BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Mór-Dhlísheomra)
an 1 Lúnasa 2025 ( *1 )
(Tarchur chun réamhrialú – Beartas tearmainn – Treoir 2013/32/AE – Nósanna imeachta coiteanna chun cosaint idirnáisiúnta a dheonú agus a tharraingt siar – Airteagail 36 agus 37 – An coincheap ‘tír shábháilte thionscnaimh’ – Ainmniú trí ghníomh reachtach – Iarscríbhinn I – Critéir – Airteagal 46 – An ceart chun leigheas éifeachtach a fháil – Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – Scrúdú, ag an gcúirt, ar ainmniú tríú tír mar thír shábháilte thionscnaimh – Foilsiú na bhfoinsí faisnéise ar a bhfuil an cinneadh sin bunaithe)
I gCásanna Uamtha C‑758/24 (Alace) ( i ) agus C‑759/24 (Canpelli) i,
Dhá IARRAIDH le haghaidh réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE ó Tribunale ordinario di Roma (an Chúirt Dúiche, an Róimh, an Iodáil), trí bhreitheanna an 31 Deireadh Fómhair 2024 agus an 4 Samhain 2024, a fuarthas ag an gCúirt an 4 Samhain 2024 agus an 5 Samhain 2024 faoi seach, sna himeachtaí
LC (C‑758/24),
CP (C‑759/24)
v
Commissione territoriale per il riconoscimento della protezione internazionale di Roma – sezione procedure alla frontiera II,
tugann AN CHÚIRT (an Mór-Dhlísheomra),
agus í comhdhéanta mar seo a leanas: K. Lenaerts, Uachtarán, T. von Danwitz, Leas-Uachtarán, K. Jürimäe (Rapóirtéir), I. Jarukaitis, M. L. Arastey Sahún, A. Kumin, N. Jääskinen, D. Gratsias agus M. Gavalec, Uachtaráin Dlísheomra, I. Ziemele, J. Passer, Z. Csehi, O. Spineanu-Matei, B. Smulders agus M. Condinanzi, Breithiúna,
Abhcóide Ginearálta: J. Richard de la Tour,
Cláraitheoir: C. Di Bella, Riarthóir,
ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn agus tar éis éisteacht an 25 Feabhra 2025,
tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:
– |
LC, ag S. Angilletta, avvocata, |
– |
CP, ag D. Belluccio agus S. Greco, avvocati, |
– |
Rialtas na hIodáile, ag S. Fiorentino, i gcáil Gníomhaire, le cúnamh ó L. D’Ascia, E. Feola agus I. Massarelli, avvocati dello Stato, |
– |
Rialtas na Bulgáire, ag S. O. Ruseva agus T. S. Tsingileva, i gcáil Gníomhairí, |
– |
Rialtas na Seice, ag A. Edelmannová, M. Smolek agus J. Vláčil, i gcáil Gníomhairí, |
– |
Rialtas na Gearmáine, ag J. Möller agus R. Kanitz, i gcáil Gníomhairí, |
– |
Rialtas na Gréige, ag T. Papadopoulou, i gcáil Gníomhaire, |
– |
Rialtas na Fraince, ag B. Dourthe, O. Duprat‑Mazaré agus B. Fodda, i gcáil Gníomhairí, |
– |
Rialtas na Cipire, ag I. Neophytou agus E. Symeonidou, i gcáil Gníomhairí, |
– |
Rialtas na Laitvia, ag J. Davidoviča agus S. Zellis, i gcáil Gníomhairí, |
– |
Rialtas na Liotuáine, ag K. Dieninis, i gcáil Gníomhaire, |
– |
Rialtas na hUngáire, ag M. Z. Fehér agus R. Kissné Berta, i gcáil Gníomhairí, |
– |
Rialtas Mhálta, ag A. Buhagiar, i gcáil Gníomhaire, |
– |
Rialtas na hÍsiltíre, ag M. K. Bulterman agus A. Hanje, i gcáil Gníomhairí, |
– |
Rialtas na hOstaire, ag A. Posch, J. Schmoll agus P. Thalmann, i gcáil Gníomhairí, |
– |
Rialtas na Polainne, ag B. Majczyna agus D. Lutostańska, i gcáil Gníomhairí, |
– |
Rialtas na Slóvaice, ag E. V. Larišová, i gcáil Gníomhaire, |
– |
Rialtas na Fionlainne, ag H. Leppo agus M. Pere, i gcáil Gníomhairí, |
– |
Rialtas na Sualainne, ag F.-L. Göransson agus J. Olsson, i gcáil Gníomhairí, |
– |
an Coimisiún Eorpach, ag A. Azéma, M. Debieuvre agus F. Tomat, i gcáil Gníomhairí, |
tar éis éisteacht le Tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 10 Aibreán 2025,
an Breithiúnas seo a leanas:
Breithiúnas
1 |
Baineann na hiarrataí ar réamhrialú le léiriú ar Airteagail 36 go 38 de Threoir 2013/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le nósanna imeachta coiteanna chun cosaint idirnáisiúnta a dheonú agus a tharraingt siar (IO 2013 L 180, lch. 60), arna léamh i gcomhar le haithrisí 42, 46 agus 48 den Treoir sin agus Iarscríbhinn I a ghabhann léi agus i bhfianaise Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’) agus Airteagail 6 agus 13 den Choinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, a síníodh sa Róimh an 4 Samhain 1950 (‘ECHR’). |
2 |
Rinneadh na hiarrataí sin in imeachtaí idir LC agus CP, faoi seach, náisiúnaigh de chuid Dhaon‑Phoblacht na Banglaidéise, agus an Commissione territoriale per il riconoscimento della protezione internazionale di Roma – sezione procedure alla frontiera II (Coimisiún críochach um chosaint idirnáisiúnta a aithint na Róimhe – an rannóg um nósanna imeachta teorann II, an Iodáil) maidir le dlíthiúlacht na gcinntí lenar dhiúltaigh an Coimisiún sin, tar éis nósanna imeachta brostaithe, iarratais ar chosaint idirnáisiúnta ó LC agus ó CP mar iarratais ar chosaint idirnáisiúnta atá go follasach gan bhunús. |
An dlí lena mbaineann
Dlí an Aontais Eorpaigh
Treoir 2013/32
3 |
Luaitear an méid seo a leanas in aithrisí 18, 20, 40, 42, 46 agus 48 de Threoir 2013/32:
[...]
[...]
[...]
[...]
[...]
[Aistriúchán neamhoifigiúil] |
4 |
Foráiltear le hAirteagal 10 den Treoir sin, dar teideal ‘Coinníollacha chun iarratais a scrúdú’, i mír 3(b) agus mír 4 de: ‘3. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh cinntí na n‑údarás cinntitheach maidir le hiarratais ar chosaint idirnáisiúnta déanta tar éis scrúdú iomchuí. Chuige sin, áiritheoidh na Ballstáit: [...]
[...] 4. Beidh rochtain ag na húdaráis dá dtagraítear i gCaibidil V, tríd an údarás cinntitheach nó tríd an iarratasóir nó ar shlí eile, ar an bhfaisnéis ghinearálta dá dtagraítear i mír 3(b), atá riachtanach chun a gcúram a chomhlíonadh.’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
5 |
Faoin gceannteideal ‘Ráthaíochtaí arna ndeonú d’iarratasóirí’, luaitear an méid seo a leanas in Airteagal 12(1)(d) den Treoir sin: ‘Maidir leis na nósanna imeachta dá bhforáiltear i gCaibidil III, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na ráthaíochtaí seo a leanas ag gach iarratasóir: [...]
[...]’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
6 |
Baineann Airteagal 24 den Treoir chéanna, dar teideal ‘Iarratasóirí a bhfuil sainráthaíochtaí nós imeachta de dhíth orthu’, leis an tacaíocht atá le tabhairt do na hiarratasóirí sin le linn an nós imeachta tearmainn. [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
7 |
Foráiltear le hAirteagal 31 de Threoir 2013/32, dar teideal ‘Nós imeachta scrúdúcháin’, i mír 8(b) de: ‘Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh go ndéanfar nós imeachta scrúdúcháin i gcomhréir le bunphrionsabail agus ráthaíochtaí Chaibidil II a luathú agus/nó a dhéanamh ag an teorainn nó i gcriosanna idirthurais i gcomhréir le hAirteagal 43 más rud é: [...]
[Aistriúchán neamhoifigiúil] |
8 |
Foráiltear le hAirteagal 32 den Treoir sin, dar teideal ‘Iarratais nach bhfuil bunús leo’: ‘1. Gan dochar d’Airteagal 27, ní fhéadfaidh na Ballstáit a mheas go bhfuil iarratas gan bhunús ach amháin má shuigh an t‑údarás cinntitheach nach gcáilíonn an t‑iarratasóir do chosaint idirnáisiúnta faoi Threoir 2011/95/AE [ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le caighdeáin i dtaca le cáiliú náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát mar thairbhithe de chosaint idirnáisiúnta, ar mhaithe le stádas aonfhoirmeach do dhídeanaithe nó do dhaoine atá incháilithe le haghaidh cosaint choimhdeach, agus inneachar na cosanta a thugtar (IO 2011 L 337, lch. 9)]. 2. I gcásanna iarratais gan bhunús ag a bhfuil feidhm ag aon cheann de na himthosca a liostaítear in Airteagal 31(8) leo, féadfaidh na Ballstáit a mheas gur léir go bhfuil iarratas gan bhunús, má shainmhínítear amhlaidh sa dlí náisiúnta.’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
9 |
De réir Airteagal 36 de Threoir 2013/32, dar teideal ‘Coincheap na tíre sábháilte tionscnaimh’: ‘1. Ní fhéadfar tríú tír atá ainmnithe mar thír shábháilte thionscnaimh i gcomhréir leis an Treoir seo, tar éis scrúdú aonair ar an iarratas, a mheas mar thír shábháilte thionscnaimh d’iarratasóir ar leith ach amháin sna cásanna seo a leanas:
agus nach bhfuil aon fhorais thromchúiseacha curtha isteach aige lena mheas nach tír shábháilte thionscnaimh í an tír ina imthosca ar leith agus ó thaobh a cháilithe mar thairbhí de chosaint idirnáisiúnta i gcomhréir le Treoir [2011/95]. 2. Leagfaidh na Ballstáit síos sa dlí náisiúnta rialacha agus modúlachtaí breise maidir le feidhmiú choincheap na tíre sábháilte tionscnaimh.’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
10 |
Faoin gceannteideal ‘Ainmniúchán tríú tíortha ag Ballstát mar thíortha sábháilte tionscnaimh’, foráiltear le hAirteagal 37 de Threoir 2013/32: ‘1. Féadfaidh na Ballstáit reachtaíocht a choinneáil nó a thabhairt isteach lena gceadaítear, i gcomhréir le hIarscríbhinn I, tíortha sábháilte tionscnaimh a ainmniú chun iarratais ar chosaint idirnáisiúnta a scrúdú. 2. Déanfaidh na Ballstáit athbhreithniú rialta ar an staid sna tríú tíortha a ainmníodh mar thíortha sábháilte tionscnaimh i gcomhréir leis an Airteagal seo. 3. Bunófar an measúnú i dtaobh an tír shábháilte thionscnaimh í tír i gcomhréir leis an Airteagal seo, ar raon d’fhoinsí faisnéise, lena n‑áirítear go háirithe faisnéis ó na Ballstáit eile, ó EASO, ó UNHCR, ó Chomhairle na hEorpa agus ó eagraíochtaí ábhartha eile. 4. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir leis na tíortha a ainmnítear mar thíortha tionscnaimh sábháilte i gcomhréir leis an Airteagal seo.’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
11 |
Déileálann Airteagal 38 den Treoir sin le coincheap an tríú tír shábháilte. |
12 |
Foráiltear le hAirteagal 43 den Treoir sin, dar teideal ‘Nósanna imeachta teorann’, i mír 1 de: ‘Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le nósanna imeachta i gcomhréir leis na bunphrionsabail agus na ráthaíochtaí dá dtagraítear i gCaibidil II chun cinneadh a dhéanamh, ag a dteorainn nó ina gcriosanna idirthurais, maidir leis an méid seo a leanas: [...]
[Aistriúchán neamhoifigiúil] |
13 |
Foráiltear le hAirteagal 46 den Treoir sin, dar teideal ‘An ceart chun leigheas éifeachtach a fháil’: ‘1. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh ceart ag iarratasóirí leigheas éifeachtach a fháil os comhair cúirte, i gcoinne na nithe seo a leanas:
[...] 3. Chun mír 1 a chomhlíonadh, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar foráil le leigheas éifeachtach maidir le scrúdú iomlán ex nunc ar fhíorais agus ar phointí dlí freisin, lena n‑áirítear, i gcás inarb iomchuí, scrúdú ar riachtanais cosanta idirnáisiúnta de bhun Threoir [2011/95], i gcomhthéacs nósanna imeachta achomhairc ar a laghad os comhair cúirt céadchéime. [...] 5. Gan dochar do mhír 6, lamhálfaidh na Ballstáit d’iarratasóirí fanacht ar an gcríoch go dtí go mbeidh an teorainn ama ar laistigh di a cheadaítear dóibh a gceart ar leigheas éifeachtach a fheidhmiú imithe in éag, agus, nuair a bheidh an ceart sin feidhmithe laistigh den teorainn ama, go dtí go dtiocfaidh toradh ar an leigheas. 6. I gcás cinnidh:
[...] beidh sé de chumhacht ag cúirt a rialú cé acu a fhéadfaidh nó nach bhféadfaidh an t‑iarratasóir fanacht ar chríoch an Bhallstáit, bíodh sé ar iarratas ón iarratasóir nó ag gníomhú ex officio, i gcás ina gcuirtear deireadh le ceart an iarratasóra fanacht sa Bhallstát agus sna cásanna nach ndéantar foráil sa dlí náisiúnta maidir leis an gceart chun fanachta sa Bhallstát go dtí go dtiocfaidh toradh ar an leigheas. [...]’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
14 |
Is mar seo a leanas atá Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2013/32, dar teideal ‘Ainmniú mar thír shábháilte thionscnaimh chun críocha Airteagal 37(1)’: ‘Meastar gur tír shábháilte thionscnaimh í tír inar féidir a léiriú, ar bhonn na staide dlíthiúla, chur i bhfeidhm an dlí laistigh de chóras daonlathach agus na gcúinsí polaitiúla ginearálta, nach ann do ghéarleanúint go ginearálta agus go comhsheasmhach mar a shainmhínítear in Airteagal 9 de Threoir [2011/95], aon chéastóireacht ná aon íde ná pionós atá mídhaonna nó táireach agus nach ann d’aon bhagairt mar gheall ar fhoréigean neamh-idirdhealaitheach i gcásanna coinbhleachta armtha idirnáisiúnta nó inmheánaí. Agus an measúnú seo á dhéanamh, cuirfear san áireamh, inter alia, a mhéid a thugtar cosaint i gcoinne géarleanúint nó drochíde leis na critéir seo a leanas:
[Aistriúchán neamhoifigiúil] |
Rialachán (AE) 2024/1348
15 |
Foráiltear le hAirteagal 61 de Rialachán (AE) 2024/1348 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 lena mbunaítear nós imeachta coiteann le haghaidh cosaint idirnáisiúnta san Aontas agus lena n‑aisghairtear Treoir 2013/32/AE (IO L, 2024/1348), dar teideal ‘Coincheap na tíre sábháilte tionscnaimh’, i mír 2 de: ‘Féadfar tríú tír a ainmniú mar thír shábháilte thionscnaimh ar leibhéal an Aontais [Eorpaigh] agus ar an leibhéal náisiúnta araon cé is moite d’eisceachtaí i gcás codanna sonracha dá críoch nó i gcás catagóirí daoine atá inaitheanta go soiléir.’ |
16 |
Foráiltear don mhéid seo a leanas in Airteagal 78 den Rialachán sin, dar teideal ‘Aisghairm’, i mír 1 de: ‘Aisghairtear Treoir [2013/32] le héifeacht ón dáta dá dtagraítear in Airteagal 79(2), gan dochar d’Airteagal 79(3).’ |
17 |
Foráiltear le hAirteagal 79(2) agus (3) den Rialachán sin, dar teideal ‘Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm’: ‘2. Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón 12 Meitheamh 2026. 3. Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an nós imeachta chun cosaint idirnáisiúnta a dheonú i ndáil le hiarratais a thaiscfear ón 12 Meitheamh 2026. Beidh iarratais ar chosaint idirnáisiúnta arna dtaisceadh roimh an dáta sin faoi rialú Threoir [2013/32]. Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an nós imeachta chun cosaint idirnáisiúnta a tharraingt siar i gcás ina gcuirfear tús leis an scrúdú chun cosaint idirnáisiúnta a tharraingt siar tar éis an 12 Meitheamh 2026. I gcás inar tionscnaíodh an scrúdú d’fhonn cosaint idirnáisiúnta a tharraingt siar roimh an 12 Meitheamh 2026, rialófar an nós imeachta chun cosaint idirnáisiúnta a tharraingt siar le Treoir [2013/32].’ |
An dlí náisiúnta
18 |
I gcomhréir le brollach an decreto-legge n. 158 – Disposizioni urgenti in materia di procedure per il riconoscimento della protezione internazionale (Dlí Foraithne Uimh. 158 lena leagtar síos forálacha práinneacha maidir le cosaint idirnáisiúnta a dheonú) an 23 Deireadh Fómhair 2024 (GURI Uimh. 249 an 23 Deireadh Fómhair 2024; ‘Dlí Foraithne Uimh. 158/2024’): ‘[...] [de bhrí] an gá urghnách agus an phráinn atá le tíortha sábháilte tionscnaimh a ainmniú, agus breithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 4 Deireadh Fómhair 2024 á chur san áireamh[, Ministerstvo vnitra České republiky, Odbor azylové a migrační politiky (C‑406/22, EU:C:2024:841)], seachas tíortha nach gcomhlíonann na coinníollacha don ainmniú sin le haghaidh codanna áirithe dá gcríoch (Camarún, an Cholóim agus an Nigéir); [de bhrí] Rialachán [2024/1348] agus go háirithe Airteagal 61(2) di, ar dá réir “d’fhéadfaí foráil a dhéanamh le hainmniú tríú tír mar thír shábháilte thionscnaimh ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta araon d’eisceachtaí i gcás codanna sonracha dá chríoch nó do chatagóirí daoine atá inaitheanta go soiléir”, lenar cumhdaíodh, cé go raibh feidhm aige ón 12 Meitheamh 2026, an seasamh atá ag Ballstáit an Aontais Eorpaigh; [...]’ |
19 |
Le Dlí Foraithne Uimh. 158/2024 leasaíodh, inter alia, Airteagal 2a den decreto legislativo n. 25 – Attuazione della direttiva 2005/85/CE recante norme minime per le procedure applicate negli Stati membri ai fini del riconoscimento e della revoca dello status di rifugiato (Foraithne Reachtach Uimh. 25 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2005/85/CE maidir le caighdeáin íosta i ndáil le nósanna imeachta sna Ballstáit chun stádas dídeanaí a dheonú agus a tharraingt siar), an 28 Eanáir 2008 (GURI Uimh. 40 an 16 Feabhra 2008; ‘Foraithne Reachtach Uimh. 25/2008’). I ndiaidh an leasaithe sin, foráiltear an méid seo a leanas le hAirteagal 2a(1) go (4a) d’Fhoraithne Reachtach Uimh. 25/2008: ‘1. I gcomhréir leis na critéir cháilithe arna mbunú le reachtaíocht Eorpach agus le sonraí ó fhoinsí faisnéise arna soláthar ag na heagraíochtaí idirnáisiúnta inniúla, measfar gur tíortha sábháilte tionscnaimh iad na tíortha seo a leanas: an Albáin, an Ailgéir, an Bhanglaidéis, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, Cabo Verde, an Cósta Eabhair, an Éigipt, an Ghaimbia, an tSeoirsia, Gána, an Chosaiv, an Mhacadóin Thuaidh, Maracó, Montainéagró, Peiriú, an tSeineagáil, an tSeirbia, Srí Lanca agus an Túinéis. 2. Féadfar a mheas gur tír shábháilte thionscnaimh é Stát lasmuigh den Aontas Eorpach más rud é, ar bhonn a chórais dlí, ar chur i bhfeidhm an dlí i gcóras daonlathach agus ar an staid pholaitiúil i gcoitinne, gur féidir a léiriú, go ginearálta agus go comhsheasmhach, nach ndéantar aon ghníomhartha géarleanúna [...], céastóireachta ná cineálacha eile íde nó pionóis atá mídhaonna nó táireach, ná aon chontúirt mar gheall ar fhoréigean neamh-idirdhealaitheach i gcásanna coinbhleachta armtha inmheánaí nó idirnáisiúnta. Féadfar tír shábháilte thionscnaimh a ainmniú cé is moite de chatagóirí daoine. 3. Chun críocha an mheasúnaithe dá dtagraítear i mír 2, cuirfear san áireamh, inter alia, a mhéid a thugtar cosaint ar ghéarleanúint agus drochíde tríd an méid seo a leanas:
4. Beidh an measúnú i dtaca le cé acu atá nó nach bhfuil Stát nach Ballstát den Aontas Eorpach í ina tír shábháilte thionscnaimh bunaithe ar fhaisnéis arna soláthar ag an gCoimisiún Náisiúnta um Thearmann, a úsáidfidh freisin an fhaisnéis arna tiomsú ag an Lárionad Doiciméadúcháin [...] chomh maith le foinsí eile faisnéise, lena n‑áirítear faisnéis arna soláthar ag Ballstáit eile an Aontais Eorpaigh, ag Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann [(EUAA)], ag [UNHCR], ag Comhairle na hEorpa agus ag eagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha eile. 4a. Déanfar liosta na dtíortha sábháilte tionscnaimh a thabhairt cothrom le dáta go tréimhsiúil le gníomh reachtach agus tabharfar fógra ina leith don Choimisiún Eorpach. Chun an liosta a leagtar amach i mír 1 a thabhairt cothrom le dáta, glacfaidh Comhairle na nAirí, faoin 15 Eanáir gach bliain, tuarascáil ina léireofar, agus aird chuí á tabhairt ar riachtanais sháraitheacha slándála agus leanúnachais an chaidrimh idirnáisiúnta agus an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 4 á cur san áireamh, staid na dtíortha atá ar an liosta atá i bhfeidhm agus staid na dtíortha a bhfuil sé beartaithe aici a liostú a chur chun cinn. Cuireann an rialtas an tuarascáil ar aghaidh chuig na coistí parlaiminteacha ábhartha.’ |
Na díospóidí sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tarchuireadh
20 |
Is beirt náisiúnach de Dhaon‑Phoblacht na Banglaidéise iad LC agus CP. Tar éis d’údaráis na hIodáile iad a tharrtháil ar muir, tugadh go dtí an Albáin iad, áit ar cuireadh in ionad coinneála Gjadër iad. Rinneadh na bearta sin de bhun an protocollo tra il Governo della Repubblica italiana e il Consiglio dei ministri della Repubblica di Albania per il rafforzamento della collaborazione in materia migratoria (Prótacal idir Rialtas Phoblacht na hIodáile agus Comhairle Airí Phoblacht na hAlbáine maidir le comhar feabhsaithe i ndáil le himirce), faoinar chuir Rialtas na hAlbáine dhá limistéar de chríoch na hAlbáine ar fáil do Phoblacht na hIodáile, a thagann go hiomlán faoi inniúlacht údaráis na hIodáile agus atá comhshamhlaithe le limistéir teorann nó idirthurais inar féidir iarrthóirí tearmainn a choinneáil. |
21 |
An 16 Deireadh Fómhair 2024, chuir LC agus CP iarratas ar chosaint idirnáisiúnta isteach le húdaráis na hIodáile ón ionad coinneála sin. |
22 |
Le cinntí an 17 Deireadh Fómhair 2024, dhiúltaigh Coimisiún críochach um chosaint idirnáisiúnta a aithint na Róimhe – an rannóg um nósanna imeachta teorann I do na hiarratais sin faoi nós imeachta teorann brostaithe, ar an bhforas gur tháinig LC agus CP ó thír shábháilte thionscnaimh. Níor bhailíochtaigh an chúirt inniúil na horduithe coinneála agus scaoileadh saor na hiarratasóirí dá bhrí sin. |
23 |
Ar theacht i dtír san Iodáil, thug LC agus CP caingean os comhair Tribunale ordinario di Roma (an Chúirt Dúiche, an Róimh, an Iodáil), arb í an chúirt a rinne an tarchur í, an 25 Deireadh Fómhair 2024 i gcoinne na gcinntí lenar diúltaíodh a n‑iarratais ar chosaint idirnáisiúnta dá dtagraítear sa mhír roimhe seo. |
24 |
Tá amhras ar an gcúirt sin maidir le Daon‑Phoblacht na Banglaidéise a ainmniú mar thír shábháilte thionscnaimh. |
25 |
Ar an gcéad dul síos, tugann an chúirt a rinne an tarchur faoi deara, go dtí gur glacadh Dlí Foraithne Uimh. 158/2024, gur ainmníodh tríú tír mar thír shábháilte thionscnaimh in dhá chéim. Ar dtús, shainigh reachtas na hIodáile, leis an ngnáthdhlí, an creat dlíthiúil d’ainmniúcháin den sórt sin. Ina dhiaidh sin, d’ainmnigh riarachán na hIodáile, trí bhíthin foraithne idir-aireachta, tíortha sábháilte tionscnaimh ar bhonn na mbileog faisnéise a bhaineann leis na tíortha sin. Tugadh de chumhacht do chúirt na hIodáile athbhreithniú a dhéanamh ar chomhoiriúnacht foraitheanta idir-aireachta den sórt sin leis an gcreat dlíthiúil sin. Mar sin féin, tar éis theacht i bhfeidhm an dlí foraithne sin, tá liosta na dtíortha sábháilte tionscnaimh san áireamh anois i ngníomh reachtach, eadhon in Airteagal 2a(1) d’Fhoraithne Reachtach Uimh. 25/2008, arna leasú le Dlí Foraithne Uimh. 158/2024. Dá bhrí sin, tugtar de chumhacht do reachtas na hIodáile, as seo amach, an creat dlíthiúil ginearálta a bhunú lena rialaítear na nósanna imeachta agus na critéir chun tríú tír a ainmniú mar thír shábháilte thionscnaimh agus an t‑ainmniú sin a dhéanamh í féin. Fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur an gcomhlíonann ainmniú den sórt sin trí ghníomh de chéim reachtach ceanglais Threoir 2013/32. |
26 |
Ar an dara dul síos, cuireann an chúirt a rinne an tarchur in iúl, tar éis Airteagal 2a d’Fhoraithne Reachtach Uimh. 25/2008 le Dlí Foraithne Uimh. 158/2024 a leasú, nach bhfuil tagairt a thuilleadh i reachtaíocht na hIodáile do bhileoga faisnéise na dtríú tíortha atá i gceist d’fhonn iad a áireamh ar liosta na dtíortha sábháilte tionscnaimh, ná ní luaitear inti an gá atá leis na foinsí óna ndíorthaítear an fhaisnéis sin a lua. Go háirithe, ní luaitear míreanna 2 go 4 d’Airteagal 2a d’Fhoraithne Reachtach Uimh. 25/2008, arna leasú le Dlí Foraithne Uimh. 158/2024, i mír 1 den Airteagal sin, arna leasú. Bunaítear leis an Rialachán sin liosta na dtíortha sábháilte tionscnaimh trí thagairt a dhéanamh, go ginearálta, do ‘shonraí ó fhoinsí faisnéise arna soláthar ag na heagraíochtaí idirnáisiúnta inniúla’, gan na sonraí ná na foinsí sin a shainaithint. Ina theannta sin, ní fhoráiltear le mír 4a nua den Airteagal sin ach go nglacfaidh an Rialtas, chun an liosta sin a thabhairt cothrom le dáta go tréimhsiúil, tuarascáil ina leagfar amach staid na dtríú tíortha atá i gceist. Dá bhrí sin, cuirtear cosc ar iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta, ar thaobh amháin, agus ar chúirteanna nó binsí a dtugtar caingne arna dtionscnamh acu os a gcomhair, ar an taobh eile, tionscnamh, údarás, iontaofacht, ábharthacht, tráthúlacht, iomláine agus ábhar na faisnéise as ar eascair ainmniú tríú tír mar thír shábháilte thionscnaimh a cheistiú agus a fhíorú, de shárú ar phrionsabal na cosanta breithiúnaí éifeachtaí a chumhdaítear in Airteagal 47 den Chairt. |
27 |
Ar an tríú dul síos, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur an gá do na Ballstáit cead a thabhairt do na cúirteanna náisiúnta an fhaisnéis ábhartha uile atá ar fáil dóibh a úsáid chun a fhíorú an bhfuil bunús maith le hainmniú tríú tír mar thír shábháilte thionscnaimh, is cuma ar nocht an t‑údarás náisiúnta a rinne an t‑ainmniú sin an fhaisnéis ar ar bhraith sé. Measann an chúirt sin nach mór freagra dearfach a thabhairt ar an gceist sin, chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a áirithiú d’iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta ar diúltaíodh dá n‑iarratais i nós imeachta brostaithe ar an bhforas go dtagann siad ó thír shábháilte thionscnaimh den sórt sin. |
28 |
Ar an gceathrú dul síos, tá amhras ar an gcúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, maidir leis na hiarmhairtí atá le baint as breithiúnas an 4 Deireadh Fómhair 2024, Ministerstvo vnitra České republiky, Odbor azylové a migrační politiky (C‑406/22, EU:C:2024:841). Cuireann sí in iúl i ndáil leis sin go leanann sé ón mbrollach a ghabhann le Dlí Foraithne Uimh. 158/2024 go raibh sé beartaithe ag Rialtas na hIodáile, trína ghlacadh, an breithiúnas sin a chomhlíonadh, tríd an bhféidearthacht a bhaint, sa dara habairt d’Airteagal 2a(2) d’Fhoraithne Reachtach Uimh. 25/2008, tríú tír a ainmniú mar thír shábháilte thionscnaimh nach gcomhlíonann, i gcás codanna áirithe dá chríoch, na coinníollacha maidir le hainmniú den sórt sin. Mar sin féin, choinnigh an rialtas sin, san fhoráil sin, an fhéidearthacht tríú tír a ainmniú mar thír shábháilte thionscnaimh cé is moite de chatagóirí áirithe daoine. Measann an chúirt sin nach mór diúltú don fhéidearthacht sin ar bhonn réasúnaíocht atá cosúil leis an réasúnaíocht a ghlac an Chúirt sa bhreithiúnas sin. Bheadh eisiamh catagóirí daoine a bhaineann, i bhformhór na gcásanna, le críoch iomlán tríú tír níos tromchúisí ná an t‑eisiamh críochach a scrúdaíodh sa bhreithiúnas céanna. Sna himthosca sin, measann an chúirt sin gur gá ceist a tharchur chuig an gCúirt ina leith sin, sula dtarraingeofar, i gcás inarb iomchuí, iarmhairtí phrionsabal thosaíocht dhlí an Aontais. |
29 |
Sna himthosca sin, chinn Tribunale ordinario di Roma (an Chúirt Dúiche, an Róimh) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas, arna bhfoirmliú go comhionann sa dá chás, a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:
|
Na himeachtaí os comhair na Cúirte Breithiúnais
30 |
D’iarr an chúirt a rinne an tarchur go ndéileálfaí leis na cásanna faoin nós imeachta práinne um réamhrialú dá bhforáiltear in Airteagal 23a de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus in Airteagal 107 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais. |
31 |
An 19 Samhain 2024, chinn an Dara Dlísheomra den Chúirt, ar thogra ón mBreitheamh is Rapóirtéir agus tar éis an tAbhcóide Ginearálta a éisteacht, gan géilleadh don iarraidh sin. |
32 |
Le cinneadh ó Uachtarán na Cúirte an 21 Samhain 2024, rinneadh na cásanna seo a uamadh chun críocha na gcéimeanna i scríbhinn agus ó bhéal de na himeachtaí agus den bhreithiúnas. |
33 |
Le hordú ó Uachtarán na Cúirte an 29 Samhain 2024, déileáladh leis na cásanna seo faoin nós imeachta brostaithe dá bhforáiltear in Airteagal 105(1) de na Rialacha Nós Imeachta. |
34 |
I gcomhréir leis an tríú mír d’Airteagal 16 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, d’iarr Poblacht na hIodáile go n‑éistfeadh an Mór-Dhlísheomra na cásanna seo, agus thug an Chúirt dá haire go foirmiúil an 11 Feabhra 2025. |
Na ceisteanna a tharchuirtear
Inghlacthacht
35 |
Cuireann Rialtais na hIodáile agus na Slóvaice in aghaidh inghlacthacht na chéad cheiste, an dara ceist agus an cheathrú ceist. |
36 |
Maidir leis an gcéad cheist agus an dara ceist, maíonn Rialtas na hIodáile nár luaigh an chúirt a rinne an tarchur na cúiseanna nach bhfuil Dlí Foraithne Uimh. 158/2024 ag luí le dlí an Aontais agus cén fáth a bhfuil na ceisteanna sin ábhartha chun na díospóidí sna príomhimeachtaí a réiteach. Cuireann an rialtas sin leis freisin, sa chás seo, nach mbaineann na nósanna imeachta chun tíortha sábháilte tionscnaimh a ainmniú le hábhar toisc gur ainmníodh Daon‑Phoblacht na Banglaidéise cheana féin mar thír shábháilte thionscnaimh fiú sular glacadh an dlí foraithne sin. |
37 |
Maidir leis an gceathrú ceist, áitíonn Rialtais na hIodáile agus na Slóvaice go bhfuil siad teibí agus hipitéiseach. Níor chinn an chúirt a rinne an tarchur an tír shábháilte thionscnaimh í Daon‑Phoblacht na Banglaidéise do chatagóirí áirithe daoine agus an dtagann LC agus CP faoi na catagóirí sin. |
38 |
I ndáil leis sin, ba cheart a mheabhrú, de réir cásdlí socair, go bhfuil toimhde ábharthachta ag ceisteanna maidir le léiriú dhlí an Aontais arna dtarchur ag cúirt náisiúnta sa chomhthéacs fíorasach agus reachtach a bhfuil an chúirt sin freagrach as a shainiú, agus nach faoin gCúirt atá sé a chruinneas a chinneadh. Ní féidir leis an gCúirt diúltú rialú a thabhairt ar iarraidh ar réamhrialú ó chúirt náisiúnta ach amháin má dhealraíonn sé go follasach nach bhfuil baint ar bith ag an léiriú arna iarraidh ar dhlí an Aontais le fíorais iarbhír nó le cuspóir na díospóide sna príomhimeachtaí, más fadhb de chineál hipitéiseach í, nó mura bhfuil an fhaisnéis fhíorasach agus dhlíthiúil is gá ag an gCúirt chun freagra úsáideach a thabhairt ar na ceisteanna a chuirtear uirthi (breithiúnas an 19 Nollaig 2024, Tudmur, C‑185/24 agus C‑189/24, EU:C:2024:1036, mír 26 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
39 |
Sa chás seo, is léir ó na hiarrataí ar réamhrialú go dtugtar caingne os comhair na cúirte a rinne an tarchur arna dtionscnamh ag beirt náisiúnach de Dhaon‑Phoblacht na Banglaidéise i gcoinne cinntí lena ndiúltaítear dá n‑iarratais ar chosaint idirnáisiúnta toisc gur léir go bhfuil siad gan bhunús ar an bhforas gur ó thír shábháilte thionscnaimh iad. Míníonn an chúirt sin, sna hiarrataí sin, go bhfuil amhras uirthi maidir le comhoiriúnacht, le dlí an Aontais, ainmniú an tríú tír sin mar thír shábháilte thionscnaimh, go bunúsach, ar an bhforas go n‑eascraíonn an t‑ainmniú sin as gníomh reachtach, nár nocht reachtas na hIodáile a fhoinsí faisnéise agus gur choinnigh an reachtas sin an rogha chun an t‑ainmniú sin a dhéanamh, cé nach bhféadfadh an tríú tír sin a bheith ‘sábháilte’ do chatagóirí áirithe dá daonra. I ndáil leis sin, tagraíonn an chúirt sin do bhileog faisnéise an 3 Bealtaine 2024 arna tarraingt suas ag Aireacht Gnóthaí Eachtracha na hIodáile agus a bhaineann le Daon‑Phoblacht na Banglaidéise, ar a raibh ainmniú Phoblacht na Banglaidéise mar thír shábháilte thionscnaimh sular glacadh Dlí Foraithne Uimh. 158/2024 bunaithe, agus inar thángthas ar an gconclúid nach bhféadfaí an tríú tír sin a mheas mar thír shábháilte thionscnaimh ach amháin cé is moite de chatagóirí áirithe daoine. |
40 |
Is sa chomhthéacs sin, leis an gcéad cheist, leis an dara ceist agus leis an gceathrú ceist, a iarrann an chúirt sin ar an gCúirt Bhreithiúnais, go bunúsach, léiriú ar roinnt forálacha de Threoir 2013/32, lena rialaítear coincheap na tíre sábháilte tionscnaimh agus ainmniú na dtíortha sin ag na Ballstáit, agus na rialacha mionsonraithe maidir le hathbhreithniú breithiúnach ar ainmniú den sórt sin. |
41 |
Dá bhrí sin, baineann na ceisteanna sin le léiriú fhorálacha dhlí an Aontais atá ábhartha do réiteach na ndíospóidí sna príomhimeachtaí. Ós rud é go mbunaíonn an chúirt a rinne an tarchur an creat dlíthiúil náisiúnta agus comhthéacs fíorasach na ndíospóidí sna príomhimeachtaí faoina freagracht féin, ní faoin gCúirt atá sé an t‑áitreabh ar a bhfuil na ceisteanna sin bunaithe a chinneadh. |
42 |
Ina theannta sin, is léir ó na hiarrataí ar réamhrialú go n‑iarrann an chúirt a rinne an tarchur, lena ceisteanna, ar deireadh, a chinneadh an bhfuil ainmniú Dhaon‑Phoblacht na Banglaidéise mar thír shábháilte thionscnaimh ag luí le dlí an Aontais, chun, más gá, toimhde na slándála a eascraíonn as cur i bhfeidhm choincheap na tíre sábháilte tionscnaimh sna díospóidí sna príomhimeachtaí a chur as an áireamh. Dá bhrí sin, ós rud é nár suíodh go dtagann LC agus CP faoi cheann de na catagóirí daoine nach tír shábháilte thionscnaimh í an tír sin ina leith, dar leis an gcúirt sin, níl aon tionchar aige sin ar inghlacthacht na gceisteanna sin. |
43 |
Dá bhrí sin, tá an chéad cheist, an dara ceist agus an ceathrú ceist inghlactha. |
Substaint
Réamhbharúlacha
44 |
Ba cheart a thabhairt faoi deara mar réamhphointe, de réir cásdlí socair, sa nós imeachta a leagtar síos le hAirteagal 267 CFAE lena bhforáiltear do chomhar idir na cúirteanna náisiúnta agus an Chúirt Bhreithiúnais, gur faoin gCúirt Bhreithiúnais atá sé freagra a thabhairt don chúirt náisiúnta a bheidh úsáideach di agus lena gcuirfear ar a cumas cinneadh a dhéanamh sa chás atá os a comhair. Chuige sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh ar an gCúirt na ceisteanna a tarchuireadh chuici a athfhoirmliú. Ina theannta sin, d’fhéadfadh an Chúirt a mheas gur gá forálacha de dhlí an Aontais nár thagair an chúirt náisiúnta dóibh i bhfoclaíocht a ceiste a chur san áireamh (féach breithiúnais an 20 Márta 1986, Tissier, 35/85, EU:C:1986:143, mír 9, agus an 19 Nollaig 2024, Khan Yunis agus Baabda, C‑123/23 agus C‑202/23, EU:C:2024:1042, mír 63). |
45 |
Cé gur thagair an chúirt a rinne an tarchur go foirmiúil, ina ceisteanna, d’fhorálacha sonracha áirithe de dhlí an Aontais, ní chuireann sé sin cosc ar an gCúirt na heilimintí léirithe uile a d’fhéadfadh a bheith ina gcúnamh chun breithniú a dhéanamh ar an gcás sna príomhimeachtaí a chur ar fáil di, trí na pointí de dhlí an Aontais lena n‑éilítear léiriú i bhfianaise ábhar na díospóide a bhaint as an bhfaisnéis go léir a chuir an chúirt sin ar fáil, go háirithe ón ráiteas ar na cúiseanna atá leis an ordú tarchuir (féach breithiúnais an 29 Samhain 1978, Redmond, 83/78, EU:C:1978:214, mír 26, agus an 19 Nollaig 2024, Khan Yunis agus Baabda, C‑123/23 agus C‑202/23, EU:C:2024:1042, mír 64). |
46 |
Lena ceisteanna, iarrann an chúirt a rinne an tarchur ar an gCúirt, inter alia, léiriú ar Airteagail 36 go 38 de Threoir 2013/32, arna léamh i bhfianaise Airteagal 47 den Chairt. |
47 |
Ar an gcéad dul síos, ba cheart a mheabhrú go mbaineann Airteagail 36 agus 37 de Threoir 2013/32, faoi seach, le coincheap na tíre sábháilte tionscnaimh agus le hainmniú tríú tíortha ag na Ballstáit mar thíortha sábháilte tionscnaimh. |
48 |
Bunaítear leis na hAirteagail sin córas scrúdúcháin speisialta a bhféadfaidh Ballstáit iarratais ar chosaint idirnáisiúnta a chur faoina bhráid. Tá an córas sin bunaithe ar thoimhde infhrisnéise de chosaint leordhóthanach sa tír thionscnaimh, a d’fhéadfadh an t‑iarratasóir a fhrisnéis má thugann sé cúiseanna tromchúiseacha maidir lena staid phearsanta (féach, chuige sin, breithiúnais an 25 Iúil 2018, A, C‑404/17, EU:C:2018:588, mír 25, agus an 4 Deireadh Fómhair 2024, Ministerstvo vnitra České republiky, Odbor azylové a migrační politiky, C‑406/22, EU:C:2024:841, mír 47 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
49 |
De bhua ghnéithe sonracha an chórais sin, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh, i gcomhréir le hAirteagal 31(8)(b) den Treoir sin, ar dtús, dlús a chur leis an nós imeachta scrúdúcháin agus, anuas air sin, é a dhéanamh ag an teorainn nó sna criosanna idirthurais, i gcomhréir le hAirteagal 43 den Treoir sin (breithiúnas an 4 Deireadh Fómhair 2024, Ministerstvo vnitra České republiky, Odbor azylové a migrační politiky, C‑406/22, EU:C:2024:841, mír 48). |
50 |
Thairis sin, i gcás inar measadh go bhfuil iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, arna thaisceadh ag iarratasóir ó thír thionscnaimh shábháilte, gan bhunús, sa mhéid gur shuigh an t‑údarás cinntitheach, i gcomhréir le hAirteagal 32(1) de Threoir 2013/32, nach gcáilíonn an t‑iarratasóir do chosaint idirnáisiúnta faoi Threoir 2011/95, féadfaidh na Ballstáit a mheas, de bhun Airteagal 32(2) de Threoir 2013/32, go bhfuil iarratas den sórt sin go follasach gan bhunús má shainmhínítear sa reachtaíocht náisiúnta é (breithiúnas an 4 Deireadh Fómhair 2024, Ministerstvo vnitra České republiky, Odbor azylové a migrační politiky, C‑406/22, EU:C:2024:841, mír 49). |
51 |
Ina theannta sin, ceann de na hiarmhairtí don duine a ndiúltaítear dá iarratas ar bhonn chur i bhfeidhm choincheap na tíre sábháilte tionscnaimh is ea, contrártha leis an méid dá bhforáiltear i gcás diúltú simplí, nach bhféadfar a údarú dó fanacht ar chríoch an Bhallstáit inar taisceadh an t‑iarratas sin go dtí go bhfaighfear toradh a achomhairc i gcoinne an chinnidh lena ndiúltaítear an t‑iarratas sin, mar is léir ó fhorálacha Airteagal 46, míreanna 5 agus 6 de Threoir 2013/32 (breithiúnais an 25 Iúil 2018, A, C‑404/17, EU:C:2018:588, mír 27, agus an 4 Deireadh Fómhair 2024, Ministerstvo vnitra České republiky, Odbor azylové a migrační politiky, C‑406/22, EU:C:2024:841, mír 50). |
52 |
Ar an dara dul síos, ba cheart a thabhairt faoi deara, murab ionann agus Airteagail 36 agus 37 de Threoir 2013/32, nach mbaineann Airteagal 38 den Treoir sin leis an gcoincheap ‘tír shábháilte thionscnaimh’, ach leis an gcoincheap ‘tríú tír shábháilte’. Baineann na díospóidí sna príomhimeachtaí le cur i bhfeidhm an choincheapa ‘tír shábháilte thionscnaimh’ amháin. Dá bhrí sin, ní gá rialú a thabhairt ar léiriú Airteagal 38 den Treoir sin sna cásanna seo. |
53 |
Ar an tríú dul síos, ba cheart a thabhairt faoi deara go bhfreagraíonn an ceart chun leigheas éifeachtach a fháil a ráthaítear le hAirteagal 47 den Chairt don oibleagáid a fhorchuirtear ar na Ballstáit le hAirteagal 46(1) de Threoir 2013/32 foráil a dhéanamh maidir le ceart den sórt sin d’iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta chun leigheas breithiúnach éifeachtach a fháil, a shainítear a raon feidhme in Airteagal 46(3) den Treoir sin (féach, chuige sin, breithiúnais an 19 Márta 2020,Bevándorlási és Menekültügyi Hivatal (Tompa), C‑564/18, EU:C:2020:218, mír 60, agus an 4 Deireadh Fómhair 2024, Ministerstvo vnitra České republiky, Odbor azylové a migrační politiky, C‑406/22, EU:C:2024:841, mír 85 agus an cásdlí dá dtagraítear). Dá bhrí sin, ní mór an fhoráil dheireanach sin a chur san áireamh freisin, cé nár tharchuir an chúirt a rinne an tarchur chuici ina ceisteanna. |
Na chéad cheisteanna
54 |
Lena céad cheisteanna, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gá Airteagail 36 agus 37 agus Airteagal 46(3) de Threoir 2013/32, arna léamh i bhfianaise Airteagal 47 den Chairt, a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc ar Bhallstát tríú tír a ainmniú mar thíortha sábháilte tionscnaimh trí ghníomh reachtach. |
55 |
Mar a cuireadh in iúl i mír 48 den bhreithiúnas seo, bunaítear le hAirteagail 36 agus 37 de Threoir 2013/32 córas scrúdúcháin speisialta a bhféadfaidh na Ballstáit iarratais ar chosaint idirnáisiúnta ó náisiúnaigh tíortha atá ainmnithe mar thíortha sábháilte tionscnaimh a chur faoina réir. |
56 |
Chuige sin, luaitear an méid seo a leanas in Airteagal 37(1) den Treoir sin: ‘Féadfaidh na Ballstáit reachtaíocht a choimeád nó a ghlacadh lena gcuirtear ar a gcumas, i gcomhréir le hIarscríbhinn I [a ghabhann leis an Treoir sin], tíortha sábháilte tionscnaimh a ainmniú, ar an leibhéal náisiúnta, chun iarratais ar chosaint idirnáisiúnta a scrúdú’. Mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara, go bunúsach, i mír 36 dá Thuairim, is léir ó chomparáid idir na leaganacha teanga éagsúla den fhoráil sin nach mór an coincheap ‘forálacha reachtacha’ a thuiscint go leathan mar choincheap lena gcumhdaítear gníomhartha reachtacha, rialála nó riaracháin. |
57 |
Chuige sin, chinn an Chúirt freisin, chun bheith in ann leas a bhaint as an scéim scrúdúcháin speisialta agus as an toimhde infhrisnéise a bhunaítear le rialacha Threoir 2013/32 maidir le nósanna imeachta atá bunaithe ar choincheap na tíre sábháilte tionscnaimh, nach mór do na Ballstáit na rialacha sin a chur chun feidhme ina n‑iomláine maidir leis na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin a cheanglaítear orthu a ghlacadh (féach, chuige sin, breithiúnas an 25 Iúil 2018, A, C‑404/17, EU:C:2018:588, mír 31). |
58 |
De réir cásdlí socair, ní mór forálacha treorach a chur chun feidhme le brí cheangailteach dhoshéanta, leis an tsainiúlacht, leis an mbeachtas agus leis an tsoiléireacht is gá chun ceanglas na deimhneachta dlíthiúla a chomhlíonadh (breithiúnas an 3 Meán Fómhair 2020, Subdelegación del Gobierno en Barcelona (Cónaitheoirí fadtéarmacha), C‑503/19 agus C‑592/19, EU:C:2020:629, mír 35 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
59 |
Sa chomhthéacs sin, is faoi gach Ballstát atá sé tíortha sábháilte tionscnaimh a ainmniú i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos in Airteagail 36 agus 37 de Threoir 2013/32 agus san Iarscríbhinn I sin a ghabhann léi, eadhon, inter alia, liosta tríú tíortha a ghlacadh i gcomhréir leis na critéir a leagtar síos in Iarscríbhinn I, rialacha agus nósanna imeachta cur chun feidhme breise a achtú, fógra a thabhairt don Choimisiún maidir le liosta na dtíortha sábháilte tionscnaimh nó athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh air (féach, chuige sin, breithiúnas an 25 Iúil 2018, A, C‑404/17, EU:C:2018:588, mír 28). |
60 |
É sin ráite, ní chinntear leis na forálacha sin ná, go deimhin, le haon fhoráil eile de Threoir 2013/32, údarás nó údaráis na mBallstát ar cheart dóibh a bheith freagrach as tíortha sábháilte tionscnaimh a ainmniú ar an leibhéal náisiúnta nó as an ionstraim dlí ábhartha chun na críche sin. |
61 |
I ndáil leis sin, ní mór a mheabhrú go leanann sé ón tríú mír d’Airteagal 288 CFAE go bhfuil corrlach lánroghnach ag na Ballstáit, agus treoir á trasuí acu, maidir le rogha bealaí agus na modhanna chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme í. Dá bhrí sin, maidir le roghnú na n‑údarás inniúil agus na n‑ionstraimí dlíthiúla a bhaineann le tríú tíortha a ainmniú, ar an leibhéal náisiúnta, mar thíortha sábháilte tionscnaimh, níl aon rud ann chun cosc a chur ar chinneadh, laistigh de Bhallstát, an fhreagracht a chur ar an reachtas náisiúnta tíortha sábháilte tionscnaimh a ainmniú trí ghníomh reachtach. |
62 |
Mar sin féin, leis an lánrogha sin atá ag na Ballstáit maidir le forálacha Airteagail 36 agus 37 de Threoir 2013/32 a chur chun feidhme, fágtar an oibleagáid ar gach ceann de na Stáit sin, na bearta uile is gá a ghlacadh chun a áirithiú go bhfuil an Treoir sin go hiomlán éifeachtach, i gcomhréir leis an gcuspóir a shaothraítear léi (féach, chuige sin, breithiúnais an 10 Aibreán 1984, von Colson agus Kamann, 14/83, EU:C:1984:153, mír 15, agus an 31 Márta 2022, Lombard Lízing, C‑472/20, EU:C:2022:242, mír 35). |
63 |
Go háirithe, ní dhéanann an lánrogha sin difear don oibleagáid atá ar gach cúirt náisiúnta lánéifeacht a thabhairt d’fhorálacha Threoir 2013/32, más gá, trí aon fhoráil de reachtaíocht náisiúnta, fiú foráil ina dhiaidh sin, atá contrártha d’fhorálacha na Treorach sin a bhfuil éifeacht dhíreach acu a fhágáil gan feidhm, gan iallach a bheith uirthi foráil na reachtaíochta náisiúnta atá i gceist a iarraidh nó fanacht leis an bhforáil sin a chur ar ceal roimh ré trí mhodhanna reachtacha nó trí mhodhanna bunreachtúla eile (féach, chuige sin, breithiúnais an 9 Márta 1978, Simmenthal, 106/77, EU:C:1978:49, míreanna 21 agus 24, agus an 28 Eanáir 2025, ASG 2, C‑253/23, EU:C:2025:40, mír 90 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
64 |
Thairis sin, cé gur faoin dlíchóras náisiúnta atá sé, in éagmais rialacha an Aontais maidir leis an ábhar, i gcomhréir le prionsabal neamhspleáchas nós imeachta na mBallstát agus faoi réir urramú phrionsabail na coibhéise agus na héifeachtachta, na rialacha nós imeachta mionsonraithe a leagan síos lena rialaítear caingne chun cearta aonair a eascraíonn as dlíchóras an Aontais a chosaint, tá na Ballstáit freagrach, mar sin féin, as a áirithiú, i ngach cás, go n‑urramófar an ceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil ar na cearta sin mar a ráthaítear le hAirteagal 47 den Chairt, le raon feidhme an chirt sin a shoiléiriú, sa chás seo, le hAirteagal 46 de Threoir 2013/32 (féach, chuige sin, breithiúnas an 3 Iúil 2025, Al Nasiria, C‑610/23, EU:C:2025:514, mír 51 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
65 |
Dá bhrí sin, ní féidir leis an rogha a dhéanann Ballstát, an t‑údarás inniúil agus an ionstraim dlí lena n‑ainmnítear, ar an leibhéal náisiúnta, tíortha sábháilte tionscnaimh, i gcomhréir le hAirteagail 36 agus 37 de Threoir 2013/32, difear a dhéanamh dá oibleagáidí faoin Treoir sin. Dá bhrí sin, is faoi gach Ballstát atá sé, go háirithe, a áirithiú go n‑urramófar an ceart chun leigheas breithiúnach éifeachtach a fháil a bhronntar le hAirteagal 46(1) den Treoir sin ar iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta i gcoinne cinntí maidir lena n‑iarratais, a sainítear a raon feidhme in Airteagal 46(3) den Treoir sin. |
66 |
I ndáil leis sin, chinn an Chúirt cheana féin, i gcomhréir le hAirteagal 46(3) de Threoir 2013/32, arna léamh i bhfianaise Airteagal 47 den Chairt, i gcás ina dtugtar achomharc os comhair cúirt náisiúnta i gcoinne cinneadh maidir le hiarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna scrúdú faoin gcóras speisialta is infheidhme maidir le hiarratais arna dtaisceadh ag iarratasóirí ó thríú tíortha arna n‑ainmniú, i gcomhréir le hAirteagal 37 den Treoir sin, mar thíortha sábháilte tionscnaimh, nach mór don chúirt nó don bhinse sin, i gcomhthéacs an scrúdaithe iomláin agus ex nunc a cheanglaítear le hAirteagal 46(3) di, ar bhonn na faisnéise atá sa chomhad agus ar bhonn na faisnéise a cuireadh in iúl dó le linn na n‑imeachtaí os a comhair, mainneachtain na coinníollacha substainteacha maidir le hainmniú den sórt sin a chomhlíonadh, a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 4 Deireadh Fómhair 2024, Ministerstvo vnitra České republiky, Odbor azylové a migrační politiky, C‑406/22, EU:C:2024:841, mír 98). |
67 |
Dá réir sin, agus i bhfianaise an chásdlí dá dtagraítear i míreanna 62 agus 63 den bhreithiúnas seo, ní fhéadfadh an fíoras gur roghnaigh Ballstát tíortha sábháilte tionscnaimh a ainmniú trí ghníomh reachtach a bheith de chineál a chuirfeadh cosc ar an gcúirt náisiúnta ar tugadh na himeachtaí os a comhair sna himthosca a leagtar amach sa mhír roimhe seo den bhreithiúnas sin a fhíorú, fiú mura bhfuil ann ach go teagmhasach, an gcomhlíonann ainmniú an tríú tír atá i gceist mar thír shábháilte thionscnaimh na coinníollacha substainteacha d’ainmniú den sórt sin, a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2013/32. |
68 |
I bhfianaise an mhéid sin roimhe seo, is é an freagra ar na chéad cheisteanna nach mór Airteagail 36 agus 37 agus Airteagal 46(3) de Threoir 2013/32, arna léamh i bhfianaise Airteagal 47 den Chairt, a léiriú sa chaoi nach gcuirtear cosc leo ar Bhallstát tríú tíortha a ainmniú mar thíortha sábháilte tionscnaimh trí bhíthin gníomh reachtach, ar choinníoll go bhféadfaidh an t‑ainmniú sin a bheith faoi réir athbhreithniú breithiúnach a bhaineann le comhlíonadh na gcoinníollacha substainteacha don ainmniú sin, a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin, ag aon chúirt náisiúnta a éisteann achomharc i gcoinne cinneadh maidir le hiarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna scrúdú faoin gcóras speisialta d’iarratais arna gcur isteach ag iarratasóirí ó thríú tíortha atá ainmnithe mar thíortha sábháilte tionscnaimh. |
An dara agus an tríú ceist
69 |
Leis an dara agus an tríú ceist, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gá Airteagail 36 agus 37 agus Airteagal 46(3) de Threoir 2013/32, arna léamh i bhfianaise Airteagal 47 den Chairt, a léiriú sa chaoi, ar an gcéad dul síos, nach mór do Bhallstát a ainmníonn tríú tír mar thír shábháilte thionscnaimh na foinsí faisnéise a chur ar fáil, de réir bhrí Airteagal 37(3) den Treoir sin, ar a bhfuil an t‑ainmniú sin bunaithe, agus, ar an dara dul síos, féadfaidh an chúirt náisiúnta a éisteann achomharc i gcoinne cinneadh maidir le hiarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna scrúdú faoin gcóras scrúdúcháin speisialta is infheidhme maidir le hiarratais arna dtaisceadh ag iarratasóirí ó thríú tíortha atá ainmnithe mar thíortha sábháilte tionscnaimh, agus í ag fíorú an gcomhlíonann an t‑ainmniú sin na coinníollacha substainteacha don ainmniú sin a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin, an fhaisnéis atá bailithe aici féin a chur san áireamh. |
70 |
Foráiltear le hAirteagal 37(3) de Threoir 2013/32, agus cinneadh á dhéanamh an tír shábháilte thionscnaimh í tríú tír, go mbeidh na Ballstáit ag brath ar raon foinsí faisnéise, lena n‑áirítear go háirithe faisnéis ó Bhallstáit eile, ó EUAA, a tháinig i gcomharbas ar EASO, UNHCR, Comhairle na hEorpa agus eagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha eile. |
71 |
Is fíor nach luaitear go sainráite san fhoráil sin ná in aon fhoráil eile de Threoir 2013/32 nach mór don údarás náisiúnta a ainmníonn tíortha sábháilte tionscnaimh ar an leibhéal náisiúnta na foinsí faisnéise ar ar a mbonn a rinne sé ainmniú den sórt sin a chur ar fáil. |
72 |
Is amhlaidh, ar an gcéad dul síos, go bhfágann ainmniú tríú tír mar thír shábháilte thionscnaimh ag Ballstát na socruithe speisialta chun scrúdú a dhéanamh ar iarratais ar chosaint idirnáisiúnta is infheidhme maidir le hiarratasóirí ón tír sin. Go háirithe, leis an gcóras sin, a leagtar amach i míreanna 48 go 51 den bhreithiúnas seo, ceadaítear do na Ballstáit dlús a chur leis an nós imeachta chun scrúdú a dhéanamh ar na hiarratais sin agus tá sé bunaithe ar thoimhde infhrisnéise de chosaint leordhóthanach sa tír thionscnaimh, a fhéadfaidh an t‑iarratasóir, i gcomhréir le hAirteagal 36(1) de Threoir 2013/32, a fhrisnéis má léiríonn sé cúiseanna tromchúiseacha a bhaineann lena staid phearsanta. |
73 |
Mar a chuir an tAbhcóide Ginearálta in iúl i mír 55 dá Thuairim, ceanglaítear leis an bhféidearthacht atá ag an iarratasóir an toimhde sin a fhrisnéis, chun go mbeidh sé éifeachtach, go dtabharfaí an deis don iarratasóir sin fios a bheith aige cén fáth a nglactar leis go bhfuil a thír thionscnaimh sábháilte. Dá bhrí sin, ní mór rochtain a bheith ag an iarratasóir sin, ar an mbonn sin, ar na foinsí faisnéise ar ar a mbonn a ainmníodh a thír thionscnaimh mar thír shábháilte thionscnaimh. |
74 |
Ar an dara dul síos, ba cheart a thabhairt faoi deara, faoi Airteagal 12(1)(d) de Threoir 2013/32, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 10(3)(b) di, go bhfuil rochtain ag iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta, le linn an nós imeachta scrúdúcháin, ar fhaisnéis bheacht agus cothrom le dáta arna bailiú ag na Ballstáit ó fhoinsí éagsúla, amhail EASO agus UNHCR agus eagraíochtaí idirnáisiúnta um chearta an duine, maidir leis an staid ghinearálta atá ann ina dtíortha tionscnaimh. Ar an gcaoi chéanna, leanann sé ó Airteagal 10(4) den Treoir sin go bhfuil rochtain ag cúirteanna náisiúnta freisin ar an bhfaisnéis ghinearálta is gá chun a gcúraimí a chomhlíonadh. |
75 |
Tá na foinsí faisnéise sin cosúil leo siúd a bhféadfaidh na Ballstáit, i gcomhréir le hAirteagal 37(3) de Threoir 2013/32, tríú tír a ainmniú ina tír shábháilte thionscnaimh ina leith. |
76 |
Ar an tríú dul síos, ba cheart a mheabhrú go dtugtar le hAirteagal 46(1) de Threoir 2013/32 ceart d’iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta leigheas éifeachtach a fháil os comhair cúirte i gcoinne cinntí maidir lena n‑iarratas. Sainítear in Airteagal 46(3) den Treoir sin raon feidhme an chirt chun leigheas éifeachtach a fháil, lena sonraítear nach mór do na Ballstáit atá faoi cheangal aici a áirithiú go ndéanfaidh an chúirt a ndéantar agóid ina haghaidh ‘scrúdú iomlán ex nunc ar fhíorais agus ar phointí dlí araon, lena n‑áirítear, i gcás inarb iomchuí, scrúdú ar na riachtanais cosanta idirnáisiúnta de bhun Threoir [2011/95]’ (féach, chuige sin, breithiúnas an 4 Deireadh Fómhair 2024, Ministerstvo vnitra České republiky, Odbor azylové a migrační politiky, C‑406/22, EU:C:2024:841, mír 85 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
77 |
Thairis sin, is léir ó chásdlí na Cúirte nach mór saintréithe an leighis dá bhforáiltear in Airteagal 46 de Threoir 2013/32 a chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 47 den Chairt, arb ionann é agus athdhearbhú ar phrionsabal na cosanta breithiúnaí éifeachtaí. Is leor Airteagal 47 den Chairt ann féin agus ní gá é a shoiléiriú le forálacha dhlí an Aontais ná leis an dlí náisiúnta chun ceart ar féidir brath air a thabhairt do dhaoine aonair. Dá bhrí sin, ní féidir é a bheith éagsúil le hAirteagal 46(3) den Treoir sin, arna léamh i bhfianaise Airteagal 47 den Chairt (breithiúnas an 4 Deireadh Fómhair 2024, Ministerstvo vnitra České republiky, Odbor azylové a migrační politiky, C‑406/22, EU:C:2024:841, mír 86 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
78 |
Ón taobh sin de, ar an gcéad dul síos, ba cheart a mheabhrú, de réir cásdlí socair, go gceanglaítear le héifeachtacht an athbhreithnithe bhreithiúnaigh a ráthaítear le hAirteagal 47 den Chairt, ar ina fhianaise nach mór Airteagal 46 de Threoir 2013/32 a léiriú, ar dtús, go mbeidh an duine lena mbaineann in ann na forais ar a bhfuil an cinneadh arna dhéanamh ina leith bunaithe a fháil amach, tríd an gcinneadh féin a léamh nó trí na cúiseanna sin a chur in iúl arna iarraidh sin dó, chun a chur ar a chumas a chearta a chosaint sna coinníollacha is fearr is féidir agus chun a chinneadh, agus láneolas aige ar na fíorais ábhartha, an gá aon chaingean a thionscnamh os comhair na cúirte inniúla. Anuas air sin, ní mór an chumhacht a bheith ag an údarás sin a cheangal ar an údarás atá i gceist na cúiseanna sin a chur in iúl, chun bheith in ann athbhreithniú iomlán a dhéanamh ar dhlíthiúlacht an chinnidh náisiúnta atá faoi chonspóid (breithiúnais an 4 Meitheamh 2013, ZZ, C‑300/11, EU:C:2013:363, mír 53, agus an 29 Iúil 2024, protectus, C‑185/23, EU:C:2024:657, mír 79 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
79 |
Más rud é, mar atá sna díospóidí sna príomhimeachtaí, go ndiúltaítear d’iarratas ar chosaint idirnáisiúnta toisc é a bheith go follasach gan bhunús ar an bhforas go dtagann an t‑iarratasóir ó thír shábháilte thionscnaimh, de réir bhrí Airteagail 36 agus 37 de Threoir 2013/32, arna léamh i gcomhar le hIarscríbhinn I a ghabhann léi, tá an foras sin le diúltú, go bunúsach, dodhealaithe ó na forais ar a bhfuil toimhde na cosanta leordhóthanaí a bhaineann le hainmniú na tíre lena mbaineann mar thír shábháilte thionscnaimh bunaithe. |
80 |
I bhfianaise an chásdlí a luaitear i mír 78 den bhreithiúnas seo, ní mór a mheas, dá bhrí sin, go n‑éilítear le héifeachtacht na cosanta breithiúnaí go mbeidh an t‑iarratasóir lena mbaineann agus an chúirt ar tugadh na himeachtaí os a comhair in ann eolas a bheith acu ní hamháin ar fhorais an diúltaithe sin, ach freisin ar na foinsí faisnéise ar ar a mbonn a ainmníodh an tríú tír atá i gceist mar thír shábháilte thionscnaimh. |
81 |
Ar an dara dul síos, maidir le raon feidhme an chirt chun leigheas éifeachtach a fháil, mar a shainmhínítear in Airteagal 46(3) de Threoir 2013/32, chinn an Chúirt nach mór na focail ‘a áirithiú go bhforáiltear le leigheas éifeachtach maidir le scrúdú iomlán ex nunc ar fhíorais agus ar phointí dlí araon’ a léiriú sa chaoi go gceanglaítear ar na Ballstáit, faoin bhforáil sin, a ndlí náisiúnta a eagrú ar bhealach ina mbeidh scrúdú i gceist leis an gcaoi a gcaitear leis na leigheasanna lena mbaineann, ag an gcúirt, as na fíorais agus an dlí go léir lena gcuirtear ar a cumas measúnú cothrom le dáta a dhéanamh ar an gcás seo (breithiúnais an 25 Iúil 2018, Alheto, C‑585/16, EU:C:2018:584, mír 110, agus an 4 Deireadh Fómhair 2024, Ministerstvo vnitra České republiky, Odbor azylové a migrační politiky, C‑406/22, EU:C:2024:841, mír 87). |
82 |
I ndáil leis sin, ar an gcéad dul síos, leagtar béim leis an bhfrása ‘ex nunc’ ar oibleagáid na Cúirte measúnú a dhéanamh lena gcuirtear san áireamh, i gcás inarb iomchuí, fianaise nua a tháinig chun cinn tar éis ghlacadh an chinnidh atá faoi achomharc (breithiúnais an 25 Iúil 2018, Alheto, C‑585/16, EU:C:2018:584, mír 111; an 29 Iúil 2019, Torubarov, C‑556/17, EU:C:2019:626, mír 52, agus an 4 Deireadh Fómhair 2024, Ministerstvo vnitra České republiky, Odbor azylové a migrační politiky, C‑406/22, EU:C:2024:841, mír 88). |
83 |
Ina dhiaidh sin, deimhnítear leis an aidiacht ‘iomlán’ in Airteagal 46(3) de Threoir 2013/32 go gceanglaítear ar an gcúirt scrúdú a dhéanamh ar na heilimintí a chuir an t‑údarás cinntitheach san áireamh agus ar na heilimintí a tharla tar éis don údarás sin an cinneadh a ghlacadh (breithiúnais an 25 Iúil 2018, Alheto, C‑585/16, EU:C:2018:584, mír 113; an 29 Iúil 2019, Torubarov, C‑556/17, EU:C:2019:626, mír 52, agus an 4 Deireadh Fómhair 2024, Ministerstvo vnitra České republiky, Odbor azylové a migrační politiky, C‑406/22, EU:C:2024:841, mír 89). |
84 |
Ar deireadh, cuirtear i dtábhacht leis na focail ‘i gcás inarb iomchuí’ sa fhrása ‘lena n‑áirítear, i gcás inarb iomchuí, scrúdú ar riachtanais cosanta idirnáisiúnta de bhun Threoir [2011/95]’ nach gá go mbeadh baint ag an scrúdú iomlán ex nunc atá le déanamh ag an gcúirt leis an scrúdú substainteach ar riachtanais cosanta idirnáisiúnta agus go bhféadfadh baint a bheith aige, dá bhrí sin, leis na gnéithe nós imeachta d’iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, lena n‑áirítear tríú tír a ainmniú mar thír shábháilte thionscnaimh (féach, chuige sin, breithiúnas an 4 Deireadh Fómhair 2024, Ministerstvo vnitra České republiky, Odbor azylové a migrační politiky, C‑406/22, EU:C:2024:841, míreanna 90 agus 91 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
85 |
Mar is léir ó chásdlí na Cúirte dá dtagraítear i mír 66 den bhreithiúnas seo, i gcomhréir le hAirteagal 46(3) de Threoir 2013/32, arna léamh i bhfianaise Airteagal 47 den Chairt, i gcás ina dtugtar achomharc os comhair cúirt náisiúnta i gcoinne cinneadh maidir le hiarratas ar chosaint idirnáisiúnta a scrúdaíodh faoin gcóras scrúdúcháin speisialta dá dtagraítear i mír 48 den bhreithiúnas seo, ní mór don chúirt sin, i gcomhthéacs an scrúdaithe iomláin agus ex nunc a cheanglaítear le hAirteagal 46(3), ar bhonn an ábhair atá sa chomhad agus ar bhonn an ábhair a cuireadh in iúl di le linn na n‑imeachtaí os a comhair, go bhféadfaí na coinníollacha substainteacha d’ainmniú den sórt sin a chomhlíonadh, a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin. |
86 |
Le héifeachtacht an athbhreithnithe bhreithiúnaigh ar chomhlíonadh na gcoinníollacha substainteacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2013/32, glactar leis nach mór don chúirt ar tugadh na himeachtaí os a comhair a bheith in ann rochtain a bheith aici ar na foinsí faisnéise ar ar a mbonn a d’ainmnigh an t‑údarás inniúil náisiúnta an tríú tír atá i gceist mar thír shábháilte thionscnaimh. Ciallaíonn an ceanglas sin maidir le héifeachtacht freisin go bhféadfaidh an chúirt sin a fhíorú an gcomhlíonann an t‑ainmniú sin na coinníollacha substainteacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin, agus faisnéis eile a bhailigh sí féin, de réir mar a bheidh, á cur san áireamh, cibé acu ó fhoinsí poiblí nó ó fhoinsí a d’iarr sí ar cheann de na páirtithe sa díospóid os a comhair a thabhairt ar aird, ar choinníoll, ar dtús, go bhfuil an fhaisnéis sin iontaofa agus, anuas air sin, i gcomhréir le prionsabal na sáraíochta, go bhfuil an deis ag na páirtithe sin a mbarúlacha ar an bhfaisnéis sin a chur isteach. |
87 |
Dá bhrí sin, ceanglaítear ar na Ballstáit, faoi Airteagal 46(3) de Threoir 2013/32, a ndlí náisiúnta a oiriúnú sa chaoi go ráthaítear rochtain leordhóthanach ar na foinsí faisnéise ar ar bhraith siad chun tíortha sábháilte tionscnaimh a ainmniú. Ní mór don rochtain sin a chur ar chumas iarratasóra ar chosaint idirnáisiúnta ó thír den sórt sin agus an chúirt náisiúnta a éisteann achomharc i gcoinne cinneadh a bhaineann lena iarratas ar chosaint idirnáisiúnta eolas éifeachtach a bheith acu ar na foinsí faisnéise sin i gcomhréir leis an gcásdlí dá dtagraítear i mír 78 den bhreithiúnas seo. |
88 |
I bhfianaise an mhéid sin roimhe seo, is é an freagra ar an dara agus ar an tríú ceist nach mór Airteagail 36 agus 37 agus Airteagal 46(3) de Threoir 2013/32, arna léamh i bhfianaise Airteagal 47 den Chairt, a léiriú mar seo a leanas:
|
An ceathrú ceist
89 |
Mar réamhphointe, ba cheart a thabhairt faoi deara nach mbaineann an ceathrú ceist leis an athbhreithniú nach mór don chúirt a rinne an tarchur a dhéanamh maidir le cur chun feidhme fhorálacha Airteagal 36(1) de Threoir 2013/32, lena bhforáiltear do fhrisnéis na toimhde cosanta leordhóthanaí sa tír thionscnaimh i gcás ina leagann an t‑iarratasóir amach cúiseanna tromchúiseacha a bhaineann lena staid phearsanta. Ní bhaineann na ceisteanna sin ach leis an athbhreithniú nach mór don chúirt sin a dhéanamh maidir le tríú tír thionscnaimh an iarratasóra a ainmniú mar thír shábháilte thionscnaimh, i gcomhréir le hAirteagal 37 den Treoir sin. |
90 |
Sna himthosca sin, ní mór a mheas, lena ceathrú ceist, go n‑iarrann an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gá Airteagal 37 de Threoir 2013/32, arna léamh i gcomhar le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin, a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc ar Bhallstát tríú tír a ainmniú mar thír shábháilte thionscnaimh nach gcomhlíonann, i gcás catagóirí áirithe daoine, na coinníollacha ábhartha don ainmniú sin, a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin. |
91 |
De réir cásdlí socair, agus foráil de dhlí an Aontais á léiriú, is gá foclaíocht na forála sin, an comhthéacs ina bhfuil sí agus na cuspóirí a shaothraítear leis na rialacha a bhfuil sí mar chuid díobh a chur san áireamh (breithiúnais an 17 Samhain 1983, Merck, 292/82, EU:C:1983:335, mír 12, agus an 6 Iúil 2023, Commissaire général aux réfugiés et aux apatrides (Dídeanaí a rinne coir thromchúiseach), C‑8/22, EU:C:2023:542, mír 29). |
92 |
Sa chéad áit, maidir le foclaíocht Airteagal 37 de Threoir 2013/32, a bhaineann, i gcomhréir lena teideal, le hainmniú tríú tíortha mar thíortha sábháilte tionscnaimh ag Ballstát, déantar tagairt, roinnt uaireanta, do na téarmaí ‘tír’ agus ‘tríú tír’. Níl aon ní i bhfoclaíocht na forála sin lena léiriú, chun críocha ainmniúcháin den sórt sin, nach féidir na téarmaí sin a thuiscint mar théarmaí nach dtagraíonn ach do chuid, i gcás inarb iomchuí, de dhaonra an tríú tír lena mbaineann, d’eisiamh cuid eile den daonra sin nó catagóirí áirithe daoine. |
93 |
Sa dara háit, maidir le comhthéacs Airteagal 37 de Threoir 2013/32, is léir, ar an gcéad dul síos, ón Airteagal sin go bhféadfaidh na Ballstáit tíortha sábháilte tionscnaimh a ainmniú, i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin. Cosúil le foclaíocht an Airteagail sin, ní thugtar le fios leis na critéir a leagtar amach san Iarscríbhinn sin go bhfuil sé de rogha ag na Ballstáit tríú tír a ainmniú mar thír shábháilte thionscnaimh ach, i gcás catagóirí áirithe daoine laistigh de dhaonra na tíre sin, nach gcomhlíontar na critéir ábhartha a leagtar síos in Iarscríbhinn I. |
94 |
Os a choinne sin, de réir na hiarscríbhinne sin, braitheann ainmniú tríú tír mar thír shábháilte thionscnaimh ar an bhféidearthacht a léiriú, ‘go ginearálta’ agus ‘go haonfhoirmeach’, nach ann riamh do ghéarleanúint, do chéasadh ná d’íde nó pionós atá mídhaonna nó táireach agus nach bhfuil aon bhagairt foréigin neamh-idirdhealaitheach ann i gcásanna coinbhleachta armtha idirnáisiúnta nó inmheánaí. |
95 |
I ndáil leis sin, is fíor go bhfuil difríocht idir na leaganacha teanga d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2013/32. Dá bhrí sin, ní thagraíonn ach an leagan Fraincise den iarscríbhinn sin don chuid eile ‘aonfhoirmeach’. Comhfhreagraíonn na leaganacha teanga eile den iarscríbhinn sin siad do nathanna amhail ‘bealach seasmhach’, ‘córasach’, ‘mharthanach’, ‘leanúnach’ nó ‘ciallmhar’, amhail na leaganacha Bulgáirise (‘за всеки отделен случай’), Spáinnise (‘sistemática’), Seicise (‘soustavně’), Danmhairgise (‘til stadighed’), Gearmáinise (‘durchgängig’), Eastóinise (‘järjekindlat’), Gréigise (‘μόνιμα’), Béarla (‘consistently’), Cróitise (‘trajno’), Iodáilise (‘costantemente’), Laitvise (‘konsekventi’), Liotuáinise (‘sistemingai’), Ungáirise (‘következetesen’), Máltaise (‘konsistentement’), Ollainnise (‘duurzame’), Polainnise (‘konsekwentnie’), Portaingéilise (‘sistemático’), Rómáinise (‘consecvent’), Slóvaicise (‘sústavne’), Slóivéinise (‘redno’), Fionlainnise (‘jatkuvasti’) agus Sualainnise (‘genomgående’). |
96 |
Mar sin féin, lasmuigh de na difríochtaí séimeantacha sin, tagraíonn na téarmaí sin go léir don choincheap ‘do-athraitheacht’. Dá bhrí sin, agus in éagmais aon tagairt do chuid de dhaonra an tríú tír lena mbaineann in Airteagal 37 nó in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2013/32, féachann siad lena léiriú nach mór na coinníollacha dá dtagraítear san Iarscríbhinn sin a chomhlíonadh maidir le daonra iomlán an tríú tír lena mbaineann, chun go n‑ainmneofar an tír sin mar thír shábháilte thionscnaimh. Dá bhrí sin, cuireann siad in iúl gur roghnaigh reachtóir an Aontais ainmniú tíre sábháilte tionscnaimh a chur faoi réir an choinníll go bhfuil an tríú tír, go ginearálta, sábháilte dá daonra iomlán agus ní do chuid di amháin. |
97 |
Thairis sin, fiú i dtír atá sábháilte go ginearálta dá daonra ar fad, níl aon ráthaíocht iomlán ann maidir le slándáil do gach duine aonair. Is ar an gcúis sin a rinne reachtóir an Aontais foráil, in Airteagal 36(1) de Threoir 2013/32, arna léamh i bhfianaise aithrisí 40 agus 42 den Treoir sin, go bhféadfadh aon iarratasóir ar chosaint idirnáisiúnta de thionscnamh tíre atá ainmnithe mar thír shábháilte thionscnaimh an toimhde infhrisnéise maidir le cosaint leordhóthanach a fhrisnéis trí chúiseanna tromchúiseacha a bhaineann lena staid phearsanta a leagan amach. |
98 |
Ar an dara dul síos, maidir leis an argóint atá bunaithe ar Airteagal 24 de Threoir 2013/32, ba cheart a thabhairt faoi deara nach bhfuil aon bhaint ag an Airteagal sin, a bhaineann lena theideal, le ‘bainisteoirí a bhfuil sainráthaíochtaí nós imeachta de dhíth orthu’ le hainmniú tríú tír mar ‘thír thionscnaimh shábháilte’, de réir bhrí Airteagal 37 den Treoir sin agus Iarscríbhinn I a ghabhann léi. |
99 |
Ar an tríú dul síos, mar a luadh i míreanna 48 go 51 den bhreithiúnas seo, fágann ainmniú tríú tíortha ag Ballstát mar thíortha sábháilte tionscnaimh gur féidir iarratais ar chosaint idirnáisiúnta d’iarratasóirí ó na tríú tíortha sin a chur faoi réir córas scrúdúcháin speisialta de chineál maolaithe. |
100 |
I ndáil leis sin, dá ndéanfaí Airteagal 37 de Threoir 2013/32 a léiriú lena gceadaítear tríú tír a ainmniú mar thír shábháilte thionscnaimh, cé nach gcomhlíonann an tír sin, i gcás catagóirí áirithe daoine, na coinníollacha substainteacha a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin, bheadh sé d’éifeacht aige raon feidhme na scéime scrúdúcháin speisialta sin a leathnú. Ós rud é nach bhfuil aon tacaíocht ag léiriú den sórt sin i bhfoclaíocht Airteagal 37 nó, ar bhonn níos leithne, sa Treoir sin, go ndéanfaí neamhaird ar an léiriú docht nach mór forálacha de chineál maolaitheach a bheith faoina réir (féach, chuige sin, breithiúnais an 5 Márta 2015, an Coimisiún v Lucsamburg, C‑502/13, EU:C:2015:143, mír 61, agus an 8 Feabhra 2024, Bundesrepublik Deutschland (Inghlacthacht iarratais iardain), C‑216/22, EU:C:2024:122, mír 35 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
101 |
Ar an tríú dul síos, maidir le cuspóirí Threoir 2013/32, ní mór a mheabhrú, chomh maith leis an gcuspóir ginearálta maidir le comhchaighdeáin nós imeachta a bhunú, go bhféachtar leis an Treoir sin go háirithe, mar is léir, go háirithe, ó aithris 18 de, a áirithiú go ndéanfar iarratais ar chosaint idirnáisiúnta a phróiseáil ‘a luaithe is féidir, gan dochar do scrúdú iomchuí agus uileghabhálach’ (breithiúnais an 25 Iúil 2018, Alheto, C‑585/16, EU:C:2018:584, mír 109, agus an 4 Deireadh Fómhair 2024, Ministerstvo vnitra České republiky, Odbor azylové a migrační politiky, C‑406/22, EU:C:2024:841, mír 78). |
102 |
Ón taobh sin de, luaitear in aithris 20 den Treoir sin, in imthosca dea-shainithe, i gcás, inter alia, gur dócha go mbeidh iarratas gan bhunús, gur cheart do na Ballstáit a bheith in ann dlús a chur leis an nós imeachta scrúdúcháin, go háirithe trí theorainneacha ama níos giorra ach réasúnta a thabhairt isteach le haghaidh céimeanna áirithe den nós imeachta, gan dochar do scrúdú iomchuí agus uileghabhálach a dhéanamh agus do rochtain éifeachtach an iarratasóra ar na ráthaíochtaí agus ar na bunphrionsabail a leagtar síos sa Treoir sin (breithiúnas an 4 Deireadh Fómhair 2024, Ministerstvo vnitra České republiky, Odbor azylové a migrační politiky, C‑406/22, EU:C:2024:841, mír 79). |
103 |
Sin é an fáth, mar a luaitear i míreanna 48 go 51 den bhreithiúnas seo, go bhféadfaidh Ballstát iarratais ar chosaint idirnáisiúnta a dhéanamh arna dtaisceadh ag iarratasóirí ó thríú tír atá ainmnithe ag an mBallstát sin mar thír shábháilte thionscnaimh faoi réir córas scrúdúcháin speisialta, faoina bhféadfar, inter alia, dlús a chur leis an nós imeachta chun scrúdú a dhéanamh ar na hiarratais sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 4 Deireadh Fómhair 2024, Ministerstvo vnitra České republiky, Odbor azylové a migrační politiky, C‑406/22, EU:C:2024:841, mír 80). |
104 |
Ós rud é, mar a cuireadh in iúl i mír 101 den bhreithiúnas seo, le Treoir 2013/32, go bhféachann reachtóir an Aontais lena áirithiú go ndéanfar scrúdú tapa agus cuimsitheach ar iarratais ar chosaint idirnáisiúnta, is faoin reachtas sin atá sé, i bhfeidhmiú a lánrogha chun nósanna imeachta coiteanna a bhunú chun cosaint idirnáisiúnta a dheonú agus a tharraingt siar, an dá chuspóir sin a mheas agus na coinníollacha á gcinneadh faoina bhféadfaidh na Ballstáit tríú tír a ainmniú mar thír shábháilte thionscnaimh (breithiúnas an 4 Deireadh Fómhair 2024, Ministerstvo vnitra České republiky, Odbor azylové a migrační politiky, C‑406/22, EU:C:2024:841, mír 81). |
105 |
Dá bhrí sin, ós rud é nár foráladh leis an reachtas sin, i gcomhthéacs na Treorach sin, do chumhacht na mBallstát catagóirí daoine a eisiamh chun críocha ainmniúcháin den sórt sin, léiríonn sé sin an beart cothromaíochta sin agus an rogha atá aige scrúdú uileghabhálach a dhéanamh ar iarratais ar chosaint idirnáisiúnta arna dtaisceadh ag iarratasóirí nach gcomhlíonann a dtír thionscnaimh, dá dhaonra iomlán, na coinníollacha ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin. |
106 |
Más rud é go dtugtar isteach féidearthacht den sórt sin le hAirteagal 61(2) de Rialachán 2024/1348, lena n‑aisghairtear Treoir 2013/32 le héifeacht ón 12 Meitheamh 2026, trí fhoráil a dhéanamh go bhféadfar eisceachtaí a fhoráil maidir le catagóirí daoine atá inaitheanta go soiléir agus tríú tír á hainmniú mar thír shábháilte thionscnaimh, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta araon, is é saincheart reachtóir an Aontais an rogha seo a aisiompú, trí chothromú nua a dhéanamh ar na leasanna atá i gceist. |
107 |
Sa chomhthéacs sin, ba cheart a thabhairt faoi deara freisin gur faoin reachtas sin atá sé an dáta a roghnú óna dtiocfaidh foráil nua, amhail Airteagal 61(2) de Rialachán 2024/1348, chun bheith infheidhme, rogha a rinne sé in Airteagal 79(2) agus (3) den Rialachán sin. Ina theannta sin, is féidir léi athmhachnamh a dhéanamh ar an rogha sin, trí leasú a dhéanamh ar an bhforáil dheireanach sin, a mhol an Coimisiún thairis sin. Dá bhrí sin, foráiltear le togra ón gCoimisiún an 16 Aibreán 2025 le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán 2024/1348 [COM(2025) 186 final] in Airteagal 1(2) chun Airteagal 79(2) agus (3) de Rialachán 2024/1348 a leasú chun cur i bhfeidhm, inter alia, Airteagal 61(2) di a réamh-mheas. |
108 |
Dá bhrí sin, i bhfianaise na gceanglas dá dtagraítear i míreanna 66 agus 85 den bhreithiúnas seo agus a mhéid is gurb é Airteagal 37 de Threoir 2013/32 é seachas Airteagal 61(2) de Rialachán 2024/1348 a bhfuil feidhm aige maidir leis na díospóidí sna príomhimeachtaí, is faoin gcúirt a rinne an tarchur atá sé, i gcomhréir le hAirteagal 46(3) den Treoir sin, arna léamh i bhfianaise Airteagal 47 den Chairt, a fhíorú, ar bhonn an ábhair atá sa chomhad agus a cuireadh in iúl di le linn na n‑imeachtaí os a comhair, an gcomhlíonann ainmniú Dhaon‑Phoblacht na Banglaidéise mar thír shábháilte thionscnaimh, dá bhforáiltear in Airteagal 2a(1) d’Fhoraithne Reachtach Uimh. 25/2008 tar éis a leasaithe le Dlí Foraithne Uimh. 158/2024, na coinníollacha substainteacha don ainmniú sin, a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin, maidir le daonra iomlán an tríú tír sin. |
109 |
I bhfianaise an mhéid sin roimhe seo, is é an freagra ar an gceathrú ceist ná nach mór Airteagal 37 de Threoir 2013/32, arna léamh i gcomhar le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin, a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc ar Bhallstát tríú tír a ainmniú mar thír shábháilte thionscnaimh nach gcomhlíonann, i gcás catagóirí áirithe daoine, na coinníollacha ábhartha don ainmniú sin, a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin. |
Costais
110 |
Ós rud é, a mhéid a bhaineann leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte a rinne an tarchur, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a chur faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe. |
Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Mór-Dhlísheomra) mar seo a leanas: |
|
|
|
Sínithe |
( *1 ) Teanga an cháis: an Iodáilis.
( i ) Is ainm bréige é ainm an cháis seo. Ní fhreagraíonn sé d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.