Eagrán sealadach

TUAIRIM AN ABHCÓIDE GHINEARÁLTA

ATHANASIOS RANTOS

arna tabhairt an 7 Bealtaine 2026 (1)

Cás C199/25

Fluvius Halle-Vilvoorde, Sibelgas roimhe seo,

Fluvius Kempen, Intercommunale Vereniging voor de Energiedistributie roimhe seo in de Kempen en het Antwerpse (IVEKA),

Fluvius IMEWO, Intercommunale Maatschappij voor Energievoorziening roimhe seo in West en OostVlaanderen (IMEWO),

Fluvius West, Fluvius West roimhe seo agus Intercommunale Maatschappij voor Gas en Elektriciteit van het Westen (GASELWEST),

Fluvius Zenne-Dijle, Iverlek agus Provinciale Brabantse Energiemaatschappij (P.B.E.) roimhe seo,

Fluvius MiddenVlaanderen, Intercommunale Vereniging voor Energieleveringen in MiddenVlaanderen (INTERGEM) roimhe seo,

Fluvius Antwerpen,

Fluvius West,

Fluvius Limburg,

Provinciale Brabantse Energiemaatschappij CVBA (PBE)

v

Vlaamse Nutsregulator, Vlaamse Regulator van de Elektriciteits- en Gasmarkt (VREG) roimhe seo

(iarraidh ar réamhrialú ó hof van beroep te Brussel (an Chúirt Achomhairc, an Bhruiséil, an Bheilg))

(Tarchur chun réamhrialú – Margadh inmheánach leictreachais – Rialachán (AE) 2019/943 – Airteagal 18(1) – Muirir ar rochtain ar ghréasáin, úsáid gréasán agus treisiú – Coincheap ‘costais neamhghaolmhara lena dtacaítear le cuspóirí beartais neamhghaolmhara’ – Modheolaíocht taraife maidir le dáileadh leictreachais lena n‑úsáidtear, i gcomhpháirt shuntasach de chostais na n‑oibreoirí gréasáin, modh treochta maidir le costais stairiúla – An fhéidearthacht éifeachtaí na reachtaíochta náisiúnta a choinneáil go sealadach, a mheastar a bheith ar neamhréir le dlí an Aontais, chun éiginnteacht dhlíthiúil a sheachaint)






I.      Réamhrá

1.        Baineann an iarraidh ar réamhrialú seo ó hof van beroep te Brussel (an Chúirt Achomhairc, an Bhruiséil, an Bheilg) le léiriú na chéad fhomhíre d’Airteagal 18(1) de Rialachán (AE) 2019/943.(2)

2.        Rinneadh an iarraidh seo le linn imeachtaí a bhaineann le caingean a thionscain 10 n‑oibreoir córais dáileacháin Phléimeannacha (‘na hiarratasóirí OCDanna’) lena n‑iarrtar go gcuirfí ar neamhní cinneadh ón Vlaamse Nutsregulator, Vlaamse Regulator van de Elektriciteits- en Gasmarkt (Rialaitheoir Leictreachais agus Gáis Pléimeannach) (‘VREG’) roimhe seo, lena gcinntear an mhodheolaíocht taraife chun leictreachas agus gás nádúrtha a dháileadh le linn na tréimhse rialála 2025-2028 (‘an cinneadh atá faoi chonspóid’).

3.        Sa chomhthéacs sin, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, ar an gcéad dul síos, an bhfuil reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear go bhféadfaidh na hoibreoirí córais dáileacháin (‘OCDanna’) costais na n‑oibleagáidí seirbhíse poiblí (‘OSPanna’) arna bhforchur orthu ag an mBallstát lena mbaineann a chur ar aghaidh chuig a gcustaiméirí deiridh, agus cinneadh lena mbunaítear modheolaíocht taraife ar bhonn an mheasúnaithe ar chostais stairiúla, comhoiriúnach le hAirteagal 18(1) de Rialachán 2019/943, nár léirigh an Chúirt Bhreithiúnais go fóill, agus, ar an dara dul síos, an féidir éifeachtaí na reachtaíochta náisiúnta sin a choinneáil go sealadach i gcás ina gcinntear go bhfuil sí ar neamhréir le dlí an Aontais, chun éiginnteacht dhlíthiúil a sheachaint.

II.    An dlí lena mbaineann

A.      Dlí an Aontais Eorpaigh

1.      Rialachán 2019/943

4.        Is mar seo a leanas atá an fhoclaíocht in Airteagal 1 de Rialachán 2019/943, dar teideal ‘Ábhar agus raon feidhme’:

‘Is é is aidhm don Rialachán seo:

(a)      bunús a chur ar fáil chun spriocanna an Aontais Fuinnimh, [...] a bhaint amach go héifeachtúil trína fhágáil gur féidir comharthaí margaidh a chur ar fáil chun go mbeidh méadú ar an éifeachtúlacht, ar sciar níos mó d’fhoinsí fuinnimh in‑athnuaite, ar shlándáil an tsoláthair, ar an tsolúbthacht, ar an inbhuanaitheacht, ar an dícharbónú, agus ar an nuálaíocht;

(b)      prionsabail bhunúsacha a shocrú le haghaidh margaí leictreachais comhtháite, a bheidh ag feidhmiú go maith, a fhágfaidh go mbeidh rochtain neamh-idirdhealaitheach ar an margadh ag gach soláthraí acmhainní agus ag gach custaiméir leictreachais, [...] agus a chumasóidh comhtháthú margaidh agus earnálach agus luach saothair margadhbhunaithe as leictreachas a ghintear ó fhoinsí in‑athnuaite;

[...]’

[Aistriúcháin neamhoifigiúil]

5.        Léitear Airteagal 18 den Rialachán sin, dar teideal ‘Muirir ar rochtain ar ghréasáin, úsáid gréasán agus treisiú’ mar seo a leanas:

‘1.      Beidh na muirir a ghearrfaidh oibreoirí gréasáin ar rochtain ar ghréasáin, lena n‑áirítear muirir ar nascadh leis na gréasáin, muirir ar úsáid na ngréasán, agus, i gcás inarb infheidhme, muirir ar threisithe a bhaineann leis na gréasáin, costas-léiritheach, trédhearcach agus cuirfear san áireamh leo an gá le slándáil agus solúbthacht gréasáin agus léireofar iontu na costais iarbhír a thabhaítear sa mhéid go bhfreagraíonn siad do chostais oibreora gréasáin atá éifeachtúil agus a bhfuil struchtúr inchomparáide aige agus cuirfear na muirir sin i bhfeidhm ar mhodh neamh-idirdhealaitheach. Ní áireofar ar na costais seo costais neamhghaolmhara lena dtacaítear le cuspóirí beartais neamhghaolmhara.

Gan dochar d’Airteagal 15(1) agus (6) de Threoir 2012/27/AE [(3)] ná do na critéir in Iarscríbhinn XI a ghabhann leis an Treoir sin, tacóidh an mhodheolaíocht a úsáidtear chun na muirir ghréasáin a chinneadh, ar bhealach neodrach, le héifeachtúlacht fhoriomlán na gcóras san fhadtéarma trí chomharthaí praghais do chustaiméirí agus do tháirgeoirí agus, go háirithe, cuirfear i bhfeidhm í ar bhealach nach ndéanfaidh idirdhealú idir táirgeadh atá nasctha ar leibhéal an dáileacháin agus táirgeadh atá nasctha ar leibhéal an tarchurtha. [...]

2.      Leis na modheolaíochtaí maidir le taraifí, léireofar costais sheasta oibreoirí córais tarchurtha agus soláthrófar dreasachtaí iomchuí maidir le hoibreoirí córais tarchurtha agus le hoibreoirí córais dáileacháin sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma, chun éifeachtúlachtaí a mhéadú, lena n‑áirítear éifeachtúlacht fuinnimh, chun comhtháthú na margaí agus slándáil an tsoláthair a chothú, chun tacú le hinfheistíochtaí éifeachtúla, [...].

[...]

4.      Nuair a bheidh na muirir ar rochtain ar ghréasán á socrú, cuirfear an méid seo a leanas san áireamh:

(a)      íocaíochtaí agus fáltais a eascraíonn as an sásra um chúiteamh idir oibreoirí córas tarchurtha;

(b)      íocaíochtaí iarbhír a rinneadh agus a fuarthas mar aon le híocaíochtaí lena bhfuiltear ag súil do thréimhsí ama sa todhchaí, agus a ndéantar meastachán orthu ar bhonn tréimhsí san am atá caite.

[...]

7.      Beidh taraifí dáileacháin ina léiriú ar chostais agus úsáid an ghréasáin dáileacháin ag úsáideoirí an chórais, lena n‑áirítear custaiméirí gníomhacha. [...]

8.      Le modheolaíochtaí taraifí tarchurtha, soláthrófar dreasachtaí d’oibreoirí córais tarchurtha i leith a ngréasáin a oibriú agus a fhorbairt ar an mbealach is cost‑éifeachtúla, lena n‑áirítear trí sholáthar seirbhísí. Chun na críche sin, aithneoidh údaráis rialála mar chostais incháilithe, agus cuirfidh siad san áireamh costais ábhartha sna taraifí dáileacháin agus féadfaidh siad spriocanna feidhmíochta a thabhairt isteach chun dreasacht a thabhairt d’oibreoirí córais dáileacháin éifeachtúlachtaí a mhéadú sna gréasáin atá acu, [...]’

2.      Treoir (AE) 2019/944

6.        Luaitear in Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/944,(4) dar teideal ‘Sainmhínithe’, i mír 57, nach mór an coincheap ‘gnóthas leictreachais’ a thuiscint mar thagairt do ‘aon duine nádúrtha nó dlítheanach a chomhlíonann ceann amháin ar a laghad de na feidhmeanna seo a leanas: táirgeadh, tarchur, dáileadh, [...]’.

7.        Foráiltear le míreanna 2 agus 3 d’Airteagal 9 den Treoir sin, dar teideal ‘Oibleagáidí seirbhíse poiblí’:

‘2      Le haird iomlán ar fhorálacha ábhartha CFAE, go háirithe Airteagal 106, féadfaidh na Ballstáit, ar son an leasa eacnamaíoch ghinearálta, oibleagáidí seirbhíse poiblí a fhorchur ar ghnóthais a oibríonn in earnáil an leictreachais, ar oibleagáidí iad a d'fhéadfadh a bheith ag baint le slándáil, lena n‑áirítear cinnteacht an tsoláthair, rialtacht, cáilíocht agus praghas an tsoláthair agus cosaint an chomhshaoil, lena n‑áirítear an éifeachtúlacht fuinnimh, fuinneamh ó fhoinsí in‑athnuaite agus cosaint na haeráide. Beidh oibleagáidí den sórt sin sainithe go soiléir, trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach agus infhíoraithe, agus ráthófar leo cothrom rochtana ar chustaiméirí náisiúnta do ghnóthais leictreachais an Aontais [...].

3.      I gcás ina dtabharfar cúiteamh airgeadais, cineálacha eile cúitimh agus cearta eisiacha a dheonóidh an Ballstát le haghaidh chomhlíonadh na n‑oibleagáidí a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo nó le haghaidh soláthar seirbhíse uilíche mar a leagtar amach in Airteagal 27, is ar bhealach neamh-idirdhealaitheach agus trédhearcach a dhéanfar an méid sin.’

8.        Foráiltear le hAirteagal 57(4) den Treoir sin, dar teideal ‘Dualgais agus cumhachtaí an údaráis rialála’:

‘Ráthóidh na Ballstáit neamhspleáchas an údaráis rialála agus áiritheoidh siad go ndéanfaidh sé a chumhachtaí a fheidhmiú ar bhealach neamhchlaonta agus trédhearcach. Chuige sin, áiritheoidh na Ballstáit, i dtaca leis an údarás rialála, le linn dó na cúraimí a thugtar dó leis an Treoir seo agus le reachtaíocht ghaolmhar a chomhlíonadh:

(a)      go bhfuil sé uathúil ó thaobh an dlí agus neamhspleách ó thaobh na feidhmíochta ó aon eintiteas poiblí nó príobháideach eile;

(b)      go n‑áirithíonn sé, i dtaca lena fhoireann agus leis na daoine atá freagrach as bainistíocht a dhéanamh air:

(i)      go gníomhóidh siad go neamhspleách ó aon leas margaidh; agus

(ii)      nach ndéanfaidh siad treoracha díreacha a lorg ná a thógáil ó aon eintiteas rialtais ná aon eintiteas poiblí ná príobháideach eile agus na cúraimí rialála á gcomhlíonadh acu. Tá an ceanglas sin gan dochar don dlúthchomhar, de réir mar is iomchuí, le húdaráis náisiúnta ábhartha nó do threoirlínte ginearálta beartais arna n‑eisiúint ag an rialtas nach mbaineann leis na cumhachtaí agus dualgais rialála faoi Airteagal 59.’

9.        Foráiltear le hAirteagal 59(1)(a) den Treoir sin, dar teideal ‘Dualgais agus cumhachtaí na n‑údarás rialála’:

‘Beidh na dualgais seo a leanas ar an údarás rialála:

(a)      taraifí tarchurtha nó dáileacháin nó na modheolaíochtaí a ghabhann leo, nó an dá cheann, a shocrú nó a fhormheas, i gcomhréir leis na critéir thrédhearcacha.’

B.      Dlí na Beilge

10.      Luaitear an méid seo a leanas in Airteagal 4.1.30(1) d’Fhoraithne van 8 mei 2009 houdende algemene bepalingen betreffende het energiebeleid (Energiedecreet) (Foraithne an 8 Bealtaine 2009 lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le beartas fuinnimh (Foraithne Fuinnimh),(5) sa leagan is infheidhme maidir leis na fíorais sna príomhimeachtaí (‘an Fhoraithne Fuinnimh’):

‘Bunóidh [VREG] modheolaíocht taraife agus feidhmeoidh sé a chumhachtaí maidir le taraifí d’fhonn rialáil chobhsaí intuartha a chur chun cinn a chuirfidh le feidhmiú cuí an mhargaidh léirscaoilte agus a chuirfidh ar chumas oibreoirí córais dáileacháin na hinfheistíochtaí is gá a dhéanamh ina gcórais dáileacháin. ’

11.      Foráiltear le hAirteagal 4.1.32(1) den Fhoraithne sin:

‘Bunóidh [VREG] an mhodheolaíocht taraife agus na treoirlínte seo a leanas á gcur san áireamh:

[...]

5°      léireoidh na taraifí na costais a tabhaíodh iarbhír, ar choinníoll go gcomhfhreagraíonn siad do chostais eintitis éifeachtúil inchomparáide nó gníomhaíochta éifeachtúla inchomparáide;

[...]

10°      costais a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid le haghaidh cúraimí seirbhíse poiblí, arna bhforchur leis an bhForaithne nó dá réir, nach maoinítear le dleachtanna, cánacha, fóirdheontais, ranníocaíochtaí agus muirir, áireofar sna taraifí iad ar bhealach trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach tar éis don [VREG] rialú a dhéanamh.

[...]

19°      ní bheidh aon dreasacht sna taraifí a dhéanfadh dochar don éifeachtúlacht fhoriomlán, lena n‑áirítear éifeachtúlacht fuinnimh ghiniúint, dháileadh agus sholáthar an leictreachais [...].’

12.      Foráiltear leis an gceathrú mír d’Airteagal 4.1.34 den Fhoraithne sin:

‘Féadfaidh an Chúirt Achomhairc, ar iarratas ó pháirtí nó ar a tionscnamh féin, a rialú go gcoimeádfar éifeachtaí dlíthiúla an chinnidh a neamhníodh go hiomlán nó go páirteach nó go gcoimeádfar go sealadach iad ar feadh tréimhse a chinnfidh an Chúirt Achomhairc. Ní fhéadfar an beart sin a ordú, áfach, ach amháin ar chúiseanna eisceachtúla lena dtugtar údar le sárú ar phrionsabal na dlíthiúlachta, ar bhonn cinneadh atá réasúnaithe go sonrach agus tar éis malartú argóintí. Ní mór leasanna tríú páirtithe a chur san áireamh sa chinneadh sin freisin.’

III. An díospóid sna príomhimeachtaí, na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú agus an nós imeachta os comhair na Cúirte

13.      Cheap VREG na hiarratasóirí OCDanna chun na gréasáin dáileacháin leictreachais agus gáis nádúrtha a bhainistiú i limistéir shonraithe i bhFlóndras (an Bheilg).

14.      Baineann costais le hoibriú na ngréasán sin do na hiarratasóirí OCDanna, a fhéadfar a aisghabháil ó úsáideoirí na ngréasán sin, laistigh de theorainneacha áirithe agus faoi choinníollacha áirithe, le taraifí gréasáin. Mar sin féin, ós rud é gur monaplachtaí dlíthiúla iad na hiarratasóirí OCDanna, rialaíonn VREG a dtaraifí gréasáin tríd an modheolaíocht taraife is infheidhme a chinneadh. Leis an modh sin, a bhunaítear de ghnáth ar feadh thréimhse 4 bliana, socraítear an leibhéal ioncaim atá na hiarratasóirí OCDanna údaraithe a fháil trí na taraifí gréasáin arna n‑íoc ag úsáideoirí an chórais dáileacháin, chun a gcostais oibriúcháin a chumhdach.

15.      Is éard atá san ioncam údaraithe cuid a chomhfhreagraíonn do chostais eisginiúla, eadhon na costais nach féidir leis na hiarratasóirí OCDanna aon tionchar a bheith orthu, agus cuid a chomhfhreagraíonn do chostais inginiúla, is é sin le rá, costais réasúnacha agus riachtanacha a bhaineann le bainistiú gréasán agus sonraí, ar féidir leis na hiarratasóirí OCDanna tionchar a bheith acu orthu dá bhrí sin.(6)

16.      An 21 Meitheamh 2024, shínigh cathaoirleach agus comhalta de bhord stiúrthóirí VREG, i gcomhréir leis an bhForaithne Fuinnimh, an cinneadh atá faoi chonspóid, lena leagtar amach an mhodheolaíocht taraife chun leictreachas agus gás nádúrtha a dháileadh don tréimhse 2025-2028. Áirítear sa mhodheolaíocht taraife sin foirmlí chun an t‑ioncam údaraithe a ríomh lena mbeartaítear costais inginiúla réasúnta agus éifeachtúla na n‑iarratasóirí OCDanna a chumhdach, is é sin le rá na huaschostais inginiúla a fhéadfaidh na hoibreoirí córais dáileacháin a chur ar aghaidh chuig úsáideoirí córais dáileacháin.

17.      Chuige sin, cuirtear san áireamh sa mhodheolaíocht taraife sin forbairt na gcostas arna dtabhú ag na hiarratasóirí OCDanna. Go sonrach, cuireann VREG, ar an gcéad dul síos, éabhlóid na gcostas earnála inginiúil san áireamh, is é sin costais inginiúla chomhiomlánaithe na OCDanna Pléimeannacha uile le haghaidh na gníomhaíochta rialáilte céanna le linn na tréimhse taraife roimhe sin, sa chás seo an tréimhse 2019-2023. Ar an dara dul síos, déanann VREG foráil, le linn na tréimhse rialála 2025-2028, maidir leis an mbunchuid den ioncam ceadaithe le haghaidh costais inginiúla a choigeartú go bliantúil de réir an bhoilscithe, agus mar thoradh air sin ceartaítear an bhunchuid sin ex post de réir an bhoilscithe iarbhír. Ar an tríú dul síos, sa bhreis ar athruithe ar chostais stairiúla, cuireann VREG san áireamh freisin dreasacht éifeachtúlachta ar a dtugtar ‘frontier shift’, lena léirítear an méadú ar tháirgiúlacht a bhain na gnóthais is fearr feidhmíocht amach trí dhea-chleachtais (dul chun cinn teicneolaíochta) a chur i bhfeidhm agus atá riachtanach, de réir VREG, chun an iomaíocht laghdaithe idir na hiarratasóirí OCDanna a chúiteamh. Ar an gceathrú dul síos agus ar deireadh, cuirtear cúig ítim inginiúla breise, nach bhfuil ábhartha sa chás seo, leis an gcuid bhunúsach den ioncam ceadaithe le haghaidh costais inginiúla.

18.      An 19 Iúil 2024, thug na hiarratasóirí OCDanna caingean os comhair hof van beroep te Brussel (an Chúirt Achomhairc, an Bhruiséil), arb í an chúirt a rinne an tarchur í, ag iarraidh an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní. Áitíonn siad, inter alia, go sáraíonn an mhodheolaíocht taraife a chuir VREG i bhfeidhm chun na taraifí le haghaidh dáileadh leictreachais agus gáis nádúrtha a shocrú don tréimhse 2025-2028 Airteagail 4.1.30 agus 4.1.32 den Fhoraithne Fuinnimh, Treoir 2019/944, prionsabal na dtaraifí lena léirítear costais, dá bhforáiltear in Airteagal 18 de Rialachán 2019/943, agus roinnt prionsabal a bhaineann le dea-riarachán.

19.      Óna thaobh féin de, áitíonn VREG, inter alia, go sáraíonn an mhodheolaíocht taraife a bunaíodh don tréimhse 2025-2028 an dara habairt d’Airteagal 18(1) de Rialachán 2019/943 sa mhéid, i gcomhréir le hAirteagal 4.1.32(1), mír 10, den Fhoraithne Fuinnimh, go n‑áirítear leis na taraifí costais neamhghaolmhara a thacaíonn le cuspóirí beartais neamhghaolmhara. I ndáil leis sin, áitíonn VREG go bhforchuirtear leis an reachtaíocht náisiúnta atá i gceist sna príomhimeachtaí OSPanna éagsúla ar na hiarratasóirí OCDanna, dá ndeonaítear cúiteamh dóibh a mhaoinítear i bpáirt leis na hacmhainní a chuirtear ar fáil trí Energiefonds (Cistí Fuinnimh) agus le buiséad caiteachais ghinearálta Vlaamse Gewest (Réigiún Pléimeannach). Mar sin féin, tar éis an cúiteamh sin a asbhaint, cuirtear na costais eile a bhaineann le OSPanna airgeadais ar aghaidh sna taraifí gréasáin le haghaidh leictreachais. De réir VREG, saothraíonn formhór na OSPanna sin cuspóirí sóisialta agus comhshaoil, nach bhfuil aon bhaint acu, dá bhrí sin, le hoibriú na gcóras dáileacháin.

20.      Sna himthosca sin, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, ar an gcéad dul síos, an bhfuil an reachtaíocht náisiúnta atá i gceist sna príomhimeachtaí comhoiriúnach leis an dara habairt d’Airteagal 18(1) de Rialachán 2019/943, ar dá réir nár cheart a áireamh sna taraifí gréasáin ‘costais neamhghaolmhara a thacaíonn le cuspóirí beartais neamhghaolmhara’, coincheap nach sainítear leis an Rialachán sin. Dar léi, tagraíonn an nath ‘cuspóirí straitéiseacha eile’ do chuspóirí nach mbaineann le forbairt agus oibriú na ngréasán féin. Tugann an chúirt sin faoi deara, i ndáil leis sin, gur cosúil go saothraítear cuspóirí an bheartais fuinnimh le cur chun cinn úsáid foinsí in‑athnuaite fuinnimh, go háirithe leis an oibleagáid deimhnithe ‘glasa’ agus deimhnithe teasa comhghiniúna a cheannach, ar cuspóirí iad atá éagsúil leis na cuspóirí sin a bhaineann le córais dáileacháin a fhorbairt nó a oibriú go héifeachtúil. Dá bhrí sin, fiafraíonn an chúirt sin an bhfuil na ‘costais neamhghaolmhara’ a bhaineann le OSPanna, nach bhfuil aon nasc acu le hoibriú gréasáin agus a chuirtear ar aghaidh, sa Bheilg, sna taraifí faoin bhForaithne Fuinnimh, comhoiriúnach leis an bhforáil sin.

21.      Sa dara háit, fiafraíonn an chúirt sin, i bhfianaise na chéad abairte den chéad fhomhír d’Airteagal 18(1) den Rialachán sin, an bhfuil modheolaíocht taraife bunaithe ar chostais stairiúla na hiarratasóirí OCDanna comhoiriúnach, in éagmais rialú maidir lena n‑éifeachtúlacht. Ceanglaítear leis an bhforáil sin go bhfreagróidh na costais a chuirtear ar aghaidh chuig úsáideoirí do chostais oibreora gréasáin atá éifeachtúil a bhfuil struchtúir inchomparáide aige, rud a chiallaíonn nach féidir le taraifí dul thar an leibhéal a bhainfí amach i margadh iomaíoch. I ndáil leis sin, cé go n‑aithníonn sí go bhféadfadh úsáid sonraí eimpíreacha stairiúla a bheith ábhartha, fiafraíonn sí an bhfuil rialachán taraife atá bunaithe go heisiach ar chostais stairiúla, gan sásra chun measúnú a dhéanamh ar a n‑éifeachtúlacht, comhsheasmhach i ndáiríre le cuspóir an Rialacháin sin agus, ar bhonn níos leithne, le cuspóir aon rialacháin is infheidhme maidir le margadh monaplach, is é sin cosc a chur ar shocrú praghsanna atá níos airde ná na praghsanna a bheadh i réim i gcomhthéacs iomaíoch.

22.      Sa tríú háit agus ar deireadh, ardaíonn an chúirt a rinne an tarchur an cheist maidir le héifeachtaí na modheolaíochta taraife atá i gceist sa chás seo a choinneáil go sealadach. Dar léi, agus i gcomhréir le cásdlí na Cúirte,(7) is cosúil go dtugann breithnithe sáraitheacha maidir le deimhneacht dhlíthiúil údar le héifeachtaí Airteagal 4.1.32(1) mír 10 den Fhoraithne Fuinnimh agus/nó den chinnidh atá faoi chonspóid a choinneáil go sealadach, i gcás ina gcinnfidh an Chúirt Bhreithiúnais go bhfuil siad ar neamhréir le dlí an Aontais. Tugann an chúirt sin dá haire, i ndáil leis sin, go bhféadfadh neamhniú neamh-mhodhnaithe an bonn a bhaint den deimhneacht dhlíthiúil. (8)

23.      Sna himthosca sin, chinn Hof van beroep te Antwerpen (an Chúirt Achomhairc, an Bhruiséil) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:

‘1.      An bhfuil an dara habairt d’Airteagal 18(1) de Rialachán [2019/943] le léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc ar riail náisiúnta amhail Airteagal 4.1.32, § 1, pointe 10 d’Fhoraithne Fuinnimh], lena bhforáiltear go bhfuil costais na [OSP] a fhorchuirtear leis an bhForaithne nó de bhun an Fhoraithne, nach bhfuil maoinithe ag cánacha, dleachtanna, fóirdheontais, ranníocaíochtaí agus tobhaigh, le cur san áireamh sna taraifí?

2.      An bhfuil an chéad abairt d’Airteagal 18(1) de Rialachán (AE) [2019/943], le léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc ar údarás rialála modheolaíocht taraife a cheapadh le haghaidh dáileadh leictreachais a úsáideann, i ndáil le cuid shuntasach de chostais oibreoirí gréasáin atá faoi réir rialáil ioncaim, modh treochta costais stairiúil (a chinneann ioncam ar bhonn costais roimhe sin), per se, nó an bhfuil cur i bhfeidhm an mhodha sin le tacú le fíorú ar leibhéal na gcostas stairiúil maidir lena n‑éifeachtúlacht?

3.      Más rud é, ar bhonn na bhfreagraí a tugadh ar na ceisteanna a leagtar amach thuas, gur cheart don Chúirt Achomhairc a chinneadh gur mhainnigh VREG ceann amháin nó níos mó de na hoibleagáidí a eascraíonn as na forálacha dá dtagraítear sna ceisteanna sin a chomhlíonadh, an bhféadfadh sí éifeachtaí na bhforálacha sin a choinneáil ar bun go sealadach chun éiginnteacht dhlíthiúil a sheachaint?’

24.      Chuir na hiarratasóirí OCDanna, VREG, Rialtais na Beilge agus na Fionlainne agus an Coimisiún Eorpach barúlacha i scríbhinn faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais. Rinne na páirtithe sin argóintí ó bhéal freisin ag an éisteacht a tionóladh an 11 Feabhra 2025.

IV.    Anailís

A.      An chéad cheist a tarchuireadh le haghaidh réamhrialú

1.      Inghlacthacht

25.      Mar réamhphointe, cé nach ndearna na páirtithe sna himeachtaí aon agóid maidir le do-ghlacthacht, measaim gur gá scrúdú a dhéanamh ar inghlacthacht na chéad cheiste a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú.

26.      I ndáil leis sin, meabhraím de réir cásdlí socair, i gcomhthéacs an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 267 CFAE, gur faoin gcúirt náisiúnta amháin ar tugadh díospóid os a comhair agus a chaithfidh freagracht a ghlacadh as an gcinneadh breithiúnach atá le déanamh atá sé measúnú a dhéanamh, i bhfianaise imthosca sonracha an cháis, ar an ngá le réamhrialú ionas go bhféadfaidh sí breithiúnas a thabhairt agus ar ábharthacht na gceisteanna a chuireann sí faoi bhráid na Cúirte araon. Dá bhrí sin, ós rud é go mbaineann na ceisteanna a tarchuireadh le léiriú dhlí an Aontais, tá iallach ar an gCúirt Bhreithiúnais, i bprionsabal, rialú a thabhairt.(9) Is faoin gCúirt atá sé, áfach, na dálaí faoina dtarchuireann an chúirt náisiúnta na ceisteanna chuici a scrúdú, d’fhonn a dlínse féin nó inghlacthacht na hiarrata atá os a comhair a fhíorú. Is féidir go ndéanfaidh an Chúirt, go háirithe, measúnú i dtaobh an bhfuil feidhm ag forálacha de dhlí an Aontais lena mbaineann na ceisteanna a tharchuirtear chun réamhrialú sna príomhimeachtaí. Murab amhlaidh sin, beidh na forálacha sin neamhábhartha maidir le toradh na díospóide sin agus ní bheidh gá leis an gcinneadh réamhrialaithe ionas go bhféadfaidh an chúirt a rinne an tarchur breithiúnas a thabhairt, rud a fhágann gur chóir na ceisteanna sin a mheas mar do-ghlactha. (10)

27.      Sa chás seo, is léir ón ordú tarchuir, i gcomhthéacs na díospóide os comhair na cúirte a rinne an tarchur, go ndéanann VREG agóid i gcoinne dhlíthiúlacht Airteagal 4.1.32(1), mír 10 den Fhoraithne Fuinnimh, i bhfianaise an dara habairt d’Airteagal 18(1) de Rialachán 2019/943, foráil lena gceadaítear na costais a bhaineann leis na OSPanna arna bhforchur ag an mBallstát lena mbaineann ar na OCDanna a chur san áireamh sna taraifí gréasáin, i gcás nach maoinítear na costais sin le cánacha, dleachtanna, fóirdheontais, ranníocaíochtaí agus muirir.

28.      Ní mór a thabhairt faoi deara go raibh an Fhoraithne Fuinnimh mar bhonn le scéim a thabhairt isteach chun táirgeadh leictreachais ó fhoinsí in‑athnuaite a chur chun cinn, scéim ar thug údaráis inniúla na Beilge fógra ina leith don Choimisiún agus a bhí faoi réir Chinneadh C(2018) 1003 final an 16 Feabhra 2016 maidir le Státchabhair SA.46013 (2017/N) – an Bheilg, Deimhnithe le haghaidh leictreachas arna tháirgeadh ó fhoinsí in‑athnuaite agus Deimhnithe le haghaidh comhghiniúint ardéifeachtach i bhFlóndras (‘an cinneadh údarúcháin an Choimisiúin’).(11) Leis an gcinneadh sin, chinn an Coimisiún gan agóidí a dhéanamh i gcoinne na scéime sin, tar éis dó a chinneadh go raibh sí comhoiriúnach leis an margadh inmheánach faoi Airteagal 107(3)(c) CFAE. (12)

29.      Chuige sin, tugaim faoi deara, mar is léir ó chásdlí socair na Cúirte, sa chóras athbhreithnithe ar Státchabhair arna bhunú le Conradh FAE, go gcomhlíonann na cúirteanna náisiúnta agus an Coimisiún róil chomhlántacha ach éagsúil.(13) Go háirithe, áirithíonn cúirteanna náisiúnta go gcosnófar cearta daoine aonair i gcás sárú féideartha ag údaráis an Stáit ar an toirmeasc a leagtar síos in Airteagal 108(3) CFAE go dtí go ndéanfaidh an Coimisiún cinneadh críochnaitheach. Chuige sin, féadfar díospóidí a thabhairt os a chomhair lena gceanglaítear orthu an coincheap ‘Státchabhair’, dá dtagraítear in Airteagal 107(1) CFAE, a léiriú agus a chur i bhfeidhm, chun a chinneadh ar cheart nó nár cheart beart Stáit a tugadh isteach gan an nós imeachta athbhreithnithe roimh ré dá bhforáiltear in Airteagal 108(3) CFAE a chur san áireamh a bheith faoina réir. Ar an taobh eile, níl dlínse ag cúirteanna náisiúnta rialú a thabhairt maidir le cé acu atá nó nach bhfuil bearta cabhrach nó córas Státchabhrach comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. De réir chásdlí socair na Cúirte Breithiúnais, tagann an measúnú sin faoi inniúlacht eisiach an Choimisiúin, faoi réir athbhreithniú ag Cúirteanna an Aontais. (14)

30.      Thairis sin, de réir chásdlí socair na Cúirte Breithiúnais, níor cheart toradh a bheadh contrártha d’fhorálacha sonracha Chonradh FAE a bheith mar thoradh riamh ar an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 108 CFAE. Mar sin, ní féidir a dhearbhú go bhfuil cabhair a sháraíonn forálacha ginearálta nó prionsabail dhlí an Aontais ag luí leis an margadh inmheánach. I gcás ina bhfuil coinníollacha cabhrach nó scéime cabhrach nasctha go dlúth le cuspóir na cabhrach nó scéime cabhrach, nó lena bhfeidhmiú, nach féidir iad a mheasúnú ina n‑aonar, ní mór a n‑éifeacht ar chomhoiriúnacht nó neamh-chomhoiriúnacht na cabhrach nó na scéime cabhrach ina hiomláine a mheasúnú trí bhíthin an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 108 CFAE.(15) Dá bhrí sin, ní thagann an measúnú ar coinníollacha mionsonraithe den sórt sin faoi dhlínse na gcúirteanna náisiúnta. (16)

31.      I gcomhthéacs na díospóide sna príomhimeachtaí, is gá, dá bhrí sin, a fháil amach an bhféadfaidh an chúirt a rinne an tarchur measúnú a dhéanamh i bhfianaise an dara habairt d’Airteagal 18(1) de Rialachán 2019/943 ar an bhféidearthacht na costais a bhaineann le comhlíonadh OSPanna arna bhforchur ag an Stát ar na hiarratasóirí OCDanna a áireamh sna taraifí gréasáin i bhfianaise an dara habairt d’Airteagal 18(1) de Rialachán 2019/943, cé go raibh an fhoraithne sin faoi réir cinneadh údarúcháin ón gCoimisiún cheana féin lena gcinntear go bhfuil sí comhoiriúnach leis an margadh inmheánach.

32.      I ndáil leis sin, ba mhaith liom a chur in iúl, sa bhreithiúnas in Tiberis Holding, gur chinn an Chúirt go raibh an iarraidh ar réamhrialú a rinne an Consiglio di Stato (an Chomhairle Stáit, an Iodáil) do-ghlactha ar an bhforas, go bunúsach, nach raibh an léiriú ar Airteagal 3 de Threoir 2009/28/CE (17) agus ar Airteagal 4 de Threoir (AE) 2018/2001, (18) a d’iarr an chúirt sin, ábhartha do réiteach na díospóide sna príomhimeachtaí, ós rud é go gcuirtear cosc le dlí an Aontais ar an gcúirt a rinne an tarchur measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht an tsásra dreasachta diúltaí atá i gceist sa chás sin leis na forálacha sin, ós rud é go bhfuil dlúthbhaint ag an sásra sin le feidhmiú na scéime Státchabhrach a dhearbhaigh an Coimisiún a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach le Cinneadh C(2016) 2726 final an 28 Aibreán 2016 maidir le Státchabhair SA.43756 (2015/N) – Tacaíocht do leictreachas arna tháirgeadh ó fhoinsí in‑athnuaite san Iodáil.

33.      Go sonrach, chinn an Chúirt, ar an gcéad dul síos, gurb ionann ligean don Consiglio di Stato (an Chomhairle Stáit) athbhreithniú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht an tsásra dreasachta diúltaí lena mbaineann, i bhfianaise Airteagal 3 de Threoir 2009/28, agus cumhacht a thabhairt don chúirt sin a measúnú féin a chur in ionad mheasúnú an Choimisiúin ina chinneadh agus, ar an gcaoi sin, cur isteach ar na hinniúlachtaí eisiacha a fhorchoimeádtar don institiúid sin maidir le measúnú a dhéanamh ar chomhoiriúnacht na Státchabhrach leis an margadh inmheánach.(19) Mheas sí, ar an dara dul síos, go bhféadfadh aon mhodhnú ar an sásra dreasachta diúltaí sin, mar thoradh ar mhéadú féideartha ar dhéine na cabhrach a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh air, tionchar a bheith aige ar mheasúnú a chomhoiriúnachta leis an margadh inmheánach agus, dá bhrí sin, gur ‘cabhair nua’ a bheadh ann faoi réir na hoibleagáide fógra a thabhairt, agus a dtagann a mheasúnú ar chomhoiriúnacht leis an margadh inmheánach faoi inniúlacht eisiach an Choimisiúin, faoi réir athbhreithniú ag Cúirteanna an Aontais Eorpaigh. (20) Dá bhrí sin, leis an gcásdlí sin, ba cheart a bheith in ann na himthosca a shuí go soiléir ina bhféadfaidh cúirt náisiúnta, a éisteann cás ina n‑ardaítear ceist maidir le comhoiriúnacht na reachtaíochta náisiúnta le dlí an Aontais, rialú a thabhairt i gcás ina mbaineann an reachtaíocht sin le beart Státchabhrach a ndearna an Coimisiún scrúdú ar a chomhoiriúnacht roimhe sin.

34.      Ba mhaith liom a chur in iúl, i ndáil leis sin, go bhfuil sé beartaithe leis an scéim tacaíochta d’fhuinneamh in‑athnuaite a thug Rialtas na Beilge isteach agus a d’fhormheas an Coimisiún táirgeadh leictreachais i suiteálacha fótavoltacha a spreagadh trí oibleagáid cheannaigh agus íosphraghas ráthaithe. Is léir, go háirithe, ó chinneadh údaraithe an Choimisiúin go bhfuil an scéim sin bunaithe ar mhargadh a chruthú do dheimhnithe glasa ina bhfuil rannpháirtithe éagsúla sa mhargadh fuinnimh rannpháirteach agus ina bhfuil ceangal dlíthiúil ar oibreoirí deimhnithe a cheannach ar íosphraghas ráthaithe nuair nach n‑aimsíonn táirgeoirí ceannaitheoirí ar an margadh.(21) Tar éis mionanailís a dhéanamh ar fhorálacha ábhartha na Foraithne Fuinnimh agus ar fheidhmiú nithiúil an tsásra tacaíochta don fhuinneamh in‑athnuaite, lena n‑áirítear ról na n‑oibreoirí córais maidir le deimhnithe glasa a aischeannach, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go bhfuil an scéim comhoiriúnach leis na rialacha maidir le Státchabhair.

35.      Thairis sin, leanann sé go háirithe ón gcinneadh údarúcháin ón gCoimisiún go bhfuil tábhacht ar leith ag baint leis an oibleagáid aischeannaigh a fhorchuirtear ar OCDanna leis an bhForaithne Fuinnimh i gcomhthéacs oibriú na scéime cabhrach atá i gceist agus gur cuireadh san áireamh í sa mheasúnú ar chomhoiriúnacht agus comhréireacht na scéime ar tugadh fógra ina leith. Ós rud é gur cuireadh de chúram ar OCDanna Pléimeannacha gníomhú mar ‘cheannaitheoir na rogha deiridh’, sa mhéid is go gceanglaítear orthu gach cainníocht deimhnithe a thairgeann páirtithe margaidh dóibh a cheannach ar íosphraghas arna shocrú leis an reachtaíocht náisiúnta atá i gceist, (22) is gné lárnach den scéim cabhrach a chumhdaítear le cinneadh údarúcháin an Choimisiúin í a n‑idirghabháil sa mhargadh. (23)

36.      Cé, i bhfianaise chásdlí na Cúirte dá dtagraítear i mír 30 den Tuairim seo, go bhféadfadh an OSP chun deimhnithe glasa arna bhforchur ag an mBallstát lena mbaineann ar OCDanna a aischeannach a bheith ina mhódúlacht a bhfuil dlúthbhaint aici le feidhmiú na scéime cabhrach atá i gceist, ní mór a thabhairt faoi deara mar sin féin, sa chás seo, nach é an sásra a bunaíodh leis an bhForaithne Fuinnimh lena leagtar síos an oibleagáid ar OCDanna deimhnithe glasa a cheannach, atá faoi dhíospóid i bhfianaise Airteagal 18(1) de Rialachán 2019/943,(24) ach an fhéidearthacht costais OSPanna a fhorchuirtear ar na OCDanna leis an bhforaithne sin agus na rialacha mionsonraithe maidir lena gcomhtháthú. (25) Ní hionann an paraiméadar deireanach sin, de réir bhrí chásdlí na Cúirte, agus módúlacht a bhfuil dlúthbhaint aici le feidhmiú na scéime cabhrach atá i gceist ar a bonn a rinne an Coimisiún measúnú ar a comhréireacht agus a comhoiriúnacht leis na forálacha maidir le Státchabhair.

37.      Ní dhearnadh scrúdú i gCinneadh Imréitigh an Choimisiúin ar an gcaoi ar tugadh cuntas ar chostais OSPanna i dtaraifí leictreachais. Fiú dá mbeadh eilimintí sa scéim cabhrach ar tugadh fógra ina leith don Choimisiún a bhaineann le cuntasaíocht na gcostas sin, rud nach léir ón gcinneadh sin, ní bheadh an Coimisiún in ann, in aon chás, neamh-chomhoiriúnacht fhéideartha leis an bhForaithne Fuinnimh a shainaithint i bhfianaise an toirmisc, a leagtar síos anois in Airteagal 18 de Rialachán 2019/943, maidir le ‘costais neamhghaolmhara a thacaíonn le cuspóirí beartais eile’ a áireamh i muirir ghréasáin’.(26)

38.      Ba mhaith liom a chur in iúl, ina theannta sin, nach bhféadfadh an cásdlí a eascraíonn as an mbreithiúnas in Tiberis Holding a bheith ábhartha ach amháin dá gcinnfeadh an chúirt a rinne an tarchur go bhféadfadh neamh-chomhoiriúnacht fhéideartha idir an Fhoraithne Fuinnimh agus Airteagal 18(1) de Rialachán 2019/943 tionchar a bheith aici ar dhéine na cabhrach nó do na rialacha mionsonraithe maidir leis an gcabhair arna formheas ag an gCoimisiún, sa mhéid is go mbeadh modhnú ar mhéid na cabhrach sin nó ar na coinníollacha ar a mbonn a rinneadh a hanailís chomhoiriúnachta agus a formheas a eisiúint i gceist léi, nó dá gcinnfeadh sí go bhféadfadh aon neamh-chomhoiriúnacht den sórt sin tionchar a bheith aici ar an measúnú ar chomhoiriúnacht na scéime cabhrach atá i gceist leis an margadh inmheánach, agus sa chás sin d’fhéadfaí a mheas gur ‘cabhair nua’ í, leis na hiarmhairtí a leanann sin maidir le dlínse na cúirte náisiúnta agus maidir le neamh-inghlacthacht na chéad cheiste a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú. (27) Níl aon ní sa chomhad a cuireadh faoi bhráid na Cúirte chuige sin.

39.      I bhfianaise na mbreithnithe roimhe seo, measaim nach féidir na forais ba chúis leis an gconclúid go raibh an iarraidh ar réamhrialú sa chás ba chúis leis an mbreithiúnas in Tiberis Holding do-ghlactha a thrasuí sa chás seo agus, dá bhrí sin, go bhfuil an chéad cheist a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú inghlactha.

2.      Substaint an cháis

40.      Ar dtús, tugaim faoi deara go mbaineann an léiriú atá á lorg ag an gcúirt a rinne an tarchur go heisiach le hAirteagal 18(1) de Rialachán 2019/943. Mar sin féin, cosúil leis na páirtithe uile a ghlac páirt sna himeachtaí, táim den tuairim, chun freagra úsáideach a thabhairt don chúirt sin, nach mór Airteagal 9 de Threoir 2019/944, lena mbunaítear an creat dlíthiúil is infheidhme maidir le OSPanna in earnáil an fhuinnimh, agus Airteagail 57 agus 59 den Treoir sin, lena rialaítear, faoi seach, ainmniú agus neamhspleáchas na n‑údarás rialála náisiúnta, agus méid na ndualgas a dheonaítear dóibh, a chur san áireamh.

41.      É sin ráite, iarrtar ar an gCúirt an chéad fhomhír d’Airteagal 18(1) de Rialachán 2019/943 a léiriú agus scrúdú a dhéanamh ar a idirghníomhaíocht leis na forálacha thuasluaite de Threoir 2019/944, chun, ar an gcéad dul síos, a mheas an dtagann costais a bhaineann le comhlíonadh OSPanna faoin gcoincheap ‘muirir ghréasáin’ agus, ar an dara dul síos, a shuí an dtagann socrú na muirear sin faoi raon feidhme na ndualgas a thugtar do na húdaráis rialála náisiúnta agus, más amhlaidh go dtagann, a mhéid is dócha go mbainfidh sé an bonn d’uathriail chinnteoireachta agus de neamhspleáchas na n‑údarás sin.

(a)    OSPanna i muirir ghréasáin a chur san áireamh

42.      Baineann an chéad saincheist a d’ardaigh an chúirt a rinne an tarchur le comhoiriúnacht na Foraithne Fuinnimh le hAirteagal 18(1) de Rialachán 2019/943, a mhéid a fhoráiltear leis an bhForaithne Fuinnimh go bhféadfar costais OSPanna a bhaineann le fuinneamh in‑athnuaite a chur ar aghaidh i dtaraifí gréasáin, cé nach mbaineann na OSPanna sin le hoibriú an chórais dáileacháin agus go dtoirmisctear leis an bhforáil sin ‘costais neamhghaolmhara a thacaíonn le cuspóirí beartais neamhghaolmhara’ a áireamh i muirir ghréasáin.

43.      Meabhraím, i gcomhréir le cásdlí socair na Cúirte, agus foráil de dhlí an Aontais á léiriú, gur gá foclaíocht na forála sin, an comhthéacs ina bhfuil sí agus na cuspóirí a shaothraítear leis na rialacha a bhfuil sí mar chuid díobh a chur san áireamh.(28)

44.      Sa chéad áit, maidir le foclaíocht na chéad fhomhíre d’Airteagal 18(1) de Rialachán 2019/943, foráiltear leis an bhforáil sin go mbeidh na muirir a ghearrfaidh oibreoirí gréasáin ar rochtain ar ghréasáin, lena n‑áirítear muirir ar nascadh leis na gréasáin, muirir ar úsáid na ngréasán, agus, i gcás inarb infheidhme, muirir ar threisithe a bhaineann leis na gréasáin, costas-léiritheach, trédhearcach agus cuirfear san áireamh leo an gá le slándáil agus solúbthacht gréasáin agus léireofar leo na costais iarbhír a thabhaítear sa mhéid is go bhfreagraíonn siad do chostais oibreora gréasáin atá éifeachtúil agus a bhfuil struchtúr inchomparáide aige agus cuirfear na muirir sin i bhfeidhm ar mhodh neamh-idirdhealaitheach. Níor cheart costais neamhghaolmhara a thacaíonn le cuspóirí beartais neamhghaolmhara a áireamh sna muirir sin.

45.      Is léir, ar an gcéad amharc, ó fhoclaíocht na forála sin, cé go raibh sé beartaithe ag reachtas an Aontais muirir ghréasáin a rialáil trína cheangal go mbeadh baint ag na costais a bhaineann leo le feidhmiú iarbhír an ghréasáin agus nár cheart go n‑áireofaí leis na muirir sin, inter alia, costais neamhghaolmhara a thacaíonn le cuspóirí beartais neamhghaolmhara, nach sainmhínítear na coincheapa ‘muirir ghréasáin’, ‘costais neamhghaolmhara’ agus ‘cuspóirí beartais neamhghaolmhara’ sa Rialachán sin.

46.      Sa dara háit, maidir le comhthéacs na chéad fhomhíre d’Airteagal 18(1) de Rialachán 2019/943, tá an fhoráil sin mar chuid de Chaibidil III den Rialachán sin, a bhaineann le rochtain ar an ngréasán agus cásanna plódú den ghréasán a d’fhéadfadh a bheith ann agus, go sonrach, i Roinn II den chaibidil sin, dar teideal ‘Muirir ghréasáin agus ioncam ó phlódú’, ina bhfuil dhá airteagal.

47.      Is cosúil i ndáil leis sin, cé go dtugtar tuilleadh soiléirithe i míreanna 2 go 8 den fhoráil sin maidir leis an modheolaíocht atá le leanúint chun muirir ghréasáin a chinneadh agus, ar bhonn níos ginearálta, chun treoir a thabhairt maidir le taraifí tarchurtha agus dáileacháin leictreachais, nach dtugann na tosca sin, astu féin, freagra soiléir ar an gcéad cheist a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú.

48.      Sna himthosca sin agus chun scrúdú iomlán a dhéanamh ar chomhthéacs Airteagal 18(1) den Rialachán sin, ní mór forálacha áirithe a eascraíonn as Treoir 2019/944 a chur san áireamh freisin.

49.      Tugaim faoi deara, maidir leis an modheolaíocht taraife, i gcomhréir le mír 3 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin, ina leagtar amach na híoscheanglais maidir le billeáil agus faisnéis bhilleála, gurb é praghas an chustaiméara suim na dtrí phríomh-chomhpháirt, eadhon, ar an gcéad dul síos, an chomhpháirt ‘fuinneamh agus soláthar’, ar an dara dul síos, an chomhpháirt ‘líonra’ (tarchur agus dáileadh) agus, ar an tríú dul síos, an chomhpháirt ‘cánacha, tobhaigh, táillí agus muirir’. Thairis sin, mar a mheabhraítear i mír 3 sin, leagtar amach an sainmhíniú ábhartha ar na comhpháirteanna sin in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/1952,(29) lena bhforáiltear go sainráite go bhféadfar a áireamh sa tríú comhpháirt (‘cánacha, táillí, tobhaigh agus muirir’), inter alia, muirir a bhaineann le foinsí in‑athnuaite fuinnimh a chur chun cinn.

50.      A mhéid a bhaineann, go sonrach, le OSPanna, foráiltear le hAirteagal 9(2) de Threoir 2019/944 go bhfuil sé de cheart ag na Ballstáit oibleagáidí den sórt sin, lena n‑áirítear oibleagáidí i ndáil le fuinneamh ó fhoinsí in‑athnuaite, a fhorchur ar ghnóthais leictreachais agus gáis nádúrtha.(30) Thairis sin, luaitear in Airteagal 9(3) den Treoir sin, i gcás ina ndeonaíonn Ballstát cúiteamh airgeadais, cineálacha eile cúitimh agus cearta eisiacha chun na hoibleagáidí a leagtar amach i mír 2 den Airteagal sin a chomhlíonadh, go ndéanfar é sin ar bhealach neamh-idirdhealaitheach agus trédhearcach.

51.      Dá bhrí sin, leanann sé ó léamh comhcheangailte ar Airteagal 18 de Rialachán 2019/943 agus ar na forálacha thuasluaite de Threoir 2019/944, cé nach sainmhínítear na coincheapa ‘muirir ghréasáin’, ‘taraifí’ agus ‘modheolaíochtaí taraife’ i Rialachán 2019/943, ná nach n‑úsáidtear go comhsheasmhach iad i gcónaí, nach bhfuil sa(31) ghréasáin ‘taraifí’ nó ‘muirir’ dá dtagraítear in Airteagal 18(1) den Rialachán sin ach ceann amháin de na trí phríomh-chomhpháirt den bhilleáil iomlán.

52.      Thairis sin, le hAirteagal 9 de Threoir 2019/944 tugtar lánrogha shuntasach do na Ballstáit maidir leis an gcineál oibleagáide seirbhíse poiblí is mian leo a fhorchur ar OCDanna a shainiú agus maidir leis na socruithe chun na OSPanna sin a mhaoiniú.(32) Dá bhrí sin, ní chuirtear cosc leis an Treoir sin, i bprionsabal, ar reachtaíocht náisiúnta faoina bhféadfaidh OCDanna costais OSPanna arna bhforchur ag an mBallstát lena mbaineann orthu a chur ar aghaidh chuig custaiméirí deiridh, lena n‑áirítear i bhfoirm muirear, ar choinníoll go gcomhlíonann na paraiméadair agus na socruithe le haghaidh maoiniú den sórt sin na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 9(3) den Treoir sin.

53.      Sa tríú háit agus ar deireadh, maidir leis na cuspóirí a shaothraítear le Rialachán 2019/943, is léir ó Airteagal 1 de gurb é is aidhm don Rialachán sin, inter alia, bunús a leagan síos chun cuspóirí an Aontais Fuinnimh agus cuspóir an Aontais a bheith aeráidneodrach a bhaint amach go héifeachtach. Féachtar leis, go háirithe, go mbeifear in ann comharthaí margaidh a chumasú ar mhaithe le héifeachtúlacht mhéadaithe, sciar níos airde d’fhoinsí fuinnimh in‑athnuaite, slándáil an tsoláthair, solúbthacht, inbhuanaitheacht, dícharbónú agus nuálaíocht.

54.      I bhfianaise na mbreithnithe a leagtar amach sna míreanna roimhe seo den Tuairim seo, measaim nach mór glacadh leis an Tuairim seo a leanas.

55.      Sa chéad áit, tugaim faoi deara, mar a luaitear i míreanna 44 agus 45 den Tuairim seo, nach bhfuil feidhm ag Airteagal 18(1) de Rialachán 2019/943 ach amháin maidir le ‘muirir’ a bhaineann le húsáid an ghréasáin, lena nascadh leis agus lena threisiú. Dá bhrí sin, ní chumhdaítear leis an bhforáil sin ach na costais iarbhír a thabhaíonn an t‑oibreoir gréasáin a bhfuil dlúthbhaint acu le hoibriú an chórais dáileacháin agus ní rialaítear léi comhpháirteanna taraife eile nach mbaineann le húsáid iarbhír an ghréasáin. Dá bhrí sin, a priori, ní cuid de na ‘muirir’ dá dtagraítear faoin bhforáil sin iad costais OSPanna i leith tacaíocht d’fhuinneamh in‑athnuaite a ghearrann an t‑oibreoir gréasáin agus, dá bhrí sin, ní thagann siad faoi raon feidhme Airteagal 18(1) den Rialachán sin. (33)

56.      Thairis sin, is léir ó Airteagal 18(1) de Rialachán 2019/943 nach n‑áireoidh na Ballstáit sna muirir ghréasáin dá dtagraítear san fhoráil sin costais nach mbaineann go docht le hoibriú an ghréasáin agus lena saothraítear ‘cuspóirí eile’. Is cosúil go léiríonn an srian sin, ar an gcéad dul síos, rún reachtóir an Aontais cosc a chur ar na muirir sin a atreorú ón gcuspóir atá beartaithe dóibh agus iad a úsáid mar shásra iarmharach chun beartais phoiblí a mhaoiniú nach bhfuil aon nasc dealraitheach acu leis an gcóras dáileacháin agus tarchurtha leictreachais agus, ar an dara dul síos, trédhearcacht sa phraghsáil a áirithiú, ar gné riachtanach í d’fheidhmiú cuí na margaí leictreachais ar leibhéal an Aontais.(34)

57.      Ar an dara dul síos, tugaim faoi deara go bhfuil rialacha áirithe leagtha síos ag reachtas an Aontais lena rialaítear billeáil, don oibreoir gréasáin agus don tomhaltóir deiridh araon, lena gceanglaítear go háirithe go ndéanfar muirir a bhaineann leis an ngréasán agus iad siúd a bhaineann le OSPanna i leith tacaíocht d’fhuinneamh in‑athnuaite a chur i láthair ar bhealach trédhearcach mar mhuirir atá éagsúil ó tharaifí gréasáin agus nach n‑áirítear sna taraifí sin.

58.      Is é gné ar leith an cháis seo gur cosúil nár áiríodh na costais a bhaineann le OSPanna, sa chatagóir a bhaineann le ‘cánacha, muirir agus taraifí’ (a chomhfhreagraíonn don tríú comhpháirt den taraif i gcomhréir le mír 3 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2019/944),(35) rud a d’fhágfadh, de réir na bpáirtithe uile sna himeachtaí, réiteach atá comhsheasmhach le dlí an Aontais, (36) ach sa chatagóir a bhaineann le ‘muirear ghréasáin’ (a chomhfhreagraíonn don dara comhpháirt de taraif i gcomhréir le mír 3 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin), (37) nach mór, i bprionsabal, gan ach costais a bhaineann leis an ngréasán a léiriú.

59.      Cé go bhféadfadh cás den sórt sin, prima facie, a bheith ina chúis le ceisteanna maidir le comhoiriúnacht na reachtaíochta náisiúnta atá i gceist sna príomhimeachtaí le hAirteagal 18(1) de Rialachán 2019/943, i mo thuairimse, tá sé fós le soiléiriú conas a rinneadh na muirir a bhaineann le OSPanna a chomhtháthú sna taraifí gréasáin agus, go háirithe, an bhfuil tionchar iarbhír ag na muirir sin ar shocrú na dtaraifí sin ag VREG. (38) Chun iad féin a theorannú d’aicmiú foirmiúil na gcostas sin amháin chun teacht ar an gconclúid go bhfuil siad ar neamhréir le hAirteagal 18(1) den Rialachán sin, ar an bhforas gur cuireadh na costais san áireamh i gcatagóir eile, cé gur taifeadadh iad ar bhealach atá éagsúil go soiléir, dar liom, bheadh foirmiúlacht iomarcach i gceist a thiocfadh salach ar chur i bhfeidhm éifeachtach Rialachán 2019/943 agus Threoir 2019/944 araon. (39)

60.      Dá bhrí sin, is faoin gcúirt a rinne an tarchur atá sé scrúdú a dhéanamh ní hamháin ar aicmiú foirmiúil agus ar chuspóir an tobhaigh atá i gceist, chomh maith lena nasc le gníomhaíocht an ghréasáin, ach freisin ar an gcaoi a gcomhtháthaítear na costais sin sa struchtúr taraife. Mura féidir na muirir ghréasáin sin a dhealú ó chostais eile lena saothraítear cuspóirí atá neamhspleách ar an ngréasán, bheadh sé sin, a priori, ar neamhréir le hAirteagal 18(1) de Rialachán 2019/943. Os a choinne sin, níl feidhm ag an gcinneadh sin, i mo thuairimse, ar an mbealach céanna i gcás ina bhfuil costais nach bhfuil bainte leis an ngréasán, amhail, mar shampla, na costais sin a bhaineann le OSPanna, scartha go soiléir [agus inar féidir iad a idirdhealú go soiléir] ó mhuirir na dtaraifí gréasáin. (40) Mar sin féin, agus faoi réir na bhfíoruithe atá le déanamh ag an gcúirt a rinne an tarchur i ndáil leis sin, ní féidir a chur as an áireamh go dtagann an staid atá i gceist sna príomhimeachtaí faoin gcás deireanach sin. (41)

(b)    Tionchar chomhtháthú OSPanna i dtaraifí gréasáin i bhfianaise na gcumhachtaí agus an róil a thugtar don údarás rialála náisiúnta

61.      Baineann an dara saincheist a d’ardaigh an chúirt a rinne an tarchur leis an gceist an dócha go mbainfeadh cuimsiú chostais OSPanna i muirir ghréasáin, dá bhforáiltear leis an reachtaíocht náisiúnta atá i gceist sna príomhimeachtaí, an bonn de neamhspleáchas nó d’uathriail chinnteoireachta an údaráis rialála náisiúnta maidir le taraifí gréasáin a shocrú, i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 57(4) agus (5) agus in Airteagal 59(1)(a) de Threoir 2019/944.(42)

62.      Mar réamhphointe, meabhraím le hAirteagal 57(4) den Treoir sin, go bunúsach, go ráthóidh na Ballstáit neamhspleáchas na n‑údarás rialála náisiúnta agus, chuige sin, go n‑áiritheoidh siad, agus na cúraimí rialála a thugtar dóibh leis an Treoir sin agus leis an reachtaíocht ghaolmhar á gcomhlíonadh acu, go bhfuil na húdaráis rialála náisiúnta leithleach go dlíthiúil agus neamhspleách ó thaobh feidhme de ar eintitis phoiblí nó phríobháideacha eile agus go ngníomhóidh a bhfoireann agus na daoine atá freagrach as a mbainistiú go neamhspleách ar aon leas margaidh agus nach lorgóidh siad ná nach nglacfaidh siad treoracha díreacha ó aon rialtas ná ó aon eintiteas poiblí nó príobháideach eile agus na cúraimí sin á ndéanamh acu.(43) Mar sin féin, faoi Airteagal 57(4)(b)(ii) de Treoir sin, tá an ceanglas deireanach sin gan dochar don dlúthchomhar, de réir mar is iomchuí, le húdaráis náisiúnta lena mbaineann ná do threoirlínte beartais ginearálta arna n‑eisiúint ag an rialtas nach mbaineann leis na cumhachtaí agus dualgais rialála faoi Airteagal 59 den Treoir sin, lena n‑áirítear an dualgas, a leagtar amach in Airteagal 59(1)(a) di, taraifí tarchurtha nó dáileacháin nó a modheolaíochtaí a shocrú nó a fhormheas. (44)

63.      Dá bhrí sin, chun feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh sa leictreachas a áirithiú, is gá, ar an gcéad dul síos, go bhfuil sé d’acmhainn ag na húdaráis rialála náisiúnta cinntí a dhéanamh maidir leis na gnéithe rialála ábhartha uile agus neamhspleáchas iomlán a bheith acu ar aon leas poiblí nó príobháideach eile agus, ar an dara dul síos, nach mbaineann Treoir 2019/944 an chumhacht de na Ballstáit a mbeartas náisiúnta fuinnimh a tharraingt suas agus a fhoilsiú agus an creat gníomhaíochta do na húdaráis sin a shainiú. Dá réir sin, tá sé de shaoirse ag na Ballstáit a rialacha féin a ghlacadh maidir leis an margadh náisiúnta leictreachais, faoi réir chomhlíonadh na gcúraimí agus na gcumhachtaí a thugtar do na húdaráis rialála leis an Treoir sin. (45)

64.      I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, cé nach bhfuil sé faoi dhíospóid go dtagann socrú na dtaraifí dáileacháin agus bunú na modheolaíochta taraife is infheidhme maidir le táillí nasctha, de bhun Airteagal 59(1)(a) den Treoir sin, faoi inniúlacht eisiach na n‑údarás rialála náisiúnta, a bhfuil lánrogha shuntasach acu ina leith sin, nach féidir an inniúlacht sin a leathnú go huathoibríoch chuig gnéithe eile den bheartas fuinnimh nach bhfuil nasctha leis na dualgais a thugtar do na húdaráis sin faoin bhforáil sin agus, dá bhrí sin, atá lasmuigh dá n‑inniúlacht agus a bhfuil sé de shaincheart ag an reachtas nó ag an bhfeidhmeannas, i bprionsabal, iad a chinneadh. Is amhlaidh atá, go háirithe, maidir le socrú na gcostas a bhaineann le OSPanna i leith tacaíocht d’fhuinneamh in‑athnuaite agus maidir leis na socruithe chun na costais sin a aisghabháil.  Maidir leis an gcaoi a bhfuil sé beartaithe ag Ballstát tacú leis an margadh fuinnimh in‑athnuaite laistigh dá chríoch, cibé acu trí fhóirdheontais dhíreacha, trí shásraí cánach nó, mar atá sa chás seo, trí bheart paraifhioscach arb é atá ann costais a chur ar aghaidh chuig tomhaltóirí deiridh, is rogha beartais fuinnimh amháin é nach dtagann faoi inniúlacht na n‑údarás rialála náisiúnta. (46)

65.      Is é sin le rá, cé gur léir go dtagann socrú na ‘muirear’ gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 18(1) de Rialachán 2019/943 faoi inniúlacht na n‑údarás rialála náisiúnta de bhun Airteagal 59(1)(a) de Threoir 2019/944, nach féidir a bheith amhlaidh i gcás ‘cánacha nó muirir eile’ nach bhfuil nasctha le rochtain ar an ngréasán ná lena úsáid agus, mar thoradh air sin, nach dtagann, i bprionsabal, faoi raon feidhme Airteagal 18(1) de.(47)

66.      Ní chuireann an cinneadh sin cosc, áfach, ar na Ballstáit cumhachtaí den sórt sin a thabhairt d’údaráis rialála náisiúnta ná, mar atá sa chás seo(48) gnéithe taraife áirithe a rialáil nach gá go dtagann siad faoi na dualgais tosaigh a shainítear in Airteagal 59 de Threoir 2019/944 faoi réir mhaoirseacht, nó fiú rialú, an údaráis rialála náisiúnta inniúil. (49) Is cosúil nach gcuireann aon fhoráil de dhlí an Aontais cosc ar na Ballstáit an t‑údarás inniúil náisiúnta a chumhachtú chun taraifí a bhaineann le OSPanna a rialáil.

67.      Ní leor an fíoras, dá dtagraítear i mír 58 den Tuairim seo, nár áiríodh na muirir OSPanna sa tríú comhpháirt den taraif, ach sna taraifí gréasáin, chun amhras a chaitheamh ar an anailís roimhe seo agus ní féidir a chinneadh, ann féin, go bhfuil an reachtaíocht náisiúnta atá i gceist sna príomhimeachtaí ar neamhréir le hAirteagal 57(4) agus le hAirteagal 59(1)(a) de Threoir 2019/944. Ar choinníoll go ndeimhníonn an chúirt a rinne an tarchur go bhfuil na costais a bhaineann le OSPanna, cé go n‑áirítear go foirmiúil iad sna muirir ghréasáin, scartha go soiléir uathu i ndáiríre, agus mar thoradh air sin nach ndéanann siad difear go sonrach don mhodheolaíocht chun muirir nó taraifí gréasáin a ríomh agus a shocrú, ní féidir cás den sórt sin a ionannú leis an gcás ina raibh sé beartaithe ag an reachtas nó ag an bhfeidhmeannas cur isteach ar chumhachtaí an údaráis rialála náisiúnta nó an bonn a bhaint dá údarás maidir le modheolaíochtaí taraife a shocrú nó a fhormheas.

68.      Ar deireadh, ba mhaith liom a chur in iúl, fiú dá dtiocfaí ar an gconclúid go dtagann costais OSPanna, a bheartaítear a chur ar aghaidh chuig na custaiméirí deiridh, faoi raon feidhme dhualgais na n‑údarás rialála náisiúnta, go n‑aithnítear i gcásdlí na Cúirte, i gcásanna áirithe, fiú i réimsí a thagann faoi inniúlacht na n‑údarás rialála náisiúnta, go bhféadfadh iarmhairtí a bheith ag feidhmiú a chumhachtaí ag Ballstát chun a bheartas náisiúnta fuinnimh a bhunú ar na costais a bhaineann leis an gcóras leictreachais a oibriú, gan idirghabháil den sórt sin a bheith, dá réir sin, ar neamhréir le hAirteagal 57(4) agus (5) den Treoir sin.(50)

69.      I ndáil leis sin, tugaim faoi deara, i gcomhthéacs díospóid a bhaineann le comhoiriúnacht Threoir 2009/73/CE (51) leis an reachtaíocht náisiúnta arb é atá inti, go bunúsach, idirghabháil Stáit maidir le praghas an gháis nádúrtha, gur chinn an Chúirt nach mór Airteagal 3(1) go (3) den Treoir sin,(52) arna léamh i bhfianaise Airteagail 36 agus 38 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, a léiriú sa chaoi nach gcuirtear cosc leis ar reachtaíocht Bhallstáit lena bhforáiltear gurb iad custaiméirí na ngnóthas sin, a d’fhéadfadh a bheith ina ndaoine aonair príobháideacha, a sheasfaidh go hiomlán na costais a bhaineann leis na hoibleagáidí stórála gáis nádúrtha a fhorchuirtear ar ghnóthais gáis nádúrtha chun slándáil agus rialtacht an tsoláthair gáis nádúrtha sa Bhallstát sin a áirithiú, ar choinníoll go saothraíonn an reachtaíocht sin cuspóir leasa eacnamaíoch ghinearálta, go gcomhlíonann sí ceanglais phrionsabal na comhréireachta agus go bhfuil na OSPanna a leagtar síos léi sainithe go soiléir, trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach, infhíoraithe agus go ráthaítear leo comhionannas rochtana do ghnóthais gáis an Aontais ar thomhaltóirí náisiúnta. (53)

70.      I bhfianaise an mhéid sin roimhe seo, molaim gurb é an freagra ar an gcéad cheist nach mór an dara habairt den chéad fhomhír d’Airteagal 18(1) de Rialachán 2019/943, agus Airteagal 57(4) agus (5) agus Airteagal 59(1)(a) de Threoir 2019/944 a léiriú sa chaoi nach gcuirtear cosc leo ar chostais OSPanna arna bhforchur ar oibreoir gréasáin ag Ballstát ar bhonn Airteagal 9(2) de Threoir 2019/944 agus nach maoinítear le cánacha, dleachtanna, fóirdheontais, ranníocaíochtaí agus tobhaigh a áireamh i muirir ghréasáin, ar choinníoll nach gcomhtháthaítear na costais sin sa mhodheolaíocht chun na muirir sin a shocrú agus go ndéantar iad a idirdhealú go soiléir ó na muirir sin.

B.      An dara ceist a tarchuireadh le haghaidh réamhrialú

71.      Maidir lena dara ceist, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an bhfuil an chéad abairt den chéad fhomhír d’Airteagal 18(1) de Rialachán 2019/943, le léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc ar údarás rialála modheolaíocht taraife a cheapadh le haghaidh dáileadh leictreachais a úsáideann, i ndáil le cuid shuntasach de chostais oibreoirí gréasáin atá faoi réir rialáil ioncaim, modh treochta costais stairiúil (a chinneann ioncam ar bhonn costais roimhe sin), per se, nó an bhfuil cur i bhfeidhm an mhodha sin le tacú le fíorú ar leibhéal na gcostas stairiúil maidir lena n‑éifeachtúlacht?

72.      Mar réamhphointe, tugaim faoi deara nach mbaineann an léiriú atá á lorg ag an gcúirt a rinne an tarchur ach leis an gcéad abairt den chéad fhomhír d’Airteagal 18(1) de Rialachán 2019/943, lena gceanglaítear muirir ar rochtain ar ghréasáin chun costais OCDanna a léiriú a mhéid a chomhfhreagraíonn siad do chostais OCDanna atá éifeachtúil agus inchomparáide ó thaobh struchtúir de. Chun freagra úsáideach a thabhairt don chúirt sin, measaim gur cheart an cheist sin a athfhoirmliú, ag tagairt ní d’Airteagal 18(1) ach d’Airteagal 18(2) go (8).

73.      Meabhraím, i ndáil leis sin, go liostaítear in Airteagal 18 de Rialachán 2019/943 na prionsabail ghinearálta is infheidhme maidir le taraifí rochtana ar an ngréasán a shocrú agus a fhormheas, nach mór dóibh, inter alia, costais a léiriú, comhtháthú an mhargaidh a chothú agus slándáil an tsoláthair a áirithiú, chomh maith le húsáid éifeachtúil an ghréasáin atá ann cheana a spreagadh trí chomharthaí praghais iomchuí d’úsáideoirí.

74.      Tugaim faoi deara, ar an gcéad dul síos, nach bhforchuirtear le hAirteagal 18 den Rialachán sin modheolaíocht shonrach taraife maidir le dáileadh leictreachais a cheanglaítear ar an údarás rialála náisiúnta a leanúint. Dá bhrí sin, is faoin údarás sin atá sé modheolaíocht a fhorbairt a chomhlíonann na ceanglais uile a leagtar síos in Airteagal 18 den Rialachán sin, lena n‑áirítear an mhodheolaíocht a bhaineann le héifeachtacht na gcostas.(54) Thairis sin, i bhfianaise chineál casta agus teicniúil a dhualgas, ní mór lánrogha leathan a bheith ag an údarás sin maidir leis an modheolaíocht sin a chinneadh. (55) Sa chomhthéacs sin, ní mór don lánrogha atá ag na húdarás sin a chur ar a chumas an mhodheolaíocht a úsáidtear agus na nósanna imeachta ríofa a choigeartú de réir na bparaiméadar a mheasann sé a bheith ábhartha i bhfianaise na gcuspóirí a shaothraítear le dlí an Aontais agus leis an reachtaíocht náisiúnta is infheidhme araon, lena n‑áirítear trí na coinníollacha sonracha atá ar an margadh náisiúnta leictreachais a chur san áireamh. (56)

75.      Ar an dara dul síos, tugaim faoi deara nach féidir leis an bhfíoras go bhfuil modheolaíocht arna glacadh ag údarás rialála náisiúnta bunaithe go páirteach ar shonraí stairiúla, a úsáidtear mar thúsphointe chun measúnú a dhéanamh ar chostais OCDanna amach anseo,(57) é a dhéanamh ar neamhréir le hAirteagal 18 den Rialachán sin. (58) Is amhlaidh atá, go háirithe, i gcás nach gcuireann an mhodheolaíocht sin cosc, mar is cosúil sa chás seo, ar fhachtóirí coigeartaithe a bhreithniú le haghaidh costais stairiúla nó critéir bhreise lena léirítear go bhféadfadh forbairtí margaidh amach anseo a bheith éagsúil leis na forbairtí a breathnaíodh roimhe seo.

76.      Ar an tríú dul síos, mar is léir ó Airteagal 18(1), (2) agus (8) de Rialachán 2019/943, chun go mbeadh modheolaíocht taraife comhoiriúnach leis an bhforáil sin, ní mór dreasachtaí a bheith inti don oibreoir gréasáin éifeachtúlachtaí costas agus infheistíochtaí a mhéadú, sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma araon. Ba cheart a thabhairt faoi deara freisin, agus a lánrogha leathan á feidhmiú aige, dá dtagraítear i mír 74 den Tuairim seo, go bhféadfaidh an t‑údarás rialála náisiúnta éifeachtúlacht eacnamaíoch [OCDanna] a áirithiú ar bhealaí éagsúla.

77.      Sa chás seo, is léir ón ordú tarchuir go n‑áirítear sa mhodheolaíocht taraife arna glacadh ag VREG fachtóirí coigeartaithe chun feabhas ar éifeachtúlacht fhoriomlán a áirithiú, lena n‑áirítear éifeachtúlacht fuinnimh an chórais, agus go bhforáiltear léi freisin do chineál rialaithe ar na costais arna dtabhú ag na hiarratasóirí OCDanna a chuirtear ar aghaidh i dtaraifí leictreachais.(59)

78.      Ar an gceathrú dul síos, tugaim faoi deara, cé go n‑ardaíonn an chúirt a rinne an tarchur an cheist maidir le comhoiriúnacht na modheolaíochta arna cur i bhfeidhm ag VREG leis an gceanglas a leagtar síos in Airteagal 18(1) de Rialachán 2019/943, ar dá réir nach mór na costais is féidir a chur ar aghaidh a bheith comhfhreagrach ‘le costais oibreora gréasáin atá éifeachtúil agus inchomparáide ó thaobh struchtúir de’, go bhfuil an cheist sin fós teoiriciúil go bunúsach, ós rud é nár thug an chúirt sin rialú ar na hargóintí mionsonraithe a chuir na hiarratasóirí OCDanna agus VREG araon chun cinn maidir le paraiméadair agus módúlachtaí éagsúla na modheolaíochta taraife arna glacadh ag VREG.

79.      Feictear dom freisin go bhfuil sé tábhachtach a chur in iúl, i ndáil leis sin, cé go bhfuil dlínse ag an gCúirt forálacha dhlí an Aontais a léiriú, nach faoin gCúirt atá sé measúnú a dhéanamh in abstracto ar pharaiméadair éagsúla na modheolaíochta arna glacadh ag VREG, ná an mhodheolaíocht shonrach a chinneadh a mbeadh ar an údarás sin a chur i bhfeidhm, ná rialú a thabhairt ar oiriúnacht na gcritéar malartach a d’fhéadfaí a úsáid sa chás seo. Braitheann bunú na modheolaíochta iomchuí ar shraith fíoras agus paraiméadar teicniúil nach bhfuil ar fáil don Chúirt Bhreithiúnais agus, in aon chás, is faoin gcúirt a rinne an tarchur amháin atá sé measúnú sonrach den sórt sin a dhéanamh. Dá bhrí sin, is faoin gcúirt sin atá sé a fhíorú an gcomhlíonann an mhodheolaíocht taraife atá i gceist sa chás seo na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 18 de Rialachán 2019/943, i bhfianaise na bhfíoras go léir atá ar fáil di.

80.      I bhfianaise an mhéid sin roimhe seo, molaim gurb é an freagra ar an dara ceist nach mór Airteagal 18 de Rialachán 2019/943 a léiriú sa chaoi nach gcuirtear cosc leis ar údarás rialála náisiúnta modheolaíocht taraife a cheapadh chun leictreachas a dháileadh ina n‑úsáidtear modh treochta costais stairiúil, a mhéid a fhoráiltear leis an modheolaíocht sin d’fhachtóirí lena bhféadfar na sonraí sin a choigeartú, más gá, do chostais OCD atá éifeachtúil agus inchomparáide ó thaobh struchtúir de. Is faoin údarás rialála náisiúnta atá sé, faoi réir athbhreithniú ag na cúirteanna náisiúnta, oiriúnacht an mhodha a úsáidtear chun críocha an ríomha sin a chinneadh, ar bhonn na bhfíoras ábhartha, agus na prionsabail ghinearálta maidir le taraifí a shocrú a bhunaítear le hAirteagal 18 den Rialachán sin á gcomhlíonadh ag an am céanna.

C.      An tríú ceist a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú

81.      Lena tríú ceist, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an bhféadfaidh sí, chun éiginnteacht dhlíthiúil a sheachaint, éifeachtaí forála náisiúnta a choinneáil go sealadach, amhail Airteagal 4.1.32(1), mír 10, den Fhoraithne Fuinnimh, agus/nó an cinneadh atá faoi chonspóid, i gcás ina gcruthaítear, i bhfianaise bhreithiúnas na Cúirte a tugadh tar éis tarchur chun réamhrialú, go bhfuil siad ar neamhréir le dlí an Aontais.

82.      I ndáil leis sin, agus mar a thug an chúirt a rinne an tarchur faoi deara, níl an cheist sin ábhartha ach amháin má chinneann an chúirt sin, i bhfianaise na bhfreagraí a tugadh ar an gcéad dá cheist a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú, an Fhoraithne Fuinnimh agus/nó an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní ar an bhforas go bhfuil ceann amháin, nó an dá cheann, ar neamhréir le dlí an Aontais.

83.      I bhfianaise na bhfreagraí a mholaim ar an gcéad cheist agus ar an dara ceist a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú, ní gá an tríú ceist a fhreagairt.

V.      Conclúid

84.      I bhfianaise na mbreithnithe sin roimhe seo, molaim go bhfreagródh an Chúirt Bhreithiúnais na ceisteanna a tharchuir hof van beroep te Brussel (an Chúirt Achomhairc, an Bhruiséil, an Bheilg) le haghaidh réamhrialú mar seo a leanas:

1.      Maidir leis an dara habairt d’Airteagal 18(1) de Rialachán (AE) 2019/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019, agus Airteagal 57(4) agus (5) agus Airteagal 59(1)(a) de Threoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach don leictreachas agus lena leasaítear Treoir 2012/27/AE,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

ní chuirtear cosc leo ar chostais a bhaineann le comhlíonadh oibleagáidí seirbhíse poiblí arna bhforchur ag Ballstát ar an oibreoir gréasáin ar bhonn Airteagal 9(2) de Threoir 2019/944 agus nach maoinítear le cánacha, cánacha, fóirdheontais, ranníocaíochtaí ná muirir a áireamh i muirir ghréasáin, ar choinníoll nach gcomhtháthaítear na costais sin sa mhodheolaíocht chun na muirir sin a shocrú agus go bhfuil siad idirdhealaithe go soiléir ó na muirir sin.

2.      Maidir leis an dara habairt den chéad fhomhír d’Airteagal 18(1) de Rialachán 2019/943

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

ní chuirtear cosc leis ar údarás rialála náisiúnta modheolaíocht a ghlacadh le haghaidh taraifí dáileacháin leictreachais lena n‑úsáidtear modheolaíocht atá bunaithe ar athruithe ar chostais stairiúla, a mhéid a fhoráiltear leis an modheolaíocht sin d’fhachtóirí lenar féidir na sonraí sin a choigeartú, más gá, do chostais oibreora córais dáileacháin éifeachtúil a bhfuil struchtúr inchomparáide aige. Is faoin údarás rialála náisiúnta atá sé, faoi réir athbhreithniú ag na cúirteanna náisiúnta, oiriúnacht an mhodha a úsáidtear chun críocha an ríomha sin a chinneadh, ar bhonn na bhfíoras ábhartha, agus na prionsabail ghinearálta maidir le taraifí a shocrú a bhunaítear le hAirteagal 18 den Rialachán sin á gcomhlíonadh ag an am céanna.


1      Bunteanga: an Fhraincis.


2      Rialachán (AE) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir leis an margadh inmheánach don leictreachas (IO 2019 L 158, lch. 54). Ba cheart a thabhairt faoi deara gur leasaíodh an rialachán seo ina dhiaidh sin ar an 23 Meitheamh 2022 agus ar an 16 Iúil 2024. Mar sin féin, ós rud é gur aithin an chúirt a rinne an tarchur na forálacha ón leagan tosaigh den rialachán sin mar fhorálacha ábhartha, beidh na conclúidí seo bunaithe ar an leagan deireanach sin, agus sonrófar nach ndéanann na leasuithe ina dhiaidh sin difear don anailís a glacadh.


3      Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, lena leasaítear Treoracha 2009/125/CE agus 2010/30/AE agus lena n‑aisghairtear Treoracha 2004/8/CE agus 2006/32/CE (IO 2012 L 315, lch. 1).


4      Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach don leictreachas agus lena leasaítear Treoir 2012/27/AE (IO 2019 L 158, lch. 125).


5      Belgisch Staatsblad, 7 Iúil 2009, lch. 46192.


6      Go sonrach, tá trí phríomh-chomhpháirt i gcostais inginiúla: ar an gcéad dul síos, costais dímheasa; ar an dara dul síos, speansais oibriúcháin, lena n‑áirítear speansais agus ioncam a thagann faoi cheannteidil chairt íoschaighdeánach na gcuntas; agus, ar an tríú dul síos, costais an chaipitil infheistithe.


7      Tagraíonn an chúirt a rinne an tarchur, i ndáil leis sin, do bhreithiúnais an 5 Deireadh Fómhair 2023, Osteopathie Van Hauwermeiren (C‑355/22, EU:C:2023:737, mír 30), agus an 12 Meán Fómhair 2024, Casino de Spa agus páirtithe eile (C‑741/22, EU:C:2024:732, míreanna 52, 53 agus 58 go 62 agus an cásdlí dá dtagraítear).


8      De réir VREG, thógfadh sé 2 bhliain ar a laghad modheolaíocht taraife nua a fhorbairt, ar lena linn is dócha go mbeadh ar oibreoirí gréasáin OSPanna a mhaoiniú gan an t‑ioncam comhfhreagrach, rud a d’fhéadfadh difear a dhéanamh dá sócmhainneacht. Ina theannta sin, mura féidir an mhodheolaíocht taraife a choinneáil go sealadach, d’fhéadfadh coigeartuithe cúlghabhálacha ar shonraisc a bheith mar thoradh air sin.


9      Féach, go háirithe, breithiúnas an 1 Lúnasa 2025, Tiberis Holding (C‑514/23, breithiúnas Tiberis Holding, EU:C:2025:597, mír 33 agus an cásdlí dá dtagraítear).


10      Féach breithiúnas Tiberis Holding (mír 35 agus an cásdlí dá dtagraítear).


11      Údarú maidir le Státchabhair de bhun Airteagail 107 agus 108 de Chonradh [FAU] – Cás nach ndéanann an Coimisiún aon agóid ina choinne (IO 2018 C 360, lch. 1). Tá an cinneadh sin ar fáil, i mBéarla, ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin ag an seoladh seo a leanas: https://ec.europa.eu/competition/state_aid/cases/271706/271706_1974009_131_2.pdf.


12      Thairis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara go bhfuil cinneadh údarúcháin an Choimisiúin fós infheidhme, ós rud é gur deonaíodh an formheas ar feadh tréimhse 10 mbliana, i gcomhréir le haithris 7 den chinneadh sin.


13      Féach breithiúnas Tiberis Holding (mír 39 agus an cásdlí dá dtagraítear).


14      Féach breithiúnas Tiberis Holding (mír 40 agus an cásdlí dá dtagraítear).


15      Féach breithiúnas Tiberis Holding (mír 41 agus an cásdlí dá dtagraítear). Féach, freisin, breithiúnas an 11 Meán Fómhair 2025, an Ostair v an Coimisiún (stáisiún cumhachta núicléiche Paks II) (C‑59/23 P, EU:C:2025:686, míreanna 52 go 55, 70 agus 71 agus an cásdlí dá dtagraítear).


16      Féach breithiúnas Tiberis Holding (mír 42 agus an cásdlí dá dtagraítear).


17      Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in‑athnuaite a chur chun cinn agus lena leasaítear agus lena n‑aisghairtear ina dhiaidh sin Treoracha 2001/77/CE agus 2003/30/CE (IO 2009 L 140, lch. 16).


18      Treoir (AE) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn (IO 2018 L 328, lch. 82).


19      Féach breithiúnas Tiberis Holding (mír 44 go 50 agus an cásdlí dá dtagraítear).


20      Féach breithiúnas Tiberis Holding (mír 51 go 62 agus an cásdlí dá dtagraítear).


21      Is féidir achoimre a dhéanamh ar phríomhshonraí na scéime tacaíochta fuinnimh in‑athnuaite atá i gceist mar seo a leanas. Bronnfar deimhnithe ar tháirgeoirí leictreachais ó fhoinsí in‑athnuaite nó ó chomhghiniúint le haghaidh gach aonaid fuinnimh a tháirgtear. Tá soláthróirí leictreachais, nó sealbhóirí rochtana gréasáin, faoi réir oibleagáid bhliantúil líon áirithe deimhnithe a shealbhú agus a thabhairt ar ais, i gcomhréir le méid a soláthair, faoi phionóis fíneáil a íoc. Déantar deimhnithe a thrádáil, i bprionsabal, ar mhargadh agus is leis an idirghníomhú idir an soláthar agus an t‑éileamh a chinntear a bpraghas. I gcás nach n‑aimsíonn deimhnithe áirithe ceadúnaí ar an margadh sin, déanann na hiarratasóirí OCDanna, a bhfuil ceangal dlíthiúil orthu iad a fháil ar íosphraghas ráthaithe, idirghabháil chun an margadh sin a chobhsú. Cuirtear na costais arna dtabhú ag na OCDanna faoin oibleagáid cheannaigh sin ar aghaidh ansin chuig tomhaltóirí trí tharaifí gréasáin. Féach, maidir leis an gcúram a chuirtear ar OCDanna i gcomhthéacs na scéime cabhrach lena mbaineann, aithrisí 8, 9, 36 agus 75 den chinneadh údarúcháin ón gCoimisiún.


22      Féach aithris 75 den Chinneadh Imréitigh ón gCoimisiún.


23      Leanann sé ó hAithris 36 den chinneadh údarúcháin ón gCoimisiún go raibh barrachas deimhnithe mar shaintréith den mhargadh atá i gceist ag an am sin, rud a d’fhág go ndeachthas ar iontaoibh na hoibleagáide ceannaigh a fhorchuirtear ar OCDanna go minic. Ina theannta sin, is cosúil go ndeimhnítear an cinneadh sin leis an ordú tarchuir, ina luaitear go gcomhfhreagraíonn na híocaíochtaí atá i gceist do mhéideanna an‑ard, fíoras a d’fhéadfadh, dar leis, údar a thabhairt, i gcás inarb iomchuí, le teorainn ama ar éifeachtaí an bhreithiúnais atá le tabhairt, i gcás ina gcinntear leis na freagraí a thug an Chúirt go bhfuil an scéim cabhrach atá i gceist sna príomhimeachtaí ar neamhréir le dlí an Aontais. Féach, i ndáil leis sin, mír 22 den Tuairim seo.


24      Ní chuireann aon cheann de na páirtithe sna himeachtaí i gcoinne na féidearthachta atá ag Ríocht na Beilge na OSPanna atá i gceist a fhorchur, i bhfianaise forálacha eile de dhlí an Aontais. Is amhlaidh atá maidir leis na socruithe maoiniúcháin dá bhforáiltear leis na OSPanna sin agus maidir leis an bhféidearthacht do na OCDanna na costais ghaolmhara a chur ar aghaidh chuig tomhaltóirí deiridh. Mar a deimhníodh ag an éisteacht, is é an méid atá i gceist sa chéad cheist a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú an chaoi nach mór na costais a bhaineann le OSPanna a chur san áireamh i dtaraifí leictreachais, chomh maith leis na hiarmhairtí a bhaineann lena gcur san áireamh i dtaraifí gréasáin, gan amhras a tharraingt ar bhealach ar bith ar na OSPanna sin ná ar a socruithe maoiniúcháin, lena n‑áirítear an fhéidearthacht na costais a eascraíonn astu a chur ar aghaidh chuig na tomhaltóirí deiridh.


25      Baineann an chéad cheist a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú leis an bpointe an féidir na costais a bhaineann le hathcheannach na ndeimhnithe glasa sin a chur ar aghaidh sna taraifí gréasáin i bhfianaise Airteagal 18(1) de Rialachán 2019/943. Ina theannta sin, ní léir ó aon cheann de na doiciméid atá os comhair na Cúirte go bhféachann an chúirt a rinne an tarchur, trína ceist, le hamhras a chaitheamh ar an sásra chun deimhnithe glasa nó a socruithe maoinithe a athcheannach.


26      Dréachtaíodh an fhoráil a bhí infheidhme an tráth sin maidir le glacadh cinnidh údarúcháin ón gCoimisiún, eadhon Airteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 714/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le coinníollacha rochtana ar an ngréasán um malartuithe trasteorann sa leictreachas agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1228/2003 (IO 2009 L 211, lch. 15), ar bhealach éagsúil agus ní raibh toirmeasc den sórt sin inti.


27      Féach breithiúnais Tiberis Holding (míreanna 58, 60 agus 61) agus an 12 Eanáir 2023, DOBELES HES (C‑702/20 agus C‑17/21, EU:C:2023:1, míreanna 60 agus 61).


28      Breithiúnas an 1 Lúnasa 2025, Alace agus Canpelli (C‑758/24 agus C‑759/24, EU:C:2025:591, mír 91 agus an cásdlí dá dtagraítear).


29      Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le staidreamh Eorpach i ndáil le praghsanna gáis nádúrtha agus leictreachais agus lena n‑aisghairtear Treoir 2008/92/CE (IO 2016 L 311, lch. 1). Luaitear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin go n‑áirítear sa phraghas ‘gréasáin’, inter alia, taraifí tarchuir agus dáileacháin. Ina theannta sin, áirítear freisin le ‘cánacha, táillí, tobhaigh agus muirir’ cánacha, táillí, tobhaigh nó muirir a bhaineann le foinsí in‑athnuaite fuinnimh, éifeachtúlacht fuinnimh agus comhghiniúint a chur chun cinn.


30      Ba mhaith liom a chur in iúl i ndáil leis sin go sainmhínítear an coincheap ‘gnóthas leictreachais’ go leathan in Airteagal 2(57) de Threoir 2019/944, agus mar thoradh air sin go bhféadfadh OSPanna dá dtagraítear in Airteagal 9 den Treoir sin a fhorchuirtear ar ghnóthais leictreachais baint a bheith acu le hoibreoirí córais agus le gnóthais eile a oibríonn in earnáil an leictreachais araon.


31      Cé go n‑úsáidtear an téarma ‘muirir’ in Airteagal 18(1) de Rialachán 2019/943 chun na costais a bhaineann leis an gcóras tarchurtha agus dáileacháin leictreachais a ainmniú, úsáidtear ‘taraif’ chun na costais chéanna sin a ainmniú in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán 2016/1952, dá dtagraítear i mír 3 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2019/944. Is amhlaidh atá i gcás Airteagal 59(1)(a) den Treoir sin, ina dtagraítear do ‘tharaifí’ tarchurtha nó dáileacháin gan na muirir ghréasáin dá dtagraítear in Airteagal 18(1) de Rialachán 2019/943 a lua. Ní mór a thabhairt faoi deara freisin go n‑úsáidtear an téarma ‘muirear’, óna thaobh féin de, chun tuairisc a thabhairt ar na costais a bhaineann leis an ngréasán (de réir bhrí Airteagal 18(1) den Rialachán sin) agus ar na costais a bhaineann le OSPanna (i gcomhthéacs an tríú comhpháirt taraife, dá bhforáiltear i mír 3 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2019/944 agus in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán 2016/1952). Tugaim faoi deara, i ndáil leis sin, gur dheimhnigh na páirtithe uile sna himeachtaí ag an éisteacht gur cheart, dar leo, na téarmaí ‘taraifí’ agus ‘muirir’ a thuiscint go hidirmhalartach.


32      Áirítear leis sin, inter alia, na socruithe a chinneadh maidir le haisíoc na gcostas a eascraíonn as a n‑urscaoileadh.


33      Ní chuireann sé sin bac ar OSPanna áirithe a chur chun feidhme i bhfoirm muirir a bhaineann le hoibriú nó úsáid an ghréasáin, a thagann, dá bhrí sin, faoi raon feidhme Airteagal 18(1) de Rialachán 2019/943, go háirithe i gcás ina bhfuil sé beartaithe leo costais na n‑infheistíochtaí is gá a chumhdach chun an gréasán a fheabhsú nó a chosaint nó chun custaiméirí i gceantair thuaithe nó iargúlta a nascadh.


34      Tugaim faoi deara, i ndáil leis sin, i gcomhréir le hAirteagal 18(9) agus (10) de Rialachán 2019/943, go ndéanfaidh Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER) tuarascáil dea-chleachtais maidir le modheolaíochtaí taraifí tarchurtha agus dáileacháin. Sa leagan is déanaí, luaitear sa tuarascáil sin ‘go bhféadfadh costais nach mbaineann le húsáid gréasáin comharthaí taraife gréasáin a shaobhadh agus/nó go bhféadfadh suaitheadh sa mhargadh leictreachais a bheith mar thoradh orthu’. Féach tuarascáil ACER maidir le cleachtais taraifí gréasáin dar teideal ‘Getting the signals right: Electricity network tariff methodologies in Europe’, an 26 Márta 2025 (‘tuarascáil ACER’), ar fáil i mBéarla amháin ag: https://www.acer.europa.eu/sites/default/files/documents/Reports/2025-ACER-Electricity-Network-Tariff-Practices.pdf, go háirithe lch. 29, mír 85.


35      Féach mír 49 den Tuairim seo.


36      Maidir le VREG agus an Coimisiún araon, a d’áitigh ar dtús ina mbarúlacha i scríbhinn go mbeadh neamh-chomhoiriúnacht ann mar thoradh ar na costais a bhaineann le OSPanna a áireamh sna muirir ghréasáin, a mhéid a bhaineann le VREG, le hAirteagal 18(1) de Rialachán 2019/943 agus, a mhéid a bhaineann leis an gCoimisiún, le míreanna 4 agus 5 d’Airteagal 57 agus Airteagal 59(1)(a) de Threoir 2019/944, deimhníodh ag an éisteacht go bhféadfaí na costais a bhaineann le OSPanna a chur ar aghaidh go hiomlán chuig tomhaltóirí deiridh i gcomhthéacs an tríú comhpháirt taraife.


37      Féach mír 49 den Tuairim seo.


38      Cé nár rialaigh an chúirt a rinne an tarchur ina leith sin, tá difríocht idir seasaimh na bpáirtithe maidir leis an gcaoi a ndéantar costais maidir le OSPanna a chomtháthú go héifeachtach i dtaraifí gréasáin agus maidir le taraif iarbhír ar leith a bheith ann go le haghaidh OSPanna i bhFlóndras, agus maidir leis an gcaoi bheacht a gcoinnítear cuntas ar na costais sin. Áitíonn na hiarratasóirí OCDanna agus Rialtas na Beilge go bhfuil ‘taraif shonrach’ ar leith ann le haghaidh OSPanna, agus maíonn siad nach ndéanann na costais a bhaineann leis na OSPanna sin difear ar bhealach ar bith don mhodheolaíocht chun muirir ghréasáin a ríomh. Mar sin féin, cuireann VREG i gcoinne an dearbhaithe sin, a mheasann nach bhfuil na costais a bhaineann le OSPanna faoi réir taraif ar leith.


39      Is amhlaidh is mó é sin ós rud é nach féidir na forálacha thuasluaite de dhlí an Aontais a idirdhealú mar gheall ar a soiléireacht mar a luaitear i mír 51 den Tuairim seo.


40      B’amhlaidh a bheadh dá gcuirfí na costais a bhaineann le OSPanna san áireamh ar leith ó na muirir sin, cé go bhfuil siad nasctha go foirmiúil le ‘muirir ghréasáin’.


41      Tugaim faoi deara, i ndáil leis sin, gur léir ó thuarascáil ACER, ar a bhfuil VREG ag brath agus na hiarratasóirí is OCDanna agus Rialtas na Beilge, go bhfuil, i bhFlóndras, mar atá i bhformhór na mBallstát, costais nach bhfuil nasctha leis an gcóras scartha go soiléir ó chostais nó muirir ghréasáin eile. Féach, i ndáil leis sin, mír 63 den tuarascáil sin agus Tábla 4 agus Tábla 59 d’Iarscríbhinn 1 a ghabhann léi, go háirithe lch. 111. Tá an Iarscríbhinn ar fáil, i mBéarla amháin, ag: https://www.acer.europa.eu/sites/default/files/documents/Publications_annex/2025-ACER-Electricity-Network-Tariff-Annex-I.pdf. Cé go luann ACER sa tuarascáil sin, i mBallstáit áirithe, lena n‑áirítear Ríocht na Beilge, Éire agus Poblacht na Slóvaice, go gcomhtháthaítear costais nach bhfuil baint acu leis an gréasán i dtaraifí gréasáin agus nach bhfuil siad scartha go soiléir sa sonrasc, is cosúil nach bhfuil feidhm ag an mbarúil sin maidir le críoch iomlán na Beilge, ach go bhfuil sí teoranta do réigiún na Bruiséile. Féach, chuige sin, tuarascáil ACER, lch. 29, mír 85 agus Tábla 59 d’Iarscríbhinn 1, lch. 111.


42      Measann an Coimisiún nach mór a thuiscint leis an gcéad cheist a tharchuirtear go bhféachtar lena chinneadh an bhfuil reachtóir náisiúnta inniúil chun forálacha a ghlacadh lena gceanglaítear ar údarás rialála náisiúnta costais a bhaineann le OSPanna a chur san áireamh agus taraifí á gcinneadh aige. Dá réir, i bhfianaise Airteagal 57(4) agus (5) agus Airteagal 59(1)(a) de Threoir 2019/944, ní féidir bearta rialála náisiúnta a cheadú lena n‑áirítear forálacha mionsonraithe lena mbunaítear go sonrach na tosca atá faoi rogha an údaráis rialála náisiúnta, amhail leibhéil taraife an chórais leictreachais nó na modhanna iarbhír chun iad a ríomh.


43      Féach, chuige sin, breithiúnais an 2 Meán Fómhair 2021, an Coimisiún v an Ghearmáin (Trasuí Threoracha 2009/72 agus 2009/73) (C‑718/18, EU:C:2021:662, míreanna 108 agus 109 agus an cásdlí dá dtagraítear).


44      Féach breithiúnas an 6 Márta 2025, Alajärven Sähkö agus páirtithe eile (C‑48/23, ‘breithiúnas Alajärven Sähkö agus páirtithe eile’, EU:C:2025:144, mír 30 agus an cásdlí dá dtagraítear).


45      Féach breithiúnas Alajärven Sähkö agus páirtithe eile (míreanna 32 agus 39 agus an cásdlí dá dtagraítear).


46      I ndáiríre, tá muirir a bhaineann le OSPanna cosúil le scéim tacaíochta ‘traidisiúnta’, a úsáideann na Ballstáit, i measc ionstraimí eile, i gcomhthéacs scéimeanna Státchabhrach le haghaidh fuinneamh in‑athnuaite.


47      Mar a shuitear i míreanna 50 agus 56 den Tuairim seo, tagann na costais a bhaineann le OSPanna a thacaíonn le cur chun cinn an fhuinnimh in‑athnuaite, i bprionsabal, faoin gcatagóir dheireanach sin.


48      Meabhraím i ndáil leis sin, i gcomhthéacs an cháis seo, go bhforáiltear leis an bhForaithne Fuinnimh nach mór d’oibreoirí gréasáin costais a chur ar aghaidh faoi rialú VREG. De réir na mbarúlacha i scríbhinn agus ó bhéal a chuir VREG agus Rialtas na Beilge isteach, baineann an rialú arna fheidhmiú ag VREG go háirithe le fíorú an naisc idir na costais sin agus OSPanna agus le réasúntacht na gcostas sin.


49      D’fhéadfadh sé sin a bheith amhlaidh, go háirithe, i gcás ina bhfuil gnéithe teicniúla sna gnéithe sin ar gá measúnuithe casta a dhéanamh orthu.


50      Féach breithiúnas Alajärven Sähkö agus páirtithe eile (mír 40). Féach, freisin, mo Thuairim sa chás sin (C‑48/23, EU:C:2024:695, míreanna 52 agus 53).


51      Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach don leictreachas agus lena leasaítear Treoir 2003/55/CE (IO 2009 L 211, lch. 94).


52      Foráil chomhfhreagrach, expressis verbis, in Airteagal 9(1) go (3) de Threoir 2019/944.


53      Féach breithiúnas an 30 Aibreán 2020, Оvergas Mrezhi agus Balgarska gazova asotsiatsia (C‑5/19, EU:C:2020:343, mír 88). Féach, freisin, breithiúnas an 16 Iúil 2020, an Coimisiún v an Ungáir (Muirear ar rochtain ar ghréasán tarchurtha leictreachais agus gáis nádúrtha), (C‑771/18, EU:C:2020:584, míreanna 47 go 53).


54      Ós rud é nach leagtar síos forálacha níos sonraí i Rialachán 2019/943 maidir leis an modheolaíocht is infheidhme chun éifeachtúlacht a mheasúnú agus a chur chun cinn, tagann cinneadh modheolaíochta den sórt sin faoi chúraimí an údaráis rialála náisiúnta, i gcomhréir le hAirteagal 59 de Threoir 2019/944.


55      Féach, de réir analaí, breithiúnas an 23 Deireadh Fómhair 2025, Gaso agus Conexus Baltic Grid (C‑87/24, EU:C:2025:826, mír 81). Féach, freisin, mo Thuairim sa chás sin (C‑87/24, EU:C:2025:249, mír 65).


56      Is amhlaidh atá, go háirithe, i gcás ina n‑iarrtar ar údarás rialála náisiúnta anailísí eacnamaíocha ionchasacha a dhéanamh lena bhféachtar leo an dóchúlacht go dtarlóidh forbairtí áirithe sa mhargadh ábhartha a chinneadh laistigh de thréimhse ama intuartha. Ní gá a rá go bhfuil anailísí ionchasacha den sórt sin, níos minice, casta agus gur ghá go mbeadh siad níos éiginnte ná anailísí ex post. Féach, de réir analaí, i réimse na gcomhchruinnithe, breithiúnas an 13 Iúil 2023, an Coimisiún v CK Telecoms UK Investments (C‑376/20 P, EU:C:2023:561, míreanna 82 agus 83).


57      Ba cheart a shoiléiriú go n‑úsáideann formhór na n‑údarás rialála náisiúnta san Aontas modheolaíochtaí stairiúla costasbhunaithe chun a dtaraifí gréasáin a chinneadh agus ioncam OCD á rialáil acu. Féach, i ndáil leis sin, Comhairle Rialálaithe Fuinnimh na hEorpa (CEER), Report on Regulatory Frameworks for European Energy Networks [Tuarascáil maidir le Creataí Rialála do Ghréasáin Fuinnimh Eorpacha], an 21 Feabhra 2024, ar fáil ag: https://www.ceer.eu/wp-content/uploads/2024/04/RFR23-Mainreport.pdf, go háirithe lch. 166.


58      Ba cheart a thabhairt faoi deara, i ndáil leis sin, go bhforáiltear le hAirteagal 18(4)(b) de Rialachán 2019/943, agus muirir rochtana ar an ngréasán á socrú, go bhfuil ‘íocaíochtaí a bhfuil coinne leo do thréimhsí amach anseo, arna meas ar bhonn tréimhsí roimhe sin’ i measc na dtosca atá le cur san áireamh.


59      Is léir ón ordú tarchuir go bhforáiltear leis an modheolaíocht taraife arna glacadh ag VREG, inter alia, go ndéanfaidh VREG athbhreithniú ar réasúntacht na gcostas arna ndearbhú ag OCDanna (arb é atá ann, inter alia, a fhíorú an bhfuil údar leis na costais ó thaobh úsáideoirí an chórais dáileacháin nó leas an phobail de agus an bhféadfaí iad a sheachaint). Thairis sin, cuireann VREG uasteorainn ioncaim i bhfeidhm ar chostais inginiúla, rud a fheidhmíonn mar dhreasacht éifeachtúlachta dá bhrí sin. Féach, freisin, mír 17 den Tuairim seo.