Comhaltaí de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa – Díolúine a tharscaoileadh – Comhalta ar tarscaoileadh a dhíolúine i gcomhthéacs imeachtaí breithiúnacha maidir le cionta coiriúla – Athcheapadh mar chomhalta i gcomhthéacs téarma nua reachtach – Easpa riachtanais le díolúine a tharscaoileadh as an nua i leith na ngníomhartha céanna )
I gCás C‑30/25,
IARRAIDH ar réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE ó Tribunal de première instance francophone de Bruxelles (Cúirt Chéadchéime Fraincise na Bruiséile, an Bheilg), trí bhreith an 7 Eanáir 2025, a fuarthas ag an gCúirt an 13 Eanáir 2025, sna himeachtaí
FR,
idiragraithe:
Auditeur du travail,
ZT,
GQ,
KH,
AN,
FU,
Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
tugann AN CHÚIRT (an Tríú Dlísheomra),
agus í comhdhéanta mar seo a leanas: C. Lycourgos, Uachtarán Dlísheomra, O. Spineanu-Matei, S. Rodin, N. Piçarra agus N. Fenger (Rapóirtéir), Breithiúna,
Abhcóide Ginearálta: L. Medina,
Cláraitheoir: A. Calot Escobar,
ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn,
tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:
– FR, ag M. Aboudi agus M. Casado García-Hirschfeld, avocats,
– An Auditeur du travail, ag M. Laurent, substitut de l’auditeur du travail,
– ZT, ag N. de Montigny, avocate,
– GQ, KH, AN, FU, ag V. Bodson agus L. Levi, avocats,
– Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, ag L. Camarena Januzec, K. Gambino agus M. Pascua Mateo, i gcáil Gníomhairí,
– Rialtas na Beilge, ag P. Cottin, L. Jans agus C. Pochet, i gcáil Gníomhairí,
– an Coimisiún Eorpach, ag M. Heller agus S. Pardo Quintillán, i gcáil Gníomhairí,
tar éis éisteacht le Tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 12 Feabhra 2026,
an Breithiúnas seo a leanas:
Breithiúnas
1 Baineann an iarraidh ar réamhrialú le léiriú ar Airteagal 10 de Phrótacal (Uimh. 7) ar phribhléidí agus díolúintí an Aontais Eorpaigh (IO 2016 C 202, lch. 266, ‘an Prótacal ar phribhléidí agus díolúintí’).
2 Rinneadh an iarraidh seo i gcomhthéacs imeachtaí coiriúla arna dtabhairt i gcoinne FR, comhalta de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) i leith gníomhartha foréigin nó ciapadh síceolaíoch san ionad oibre a rinneadh i gcoinne ZT, GQ, KH, AN agus FU.
An dlí lena mbaineann
An Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
3 Foráiltear le hAirteagal 300(4) CFAE nach mbeidh ‘comhaltaí an Choiste Eacnamaíoch agus Shóisialta [...] faoi cheangal ag aon teagaisc shainordaitheacha. Beidh siad, chun leas ginearálta an Aontais, neamhspleách ar fad i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna. ’
4 Foráiltear le hAirteagal 343 CFAE mar seo a leanas:
‘Beidh ag an Aontas, i gcríocha na mBallstát, na pribhléidí agus na díolúintí is gá chun a chúraimí a chomhlíonadh, faoi na coinníollacha atá leagtha síos [sa Phrótacal ar phribhléidí agus díolúintí] […] Is mar an gcéanna a bheidh maidir leis an mBanc Ceannais Eorpach agus leis an mBanc Eorpach Infheistíochta.’
An Prótacal ar phribhléidí agus díolúintí
5 Foráiltear le hAirteagal 9 den Phrótacal ar phribhléidí agus díolúintí mar a leanas:
‘Le linn sheisiúin Pharlaimint na hEorpa, beidh ag a comhaltaí:
(a) i gcríoch a Stáit féin, na díolúintí a thugtar do chomhaltaí a bparlaiminte féin;
(b) i gcríoch aon Bhallstáit eile, díolúine ó aon bheart coinneála agus ó imeachtaí dlíthiúla.
Bainfidh an díolúine mar an gcéanna le comhaltaí ag taisteal dóibh go dtí áit chruinnithe Pharlaimint na hEorpa agus uaidh.
[...]’
6 Is mar seo a leanas atá an fhoclaíocht in Airteagal 10 den Phrótacal sin:
‘Na hionadaithe do Bhallstáit a ghlacann páirt in obair institiúidí an Aontais, beidh acu féin agus ag a gcomhairleoirí agus a saineolaithe teicniúla, i gcomhlíonadh a ndualgas agus le linn a dtaistil go dtí áit an chruinnithe agus uaidh, na pribhléidí, na díolúintí agus na saoráidí is gnách.
Bainfidh an tAirteagal seo freisin le comhaltaí de chomhlachtaí comhairleacha an Aontais.’
Stádas comhaltaí de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
7 I Reacht Chomhaltaí Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, dar dáta Eanáir 2012, a glacadh ar bhonn Rialacha Nós Imeachta an chomhlachta chomhairligh sin, leagadh amach, in Airteagal 9, dar teideal ‘Ceart chun cosanta agus díolúine agus dualgais á gcomhlíonadh’ an méid seo a leanas:
‘[...]
3. Díolúine
3.1 Ní fhéadfar srian a chur ar shaoirse phearsanta comhalta, a bhainfidh go díreach nó go hindíreach lena chuid nó lena cuid dualgas, gan cead a bheith faighte roimh ré ón gCoiste, ach amháin i gcás inar gabhadh an comhalta agus é nó í i mbun cion a dhéanamh.
[...]
4. Nósanna imeachta i leith díolúine
4.1 Aon iarraidh a chuireann údarás atá inniúil faoin dlí náisiúnta faoi bhráid an Uachtaráin, d’fhonn díolúine comhalta a tharscaoileadh, cuirfear ar aghaidh í chuig an mBiúró.
[...]
6. Dualgais atá ar an gCoiste agus ar Uachtarán an Choiste
6.1 Agus a chumhachtaí i ndáil le pribhléidí agus díolúintí á bhfeidhmiú ag an gCoiste, is é is príomhaidhm dó a ionracas a chaomhnú mar chomhlacht comhairleach daonlathach agus neamhspleáchas a chomhaltaí a áirithiú i bhfeidhmiú a ndualgas.
[...] ’
[Aistriúchán neamhoifigiúil]
An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú
8 An 6 Nollaig 2018, chuir an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) tús le himscrúdú maidir le líomhaintí i ndáil le hiompar coiriúil i gcoinne FR, comhalta de chuid CESE ón 1 Bealtaine 2004, i dtaca le comhaltaí foirne den chomhlacht comhairleach sin.
9 An 10 Eanáir 2020, sheol OLAF a thuarascáil chuig Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí (an Bheilg). Baineann an tuarascáil sin le hiompar mí-úsáideach agus le gníomhartha ciaptha ag FR i ndáil le, inter alia, GQ, KH, AN agus FU.
10 Mar chomhalta de CESE, bhí díolúine ag FR, le linn na tréimhse lena mbaineann na líomhaintí maidir le hiompar coiriúil, bunaithe ar Airteagal 343 CFAE agus ar Airteagal 10 den Phrótacal ar phribhléidí agus díolúintí.
11 An 4 Meitheamh 2020, tar éis chur in iúl imscrúdú OLAF, d’iarr an auditorat du travail (Oifig an Iniúchóra Oibreachais) ar CESE díolúine FR a tharscaoileadh.
12 Formheasadh tarscaoileadh na díolúine le cinneadh ó thionól iomlánach CESE an 15 Iúil 2020, le comhaontú ó FR. Tá feidhm ag an gcinneadh sin maidir leis an nós imeachta ar fad atá bunaithe ar imscrúdú OLAF agus maidir leis na himeachtaí dlíthiúla mar thoradh air sin i ndáil le cionta a líomhnaítear go ndearnadh iad le linn an téarma oifige idir mí Dheireadh Fómhair 2015 agus mí Mheán Fómhair 2020.
13 Cuireadh tús le téarma nua reachtach agus ceapadh FR mar chomhalta de CESE le haghaidh théarma oifige nua 5 bliana.
14 Le toghairm arna seirbheáil ar FR an 20 Marta 2024, chuir Oifig an Iniúchóra Oibreachais toghairm ar FR chun láithriú os comhair Chúirt Chéadchéime Fraincise na Bruiséile (an Bheilg), arb í an chúirt a rinne an tarchur í, i leith gníomhartha foréigin nó ciapadh síceolaíoch san ionad oibre a rinneadh i gcoinne ZT, GQ, KH, AN agus FU. Áitítear gur tharla na gníomhartha líomhnaithe idir an 1 Eanáir 2011 agus an 17 Iúil 2020.
15 Mhaígh FR go bhfuil téarma oifige nua aige lena ngabhann an díolúine dá bhforáiltear in Airteagal 10 den Phrótacal ar phribhléidí agus díolúintí freisin, agus mar thoradh air sin, gur cheart d’Oifig an Iniúchóra Oibreachais tarscaoileadh nua na díolúine a iarraidh agus a fháil i ndiadh an cheapacháin nua sin.
16 Sonraíonn an chúirt a rinne an tarchur go bhféadfadh breithiúnas an 19 Nollaig 2019, Junqueras Vies (C-502/19 EU:C:2019:1115) tacaíocht éigin a thabhairt d’argóintí FR, cás inar chinn an Chúirt, maidir le hAirteagal 9 den Phrótacal ar phribhléidí agus díolúintí, gur ghá tarscaoileadh díolúine duine a toghadh chuig Parlaimint na hEorpa a iarraidh chun bheith in ann an duine sin a choinneáil roimh an triail i gcás ina raibh tús curtha leis an gcoinneáil réamhthrialach agus na fíorais lena dtugtar údar léi roimh an toghchán sin agus, dá bhrí sin, leis an téarma oifige lenar deonaíodh díolúine don duine sin, rud a d’fhéadfadh a léiriú, chun go mbeadh na himeachtaí in ann leanúint ar aghaidh, nach mór tarscaoileadh na díolúine a iarraidh arís nuair a thiocfaidh téarma oifige nua i bhfeidhm.
17 Tugann an chúirt sin dá haire, áfach, nár bhain an breithiúnas sin, mar a bhaineann an cás seo, le hionadaí Ballstáit, a bhfuil feidhm ag Airteagal 10 den phrótacal sin ina leith, ach le Feisire de Pharlaimint na hEorpa, a bhfuil feidhm ag Airteagal 9 den phrótacal sin ina leith.
18 Sna himthosca sin, chinn Cúirt Chéadchéime Fraincise na Bruiséile bac a chur ar na himeachtaí agus an cheist seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:
‘D’fhonn a chur ar chumas na n‑institiúidí Eorpacha agus a gcomhaltaí a gcúraimí agus a dtéarmaí oifige a chur i gcrích go neamhspleách, gan srian ná brú míchuí, glactar le hAirteagal 10 de[n] Phrótacal [...] ar Phribhléidí agus Díolúintí [...], sula dtionscnóidh imeachtaí os comhair cúirte coiriúla i gcoinne ionadaí ó na Ballstáit a ghlacann páirt in obair institiúidí an Aontais, go dtarscaoilfear a dhíolúine. Ar cheart iarraidh nua ar dhíolúine a tharscaoileadh a chur faoi bhráid na hinstitiúide Eorpaí lena mbaineann más rud é, tar éis an chéad díolúine a tharscaoileadh agus le linn an imscrúdaithe, ach roimh thús na n‑imeachtaí breithiúnacha, gur ceapadh an duine lena mbaineann le haghaidh téarma nua oifige laistigh den institiúid Eorpach chéanna, i gcomhthéacs téarma nua reachtach?’
Breithniú ar an gceist a tharchuirtear
19 Lena ceist, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an bhfuil Airteagal 10 den Phrótacal ar Phribhléidí agus Díolúintí le léiriú sa chaoi, i gcás inar tharscaoil CESE díolúine duine dá chomhaltaí i leith cionta coiriúla sonracha, ar an bhforas nach raibh tarscaoileadh den sórt sin contrártha do leasanna an Aontais, gur gá iarraidh nua ar tharscaoileadh díolúine a sheoladh chuig an gcomhlacht comhairleach sin i gcás inar ceapadh an duine lena mbaineann le haghaidh téarma nua oifige laistigh den chomhlacht comhairleach sin, i gcomhthéacs téarma nua reachtach.
20 Sa chéad áit, de bhun Airteagal 343 CFAE, beidh ag an Aontas, i gcríocha na mBallstát, na pribhléidí agus na díolúintí is gá chun a chúraimí a chomhlíonadh, faoi na coinníollacha atá leagtha síos sa Phrótacal ar phribhléidí agus díolúintí.
21 Ina theannta sin, leanann sé ón tagairt a dhéantar sa dara mír d’Airteagal 10 den Phrótacal sin don chéad mhír d’Airteagal 10 go bhfuil na pribhléidí, na díolúintí agus na saoráidí is gnách ag comhaltaí de chomhlacht comhairleach de chuid an Aontais Eorpaigh amhail CESE, i gcomhlíonadh a ndualgas agus le linn a dtaistil go dtí áit an chruinnithe agus uaidh.
22 É sin ráite, leis na ‘díolúintí is gnách’ dá dtagraítear sa chéad mhír d’Airteagal 10 den Phrótacal sin, ina ndéantar tagairt do na díolúintí dá bhforáiltear leis an gCoinbhinsiún ar Chaidreamh Taidhleoireachta, a tugadh i gcrích i Vín an 18 Aibreán 1961, arna ndeonú do thaidhleoirí chun feidhmiú éifeachtach misean taidhleoireachta agus consalach sa Stát cónaithe a áirithiú, cosnaítear ionadaithe na mBallstát atá rannpháirteach in obair an Aontais Eorpaigh (breithiúnas an 30 Samhain 2021, LR Generenerālprokuratūra, C‑3/20, EU:C:2021:969, mír 43).
23 Leanann sé ó Airteagal 300(4) CFAE, nach mbeidh comhaltaí CESE faoi cheangal ag aon sainordú éigeantach agus go mbeidh siad go hiomlán neamhspleách i gcomhlíonadh a ndualgas, chun leas an Aontais.
24 Mar a chuir an tAbhcóide Ginearálta in iúl i mír 46 dá Tuairim, dá bhrí sin, ní dhéanann comhaltaí CESE ionadaíocht thar ceann na mBallstát, agus gníomhaíonn siad go hiomlán neamhspleách ina leith.
25 Dá bhrí sin, ní féidir go gciallódh an tagairt, sa dara mír d’Airteagal 10 den Phrótacal ar phribhléidí agus díolúintí, do na díolúintí is gnách, dá dtagraítear sa chéad mhír den Airteagal sin, go bhfuil an díolúine a dheonaítear, faoin dara mír d’Airteagal 10, do chomhaltaí CESE den chineál céanna leis an díolúine a dheonaítear, faoin gcéad mhír d’Airteagal 10, d’ionadaithe na mBallstát atá rannpháirteach in obair an Aontais Eorpaigh.
26 Sa dara háit, is léir ón gcuspóir a shaothraítear leis an bPrótacal ar phribhléidí agus díolúintí go bhfuil na pribhléidí, na díolúintí agus na saoráidí a dheonaítear don Aontas leis an bPrótacal sin feidhmiúil sa mhéid go bhfuil siad beartaithe chun bac ar fheidhmiú agus ar neamhspleáchas an Aontais a sheachaint, rud a chiallaíonn, go sonrach, go ndeonaítear na pribhléidí, na díolúintí agus na saoráidí a dheonaítear do chomhaltaí CESE go heisiach chun leasa an Aontais (féach, de réir analaí, breithiúnais an 30 Samhain 2021, LR Generālprokuratūra,
C‑3/20, EU:C:2021:969, mír 57, agus an 5 Feabhra 2026, Puigdemont i Casamajó agus páirtithe eile v an Pharlaimint (Díolúine pharlaiminteach a tharscaoileadh), C‑572/23 P, EU:C:2026:70, míreanna 75 go 77).
27 Dá bhrí sin, ní mór do chomhalta CESE, i bhfeidhmiú a fheidhmeanna, na bpribhléidí, na ndíolúintí agus na saoráidí is gá a bheith aige nó aici chun misin an chomhlachta chomhairligh sin a chomhlíonadh (féach, de réir analaí, breithiúnas an 30 Samhain 2021, LR Ģenerālprokuratūra, C‑3/20 EU:C:2021:969, mír 46).
28 Thairis sin, is gné dhílis den díolúine a thugtar do chomhaltaí CESE é go ndéantar an díolúine sin a tharscaoileadh i gcás nach n‑éilítear le leasanna an Aontais go gcoinneofaí ar bun í. I bhfianaise dhualgas an chomhair dhílis atá ar institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh i leith na mBallstát, ní mór iarraidh ar tharscaoileadh díolúine comhalta de chomhlacht comhairleach de chuid an Aontais Eorpaigh a dheonú mura suitear go gcuireann leasanna an Aontais cosc air (breithiúnas an 30 Samhain 2021, LR Generenerālprokuratūra, C‑3/20, EU:C:2021:969, mír 74).
29 I ndáil leis sin, ní mór a thabhairt faoi deara nach díolúine absalóideach í díolúine fheidhmiúil chomhaltaí CESE agus nach mór í a chothromú i gcoinne cearta agus leasanna poiblí eile, go háirithe prionsabal an smachta reachta agus, go sonrach, an gá atá le himscrúdú agus breithniú neamhspleách neamhchlaonta ar chionta coiriúla a áirithiú agus saoirse ó phionós a sheachaint i gcás daoine atá faoi réir imscrúduithe coiriúla (féach, de réir analaí, breithiúnas an 17 Nollaig 2020, an Coimisiún v an tSlóivéin (Cartlanna BCE), C‑316/19 EU:C:2020:1030, mír 103).
30 Sa chás seo, fuair CESE, i gcomhréir le hAirteagal 9 de Reacht Chomhaltaí Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, iarraidh ó údarás inniúil Ballstáit díolúine comhalta den chomhlacht comhairleach sin a tharscaoileadh, i ndáil le cionta coiriúla líomhainte, agus dheonaigh sé an iarraidh sin le cinneadh an 15 Iúil 2020.
31 Leis an gcinneadh sin, nach ndearna FR agóid ina choinne, tugtar le tuiscint gur mheas CESE nach raibh tabhairt an chomhalta sin os comhair cúirt choiriúil i leith gníomhartha den sórt sin contrártha do leasanna an Aontais.
32 Ní leanann sé ó Chonarthaí an Aontais, ón bPrótacal ar Phribhléidí agus Díolúintí ná ó ionstraimí eile de dhlí an Aontais go mbeadh bailíocht theoranta ama ag cinneadh den sórt sin díolúine a tharscaoileadh nó go rachadh sé in éag i gcás ina gceapfaí comhalta de CESE, ar tarscaoileadh a dhíolúine, le haghaidh téarma oifige nua laistigh den chomhlacht comhairleach sin, i gcomhthéacs téarma nua reachtach. Dealraíonn sé freisin nach bhfuil teorainn ama ach oiread leis an gcinneadh, ann féin, díolúine a tharscaoileadh mar atá i gceist sna príomhimeachtaí.
33 Mar a áitíonn CESE agus an Coimisiún, go bunúsach, ina mbarúlacha i scríbhinn, nuair a d’aontaigh CESE le tarscaoileadh díolúine duine dá chomhaltaí agus nuair a chinn sé nach raibh tabhairt an chomhalta sin os comhair cúirt choiriúil contrártha do leasanna an Aontais, ní féidir an cinneadh sin a athrú díreach toisc gur ceapadh an duine lena mbaineann le haghaidh téarma oifige nua laistigh de CESE, i gcomhthéacs téarma nua reachtach, ós rud é nach bhfuil an leas nach mór a chur san áireamh nasctha, ann féin, leis an imthoisc sin.
34 I ndáil leis sin, ní mór a chur i dtábhacht, ar an gcéad dul síos, gur faoi CESE mar chomhlacht de chuid an Aontais atá an cinneadh díolúine a tharscaoileadh, agus ní faoi na daoine dá bhfuil sé comhdhéanta ag am ar leith, agus, ar an dara dul síos, go ndéantar an cinneadh sin, mar is léir ó na breithnithe roimhe seo, go heisiach trí leas an Aontais a chur san áireamh, agus ní leas pearsanta chomhaltaí CESE.
35 Ina theannta sin, leis an gcinneadh díolúine a tharscaoileadh, nach bhfuil baint ag a bhailíocht le fad théarma oifige an chomhalta lena mbaineann, ba cheart go gcuirfí le héifeachtacht imeachtaí coiriúla sna Ballstáit, rud a d’fhéadfadh a bheith bainteach go díreach le leasanna an Aontais (féach, chuige sin, breithiúnas an 30 Samhain 2021, LR Ģenerālprokuratūra, C‑3/20, EU:C:2021:969, mír 74).
36 Sna himthosca sin, ní leanann sé ón bhfíoras gurb ann do CESE nua-chomhdhéanta, go gcaithfí athbhreithniú a dhéanamh ar chinneadh díolúine a tharscaoileadh atá déanta cheana ag CESE ar an bhforas amháin go bhfuil athnuachan déanta ar théarma oifige duine dá chomhaltaí nó go bhfuil athrú tagtha ar chomhdhéanamh CESE.
37 Ní féidir, sa chomhthéacs sin, na breithnithe sin roimhe seo a thabairt faoi cheist le breithiúnas an 19 Nollaig 2019, Junqueras Vies (C‑502/19, EU:C:2019:1115).
38 Bhain an breithiúnas sin go heisiach leis an gceist an raibh díolúine faoin dara mír d’Airteagal 9 den Phrótacal ar phribhléidí agus díolúintí ag duine a bhí faoi choinneáil réamhthrialach tráth an dearbhaithe maidir le torthaí na dtoghchán do Pharlaimint na hEorpa, ó am an dearbhaithe sin, rud a d’fhágfadh go gcuirfí deireadh leis an mbeart coinneála, seachas deireadh a chur le díolúine pharlaiminteach.
39 Sa chás seo, tá amhras ar an gcúirt a rinne an tarchur maidir le léiriú Airteagal 10 den Phrótacal sin, a mhéid a bhaineann le tarscaoileadh díolúine comhalta de chomhlacht comhairleach, i gcomhthéacs imscrúdú coiriúil a shaothrú i leith gníomhartha ar deonaíodh tarscaoileadh díolúine ina leith cheana féin, agus é á chur san áireamh go bhféadfadh pionóis choiriúla a bheith mar thoradh ar imscrúdú a shaothrú, gan beart comhéigneach a fhorchur a bheadh nua nó ar leithligh ón mbeart a bhí i gceist le linn an téarma oifige roimhe sin.
40 Thairis sin, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i míreanna 71 go 73 dá Tuairim, mar gheall ar dhifríochtaí struchtúracha agus feidhmiúla idir CESE agus Parlaimint na hEorpa, ní féidir anailís a dhéanamh ar an gcóras díolúine is infheidhme maidir le comhaltaí CESE de réir analaí leis an gcóras a leagtar síos in Airteagal 9 den Phrótacal ar phribhléidí agus díolúintí d’Fheisirí Pharlaimint na hEorpa, mar a léiríodh i mbreithiúnas an 19 Nollaig 2019, Junqueras Vies (C‑502/19, EU:C:2019:1115).
41 Ar deireadh, ba cheart a mheabhrú gur glacadh an cinneadh díolúine FR a tharscaoileadh i bhfianaise na bhfíoras a chuir Oifig an Iniúchóra Oibreachais in iúl do CESE ina hiarraidh ar tharscaoileadh díolúine. Dá bhrí sin, ba i bhfianaise na n‑imeachtaí coiriúla a beartaíodh mar gheall ar na fíorais sin amháin a mheas CESE nach raibh sé contrártha do leasanna an Aontais FR a thabhairt os comhair cúirt choiriúil agus gur cheart, dá bhrí sin, a dhíolúine a tharscaoileadh. Os a choinne sin, ní féidir le cinneadh díolúine a tharscaoileadh den chineál sin údar a thabhairt leis an gcomhalta sin de CESE a thabhairt os comhair cúirt choiriúil i leith gníomhartha arna ndéanamh i gcomhlíonadh a dhualgas seachas iad siúd a luaitear san iarraidh ar tharscaoileadh díolúine, rud atá le fíorú ag an gcúirt a rinne an tarchur.
42 I bhfianaise na mbreithnithe go léir roimhe seo, is é an freagra ar an gceist a tharchuirtear go bhfuil Airteagal 10 den Phrótacal ar Phribhléidí agus Díolúintí, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 343 CFAE, le léiriú sa chaoi, i gcás inar tharscaoil CESE díolúine duine dá chomhaltaí i leith cionta coiriúla sonracha, ar an bhforas nach raibh tarscaoileadh den sórt sin contrártha do leasanna an Aontais, nach gá iarraidh nua ar tharscaoileadh díolúine a sheoladh chuig an gcomhlacht comhairleach sin i gcás inar ceapadh an duine lena mbaineann le haghaidh téarma oifige nua laistigh den chomhlacht comhairleach sin, i gcomhthéacs téarma nua reachtach, ar an gcoinníoll nár leathnaíodh ábhar na n‑imeachtaí coiriúla idir an dá linn. Is faoin gcúirt a rinne an tarchur atá sé a fhíorú an amhlaidh go dtagann na gníomhartha a líomhnaítear sna príomhimeachtaí coiriúla faoin gcéad chinneadh a rinne CESE lenar tarscaoileadh an díolúine.
Costais
43 Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte a rinne an tarchur, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a chur faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.
Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Tríú Dlísheomra) mar seo a leanas:
Maidir le hAirteagal 10 den Phrótacal (Uimh. 7) ar Phribhléidí agus Díolúintí, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 343 CFAE,
ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:
i gcás inar tharscaoil Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa díolúine duine dá chomhaltaí i leith cionta coiriúla sonracha, ar an bhforas nach raibh tarscaoileadh den sórt sin contrártha do leasanna an Aontais, ní gá iarraidh nua ar tharscaoileadh díolúine a sheoladh chuig an gcomhlacht comhairleach sin i gcás inar ceapadh an duine lena mbaineann le haghaidh téarma oifige nua laistigh den chomhlacht comhairleach sin, i gcomhthéacs téarma nua reachtach, ar an gcoinníoll nár leathnaíodh ábhar na n‑imeachtaí coiriúla idir an dá linn. Is faoin gcúirt a rinne an tarchur atá sé a fhíorú an amhlaidh go dtagann na gníomhartha a líomhnaítear sna príomhimeachtaí faoin gcéad chinneadh a rinne Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa lenar tarscaoileadh an díolúine.
Sínithe
* Teanga an cháis: an Fhraincis.