BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Tríú Dlísheomra)
12 Feabhra 2026 ( *1 )
(Tarchur chun réamhrialú – Aeriompar – Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 – Aerspás Eorpach aonair – Rialachán (CE) Uimh. 550/2004 – Soláthar seirbhísí aerloingseoireachta san aerspás Eorpach aonair – Airteagal 8 – Soláthraithe seirbhísí aerthráchta – Airteagail 14 agus 15 – Muirir is iníoctha ag úsáideoirí aerspáis – Cliseadh freastalaí teileachumarsáide aerloingseoireachta – Eitiltí a chur ar ceal – Mainneachtain éagórach arna líomhain ar thaobh an tsoláthraí lena mbaineann – Úsáideoirí aerspáis – Cosaint na n‑úsáideoirí sin ar an damáiste eacnamaíoch arna dhéanamh mar gheall ar mhainneachtain den sórt sin)
I gCás C‑408/24,
IARRAIDH ar réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE, ón Oberster Gerichtshof (an Chúirt Uachtarach, an Ostair), trí bhreith an 27 Bealtaine 2024, a fuarthas ag an gCúirt an 12 Meitheamh 2024, sna himeachtaí
Republik Österreich
v
Austrian Airlines AG,
tugann AN CHÚIRT (an Tríú Dlísheomra),
agus í comhdhéanta mar seo a leanas: C. Lycourgos, Uachtarán Dlísheomra, O. Spineanu-Matei, S. Rodin, N. Piçarra (Rapóirtéir) agus N. Fenger, Breithiúna,
Abhcóide Ginearálta: J. Kokott,
Cláraitheoir: G. Chiapponi, Riarthóir,
ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn agus tar éis éisteacht an 21 Bealtaine 2025,
tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:
|
– |
Poblacht na hOstaire, ag C. Nemeth agus S. Ullreich, i gcáil Gníomhairí, |
|
– |
Austrian Airlines AG, ag J. Eichmeyer, Rechtsanwältin, |
|
– |
Rialtas na hOstaire, ag A. Posch, J. Schmoll agus G. Kunnert, i gcáil Gníomhairí, |
|
– |
Rialtas na Beilge, ag S. Baeyens agus P. Cottin, i gcáil Gníomhairí, |
|
– |
Rialtas na Fraince, ag B. Herbaut agus B. Travard, i gcáil Gníomhairí, |
|
– |
an Coimisiún Eorpach, ag R. Álvarez Vinagre agus G. Meessen, i gcáil Gníomhairí, |
tar éis éisteacht le Tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 4 Meán Fómhair 2025,
an Breithiúnas seo a leanas:
Breithiúnas
|
1 |
Baineann an iarraidh ar réamhrialú le léiriú ar Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 550/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 maidir le soláthar seirbhísí aerloingseoireachta san aerspás Eorpach aonair (an Rialachán maidir le soláthar seirbhisí) (IO 2004 L 96, lch. 10), arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 1070/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 (IO 2009 L 300, lch. 34) (‘Rialachán Uimh. 550/2004’), agus ar Airteagal 2(4) de Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 lena leagtar síos an creat chun an t‑aerspás Eorpach aonair a chruthú (‘an creat‑Rialachán’) (IO 2004 L 96, lch. 1), arna leasú le Rialachán Uimh. 1070/2009 (‘Rialachán Uimh. 549/2004’). |
|
2 |
Rinneadh an iarraidh seo in imeachtaí idir Republik Österreich (Poblacht na hOstaire), arna ionadú ag Finanzprokuratur, agus Austrian Airlines AG maidir le cúiteamh as an damáiste eacnamaíoch a d’fhulaing an aerlíne sin mar thoradh ar eitiltí a cuireadh ar ceal mar gheall ar chliseadh freastalaí teileachumarsáide aerloingseoireachta arna bhainistiú ag Austro Control. |
An dlí lena mbaineann
Dlí an Aontais Eorpaigh
Rialachán Uimh. 549/2004
|
3 |
Foráiltear le haithris 7 de Rialachán Uimh. 549/2004 mar a leanas: ‘Is acmhainn theoranta é an t‑aerspás, nach féidir úsáid optamach agus éifeachtúil a bhaint as ach amháin má chuirtear riachtanais na n‑úsáideoirí uile san áireamh agus, nuair is gá, má léirítear iad le linn an phróisis chun an t‑aerspás Eorpach aonair a bhunú agus le linn na cinnteoireachta agus an chur chun feidhme, lena n‑áirítear an Coiste um Aerspás Aonair.’ |
[Aistriúchán neamhoifigiúil]
|
4 |
Foráiltear le hAirteagal 1(1) den Rialachán sin, dar teideal ‘Cuspóir agus raon feidhme’ mar a leanas: ‘Is é is cuspóir do thionscnamh ‘an aerspáis Eorpaigh aonair’ ná caighdeáin sábháilteachta reatha aerthráchta a fheabhsú, rannchuidiú a dhéanamh maidir le forbairt inbhuanaithe an chórais aeriompair a neartú agus feidhmíocht fhoriomlán na bainistíochta aerthráchta agus na seirbhísí aerloingseoireachta ó thaobh gnáth-aerthráchta de san Eoraip a fheabhsú, d’fhonn freastal ar riachtanais úsáideoirí uile an aerspáis. Cuimseoidh an t‑aerspás Eorpach aonair seo líonra comhleanúnach uile-Eorpach bealaí, córais bhainistíochta líonra agus bhainistíochta aerthráchta atá bunaithe ar nithe a bhaineann le sábháilteacht, éifeachtúlacht agus cúrsaí teicniúla, agus ar na nithe sin amháin, ar mhaithe leis na húsáideoirí aerspáis uile. D’fhonn an cuspóir seo a bhaint amach, bunaítear creat comhchuibhithe rialála leis an Rialachán seo chun an t‑aerspás Eorpach aonair a chruthú.’ |
[Aistriúchán neamhoifigiúil]
|
5 |
Tá na sainmhínithe seo a leanas, inter alia, in Airteagal 2 den Rialachán sin:
[...]
[...]
[...]
[...]
[...]’ |
[Aistriúchán neamhoifigiúil]
|
6 |
Foráiltear le hAirteagal 3(1) den Rialachán sin, dar teideal ‘Réimsí idirghabhála an Chomhphobail’, mar a leanas: ‘Bunaítear leis an Rialachán seo creat rialála comhchuibhithe chun an t‑aerspás Eorpach aonair a chruthú i ndáil leis an méid seo a leanas: [...] (b) [Rialachán Uimh. 550/2004]; [...] [...] agus na bearta cur chun feidhme arna nglacadh ag an gCoimisiún [Eorpach] ar bhonn an Rialacháin seo agus na Rialachán thuasluaite.’ |
[Aistriúchán neamhoifigiúil]
Rialachán Uimh. 550/2004
|
7 |
Foráiltear le haithrisí 4 agus 10 de Rialachán Uimh. 550/2004 mar a leanas:
[...]
|
[Aistriúchán neamhoifigiúil]
|
8 |
Foráiltear le hAirteagal 1(1) de Rialachán Uimh. 550/2004, dar teideal ‘Raon feidhme agus cuspóir’, mar a leanas: ‘Laistigh de raon feidhme [Rialachán Uimh. 549/2004], baineann an Rialachán seo le soláthar seirbhísí aerloingseoireachta san aerspás Eorpach aonair. Is é is cuspóir don Rialachán seo ceanglais chomhchoiteanna a bhunú chun soláthar seirbhísí aerloingseoireachta atá sábháilte agus éifeachtúil a áirithiú sa Chomhphobal.’ |
[Aistriúchán neamhoifigiúil]
|
9 |
Is mar seo a leanas atá an fhoclaíocht in Airteagal 6 de Rialachán Uimh. 550/2004, dar teideal ‘Ceanglais choiteanna’, lena n‑osclaítear Caibidil II den Rialachán sin lena leagtar síos rialacha maidir le soláthar na seirbhísí sin: ‘Déanfar ceanglais choiteanna maidir le soláthar seirbhísí aerloingseoireachta a shainmhíniú i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 5(3) de [Rialachán Uimh. 549/2004]. Áirítear leis na ceanglais choiteanna an méid seo a leanas ar a laghad:
|
– [Aistriúchán neamhoifigiúil]
|
10 |
Foráiltear le hAirteagal 7 de Rialachán Uimh. 550/2004, dar teideal ‘Deimhniú na soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta’, mar a leanas: ‘1. Beidh soláthar na seirbhísí aerloingseoireachta uile sa Chomhphobal faoi réir deimhniú ag na Ballstáit. [...] 3. Eiseoidh na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta deimhnithe do sholáthraithe seirbhísí aerloingseoireachta i gcás ina gcomhlíontar na ceanglais choiteanna dá dtagraítear in Airteagal 6. [...] [...] 7. Déanfaidh na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta athbhreithniú ar chomhlíonadh na gceanglas coiteann agus na gcoinníollacha a ghabhann leis na deimhnithe. Cuirfear mionsonraí faoin athbhreithniú sin sna tuarascálacha bliantúla atá le tíolacadh ag na Ballstáit de bhun Airteagal 12(1) de [Rialachán Uimh. 549/2004]. Más deimhin le údarás maoirseachta náisiúnta nach gcomhlíonann sealbhóir deimhnithe na ceanglais nó na coinníollacha sin a thuilleadh, déanfaidh sé na bearta iomchuí agus leanúnachas seirbhísí á áirithiú ag an am céanna ar choinníoll nach ndéantar aon dochar don tsábháilteacht. D’fhéadfadh cúlghairm an deimhnithe a bheith san áireamh i mbearta den sórt sin.’ |
[Aistriúchán neamhoifigiúil]
|
11 |
Foráiltear le hAirteagal 8 de Rialachán Uimh. 550/2004, dar teideal ‘Soláthraithe seirbhísí aerthráchta a ainmniú’, mar a leanas: ‘1. Áiritheoidh na Ballstáit soláthar seirbhísí aerthráchta ar bhonn eisiach laistigh de bhloic shonracha aerspáis i ndáil leis an aerspás atá faoina bhfreagracht. Chuige sin, ainmneoidh na Ballstáit soláthraí seirbhísí aerthráchta a shealbhaíonn deimhniú atá bailí sa Chomhphobal. [...] 3. Déanfaidh na Ballstáit na cearta agus na hoibleagáidí a bheidh le hurramú ag na soláthraithe seirbhísí aerthráchta ainmnithe a shainmhíniú. [...] 4. Beidh cumhachtaí lánroghnacha ag na Ballstáit maidir le soláthraí seirbhísí aerthráchta a roghnú, ar choinníoll go gcomhlíonann an soláthraí sin na ceanglais agus na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 6 agus in Airteagal 7. [...]’ |
[Aistriúchán neamhoifigiúil]
|
12 |
Foráiltear le hAirteagal 14 den Rialachán sin, dar teideal ‘Ginearálta’, atá i gCaibidil III de, dar teideal ‘Muirir’, mar a leanas: ‘I gcomhréir le ceanglais Airteagal 15 agus Airteagal 16, fágfar, i ngeall ar an scéim muirearaithe le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta, go mbeidh níos mó trédhearcachta ann agus muirir á socrú, á bhforchur agus á bhforfheidhmiú maidir le húsáideoirí aerspáis, agus fágfar go neartófar éifeachtúlacht eacnamaíoch soláthair seirbhísí aerloingseoireachta agus éifeachtúlacht eitiltí, ach ag an am céanna coimeádfar an leibhéal sábháilteachta is fearr is féidir. [...]’ |
[Aistriúchán neamhoifigiúil]
|
13 |
Foráiltear le hAirteagal 15 den Rialachán sin, dar teideal ‘Prionsabail’, mar a leanas: ‘1. Beidh an scéim muirearaithe bunaithe ar na costais ar sheirbhísí aerloingseoireachta arna dtabhú ag soláthraithe seirbhísí chun tairbhe d’úsáideoirí aerspáis a chur san áireamh. Déanfar na costais sin a leithdháileadh tríd an scéim i measc catagóirí úsáideoirí. [...] 3. Comhlíonfaidh na Ballstáit na prionsabail seo a leanas agus muirir á socrú i gcomhréir le mír 2: [...]
|
[Aistriúchán neamhoifigiúil]
Rialachán Cur Chun Feidhme Uimh. 1035/2011
|
14 |
I Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1035/2011 ón gCoimisiún an 17 Deireadh Fómhair 2011 lena leagtar síos ceanglais chomhchoiteanna maidir le seirbhísí aerloingseoireachta a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 482/2008 agus Rialachán (AE) Uimh. 691/2010 (IO 2011 L 271, lch. 23), arna leasú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 448/2014 ón gCoimisiún an 2 Bealtaine 2014 (IO 2014 L 132, lch. 53) (‘Rialachán Cur Chun Feidhme Uimh. 1035/2011’), áirítear Iarscríbhinn I, dar teideal ‘Ceanglais ghinearálta maidir le seirbhísí aerloingseoireachta a sholáthar’, ina bhfuil an fhoclaíocht seo a leanas:
[...] 3. BAINISTIOCHT SÁBHÁILTEACHTA AGUS CÁILIOCHTA [...] 3.2. Córas bainistíochta cáilíochta Beidh córas bainistíochta cáilíochta bunaithe ag soláthraí seirbhísí aerloingseoireachta le haghaidh na seirbhísí aerloingseoireachta uile a sholáthraíonn sé, i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach thíos. Maidir leis an gcóras bainistíochta cáilíochta:
[...] 7. DLITEANAS AGUS CUMHDACH ÁRACHAIS Beidh socruithe i bhfeidhm ag an soláthraí seirbhísí aerloingseoireachta chun na rioscaí maidir le dliteanas sibhialta a eascraíonn as na dlíthe is infheidhme a chumhdach. [...]’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
Dlí na hOstaire
An Dlí maidir le heitlíocht
|
15 |
Foráiltear le hAirteagal 120 de Bundesgesetz über die Luftfahrt (an Dlí Cónaidhme maidir le heitlíocht) an 2 Nollaig 1957 (BGBl. 253/1957), sa leagan is infheidhme maidir leis na fíorais sna príomhimeachtaí (‘an Dlí maidir le heitlíocht’) mar a leanas: ‘(1) Mura bhforáiltear a mhalairt i gcoinbhinsiúin idirnáisiúnta, i gcaighdeáin atá bunaithe ar choinbhinsiúin idirnáisiúnta, i reachtaíocht an Aontais nó sa Dlí seo, beidh feidhmiú fheidhmeanna aerloingseoireachta, mar chúram údaráis phoiblí de chuid an Stáit Chónaidhme, faoi Austro Control. Tá an chuideachta sin ainmnithe chun na seirbhísí aerthráchta dá dtagraítear in Airteagal 119(2)(1)(a) [den Dlí seo] agus na seirbhísí meitéareolaíocha le haghaidh aerloingseoireachta dá dtagraítear in Airteagal 119(2)(1)(c) [den Dlí sin] a áirithiú ar bhonn eisiach, de réir bhrí Airteagail 8 agus 9 de Rialachán [Uimh. 550/2004]. [...] (5) Déanfaidh soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta na saoráidí aerloingseoireachta sin a chur ar fáil, a chothabháil i staid feidhmiú atá sábháilte agus a oibriú go dleathach, ar saoráidí iad, ar thaobh amháin, a bhfuil gá leo chun na cúraimí aerloingseoireachta a chuirtear de chúram orthu a dhéanamh go cuí agus go sábháilte agus, ar an taobh eile, a chomhlíonann caighdeáin idirnáisiúnta. [...]’ |
An Dlí maidir le Austro Control
|
16 |
Is mar seo a leanas atá an fhoclaíocht in Airteagal 2 de Bundesgesetz über die Austro Control Gesellschaft mit beschränkter Haftung (an Dlí Cónaidhme maidir leis an gcuideachta faoi dhliteanas teoranta Austro Control) (BGBl., 898/1993), sa leagan is infheidhme maidir leis na fíorais sna príomhimeachtaí (‘an Dlí maidir le Austro Control’) mar a leanas: ‘(1) Déanfaidh Austro Control na cúraimí go léir a cuireadh de chúram ar Bundesamt für Zivilluftfahrt [an Oifig Cónaidhme um Eitlíocht Shibhialta, an Ostair] roimhe seo faoin Dlí maidir le heitlíocht, na foraitheanta arna nglacadh ar bhonn an Dlí sin agus an Flugsicherungsstreckengebührengesetz [an Dlí maidir le muirir faoi bhealach chun seirbhísí aerloingseoireachta a sholáthar) (BGBl., 137/1986)], cé is moite de chúraimí arna sannadh le foraithne i gcomhréir le hAirteagal 140b den [Dlí maidir le heitlíocht]. Déanfaidh Austro Control na cúraimí a chuirtear de chúram air le dlíthe cónaidhme nó le foraitheanta arna nglacadh ar bhonn na ndlíthe cónaidhme sin freisin. Tá na cúraimí sin faoi réir oibleagáid oibrithe. Déanfaidh Austro Control gach beart coisctheach de chineál eagraíochtúil a chuirfidh ar a chumas na cúraimí sin a dhéanamh faoi rialú na n‑údarás poiblí. [...]’ |
|
17 |
Foráiltear le hAirteagal 10(1) den Dlí maidir le Austro Control, dar teideal ‘Dliteanas’, mar a leanas: ‘Beidh an Stát Cónaidhme faoi dhliteanas, i gcomhréir le forálacha an Amtshaftungsgesetz [(an Dlí maidir le Dliteanas údarás poiblí) (BGBl., 20/1949)], i leith damáiste arna dhéanamh d’aon duine ag fostaithe Austro Control, i bhfeidhmiú na ndlíthe, agus na cúraimí a chuirtear orthu faoi Airteagal 2(1) agus (3) den Dlí Cónaidhme seo á gcur i gcrích. Níl an fostaí faoi dhliteanas i ndáil leis an duine díobhálaithe. [...]’ |
An Dlí maidir le dliteanas údarás poiblí
|
18 |
Foráiltear le hAirteagal 1(1) den Dlí maidir le dliteanas údarás poiblí, sa leagan is infheidhme maidir leis na fíoras sna príomhimeachtaí (‘an Dlí maidir le dliteanas údarás poiblí’) mar a leanas: ‘Beidh an Stát Cónaidhme, na Länder, na bardais, na daoine dlítheanacha eile faoi rialú an dlí poiblí agus eagraíochtaí slándála sóisialta [...] i gcomhréir le forálacha an dlí shibhialta, faoi dhliteanas i leith damáiste airgid nó coirp a dhéantar d’aon duine mar thoradh ar iompar neamhdhleathach agus éagórach daoine a ghníomhaíonn, mar orgáin de chuid an Stáit Chónaidhme, chun dlíthe a chur chun fheidhme; ní bheidh an t‑orgán faoi dhliteanas i ndáil leis an duine díobhálaithe. Ní mór go mbeidh cúiteamh airgid amháin i leith an damáiste.’ |
An díospóid sna príomhimeachtaí agus an cheist a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú
|
19 |
Is cuideachta faoi dhliteanas teoranta é Austro Control arb é Poblacht na hOstaire an t‑aon scairshealbhóir atá aige. I gcomhlíonadh a chúraimí reachtúla, bainistíonn Austro Control an freastalaí líonra teileachumarsáide seasta aerloingseoireachta (‘an freastalaí AFTN’), a dhéanann faisnéis theicniúil, a bhaineann go háirithe le haerthrácht, a tharchur idir na haerlínte, Austro Control féin agus Eurocontrol, an eagraíocht chomhordaithe Eorpach atá lonnaithe sa Bhruiséil (an Bheilg). |
|
20 |
Úsáideann Austrian Airlines, aerlíne atá lonnaithe in aerfort Vín‑Schwechat (an Ostair), na seirbhísí aerthráchta a sholáthraíonn Austro Control le haghaidh a chuid eitiltí chuig an aerfort sin agus uaidh, ar íocaíocht na muirear a leagtar síos i leith na seirbhísí sin. |
|
21 |
An 28 Lúnasa 2016, mar thoradh ar chliseadh teicniúil fhreastalaí AFTN, tháinig laghdú suntasach ar rátaí tuirlingthe agus éirí de thalamh ag an aerfort sin. Maíonn Austrian Airlines gur chuir an cliseadh sin iallach air 60 eitilt a chur ar ceal, rud ba chúis le damáiste de mhéid EUR 373 140.46, lena n‑áirítear aisíocaíocht ticéad, athródúithe ar eitiltí aerlínte tríú páirtí, caillteanais a bhaineann le heitiltí códroinnte, costais lónadóireachta, lóistín agus iompair paisinéirí, bagáiste a thabhairt ar ais agus luach saothair as ragobair a rinne an fhoireann. |
|
22 |
Agus é den tuairim go raibh Austro Control freagrach as cliseadh fhreastalaí AFTN, as mainneachtain na bearta teicniúla agus daonna is gá a chur i bhfeidhm, mar bheart coisctheach, d’fhonn feidhmiú cuí an fhreastalaí sin, thug Austrian Airlines caingean le haghaidh damáistí i gcoinne Phoblacht na hOstaire ar bhonn Airteagal 10(1) den Dlí maidir le Austro Control agus Airteagal 1(1) den Dlí maidir le dliteanas údarás poiblí. |
|
23 |
Chuir Poblacht na hOstaire, arna hionadú ag Finanzprokuratur, i gcoinne aon iompair éagóraigh nó neamhdhleathaigh ó thaobh Austro Control de agus freastalaí AFTN á fheidhmiú aige. D’áitigh sí freisin go bhfóntar do leas ginearálta na sábháilteachta aeriompair leis na forálacha ábhartha den dlí náisiúnta agus de dhlí an Aontais a bhaineann le haerloingseoireacht go heisiach seachas do leasanna airgeadais na n‑úsáideoirí aerspáis, rud a dheimhnítear le heaspa forálacha lena leagtar síos córas dliteanais sa réimse sin. |
|
24 |
Dhíbh an chúirt chéadchéime an chaingean le haghaidh damáistí arna tabhairt ag Austrian Airlines ar an bhforas gurb é an t‑aon chuspóir atá leis na forálacha náisiúnta agus forálacha an Aontais maidir le haerloingseoireacht ná aerthrácht a rialáil seachas sócmhainní aeriompróirí a chosaint. Sna himthosca sin, mheas an chúirt sin nach raibh sé riachtanach scrúdú a dhéanamh ar ghníomhaigh foireann Austro Control go neamhdhleathach agus go héagórach. |
|
25 |
Os a choinne sin, tháinig an chúirt achomhairc, ar thug Austrian Airlines achomharc os a comhair, ar an gconclúid, cé go bhfuil forálacha dhlí an Aontais a bhaineann le haerloingseoireacht beartaithe go príomha chun aershábháilteacht a áirithiú, go gcosnaítear leasanna eacnamaíocha aeriompróirí mar úsáideoirí aerspáis leo freisin, go háirithe ós rud é go n‑íocann siad muirir as seirbhísí aerloingseoireachta a sholáthraíonn soláthraithe amhail Austro Control dóibh. |
|
26 |
Sonraíonn Oberster Gerichtshof (an Chúirt Uachtarach, an Ostair), arb í an chúirt a rinne an tarchur í, agus caingean arna tabhairt ag Poblacht na hOstaire, arna hionadú ag Finanzprokuratur, i gcoinne an chinnidh achomhairc á éisteacht aici, de réir a cásdlí maidir le hAirteagal 1(1) den Dlí maidir le dliteanas údarás poiblí, fiú i gcás sárú éagórach ar fhoráil den dlí náisiúnta, nach bhféadfar ach damáiste arb ionann a chosc agus ceann amháin ar a laghad de chuspóirí na forála a sáraíodh a bheith faoi réir cúitimh. Cuireann an chúirt sin in iúl gurb é an critéar cinntitheach chun dliteanas an údarás poiblí a shuíomh ná an cuspóir chun an fhoráil a sáraíodh a chosaint, arna chinneadh trí léiriú. |
|
27 |
Glacann an chúirt sin leis, i bprionsabal, go saothraítear le foráil den dlí náisiúnta cuspóir chun leasanna aonair a chosaint i gcás ina bhfuil caidreamh dlíthiúil ar leith idir an comhlacht a sháraigh foráil den sórt sin agus an duine aonair a ndearnadh díobháil dó. Os a choinne sin, féachann sí leis an gceist maidir le cuspóir den sórt sin a bheith ann a chur as an áireamh i gcás ina mbaineann comhlíonadh cúraimí seirbhíse poiblí ag an gcomhlacht sin le líon chomh mór agus chomh neamhchinntithe sin daoine nach mór caitheamh leo ar an mbealach céanna leis an bpobal i gcoitinne, rud a fhágann nach féidir údarás poiblí a chur faoi dhliteanas fiú i gcás iompar neamhdhleathach agus éagórach. |
|
28 |
Tugann an chúirt a rinne an tarchur faoi deara go mbaineann an t‑easaontas idir na páirtithe sna príomhimeachtaí leis an gceist an gcosnaítear le forálacha dhlí an Aontais a bhaineann le haerloingseoireacht, arb é is príomhchuspóir dóibh sábháilteacht aeir a áirithiú, úsáideoirí aerspáis freisin ar dhamáiste airgeadais arna dhéanamh mar gheall ar mhainneachtain neamhdhleathach agus éagórach an tsoláthraí seirbhísí aerthráchta, arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 8 de Rialachán Uimh. 550/2004, eadhon, sa chás seo, Austro Control. Dar léi, tá an cuspóir atá á shaothrú leis an Rialachán sin cinntitheach agus ní mór é a chinneadh go neamhspleách i bhfianaise dhlí an Aontais agus a mhodhanna léirithe. |
|
29 |
De réir na cúirte sin, is léir ó bhreithiúnas an 2 Meitheamh 2022, Skeyes (C‑353/20, EU:C:2022:423), go dtugtar cearta d’úsáideoirí aerspáis a bhféadfadh dúnadh an aerspáis sin difear a dhéanamh dóibh le forálacha Airteagal 8 de Rialachán Uimh. 550/2004, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 2(4) de Rialachán Uimh. 549/2004, lena ndéantar seirbhísí aerloingseoireachta a shainmhíniú, agus nach bhfuil cuspóir fhorálacha dhlí an Aontais a bhaineann le haerloingseoireacht teoranta do shábháilteacht aeir sa chiall is beaichte. |
|
30 |
Fiafraíonn an chúirt sin an dtagann leasanna airgeadais na n‑úsáideoirí sin faoi chuspóir na cosanta a shaothraítear leis na forálacha sin, rud a d’fhágfadh go bhféadfadh Poblacht na hOstaire a bheith faoi dhliteanas i leith damáiste airgeadais mar gheall ar iompar neamhdhleathach agus éagórach Austro Control, i gcomhréir leis an Dlí maidir le dliteanas údarás poiblí. |
|
31 |
Tugann an chúirt sin faoi deara go bhfuil an oibleagáid atá ar Austrian Airlines muirir a íoc chun tairbhe a bhaint as na seirbhísí aerthráchta arna soláthar ag Austro Control i bhfabhar caidreamh dlíthiúil sonrach a bheith ann idir an dá eintiteas sin. Ar an bhforas sin, go háirithe, féachann sé lena mheas go gcosnaítear leasanna airgeadais úsáideoirí aonair aerspáis freisin le hAirteagal 8 de Rialachán Uimh. 550/2004, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 2(4) de Rialachán Uimh. 549/2004 agus le hAirteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. |
|
32 |
Sna himthosca sin, chinn an Oberster Gerichtshof (an Chúirt Uachtarach) bac a chur ar na himeachtaí agus an cheist seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú: ‘An bhfuil Airteagal 8 de[Rialachán Uimh. 550/2004], arna léamh i gcomhar le hAirteagal 2(4) de [Rialachán Uimh. 549/2004] le léiriú sa chaoi, maidir le soláthar seirbhísí aerloingseoireachta, nach ndéantar leis úsáideoir aonair an aerspáis a chosaint ar dhamáiste ar mhaoin ach amháin ar dhamáiste a tharlaíonn mar thoradh ar fhaillí neamhdhleathach inchurtha ar thaobh an tsoláthraí seirbhísí aerloingseoireachta atá freagrach as seirbhísí aerloingseoireachta a sholáthar?’ |
An cheist a tharchuirtear le haghaigh réamhrialú
Réamhbharúlacha
|
33 |
Is léir ón iarraidh ar réamhrialú go n‑eascraíonn an cheist a tharchuirtear, a bhaineann le raon feidhme chuspóir na cosanta a shaothraítear go háirithe le hAirteagal 8 de Rialachán Uimh. 550/2004, as an bhfíoras, faoin Dlí maidir le dliteanas údarás poiblí, arna léiriú ag an gcúirt a rinne an tarchur, gurb é an critéar cinntitheach chun an dliteanas sin a shuíomh ná an cuspóir chun an fhoráil a sáraíodh a chosaint. Sa chás seo, is é Airteagal 120 den Dlí maidir le heitlíocht an fhoráil sin, lena n‑ainmnítear Austro Control chun, inter alia, seirbhísí aerthráchta a sholáthar ar bhonn eisiach, i gcomhréir le hAirteagal 8. |
|
34 |
Maidir leis an díospóid sna príomhimeachtaí, sonraíonn an chúirt sin, dá bhrí sin, nach féidir Poblacht na hOstaire a chur faoi dhliteanas i leith an damáiste eacnamaíoch a d’fhulaing Austrian Airlines, mar thoradh ar aon mhainneachtain éagórach a rinne Austro Control, ach amháin má tá sé beartaithe le forálacha ábhartha dhlí an Aontais, inter alia, úsáideoirí aerspáis, de réir bhrí Airteagal 2(8) de Rialachán Uimh. 549/2004, a chosaint ar dhamáiste den sórt sin. |
|
35 |
Is i bhfianaise na réamhbharúlacha sin nach mór scrúdú a dhéanamh ar an gceist a tharchuirtear. |
An cheist a tarchuirtear
|
36 |
Lena ceist aonair, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an bhfuil Airteagal 2(4) de Rialachán Uimh. 549/2004 agus Airteagal 8 de Rialachán Uimh. 550/2004, arna léamh i gcomhar le forálacha an Rialacháin sin a bhaineann le seirbhísí aerloingseoireachta a sholáthar agus leis na muirir i leith seirbhísí den sórt sin, le léiriú sa chaoi go bhfuil na forálacha uile sin beartaithe freisin chun úsáideoirí aerspáis a chosaint ar dhamáiste eacnamaíoch ara dhéanamh mar gheall ar mhainneachtain éagórach an tsoláthraí seirbhísí aerthráchta a oibleagáidí faoi na forálacha sin a chomhlíonadh. |
|
37 |
Ní mór a thabhairt faoi deara mar réamhphointe, ar thaobh amháin, de réir bhrí Airteagal 1(1) de Rialachán Uimh. 549/2004, lena leagtar síos creat rialála comhchuibhithe chun ‘aerspás Eorpach aonair’ a chruthú, is é is cuspóir dó ná caighdeáin sábháilteachta reatha aerthráchta a fheabhsú, rannchuidiú a dhéanamh maidir le forbairt inbhuanaithe an chórais aeriompair a neartú agus feidhmíocht fhoriomlán na bainistíochta aerthráchta agus na seirbhísí aerloingseoireachta ó thaobh gnáth-aerthráchta de san Eoraip a fheabhsú, d’fhonn freastal ar riachtanais úsáideoirí uile an aerspáis. |
|
38 |
Sonraítear san fhoráil sin freisin go gcuimseoidh an t‑aerspás Eorpach aonair seo líonra comhleanúnach uile-Eorpach bealaí, córais bhainistíochta líonra agus bhainistíochta aerthráchta atá bunaithe ar nithe a bhaineann le sábháilteacht, éifeachtúlacht agus cúrsaí teicniúla, agus ar na nithe sin amháin, ar mhaithe leis na ‘húsáideoirí aerspáis’ uile, coincheap lena n‑áirítear, i gcomhréir le hAirteagal 2(8) den Rialachán sin, oibreoirí aerárthaí a oibrítear i gcomhréir le rialacha aerthráchta ghinearálta. |
|
39 |
Ar an taobh eile, i gcomhréir le hAirteagal 1(1) de Rialachán Uimh. 550/2004, baineann an Rialachán sin, ‘laistigh de raon feidhme [Rialachán Uimh. 549/2004]’, le soláthar seirbhísí aerloingseoireachta san aerspás Eorpach aonair atá sábháilte agus éifeachtúil trí cheanglais choiteanna a bhunú chuige sin. Leagtar síos freisin le Rialachán Uimh. 550/2004, i gCaibidil III, mar ghné fhíor-riachtanach, scéim muirearaithe le haghaidh na seirbhísí sin lena n‑áirítear muirir is iníoctha ag úsáideoirí an aerspáis. |
|
40 |
Thairis sin, is léir ó Airteagal 3(1) de Rialachán Uimh. 549/2004 go n‑áirítear freisin leis an gcreat rialála comhchuibhithe atá beartaithe chun an ‘t‑aerspás Eorpach aonair’ a bhaint amach na bearta cur chun feidhme arna nglacadh ag an gCoimisiún ar bhonn, inter alia, an Rialacháin sin agus Rialachán Uimh. 550/2004. Áirítear Rialachán Cur Chun Feidhme Uimh. 1035/2011 ar na bearta cur chun feidhme sin. |
|
41 |
Tar éis an chreata rialála sin a shoiléiriú, ní mór a thabhairt faoi deara, sa chéad áit, faoi Airteagal 2(4) de Rialachán Uimh. 549/2004, go n‑áirítear leis an gcoincheap ‘seirbhísí aerloingseoireachta’ seirbhísí aerthráchta, dá dtagraítear go sainráite sa cheist dá dtagraítear, mar aon le seirbhísí cumarsáide, loingseoireachta agus maoirseachta, seirbhísí meitéareolaíocha le haghaidh aerloingseoireachta agus seirbhísí faisnéise aerloingseoireachta. |
|
42 |
Is cuid dhílis de ‘bhainistiú aerthráchta’ iad seirbhísí aerthráchta, lena gcumhdaítear, faoi Airteagal 2(10) de Rialachán Uimh. 549/2004, na feidhmeanna uile, ar bord agus ar an talamh, is gá chun gluaiseacht aerárthaí atá sábháilte agus éifeachtúil a áirithiú le linn gach céime den oibríocht. Faoi phointe 11 den Airteagal sin, áirítear ar na seirbhísí sin seirbhísí rialaithe aerthráchta, seirbhísí faisnéise eitiltí agus seirbhísí foláirimh, agus déantar na trí choincheap sin iad féin i bpointí 1, 23a agus 23b den Airteagal sin, faoi seach, a shainmhíniú. |
|
43 |
Tá sé beartaithe le ‘seirbhísí rialaithe aerthráchta’, ar thaobh amháin, imbhuailtí a chosc idir aerárthaí agus, sa limistéar ainlithe eitilte, idir aerárthaí agus bacainní, agus, ar an taobh eile, sreabhadh rianúil aerthráchta a éascú agus a choinneáil. Áiritheofar le ‘seirbhísí faisnéise eitiltí’ go soláthrófar comhairle agus faisnéis atá úsáideach chun eitiltí a sheoladh go sábháilte agus go héifeachtúil. Is ionann ‘seirbhísí foláirimh’ agus fógra a thabhairt d’eagraíochtaí inniúla nuair a bhíonn cúnamh cuardaigh agus tarrthála de dhíth ar aerárthaí agus cúnamh a thabhairt dóibh. |
|
44 |
Leanann sé ón méid sin roimhe seo go bhfuil ‘seirbhísí aerthráchta’, de réir bhrí Airteagal 2(11) de Rialachán Uimh. 549/2004, ríthábhachtach do bhainistiú aerthráchta, ní hamháin maidir le sábháilteacht agus úsáid optamach an aerspáis, ach freisin d’úsáideoirí an aerspáis sin a mbraitheann a ngníomhaíochtaí ar fheidhmíocht chuí na seirbhísí sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 2 Meitheamh 2022, Skeyes, C‑353/20, EU:C:2022:423, mír 43). |
|
45 |
Mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 39 dá Tuairim, ní hamháin go bhfóntar le soláthar seirbhísí aerloingseoireachta, lena n‑áirítear seirbhísí aerthráchta, do leas an phobail arb ionann é agus a áirithiú go bhfuil aerspás Eorpach aonair atá sábháilte agus éifeachtúil ann, ach do leasanna agus gníomhaíocht eacnamaíoch úsáideoirí aerspáis freisin, go háirithe aeriompróirí. |
|
46 |
I ndáil leis sin, sonraítear in aithris 7 de Rialachán Uimh. 549/2004 gur acmhainn theoranta é an t‑aerspás, nach féidir úsáid optamach agus éifeachtúil a bhaint as ach amháin má chuirtear riachtanais na n‑úsáideoirí uile san áireamh. |
|
47 |
Sa dara háit, ceanglaítear le hAirteagal 8(1), (3) agus (4) de Rialachán Uimh. 550/2004 ar gach Ballstát soláthraí seirbhísí aerthráchta a ainmniú agus cearta agus oibleagáidí an tsoláthraí sin a shainmhíniú, nach mór dó, mar a fhoráiltear i mír 4 den Airteagal sin, na ceanglais choiteanna maidir le soláthar seirbhísí aerloingseoireachta a liostaítear in Airteagal 6 den Rialachán sin a chomhlíonadh agus a bheith deimhnithe i gcomhréir le hAirteagal 7 den Rialachán sin. |
|
48 |
Faoi Airteagal 6, ní mór baint a bheith ag na ceanglais choiteanna sin, inter alia, le hinniúlacht agus oiriúnacht theicniúil agus oibríochtúil, cáilíocht na seirbhísí agus dliteanas agus cumhdach árachais. Faoi Airteagal 7(1) agus (3) den Rialachán sin, tá soláthar seirbhísí aerloingseoireachta san Aontas Eorpach faoi réir deimhniú ag na Ballstáit, atá faoi réir chomhlíonadh na gceanglas coiteann sin ag an soláthraí. Faoi Airteagal 7(7), más deimhin le húdarás maoirseachta náisiúnta nach gcomhlíonann sealbhóir deimhnithe na ceanglais choiteanna chéanna a thuilleadh, déanfaidh sé bearta iomchuí agus leanúnachas seirbhísí á áirithiú aige ag an am céanna. |
|
49 |
Mar a luaitear in aithris 4 de Rialachán Uimh. 550/2004, tá sé d’oibleagáid ar sholáthraithe arna n‑ainmniú ag na Ballstáit seirbhísí aerthráchta a sholáthar ar bhealach lena bhfreastalófar go leordhóthanach ar riachtanais úsáideoirí aerspáis agus lena n‑áiritheofar oibriú aerthráchta atá sábháilte agus éifeachtúil, laistigh de chreat comhchuibhithe le haghaidh soláthar seirbhísí aerloingseoireachta. |
|
50 |
Chinn an Chúirt Bhreithiúnais go leanann sé ó aithris 10, Airteagal 1(1) agus Airteagal 7(1) agus (7) de Rialachán Uimh. 550/2004 gurb é cuspóir an Rialacháin sin freisin leanúnachas sholáthar na seirbhísí aerloingseoireachta uile san aerspás Eorpach aonair a áirithiú (breithiúnas an 2 Meitheamh 2022, Skeyes, C‑353/20, EU:C:2022:423, mír 44), nach mbeadh úsáideoirí aerspáis in ann a ngníomhaíochtaí a fheidhmiú faoi choinníollacha leordhóthanacha dá n‑uireasa. |
|
51 |
Thairis sin, sonraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme Uimh. 1035/2011 lena leagtar síos ceanglais chomhchoiteanna maidir le soláthar seirbhísí aerloingseoireachta agus lena bhforlíontar an creat rialála comhchuibhithe chun an ‘t‑aerspás Eorpach aonair’ a chruthú, mar a mheabhraítear i mír 40 den bhreithiúnas seo, nach mór go mbeidh na soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta in ann na seirbhísí sin a sholáthar ar bhealach sábháilte, éifeachtúil, leanúnach agus inbhuanaithe, lena bhfreastalófar ar aon leibhéal réasúnta éilimh in aerspás ar leith (pointe 1 den Iarscríbhinn sin), nach mór dóibh beartas cáilíochta a shainmhíniú chun freastal ar riachtanais na n‑úsáideoirí éagsúla ar an mbealach is fearr (pointe 3.2(a) den Iarscríbhinn sin) agus nach mór dóibh bearta a dhéanamh chun na rioscaí maidir le dliteanas sibhialta a eascraíonn as na dlíthe is infheidhme a chumhdach (pointe 7 den Iarscríbhinn sin). |
|
52 |
Sa tríú háit, rialaítear le hAirteagail 14 go 16 de Rialachán Uimh. 550/2004 socrú, forchur agus forfheidhmiú muirear is iníoctha ag úsáideoirí aerspáis as seirbhísí aerloingseoireachta a sholáthraítear dóibh. Faoi Airteagal 14, ní mór don scéim muirearaithe sin rannchuidiú a dhéanamh, inter alia, le héifeachtúlacht eacnamaíoch sholáthar na seirbhísí aerloingseoireachta agus le héifeachtúlacht eitiltí, agus an leibhéal sábháilteachta is fearr is féidir á choinneáil ag an am céanna. |
|
53 |
Foráiltear le hAirteagal 15(1) go mbeidh an scéim muirearaithe bunaithe ar na costais ar sheirbhísí aerloingseoireachta arna dtabhú ag soláthraithe seirbhísí chun tairbhe d’úsáideoirí aerspáis a chur san áireamh. Sonraítear i mír 3(f) den Airteagal sin nach mór do mhuirir soláthar seirbhísí aerloingseoireachta atá sábháilte, éifeachtúil, éifeachtach agus inbhuanaithe a chur chun cinn d’fhonn ardleibhéal sábháilteachta agus éifeachtúlachta eacnamaíche a bhaint amach. |
|
54 |
Leanann sé ón mhéid roimhe seo go gceanglaítear le Rialacháin Uimh. 549/2004 agus 550/2004 agus Rialachán Cur Chun Feidhme Uimh. 1035/2011 ar sholáthraithe seirbhísí aerthráchta freastal ar riachtanais na n‑úsáideoirí aerspáis go leordhóthanach, lena n‑áirithítear sábháilteacht, leanúnachas, inbhuanaitheacht, éifeachtacht agus éifeachtúlacht eacnamaíoch a seirbhísí, ar an tuiscint go bhfuil na seirbhísí sin fíor-riachtanach do ghníomhaíochtaí na n‑úsáideoirí sin, a íocann as an gcostas eacnamaíoch a bhaineann leo. |
|
55 |
Is chuige sin a chinn an Chúirt Bhreithiúnais, go bunúsach, i mbreithiúnas an 2 Meitheamh 2022, Skeyes (C‑353/20, EU:C:2022:423, míreanna 39 agus 49), go bhféadfadh cearta áirithe a thabhairt d’úsáideoirí aerspáis a bhféadfadh dúnadh an aerspáis difear a dhéanamh dóibh le forálacha Rialacháin Uimh. 549/2004 agus Uimh. 550/2004. |
|
56 |
Sa chás seo, is léir ón iarraidh ar réamhrialú gur tháinig laghdú suntasach ar rátaí tuirlingthe agus éirí de thalamh ag aerfort Vín‑Schwechat mar thoradh ar chliseadh fhreastalaí AFTN, arna bhainistiú ag Austro Control, mar sholáthraí seirbhísí aerthráchta arna ainmniú ag Poblacht na hOstaire, agus, dá bhrí sin, gur cuireadh eitiltí arna n‑oibriú ag Austrian Airlines ar ceal, rud a léiríonn an caidreamh spleáchais, a luaitear i mír 44 den bhreithiúnas seo, idir, ar thaobh amháin, soláthar na seirbhísí sin agus, ar an taobh eile, an fhéidearthacht d’úsáideoirí aerspáis a ngníomhaíochtaí a fheidhmiú. |
|
57 |
Is faoin gcúirt náisiúnta, nach bhfuil dlínse aici ach fíorais na díospóide sna príomhimeachtaí a chinneadh agus a mheasúnú agus an dlí náisiúnta a léiriú agus a chur i bhfeidhm (breithiúnais an 4 Meitheamh 2013, ZZ, C‑300/11, EU:C:2013:363, mír 36, agus an 29 Iúil 2024, protectus, C‑185/23, EU:C:2024:657, mír 36), atá sé a chinneadh an bhféadfaidh Poblacht na hOstaire, i bhfianaise fhreagra na Cúirte Breithiúnais ar an gceist a tarchuirtear, a bheith faoi dhliteanas i leith an damáiste eacnamaíoch a d’fhulaing Austrian Airlines mar thoradh ar aon mhainneachtain éagórach a rinne Austro Control. |
|
58 |
I bhfianaise an mhéid sin roimhe seo, is é an freagra ar an gceist a tharchuirtear go bhfuil Airteagal 2(4) de Rialachán Uimh. 549/2004 agus Airteagal 8 de Rialachán Uimh. 550/2004, arna léamh i gcomhar le forálacha an Rialacháin sin a bhaineann le seirbhísí aerloingseoireachta a sholáthar agus leis na muirir i leith seirbhísí den sórt sin, le léiriú sa chaoi go bhfuil na forálacha uile sin beartaithe freisin chun úsáideoirí aerspáis a chosaint ar dhamáiste eacnamaíoch arna dhéanamh mar gheall ar mhainneachtain éagórach an tsoláthraí seirbhísí aerthráchta a oibleagáidí faoi na forálacha sin a chomhlíonadh. |
Costais
|
59 |
Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte a rinne an tarchur, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a chur faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe. |
|
Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Tríú Dlísheomra) mar seo a leanas: |
|
Maidir le hAirteagal 2(4) de Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 lena leagtar síos an creat chun an t‑aerspás Eorpach aonair a chruthú (‘an creat‑Rialachán’), agus le hAirteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 550/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 maidir le soláthar seirbhísí aerloingseoireachta san aerspás Eorpach aonair (‘an Rialachán maidir le soláthar seirbhisí’), arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 1070/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009, arna léamh i gcomhar le forálacha Rialachán Uimh. 550/2004, maidir le soláthar seirbhísí aerloingseoireachta agus leis na muirir i leith na seirbhísí sin, |
|
ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas: |
|
tá na forálacha uile sin beartaithe freisin chun úsáideoirí aerspáis a chosaint ar dhamáiste eacnamaíoch arna dhéanamh mar gheall ar mhainneachtain éagórach an tsoláthraí seirbhísí aerthráchta a oibleagáidí faoi na forálacha sin a chomhlíonadh. |
|
Sínithe |
( *1 ) Teanga an cháis: an Ghearmáinis.