Cás C-350/24
HJ
v
Crédit agricole Corporate & Investment Bank
[Iarraidh ar réamhrialú ón Cour de cassation (an Chúirt um Achomharc Deiridh, an Fhrainc)]
Breithiúnas na Cúirte (an Mór-Dhlísheomra) an 19 Bealtaine 2026
(Tarchur chun réamhrialú – Airteagal 50 CAE – Airteagal 288 CFAE – Comhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach – Cúirt de chuid Ballstáit ar tugadh na himeachtaí os a comhair roimh dheireadh na hidirthréimhse dá bhforáiltear sa chomhaontú sin – Iarratas ó na cúirteanna ar fhóram dlí Stáit eile – Reachtaíocht de chuid na Ríochta Aontaithe lena dtrasuitear Treoir – Treoir 2006/54/CE – Infheidhmeacht dhlí an Aontais – Prionsabal na muiníne frithpháirtí – Prionsabal an dlí náisiúnta a léiriú ar bhealach atá i gcomhréir le dlí an Aontais Eorpaigh)
Beartas sóisialta – Oibrithe fireanna agus oibrithe baineanna – Rochtain ar phoist agus dálaí oibre – Cóir chomhionann – Treoir 2006/54 – Raon feidhme – Tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas – Comhaontú um Tharraingt Siar chun prionsabal na deimhneachta dlíthiúla a áirithiú – Díospóid a bhaineann le gníomhartha líomhnaithe idirdhealaithe ar fhorais inscne i gcomhthéacs conradh fostaíochta arna rialú ag dlí na Ríochta Aontaithe – Imeachtaí a tharla roimh dháta deiridh na hidirthréimhse faoin gComhaontú um Tharraingt Siar – Díospóid atá ar feitheamh os comhair cúirte de chuid Ballstáit tar éis an dáta sin – Infheidhmeacht dhlí an Aontais maidir le díospóid den sórt sin
(Airteagal 50(3) CAE; Comhaontú maidir leis an Ríocht Aontaithe a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as Euratom, Airteagail 126 agus 127; Treoir 2006/54 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Airteagal 19)
(féach míreanna 57, 60-65, 70-73, an chéad chuid oibríochtúil)
Gníomhartha na n-institiúidí – Treoracha – Cur chun feidhme ag na Ballstáit – An gá le héifeachtacht na dtreoracha a áirithiú – Oibleagáidí na gcúirteanna náisiúnta – Oibleagáid an dlí náisiúnta a léiriú i gcomhréir le dlí an Aontais Eorpaigh – Léiriú agus cur i bhfeidhm dlí Ballstáit amháin a chuireann treoir chun feidhme ag cúirt Ballstáit eile – Cuimsiú – Teorainneacha – Prionsabail ghinearálta an dlí a chomhlíonadh – Léiriú contra legem ar an dlí náisiúnta
(An tríú mír d’Airteagal 288 CFAE; Treoir 2006/54 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Airteagal 19)
(féach míreanna 80-84, 88-90, 93-95, 100, an dara cuid oibríochtúil)
Achoimre
Agus tarchur chun réamhrialú ón Cour de cassation (an Chúirt um Achomharc Deiridh, an Fhrainc) os a comhair, rialaíonn an Chúirt, ina suí di mar Mhór-Dhlísheomra, maidir le ceist nua raon feidhme an phrionsabail nach mór an dlí náisiúnta a léiriú i gcomhréir le dlí an Aontais i gcás ina dtugtar díospóid os comhair cúirte de chuid Ballstáit arb é an dlí is infheidhme ina leith dlí Stáit a bhí ina chomhalta den Aontas tráth ar tháinig an díospóid chun cinn agus ar tugadh na himeachtaí os comhair na cúirte, ach a tharraing siar uaithi sular thug an chúirt sin a rialú.
In 2007, bhí an t-iarratasóir sna príomhimeachtaí fostaithe faoi chonradh fostaíochta arna rialú ag dlí na Ríochta Aontaithe. In 2013, agus í den tuairim go ndearnadh idirdhealú uirthi mar gheall ar a gnéas agus gur fhulaing sí ciapadh síceolaíoch, thug sí caingean os comhair conseil de prud’hommes (Cúirt Oibreachais, an Fhrainc) ag iarraidh go n-íocfaí suimeanna éagsúla, go háirithe mar chúiteamh.
Tar éis a héilimh a dhíbhe ag an gcéad chéim agus ar achomharc, rinne an t-iarratasóir achomharc os comhair an Cour de cassation (an Chúirt um Achomharc Deiridh), ina maíonn sí, inter alia, gur rialaigh an chúirt ar achomharc ar bhonn léiriú ar dhlí na Ríochta Aontaithe is infheidhme, rud atá contrártha le hAirteagal 19(1) de Threoir 2006/54. ( 1 )
Ba i gcomhthéacs sonrach na díospóide sin, a bhí ar siúl ar dháta dheireadh na hidirthréimhse dá bhforáiltear sa Chomhaontú um Tharraingt Siar ( 2 ) agus a bhaineann le gníomhartha idirdhealaithe líomhnaithe a tharla roimh an dáta sin i gcomhthéacs comhlíonadh conartha fostaíochta arna rialú ag dlí na Ríochta Aontaithe, a chinn an chúirt sin tarchur a dhéanamh chuig an gCúirt Bhreithiúnais. Féachann sí lena fháil amach, ar thaobh amháin, ar tugadh amhras ar infheidhmeacht Airteagal 19 de Threoir 2006/54, lena leagtar síos na rialacha a bhaineann leis an dualgas cruthúnais i gcomhthéacs chur chun feidhme phrionsabal na córa comhionainne idir fir agus mná i gcúrsaí fostaíochta, le hAirteagal 50(3) CAE agus leis an gComhaontú um Tharraingt Siar. Ar an taobh eile, fiafraíonn sí an bhfuil feidhm ag an bprionsabal nach mór an dlí náisiúnta a léiriú ar bhealach atá i gcomhréir le dlí an Aontais, atá ina cheangal ar chúirt de chuid Ballstáit, i gcás nach mór don chúirt sin dlí Ballstáit eile a chur i bhfeidhm.
Measúnú na Cúirte
Ar an gcéad dul síos, meabhraíonn an Chúirt nach bhfuil an Ríocht Aontaithe ina Ballstát a thuilleadh ón 1 Feabhra 2020 ( 3 ), ach, chun tarraingt siar rianúil a áirithiú, go bhforáiltear go sainráite sa Chomhaontú um Tharraingt Siar do chur i bhfeidhm dhlí an Aontais a leathnú chuig an Stát sin, cé is moite de roinnt eisceachtaí, go dtí an 31 Nollaig 2020, an dáta a dtiocfaidh deireadh leis an idirthréimhse.
Cé nach bhfuil foráil ghinearálta sa Chomhaontú um Tharraingt Siar lena rialaítear an cheist maidir le hinfheidhmeacht dhlí an Aontais i ndiaidh an dáta sin, tugann an Chúirt faoi deara go n-aithnítear go sainráite go bhféadfadh feidhm a bheith ag dlí an Aontais maidir le caidrimh chonarthacha agus díospóidí áirithe a tharla roimh dheireadh na hidirthréimhse agus atá fós ar feitheamh i ndiaidh na tréimshe sin. Thairis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara nach luaitear go sainráite in Airteagal 50(3) CAE nach bhfuil feidhm ag dlí an Aontais a thuilleadh maidir le cásanna roimhe sin sa Stát lena mbaineann tar éis dó tarraingt siar as an Aontas.
Dá bhrí sin, de réir na Cúirte, leanann sé ó scéim ghinearálta an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar gur mhian leis na páirtithe sa chomhaontú sin cobhsaíocht na staideanna dlíthiúla atá ann cheana a chaomhnú roimh dheireadh na hidirthréimhse i gcomhréir le prionsabal na deimhneachta dlíthiúla, a bhféachtar lena chomhlíonadh leis an gcomhaontú sin a áirithiú. I bhfianaise bhuntábhacht an phrionsabail sin, measann an Chúirt nach féidir a mheas, in éagmais foráil shainráite sna Conarthaí agus sa Chomhaontú um Tharraingt Siar, gur chomhaontaigh an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe cur i bhfeidhm dhlí an Aontais maidir le díospóid a fhoirceannadh go cúlghabhálach, go dtí dáta dheireadh na hidirthréimhse, maidir le gníomhartha líomhnaithe idirdhealaithe a tharla roimh an dáta sin i gcomhthéacs conradh fostaíochta arna rialú ag dlí na Ríochta Aontaithe.
Go sonrach, maidir le hAirteagal 19(1) de Threoir 2006/54, sonraíonn an Chúirt go leagtar síos leis an bhforáil sin, ní hamháin riail nós imeachta, ach riail den dlí substainteach lena rialaítear an caidreamh fostaíochta a cruthaíodh le conradh a tugadh i gcrích roimh dheireadh na hidirthréimhse, agus mar thoradh air sin go leanann an riail sin d’fheidhm a bheith aici, fiú tar éis dheireadh na tréimhse sin, maidir le díospóidí a bhaineann leis an gcaidreamh sin. Bheadh teorannú tromchúiseach ar raon feidhme phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla agus cur chun feidhme éifeachtach phrionsabal na córa comhionainne atá i gcroílár Threoir 2006/54 mar thoradh ar aon léiriú contrártha.
Dá bhrí sin, measann an Chúirt nach mór Airteagal 50(3) CAE, arna léamh i gcomhar le hAirteagail 126 agus 127 den Chomhaontú um Tharraingt Siar, a léiriú sa chaoi nár chaith an comhaontú sin amhras ar infheidhmeacht Airteagal 19 de Threoir 2006/54 maidir le díospóid amhail an díospóid atá i gceist sna príomhimeachtaí.
Ar an dara dul síos, is cásdlí socair é, agus a ndlí náisiúnta á chur i bhfeidhm acu, go gceanglaítear ar chúirteanna náisiúnta é a léiriú a mhéid is féidir i bhfianaise fhoclaíocht agus chuspóir na Treorach sin chun an toradh atá á shaothrú aici a bhaint amach agus, dá bhrí sin, chun an tríú mír d’Airteagal 288 CFAE a chomhlíonadh.
Rannchuidíonn cur i bhfeidhm an phrionsabail nach mór an dlí náisiúnta a léiriú i gcomhréir le dlí an Aontais le comhlíonadh phrionsabal na muiníne frithpháirtí idir na Ballstáit, lena gceanglaítear ar gach ceann acu, ach amháin in imthosca eisceachtúla, a mheas go bhfuil dlí an Aontais á chomhlíonadh ag na Ballstáit eile. Dá bhrí sin, nuair a chuireann cúirteanna náisiúnta dlí Ballstáit eile i bhfeidhm, féachann siad le hábhar an dlí sin agus an léiriú a thugann cúirteanna an Stáit sin dó a fháil amach. Ní mór dóibh an dlí náisiúnta a chur i bhfeidhm i gcomhréir le dlí an Aontais agus, i gcás inarb iomchuí, aon fhoráil den dlí náisiúnta nach féidir a chur i bhfeidhm i gcomhréir le dlí an Aontais a fhágáil gan feidhm.
Sonraíonn an Chúirt nach féidir an t-athbhreithniú a rinne an chúirt um achomharc deiridh mar fhreagra ar phléadáil lena líomhnaítear léiriú, ag cúirt íochtarach, ar dhlí Ballstáit eile de shárú ar threoir a theorannú ar an bhforas amháin, mar riail ghinearálta, go gcaitheann an chúirt sin le dlí eachtrach ar an mbealach céanna le fíoras. Ní mór baint a bheith ag an athbhreithniú sin le comhlíonadh na hoibleagáide ag an gcúirt íochtarach léiriú a dhéanamh ar an dlí náisiúnta i gcomhréir leis an toradh a fhorordaítear leis an Treoir, atá ann gan beann ar cé acu an ag an bhfóram nó ag Ballstát eile atá an ceart chun léiriú a dhéanamh.
Dá bhrí sin, measann an Chúirt nach mór Airteagal 288 CFAE a léiriú sa chaoi, i gcás ina ndéanann cúirt de chuid Ballstáit reachtaíocht Ballstáit eile lena gcuirtear treoir chun feidhme a léiriú agus a chur i bhfeidhm, go gceanglaítear uirthi, agus a dlí féin á léiriú agus á chur i bhfeidhm aici, an prionsabal nach mór an dlí náisiúnta a léiriú ar bhealach atá i gcomhréir le dlí an Aontais a chomhlíonadh.
( 1 ) Treoir 2006/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 maidir le cur chun feidhme phrionsabal an chomhionannais deiseanna agus na córa comhionainne idir na fir agus na mná i gcúrsaí fostaíochta agus slí bheatha (IO 2006 L 204, lch. 23)
( 2 ) Comhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (IO 2020 L 29, lch. 7) (‘an Comhaontú um Tharraingt Siar’).
( 3 ) De bhun Airteagal 50(3) CAE, scoir na Conarthaí d’fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe ar dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar, eadhon an 1 Feabhra 2020.