Cás C‑291/24
Steiermärkische Bank und Sparkassen AG
agus
KL
agus
TR
v
Österreichische Finanzmarktaufsichtsbehörde (FMA)
(iarraidh ar réamhrialú ón Bundesverwaltungsgericht)
Breithiúnas na Cúirte (an Ceathrú Dlísheomra) an 29 Eanáir 2026
(Tarchur chun réamhrialú – Cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críche sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta – Treoir (AE) 2015/849 – Pionóis – Airteagal 58 – Dliteanas daoine dlítheanacha – Airteagal 59 – Sárú ar a oibleagáidí arna dhéanamh ag daoine nádúrtha á chur i leith duine dlítheanach – Coinníollacha – Airteagal 60)
Comhfhogasú reachtaíochta – Cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críche sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta – Treoir 2015/849 – Pionóis – Reachtaíocht náisiúnta lena gceanglaítear, chun pionós a ghearradh ar dhuine dlítheanach, go n‑aithneofar stádas an duine chúisithe mar dhuine nádúrtha go foirmiúil roimh ré agus go gceanglaítear leis an gcuid oibríochtúil den chinneadh lena ngearrtar pionós ar an duine dlítheanach sin an duine nádúrtha sin a ainmniú agus go gcinnfear go ndearna an duine sin gníomh ar cion neamhdhleathach agus éagórach é atá inchurtha i leith an duine dhlítheanaigh sin – Do-ghlacthacht
(Treoir 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Airteagail 58, § 1 go 3, 59, § 1, agus 60, § 5 agus 6)
(féach míreanna 24 - 38 agus an chuid oibríochtúil)
Comhfhogasú reachtaíochta – Cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críche sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta – Treoir 2015/849 – Reachtaíocht náisiúnta lena leagtar síos tréimhse theorann 3 bliana agus 5 bliana, a bhaineann le himeachtaí a thionscnamh agus pionós a fhorchur faoi seach, ón dáta a tháinig deireadh leis an sárú atá i gceist – Inghlacthacht
(féach míreanna 39 - 44 agus an chuid oibríochtúil)
Résumé
Agus tarchur chun réamhrialú á éisteacht aici ón Bundesverwaltungsgericht (an Chúirt Riaracháin Chónaidhme, an Ostair), soiléiríonn an Chúirt na coinníollacha maidir le dliteanas duine dhlítheanaigh faoi Threoir 2015/849 ( 1 ) maidir leis an sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac, i gcás nach gcomhlíontar na hoibleagáidí díchill chuí ina leith sin.
Le cinneadh an 29 Feabhra 2024, d’fhorchuir Österreichische Finanzmarktaufsichtsbehörde (FMA) [Údarás Maoirseachta na Margaí Airgeadais (FMA), an Ostair], de bhun Airteagal 35(1) agus (2) den Dlí maidir le sciúradh airgid ( 2 ), pionós ar Steiermärkische Bank und Sparkassen, ar an bhforas gur sháraigh sé a oibleagáidí díchill chuí i ndáil le sciúradh airgid. Is iad KL agus TR an bheirt ar daoine nádúrtha iad a bhfuil a ngníomhaíochtaí inchurtha i leith Steiermärkische Bank und Sparkassen. Is páirtithe iad freisin, mar chúisithe, sna príomhimeachtaí.
Agus achomharc i gcoinne an chinnidh sin á éisteacht aici, rinne an Chúirt Chónaidhme Riaracháin, arb í an chúirt a rinne an tarchur í san iarraidh seo ar réamhrialú, an pionós sin a aicmiú mar ‘phionós riaracháin coiriúil’. Sonraíonn an chúirt a rinne an tarchur gur tugadh isteach, le hAirteagal 35(1), mar choinníoll breise chun pionós a ghearradh ar dhuine dlítheanach, ‘go ndearna duine nádúrtha mainneachtain na hoibleagáidí dá dtagraítear i míreanna 1 go 3 d’Airteagal 34 a chomhlíonadh’ thar a cheann. Sonraíonn an chúirt a rinne an tarchur, de réir chásdlí an Verwaltungsgerichtshof (an Chúirt Uachtarach Riaracháin, an Ostair), chun go mbeifí in iúl pionós a ghearradh ar dhuine dlítheanach, gur gá, ar an gcéad dul síos, go raibh an duine nádúrtha a bhfuil a ghníomh le cur i leith an duine dhlítheanaigh sin ina pháirtí sna himeachtaí lena mbaineann roimh ré agus gur déileáladh leis sa chomhthéacs sin ní hamháin mar fhinné, ach mar chúisí, leis na cearta uile a ghabhann leis an stádas sin. Ar an dara dul síos, go bhfuil an gníomh ar cion é, neamhdhleathach agus éagórach, arna dhéanamh ag an duine nádúrtha sin nó ag ionadaí dlíthiúil an duine dhlítheanaigh chéanna, arna shainaithint go cuí, bunaithe sa chuid oibríochtúil den chinneadh lena bhforchuirtear pionós ar an duine dlítheanach sin. Ar an tríú dul síos, go bhfuil an gníomh sin, sa chuid oibríochtúil sin, curtha i leith an duine dhlítheanaigh lena mbaineann.
Is sa chomhthéacs sin a fhiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur an gcuireann na ceanglais bhreise sin srian ar raon feidhme Airteagal 60(5) de Threoir 2015/849 agus, dá bhrí sin, an gcuirtear cosc lena forálacha ar rialachán náisiúnta lena n-éilítear ceanglais dá leithéidí. I dtaca leis sin, measann an chúirt sin go bhféadfadh an cásdlí a eascraíonn as an mbreithiúnas in Deutsche Wohnen ( 3 )– lenar chinn an Chúirt nach mór Airteagal 58(2) agus Airteagal 83(1) go (6) de Rialachán 2016/679 ( 4 ) a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar reachtaíocht náisiúnta faoina bhféadfar fíneáil riaracháin a ghearradh ar dhuine dlítheanach ina cháil mar rialaitheoir as sárú dá dtagraítear in Airteagal 83(4) go (6) ach amháin sa mhéid gur cuireadh an sárú sin i leith duine nádúrtha sainaitheanta roimhe sin – a bheith ábhartha chun an díospóid atá os a comhair a réiteach.
Measúnú na Cúirte
Tugann an Chúirt chun cuimhne, mar réamhphointe, gurb é príomhchuspóir ( 5 ) Threoir 2015/849, cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta. Go sonrach, is é is aidhm di, sraith beart coisctheach agus athchomhairleach a bhunú, de réir cur chuige rioscabhunaithe, chun sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac go héifeachtach, chun cosc a chur ar an bhféidearthacht go bhféadfadh sreafaí airgid neamhdhleathaigh dochar a dhéanamh do shláine, do chobhsaíocht agus do chlú earnáil airgeadais an Aontais Eorpaigh, agus a mhargadh inmheánach agus a fhorbairt idirnáisiúnta a chur i mbaol ( 6 ). Dá bhrí sin, tá feidhm ag an Treoir sin maidir le heintitis, dá ngairtear ‘eintitis faoi oibleagáid’ ( 7 ). arb institiúidí creidmheasa, institiúidí airgeadais agus daoine nádúrtha nó dlítheanacha i bhfeidhmiú a ngníomhaíochta gairmiúla iad na heintitis sin ( 8 ).
Go sonrach, maidir leis na pionóis dá bhforáiltear in Airteagal 59 de Threoir 2015/849, a bhfuil feidhm acu ar a laghad maidir le sáruithe tromchúiseacha, leantacha agus córasacha, nó teaglaim de na saintréithe sin, arna ndéanamh ag na heintitis sin, ní mór a chur in iúl go gceanglaítear ar na Ballstáit, le hAirteagal 58(1) den Treoir sin, a áirithiú go bhféadfar eintitis faoi oibleagáid a chur faoi dhliteanas i leith sáruithe ar na forálacha náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir sin. Ar an ábhar sin, níl aon ní san fhoráil sin a thugann le fios go bhfuil an dliteanas faoina bhfuil eintiteas faoi oibleagáid faoin Treoir sin – i gcás gur duine dlítheanach é – a bheith ag brath ar dhliteanas duine nádúrtha faoin dlí náisiúnta.
Go bunúsach, i gcás gur duine dlítheanach é an t‑eintiteas faoi oibleagáid, a mhéid nach bhféadfaidh an duine sin gníomhú ach amháin trí dhaoine nádúrtha ar féidir gníomhartha a chur ina leith, ní thugtar isteach le Treoir 2015/849 ach rialacha lenar féidir a leithéid seo a shonrú: na coinníollacha faoina gcaithfear, ar an gcéad dul síos, sáruithe as a n‑eascraíonn dliteanas duine dhlítheanaigh a chur i leith na ndaoine nádúrtha atá freagrach astu faoin dlí náisiúnta, agus, ar an dara dul síos, faoina bhféadfadh gníomhaíochtaí daoine nádúrtha áirithe a bheith ina gcúis le dliteanas duine dhlítheanaigh.
Dá bhrí sin, ar thaobh amháin, i gcomhréir le hAirteagal 58(3), i gcás go bhfuil feidhm ag oibleagáidí maidir le daoine dlítheanacha, áiritheoidh na Ballstáit, i gcás sárú ar na forálacha náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir sin, go bhféadfar pionóis agus bearta a fhorchur ar chomhaltaí na gcomhlachtaí bainistíochta agus ar dhaoine nádúrtha eile atá freagrach as an sárú faoin dlí náisiúnta. Mar sin féin, ní hé is brí leis an bhforáil sin go bhfuil forchur fíneála riaracháin ar dhuine dlítheanach mar eititeas faoi oibleagáid faoi réir cinneadh roimh ré go ndearna duine nádúrtha sainaitheanta an sárú sin. Os a choinne sin, níl i ndliteanas daoine nádúrtha, faoin dlí náisiúnta, ach dliteanas coimhdeach agus comhlántach le dliteanas an duine dhlítheanaigh lena mbaineann, faoi Threoir 2015/849.
Ar an taobh eile, de réir Airteagal 60(5) agus (6) de Threoir 2015/849, áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar duine dlítheanach a chur faoi dhliteanas i leith sáruithe arna ndéanamh chun tairbhe an duine dhlítheanaigh sin ag aon duine, ag gníomhú dó ina aonar nó mar chuid de chomhlacht de chuid an duine dhlítheanaigh sin, agus a bhfuil post ceannaireachta aige laistigh den duine dlítheanach sin, agus i gcás inar fhág easpa maoirseachta nó rialaithe ag an duine sin gur féidir le duine atá faoina údarás sáruithe a dhéanamh chun tairbhe an duine dhlítheanaigh chéanna.
Dá bhrí sin, tugann an Chúirt aird air nach léirítear san fhoráil sin ach na daoine nádúrtha a bhféadfadh a ngníomhartha nó a mainneachtain thar ceann duine dhlítheanaigh an duine sin a chur faoi dhliteanas. Os a choinne sin, ní leanann sé as sin nach mór dliteanas na ndaoine nádúrtha sin, faoin dlí náisiúnta, a thabhú roimh ré agus nach mór iad a shainaithint sa chuid oibríochtúil den chinneadh lena bhforchuirtear pionós ar an duine dlítheanach sin agus iad a chur faoi dhliteanas i leith an tsáraithe lena mbaineann.
Thairis sin, bheadh léiriú ar Airteagail 58 go 60 de Threoir 2015/849 ar dá réir a fhéadfaidh na Ballstáit dliteanas duine dhlítheanaigh a chur faoi réir cinneadh roimh ré go ndearna duine nádúrtha an cion contrártha don cheanglas, a leagtar síos in Airteagal 58(1) den Treoir sin, go mbeadh aon pionós nó beart a eascraíonn as dliteanas eintiteas faoi oibleagáid i leith sárú ar na forálacha náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir sin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Le ceanglas den sórt sin, bheadh an baol ann go lagófaí éifeachtacht agus athchomhairleacht na bpionós a fhorchuirtear go díreach le Treoir 2015/849 ar dhaoine dlítheanacha mar eintitis faoi oibleagáid.
Ba cheart a thabhairt faoi deara freisin, ar an gcéad dul síos, cé nach bhforáiltear leis an Treoir sin ach do chomhchuibhiú íosta, nach féidir leis na Ballstáit raon feidhme an dliteanais a fhorchuirtear le hAirteagal 58(1) den Treoir sin ar na heintitis faoi oibleagáid sin, lena n‑áirítear daoine dlítheanacha, a theorannú áfach. Ina theannta sin, mar a thug an Chúirt faoi deara, cé go bhfágtar faoi na Ballstáit é, le hAirteagal 59 de Threoir 2015/849, foráil a dhéanamh maidir le pionóis agus bearta seachas iad siúd a liostaítear inti, is amhlaidh fós nach mór do na Ballstáit sin pionós a ghearradh ar a laghad ar na sáruithe dá dtagraítear san fhoráil sin, arna ndéanamh ag eintitis faoi oibleagáid, trí fhoráil a dhéanamh ar a laghad do na pionóis riaracháin agus do na bearta riaracháin a leagtar amach in Airteagal 59(2) agus (3).
Ar an dara dul síos, a mhéid a luann an chúirt a rinne an tarchur go n‑eascraíonn na coinníollacha maidir le dliteanas daoine dlítheanacha faoi na rialacha náisiúnta lena dtrasuitear Treoir 2015/849 as cásdlí na Cúirte Uachtaraí Riaracháin, ní mór a mheabhrú freisin, de réir chásdlí socair na Cúirte, agus a ndlí náisiúnta á chur i bhfeidhm acu, go gceanglaítear ar chúirteanna náisiúnta é a léiriú, a mhéid is féidir, i bhfianaise fhoclaíocht agus chuspóir na Treorach atá i gceist chun an toradh atá á lorg ag an Treoir a bhaint amach agus, dá bhrí sin, an tríú mír d’Airteagal 288 CFAE a chomhlíonadh. Tá an oibleagáid sin an dlí náisiúnta a léiriú i gcomhréir le dlí an Aontais ina cuid dhílis de chóras Chonradh FAE sa mhéid is go gceadaítear léi do chúirteanna náisiúnta, maidir le hábhar laistigh dá ndlínse, éifeachtacht iomlán dhlí an Aontais a áirithiú nuair a chinneann siad na díospóidí atá os a gcomhair. Leis an bprionsabal nach mór an dlí náisiúnta a léiriú i gcomhréir le dlí an Aontais, ceanglaítear ar chúirteanna náisiúnta laistigh dá ndlínse, agus a ndlí náisiúnta uile á gcur san áireamh agus na modhanna léiritheacha a aithnítear leis an dlí sin á gcur i bhfeidhm, chun a áirithiú go bhfuil an Treoir atá i gceist go hiomlán éifeachtach agus chun teacht ar thoradh atá comhsheasmhach leis an gcuspóir atá á shaothrú aici ( 9 ).
Sa chás seo, dá bhrí sin, is faoin gcúirt a rinne an tarchur atá sé forálacha ábhartha an Dlí maidir le sciúradh airgid a léiriú ar bhealach atá comhsheasmhach le Treoir 2015/849.
Dá bharr sin, rialaíonn an Chúirt go gcaithfear Airteagal 58(1) go (3), Airteagal 59(1) agus Airteagal 60(5) agus (6) de Threoir (AE) 2015/849 arna léamh i bhfianaise phrionsabal na héifeachtachta a léiriú ar chaoi go gcuirtear cosc leo ar reachtaíocht náisiúnta lena gceanglaítear, chun pionós a ghearradh ar dhuine dlítheanach, go n‑aithneofar stádas an duine chúisithe mar dhuine nádúrtha go foirmiúil roimh ré agus go gceanglaítear leis an gcuid oibríochtúil den chinneadh lena ngearrtar pionós ar an duine dlítheanach sin an duine nádúrtha sin a ainmniú agus go gcinnfear go ndearna an duine sin gníomh ar cion neamhdhleathach agus éagórach é atá inchurtha i leith an duine dhlítheanaigh sin.
( 1 ) Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n‑aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO 2015 L 141, lch. 73).
( 2 ) Finanzmarkt‑Geldwäschegesetz (an Dlí maidir le sciúradh airgid ar na margaí airgeadais) an 26 Iúil 2017 (BGBl. I Uimh. 118/2016, leagan an 28 Bealtaine 2021 (BGBl. I, Uimh. 17/2018) (‘an Dlí maidir le sciúradh airgid’).
( 3 ) Breithiúnas an 5 Nollaig 2023, Deutsche Wohnen (C‑807/21, EU:C:2023:950).
( 4 ) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO 2016 L 119, lch. 1, ‘RGCS’).
( 5 ) Mar is léir ó theideal agus ó Airteagal 1(1) agus (2) de Threoir 2015/849.
( 6 ) (Breithiúnas an 19 Meitheamh 2025, Lietuvos bankas, C‑671/23, EU:C:2025:457, mír 35 agus an cásdlí dá dtagraítear).
( 7 ) De bhua Airteagal 2(1) de Threoir 2015/849.
( 8 ) Mar a fhoráiltear dóibh in Airteagal 2(1), pointe (3) de Threoir 2015/849.
( 9 ) Breithiúnas an 26 Meitheamh 2025, Makeleio agus Zougla (C‑555/23 agus C‑556/23, EU:C:2025:484, mír 85 agus an cásdlí dá dtagraítear).