BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Naoú Dlísheomra)
30 Aibreán 2025 ( *1 )
(Tarchur chun réamhrialú – Árachas i gcoinne dliteanas sibhialta i ndáil le húsáid mótarfheithiclí – Treoir 2009/103/CE – Airteagal 13(2) – Scéim cúitimh – Tionóisc tráchta bóthair a bhaineann le feithicil ghoidte – Dualgas cruthúnais maidir le heolas an pháirtí dhíobhálaithe ar ghoid na feithicle sin – Comhlacht atá freagrach as cúiteamh – Reachtaíocht náisiúnta arna léiriú ar bhealach lena gcuirtear an dualgas cruthúnais ar an bpáirtí díobhálaithe – Oibleagáid léiriú i gcomhréir le dlí an Aontais a dhéanamh)
I gCás C‑370/24 [Nastolo] ( i ),
IARRAIDH ar réamhrialú de bhun Airteagal 267 CFAE, ón Tribunale ordinario di Lodi (an Chúirt Dúiche, Lodi, an Iodáil), trí bhreith an 20 Bealtaine 2024, a fuarthas ag an gCúirt an 23 Bealtaine 2024, sna himeachtaí
AT
v
CT,
tugann AN CHÚIRT (an Naoú Dlísheomra),
agus í comhdhéanta mar seo a leanas: N. Jääskinen, Uachtarán an Dlísheomra, M. Condinanzi agus R. Frendo (Rapóirtéir), Breithiúna,
Abhcóide Ginearálta: M. Szpunar,
Cláraitheoir: A. Calot Escobar,
ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn,
tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:
|
– |
AT, ag A. Egidi agus A. E. Lunghi, avvocati, |
|
– |
CT, ag L. Leo, avvocata, |
|
– |
an Coimisiún Eorpach, ag G. Conte, G. Goddin agus A. Manzaneque Valverde, i gcáil Gníomhairí, |
tar éis cinneadh a dhéanamh, tar éis di an tAbhcóide Ginearálta a éisteacht, breithiúnas a thabhairt ar an gcás gan Tuairim,
an Breithiúnas seo a leanas:
Breithiúnas
|
1 |
Baineann an iarraidh ar réamhrialú le léiriú ar Airteagal 13 de Threoir 2009/103/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le hárachas i gcoinne dliteanas sibhialta i ndáil le húsáid mótarfheithiclí, agus le forfheidhmiú na hoibleagáide chun árachú i gcoinne an dliteanais sin (IO 2009 L 263, lch. 11). |
|
2 |
Rinneadh an iarraidh in imeachtaí idir AT, duine nádúrtha a gortaíodh i dtionóisc tráchta bóthair, agus CT, an gnóthas arna ainmniú ag an Fondo di garanzia per le vittime de la strada (Ciste Ráthaíochta d’Íospartaigh Bóthair, ‘FGVS’), maidir le cúiteamh as an damáiste a bhain do AT mar thoradh ar an tionóisc sin. |
An dlí lena mbaineann
Dlí an Aontais
|
3 |
Leagtar amach in aithrisí 1, 2 agus 20 de Threoir 2009/103 an méid seo a leanas:
[...]
[Aistriúchán neamhoifigiúil] |
|
4 |
Foráiltear le hAirteagal 3 de Threoir 2009/103, ( 1 ) dar teideal ‘Árachas éigeantach i gcás feithiclí’: ‘Déanfaidh gach Ballstát, faoi réir Airteagal 5, gach beart iomchuí chun a áirithiú go mbeidh dliteanas sibhialta i ndáil le húsáid feithicle atá bunaithe ina chríoch de ghnáth cumhdaithe faoi árachas. Déanfar an damáiste a chumhdaítear agus téarmaí an árachais sin a chinneadh mar chuid de na bearta dá dtagraítear sa chéad fhomhír. [...] Cumhdóidh an t‑árachas dá dtagraítear sa chéad fhomhír damáiste do mhaoin agus díobhálacha pearsanta.’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
|
5 |
Foráiltear le hAirteagal 10 den Treoir sin, dar teideal ‘Comhlacht atá freagrach as cúiteamh’: ‘1. Déanfaidh gach Ballstát comhlacht a chur ar bun nó a údarú a mbeidh sé de chúram air cúiteamh a sholáthar, ar a laghad suas go dtí teorainneacha na hoibleagáide árachais i leith damáiste do mhaoin nó díobhálacha pearsanta arb éard is cúis leis nó leo feithicil gan aithint nó feithicil nár comhlíonadh ina leith an oibleagáid árachais dá bhforáiltear in Airteagal 3. [...] 2. [...] Mar sin féin, is féidir le Ballstáit idiragairt na comhlachta sin a eisiamh i ndáil le daoine a chuaigh isteach go deonach san fheithicil ba chúis leis an damáiste, nuair is féidir leis an gcomhlacht a chruthú go raibh a fhios acu nach raibh an fheithicil faoi árachas. [...]’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
|
6 |
Foráiltear le hAirteagal 13(1) agus (2) den Treoir sin, dar teideal ‘Clásail eisiaimh’: ‘1. Déanfaidh gach Ballstát na bearta go léir is iomchuí lena áirithiú go measfar aon fhoráil reachtúil nó aon chlásal conarthach atá i bpolasaí árachais arna eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 3 a bheith ar neamhní i ndáil le héilimh ó thríú páirtithe a dhíobháiltear mar thoradh ar thionóisc i gcás ina n‑eisiatar ó árachas, leis an bhforáil reachtúil nó an clásal conarthach sin, úsáid nó tiomáint feithiclí ag:
Féadfar an fhoráil nó an clásal dá dtagraítear i mír 1(a) a agairt, áfach, i gcoinne daoine a chuaigh isteach go deonach san fheithicil ba chúis leis an damáiste nó leis an díobháil, nuair is féidir leis an árachóir a chruthú go raibh a fhios acu gur goideadh an fheithicil. Beidh rogha ag na Ballstáit – i gcás tionóiscí a tharlaíonn ar a gcríoch – gan an fhoráil sa chéad fhomhír a chur i bhfeidhm má fhéadfaidh, agus a mhéid a fhéadfaidh, an duine díobhálaithe cúiteamh a fháil as an damáiste a bhain dó ó chomhlacht slándála sóisialta. 2. I gcás feithiclí a goideadh nó a fuarthas trí fhoréigean, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh go bhfuil an comhlacht a shonraítear in Airteagal 10(1) le cúiteamh a íoc in ionad an árachóra faoi na coinníollacha a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo. [...] [...]’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
Dlí na hIodáile
|
7 |
Foráiltear le hAirteagal 283(1) agus (2) de decreto legislativo n. 209 – Codice delle assicurazioni private (Foraithne Reachtach Uimh. 209, lena mbunaítear an Cód Árachais Phríobháidigh) an 7 Meán Fómhair 2005 (GURI Uimh. 239 an 13 Deireadh Fómhair 2005, Gnáthfhorlíonadh Uimh. 163), sa leagan is infheidhme maidir leis an díospóid sna príomhimeachtaí: ‘1. Cúiteoidh ciste ráthaíochta na n‑íospartach bóthair, a bunaíodh leis an [Concessionaria Servizi Assicurativi Pubblici SpA (Consap)], an damáiste a tharlaíonn mar gheall ar úsáid feithiclí agus bád a bhfuil oibleagáid árachais ann ina leith, sna cásanna seo a leanas: [...] d) má chuirtear an fheithicil i gcúrsaíocht i gcoinne thoil a húinéara, [...] 2. Sa chás dá dtagraítear i bpointe (d) de mhír 1, ní bheidh cúiteamh iníoctha, i leith damáistí pearsanta agus do mhaoin, ach amháin do thríú páirtithe nach n‑iompraítear agus do dhaoine a iompraítear in aghaidh a dtola nó nach raibh ar an eolas go raibh an fheithicil i gcúrsaíocht go neamhdhleathach.’ |
An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú
|
8 |
An 6 Eanáir 2016, iarradh ar AT dul mar phaisinéir i gcarr a bhí ag an tiománaí. Le linn an turais, tharla tionóisc tráchta bóthair in Lodi (an Iodáil). B’éigean an bheirt áititheoirí sa charr a iompar chuig an ospidéal, toisc gur bhain gortuithe fisiciúla suntasacha do AT. |
|
9 |
Is léir ón ordú tarchuir go ndearnadh tástáil dhearfach ar an tiománaí maidir le cócaon, ópóidigh agus teitrihidreacannaibionól. Ina theannta sin, ina dtuarascáil, thug na póilíní áitiúla faoi deara gur goideadh an carr sin. |
|
10 |
Mar thoradh air sin, cúisíodh an tiománaí agus AT i leith chion na ceilte. Ag deireadh na n‑imeachtaí sin, éigiontaíodh AT toisc nárbh í an ciontóir í. Idir an dá linn, fuair an tiománaí bás. |
|
11 |
An 11 Feabhra 2022, thug AT caingean os comhair an Tribunale ordinario di Lodi (an Chúirt Dúiche, Lodi, an Iodáil), an chúirt a rinne an tarchur, i gcoinne oidhre an tiománaí agus CT, ina cháil mar an gnóthas arna ainmniú ag FGVS, ag lorg cúitimh as an damáiste a rinneadh mar thoradh ar an tionóisc agus arna chainníochtú ag EUR 233076, mar aon le hús agus an athluacháil. |
|
12 |
Áitíonn CT os comhair na cúirte a rinne an tarchur, ar an gcéad dul síos, nach bhfuil an cúiteamh dá bhforáiltear in Airteagal 283 den Chód Árachais Phríobháidigh, sa leagan is infheidhme maidir leis an díospóid sna príomhimeachtaí, iníoctha ach amháin i bhfabhar daoine arna n‑iompar nach raibh ar an eolas, tráth na tionóisce, go raibh siad ar bord feithicle a bhí i gcúrsaíocht go neamhdhleathach agus, ar an dara dul síos, de réir chásdlí an Corte suprema di cassazione (an Chúirt Uachtarach um Achomharc Deiridh, an Iodáil), gur faoin bpáirtí díobhálaithe atá sé a chruthú nach raibh sé ar an eolas go raibh an fheithicil sin i gcúrsaíocht go neamhdhleathach. Sa chomhthéacs sin, áitíonn CT nach mbaineann an breithiúnas lena n‑ordaítear éigiontú AT le hábhar. |
|
13 |
Áitíonn AT go bhfuil Airteagal 13 de Threoir 2009/103 soiléir go leor sa mhéid is go bhforchuirtear leis an dualgas cruthúnais ar FGVS. Ina theannta sin, iarrann sí go ndéanfaí an fhoráil náisiúnta atá ar neamhréir le dlí an Aontais a dhífheidhmiú. |
|
14 |
Tugann an chúirt a rinne an tarchur faoi deara go léiríonn an Corte suprema di cassazione (an Chúirt Uachtarach um Achomharc Deiridh) agus na cúirteanna céadchéime an reachtaíocht náisiúnta is infheidhme sna príomhimeachtaí sa chaoi go gciallaíonn gur ar an bpáirtí díobhálaithe atá an dualgas a chruthú nach raibh sé ar an eolas faoi thionscnamh neamhdhleathach na feithicle lena mbaineann, mar fhíoras atá mar chuid dá éileamh ar chúiteamh. |
|
15 |
I ndáil leis sin, chinn an Corte suprema di cassazione (an Chúirt Uachtarach um Achomharc Deiridh) go dtagann forchuireadh an dualgais ar an bpáirtí díobhálaithe a mheon macánta a chruthú faoi scáth na lánrogha atá ag an mBallstát lena mbaineann agus Treoir 2009/103 á cur chun feidhme aige. Thairis sin, is ionann an cuspóir a shaothraítear leis an dlí náisiúnta fós agus an cuspóir a shaothraítear le dlí an Aontais, eadhon gan a cheadú go n‑íocfaí cúiteamh le duine a bhí ar an eolas gur goideadh an fheithicil lena mbaineann. |
|
16 |
Dá bhrí sin, measann an chúirt a rinne an tarchur gur chóir ceist a chur ar an gCúirt Bhreithiúnais maidir le léiriú Airteagal 13 de Threoir 2009/103. Leis an Airteagal sin, ceadaítear do na Ballstáit foráil a dhéanamh gurb é an comhlacht dá bhforáiltear in Airteagal 10(1) den Treoir sin idirghabháil a dhéanamh chun íospartach tionóisce arbh í feithicil ghoidte ba chúis léi a chúiteamh. Mar sin féin, fiú má rinne an reachtas náisiúnta foráil d’idirghabháil an chomhlachta sin, ní luaitear go sainráite in aon fhoráil den Treoir sin gur ar an gcomhlacht sin atá an dualgas a chruthú go raibh an páirtí díobhálaithe ar an eolas go raibh an fheithicil lena mbaineann i gcúrsaíocht go neamhdhleathach. Ní thagraíonn an dara fomhír d’Airteagal 13(1) de Threoir 2009/103 ach don chás sonrach ina dtionscnaítear caingean i gcoinne na cuideachta árachais. |
|
17 |
Mar sin féin, de réir na cúirte sin, tugtar le tuiscint le léamh comhcheangailte ar an dara fomhír d’Airteagal 10(2) de Threoir 2009/103 agus ar Airteagal 13(2) den Treoir sin gur faoin gcomhlacht dá bhforáiltear in Airteagal 10(1) den Treoir sin atá sé a chruthú gur goideadh an fheithicil lena mbaineann. |
|
18 |
Ar an gcaoi chéanna, tá an prionsabal ginearálta go bhfuil an duine díobhálaithe i dteideal cúitimh i gcónaí (vulneratus ante omnia reficiendus), atá mar bhonn agus mar thaca ag rialacha go léir an Aontais Eorpaigh maidir le mótarárachas éigeantach agus ar ar bhunaigh an Chúirt a cinntí go minic ina leith sin, i bhfabhar léiriú chuige sin ar Airteagal 13 de Threoir 2009/103. Dá bhrí sin, dá gceadófaí le ratio legis Airteagal 13 rochtain ar chúiteamh cóir a bheith ag an bpáirtí díobhálaithe nach bhfuil locht air, is ar éigean a d’fhéadfaí a cheangal ar an duine sin imthoisc a chruthú atá beagnach dodhéanta a léiriú. |
|
19 |
Ina theannta sin, d’fhéadfaí an bonn a bhaint de phrionsabal éifeachtacht dhlí an Aontais dá mbeadh sé d’oibleagáid ar an duine a éilíonn cúiteamh fianaise maidir le himthoisc de chineál diúltach a chur ar fáil, nó fiú maidir le himthoisc atá beagnach dodhéanta a shuí. |
|
20 |
Ar deireadh, de réir na cúirte a rinne an tarchur, níor thug an Chúirt léiriú ar Airteagal 13 de Threoir 2009/103 go fóill. Níor ceanglaíodh ar an gcúirt sin rialú a thabhairt ach amháin ar an léiriú a bhí le tabhairt ar an reachtaíocht a bhí ann roimhe sin sa réimse seo, agus chinn sí arís agus arís eile nach bhféadfaí brath ar na forálacha reachtacha nó ar na clásail chonarthacha a bhfuil sé d’éifeacht acu infheidhmeacht polasaí árachais a eisiamh i gcoinne íospartaigh tionóisce ach amháin ‘i gcás inar féidir leis an árachóir a chruthú go raibh a fhios ag na daoine a chuaigh isteach go deonach san fheithicil ba chúis leis an damáiste gur goideadh í’. |
|
21 |
Sna himthosca sin, chinn an Tribunale ordinario di Lodi (an Chúirt Dúiche, Lodi, an Iodáil) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:
|
Na ceisteanna le haghaidh réamhrialú
|
22 |
Lena ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú, ar cheart iad a scrúdú le chéile, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an bhfuil Airteagal 13(2) de Threoir 2009/103 le léiriú sa chaoi, ar an gcéad dul síos, gur faoin gcomhlacht dá bhforáiltear in Airteagal 10(1) den Treoir sin atá sé a chruthú, d’fhonn í féin a urscaoileadh óna hoibleagáid cúiteamh a íoc, i gcás tionóisc tráchta bóthair, go raibh a fhios ag an duine díobhálaithe a chuaigh isteach go deonach san fheithicil ba chúis leis an damáiste gur goideadh í agus, ar an dara dul síos, go gcuirtear cosc leis ar chásdlí náisiúnta lena léirítear an reachtaíocht náisiúnta sa chaoi, i gcás den sórt sin, gur faoin duine sin atá sé a chruthú nach raibh sé ar an eolas gur goideadh an fheithicil sin chun cúiteamh a fháil as a damáiste. |
|
23 |
Leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 3 de Threoir 2009/103, ceanglaítear ar na Ballstáit gach beart iomchuí a dhéanamh, faoi réir chur i bhfeidhm Airteagal 5 den Treoir, chun a áirithiú go mbeidh dliteanas sibhialta i ndáil le húsáid feithiclí atá bunaithe de ghnáth ar a gcríoch cumhdaithe faoi árachas. |
|
24 |
I ndáil leis sin, de réir Airteagal 10(1) de Threoir 2009/103, ceanglaítear ar gach Ballstát comhlacht a bhunú nó a fhormheas arb é a chúram cúiteamh a thabhairt, sa mhéid a bhaineann leis an oibleagáid árachais ar a laghad, as damáiste do mhaoin nó as díobhálacha pearsanta arna ndéanamh ag feithicil nach n‑aithnítear nó feithicil nár comhlíonadh an oibleagáid árachais dá dtagraítear in Airteagal 3 den Treoir sin ina leith. |
|
25 |
Foráiltear leis an gcéad mír d’Airteagal 13(2) de Threoir 2009/103, i gcás feithiclí a ghoidtear nó a fhaightear trí fhoréigean, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh go ngníomhóidh an comhlacht dá bhforáiltear in Airteagal 10(1) den Treoir sin ‘in ionad an árachóra faoi na coinníollacha a leagtar síos i mír 1 d’Airteagal [13]’. |
|
26 |
Ba cheart a thabhairt faoi deara gur léir go sainráite ó fhoclaíocht na chéad fhomhíre d’Airteagal 13(2) de Threoir 2009/103 go raibh sé beartaithe ag reachtas an Aontais na coinníollacha agus na teorainneacha is infheidhme maidir le hárachóirí faoi Airteagal 13(1) den Treoir sin a chur i bhfeidhm maidir leis an gcomhlacht sin. |
|
27 |
Sa chás seo, is léir ón ordú tarchuir gur roghnaigh Poblacht na hIodáile idirghabháil ón gcomhlacht dá bhforáiltear in Airteagal 10(1) de Threoir 2009/103 i gcás damáiste arna dhéanamh ag feithiclí a cuireadh i gcúrsaíocht in aghaidh thoil a n‑úinéara. |
|
28 |
I gcás inar roghnaigh Ballstát idirghabháil ón gcomhlacht sin i gcás damáiste arna dhéanamh ag feithiclí goidte, ceanglaítear air, i gcomhréir le hAirteagal 13(2) den Treoir sin, inter alia, na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 13(1) den Treoir sin a chomhlíonadh. |
|
29 |
I ndáil leis sin, faoin gcéad fhomhír d’Airteagal 13(1) de Threoir 2009/103, ní fhéadfaidh cuideachta mótarárachas dliteanais shibhialta diúltú cúiteamh a íoc le tríú páirtithe is íospartaigh i dtionóisc arb í feithicil árachaithe is cúis léi, trí bhrath ar fhorálacha dlíthiúla nó ar chlásail chonarthacha atá i bpolasaí árachais lena n‑eisiatar ó chumhdach mótarárachais dliteanais shibhialta damáiste a dhéantar d’íospartaigh tríú páirtí mar thoradh ar úsáid nó ar thiomáint na feithicle árachaithe ag daoine nach bhfuil údaraithe chun an fheithicil a thiomáint, ag daoine nach bhfuil ceadúnas tiomána acu nó ag daoine nár chomhlíon oibleagáidí teicniúla dlíthiúla maidir le riocht agus sábháilteacht na feithicle sin (breithiúnas an 19 Meán Fómhair 2024, Matmut, C‑236/23, EU:C:2024:761, mír 33). |
|
30 |
De mhaolú ar an gcéad fhomhír sin, foráiltear leis an dara fomhír d’Airteagal 13(1) de Threoir 2009/103 nach bhféadfaidh an chuideachta árachais íospartaigh áirithe a chúiteamh, i bhfianaise an cháis a chruthaigh siad féin, eadhon i gcásanna ina raibh an fheithicil ba chúis leis an damáiste á húsáid nó á tiomáint ag daoine nach raibh údaraithe go sainráite ná go hintuigthe déanamh amhlaidh, agus i gcás ina ndeachaigh na híospartaigh tríú páirtí isteach san fheithicil go deonach, agus a fhios acu gur goideadh í (breithiúnas an 19 Meán Fómhair 2024, Matmut, C‑236/23, EU:C:2024:761, mír 34). |
|
31 |
I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, toisc go leagtar síos maolú ar riail ghinearálta le hAirteagal 13(1) de Threoir 2009/103, ní mór an fhoráil sin a léiriú go docht (ordú an 13 Deireadh Fómhair 2021, Liberty Seguros, C‑375/20, EU:C:2021:861, mír 61 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
32 |
Le haon léiriú eile, bheadh na Ballstáit in ann cúiteamh d’íospartaigh tríú páirtí i dtionóisc tráchta bóthair a theorannú d’imthosca áirithe, arb é sin go díreach is aidhm do Threoir 2009/103 a sheachaint (ordú an 13 Deireadh Fómhair 2021, Liberty Seguros, C‑375/20, EU:C:2021:861, mír 62 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
33 |
I bhfianaise na mbreithnithe sin, chinn an Chúirt nach mór an chéad fhomhír d’Airteagal 13(1) den Treoir sin a léiriú sa chaoi nach féidir foráil dlí nó clásal conarthach atá i bpolasaí árachais lena n‑eisiatar ó árachas úsáid nó tiomáint feithiclí a agairt i gcoinne íospartaigh tríú páirtí i dtionóisc tráchta bóthair ach amháin i gcásanna inar féidir leis an árachóir a chruthú go raibh a fhios ag na daoine a chuaigh isteach go deonach san fheithicil ba chúis leis an damáiste gur goideadh í (breithiúnas an 13 Deireadh Fómhair 2021, Liberty Seguros, C‑375/20, EU:C:2021:861, mír 63 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
34 |
Dá bhrí sin, i bhfianaise fhoclaíocht Airteagal 13(2) de Threoir 2009/103, i gcás inar roghnaigh Ballstát idirghabháil ón gcomhlacht dá bhforáiltear in Airteagal 10(1) de Threoir 2009/103 i gcás damáiste arna dhéanamh ag feithiclí goidte, is faoin gcomhlacht sin atá sé a chruthú go raibh a fhios ag na daoine díobhálaithe a chuaigh isteach go deonach san fheithicil ba chúis leis an damáiste gur goideadh an fheithicil sin ionas go mbeadh siad in ann brath ar fhoráil reachtúil nó ar chlásal conarthach atá i bpolasaí árachais, lena n‑eisiatar ó árachas úsáid nó tiomáint feithiclí, sna himthosca sin. |
|
35 |
Deimhnítear an cinneadh sin leis an gcomhthéacs inar dréachtaíodh Airteagal 13(2) de Threoir 2009/103 agus leis na cuspóirí a shaothraítear leis an Treoir sin, nach mór, de réir chásdlí socair na Cúirte, a chur san áireamh agus an fhoráil sin á léiriú (féach, de réir analaí, breithiúnas an 18 Nollaig 2019, IT Development, C‑666/18, EU:C:2019:1099, mír 37). |
|
36 |
Maidir le comhthéacs Airteagal 13(2) de Threoir 2009/103, tá an chonclúid go luíonn an dualgas cruthúnais atá i gceist leis an gcomhlacht dá dtagraítear in Airteagal 10(1) den Treoir sin i gcomhréir freisin leis an dara fomhír d’Airteagal 10(2) den Treoir sin, ar dá réir is faoin gcomhlacht sin atá sé, chun a idirghabháil a eisiamh, a chruthú go raibh a fhios ag na daoine díobhálaithe a chuaigh isteach go deonach san fheithicil ba chúis leis an damáiste nach raibh an fheithicil sin faoi árachas. Dá bhrí sin, i gcás den sórt sin, is ar an gcomhlacht sin freisin atá an dualgas eolas a chruthú nach raibh an fheithicil faoi árachas agus ní ar íospartach na tionóisce tráchta ar bhóithre. |
|
37 |
Maidir leis na cuspóirí arna saothrú le Treoir 2009/103, ní mór a mheabhrú, mar a luaitear in aithris 1 de Threoir 2009/103, go raibh códú déanta ag Treoir 2009/103 ar Threoir 72/166, ar an Dara Treoir 84/5, ar an Tríú Treoir 90/232, ar Threoir 2000/26 agus ar Threoir 2005/14. Leis na Treoracha sin, soiléiríodh de réir a chéile oibleagáidí na mBallstát maidir le hárachas éigeantach. D’iarr siad, ar thaobh amháin, saorghluaiseacht na bhfeithiclí a bhíonn bunaithe de ghnáth ar chríoch an Aontais Eorpaigh agus na ndaoine ar bord araon a áirithiú agus, ar an taobh eile, a ráthú go gcuirfear cóir inchomparáide ar íospartaigh tionóiscí arb iad na feithiclí sin is cúis leo, is cuma cén áit i gcríoch an Aontais a tharla an tionóisc (breithiúnas an 19 Meán Fómhair 2024, Matmut, C‑236/23, EU:C:2024:761, mír 29 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
38 |
Thairis sin, leanann sé ó aithrisí 2 agus 20 de Threoir 2009/103 go bhfuil na cuspóirí céanna á saothrú leis an Treoir agus atá á saothrú leis na Treoracha sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 19 Meán Fómhair 2024, Matmut, C‑236/23, EU:C:2024:761, mír 30 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
39 |
Is léir ó éabhlóid reachtaíocht an Aontais maidir le hárachas éigeantach go ndearna reachtóir an Aontais an cuspóir maidir le híospartaigh tionóiscí arb iad na mótarfheithiclí sin is cúis leo a chosaint a shaothrú agus a neartú i gcónaí (breithiúnas an 19 Meán Fómhair 2024, Matmut, C‑236/23, EU:C:2024:761, mír 31 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
40 |
Dá bhrí sin, i bhfianaise an chuspóra maidir le híospartaigh tionóiscí tráchta bóthair arb iad mótarfheithiclí is cúis leo a chosaint, a shaothraítear le Treoir 2009/103, ní féidir a cheangal ar íospartach tionóisce tráchta bóthair a chruthú nach raibh sé ar an eolas gur goideadh an fheithicil ina raibh sé ag taisteal toisc go rachadh dualgas cruthúnais den sórt sin i gcoinne an chuspóra sin. |
|
41 |
Dá bhrí sin, i bhfianaise na faisnéise atá ar fáil don Chúirt, ní dhealraíonn sé, ag brath ar na fíoruithe a bheidh le déanamh ag an gcúirt a rinne an tarchur, go bhfuil na ceanglais a eascraíonn as Airteagal 13(2) de Threoir 2009/103 á gcomhlíonadh ag cásdlí náisiúnta lena gcuirtear an dualgas a chruthú nach bhfuiltear ar an eolas faoi thionscnamh neamhdhleathach na feithicle ba chúis leis an tionóisc tráchta bóthair ar íospartach na tionóisce sin, mar fhíoras atá mar chuid dá éileamh ar chúiteamh. |
|
42 |
Chun freagra úsáideach a thabhairt don chúirt a rinne an tarchur, is gá na hoibleagáidí atá ar an gcúirt náisiúnta a shoiléiriú i gcás nach gcomhlíonann an cásdlí náisiúnta Airteagal 13(2) de Threoir 2009/103. |
|
43 |
Ní mór a mheabhrú, i gcomhréir le cásdlí socair na Cúirte, agus an dlí náisiúnta á chur i bhfeidhm, go gceanglaítear ar chúirteanna náisiúnta é a léiriú, a mhéid is féidir, i bhfianaise fhoclaíocht agus chuspóir na Treorach atá i gceist chun an toradh atá á lorg leis an treoir a bhaint amach agus, dá bhrí sin, an tríú mír d’Airteagal 288 CFAE a chomhlíonadh. Is cuid dhílis de chóras Chonartha an Aontais Eorpaigh an oibleagáid léiriú a dhéanamh ar an dlí náisiúnta i gcomhréir le dlí an Aontais, a mhéid a bhfuil lán‑éifeacht dhlí an Aontais in‑áirithe ag na cúirteanna náisiúnta, mar chuid dá n‑inniúlachtaí, i gcás ina dtugann siad rialú ar na díospóidí os a gcomhair (breithiúnas an 5 Márta 2020, OPR-Finance, C‑679/18, EU:C:2020:167, mír 41 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
44 |
Ina theannta sin, chinn an Chúirt roinnt uaireanta go gceanglaítear le prionsabal an léirithe i gcomhréir le dlí an Aontais ar chúirteanna náisiúnta cibé rud atá faoina ndlínse a dhéanamh, agus corpas iomlán an dlí náisiúnta á chur san áireamh agus na modhanna léirithe a aithníonn sí á gcur i bhfeidhm, chun a áirithiú go bhfuil an Treoir atá i gceist lánéifeachtach agus chun teacht ar thoradh atá i gcomhréir leis an gcuspóir atá á shaothrú aici (breithiúnas an 5 Márta 2020, OPR-Finance, C‑679/18, EU:C:2020:167, mír 42). |
|
45 |
Sa chomhthéacs sin, chinn an Chúirt go gceanglaítear leis an oibleagáid an dlí náisiúnta a léiriú i gcomhréir le dlí an Aontais ar chúirteanna náisiúnta, lena n‑áirítear iad siúd a dhéanann breithniú ag an gcéim dheireanach, cásdlí náisiúnta bunaithe a leasú, más iomchuí, má tá sé bunaithe ar léiriú ar an dlí náisiúnta atá ar neamhréir le cuspóirí Treorach. Dá bhrí sin, ní féidir le cúirt náisiúnta, inter alia, a mheas go bailí go bhfuil sé dodhéanta di foráil den dlí náisiúnta a léiriú ar bhealach atá comhsheasmhach le dlí an Aontais Eorpaigh ar an gcúis amháin go ndearnadh an fhoráil sin a léiriú go comhsheasmhach ar bhealach atá ar neamhréir le dlí an Aontais (féach, chuige sin, breithiúnas an 5 Márta 2020, OPR-Finance, C‑679/18, EU:C:2020:167, míreanna 43 agus 44). |
|
46 |
Dá bhrí sin, is faoin gcúirt a rinne an tarchur a bheidh sé lánéifeacht a thabhairt do Threoir 2009/103 tríd an léiriú arna ghlacadh ag cúirteanna na hIodáile a fhágáil gan feidhm, uaithi féin más gá, a mhéid nach bhfuil an léiriú sin i gcomhréir le dlí an Aontais (féach, de réir analaí, breithiúnas an 5 Márta 2020, OPR-Finance, C‑679/18, EU:C:2020:167, mír 44 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
47 |
Mar sin féin, tá an oibleagáid sin chun an dlí náisiúnta a léiriú i gcomhréir le dlí an Aontais teoranta ag prionsabail ghinearálta an dlí, go háirithe prionsabal na deimhneachta dlíthiúla, a mhéid nach féidir léi a bheith mar bhunús le léiriú contra legem ar an dlí náisiúnta (breithiúnas an 5 Márta 2020, OPR-Finance, C‑679/18, EU:C:2020:167, mír 45). |
|
48 |
I ndáil leis sin, cé nach faoin gCúirt atá sé rialú a thabhairt ar léiriú dhlí na hIodáile, ba cheart a thabhairt faoi deara, mar sin féin, go ndealraíonn sé, de réir an chásdlí náisiúnta dá dtagraítear san ordú tarchuir, nach bhfuil an riail náisiúnta faoina bhfuil an dualgas cruthúnais atá i gceist ar an bpáirtí díobhálaithe sainráite go soiléir in Airteagal 283 d’Fhoraithne Reachtach Uimh. 209. Más amhlaidh atá, ní féidir léiriú atá i gcomhréir le Treoir 2009/103 a mheas mar léiriú contra legem. |
|
49 |
I bhfianaise na mbreithnithe go léir roimhe seo, is é an freagra ar na ceisteanna a tharchuirtear ná go bhfuil Airteagal 13(2) de Threoir 2009/103 le léiriú sa chaoi, ar an gcéad dul síos, gur faoin gcomhlacht dá bhforáiltear in Airteagal 10(1) den Treoir sin atá sé a chruthú, d’fhonn í féin a urscaoileadh óna hoibleagáid cúiteamh a íoc, i gcás tionóisc tráchta bóthair, go raibh a fhios ag an duine díobhálaithe a chuaigh isteach go deonach san fheithicil ba chúis leis an damáiste gur goideadh í agus, ar an dara dul síos, go gcuirtear cosc leis ar chásdlí náisiúnta lena léirítear an reachtaíocht náisiúnta sa chaoi, i gcás den sórt sin, gur faoin duine sin atá sé a chruthú nach raibh sé ar an eolas gur goideadh an fheithicil sin chun cúiteamh a fháil as a damáiste. |
Costais
|
50 |
Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte a rinne an tarchur, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a chur faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe. |
|
Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Naoú Dlísheomra) mar seo a leanas: |
|
Maidir le hAirteagal 13(2) de Threoir 2009/103/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an 16 Meán Fómhair 2009, maidir le hárachas i gcoinne dliteanas sibhialta i ndáil le húsáid mótarfheithiclí, agus le forfheidhmiú na hoibleagáide chun árachú i gcoinne an dliteanais sin, |
|
ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas: |
|
ar an gcéad dul síos, is faoin gcomhlacht dá bhforáiltear in Airteagal 10(1) den Treoir sin atá sé a chruthú, d’fhonn í féin a urscaoileadh óna hoibleagáid cúiteamh a íoc, i gcás tionóisc tráchta bóthair, go raibh a fhios ag an duine díobhálaithe a chuaigh isteach go deonach san fheithicil ba chúis leis an damáiste gur goideadh í agus, ar an dara dul síos, cuirtear cosc leis ar chásdlí náisiúnta lena léirítear an reachtaíocht náisiúnta sa chaoi, i gcás den sórt sin, gur faoin duine sin atá sé a chruthú nach raibh sé ar an eolas gur goideadh an fheithicil sin chun cúiteamh a fháil as a damáiste. |
|
Sínithe |
( *1 ) Teanga an cháis: an Iodáilis.
( i ) Is ainm bréige é ainm an cháis seo. Ní fhreagraíonn sé d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.
( 1 ) Roinnt Treoracha atá luaite sa sliocht sa mhír roimhe seo.