Eagrán sealadach

BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Naoú Dlísheomra)

30 Aibreán 2025 (*)

(Tarchur chun réamhrialú – Cosaint tomhaltóirí – Treoir 2011/83/UE – An coincheap ‘tomhaltóir’ – Airteagal 2(1) – An coincheap ‘conradh seirbhíse’ – Airteagal 2(6) – Conarthaí oideachais chun scolaíocht a chur ar leanaí atá in aois scolaíochta éigeantaí – Oideachas príobháideach – Airteagal 27 – Soláthar seirbhísí gan iarraidh – Ábhair éigeantacha i gcomhréir le caighdeáin náisiúnta oideachais)

I gCás C‑429/24,

IARRAIDH ar réamhrialú de bhun Airteagal 267 CFAE, ó Sofiyski rayonen sad (Cúirt Dúiche Shóifia, an Bhulgáir), trí bhreith an 3 Meitheamh 2024, a fuarthas ag an gCúirt an 18 Meitheamh 2024, sna himeachtaí

St. Kliment Ohridski Primary Private School EOOD

v

QX,

tugann AN CHÚIRT (an Naoú Dlísheomra),

agus í comhdhéanta mar seo a leanas: N. Jääskinen, Uachtarán an Dlísheomra, M. Condinanzi agus R. Frendo (Rapóirtéir), Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: A. Biondi,

Cláraitheoir: A. Calot Escobar,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn,

tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

–        St. Kliment Ohridski Primary Private School EOOD, ag S.A. Logofetova,

–        Rialtas na Seice, ag S. Šindelková, M. Smolek agus J. Vláčil, i gcáil Gníomhairí,

–        Rialtas na Gearmáine, ag J. Möller agus N. Scheffel, i gcáil Gníomhairí,

–        an Coimisiún Eorpach, ag G. Koleva agus I. Rubene, i gcáil Gníomhairí,

tar éis cinneadh a dhéanamh, i ndiaidh an tAbhcóide Ginearálta a éisteacht, breith a thabhairt ar an gcás gan Tuairim,

an Breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1        Baineann an iarraidh ar réamhrialú leis an léiriú ar Airteagal 2(1) agus (6) agus Airteagal 27 de Threoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO 2011 L 304, lch. 64).

2        Rinneadh an iarraidh seo in imeachtaí idir St. Kliment Ohridski Primary Private School EOOD (‘St. Kliment Ohridski’), foras príobháideach oideachais, agus QX, duine nádúrtha, maidir le híocaíocht pionóis chonarthaigh ag QX mar thoradh ar fhoirceannadh aontaobhach na gconarthaí oideachais a chuir sé i gcrích leis an bhforas sin chun scolaíocht a chur ar a leanaí atá in aois scolaíochta éigeantaí.

 An dlí lena mbaineann

 Dlí an Aontais Eorpaigh

 Maidir le Treoir 93/13,

3        Foráiltear mar a leanas le hAirteagal 2 de Threoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra (IO 1993, L 95 lch. 29):

‘Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

[...]

(b)       ciallaíonn “tomhaltóir”: aon duine nádúrtha atá ag gníomhú, i gconarthaí a chumhdaítear leis an Treoir seo, chun críoch atá lasmuigh de thrádáil, gnó nó gairm an duine sin;

(c)       ciallaíonn “an díoltóir” nó “an soláthróir”: aon duine nádúrtha nó dlítheanach, i gconarthaí a chumhdaítear leis an Treoir sin, a ghníomhaíonn ina gcáil ghairmiúil, bíodh sin poiblí nó príobháideach.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

 Treoir 2011/83,

4        Luaitear a leanas in aithris 60 de Threoir 2011/83:

‘Ó tharla go dtoirmisctear díol éigeantach le Treoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2005 maidir le cleachtais tráchtála éagóracha idir gnólachtaí agus tomhaltóirí sa mhargadh inmheánach [agus lena leasaítear Treoir 84/450/CEE ón gComhairle, Treoracha 97/7/CE, 98/27/CE agus 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle] (“An Treoir maidir le Cleachtais Tráchtála Éagóracha”) [(IO 2005 L 149, lch. 22)], arb é atá i gceist leis ná earraí nó seirbhísí a sholáthar don tomhaltóir gan iarraidh, ach nach soláthraítear aon leigheas conarthach chun na críche sin, is gá leigheas conarthach a thabhairt isteach sa Treoir seo lena ndíolmhaítear an tomhaltóir ón oibleagáid aon chomaoin a íoc i gcásanna den sórt sin maidir le soláthar nó feidhmíocht gan iarraidh.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

5        Foráiltear le hAirteagal 2 de Threoir 2011/83, dar teideal ‘Sainmhínithe’, don mhéid seo a leanas:

‘Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)       ciallaíonn “tomhaltóir” aon duine nádúrtha atá ag gníomhú, i ndáil le conarthaí a chumhdaítear leis an Treoir seo, chun críocha nach bhfuil bainteach lena thrádáil, lena ghnó, lena cheird nó lena ghairm;

(2)       ciallaíonn “díoltóir” nó “soláthróir” aon duine nádúrtha nó dlítheanach, beag beann ar é a bheith faoi úinéireacht phríobháideach nó phoiblí, atá ag gníomhú, lena n‑áirítear trí aon duine eile atá ag gníomhú faoi ainm an duine nádúrtha nó an duine dlítheanaigh sin nó thar a cheann, chun críocha atá bainteach lena thrádáil, lena ghnó, lena cheird nó lena ghairm, i ndáil le conarthaí a chumhdaítear leis an Treoir seo;

[...]

(5)       ciallaíonn “conradh díolacháin” aon chonradh faoina n‑aistríonn an díoltóir nó an soláthróir úinéireacht na n‑earraí chuig an tomhaltóir nó faoina ngeallann sé úinéireacht na n‑earraí a aistriú chuig an tomhaltóir agus ina n‑íocann an tomhaltóir praghas na n‑earraí nó faoina ngeallann sé praghas na n‑earraí a íoc, lena n‑áirítear conarthaí a bhaineann le hearraí agus seirbhísí araon;

(6)       ciallaíonn “conradh seirbhíse” aon chonradh seachas conradh díolacháin faoina soláthraíonn an díoltóir nó an soláthróir seirbhís, nó faoina ngeallann sé seirbhís a sholáthar dó agus ina n‑íocann an tomhaltóir praghas na seirbhíse sin nó faoina ngeallann sé praghas na seirbhíse sin a íoc;

[...]’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

6        Foráiltear mar seo a leanas le hAirteagal 3(1) agus (5) den Treoir sin, dar teideal ‘Raon feidhme’:

‘1. Beidh feidhm ag an Treoir seo, faoi na coinníollacha agus a mhéid a leagtar síos ina forálacha, maidir le haon chonradh arna thabhairt i gcrích idir díoltóir nó soláthróir agus tomhaltóir. [...]

[...]

5. Níl aon éifeacht ag an Treoir sin ar fhorálacha ginearálta dhlí na gconarthaí a leagtar síos ar an leibhéal náisiúnta, go háirithe na rialacha maidir le bailíocht, foirmiú agus éifeachtaí conarthaí, a mhéid nach rialaítear gnéithe ginearálta dhlí na gconarthaí leis an Treoir sin.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

7        Seo a leanas atá in Airteagal 27 den Treoir sin, dar teideal ‘Prionsabail ghinearálta’:

‘Díolmhófar an tomhaltóir ón oibleagáid aon chomaoin a íoc i gcás soláthar gan iarraidh earraí, uisce, gáis, leictreachais, téimh ceantair nó ábhair dhigitigh, nó i gcás soláthar seirbhísí gan iarraidh, de shárú ar Airteagal 5(5) agus pointe 29 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2005/29/CE. I gcás dá leithéid, ní hionann easpa freagra ón tomhaltóir i gcás soláthar gan iarraidh agus toiliú.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

 Dlí na Bulgáire

 Dlí maidir le hOideachas Réamhscoile agus Scoile;

8        Foráiltear mar a leanas in Airteagal 8(2) den Zakon za preduchilishtnonto i uchilishtnoto obrazovanie (Dlí maidir le hOideachas Réamhscoile agus Scoile) (DV Uimh. 79 an 13 Deireadh Fómhair 2015), sa leagan is infheidhme maidir leis an díospóid sna príomhimeachtaí (‘ZPUO’):

‘Beidh an scolaíocht éigeantach go dtí aois an 16 bliana agus tosóidh sé ón scoilbhliain dar tús an bhliain ina slánóidh an leanbh 7 mbliana d’aois.’

9        In Airteagal 29(3) de ZPUO foráiltear mar a leanas:

‘Gheobhaidh naíscoileanna príobháideacha agus scoileanna príobháideacha stádas duine dhlítheanaigh faoi na téarmaí agus na coinníollacha a leagtar síos sa Targovski zakon (Dlí maidir le tráchtáil) [(DV Uimh. 48 an 18 Meitheamh 1991)], sa Zakon za yuridicheskite litsa s nestopanska tsel (Dlí maidir le daoine dlítheanacha neamhbhrabúsacha) [(DV Uimh. 81, an 6 Deireadh Fómhair 2000)] sa Zakon za kooperatsiite (Dlí maidir le comharchumainn) ) [(DV Uimh. 113 an 28 Nollaig 1991)], nó i reachtaíocht Ballstáit eile.’

10      De réir Airteagal 301(1) agus (2) de ZPUO:

‘(1) Déanfar gníomhaíochtaí, seachas na gníomhaíochtaí sin arna maoiniú ag an Stát dá dtagraítear in Airteagal 10(3), a dhéanfaidh naíscoileanna príobháideacha agus scoileanna príobháideacha, ar íocaíocht, a shainiú i rialacha inmheánacha na naíscoile nó na scoile príobháidí lena mbaineann.

(2) Leagfar síos na téarmaí agus na coinníollacha maidir le híocaíocht na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 agus méid na híocaíochta i gconradh arna thabhairt i gcrích idir an naíscoil phríobháideach nó an scoil phríobháideach agus tuismitheoir an linbh nó an dalta.’

 An dlí maidir le cosaint tomhaltóirí

11      Trasuitear Airteagal 2 de Threoir 2011/83 le mír 13 den Zakon za zashtita na potrebitelite (Dlí maidir le cosaint tomhaltóirí) (DV Uimh. 99 an 9 Nollaig 2005), sa leagan is infheidhme maidir leis an díospóid sna príomhimeachtaí, i ndlí na Bulgáire, i dtéarmaí atá beagnach comhionann lena chéile.

 An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú

12      Rinne QX dhá chonradh oideachais lánaimseartha le St. Kliment Ohridski chun a leanaí a mhúineadh le linn na scoilbhliana 2022/2023 i gcomaoin táillí bliantúla scoile a íoc.

13      Bhí na leanaí sin in aois scolaíochta éigeantaí, de réir reachtaíocht na Bulgáire.

14      Bhí clásal sa dá chonradh lenar sonraíodh go bhféadfadh QX iad a fhoirceannadh go haontaobhach, faoi réir fógra i scríbhinn a thabhairt roimh ré laistigh de mhí amháin agus pionós conarthach a íoc. Luadh sa chlásal sin, mura mbeadh dáta dlite deiridh an chonartha atá i gceist íoctha ag QX an tráth a dtugtar fógra maidir lena fhoirceannadh, go bhfreagródh an pionós conarthach atá dlite do mhéid an dara téarma gan íoc ar dháta an fhoirceanta sin.

15      An 4 Aibreán 2023, cuireadh deireadh leis an dá chonradh sin agus chuaigh leanaí QX isteach i bhforas oideachais nua.

16      Thug St. Kliment Ohridski caingean i gcoinne QX os comhair Sofiyski rayonen sad (Cúirt Dúiche Shóifia, an Bhulgáir), arb í an chúirt a rinne an tarchur í, ag iarraidh ordú go n‑íocfadh QX an pionós conarthach a sonraíodh, ar an bhforas go ndearna sé na conarthaí céanna a fhoirceannadh go haontaobhach trína leanaí a bhaint ón bhforas oideachais sin.

17      Sonraíonn an chúirt a rinne an tarchur go bhfuil na páirtithe sna príomhimeachtaí aontaithe nár íocadh tráthchuid dheireanach na gconarthaí atá i gceist sna príomhimeachtaí. Tá méid an spriocdháta deiridh sin agus méid an phionóis chonarthaigh sin seasmhach eatarthu freisin.

18      Mar sin féin, cuireann QX i gcoinne bhailíocht an phionóis chonarthaigh sin, ag áitiú go bhfuil sé i gcontrárthacht leis an gcaoinbhéas, sa mhéid go mbíonn saibhriú éagórach mar thoradh air. Maíonn sé go dtéann an pionós conarthach céanna thar a chuspóir coisctheach, cúiteach agus pionósach.

19      Sna himthosca sin, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, ar an gcéad dul síos, an féidir QX a aicmiú mar thomhaltóir, sa mhéid go gceanglaítear leis an dlí scolaíocht a chur ar a leanaí d’fhonn oideachas a chur orthu.

20      I ndáil leis sin, tugann an chúirt sin faoi deara go bhfuil an scolaíocht éigeantach do dhaltaí suas go dtí 16 bliana d’aois sa Bhulgáir. Ag brath ar an gcaoi a maoinítear iad, d’fhéadfadh forais oideachais na Bulgáire a bheith poiblí nó príobháideach. Cé go gcuireann forais oideachais phoiblí oideachas saor in aisce ar fáil, éilíonn forais oideachais phríobháideacha go n‑íocfaidh tuismitheoirí na ndaltaí táillí scoile. Ina theannta sin, i bhforais oideachais phríobháideacha, cuirtear oideachas ar fáil ar bhonn conartha oideachais arna thabhairt i gcrích idir an scoil lena mbaineann agus tuismitheoirí an dalta atá ag freastal ar an scoil.

21      Deir an chúirt sin nach bhfuil aon difríocht idir forais oideachais phoiblí agus phríobháideacha maidir le hábhair a bhfuil oideachas éigeantach ina leith, líon na n-uaireanta múinteoireachta sna hábhair sin agus inneachar an oideachais sin. Sa dá chás, cuirtear oideachas ar fáil de réir na gcaighdeán náisiúnta oideachais atá leagtha síos ag rialacháin arna n‑eisiúint ag an Aire Oideachais agus Eolaíochta.

22      Sa chomhthéacs sin, tugann an chúirt chéanna dá haire gur foras oideachais príobháideach é St. Kliment Ohridski atá cláraithe mar chuideachta tráchtála. Ní fhaigheann an foras sin aon mhaoiniú ón Stát ná ón mbardas lena mbaineann agus maoiníonn sí a hoibriú trí tháillí scoile, tabhartais agus foinsí eile ioncaim, agus tríothu sin amháin. Ina theannta sin, ní shaothraíonn an foras sin gníomhaíocht neamhbhrabúsach ná ní ghníomhaíonn sé mar chomharchumann, ach déanann sé gníomhaíocht tráchtála.

23      Dá bhrí sin, dar leis an gcúirt a rinne an tarchur, ar an gcéad dul síos, tugadh na conarthaí atá i gceist sna príomhimeachtaí i gcrích i gcomhthéacs ghníomhaíocht tráchtála St. Kliment Ohridski agus, ar an dara dul síos, ghníomhaigh QX chun críocha nach bhfuil bainteach lena thrádáil, lena ghnó, lena cheird nó lena ghairm.

24      Ina theannta sin, a mhéid is gurb é an tuismitheoir lena mbaineann a thug na conarthaí oideachais i gcrích chun go bhfaigheadh a leanaí seirbhís oideachais, fiafraíonn an chúirt sin an féidir na leanaí sin a aicmiú mar thomhaltóirí i gcomhthéacs na gconarthaí sin.

25      Ar an dara dul síos, fiafraíonn an chúirt sin an ionann conradh chun oideachas a sholáthar i bhforas príobháideach, nuair atá an scolaíocht éigeantach, agus ‘conradh seirbhíse’ de réir bhrí Airteagal 2(6) de Threoir 2011/83.

26      I ndáil leis sin, tugann an chúirt chéanna dá haire go bhfuil éiginnteacht ann maidir leis an aicmiú sin toisc gur féidir le forais oideachais phoiblí agus phríobháideacha araon an tseirbhís sin a sholáthar. Sna himthosca sin, tá amhras uirthi an gá an conradh iomlán atá i gceist a aicmiú mar ‘chonradh seirbhíse’, ós rud é go bhfuil an scolaíocht éigeantach agus go gcuirtear oideachas ar fáil i gcomhréir le caighdeáin oideachais náisiúnta, nó ar cheart feidhm a bheith ag an aicmiú sin maidir leis na seirbhísí a shonraítear sa chonradh sin amháin, ach ní i réimse an oideachais éigeantaigh, amhail soláthar béilí, iompair nó gníomhaíochtaí seach-churaclaim.

27      Ar an tríú dul síos, i gcás ina measfaí gur conradh arna thabhairt i gcrích le tomhaltóir é conradh oideachais arna thabhairt i gcrích le foras príobháideach, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur an iomchuí Airteagal 27 de Threoir 2011/83 a chur i bhfeidhm, lena bhforáiltear don díolúine ón oibleagáid íoc as soláthar seirbhísí gan iarraidh.

28      Níl an chúirt sin cinnte an féidir leis na tuismitheoirí nó na daltaí a éileamh nár iarr siad go gcuirfí oideachas ar fáil ar ábhar ar leith le linn na n-uaireanta múinteoireachta dá bhforáiltear do na hábhair éigeantacha nó roghnacha. Go sonrach, fiafraíonn sí an féidir dliteanas tomhaltóra a theorannú maidir le táillí scoile a íoc, ar an bhforas nár iarr an leanbh go gcuirfí oideachas ar fáil ar ábhar ar leith le linn líon forordaithe na n-uaireanta múinteoireachta.

29      I ndeireadh na dála, leagann an chúirt a rinne an tarchur béim ar a thábhachtaí atá sé na pointí a ardaíodh leis na trí cheist sin a shoiléiriú, ós rud é, i ndíospóidí a thagann faoi raon feidhme dhlí na dtomhaltóirí, go bhféadfaidh an chúirt náisiúnta riail dlí éigeantach a chur i bhfeidhm uaithi féin chun an tomhaltóir lena mbaineann a chosaint.

30      Is sna himthosca sin a chinn Sofiyski rayonen sad (Cúirt Dúiche Shóifia) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:

‘1.       Maidir leis an gcoincheap “tomhaltóir” de réir bhrí Airteagal 2(1) de Threoir [2011/83], an bhfuil léiriú le déanamh sa chaoi go n‑áirítear leis tuismitheoir a bhfuil conradh scoile tugtha i gcrích aige le scoil phríobháideach, arb é is ábhar dó scolaíocht éigeantach a leanaí sa scoil sin atá cláraithe mar chuideachta tráchtála?

2.       An bhfuil an coincheap “tomhaltóir” de réir bhrí Airteagal 2(1) de Threoir [2011/83] le léiriú sa chaoi go n‑áirítear leis [dalta in aois scolaíochta éigeantaí] a fhreastalaíonn ar [scolaíocht] sa scoil phríobháideach sin faoi chonradh scoile íoctha idir tuismitheoir agus scoil phríobháideach atá cláraithe mar chuideachta tráchtála?

3.       An bhfuil an coincheap “conradh seirbhíse’ de réir bhí Airteagal 2(6) de Threoir [2011/83] le léiriú sa chaoi go n‑áirítear leis conradh [oideachais] arna thabhairt i gcrích idir tuismitheoir agus scoil phríobháideach atá cláraithe mar chuideachta tráchtála chun [scolaíocht] éigeantach a sholáthar do dhaltaí faoina mbíonn an maoiniú ón tuismitheoir i bhfoirm táillí scoile?

4.       Más freagra dearfach a thabharfar ar cheann amháin nó níos mó de na trí cheist roimhe seo, an gá freagra a thabhairt ar an gceist an bhfuil Airteagal 27 de Threoir [2011/83] le léiriú sa chaoi go bhféadfar dalta nó tuismitheoir a dhíolmhú ó tháillí scoile a íoc murar iarr siad nó mura bhfuil siad sásta leis an teagasc [ar ábhar] scoile ar leith agus go bhfuil an t‑ábhar sin ina ábhar éigeantach i gcomhréir le caighdeáin oideachais an Stáit?’

 Na ceisteanna a tharchuirtear

 An chéad cheist agus an dara ceist

31      Lena céad cheist agus lena dara ceist, ar cheart iad a scrúdú le chéile, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gá Airteagal 2(1) de Threoir 2011/83 a léiriú sa chaoi go dtagann tuismitheoir a thug conradh oideachais i gcrích ina aonair le foras príobháideach oideachais atá cláraithe mar chuideachta tráchtála chun scolaíocht a chur ar a leanaí atá in aois scolaíochta éigeantaí, nó dalta, atá ag freastal ar scoil san fhoras sin faoi chonradh den sórt sin, faoin gcoincheap ‘tomhaltóir’ de réir bhrí na forála sin.

32      Mar réamhphointe, ba cheart a mheabhrú, i gcomhréir le hAirteagal 3(1) de Threoir 2011/83, go mbeidh feidhm ag an Treoir sin, faoi na coinníollacha agus a mhéid a leagtar síos ina forálacha, maidir le haon chonradh arna thabhairt i gcrích idir díoltóir nó soláthróir agus tomhaltóir, cé is moite de chonarthaí dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal sin. Ós rud é nach gcumhdaítear conarthaí oideachais arna dtabhairt i gcrích le forais oideachais phríobháideacha le mír 3, ní mór a mheas go dtagann siad, de réir a gcuspóra, faoi raon feidhme Threoir 2011/83.

33      I bhfianaise Airteagal 2(1) de Threoir 2011/83, sainmhínítear an ‘tomhaltóir’ mar aon duine nádúrtha nach bhfuil ag gníomhú, i gconarthaí a chumhdaítear leis an Treoir sin, chun críocha nach bhfuil bainteach lena thrádáil, lena ghnó, lena cheird nó lena ghairm.

34      Chun comhlíonadh na gcuspóirí arna saothrú ag reachtas an Aontais i réimse na gconarthaí le tomhaltóirí agus comhsheasmhacht dhlí an Aontais a áirithiú, ní mór an coincheap ‘tomhaltóir’ a chur san áireamh i rialacha eile de dhlí an Aontais (breithiúnas an 8 Meitheamh 2023, YYY.(An coincheap ‘tomhaltóir’), C‑570/21, EU:C:2023:456, mír 40 agus an cásdlí dá dtagraítear).

35      Go háirithe, chun Airteagal 2(1) de Threoir 2011/83 a léiriú, ní mór an léiriú a thug an Chúirt cheana féin maidir leis an gcoincheap ‘tomhaltóir’ i gcomhthéacs Threoir 93/13 a chur san áireamh.

36      Go bunúsach, anuas ar an bhfíoras go sainmhínítear an coincheap ‘tomhaltóir’ in Airteagal 2 de Threoir 2011/83, lenar leasaíodh Treoir 93/13, ar bhealach atá a bheag nó a mhór comhionann leis an sainmhíniú ar an gcoincheap in Airteagal 2 de Threoir 93/13, saothraítear an cuspóir céanna leis an gcoincheap sin. Pléitear le cearta tomhaltóirí le Treoir 2011/83, maidir le conarthaí a thugtar i gcrích le díoltóirí nó soláthróirí agus is é is aidhm di ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí a dheimhniú trína áirithiú go bhfuil tomhaltóirí ar an eolas agus slán maidir le hidirbhearta a dhéantar le díoltóirí nó soláthróirí (féach, chuige sin, breithiúnas an 8 Meitheamh 2023, YYY. (An coincheap ‘tomhaltóir’), C‑570/21, EU:C:2023:456, mír 42 agus an cásdlí dá dtagraítear).

37      I gcomhthéacs Threoir 93/13, chinn an Chúirt nach mór stádas ‘tomhaltóra’ an duine lena mbaineann a chinneadh i bhfianaise critéir fheidhmiúil, ina measfar an bhfuil an gaol conarthach lena mbaineann mar chuid de ghníomhaíocht atá lasmuigh de chleachtadh gairme. Thairis sin, bhí deis ag an gCúirt Bhreithiúnais a shoiléiriú go bhfuil an coincheap ‘tomhaltóir’ de bhun Airteagal 2(b) den Treoir sin oibiachtúil agus go bhfuil feidhm aige beag beann ar an eolas nithiúil a d’fhéadfadh a bheith ag an duine lena mbaineann nó an t‑eolas atá ag an duine sin go hiarbhír (breithiúnas an 24 Deireadh Fómhair 2024, Zabitoń, C‑347/23, EU:C:2024:919, mír 25 agus an cásdlí dá dtagraítear).

38      Mar a chinn an Chúirt Bhreithiúnais i ndáil le hAirteagal 2(b) de Threoir 93/13, ní mór a mheas go bhfuil feidhm ag an léiriú céanna maidir le Treoir 2011/83 freisin. Go bunúsach, ceanglaítear le cineál sainordaitheach na bhforálacha a leagtar amach i dTreoir 2011/83 agus leis na ceanglais shonracha maidir le cosaint tomhaltóirí a bhaineann leo go dtabharfaí tús áite do léiriú leathan ar an gcoincheap ‘tomhaltóir’, de réir bhrí Airteagal 2(1) den Treoir sin, chun éifeachtacht na Treorach sin a áirithiú (breithiúnas an 24 Deireadh Fómhair 2024, Zabitoń, C‑347/23, EU:C:2024:919, mír 28 agus an cásdlí dá dtagraítear).

39      Sa chás seo, is léir ón iarraidh ar réamhrialú, sa chéad áit, gur thug QX dhá chonradh oideachais lánaimseartha i gcrích leis an bhforas oideachais príobháideach St. Kliment Ohridski, maidir le scolaíocht a leanaí le linn na scoilbhliana 2022/2023 i gcomaoin táillí bliantúla scoile a íoc. Is léir freisin go bhfuil an foras sin – atá á mhaoiniú ag cistí príobháideacha – cláraithe mar chuideachta tráchtála.

40      Dealraíonn sé, dá bhrí sin, nár bhain tabhairt i gcrích na gconarthaí oideachais atá i gceist sna príomhimeachtaí le cleachtadh gairmiúil QX, ach nach raibh i gceist leis ach a áirithiú go raibh a leanaí cláraithe i bhforas príobháideach oideachais.

41      Ní féidir an measúnú sin a chur ó bhail toisc gur tugadh na conarthaí sin i gcrích le haghaidh tréimhse a bhfuil an scolaíocht éigeantach lena linn de bhun dhlí na Bulgáire. Ar an gcéad dul síos, níl aon cheanglas ná coinníoll a bhaineann le hábhar an chonartha sa sainmhíniú ar an gcoincheap ‘tomhaltóir’ in Airteagal 2(1) de Threoir 2011/83, ar coincheap oibiachtúil é, mar a tugadh faoi deara i mír 37 den bhreithiúnas seo, a mhéid a thagann sé faoi raon feidhme na Treorach sin. Go háirithe, ní bhaineann na cúiseanna a thug ar an duine lena mbaineann an conradh sin a thabhairt i gcrích, lena n‑áirítear na cúiseanna sin a eascraíonn as an ngá oibleagáid dhlíthiúil a chomhlíonadh, leis an gcinneadh atá le déanamh an dtagann an duine sin faoi choincheap an tomhaltóra. Ar an dara dul síos, ní éilítear conradh a thabhairt i gcrích le foras príobháideach oideachais le cineál éigeantach na scolaíochta ar bhealach ar bith. Is é sin le rá, cé go gceanglaítear ar an tuismitheoir lena mbaineann a leanbh a chlárú i bhforas oideachais, tá an tsaoirse iomlán aige rogha a dhéanamh maidir leis an leanbh sin a chur chuig foras poiblí nó chuig foras príobháideach.

42      Sa dara háit, de réir na faisnéise a chuir an chúirt a rinne an tarchur ar fáil, tugadh na conarthaí atá i gceist sna príomhimeachtaí i gcrích idir QX ina aonair agus an foras sin, rud a fhágann go bhfuil na gealltanais chonarthacha ina gceangal ar QX, seachas ar leanaí QX. Ós rud é nach bhfuil siad ina bpáirtithe sna conarthaí sin, ní féidir a mheas gur ghníomhaigh siad, de réir bhrí Airteagal 2(1) de Threoir 2011/83, agus, dá bhrí sin, nach dtagann siad faoin gcoincheap ‘tomhaltóir’, i gcomhréir leis an bhforáil sin.

43      I bhfianaise an mhéid sin roimhe seo, is é an freagra ar an gcéad cheist agus ar an dara ceist nach mór Airteagal 2(1) de Threoir 2011/83 a léiriú sa chaoi:

–        maidir le tuismitheoir a bhfuil conradh oideachais tugtha i gcrích aige ina aonair le foras príobháideach oideachais atá cláraithe mar chuideachta tráchtála chun scolaíocht a chur ar a leanaí atá in aois scolaíochta éigeantaí, tagann sé faoin gcoincheap ‘tomhaltóir’ de réir bhrí na forála sin, agus

–        ní thagann dalta atá cláraithe sa scoil sin i gcomhthéacs conartha den sórt sin faoin gcoincheap sin.

 An tríú ceist

44      Lena tríú ceist, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gcaithfear Airteagal 2(6) de Threoir 2011/83 a léiriú sa chaoi go dtagann conradh oideachais chun scolaíocht a chur ar leanaí atá in aois scolaíochta éigeantaí, arna thabhairt i gcrích idir tuismitheoir agus foras príobháideach oideachais atá cláraithe mar chuideachta tráchtála, i gcomaoin táillí scoile a bheith á n-íoc ag an tuismitheoir sin, de réir bhrí na forála sin.

45      I ndáil leis sin, is fiú a thabhairt chun cuimhne gurb é an sainmhíniú leathan ar an gcoincheap ‘conradh seirbhíse’, dá dtagraítear in Airteagal 2(6) ‘aon chonradh seachas conradh díolacháin faoina soláthraíonn an díoltóir nó an soláthróir seirbhís, nó faoina ngeallann sé seirbhís a sholáthar dó agus ina n‑íocann an tomhaltóir praghas na seirbhíse sin nó faoina ngeallann sé praghas na seirbhíse sin a íoc’. Eascraíonn sé as foclaíocht na forála sin nach mór a thuiscint go n‑áirítear gach conradh nach dtagann faoin gcoincheap ‘conradh díolacháin’ leis an gcoincheap sin (breithiúnas an 21 Nollaig 2023, BMW Bank agus páirtithe eile, C‑38/21, C‑47/21 agus C‑232/21, EU:C:2023:1014, mír 154 agus an cásdlí dá dtagraítear).

46      Ní bhaineann conarthaí oideachais amhail na conarthaí sin atá i gceist sna príomhimeachtaí – trína ngabhann foras príobháideach oideachais air féin seirbhísí oideachais a sholáthar do leanaí tuismitheora, i gcomhréir le caighdeáin náisiúnta oideachais, mar aon le seirbhísí breise, i gcomaoin táillí bliantúla scoile a bheith á n‑íoc ag an tuismitheoir sin – le haistriú úinéireacht na n‑earraí, de réir bhrí Airteagal 2(5) de Threoir 2011/83. Dá bhrí sin, tagann na conarthaí sin, bíodh is go bhfuil siad faoi réir na bhfíoruithe atá le déanamh ag an gcúirt a rinne an tarchur, faoin gcoincheap ‘conradh seirbhíse’ de réir bhrí Airteagal 2(6) den Treoir sin.

47      I bhfianaise na mbreithnithe roimhe seo, is é an freagra ar an tríú ceist ná nach mór Airteagal 2(6) de Threoir 2011/83 a léiriú ar chaoi go dtagann conradh oideachais chun scolaíocht a chur ar leanaí atá in aois scolaíochta éigeantaí, arna thabhairt i gcrích idir tuismitheoir agus foras príobháideach oideachais atá cláraithe mar chuideachta tráchtála, i gcomaoin táillí bliantúla scoile a bheith á n‑íoc ag an tuismitheoir sin, faoin gcoincheap ‘conradh seirbhíse’ de réir bhrí na forála sin.

 An ceathrú ceist

48      Lena ceathrú ceist, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gcaithfear Airteagal 27 de Threoir 2011/83 a léiriú sa chaoi – i gcomhthéacs conradh oideachais arna thabhairt i gcrích idir tuismitheoir agus foras príobháideach oideachais, go bhféadfar an tuismitheoir sin a dhíolmhú ón oibleagáid na táillí scoile a shonraítear sa chonradh sin a íoc ar an bhforas nár iarr sé féin ná an leanbh go gcuirfí oideachas ar fáil ar ábhar ar leith, i gcás ina bhfuil an t‑oideachas sin éigeantach, i gcomhréir le caighdeáin oideachais náisiúnta, nó nach bhfuil an tuismitheoir sin nó a leanbh sásta le caighdeán na seirbhísí oideachais arna soláthar faoin gconradh sin.

49      Ba cheart a thabhairt faoi deara, i gcomhréir le hAirteagal 27 de Threoir 2011/83, go bhfuil tomhaltóir díolmhaithe ón oibleagáid aon chomaoin a íoc i gcás soláthar earraí, uisce, gáis, leictreachais, téimh ceantair nó ábhair dhigitigh gan iarraidh, nó soláthar seirbhísí gan iarraidh, de shárú ar Airteagal 5(5) agus pointe 29 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2005/29, agus nach ionann easpa freagra ón tomhaltóir sin i gcás den sórt sin agus toiliú.

50      Sainmhínítear díol éigeantach in aithris 60 de Threoir 2011/83 mar ‘earraí nó seirbhísí a sholáthar don tomhaltóir gan iarraidh’. I ndáil leis sin, chinn an Chúirt gurb ionann ‘soláthar gan iarraidh’, de réir bhrí phointe 29 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2005/29, dá dtagraítear in Airteagal 27 de Threoir 2011/83, go háirithe, agus iompraíocht arb é atá inti, ar thaobh an díoltóra nó an tsoláthróra, a cheangal ar an tomhaltóir lena mbaineann íoc as táirge nó as seirbhís a soláthraíodh don tomhaltóir sin gan é nó í sin a bheith iarrtha aige (breithiúnas an 5 Nollaig 2019, EVN Bulgaria Toplofikatsia agus Toplofikatsia Sofia, C‑708/17 agus C‑725/17, EU:C:2019:1049, mír 64 agus an cásdlí dá dtagraítear).

51      Dá bhrí sin, tá sé d’aidhm ag Airteagal 27 de Threoir 2011/83 cosc a chur ar dhíoltóir nó ar sholáthróir caidreamh conarthach a fhorchur ar an tomhaltóir lena mbaineann nár thoiligh sé dó dá dheoin féin (breithiúnas an 5 Nollaig 2019, EVN Bulgaria Toplofikatsia agus Toplofikatsia Sofia, C‑708/17 agus C‑725/17, EU:C:2019:1049, mír 65).

52      Sa chás seo, is léir ón bhfaisnéis a chuir an chúirt a rinne an tarchur ar fáil go mbaineann na conarthaí atá i gceist sna príomhimeachtaí le hoideachas lánaimseartha a chuirtear ar fáil do leanaí QX i gcomaoin táillí bliantúla scoile a bheith á n‑íoc ag QX. Cuirtear an scolaíocht seo ar fáil de réir na gcaighdeán náisiúnta oideachais atá leagtha síos ag rialacháin an Aire Oideachais agus Eolaíochta.

53      Dá bhrí sin, is cosúil, faoi réir na bhfíoruithe a bheidh le déanamh ag an gcúirt a rinne an tarchur, de réir na gcaighdeán náisiúnta sin, i gcomhthéacs conarthaí oideachais arna dtabhairt i gcrích idir tuismitheoir agus foras príobháideach oideachais, go nglacann an tuismitheoir sin le seirbhís fhoriomlán aonair dá dheoin féin, gan an deis a bheith aige na hábhair a mhúintear a roghnú ná líon na n-uireanta múinteoireachta a choigeartú. Ní léir ón gcomhad atá os comhair na Cúirte go raibh íocaíocht bhreise ag teastáil le haghaidh seirbhísí gan iarraidh. Dá bhrí sin, ní féidir aon cheist a bheith ann maidir le seirbhís a chuirtear ar fáil gan an tuismitheoir sin a iarraidh.

54      Sna himthosca sin, ní féidir soláthar scolaíochta éigeantaí, i gcomhréir le caighdeáin náisiúnta oideachais, a mheas mar ‘sholáthar gan iarraidh’ seirbhísí de réir bhrí Airteagal 27 de Threoir 2011/83.

55      Maidir le cás ina bhfuil an tuismitheoir nó a leanbh míshásta le caighdeán na seirbhísí oideachais a sholáthraítear i gcomhthéacs na gconarthaí sin, ba cheart a mheabhrú, mar is léir ó Airteagal 3(5) de Threoir 2011/83, nach bhfuil aon éifeacht aici ar fhorálacha ginearálta dhlí na gconarthaí a leagtar síos ar an leibhéal náisiúnta, go háirithe na rialacha maidir le bailíocht, foirmiú agus éifeachtaí conarthaí, a mhéid nach rialaítear gnéithe ginearálta dhlí na gconarthaí leis an Treoir sin. Dá réir sin, ní mór measúnú a dhéanamh ar an riocht sin i gcomhréir le dlí náisiúnta na gconarthaí.

56      I bhfianaise na mbreithnithe sin roimhe seo, is é an freagra ar an gceathrú ceist ná nach mór Airteagal 27 de Threoir 2011/83 a léiriú sa chaoi, i gcomhthéacs conradh oideachais arna thabhairt i gcrích idir tuismitheoir agus foras príobháideach oideachais:

–        ní fhéadfar an oibleagáid na táillí scoile a shonraítear sa chonradh sin a íoc a bhaint den tuismitheoir sin ar an bhforas nár iarr sé féin ná an leanbh go gcuirfí oideachas ar fáil ar ábhar ar leith, i gcás ina bhfuil an t oideachas sin éigeantach, i gcomhréir le caighdeáin oideachais náisiúnta;

–        níl feidhm ag an airteagal sin maidir le cás nach bhfuil an tuismitheoir sin nó a leanbh sásta le caighdeán na seirbhísí oideachais a sholáthraítear faoin gconradh sin, agus go mbaineann an cheist sin leis an dlí náisiúnta a bhaineann le conarthaí.

 Costais

57      Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte a rinne an tarchur, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Naoú Dlísheomra) mar seo a leanas:

1.      Maidir le hAirteagal 2(1) de Threoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena naisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

–        maidir le tuismitheoir a bhfuil conradh oideachais tugtha i gcrích aige ina aonair le foras príobháideach oideachais atá cláraithe mar chuideachta tráchtála chun scolaíocht a chur ar a leanaí atá in aois scolaíochta éigeantaí, tagann sé faoin gcoincheap ‘tomhaltóir’ de réir bhrí na forála sin, agus

–        ní thagann dalta atá cláraithe sa scoil sin i gcomhthéacs conartha den sórt sin faoin gcoincheap sin.

2.      Maidir le hAirteagal 2(6) de Threoir 2011/83,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

tagann conradh oideachais chun scolaíocht a chur ar leanaí atá in aois scolaíochta éigeantaí, arna thabhairt i gcrích idir tuismitheoir agus foras príobháideach oideachais atá cláraithe mar chuideachta tráchtála, i gcomaoin táillí bliantúla scoile a bheith á n íoc ag an tuismitheoir sin, faoin gcoincheap ‘conradh seirbhíse’ de réir bhrí na forála sin.

3.      Maidir le hAirteagal 27 de Threoir 2011/83,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

i gcomhthéacs conartha arna thabhairt i gcrích idir tuismitheoir agus foras príobháideach oideachais,

–        ní fhéadfar an oibleagáid na táillí scoile a shonraítear sa chonradh sin a íoc a bhaint den tuismitheoir sin ar an bhforas nár iarr sé féin ná an leanbh go gcuirfí oideachas ar fáil ar ábhar ar leith, i gcás ina bhfuil an t oideachas sin éigeantach, i gcomhréir le caighdeáin oideachais náisiúnta;

–        níl feidhm ag an airteagal sin maidir le cás nach bhfuil an tuismitheoir sin nó a leanbh sásta le caighdeán na seirbhísí oideachais a sholáthraítear faoin gconradh sin, agus go mbaineann an cheist sin leis an dlí náisiúnta a bhaineann le conarthaí.

Sínithe


*      Teanga an cháis: an Bhulgáiris.