Eagrán sealadach

BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Cúigiú Dlísheomra)

12 Feabhra 2026 (*)

(Tarchur chun réamhrialú – Comhbheartas eachtrach agus slándála – Bearta sriantacha arna nglacadh i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine – Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 – Airteagal 5k(1)(c) – Toirmeasc ar chomhlíonadh aon chonartha phoiblí nó lamháltais a dhámhachtain do dhuine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá ag gníomhú ‘thar ceann nó ar stiúradh’ eintitis ‘dá dtagraítear i bpointe (a) nó (b) den mhír seo’ nó leanúint leis an gcomhlíonadh sin – Dámhachtain conartha phoiblí ag údaráis Ballstáit do chuideachta chónaitheach ar náisiúnaigh Rúiseacha beirt dá triúr comhaltaí dá bord riaracháin agus ar riarthóir aonair mháthairchuideachta na cuideachta lena mbaineann duine de na náisiúnaigh Rúiseacha sin, atá ina chathaoirleach agus ina phríomhoifigeach feidhmiúcháin ar an mbord riaracháin sin)

I gCás C‑313/24,

IARRAIDH ar réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE, ón Consiglio di Stato (an Chomhairle Stáit, an Iodáil), trí bhreith an 26 Aibreán 2024, a fuarthas ag an gCúirt an 29 Aibreán 2024, sna himeachtaí

Opera Laboratori Fiorentini SpA

v

Ministero della Cultura,

Gallerie degli Uffizi,

A.L.E.S. - Arte Lavoro e Servizi SpA,

páirtí uamtha:

Scudieri International Srl,

tugann AN CHÚIRT (an Cúigiú Dlísheomra),

agus í comhdhéanta mar seo a leanas: M. L. Arastey Sahún, Uachtarán Dlísheomra, J. Passer, E. Regan, D. Gratsias agus B. Smulders (Rapóirtéir), Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: L. Medina,

Cláraitheoir: C. Di Bella, Riarthóir,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn agus tar éis éisteacht an 5 Márta 2025,

tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

–        Opera Laboratori Fiorentini SpA, ag F. Iuliano, avvocato,

–        Scudieri International Srl, ag D. Nitti agus L. Manetti, avvocati,

–        Rialtas na hIodáile, ag G. Palmieri agus S. Fiorentino, i gcáil Gníomhairí, le cúnamh ó C. Pluchino, avvocato dello Stato,

–        Rialtas na hÍsiltíre, ag M. Bulterman, A. Hanje agus E. M. Besselink, i gcáil Gníomhairí,

–        Rialtas na hOstaire, ag J. Schmoll agus C. Pesendorfer, i gcáil Gníomhairí,

–        an Coimisiún Eorpach, ag M. Carpus-Carcea, L. Malferrari agus L. Puccio, i gcáil Gníomhairí,

tar éis éisteacht le Tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 26 Meitheamh 2025,

an Breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1        Baineann an iarraidh ar réamhrialú le léiriú Airteagal 5k(1)(c) de Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón gComhairle an 31 Iúil 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO 2014 L 229, lch. 1), arna leasú le Rialachán (AE) 2022/576 ón gComhairle an 8 Aibreán 2022 (IO 2022 L 111 I, lch. 1).

2        Rinneadh an iarraidh seo in imeachtaí idir Opera Laboratori Fiorentini SpA agus Ministero della Cultura (an Aireacht Cultúir, an Iodáil), Gallerie degli Uffizi (Gailearaí Uffizi, an Iodáil), A.L.E.S. – Arte Lavoro e Servizi SpA agus Scudieri International Srl maidir le dlíthiúlacht dámhachtana conartha phoiblí do Scudieri International Srl chun seirbhísí áirithe a sholáthar do Ghailearaí Uffizi, ar an bhforas go bhfuil an dámhachtain sin contrártha leis an toirmeasc a leagtar síos in Airteagal 5k(1)(c) de Rialachán Uimh. 833/2014.

 An dlí lena mbaineann

 Dlí an Aontais Eorpaigh

 Rialachán Uimh. 2022/576

3        Luaitear an méid seo a leanas in aithrisí 2 go 4 de Rialachán 2022/576:

‘(2)      Tugtar éifeacht le Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 do bhearta áirithe dá bhforáiltear i gCinneadh 2014/512/CBES ón gComhairle, [an 31 Iúil 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO 2014, L 229, lch. 13)].

(3)      An 8 Aibreán 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/578, lena leasaítear Cinneadh [2014/512 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO 2022 L 111, lch. 70)]. Leathnaítear leis sin liosta na n-ítimí rialaithe a d’fhéadfadh a bheith ina gcuidiú le feabhsú míleata agus teicneolaíoch na Rúise nó le forbairt a hearnála cosanta agus slándála. Tugtar isteach leis srianta breise ar allmhairiú earraí áirithe ón Rúis, go háirithe ar ghual agus ar bhreoslaí iontaise soladacha eile. Tugtar isteach leis sin freisin tuilleadh srianta onnmhairiúcháin, go háirithe maidir le scairdbhreosla agus earraí eile chun na Rúise.

(4)      Le Cinneadh [2022/578] cuirtear toirmeasc freisin ar dhámhachtain agus ar fhorghníomhú leanúnach conarthaí poiblí agus ar lamháltais le náisiúnaigh Rúiseacha agus le heintitis nó comhlachtaí atá bunaithe sa Rúis.’

 Cinneadh 2022/578

4        Luaitear an méid seo a leanas in aithrisí 5 agus 6 de Chinneadh 2022/578:

‘(5)      Sna conclúidí uaithi an 24 Márta 2022, chuir an Chomhairle Eorpach in iúl gur sárú fíochmhar ar an dlí idirnáisiúnta é cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus líon ollmhór sibhialtach á ghortú agus á mharú mar thoradh air, agus go bhfuil an tAontas réidh i gcónaí chun lúba ar lár a dhúnadh agus chun aghaidh a thabhairt ar aon dul timpeall atá á dhéanamh nó a d'fhéadfaí a dhéanamh ar na bearta sriantacha a glacadh cheana féin agus dul ar aghaidh go tapa le dian-smachtbhannaí comhordaithe breise ar an Rúis agus ar an mBealarúis, chun cumas na Rúise leanúint den fhogha seo a chur ó mhaith.

(6)      I bhfianaise thromchúis na staide, agus mar fhreagairt ar an bhfogha a thug an Rúis faoin Úcráin, is iomchuí tuilleadh bearta sriantacha a thabhairt isteach. [...] Is iomchuí freisin toirmeasc a chur ar dhámhachtain agus ar fhorghníomhú leanúnach conarthaí poiblí agus ar lamháltais le náisiúnaigh Rúiseacha agus le heintitis nó comhlachtaí atá bunaithe sa Rúis. [...]’

 Cinneadh 2014/512

5        Is mar seo a leanas atá an fhoclaíocht in Airteagal 1h(1) de Chinneadh 2014/512, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2022/1271 ón gComhairle an 21 Iúil 2022 (IO 2022 L 193, lch. 196:

‘Maidir le haon chonradh poiblí nó aon chonradh lamháltais a thagann faoi raon feidhme [Threoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le conarthaí lamháltais a dhámhachtain (IO 2014 L 94, lch. 1), Threoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n‑aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO 2014 L 94, lch. 65), Threoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar arna dhéanamh ag eintitis a fheidhmíonn in earnálacha an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist agus lena n‑aisghairtear Treoir 2004/17/CE (IO 2014 L 94, lch. 243) agus Treoir 2009/81/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú nósanna imeachta um dhámhachtain conarthaí oibreacha, conarthaí soláthair agus conarthaí seirbhíse áirithe ag údaráis chonarthacha nó ag eintitis chonarthacha i réimsí na cosanta agus na slándála, agus lena leasaítear Treoracha 2004/17 agus 2004/18 (IO 2009 L 216, lch. 76)] [...], cuirfear toirmeasc ar a fhorghníomhú a dhámhachtain nó ar leanúint de i gcomhair na ndaoine seo a leanas nó in éineacht leo:

(a)      náisiúnach de chuid na Rúise nó duine nádúrtha atá ina chónaí sa Rúis, nó duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá bunaithe sa Rúis;

(b)      do dhuine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht a bhfuil níos mó ná 50 % dá chearta dílseánaigh faoi úinéireacht dhíreach nó indíreach ag eintiteas dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo ; nó

(c)      duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht ag gníomhú thar ceann nó ar stiúradh eintitis dá dtagraítear i bpointe (a) nó (b) den mhír seo, lena n-áirítear fochonraitheoirí, soláthróirí nó eintitis a bhfuiltear ag brath ar a n-acmhainneachtaí de réir bhrí Threoracha[2009/81], [2014/23], [2014/24] agus [2014/25], i gcás inar mó iad ná 10 % de luach an chonartha.’

 Rialachán Uimh. 833/2014

6        Foráiltear le haithris 2 de Rialachán Uimh. 833/2014:

‘An 22 Iúil 2014, chinn [Comhairle an Aontais Eorpaigh] dá dteipfeadh ar an Rúis freagairt do na héilimh a leagadh amach sna conclúidí ón gComhairle Eorpach an 27 Meitheamh 2014 agus ina conclúidí féin an 22 Iúil, go mbeadh sí réidh pacáiste de bhearta sriantacha suntasacha breise a thabhairt isteach gan mhoill. Meastar, dá bhrí sin, gurb iomchuí bearta sriantacha breise a chur i bhfeidhm d’fhonn costas ghníomhaíochtaí na Rúise lena mbaintear bonn a bhaint d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine a mhéadú agus chun réiteach síochánta ar an ngéarchéim a chur chun cinn. [...]’

7        Foráiltear le hAirteagal 5k(1) de Rialachán Uimh. 833/2014 mar seo a leanas:

‘Maidir le haon chonradh poiblí nó aon chonradh lamháltais a thagann faoi raon feidhme na dTreoracha um sholáthar poiblí […] cuirfear toirmeasc ar a fhorghníomhú a dhámhachtain nó ar leanúint de i gcomhair na ndaoine seo a leanas nó in éineacht leo:

(a)      náisiúnach Rúiseach, nó duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá bunaithe sa Rúis;

(b)      do dhuine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht a bhfuil níos mó ná 50 % dá chearta dílseánaigh faoi úinéireacht dhíreach nó indíreach ag eintiteas dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo; nó

(c)      do dhuine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht ag gníomhú thar ceann nó faoi stiúra eintitis dá dtagraítear i bpointe (a) nó (b) den mhír seo,

lena n-áirítear fochonraitheoirí, soláthróirí nó eintitis a bhfuiltear ag brath ar a n-acmhainneachtaí de réir bhrí na dTreoracha um sholáthar poiblí, i gcás inar mó iad ná 10 % de luach an chonartha.’

8        Le hAirteagal 1(25) de Rialachán (AE) 2025/395 ón gComhairle an 24 Feabhra 2025 lena leasaítear Rialachán Uimh. 833/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO 2025 L 395, lch. 1), cuireadh an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5k(c) de Rialachán Uimh. 833/2014:

‘(c)      duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht ag gníomhú thar ceann nó ar stiúradh duine nádúrtha nó dlítheanaigh, eintitis nó comhlachta dá dtagraítear i bpointí (a) nó (b) den mhír seo.’

 Dlí na hIodáile

9        Foráiltear mar a leanas le hAirteagal 2380 den Codice civile (an Cód Sibhialta):

‘Is ar bhainistíocht na cuideachta [...] amháin a bheidh an fhreagracht as na stiúrthóirí a dhéanann na hoibríochtaí is gá chun cuspóirí na cuideachta a bhaint amach. [...]

Féadfar bainistíocht na cuideachta a chur de chúram ar neamh-scairshealbhóirí freisin.

[...]’

10      Foráiltear le hAirteagal 2475(1) den Chód Sibhialta, dar teideal ‘Riarachán na cuideachta’:

‘[...] Mura bhforáiltear a mhalairt san ionstraim chorpraithe, cuirfear riarachán na cuideachta de chúram ar chomhalta amháin nó níos mó a cheapfar le cinneadh ó na comhaltaí [...]’

11      Foráiltear le hAirteagal 2475(1)a den Chód Sibhialta, dar teideal ‘Ionadaíocht na cuideachta’ mar seo a leanas:

‘Beidh ionadaíocht ghinearálta na cuideachta ag na riarthóirí.’

12      Is mar a leanas atá an fhoclaíocht in Airteagal 2497 den Chód Sibhialta:

‘Cuideachtaí nó comhlachtaí a ghníomhaíonn chun a leasa gnó féin nó chun leasa daoine eile, agus iad i mbun gníomhaíochtaí bainistíochta agus comhordaithe cuideachtaí, de shárú ar phrionsabail na bainistíochta fónta corparáidí agus fiontraíochta sna cuideachtaí sin, beidh siad faoi dhliteanas díreach do chomhaltaí na gcuideachtaí sin as an damáiste a dhéantar do bhrabúsacht agus do luach an tsealúchais sa chaipiteal, agus do chreidiúnaithe na gcuideachtaí atá i gceist as an damáiste a dhéantar do shláine shócmhainní na gcuideachtaí sin. [...]

[...]’

13      Foráiltear an méid seo a leanas le hAirteagal 2497 sexies den Chód Sibhialta:

‘Chun críocha fhorálacha na Caibidle seo, toimhdeofar, mura bhfuil fianaise dá mhalairt ann, gurb í an chuideachta nó an t‑eintiteas atá faoi cheangal a ráitis airgeadais a chomhdhlúthú nó a rialaíonn iad in aon chás a dhéanann gníomhaíochtaí bainistíochta agus comhordaithe na gcuideachtaí [...]’

 An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú

14      Tar éis nós imeachta tairisceana, bhronn an t‑údarás ar a dtugtar ‘Ministero della Cultura – Galleria degli Uffizi (an Aireacht Cultúir – Gailearaí Uffizi, an Iodáil)’, le cinneadh an 25 Samhain 2022, ina cháil mar údarás conarthach, an conradh le haghaidh caifitéire agus seirbhísí beaga lónadóireachta ag Palazzo Pitti agus ag Gairdíní Boboli, dhá shuíomh atá mar chuid de choimpléasc mhúsaem Ghailearaí Uffizi, ar feadh tréimhse 10 mbliana agus ar mhéid EUR 8 892 215, gan cáin bhreisluacha (CBL) a áireamh, ar Scudieri International, cuideachta atá corpraithe faoi dhlí na hIodáile, a fuair an scór is airde i measc ceithre thairgeoir. Fuair tairgeoir eile, Opera Laboratori Fiorentini, cuideachta atá corpraithe faoi dhlí na hIodáile freisin, an dara scór is fearr.

15      Rinne Opera Laboratori Fiorentini agóid i gcoinne dhlíthiúlacht an chinnidh dámhachtana os comhair Tribunale amministrativo regionale per la Toscana (Cúirt Réigiúnach Riaracháin, an Tuscáin, an Iodáil), ag maíomh, inter alia, gur sárú ar an toirmeasc a leagtar síos in Airteagal 5k de Rialachán Uimh. 833/2014 é dámhachtain an chonartha phoiblí sin do Scudieri International, ar an bhforas, le linn an nós imeachta tairisceana, gur náisiúnaigh Rúiseacha iad beirt den triúr comhaltaí de bhord riaracháin na cuideachta sin; ina theannta sin, ní hamháin go raibh duine de na comhaltaí sin ina chathaoirleach ar an mbord riaracháin agus ina phríomhoifigeach feidhmiúcháin, ach bhí sé ina riarthóir aonair ar Sielna SpA freisin, cuideachta atá corpraithe faoi dhlí na hIodáile agus a bhfuil 90 % de scairchaipiteal Scudieri International aici.

16      Le breithiúnas an 25 Bealtaine 2023, dhíbh an chúirt náisiúnta sin caingean Opera Laboratori Fiorentini ar an bhforas go mbeadh sé d’éifeacht ag an léiriú a chuir Opera Laboratori Fiorentini ar aghaidh ar Airteagal 5k de Rialachán Uimh. 833/2014 an toirmeasc sin a chur i bhfeidhm go leathan, ós rud é go raibh an tairgeoir ar éirigh leis, Scudieri International, ina chuideachta atá corpraithe faoi dhlí na hIodáile agus atá faoi úinéireacht Sielna, ar cuideachta í freisin atá corpraithe faoi dhlí na hIodáile agus ar daoine nádúrtha nach náisiúnaigh Rúiseacha iad a scairshealbhóirí.

17      Agus achomharc Opera Laboratori Fiorentini i gcoinne an bhreithiúnais sin á éisteacht aici, tugann an Consiglio di Stato (an Chomhairle Stáit, an Iodáil), an chúirt a rinne an tarchur, faoi deara gur cheart, de réir an iarratasóra, Scudieri International a eisiamh ón nós imeachta tairisceana ós rud é go dtoirmisctear le hAirteagal 5k(1)(c) de Rialachán Uimh. 833/2014 conarthaí poiblí a dhámhachtain, inter alia, d’oibreoirí eacnamaíocha atá ag gníomhú ‘thar ceann nó ar stiúradh’ náisiúnaigh Rúiseacha agus, sa chás seo, go bhfuil an chuideachta rathúil ag gníomhú ‘ar stiúradh’ náisiúnaigh Rúiseacha, eadhon an bheirt riarthóirí den chuideachta sin ar náisiúnaigh Rúiseacha iad.

18      Sonraíonn an chúirt a rinne an tarchur, óna taobh féin de, go n‑áitíonn Scudieri International, inter alia, go bhfuil Airteagal 5k(1) de Rialachán Uimh. 833/2014, arb é is cuspóir dó cosc a chur ar mhaoiniú ghníomhaíochtaí cogaidh Chónaidhm na Rúise san Úcráin trí chonarthaí poiblí a dhámhachtain do chuideachtaí atá faoi úinéireacht na Rúise agus ós rud é go dtagraíonn sé d’fhaighteoir iarbhír na dámhachtana, nach bhfuil náisiúntacht riarthóirí na cuideachta ar éirigh léi ábhartha agus gurb é an t‑aon toisc ábhartha ná náisiúntacht scairshealbhóirí na cuideachta sin.

19      De réir Scudieri International, tacaítear leis an gconclúid sin, ar thaobh amháin, ós rud é, i ndoiciméad dar teideal ‘Consolidated FAQs on the implementation of Council Regulation n o 833/2014 and Council Regulation n o 269/2014’ (‘Ceisteanna Coitianta Comhdhlúite maidir le cur chun feidhme Rialachán Uimh. 833/2014 ón gComhairle agus Rialachán Uimh. 269/2014 ón gComhairle’), gur fhreagair an Coimisiún Eorpach, nuair a fiafraíodh dó an bhfuil cuideachta atá bunaithe sa Ghearmáin, a bhfuil a príomhoifigeach feidhmiúcháin ina náisiúnach Rúiseach agus ina chónaitheoir sa Ghearmáin, eisiata ó dhámhachtain nó ó chomhlíonadh conarthaí poiblí, nach amhlaidh atá ós rud é ‘go sínítear an conradh leis an gcuideachta atá bunaithe sa Ghearmáin seachas lena stiúrthóir bainistíochta’.

20      Ar an taobh eile, maidir leis an tagairt in Airteagal 5k(1)(c) de Rialachán Uimh. 833/2014 do ‘treoracha’ a thugann eintiteas dá dtagraítear i bpointí (a) nó (b) de mhír 1, áitíonn Scudieri International nach stiúrann riarthóirí an chuideachta, ach go mbainistíonn siad í. Faoi dhlí na hIodáile, tá difríocht shoiléir idir ‘bainistíocht’ cuideachta, a thiteann ar na riarthóirí, mar is léir ó Airteagail 2380a, 2475 agus 2475a den Chód Sibhialta, agus ‘treo’ na cuideachta, atá forchoimeádta dá scairshealbhóirí nó dá comhaltaí, mar is léir ó Airteagail 2497 agus 2497 sexies den Chód sin. Dá bhrí sin, ní féidir le riarthóirí ‘treoracha’ a thabhairt don chuideachta, de réir bhrí Airteagal 5k(1)(c), agus mar thoradh air sin níl feidhm ag an bhforáil sin maidir le dámhachtain conartha phoiblí ag údaráis Bhallstáit do chuideachta chónaitheach arna bainistiú ag riarthóirí ar náisiúnaigh Rúiseacha iad.

21      Ar deireadh, measann an chúirt a rinne an tarchur go bhfuil amhras ann maidir le léiriú Airteagal 5k(1)(c) de Rialachán Uimh. 833/2014 ar bhealach eile. Tagann an cheist chun cinn an gá an nath ‘eintiteas dá dtagraítear i bpointe (a) nó (b) den mhír seo’, de réir bhrí na forála sin, a léiriú go docht, sa mhéid nach bhfuil feidhm aige ach amháin maidir le cásanna ina dtagann na ‘treoracha’ ó ‘eintiteas’ dá dtagraítear i liosta na n‑ábhar dlíthiúil a bhfuil feidhm ag na toirmisc a leagtar síos in Airteagal 5k(1)(a) agus (b) den Rialachán sin maidir leo, lena n‑eisiatar, inter alia, ‘treoracha’ ó náisiúnaigh Rúiseacha ó raon feidhme Airteagal 5k(1)(c) den Rialachán sin, nó an gá an nath sin a thuiscint go leathan, mar thagairt do na hábhair dhlíthiúla sin go léir, lena n‑áirítear, dá bhrí sin, náisiúnaigh Rúiseacha.

22      Sna himthosca sin, chinn an Consiglio di Stato (an Chomhairle Stáit) bac a chur ar na himeachtaí agus an cheist seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:

‘An gcaithfear Airteagal 5k[(1)](c) de Rialachán (UE) 833/2014, a tugadh isteach le Rialachán (AE) 2022/576, i dtaca le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine, a mhéid a thoirmisctear leis conarthaí poiblí agus lamháltais a dheonú agus a fhorghníomhú go leanúnach le ‘duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá ag gníomhú thar ceann nó ar stiúradh eintitis dá dtagraítear i bpointe (a) nó i bpointe (b) den mhír seo, lena n‑áirítear, i gcás inarb ionann iad agus níos mó ná 10% de luach an chonartha, fochonraitheoirí, soláthraithe nó eintitis a bhfuiltear ag brath ar a gcumas de bhun na dTreoracha soláthair phoiblí’, a léiriú sa chaoi a chiallaíonn go bhfuil feidhm ag an toirmeasc maidir le cuideachta atá corpraithe faoi dhlí na hIodáile agus a bhfuil a hoifig chláraithe ar chríoch na hIodáile, a bhfuil cuideachta Iodálach rannpháirteach inti agus a bhfuil scairshealbhóirí acu ar daoine nádúrtha iad agus nach saoránaigh de chuid na Rúise iad, ach cé acu beirt den triúr comhaltaí den bhord stiúrthóirí ar náisiúnaigh de chuid na Rúise iad agus arb é duine acu, an cathaoirleach agus an príomhoifigeach feidhmiúcháin, an t‑aon stiúrthóir ar an máthairchuideachta a bhfuil bun 90% sa chuideachta sin aige?’

 Breithniú ar an gceist a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú

23      Lena ceist, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an bhfuil Airteagal 5k(1)(c) de Rialachán Uimh. 833/2014 le léiriú sa chaoi go bhfuil feidhm ag an toirmeasc ar chomhlíonadh aon chonartha phoiblí a dhámhachtain nó leanúint leis do ‘dhuine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá ag gníomhú thar ceann nó ar stiúradh’ ‘eintitis’ dá dtagraítear in Airteagal 5k(1)(a) nó (b) den Rialachán sin i gcás ina ndámhann údaráis inniúla Ballstáit conradh poiblí do chuideachta chónaitheach ar náisiúnaigh Rúiseacha beirt den triúr comhaltaí dá bhord riaracháin agus gur riarthóir aonair mháthairchuideachta na cuideachta lena mbaineann duine acu, arb é cathaoirleach agus príomhoifigeach feidhmiúcháin an bhoird riaracháin sin.

24      I ndáil leis sin, tugann an Chúirt dá haire nach sainmhíníonn reachtas an Aontais an nath ‘thar ceann nó ar stiúradh’ in Airteagal 5k(1)(c) de Rialachán Uimh. 833/2014 agus nach ndéantar aon tagairt shainráite san fhoráil sin do dhlí na mBallstát chun a bhrí agus a raon feidhme a chinneadh.

25      I gcomhréir le cásdlí socair, leanann sé as ceanglais i leith cur i bhfeidhm aonfhoirmeach de dhlí an Aontais agus as prionsabal an chomhionannais nach mór léiriú neamhspleách agus aonfhoirmeach a dhéanamh, san Aontas ina iomláine, ar théarmaí fhoráil de dhlí an Aontais nach bhfuil aon tagairt sainráite inti do dhlí na mBallstát chun a ciall agus a raon feidhme a chinneadh agus ní hamháin téarmaí na forála sin á gcur san áireamh ach freisin a comhthéacs agus na cuspóirí a shaothraítear leis na rialacha a bhfuil sí mar chuid díobh (breithiúnais an 18 Eanáir 1984, Ekro, 327/82, EU:C:1984:11, mír 11, agus an 15 Aibreán 2021, The North of England P & I Association, C‑786/19, EU:C:2021:276, mír 48 agus an cásdlí dá dtagraítear).

26      Dá bhrí sin, chun léiriú uathrialach agus aonfhoirmeach den sórt sin a shainaithint, níl forálacha an Chóid Shibhialta a bhaineann le dlí na gcuideachtaí a bhfuiltear ag brath orthu os comhair na cúirte a rinne an tarchur ábhartha ar an bhforas go ndéanann siad idirdhealú soiléir idir ‘treo’ cuideachta, atá forchoimeádta dá scairshealbhóirí nó dá húinéirí agus a chumhdaítear leis an téarma ‘treoracha’ in Airteagal 5k(1)(c) de Rialachán Uimh. 833/2014 (‘direzione’ sa leagan Iodáilise den fhoráil sin), agus ‘riarachán’ nó ‘bainistiú’ cuideachta ag a riarthóirí, nach gcumhdaítear leis an téarma sin.

27      Ba cheart a thabhairt faoi deara freisin nach bhfuil Airteagal 1h(1) de Chinneadh 2014/512, arna leasú le Cinneadh 2022/1271, arb é is aidhm dó, mar is léir ó aithris 2 de Rialachán 2022/576, Airteagal 5k(1)(c) de Rialachán Uimh. 833/2014 a chur chun feidhme, úsáideach chun an fhoráil sin a léiriú, ós rud é go bhfuil foclaíocht an dá fhoráil sin beagnach comhionann.

28      Sa chéad áit, maidir le foclaíocht Airteagal 5k(1)(c) de Rialachán Uimh. 833/2014 agus, go háirithe, an frása ‘thar ceann nó ar stiúradh’ atá ann, ní mór a mheabhrú, de réir cásdlí socair, nach féidir leis an bhfoclaíocht a úsáidtear i leagan teanga amháin d’fhoráil de dhlí an Aontais a bheith mar bhonn aonair do léiriú na forála sin ná nach féidir tosaíocht a thabhairt di ar leaganacha teanga eile. Bheadh cur chun cinn den sórt sin neamhréireach leis an gceanglas de chur i bhfeidhm aonfhoirmeach dhlí an Aontais. I gcás éagsúlacht idir na leaganacha teanga de théacs de dhlí an Aontais, ní mór an fhoráil atá i gceist a léiriú trí thagairt a dhéanamh do scéim ghinearálta agus do chuspóir na reachtaíochta ar cuid di (féach breithiúnais an 25 Márta 2010, Helmut Müller, C‑451/08, EU:C:2010:168, mír 38, agus an 15 Aibreán 2021, The North of England P & I Association, C‑786/19, EU:C:2021:276, mír 54 agus an cásdlí dá dtagraítear).

29      Is léir ó chomparáid idir na leaganacha teanga den fhoráil sin, ar thaobh amháin, go gcuirtear an nath ‘in ainm’ i roinnt leaganacha eile in ionad an natha ‘thar ceann’, a úsáidtear, inter alia, sa leagan Fraincise, san Iodáilise agus sa leagan Máltaise, amhail na leaganacha Danmhairgise, Gearmáinise, Gréigise, Ollainnise, Portaingéilise agus Rómáinise, agus, sa leagan Spáinnise den fhoráil sin, go bhfuil an dá nath sin le feiceáil mar roghanna malartacha. Ar an taobh eile, maidir leis an nath ‘selon les instructions’ (‘ar stiúradh’), úsáideann roinnt leaganacha teanga den fhoráil sin téarma comhchosúil, amhail an leagan Danmhairgise, an leagan Gearmáinise, an leagan Gréigise, an leagan Ollainnise, an leagan Rómáinise agus an leagan Sualainnise, agus úsáideann leaganacha teanga eile den fhoráil sin, amhail an leagan Spáinnise, an leagan Béarla, an leagan Iodáilise, an leagan Máltaise agus an leagan Portaingéilise, coincheap a chiallaíonn, sa Fhraincis, ‘sous la direction’ (‘ar stiúradh’).

30      I bhfianaise na héagsúlachta sin idir na leaganacha teanga d’Airteagal 5k(1)(c) de Rialachán Uimh. 833/2014, ní féidir a thuiscint ó fhoclaíocht na forála sin amháin nach bhfuil feidhm ag an toirmeasc a leagtar síos léi i gcás ina bhfuil náisiúnaigh Rúiseacha ina gcomhaltaí de bhord riaracháin na cuideachta ar dámhadh conradh poiblí uirthi, ós rud é, mar riail ghinearálta, nach bhfuil sé de chumhacht ag riarthóir, faoin dlí náisiúnta is infheidhme, ach an chuideachta lena mbaineann a bhainistiú, seachas an chumhacht chun an chuideachta sin a ‘stiúradh’.

31      Ar deireadh, maidir leis an gceist a d’ardaigh an chúirt a rinne an tarchur an gá an nath ‘eintiteas dá dtagraítear i bpointe (a) nó (b) den mhír seo’ in Airteagal 5k(1)(c) de Rialachán Uimh. 833/2014 a léiriú go docht mar thagairt don fhocal ‘eintiteas’ amháin, mar atá sé i liosta na n‑ábhar dlíthiúil a bhfuil feidhm ag na toirmisc a leagtar síos in Airteagal 5k(1)(a) agus (b) den Rialachán maidir leo, lena n‑eisiafaí, inter alia, náisiúnaigh Rúiseacha, nó an gá é a thuiscint go leathan mar thagairt do na hábhair dhlíthiúla sin go léir, sonraíonn an Chúirt, cé go bhféadfadh leaganacha teanga áirithe d’Airteagal 5k(1)(c) den Rialachán sin, amhail na leaganacha Béarla, Fraincise nó Ollainnise, a thabhairt le fios gur cheart forlámhas a bheith ag léiriú dian den sórt sin, leaganacha teanga eile, amhail na leaganacha Spáinnise, Gearmáinise nó Rómáinise, tacú, os a choinne sin, le léiriú leathan, ós rud é go n‑úsáideann siad an nath ‘ceann de na heintitis a luaitear i bpointe (a) nó (b) den mhír seo’.

32      Dá bhrí sin, ní féidir an freagra ar an gceist sin a shainaithint i bhfianaise fhoclaíocht Airteagal 5k(1)(c) de Rialachán Uimh. 833/2014 amháin, ach tá gá le léiriú comhthéacsúil agus teileolaíoch ar an bhforáil sin.

33      Sa dara háit, maidir leis an léiriú comhthéacsúil ar Airteagal 5k(1)(c) de Rialachán Uimh. 833/2014, ba cheart a thabhairt faoi deara, ar dtús, go bhforlíontar le pointe (c) liosta na dtoirmeasc a leagtar amach sa dá mhír roimhe seo, agus mar thoradh air sin go mbunaítear le pointe (c) catagóir iarmharach toirmeasc, arb é is aidhm di cosc a chur ar dhul timpeall ar na toirmisc a leagtar síos sa dá mhír roimhe seo, rud a cheileann aon éifeacht phraiticiúil ar na socruithe uile a leagtar síos in Airteagal 5k(1) den Rialachán sin.

34      Bheadh sé sin amhlaidh mura ndéanfaí na toirmisc in Airteagal 5k(1)(a) agus (b) den Rialachán sin a fhorlíonadh le toirmisc eile a bhfuil feidhm acu i gcásanna ina bhfuil an t‑eintiteas ar dámhadh conradh poiblí dó á rialú de facto ag náisiúnach Rúiseach, ag duine nádúrtha a bhfuil cónaí air sa Rúis nó ag duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá bunaithe sa Rúis, rud a chuirfeadh ar a gcumas treoracha a thabhairt don eintiteas sin in ainneoin nach bhfuil níos mó ná 50 % dá chearta dílseánaigh faoi úinéireacht an eintitis sin.

35      Dá bhrí sin, ní mór an nath ‘eintiteas dá dtagraítear i bpointe (a) nó (b) den mhír seo’, de réir bhrí Airteagal 5k(1)(c), a thuiscint mar thagairt ní hamháin don choincheap ‘eintiteas’ dá dtagraítear in Airteagal 5k(1)(a) agus (b), ach, go ginearálta, do na hábhair dhlíthiúla uile a d’fhéadfadh a bheith cumhdaithe ag na toirmisc a leagtar síos leis an bhforáil dheireanach sin.

36      Ina dhiaidh sin, ba cheart a thabhairt faoi deara go leathnaítear an toirmeasc sin chuig eintitis rathúla a bhfuil níos mó ná 50 % dá gcearta dílseánaigh faoi úinéireacht, go díreach nó go hindíreach, ‘eintitis dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo’ le hAirteagal 5k(1)(b) de Rialachán Uimh. 833/2014, arb é is cuspóir soiléir dó cosc a chur ar dhul timpeall ar an toirmeasc a leagtar síos in Airteagal 5k(1)(a) den Rialachán sin agus, ar an gcaoi sin, éifeacht phraiticiúil na forála sin a áirithiú.

37      Dá ndéanfaí an frása sin a léiriú go docht, sa chaoi nach dtagraíonn sé ach don choincheap ‘eintiteas’ i bpointe (a), ní fhéadfaí an cuspóir sin a áirithiú, ós rud é go leanfadh sé as sin nach dtagann dámhachtain conartha phoiblí d’eintiteas ina bhfaigheann ‘eintiteas’ atá bunaithe sa Rúis scairsheilbh thromlaigh, ach náisiúnach Rúiseach nó duine nádúrtha Rúiseach, duine dlítheanach nó comhlacht atá bunaithe sa Rúis, faoi raon feidhme Airteagal 5k(1)(b) de Rialachán Uimh. 833/2014 agus an toirmeasc a leagtar síos ann.

38      Dá mbeadh teorainn den sórt sin ar raon feidhme na forála sin i réim, chuirfeadh sé sin cur i bhfeidhm éifeachtach an toirmisc a leagtar síos inti i mbaol go soiléir agus go mór.

39      Dá bhrí sin, bheadh raon feidhme Airteagal 5k(1) de Rialachán Uimh. 833/2014 lochtach go mór dá dtuigfí go dtagraíonn na frásaí ‘eintiteas dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo’ agus ‘eintiteas dá dtagraítear i bpointe (a) nó (b) den mhír seo’, a leagtar amach, faoi seach, i bpointí (b) agus (c) den fhoráil sin, go docht agus go heisiach don choincheap ‘eintiteas’ dá dtagraítear in Airteagal 5k(1)(a) agus (b) den Rialachán sin.

40      Dá réir sin, i bhfianaise na hanailíse comhthéacsúla sin, ní mór na frásaí ‘eintiteas dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo’ agus ‘eintiteas dá dtagraítear i bpointe (a) nó (b) den mhír seo’ a thuiscint mar thagairt do na daoine uile a chumhdaítear leis na toirmisc a leagtar síos in Airteagal 5k(1)(a) agus (b) de Rialachán Uimh. 833/2014.

41      Thairis sin, ní thagann an cheist sin maidir le léiriú an natha ‘eintiteas dá dtagraítear i bpointe (a) nó (b) den mhír seo’, a bhí in Airteagal 5k(1)(c) de Rialachán Uimh. 833/2014, chun cinn a thuilleadh, ós rud é, de bhun Airteagal 1(25) de Rialachán 2025/395, gur cuireadh an nath ‘duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht dá dtagraítear i bpointe (a) nó (b) den mhír seo’ in ionad an natha sin.

42      Ar deireadh, is féidir a thuiscint ón bhfíoras gur roghnaigh reachtóir an Aontais foclaíocht leathan a thabhairt d’Airteagal 5k(1) de Rialachán Uimh. 833/2014, go háirithe maidir le liosta na ndaoine, na n‑eintiteas agus na gcomhlachtaí éagsúla dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1, nach mór léiriú sách leathan a thabhairt ar an nath ‘ag gníomhú thar ceann nó ar stiúradh’ atá ann go háirithe, chun éifeacht phraiticiúil na dtoirmeasc a leagtar síos in Airteagal 5k(1)(a) agus (b) den Rialachán sin a chaomhnú, is é sin le rá, chun cosc a chur ar dhul timpeall ar na toirmisc sin.

43      Dá bhrí sin, is léir ó léiriú comhthéacsúil ar Airteagal 5k(1)(c) de Rialachán Uimh. 833/2014 nach féidir a chur as an áireamh a priori go bhfuil feidhm ag an bhforáil sin maidir le cás amhail an cás sna príomhimeachtaí, ina ndéanann riarthóirí ar náisiúnaigh Rúiseacha iad an chuideachta rathúil a bhainistiú. Mar sin, bheadh feidhm ag an bhforáil sin dá gcinnfí go bhfuil cumhacht rialaithe éifeachtach ag na riarthóirí sin, i ndáiríre, ar an gcuideachta ar éirigh léi, rud a chuirfeadh ar a gcumas treoracha a thabhairt don chuideachta sin.

44      Sa tríú háit, maidir leis an léiriú teileolaíoch ar Airteagal 5k(1)(c) de Rialachán Uimh. 833/2014, is léir ó aithrisí 5 agus 6 de Chinneadh 2022/578, go bunúsach, i bhfianaise a thromchúisí atá an staid san Úcráin, gur chinn an tAontas Eorpach bearta sriantacha breise chun cumas Chónaidhm na Rúise leanúint den fhogha míleata faoin Úcráin a chur ó mhaith go héifeachtach, agus gur sárú tromchúiseach é an fogha sin ar an dlí idirnáisiúnta agus go bhfuil sé ina chúis le líon ollmhór básanna agus gortuithe sibhialtach. De bhua na mbeart sin, bhí sé beartaithe ag reachtas an Aontais toirmeasc a chur ar chomhlíonadh conarthaí poiblí arna gcur de chúram ar náisiúnaigh Rúiseacha, ar dhaoine nádúrtha a bhfuil cónaí orthu sa Rúis nó ar eintitis nó comhlachtaí atá bunaithe sa Rúis a dhámhachtain agus leanúint de chomhlíonadh na gconarthaí sin.

45      Thairis sin, mar is léir ó aithris 2 de Rialachán Uimh. 833/2014, mheas an reachtas gurbh iomchuí bearta sriantacha breise a chur i bhfeidhm d’fhonn costais ghníomhaíochtaí Chónaidhm na Rúise a mhéadú chun an bonn a bhaint d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine agus chun réiteach síochánta ar an ngéarchéim a chur chun cinn.

46      Dá bhrí sin, is é príomhchuspóir chóras na mbeart sriantach a fhorchuirtear le hAirteagal 5k(1) de Rialachán Uimh. 833/2014 a áirithiú go mbainfear an bonn go héifeachtach d’acmhainní airgeadais Chónaidhm na Rúise lena gcuirtear ar a cumas leanúint dá fogha míleata faoin Úcráin agus, dá bhrí sin, an brú ar Chónaidhm na Rúise deireadh a chur leis an bhfogha sin a mhéadú (féach, chuige sin, breithiúnais an 5 Meán Fómhair 2024, Jemerak, C‑109/23, EU:C:2024:681, míreanna 53 agus 54, agus an 30 Aibreán 2025, Generalstaatsanwaltschaft Frankfurt am Main (Airgead tirim a onnmhairiú chuig an Rúis), C‑246/24, EU:C:2025:295, míreanna 30 agus 31).

47      Rannchuidíonn an toirmeasc a leagtar síos in Airteagal 5k(1) de Rialachán Uimh. 833/2014 leis an bpríomhchuspóir sin, a mhéid a fhéachann sé leis an riosca a mhaolú go bhféadfaí cistí poiblí ó chonarthaí soláthair phoiblí a atreorú ón eintiteas rathúil chuig geilleagar na Rúise agus, dá bhrí sin, go bhféadfadh Cónaidhm na Rúise iad a úsáid chun a fogha míleata faoin Úcráin a mhaoiniú.

48      A priori, amhail an cás atá i gceist sna príomhimeachtaí, inar náisiúnaigh Rúiseacha iad riarthóirí cuideachta ar dámhadh conradh poiblí uirthi agus a máthairchuideachta, ach nach bhfuil aon nasc ag na cuideachtaí sin ná ag a scairshealbhóirí díreacha agus indíreacha le Cónaidhm na Rúise, ní bhaineann riosca den sórt sin leis.

49      Ós rud é go ndéantar conradh poiblí, amhail an conradh atá i gceist sna príomhimeachtaí, a dhámhachtain do chuideachta, ní dá riarthóirí, fágann sé sin go ndéantar na cistí poiblí arna n‑íoc faoi chonradh den sórt sin a dhámhachtain sa cháil sin don chuideachta lena mbaineann nó, de réir mar a bheidh, dá scairshealbhóirí ach, i bprionsabal ar a laghad, ní dá riarthóirí.

50      Ina theannta sin, ní bheidh sé de chumhacht ag na riarthóirí sin, mar riail ghinearálta, na cistí sin a atreorú chuig geilleagar na Rúise gan an baol a bheith ann go gcuirfear faoi dhliteanas iad don chuideachta arb iad a gníomhairí í.

51      Dá bhrí sin, ós rud é gur náisiúnach Rúiseach é riarthóir na cuideachta rathúla nó go síníonn riarthóir ar náisiúnach Rúiseach é, ina cháil mar ghníomhaire na cuideachta sin, ní leor an conradh a tugadh i gcrích leis an údarás conarthach, ann féin, chun tacú leis an gcinneadh go dtagann an chuideachta sin faoi raon feidhme Airteagal 5k(1)(c) de Rialachán Uimh. 833/2014, ar an bhforas go bhfuil sí ag gníomhú ‘thar ceann nó ar stiúradh’ náisiúnaigh Rúisigh a chumhdaítear le hAirteagal 5k(1)(a) den Rialachán sin.

52      Mar sin féin, ní féidir a chur as an áireamh, tar éis scrúdú uileghabhálach a cheanglaítear ar údaráis inniúla na mBallstát a dhéanamh sula ndámhtar conradh poiblí do chuideachta nach bhfuil bunaithe sa Rúis ach atá á bhainistiú ag riarthóir ar náisiúnach Rúiseach é, go bhféadfaidh siad a mheas go bhfuil fianaise ann, ar na fíorais, go bhfuil an riarthóir sin in ann an chuideachta lena mbaineann a rialú, fiú mura bhfuil scaireanna aige sa chuideachta sin chun a áirithiú go bhfuil rialú dlíthiúil aige ar an gcuideachta sin, agus mar thoradh air sin go bhfuil riosca sochreidte ann go ndéanfar na cistí poiblí a íocfar faoin gconradh poiblí atá i gceist a atreorú chuig geilleagar na Rúise agus, dá bhrí sin, gur dócha go n‑úsáidfear iad chun fogha míleata Chónaidhm na Rúise faoin Úcráin a mhaoiniú.

53      Ní mór a áireamh i scrúdú uileghabhálach den sórt sin na himthosca dlíthiúla agus fíorasacha ábhartha uile, amhail struchtúr sonrach úinéireachta agus rialaithe an eintitis tairisceana, na naisc phearsanta agus ghairmiúla idir na daoine lena mbaineann, cineál agus cuspóir na n‑idirbheart atá i gceist, an chaoi a ndéanann na páirtithe an t‑eintiteas sin a bhainistiú agus a oibriú, treoracha doiciméadaithe a bheith ann roimhe sin nó comhordú ghníomhaíochtaí an eintitis sin le heintitis eile ar forchuireadh smachtbhannaí orthu cheana féin san am a chuaigh thart, nó ráitis ó thríú páirtithe agus fianaise eile atá nithiúil, beacht agus comhsheasmhach go leor.

54      Cumhdaítear le hAirteagal 5k(1) de Rialachán Uimh. 833/2014 cásanna nach bhfuil sealúchas tromlaigh ag daoine Rúiseacha, ag eintitis Rúiseacha nó ag comhlachtaí Rúiseacha a bhfuil feidhm ag pointe (a) den fhoráil sin maidir leo sa duine dlítheanach, san eintiteas nó sa chomhlacht dlítheanach chun críocha phointe (b) den fhoráil sin, ach a bhfuil, mar sin féin, sa bhreis, de réir mar a bheidh, scairsheilbh mhionlaigh acu, rialú ar an duine dlítheanach, ar an eintiteas nó ar an gcomhlacht sin, mar gheall, go háirithe, ar chumhachtaí fairsinge a thugann scairshealbhóirí an eintitis lena mbaineann nó eintiteas eile dóibh a fheidhmíonn rialú éifeachtach ar an gcéad eintiteas maidir lena bhainistíocht airgeadais nó lena iasachtaí a dheonaigh siad dó trí chuideachta atá faoina rialú, de réir mar a bheidh.

55      Ós rud é, san am a chuaigh thart, go raibh scairsheilbh thromlaigh ag duine, eintiteas nó comhlacht a chumhdaítear leis an toirmeasc a leagtar síos in Airteagal 5k(1)(a) de Rialachán Uimh. 833/2014 sa tairgeoir a n‑éireoidh leis, ach gur dhíol sé an scairsheilbh sin go gairid roimh sheoladh an nós imeachta tairisceana, d’fhéadfadh sé a bheith ina fhianaise ar rialú de facto den sórt sin freisin.

56      Sa chomhthéacs sin, ceanglaítear ar údaráis inniúla na mBallstát freisin a fhíorú an bhfuil scairsheilbh shuntasach san eintiteas tairisceana faoi úinéireacht idirghabhálaithe atá ag gníomhú thar ceann daoine Rúiseacha, eintiteas Rúiseach nó comhlachtaí Rúiseacha a chumhdaítear le hAirteagal 5k(1)(a) nó (b) de Rialachán Uimh. 833/2014.

57      Ar deireadh, tacaítear leis na breithnithe roimhe seo leis an bhfíoras go dtoirmisctear le hAirteagal 5k(1)(c) de Rialachán Uimh. 833/2014 ar údaráis inniúla Ballstáit a dhámh, san am a chuaigh thart, conradh poiblí do chuideachta chónaitheach leanúint den chonradh sin a chomhlíonadh agus go gceanglaítear orthu an scrúdú uileghabhálach dá dtagraítear i mír 47 den bhreithiúnas seo a dhéanamh i gcás, le linn chomhlíonadh an chonartha phoiblí, inar ceapadh náisiúnach Rúiseach mar riarthóir ar an gcuideachta sin, agus ceanglaítear ar an gcuideachta sin, thairis sin, faoin bhforáil sin, na húdaráis sin a chur ar an eolas a luaithe is féidir faoi cheapachán den sórt sin.

58      I bhfianaise na mbreithnithe go léir roimhe seo, is é an freagra ar an gceist a tharchuirtear ná nach mór Airteagal 5k(1)(c) de Rialachán Uimh. 833/2014 a léiriú sa chaoi go gciallaíonn sé nach bhfuil an toirmeasc ar chomhlíonadh aon chonartha phoiblí a dhámhachtain nó leanúint ar aghaidh leis do ‘duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht ag gníomhú thar ceann nó ar stiúradh’ ‘eintitis’ dá dtagraítear in Airteagal 5k(1)(a) nó (b) den Rialachán sin, arna leasú, i gcás ina ndámhann údaráis inniúla Ballstáit conradh poiblí do chuideachta chónaitheach ar náisiúnaigh Rúiseacha iad beirt den triúr comhaltaí dá bhord riaracháin agus ar riarthóir amháin díobh, arb é cathaoirleach agus príomhoifigeach feidhmiúcháin an bhoird riaracháin sin é, ar choinníoll gur dheimhnigh na húdaráis sin dóibh féin ar dtús, i gcomhthéacs an scrúdaithe chuimsithigh ar imthosca ábhartha uile an cháis a cheanglaítear orthu a dhéanamh gach uair a bheartaíonn siad conradh poiblí a dhámhachtain do chuideachta nach bhfuil bunaithe sa Rúis ach atá á bainistiú ag riarthóir ar náisiúnach Rúiseach é, nach bhfuil riosca sochreidte ag baint leis an dámhachtain sin go n-atreorófar na cistí a íocfar leis an gcuideachta sin faoin gconradh atá i gceist chuig geilleagar na Rúise, i gcás nach bhfuil sé bunaithe nó ar a laghad nach dócha go bhfuil rialú de facto ag an riarthóir sin ar an gcuideachta sin.

 Costais

59      Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte a rinne an tarchur, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a cuireadh faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Cúigiú Dlísheomra) mar seo a leanas:

Maidir le hAirteagal 5k(1)(c) de Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón gComhairle an 31 Iúil 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine, arna leasú le Rialachán (AE) 2022/576 ón gComhairle an 8 Aibreán 2022,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

níl feidhm ag an toirmeasc ar chomhlíonadh aon chonartha phoiblí a dhámhachtain nó leanúint ar aghaidh leis do ‘duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht ag gníomhú thar ceann nó ar stiúradh’ ‘eintitis’ dá dtagraítear in Airteagal 5k(1)(a) nó (b) den Rialachán sin, arna leasú, i gcás ina ndámhann údaráis inniúla Ballstáit conradh poiblí do chuideachta chónaitheach ar náisiúnaigh Rúiseacha iad beirt den triúr comhaltaí dá bhord riaracháin agus ar riarthóir amháin díobh, arb é cathaoirleach agus príomhoifigeach feidhmiúcháin an bhoird riaracháin sin é, ar choinníoll gur dheimhnigh na húdaráis sin dóibh féin ar dtús, i gcomhthéacs an scrúdaithe chuimsithigh ar imthosca ábhartha uile an cháis a cheanglaítear orthu a dhéanamh gach uair a bheartaíonn siad conradh poiblí a dhámhachtain do chuideachta nach bhfuil bunaithe sa Rúis ach atá á bainistiú ag riarthóir ar náisiúnach Rúiseach é, nach bhfuil riosca sochreidte ag baint leis an dámhachtain sin go n-atreorófar na cistí a íocfar leis an gcuideachta sin faoin gconradh atá i gceist chuig geilleagar na Rúise, i gcás nach bhfuil sé bunaithe nó ar a laghad nach dócha go bhfuil rialú de facto ag an riarthóir sin ar an gcuideachta sin.

Sínithe


*      Teanga an cháis: an Iodáilis.