Eagrán sealadach
BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Cúigiú Dlísheomra)
21 Bealtaine 2026 (*)
(Tarchur chun réamhrialú – Táirgí íocshláinte lena n‑úsáid ag an duine – Treoir 2001/83/CE – Airteagal 85c(1) agus (2) – Táirgí íocshláinte nach bhfuil ar oideas – Toirmeasc ar tháirgí íocshláinte nach bhfuil ar oideas a dhíol go cianda leis an bpobal, trí bhíthin sheirbhísí na sochaí faisnéise – Cosaint na sláinte poiblí)
I gCás C‑604/24,
IARRAIDH ar réamhrialú de bhun Airteagal 267 CFAE, ó Symvoulio tis Epikrateias (an Chomhairle Stáit, an Ghréig), trí bhreith an 16 Iúil 2024, a fuarthas ag an gCúirt an 16 Meán Fómhair 2024, sna himeachtaí
Farmakeio YZ & Sia OE
v
Ypourgos Anaptyxis kai Ependyseon,
Ypourgos Ygeias,
idiragraithe:
Panellinios Farmakeftikos Syllogos,
tugann AN CHÚIRT (an Cúigiú Dlísheomra),
agus í comhdhéanta mar seo a leanas: M. L. Arastey Sahún, Uachtarán Dlísheomra, J. Passer, E. Regan, D. Gratsias agus B. Smulders (Rapóirtéir), Breithiúna,
Abhcóide Ginearálta: M. Szpunar,
Cláraitheoir: A. Calot Escobar,
ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn agus,
tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:
– Farmakeio YZ & Sia OE, ag K. Chrysogonos, dikigoros,
– Panellinios Farmakeftikos Syllogos, ag I. Dimitrellos, dikigoros,
– Rialtas na Gréige, ag K. Georgiadis, V. Karra agus K. Konsta, i gcáil Gníomhairí,
– Rialtas na hIodáile, ag S. Fiorentino, i gcáil Gníomhaire, le cúnamh ó E. Cicatelli, procuratore dello Stato, agus M. Russo, avvocato dello Stato,
– an Coimisiún Eorpach, M. Konstantinidis, E. Mathieu, A. Spina agus J. Szczodrowski, i gcáil Gníomhairí,
tar éis éisteacht leis an Tuairim ón Abhcóide Ginearálta ag éisteacht an 18 Nollaig 2025
an Breithiúnas seo a leanas:
Breithiúnas
1 Baineann an iarraidh ar réamhrialú le léiriú Airteagal 85c(1) agus (2) de Threoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte lena n‑úsáid ag an duine (IO 2001 L 311, lch. 67), arna leasú le Treoir 2011/62/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 (IO 2011 L 174, lch. 74) (‘Treoir 2001/83’).
2 Rinneadh an iarraidh seo in imeachtaí idir Farmakeio YZ & Sia OE, gnólacht dlí de chuid na Gréige, agus Ypourgos Anaptyxis kai Ependyseon (an tAire Forbartha agus Infheistíochta, an Ghréig) agus Ypourgos Ygeias (an tAire Sláinte, an Ghréig) maidir le caingean le haghaidh neamhniú arna tionscnamh ag an ngnólacht dlí sin i gcoinne cinneadh aireachta lena sainítear na catagóirí táirgí íocshláinte a fhéadfaidh bunaíochtaí cógaisíochta leictreonacha deimhnithe a dhíol go cianda leis an bpobal trí bhíthin sheirbhísí na sochaí faisnéise.
An dlí lena mbaineann
Dlí an Aontais Eorpaigh
Treoir 2011/62
3 Foráiltear an méid seo a leanas in aithrisí 21 go 24 de Threoir 2011/62:
‘(21) Is bagairt thábhachtach don tsláinte phoiblí é táirgí íocshláinte a dhíol go neamhdhleathach leis an bpobal tríd an Idirlíon toisc go bhféadfadh táirgí íocshláinte falsaithe teacht chomh fada leis an bpobal ar an mbealach sin. Is gá dul i ngleic leis an mbaol seo. Agus an méid sin á dhéanamh, ba cheart a chur san áireamh nach bhfuil coinníollacha sonracha maidir le soláthar miondíola táirgí íocshláinte don phobal comhchuibhithe ar leibhéal an Aontais agus, dá bhrí sin, féadfaidh na Ballstáit coinníollacha a fhorchur maidir le táirgí íocshláinte a sholáthar don phobal laistigh de theorainneacha [CFAE].
(22) Agus scrúdú á dhéanamh ar chomhoiriúnacht na gcoinníollacha maidir le soláthar miondíola táirgí íocshláinte le dlí an Aontais, d’aithin Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (“an Chúirt Bhreithiúnais”) cineál an‑sonrach na dtáirgí íocshláinte, a ndéanann a n‑éifeachtaí teiripeacha idirdhealú substaintiúil idir iad agus earraí eile. Dhearbhaigh an Chúirt Bhreithiúnais freisin go bhfuil sláinte agus beatha daoine ar thús cadhnaíochta i measc na sócmhainní agus leasanna atá faoi chosaint ag [CFAE] agus gur faoi na Ballstáit atá sé cinneadh a dhéanamh faoin méid cosanta is mian leo a thabhairt don tsláinte phoiblí agus an bealach ar gá an leibhéal sin a bhaint amach. Ós rud é go bhféadfadh an leibhéal sin a bheith éagsúil ó Bhallstát go Ballstát, ní mór lánrogha a cheadú do na Ballstáit [...] maidir leis na coinníollacha a bhaineann le táirgí íocshláinte a sholáthar don phobal ar a gcríoch.
(23) Go háirithe, i bhfianaise na rioscaí don tsláinte phoiblí agus i bhfianaise na cumhachta a thugtar do na Ballstáit an leibhéal cosanta don tsláinte phoiblí a chinneadh, aithnítear i gcásdlí na Cúirte Breithiúnais go bhféadfaidh na Ballstáit, i bprionsabal, miondíol táirgí íocshláinte le cógaiseoirí amháin a shrianadh.
(24) Dá bhrí sin, agus i bhfianaise chásdlí na Cúirte Breithiúnais, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann coinníollacha a bhfuil údar leo mar gheall ar chosaint na sláinte poiblí a fhorchur ar sholáthar miondíola táirgí íocshláinte a thairgtear lena gciandíol trí bhíthin sheirbhísí na sochaí faisnéise. Níor cheart go gcuirfeadh coinníollacha den sórt sin srian míchuí ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.’
[Aistriúchán neamhoifigiúil]
Treoir 2001/83
4 De réir aithrisí 2 go 5 de Threoir 2001/83:
‘(2) Is gá gurb í sláinte an phobail a chosaint an cuspóir bunúsach a bheidh ag aon reachtaíocht a bhaineann le táirgí íocshláinte a tháirgeadh, a dháileadh nó a úsáid.
(3) Ní mór an cuspóir sin a bhaint amach, áfach, trí mheáin nach gcuirfidh bac ar fhorbairt an tionscail cógaisíochta ná ar thrádáil i dtáirgí íocshláinte laistigh den Chomhphobal.’
(4) Cuirtear bac ar an trádáil i dtáirgí íocshláinte laistigh den Chomhphobal de dheasca éagothromaíochtaí idir forálacha áirithe náisiúnta, go háirithe idir forálacha a bhaineann le táirgí íocshláinte [...] agus bíonn tionchar díreach ag na héagothromaíochtaí sin ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.
(5) Ní mór bacainní den sórt sin a bhaint dá réir sin; de bhrí go ndéanann sé seo comhfhogasú ar na forálacha ábhartha.’
[Aistriúchán neamhoifigiúil]
5 Foráiltear le hAirteagal 85c(1) agus (2) de Theideal VIIA den Treoir sin, dar teideal ‘Ciandíol leis an bpobal’:
‘1. Gan dochar do reachtaíocht náisiúnta lena dtoirmeasctar táirgí íocshláinte ar oideas a chur ar ciandíol leis an bpobal trí bhíthin sheirbhísí na sochaí faisnéise, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear táirgí íocshláinte ar ciandíol leis an bpobal trí bhíthin seirbhísí mar a shainmhínítear i dTreoir 98/34/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meitheamh 1998 lena leagtar síos nós imeachta chun faisnéis a sholáthar i réimse na gcaighdeán teicniúil agus na rialachán teicniúil agus na rialacha maidir le seirbhísí na Sochaí Faisnéise [IO 1998 L 204, lch. 37], faoi na coinníollacha seo a leanas:
(a) tá an duine nádúrtha nó duine dlítheanach a thairgeann na táirgí íocshláinte údaraithe nó i dteideal táirgí íocshláinte a sholáthar don phobal, go cianda freisin, i gcomhréir le reachtaíocht náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil an duine sin bunaithe;
(b) tá fógra tugtha ag an duine dá dtagraítear i bpointe (a) don Bhallstát ina bhfuil an duine sin bunaithe faoin bhfaisnéis seo a leanas ar a laghad:
[...]
(c) comhlíonann na táirgí íocshláinte reachtaíocht an Bhallstáit cinn scríbe i gcomhréir le hAirteagal 6(1);
(d) gan dochar do na ceanglais faisnéise a leagtar amach i dTreoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe dlíthiúla áirithe de sheirbhísí na sochaí faisnéise, go háirithe tráchtáil leictreonach, sa Mhargadh Inmheánach (an Treoir maidir le tráchtáil leictreonach) [IO 2000 L 178, lch. 1], tá an méid seo a leanas ar a laghad ar an suíomh gréasáin a thairgeann na táirgí íocshláinte:
[...]
2. Féadfaidh na Ballstáit coinníollacha a fhorchur, agus údar cuí tugtha leo ar mhaithe leis an tsláinte phoiblí a chosaint, maidir le táirgí íocshláinte a sholáthar ar bhonn miondíola ar a gcríoch lena gciandíol leis an bpobal trí bhíthin sheirbhísí na sochaí faisnéise.
[...]’
[Aistriúchán neamhoifigiúil]
Dlí na Gréige
6 Leagann ypourgiki apofasi GP oik. 22609 ‘Tropopoiisi tou arthrou 116 tis ypo stoicheia D.YG3a/G.P.32221/2013 koinis apofaseos ton Ypourgon Anaptyxis, Antagonikotitas, Ypodomon, Metaforon kai Diktyon kai Ygeias [...]’ (Cinneadh Aireachta G.P. oik. 22609 ‘Leasú ar Airteagal 116 de Chinneadh Comhpháirteach Aireachta D.YG3a/G.P.32221/2013, arna ghlacadh go comhpháirteach ag an Aire Forbartha agus Infheistíochta agus ag an Aire Sláinte [...]) an 19 Aibreán 2022, arna nglacadh i gcomhpháirt ag an Aire Forbartha agus Infheistíochtaí agus an tAire Sláinte (FEK B’ 1965/20.4.2022) (‘an Cinneadh aireachta’), amach na catagóirí táirgí íocshláinte a fhéadfaidh bunaíochtaí cógaisíochta leictreonacha deimhnithe a dhíol go cianda leis an bpobal trí bhíthin sheirbhísí na sochaí faisnéise. Luaitear an méid seo a leanas in Airteagal 1 den Chinneadh aireachta sin:
‘Toirmiscfear táirgí íocshláinte atá faoi réir oideas liachta a chiandíol leis an bpobal. Maidir le táirgí íocshláinte eile, ceadaítear ciandíol leis an bpobal trí bhíthin sheirbhísí na sochaí faisnéise, ag bunaíochtaí cógaslainne leictreonaí atá deimhnithe ina leith sin ag [Panellinios Farmakeftikos Syllogos (Comhlachas Cógaisíochta)], de bhun [koini apofasi G5(b)/G.P.oik. 20293 tonna Ypourgon Oikonomias, Anaptyxis kai Tourismou kai Ygeias ‘Orismos armodias Archis gia tin Pistopoiisi Ilektronikon katastimaton farmakeion’ (Cinneadh Comhpháirteach G5(b)/G.P. Oik. 20293 ón Aire Geilleagair, Forbartha agus Turasóireachta, ar thaobh amháin, agus ón Aire Sláinte, ar an taobh eile, lena n‑ainmnítear ‘an t‑údarás inniúil um dheimhniú bunaíochtaí leictreonacha cógaslainne’) an 15 Márta 2016 (FEK B’ 787/23.3.2016), le haghaidh táirgí íocshláinte a aicmítear nó a cuireadh, i gcomhréir lena n‑údarú margaíochta, i bhfochatagóir na dtáirgí íocshláinte lena ndíol go ginearálta (táirgí íocshláinte cineálacha […]) laistigh de chatagóir na dtáirgí íocshláinte nach bhfuil ar oideas (NMPanna), de bhun fhorálacha [apofasi G5(a)51194 gou Ypourgou Ygeias (Cinneadh G5(a)51194 ón Aire Sláinte), an 14 Iúil 2016 (FEK B’ 2219/18.7.2016)].
Beidh na sáruithe sin ar na forálacha sin faoi réir fíneáil fiche míle euro (EUR 20 000) go céad míle euro (EUR 100 000) agus, i gcás athchiona, fíneáil caoga míle euro (EUR 50 000) go dhá chéad míle euro (EUR 200 000), le cinneadh ó Bhord Stiúrthóirí [Ethnikos Organismos Farmakon (An Eagraíocht Náisiúnta Leigheasra)].
Forchuirfear na pionóis sin mar aon le haon phionós eile dá bhforáiltear.’
An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú
7 Oibríonn an t‑iarratasóir sna príomhimeachtaí cógaslann fhisiciúil sa Ghréig agus díolann sé earraí ón gcógaslann ar líne freisin, mar a cheadaítear leis an reachtaíocht náisiúnta chógaisíochta.
8 An 25 Bealtaine 2022, thug an t‑iarratasóir caingean os comhair an Symvoulio tis Epikrateias (an Chomhairle Stáit, an Ghréig), arb í an chúirt a rinne an tarchur í, chun an cinneadh aireachta, lena leasaítear an reachtaíocht náisiúnta roimhe sin, a neamhniú, ar an bhforas go n‑údaraítear leis an gcinneadh sin as seo amach do bhunaíochtaí ríomhchógaisíochta deimhnithe gan ach fochatagóir de tháirgí íocshláinte nach bhfuil ar oideas a dhíol go cianda leis an bpobal trí bhíthin sheirbhísí na sochaí faisnéise, eadhon táirgí íocshláinte cineálacha, agus go n‑eisiatar leis táirgí íocshláinte eile nach bhfuil ar oideas ón díol sin. De réir na faisnéise a chuir an chúirt a rinne an tarchur ar fáil, áirítear i bhfochatagóir na dtáirgí íocshláinte cineálacha táirgí íocshláinte nach bhfuil ar oideas a d’fhéadfaí a thairiscint freisin ag díolphointí seachas cógaslanna, gan gá le cógaiseoir ná cógaiseoir cúnta a bheith ann. Ina theannta sin, is léir ó chuntas an chreata rialála náisiúnta a bhí i bhfeidhm sular glacadh an cinneadh aireachta sin, mar a chuir an chúirt a rinne an tarchur i láthair, go raibh cógaslanna leictreonacha deimhnithe údaraithe roimhe sin chun gach táirge íocshláinte nach bhfuil ar oideas agus gach táirge íocshláinte nach n‑aisíocann comhlachtaí slándála sóisialta a dhíol leis an bpobal, ar líne, gan idirdhealú.
9 Mar thaca lena chaingean, áitíonn an t‑iarratasóir sna príomhimeachtaí go bhfuil an srian a tugadh isteach le cinneadh na n‑airí maidir leis an reachtaíocht náisiúnta roimhe sin contrártha, inter alia, d’Airteagal 85c(1) de Threoir 2001/83. Ina theannta sin, de réir an iarratasóra, ní féidir údar a thabhairt le beart den sórt sin faoi Airteagal 85c(2) den Treoir sin ar fhoras chosaint na sláinte poiblí. Cuireann an t‑iarratasóir in iúl freisin go bhfuil an reachtaíocht náisiúnta nua a tugadh isteach leis an gcinneadh aireachta fós gan bhrí, sa chleachtas, ós rud é nár aicmíodh aon táirge íocshláinte go dtí seo ar mhargadh na Gréige ag an Eagraíocht Náisiúnta Leigheasra san fhochatagóir táirgí íocshláinte cineálacha.
10 Maíonn na húdaráis náisiúnta a ghlac an cinneadh aireachta agus an Panellinios Farmakeftikos Syllogos (an Comhlachas Cógaisíochta, an Ghréig), óna dtaobh féin, gur ghá an reachtaíocht náisiúnta nua sin a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 85c(2) de Threoir 2001/83, ar chúiseanna a bhaineann le leas an phobail a bhaineann le cosaint na sláinte poiblí. Áitíonn siad, go háirithe, go raibh sé d’éifeacht ag an gcumas, dá bhforáiltear sa chóras náisiúnta roimhe seo, chun gach táirge íocshláinte nach bhfuil ar oideas agus táirgí íocshláinte neamh-aisíoctha a dhíol, gan idirdhealú, ag cógaslanna leictreonacha, níos mó ná 1000 cineál táirge íocshláinte a chur ar fáil ar an idirlíon, rud a fhágann go bhfuil sé níos deacra faireachán a dhéanamh ar ró-leigheas, is é sin le rá tomhaltas iomarcach táirgí íocshláinte, agus gáinneáil ar tháirgí íocshláinte góchumtha nó neamhchomhlíontacha a chomhrac. Baineann rioscaí don tsláinte phoiblí le táirgí íocshláinte a dhíol ar líne, lena n‑áirítear táirgí íocshláinte nach bhfuil ar oideas, ós rud é go gceileann sé go bunúsach an deis ar an gcógaiseoir an t‑úsáideoir deiridh a shainaithint. De réir na n‑údarás náisiúnta agus an Chomhlachais Cógaisíochta, cuireann cinneadh na n‑airí teorainn freisin leis an gcur isteach ar ‘ráthaíocht na sábháilteachta’ a bhaineann le cógaiseoir a dháileann táirge íocshláinte de láimh, ós rud é nach ann don riosca sin i ndáil le táirgí íocshláinte cineálacha mar gheall ar a saintréithe ar leith. Thairis sin, maidir le soláthar gach táirge íocshláinte nach bhfuil ar oideas agus gach táirge íocshláinte neamh-aisíoctha ag cógaslanna leictreonacha, ní chomhlíonann sé aon riachtanas ar leith sa Ghréig i bhfianaise dháileadh geografach iontach agus réasúnach na gcógaslann ar chríoch náisiúnta. Ar deireadh, mar thaca lena argóintí, braitheann an Comhlachas Cógaisíochta ar an reachtaíocht atá i bhfeidhm sa Chipir agus sa Phortaingéil, rud a chuireann srian, dar leis, ar sholáthar táirgí íocshláinte ar líne nach bhfuil ar oideas.
11 Measann an chúirt a rinne an tarchur nach mór measúnú a dhéanamh ar an gceist an gcuirtear cosc le dlí an Aontais ar reachtaíocht náisiúnta nach n‑údaraítear léi ach fochatagóir táirgí íocshláinte nach bhfuil ar oideas a dhíol ar líne go cianda leis an bpobal, go háirithe i bhfianaise bhreithiúnais an 11 Nollaig 2003, Deutscher Apothekerverband (C‑322/01, EU:C:2003:664), agus an 29 Feabhra 2024, Doctipharma (C‑606/21, EU:C:2024:179). Baineann an chúirt a rinne an tarchur de thátal as an gcásdlí sin nach féidir Airteagal 85c(1) de Threoir 2001/83 a léiriú sa chaoi go gceadaítear leis don reachtas náisiúnta toirmeasc a chur ar dhíol ar líne táirgí íocshláinte nach bhfuil ar oideas. Dá réir sin, measann sí gur cheart cinneadh na n‑airí a neamhniú.
12 Mar sin féin, in éagmais cásdlí aonchiallach ón gCúirt i ndáil leis sin agus argóintí an Chomhlachais Chógaisíochta atá bunaithe ar reachtaíocht ábhartha na Cipire agus na Portaingéile á gcur san áireamh, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur ar cheart Airteagal 85c(2) den Treoir sin a léiriú sa chaoi go gceadaítear do na Ballstáit, ar fhorais chosaint na sláinte poiblí, toirmeasc a chur ar chiandíolacháin táirgí íocshláinte áirithe nach bhfuil faoi réir oideas liachta leis an bpobal, trí bhíthin sheirbhísí na sochaí faisnéise.
13 Sna himthosca sin, chinn an Symvoulio tis Epikrateias (an Chomhairle Stáit) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:
‘(1) An bhfuil Airteagal 85c(1) de [Threoir 2001/83] le léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc ar fhoráil náisiúnta lena gceadaítear ciandíol leis an bpobal, trí bhíthin sheirbhísí na sochaí faisnéise, le bunaíochtaí cógaslainne leictreonacha, ní le gach táirge íocshláinte nach bhfuil ar oideas […], ach le fochatagóir amháin de (sa chás seo, táirgí íocshláinte cineálacha) […]?
(2) Nó, os a choinne sin, an gceadaítear le hAirteagal 85c(2) de [Threoir 2001/83] don reachtas [...] náisiúnta ciandíolacháin táirgí íocshláinte áirithe nach bhfuil faoi réir oideas liachta a thoirmeasc leis an bpobal trí bhíthin sheirbhísí na sochaí faisnéise [...], trí bhunaíochtaí cógaslainne leictreonacha, ar fhorais cosanta sláinte poiblí?
(3) Más freagra dearfach a thabharfar ar [an dara ceist], an bhfuil na forais ar a bhfuil [Rialtas na Gréige] agus an Cumann Cógaisíochta Pan‑Heilléanach ag brath sa chás seo chun údar a thabhairt leis an srian atá i gceist (an ró-leigheas agus gáinneáil ar tháirgí íocshláinte góchumtha nó míchuí a chomhrac, agus mar sin de) forais cosanta sláinte poiblí de réir bhrí Airteagal 85c(2) de [Threoir 2001/83]?
(4) Más freagra dearfach a thabharfar ar [an tríú ceist], an bhfuil an chúirt náisiúnta chun athbhreithniú a dhéanamh ar chomhréireacht an bhirt shriantaigh trí scagadh diúltach a dhéanamh, is é sin le rá, an bhfuil sí chun measúnú a dhéanamh ar cé acu an cosúil go bhfuil an srian míchuí go follasach nó, nach bhfuil gá leis go follasach, nó, os a choinne sin, ar cheart don chúirt scagadh dearfach a dhéanamh, is é sin le rá, an bhfuil sí chun measúnú a dhéanamh ar an cosúil gur beart iomchuí agus fíor-riachtanach é an srian chun an tsláinte phoiblí a chosaint?’
Breithniú ar na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú
An chéad cheist agus an dara ceist
14 Lena céad cheist agus lena dara ceist, ar cheart iad a scrúdú le chéile, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gá Airteagal 85c(1) agus (2) de Threoir 2001/83 a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar reachtaíocht náisiúnta lena gcuirtear toirmeasc, ar mhaithe leis an tsláinte phoiblí a chosaint, ar tháirgí íocshláinte nach bhfuil ar oideas a dhíol go cianda leis an bpobal, ag bunaíochtaí ríomhchógaisíochta a úsáideann seirbhísí na sochaí faisnéise, cé is moite d’fhochatagóir díobh.
15 I ndáil leis sin, ba cheart a mheabhrú go bhforáiltear le hAirteagal 85c (1) de Threoir 2001/83 ‘gan dochar do reachtaíocht náisiúnta lena dtoirmisctear táirgí íocshláinte ar oideas a chur ar ciandíol leis an bpobal trí bhíthin sheirbhísí na sochaí faisnéise, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear táirgí íocshláinte ar ciandíol leis an bpobal trí bhíthin sheirbhísí na sochaí faisnéise [...] faoi na coinníollacha seo a leanas [...] [a leagtar amach i bpointí (a) go (d) den mhír sin]’.
16 Is léir ón dara cuid den fhoráil sin go gceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú go dtairgfear ‘táirgí íocshláinte’ lena gciandíol leis an bpobal trí bhíthin sheirbhísí na sochaí faisnéise. Léiríonn cineál ginearálta an natha sin agus úsáid an airteagail chinnte ‘an’ i leaganacha teanga áirithe, amhail an leagan Spáinnise, an leagan Gréigise, an leagan Fraincise, an leagan Iodáilise agus an leagan Portaingéilise, go gcumhdaítear leis an oibleagáid a fhorchuirtear leis sin ar na Ballstáit gach táirge íocshláinte. Ní thugann an chuid sin den abairt aon chúis lena chreidiúint go raibh sé ar intinn ag reachtóir an Aontais idirdhealú a dhéanamh idir catagóirí féideartha táirgí leighis.
17 Mar sin féin, ceadaítear leis an gcéad chuid den fhoráil sin eisceacht ón oibleagáid sin a mhéid is féidir toirmeasc a chur ar chiandíol táirgí íocshláinte ar oideas leis an bpobal faoin reachtaíocht náisiúnta (féach, chuige sin, breithiúnas an 27 Feabhra 2025, Apothekerkammer Nordrhein, C‑517/23, EU:C:2025:122, mír 74).
18 Dá bhrí sin, leanann sé ó fhoclaíocht Airteagal 85c(1) de Threoir 2001/83 go mbaineann an oibleagáid dá bhforáiltear ann le gach táirge íocshláinte nach bhfuil ar oideas a thairiscint lena gciandíol leis an bpobal, trí bhíthin sheirbhísí na sochaí faisnéise (féach, chuige sin, breithiúnas an 29 Feabhra 2024, Doctipharma, C‑606/21, EU:C:2024:179, mír 41).
19 Dá bhrí sin, sáraítear an oibleagáid a eascraíonn as Airteagal 85c(1) de Threoir 2001/83 le reachtaíocht náisiúnta lena dtoirmisctear táirgí íocshláinte nach bhfuil ar oideas a chiandíol leis an bpobal, trí bhíthin sheirbhísí na sochaí faisnéise, cé is moite d’fhochatagóir díobh.
20 Thairis sin, ní féidir reachtaíocht náisiúnta den sórt sin a bhunú ar Airteagal 85c(2) den Treoir sin, faoina bhféadfaidh na Ballstáit coinníollacha a fhorchur, ar fhorais a bhaineann le cosaint na sláinte poiblí, maidir le táirgí íocshláinte a sholáthar go miondíola ar a gcríoch lena gciandíol leis an bpobal trí bhíthin sheirbhísí na sochaí faisnéise.
21 Cé gur féidir a mheas, mar gheall ar úsáid an téarma ‘coinníoll’ in Airteagal 85c(1) agus (2) den Treoir sin araon, go bhféadfaidh na Ballstáit ciandíol gach táirge íocshláinte nach bhfuil ar oideas leis an bpobal a chur faoi réir coinníollacha sa bhreis ar na coinníollacha a liostaítear go sainráite in Airteagal 85c(1) in (a) go (d), ba cheart a thabhairt faoi deara nach féidir reachtaíocht náisiúnta lena dtoirmisctear táirgí íocshláinte nach bhfuil ar oideas a thairiscint lena ndíol go leictreonach leis an bpobal, cé is moite d’fhochatagóir díobh, amhail an reachtaíocht náisiúnta atá i gceist sna príomhimeachtaí, a aicmiú mar ‘choinníoll’ le haghaidh soláthar miondíola táirgí íocshláinte de réir bhrí Airteagal 85c(2) den Treoir sin.
22 Ní údaraítear le reachtaíocht den sórt sin ach go páirteach táirgí íocshláinte nach bhfuil ar oideas a thairiscint lena gciandíol leis an bpobal trí bhíthin sheirbhísí na sochaí faisnéise. Ní fhéadfaidh sé a bheith d’éifeacht ag na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 85c(2) de Threoir 2001/83 go mbeidh an oibleagáid ar na Ballstáit, faoi Airteagal 85c(1), a áirithiú go dtairgfear táirgí íocshláinte, ar a laghad gach táirge íocshláinte nach bhfuil ar oideas, lena gciandíol leis an bpobal, trí bhíthin sheirbhísí na sochaí faisnéise, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach san fhoráil sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 29 Feabhra 2024, Doctipharma, C‑606/21, EU:C:2024:179, míreanna 55 agus 56).
23 Tacaítear leis an léiriú sin le tionscnamh Airteagal 85c de Threoir 2001/83 agus leis na cuspóirí a shaothraítear leis an Treoir sin.
24 Sa chéad áit, maidir leis an tionscnamh sin, ba cheart a mheabhrú gur cuireadh Teideal VIIA isteach i dTreoir 2011/62, i dTreoir 2001/83, dar teideal ‘Díol go cianda don phobal’, lena n‑áirítear, inter alia, Airteagal 85c den Treoir sin.
25 Leanann sé ó aithris 24 de Threoir 2011/62, ar dá réir nach mór Airteagal 85c(1) agus (2) de Threoir 2001/83 a léiriú, cé nach mór do na Ballstáit a bheith in ann coinníollacha a fhorchur a bhfuil údar leo ar fhorais a bhaineann le cosaint na sláinte poiblí i ndáil le soláthar miondíola táirgí íocshláinte a thairgtear lena gciandíol trí bhíthin sheirbhísí na sochaí faisnéise, nach féidir leis na coinníollacha sin, áfach, srian míchuí a chur ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara, go bunúsach, i mír 35 dá Thuairim, d’fhéadfadh srian den sórt sin a bheith ann dá ndéanfadh Ballstát raon feidhme na hoibleagáide díol ar líne táirgí íocshláinte nach bhfuil ar oideas a údarú a thabhairt faoi cheist go haontaobhach.
26 Sa chomhthéacs sin, ba cheart a mheabhrú, i míreanna 76 agus 124 dá breithiúnas an 11 Nollaig 2003, Deutscher Apothekerverband (C‑322/01, EU:C:2003:664), gur aicmigh an Chúirt an toirmeasc ar tháirgí íocshláinte a dhíol trí phostdíol, nó sa chás seo tríd an Idirlíon, dá bhforáiltear sa reachtaíocht náisiúnta, mar ‘bheart a bhfuil éifeacht aige atá coibhéiseach’ le srian cainníochtúil ar allmhairí de réir bhrí Airteagal 28 CE, Airteagal 34 CFAE anois. Chinn sí freisin, cé go bhféadfadh údar a bheith le beart den sórt sin ar fhorais cosanta sláinte poiblí, dá dtagraítear in Airteagal 30 CE, Airteagal 36 CFAE anois, a mhéid a bhaineann sé le táirgí íocshláinte ar oideas, nach féidir brath ar an Airteagal sin chun údar a thabhairt le toirmeasc iomlán ar tháirgí íocshláinte nach bhfuil ar oideas a dhíol sa Bhallstát lena mbaineann trí phostdíol.
27 Is léir go raibh sé beartaithe ag reachtas an Aontais, agus Airteagal 85c(1) de Threoir 2001/83 á ghlacadh aige, na ceachtanna a foghlaimíodh ó chásdlí na Cúirte a bhaineann le táirgí íocshláinte a mhargú ar líne a chur san áireamh. Leis an bhforáil sin, chuir reachtóir an Aontais teorainn bhreise leis an lánrogha a thugtar do na Ballstáit sa réimse, tríd an oibleagáid a thabhairt isteach gach táirge íocshláinte nach bhfuil ar oideas a thairiscint lena gciandíol leis an bpobal, trí bhíthin sheirbhísí na sochaí faisnéise.
28 Dá bhrí sin, ní féidir leis na Ballstáit brath ar Airteagal 85c(2) de Threoir 2001/83 chun coinníollacha a fhorchur a bhfuil údar leo ar fhorais cosanta sláinte poiblí a mhéid a bhaineann le soláthar miondíola ar a gcríoch táirgí íocshláinte nach bhfuil ar oideas a thairgtear lena gciandíol leis an bpobal trí bhíthin sheirbhísí na sochaí faisnéise, i gcás ina bhfuil sé d’éifeacht ag coinníollacha den sórt sin a éifeachtacht a bhaint den oibleagáid a leagtar amach in Airteagal 85c(1).
29 Sa dara háit, maidir leis na cuspóirí a shaothraítear le Treoir 2001/93, is léir ó aithris 2 den Treoir sin gurb é is aidhm don Treoir sin an tsláinte phoiblí a chosaint, go háirithe trí dhíol neamhdhleathach táirgí íocshláinte leis an bpobal tríd an Idirlíon a chomhrac, mar a leagtar amach in aithris 21 de Threoir 2011/62. Mar sin féin, mar is léir ó aithris 3 de Threoir 2001/83, ní mór an cuspóir sin maidir leis an tsláinte phoiblí a chosaint a bhaint amach gan bac a chur ar thrádáil táirgí íocshláinte laistigh den Aontas Eorpach.
30 Ón taobh sin de, ceanglaítear le hAirteagal 85c(1) de Threoir 2001/83 go n‑údaróidh na Ballstáit gach táirge íocshláinte nach bhfuil ar oideas a dhíol go cianda leis an bpobal, trí bhíthin sheirbhísí na sochaí faisnéise. I gcomhthéacs chuspóir chosaint na sláinte poiblí agus breithiúnas an 19 Bealtaine 2009, Apothekerkammer des Saarlandes agus páirtithe eile (C‑171/07 agus C‑172/07, EU:C:2009:316) á chur san áireamh, a luaitear, mar fhonóta, in aithrisí 22 agus 23 de Threoir 2011/62, lenar aithin an Chúirt go bhfuil sé de chumhacht ag na Ballstáit leibhéal na cosanta sláinte poiblí a chinneadh, bunaítear leis an bhforáil sin, i bpointí (a) go (d) de, na coinníollacha a bhaineann le daoine, táirgí íocshláinte agus suíomhanna gréasáin a bhfuil ciandíol táirgí íocshláinte leis an bpobal trí bhíthin sheirbhísí na sochaí faisnéise faoina réir. I ndáil leis sin, forchoimeádtar leis an bhforáil sin, i gcomhréir leis an gcásdlí sin, an chumhacht chun na ceanglais nach mór do na daoine sin a chomhlíonadh a chinneadh.
31 Dá bhrí sin, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 20 dá Thuairim, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 85c(1) de Threoir 2001/83, ní féidir le Ballstát toirmeasc a chur ar tháirgí íocshláinte nach bhfuil ar oideas a thairiscint go cianda don phobal, trí bhíthin seirbhís sochaí faisnéise.
32 Dá bhrí sin, cé gur fíor go gceadaítear le hAirteagal 85c(2) den Treoir sin do na Ballstáit coinníollacha a fhorchur, ar fhorais na sláinte poiblí a chosaint, a bhaineann le táirgí íocshláinte a thairgtear lena gciandíol leis an bpobal trí bhíthin sheirbhísí na sochaí faisnéise a sholáthar ar a gcríoch, ní féidir ‘coinníoll’ de réir bhrí na forála sin a léiriú, áfach, sa chaoi go gceadaítear do na Ballstáit toirmeasc a chur, ar na forais sin, ar tháirgí íocshláinte nach bhfuil ar oideas a thairiscint lena gciandíol leis an bpobal trí bhíthin na seirbhísí sin, cé is moite d’fhochatagóir díobh, ós rud é go mbeadh sé d’éifeacht ag toirmeasc den sórt sin na cuspóirí a shaothraítear leis an Treoir sin a chur i mbaol, trína héifeachtacht a bhaint d’Airteagal 85c(1) de.
33 Dá bhrí sin, ós rud é nach féidir leis na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 85c(2) de Threoir 2001/83 difear a dhéanamh do raon feidhme na hoibleagáide a shainmhínítear in Airteagal 85c(1) den Treoir sin, ná do na coinníollacha a leagtar amach i bpointí (a) go (d) den fhoráil sin, is gá teorainn a chur leis an gcumhacht a thugtar do na Ballstáit ábhar na ‘gcoinníollacha, a bhfuil údar leo ar fhorais cosanta sláinte poiblí, maidir le soláthar miondíola’, de réir bhrí Airteagal 85c(2), a chinneadh, a mhéid nach féidir leis déileáil ach amháin leis an gcaoi a margaítear na táirgí íocshláinte sin don phobal, is é sin le rá na coinníollacha a bhaineann leis na hoibríochtaí a dhéantar chun na táirgí íocshláinte sin a sholáthar go miondíola ar a gcríoch.
34 Féadfaidh feidhm a bheith ag na coinníollacha sin, nach mór údar a bheith leo ar fhorais cosanta sláinte poiblí, maidir le bearta arb é is aidhm dóibh na rioscaí a bhaineann le táirgí íocshláinte a dhíol ar líne a laghdú. Mar a thugann an t‑iarratasóir sna príomhimeachtaí le fios, d’fhéadfadh a bheith i gceist leis na coinníollacha sin, mar shampla, sásraí éifeachtacha a chur i bhfeidhm chun faireachán a dhéanamh ar thomhaltas táirgí íocshláinte, amhail teorainneacha ordaithe a bhunú in aghaidh an tomhaltóra nó córas ar líne a chruthú chun sonraí maidir le sláinte tomhaltóirí a shainaithint agus a chlárú chun róleigheas a chomhrac.
35 Sa chomhthéacs sin, ní féidir a chur as an áireamh go bhféadfaidh na Ballstáit catagóir shonrach táirgí íocshláinte nach bhfuil ar oideas a chur faoi réir coinníollacha den sórt sin, mar shampla, mar gheall ar a saintréithe teiripeacha ar leith, a mhéid nach gcaitheann na coinníollacha sin amhras ar an bhféidearthacht na táirgí íocshláinte sin a thairiscint le haghaidh díol den sórt sin, mar is léir ó Airteagal 85c(1) de Threoir 2001/83.
36 I bhfianaise na mbreithnithe go léir roimhe seo, is é an freagra ar an gcéad cheist agus ar an dara ceist nach mór Airteagal 85c(1) agus (2) de Threoir 2001/83 a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar reachtaíocht náisiúnta lena dtoirmisctear, ar mhaithe leis an tsláinte phoiblí a chosaint, táirgí íocshláinte nach bhfuil ar oideas a dhíol go cianda leis an bpobal, ag bunaíochtaí cógaslainne leictreonaí a úsáideann seirbhísí na sochaí faisnéise, cé is moite d’fhochatagóir den chéanna.
An tríú agus an ceathrú ceist
37 I bhfianaise an fhreagra a tugadh ar an gcéad cheist agus ar an dara ceist, ní gá an tríú agus an ceathrú ceist a fhreagairt.
Costais
38 Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na príomhpháirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte a rinne an tarchur, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a chur faoi bhráid na Cúirte, seachas na páirtithe sin, inghnóthaithe.
Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Cúigiú Dlísheomra) mar seo a leanas:
Maidir le hAirteagal 85c(1) agus (2) de Threoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte lena n‑úsáid ag an duine, arna leasú le Treoir 2011/62/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011,
ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:
cuirtear cosc leo ar reachtaíocht náisiúnta lena gcuirtear toirmeasc, ar mhaithe leis an tsláinte phoiblí a chosaint, ar tháirgí íocshláinte nach bhfuil ar oideas a dhíol go cianda leis an bpobal, ag bunaíochtaí ríomhchógaisíochta a úsáideann seirbhísí na sochaí faisnéise, cé is moite d’fhochatagóir díobh.
Sínithe
* Teanga an cháis: an Ghréigis.