Eagrán sealadach

BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Dara Dlísheomra)

29 Eanáir 2026 (*)

(Tarchur chun réamhrialú – Caingne le haghaidh damáistí faoin dlí náisiúnta maidir le sáruithe ar fhorálacha dhlí iomaíochta na mBallstát agus an Aontais Eorpaigh – Treoir 2014/104/AE – Airteagal 5(1) – Raon feidhme – Caingean speisialta le haghaidh dearbhaithe maidir le táirgeadh doiciméad sula bhféadfaí caingean le haghaidh damáistí a thionscnamh – Measúnú ar inchreidteacht an éilimh ar dhamáistí)

I gCás C‑286/24,

IARRAIDH ar réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE, ón Supremo Tribunal de Justiça (an Chúirt Uachtarach, an Phortaingéil), trí bhreith an 4 Márta 2024, a fuarthas ag an gCúirt an 23 Aibreán 2024, sna himeachtaí

Meliá Hotels International, S.A.

v

Associação Ius Omnibus,

tugann AN CHÚIRT (an Dara Dlísheomra),

agus í comhdhéanta mar seo a leanas: K. Jürimäe (Rapóirtéir), Uachtarán Dlísheomra, K. Lenaerts, Uachtarán na Cúirte, ag feidhmiú mar Bhreitheamh den Dara Dlísheomra, F. Schalin, M. Gavalec agus Z. Csehi, Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: M. Szpunar,

Cláraitheoir: A. Calot Escobar,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn,

tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

–        Meliá Hotels International, S.A., ag F. Aguilar de Carvalho, T. L. Faria agus G. Neves Lima, advogados,

–        Associação Ius Omnibus, ag M. Sousa Ferro, advogado,

–        Rialtas na Portaingéile, ag C. Alves agus P. Barros da Costa, i gcáil Gníomhairí,

–        an Coimisiún Eorpach, ag S. Baches Opi agus P. Caro de Sousa, i gcáil Gníomhairí,

tar éis éisteacht le Tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 12 Meitheamh 2025

an Breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1        Baineann an iarraidh ar réamhrialú le léiriú ar Airteagal 5(1) de Threoir 2014/104/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Samhain 2014 maidir le rialacha áirithe lena rialaítear caingne le haghaidh damáistí faoin dlí náisiúnta maidir le sáruithe ar fhorálacha dhlí iomaíochta na mBallstát agus an Aontais Eorpaigh (IO 2014 L 349, lch. 1).

2        Rinneadh an iarraidh seo in imeachtaí idir Meliá Hotels International, S.A. (‘Meliá’) agus Associação Ius Omnibus (‘Ius Omnibus’) i gcomhthéacs caingean speisialta le haghaidh dearbhaithe arna tionscnamh ag Meliá maidir le táirgeadh doiciméad i ndáil le sárú ar dhlí na hiomaíochta arna dhéanamh ag Meliá.

 An dlí lena mbaineann

 Dlí an Aontais Eorpaigh

 Rialachán (CE) Uimh. 1/2003

3        Luaitear an méid seo a leanas in Airteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le cur chun feidhme na rialacha iomaíochta a leagtar síos in Airteagail [101] agus [102 CFAE] (IO 2003 L 1, lch. 1), dar teideal ‘Sárú a chinneadh agus deireadh a chur leis’, sa chéad abairt de mhír 1 de:

‘Má shuíonn an Coimisiún, ag gníomhú dó i leith gearáin nó ar a thionscnamh féin, gur tharla sárú ar Airteagail [101] nó [102 TFUE] den Rialachán seo, féadfaidh sé, le cinneadh, a cheangal ar na gnóthais agus ar na comhlachais gnóthas lena mbaineann deireadh a chur le sárú dá leithéid.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

4        Foráiltear le hAirteagal 16 den Rialachán sin, dar teideal ‘Dlí iomaíochta an Chomhphobail a chur i bhfeidhm go haonfhoirmeach’, i mír 1 de:

‘Nuair a thugann cúirteanna náisiúnta rialú ar chomhaontuithe, cinntí nó cleachtais faoi Airteagal [101] nó [102 CFAE] atá faoi réir cinneadh ón gCoimisiún [Eorpach] cheana féin, ní féidir leo cinntí a ghlacadh a thagann salach ar an gcinneadh arna ghlacadh ag an gCoimisiún. Ní mór dóibh freisin gan cinntí a thabhairt a bheadh ag teacht salach ar chinneadh atá beartaithe ag an gCoimisiún in imeachtaí atá tionscanta aige. Chuige sin, féadfaidh an chúirt náisiúnta a mheas an gá bac a chur ar a himeachtaí. Tá an oibleagáid sin gan dochar do na cearta agus na hoibleagáidí faoi Airteagal [267 CFAE].’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

 Treoir 2014/104

5        Is mar seo a leanas atá an fhoclaíocht in aithrisí 6, 14 go 16, 22, 27 agus 47 de Threoir 2014/104:

‘(6)      Chun gníomhaíochtaí forfheidhmithe príobháideacha éifeachtacha faoin dlí sibhialta agus forfheidhmiú poiblí éifeachtach trí údaráis iomaíochta a áirithiú, is gá don dá uirlis seo idirghníomhú chun éifeachtacht na rialacha iomaíochta a áirithiú. [...]

[…]

(14)      Is iondúil go mbíonn anailís chasta fhíorasach agus eacnamaíoch ag teastáil maidir le caingne le haghaidh damáistí de dheasca sáruithe ar dhlí iomaíochta an Aontais nó ar an dlí iomaíochta náisiúnta. In go leor cásanna, is ag an gcosantóir nó ag tríú páirtithe amháin atá an fhianaise is gá chun éileamh ar dhamáistí a chruthú agus níl eolas leordhóthanach ag an éilitheoir uirthi ná níl rochtain leordhóthanach aige uirthi. Sna himthosca sin, d’fhéadfadh diancheanglais dlí lena gceanglaítear ar éilitheoirí fíorais uile an cháis a leagan amach go beacht ag tús na n‑imeachtaí agus fianaise shonrach a thabhairt ar aird chun tacú lena n‑éileamh cosc míchuí a chur ar fheidhmiú éifeachtach an chirt chun cúitimh a ráthaítear le CFAE.

(15)      Is gné thábhachtach í an fhianaise agus caingean á thionscnamh le haghaidh damáistí as sárú ar dhlí iomaíochta náisiúnta nó ar dhlí an Aontais. Mar sin féin, ós rud é go bhfuil neamhshiméadracht faisnéise ina saintréith de dhíospóidí faoi dhlí na hiomaíochta, is gá a áirithiú go mbeidh sé de cheart ag éilitheoirí nochtadh fianaise a bhaineann lena n‑éileamh a fháil, gan iallach a bheith orthu míreanna sonracha fianaise a shainaithint. Chun comhionannas arm a áirithiú idir na páirtithe i gcaingean le haghaidh damáistí, ba cheart na modhanna sin a bheith ar fáil freisin do chosantóirí i gcaingne le haghaidh damáistí, ionas gur féidir leo nochtadh fianaise a iarraidh ar éilitheoirí. Ba cheart do chúirteanna náisiúnta a bheith in ann a ordú freisin do thríú páirtithe, lena n‑áirítear údaráis phoiblí, fianaise a nochtadh. [...]

(16)      Ba cheart do chúirteanna náisiúnta a bheith in ann, faoina rialú docht, go háirithe a mhéid a bhaineann le riachtanas agus comhréireacht na mbeart chun fianaise a nochtadh, a ordú go nochtfaí míreanna sonracha fianaise nó catagóirí sonracha fianaise arna iarraidh sin do pháirtí. Leanann sé ó cheanglas na comhréireachta nach féidir nochtadh fianaise a ordú ach amháin i gcás inar líomhain an t‑éilitheoir go hinchreidte, ar bhonn fíorais atá ar fáil go réasúnach don éilitheoir sin, gur bhain díobháil dó arb é an cosantóir ba chúis léi. [...]

[...]

(22)      Chun cosaint éifeachtach an chirt chun cúitimh a áirithiú, ní gá gach doiciméad a bhaineann le himeachtaí faoi Airteagail 101 nó 102 [CFAE] a chur in iúl d’éilitheoir ar an bhforas amháin go bhfuil sé ar intinn ag an éilitheoir sin caingean le haghaidh damáistí a thionscnamh, ós rud é gur beag seans go mbeidh an chaingean le haghaidh damáistí bunaithe ar an bhfianaise go léir sa chomhad a bhaineann leis na himeachtaí sin.

[...]

(27)      Le rialacha na Treorach seo maidir le nochtadh doiciméad seachas ráitis trócaire agus aighneachtaí socraíochta, áirithítear go bhfuil roghanna malartacha leordhóthanacha ag páirtithe díobhálaithe chun rochtain a bheith acu ar an bhfianaise ábhartha is gá chun a gcaingne le haghaidh damáistí a ullmhú. [...]

[...]

(47)      Chun aghaidh a thabhairt ar neamhshiméadracht faisnéise agus ar dheacrachtaí áirithe maidir le díobháil a chainníochtú i gcásanna a bhaineann le dlí na hiomaíochta, agus chun éifeachtacht na gcaingne le haghaidh damáistí a áirithiú, ba cheart a thoimhdiú go ndéanann sáruithe cairtéil díobháil, go háirithe trí thionchar a imirt ar phraghsanna. Ag brath ar fhíorais an cháis, bíonn praghsanna níos airde mar thoradh ar chairtéil nó cuireann siad cosc ar laghdú praghais a tharlódh mura mbeadh an cairtéal ann. Níor cheart baint a bheith ag an toimhde sin le méid iarbhír an damáiste. Ba cheart an ceart a bheith ag ciontóirí an toimhde a fhrisnéis. Ba cheart an toimhde infhrisnéise sin a theorannú do chairtéil, i bhfianaise a gcineáil rúnda, rud a mhéadaíonn neamhshiméadracht na faisnéise agus a fhágann go bhfuil sé níos deacra d’éilitheoirí an fhianaise is gá a fháil chun a léiriú gurb ann do dhíobháil.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

6        Foráiltear le hAirteagal 1 den Treoir sin, dar teideal ‘Ábhar agus raon feidhme’:

‘1.      Leis an Treoir seo, leagtar síos rialacha áirithe atá riachtanach chun a áirithiú gur féidir le haon duine ar bhain díobháil dó de dheasca sárú arna dhéanamh ag gnóthas nó ag comhlachas gnóthas ar an dlí iomaíochta, gur féidir leis an duine sin ceart a fheidhmiú go héifeachtach, is é sin, an ceart chun lánchúiteamh a éileamh ón ngnóthas nó ón gcomhlachas sin as an díobháil sin. Leagtar síos rialacha inti lena gcothaítear iomaíocht neamhshaofa sa mhargadh inmheánach agus lena mbaintear bacainní ar a fheidhmiú ceart, trína áirithiú go bhfaighidh gach duine ar bhain díobháil den sórt dó sin cosaint choibhéiseach ar fud an Aontais.

2.      Leagtar síos leis an Treoir seo rialacha lena gcomhordaítear forfheidhmiú rialacha iomaíochta ag údaráis iomaíochta agus forfheidhmiú na rialacha sin i gcaingne le haghaidh damáistí a thugtar os comhair cúirteanna náisiúnta.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

7        Is mar seo a leanas atá an fhoclaíocht in Airteagal 2(4) agus (14) den Treoir sin:

‘Chun críocha na Treorach seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

[...]

(4)      ciallaíonn “caingean le haghaidh damáistí” caingean faoin dlí náisiúnta faoina dtugann páirtí díobhálaithe líomhnaithe éileamh ar dhamáistí os comhair cúirt náisiúnta, nó faoina dtugann duine éigin atá ag gníomhú ar son páirtí díobhálaithe líomhnaithe amháin nó níos mó ná sin an t‑éileamh sin os a comhair i gcás ina bhforálfar le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta maidir leis an bhféidearthacht sin, nó faoina dtugann duine nádúrtha nó dlítheanach, ar tugadh ceart an pháirtí dhíobhálaithe líomhnaithe dó, an t‑éileamh sin os a comhair, lena n‑áirítear an duine a fuair an t‑éileamh;

[...]

(14)      ciallaíonn “cairtéal” aon chomhaontú nó cleachtas comhbheartaithe idir dhá iomaitheoir nó níos mó arb é is aidhm dó a n‑iompraíocht iomaíoch ar an margadh a chomhordú nó tionchar a imirt ar pharaiméadair iomaíochta trí chleachtais amhail praghsanna ceannaigh nó díola nó coinníollacha trádála eile a shocrú nó a chomhordú, ach gan a bheith teoranta dóibh sin [...]’.

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

8        Foráiltear le hAirteagal 5(1) go (3) agus (8) den Treoir sin, dar teideal ‘Fianaise a nochtadh’:

‘1.      In imeachtaí a bhaineann le caingne le haghaidh damáistí arna dtionscnamh san Aontas arna iarraidh sin d’éilitheoir a chuir isteach bonn cirt réasúnaithe ina bhfuil fíorais agus fianaise atá ar fáil go réasúnta agus ar leor iad chun tacú le hinchreidteacht a éilimh ar dhamáistí, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh cúirteanna náisiúnta in ann a ordú don chosantóir nó do thríú páirtí fianaise ábhartha atá ina seilbh a nochtadh, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach sa Chaibidil seo. Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh cúirteanna náisiúnta, arna iarraidh sin don chosantóir, ordú a thabhairt don éilitheoir nó do thríú páirtí fianaise ábhartha a nochtadh.

[...]

2.      Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh cúirteanna náisiúnta nochtadh míreanna áirithe fianaise nó catagóirí ábhartha fianaise a ordú, agus iad imscríofa chomh beacht agus chomh cúng agus is féidir, ar bhonn na bhfíoras atá ar fáil go réasúnach san údar réasúnaithe.

3.      Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na cúirteanna náisiúnta nochtadh na fianaise a theorannú don mhéid atá comhréireach. Agus cinneadh á dhéanamh an bhfuil iarraidh páirtí ar nochtadh fianaise comhréireach, cuirfidh cúirteanna náisiúnta leasanna dlisteanacha na bpáirtithe agus na dtríú páirtithe uile lena mbaineann san áireamh. Go háirithe, cuirfidh siad an méid seo a leanas san áireamh:

(a)      a mhéid a thacaíonn na fíorais agus an fhianaise atá ar fáil leis an iarraidh nó leis an gcosaint, ar fíorais agus fianaise iad lena dtugtar bonn cirt don iarraidh ar fhianaise a nochtadh;

(b)      méid agus costas an nochta fianaise, go háirithe d’aon tríú páirtithe lena mbaineann, lena n‑áirítear chun cuardaigh neamhshonracha ar fhaisnéis a sheachaint nach dócha go mbeidh siad ábhartha do na páirtithe sna himeachtaí;

(c)      go bhféadfadh faisnéis rúnda a bheith san fhianaise a n‑iarrtar a nochtadh, go háirithe maidir le tríú páirtithe féideartha, agus na socruithe atá ann cheana chun faisnéis rúnda den sórt sin a chosaint.

[...]

8.      Gan dochar do mhíreanna 4 agus 7 agus d’Airteagal 6, ní chuirfidh an tAirteagal seo cosc ar na Ballstáit rialacha a choinneáil nó a thabhairt isteach a mbeadh nochtadh níos leithne fianaise mar thoradh orthu.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

9        Foráiltear le hAirteagal 6 de Threoir 2014/104, dar teideal ‘Fianaise i gcomhad údaráis iomaíochta a nochtadh’, i mír 4(b) de:

‘Agus measúnú á dhéanamh, i gcomhréir le hAirteagal 5(3), ar chomhréireacht ordaithe um nochtadh faisnéise, cuirfidh na cúirteanna náisiúnta na heilimintí seo a leanas san áireamh freisin:

[...]

(b)      an cheist an bhfuil an páirtí a iarrann nochtadh faisnéise ag déanamh amhlaidh i gcomhthéacs caingne damáistí a tugadh os comhair cúirte náisiúnta [...]’.

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

10      Foráiltear le hAirteagal 17 den Treoir sin, dar teideal ‘Cainníochtú damáiste’, i mír 2 de:

‘Toimhdítear go ndéanann sáruithe cairtéil díobháil. Beidh sé de cheart ag an gciontóir an toimhde sin a fhrisnéis.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

 Dlí na Portaingéile

11      Rinneadh Treoir 2014/104 a thrasuí i ndlí na Portaingéile le Lei Uimh. 23/2018 (Dlí Uimh. 23/2018) an 5 Meitheamh 2018 (Diário da República, an chéad sraith, Uimh. 290, an 5 Meitheamh 2018).

12      Foráiltear le hAirteagal 12 de Dhlí Uimh. 23/2018, dar teideal ‘Fianaise a thabhairt ar aird i gcaingean le haghaidh damáistí’, i míreanna 1 go 4 de:

‘1. – Féadfaidh an chúirt, ar iarraidh ó aon pháirtí sa chaingean le haghaidh damáistí, a ordú don pháirtí eile nó do thríú páirtí, lena n‑áirítear eintitis phoiblí, fianaise atá ina seilbh a thabhairt ar aird, faoi réir na dteorainneacha a leagtar amach sa Chaibidil seo.

2. – Beidh an t‑éileamh dá dtagraítear sa mhír roimhe seo bunaithe ar fhíorais agus ar fhianaise atá ar fáil go réasúnta agus ar leor iad chun tacú le hinchreidteacht an éilimh ar dhamáistí nó ar an gcosaint agus luafar ann na fíorais atá le cruthú.

3. – Sainaithneofar san iarraidh, ar bhealach chomh beacht agus chomh cúng agus is féidir, an fhianaise nó na catagóirí fianaise a n‑iarrtar iad a thabhairt ar aird, ar bhonn na bhfíoras ar a bhfuil sí bunaithe.

4. – Ordaíonn an chúirt fianaise a thabhairt ar aird má mheasann sí go bhfuil sí comhréireach agus ábhartha chun an cás a bhreithniú, agus diúltaítear d’iarrataí a bhaineann le cuardaigh neamh-idirdhealaitheacha ar fhaisnéis.’

13      Foráiltear le hAirteagal 13 den Dlí sin, dar teideal ‘Rochtain ar fhianaise sula dtionscnaítear caingean le haghaidh damáistí’:

‘1. – Féadfaidh aon duine ar mian leis, faoi théarmaí agus chun críocha Airteagail 573 go 576 den Chód Sibhialta, faisnéis nó fianaise a fháil, lena n‑áirítear an fhaisnéis nó an fhianaise nach mian leis an duine a bhfuil an fhaisnéis ina sheilbh aige a sholáthar, trí údar a thabhairt le riachtanas an bhirt agus faoi réir na dteorainneacha eile a leagtar amach sa Chaibidil seo, a iarraidh ar an gcúirt a bhfuil dlínse aici an duine a dhiúltaíonn rochtain a thabhairt ar aird a thoghairm ar an dáta, ag an am agus san áit a ainmneoidh an chúirt, faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagail 1045 go 1047 de Chód an Nós Imeachta Shibhialta.

2. – Beidh feidhm mutatis mutandis ag forálacha mhíreanna 2 go 9 den airteagal roimhe seo maidir leis na hiarrataí ar rochtain dá dtagraítear sa mhír roimhe seo.’

 An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tarchuireadh

14      An 21 Feabhra 2020, ghlac an Coimisiún Cinneadh C(2020) 893 final maidir le himeacht faoi Airteagal 101 [CFAE] agus Airteagal 53 de Chomhaontú LEE [(Cás AT.40528 – Meliá (Holiday Pricing)], ar foilsíodh achoimre air in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh an 2 Meitheamh 2020 (IO 2020 C 182, lch. 9).

15      Sa chinneadh sin, a díríodh chuig Meliá, chinn an Coimisiún, le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2015, gur sháraigh Meliá Airteagal 101 CFAE agus Airteagal 53 den Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch an 2 Bealtaine 1992, (IO 1994 L 1, lch. 3) trí chleachtais ingearacha a chur chun feidhme, trí mhodhanna conarthacha, lena ndearnadh idirdhealú idir tomhaltóirí ar bhonn a náisiúntachta nó a dtíre cónaithe, agus ar an gcaoi sin srian a chur ar dhíolacháin ghníomhacha agus éighníomhacha cóiríochta in óstáin a bhainistíonn sé nó ar leis iad le tomhaltóirí intíre nó le cónaitheoirí na mBallstát a shainigh sé féin.

16      Thug Ius Omnibus, os comhair na cúirte céadchéime a bhfuil dlínse aici, caingean speisialta le haghaidh dearbhú ar bhonn Airteagal 13 de Dhlí Uimh. 23/2018. Ba é cuspóir na gníomhaíochta sin doiciméid atá i seilbh Meliá a fháil a mheas Ius Omnibus a bheith riachtanach chun raon feidhme agus éifeachtaí an chleachtais fhrithiomaíoch a d’aimsigh an Coimisiún a chinneadh agus a chruthú, agus, anuas air sin, an díobháil a rinne an cleachtas sin agus a chainníochtú do thomhaltóirí. Chuir Ius Omnibus in iúl gur tháinig an chaingean sin roimh chaingean chomhchoiteann le haghaidh damáistí a d’fhéadfadh a bheith ann, a raibh sé beartaithe aige a thabhairt tríd an gceart caingne atá ag an bpobal a fheidhmiú thar ceann na dtomhaltóirí a ndearnadh díobháil dóibh agus a bhfuil cónaí orthu sa Phortaingéil, i gcás ina bhféadfadh sé, ar bhonn na ndoiciméad a iarradh, díobháil a dhéanamh do leasanna na dtomhaltóirí sin, a raibh a gcúis le fáil i gcleachtas frithiomaíoch Meliá a d’aimsigh an Coimisiún.

17      Sheas an chúirt sin leis an gcaingean speisialta le haghaidh dearbhaithe a thug Ius Omnibus. Ar achomharc ó Meliá, sheas an Tribunal da Relação (Cúirt Achomhairc na Portaingéile) leis an mbreithiúnas a tugadh ag an gcéad chéim ina iomláine.

18      Thug Meliá caingean le haghaidh athbhreithniú eisceachtúil ansin os comhair an Supremo Tribunal de Justiça (an Chúirt Uachtarach, an Phortaingéil), an chúirt a rinne an tarchur.

19      Sonraíonn an chúirt sin gur fúithi atá sé léiriú a dhéanamh, den chéad uair, ar Airteagal 5(1) go (3) de Threoir 2014/104 agus ar Airteagail 12 agus 13 de Dhlí Uimh. 23/2018, lenar trasuíodh an Treoir sin i ndlí na Portaingéile. Is gá, i ndáil leis sin, a chinneadh conas a dhéanfar measúnú ar chritéir na hinchreidteachta, an riachtanais agus na comhréireachta i gcomhthéacs caingean speisialta le haghaidh dearbhaithe maidir le táirgeadh doiciméad, amhail an chaingean a thug Ius Omnibus. Fiafraíonn an chúirt sin, go háirithe, an leor brath ar chinneadh ón gCoimisiún amháin chun údar a thabhairt leis na doiciméid a iarradh a thabhairt ar aird.

20      Sna himthosca sin, chinn an Supremo Tribunal de Justiça (an Chúirt Uachtarach) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:

‘(1)      An bhfuil feidhm ag Airteagal 5(1) de Threoir [2014/104] maidir le caingean i ndáil le rochtain a fháil ar fhianaise sula dtionscnaítear caingean le haghaidh damáistí de réir bhrí Airteagal 2(4) den Treoir sin?

I gas go dtugtar freagra dearfach ar an gceist roimhe seo:

(2)      An bhforchuirtear i gcónaí leis an gceanglas maidir le sochreidteacht an éilimh ar dhamáistí a leagtar síos le hAirteagal 5(1) de Threoir [2014/104] go léireodh an t‑éilitheoir, sa chás atá i gceist, gur mó is dócha ná a mhalairt go ndearnadh díobháil do na tomhaltóirí ábhartha, eadhon siúd a bhfuil cónaí orthu sa Phortaingéil sa chás seo?

(3)      An féidir le cúirteanna náisiúnta an critéar maidir le sochreidteacht an éilimh ar dhamáistí a leagtar síos le hAirteagal 5(1) de Threoir [2014/104] a bhunú ar an bhfíoras gur ghlac na húdaráis náisiúnta inniúla cinneadh [?] Go háirithe, chun críocha a leithéide d’anailís, cén tionchar a bheadh ann i gcás inar glacadh leis an gcinneadh atá i gceist mar chuid de nós imeachta socraíochta maidir le sárú ingearach de réir cuspóra ar dhlí iomaíochta an Aontais Eorpaigh?’

 Na ceisteanna a tharchuirtear

 An chéad cheist

21      Mar réamhphointe, ba cheart a mheabhrú, i gcomhthéacs an chomhair idir na cúirteanna náisiúnta agus an Chúirt Bhreithiúnais dá bhforáiltear in Airteagal 267 CFAE, gur faoin gCúirt Bhreithiúnais atá sé freagra a thabhairt don chúirt a rinne an tarchur a bheidh úsáideach di agus a chuirfidh ar a cumas an cás atá os a comhair a chinneadh. Chuige sin, is féidir leis an gCúirt Bhreithiúnais, i gcás inarb iomchuí, na ceisteanna a chuirtear faoina bráid a chur i bhfocail eile. (Féach breithiúnais an 17 Iúil 1997, Krüger, C‑334/95, EU:C:1997:378, míreanna 22 agus 23; an 28 Samhain 2000, Roquette Frères, C‑88/99, EU:C:2000:652, mír 18, agus an 16 Feabhra 2023, Tráficos Manuel Ferrer, C‑312/21, EU:C:2023:99, mír 31).

22      Sa chás seo, ba cheart a thabhairt faoi deara, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 23 dá Thuairim, go dtagann an chéad cheist faoi chomhthéacs dhlí na Portaingéile lena bhforáiltear go sainráite go bhféadfaí iarraidh a dhéanamh ar nochtadh fianaise os comhair caingean le haghaidh damáistí lena lorgaítear cúiteamh as an damáiste a rinneadh mar thoradh ar shárú ar dhlí na hiomaíochta. Dá bhrí sin, ní gá, sa chás seo, a chinneadh an gceanglaítear le Treoir 2014/104 ar na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le féidearthacht den sórt sin.

23      Os a choinne sin, is gá a chinneadh, i gcás ina bhforáiltear dó sin leis an dlí náisiúnta, an dtagann caingean roimh ré lena n‑iarrtar rochtain ar fhianaise sula bhféadfar caingean le haghaidh damáistí a thionscnamh faoi raon feidhme Airteagal 5(1) den Treoir sin.

24      Sna himthosca sin, ní mór a mheas, lena céad cheist, go bhféachann an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, lena fháil amach an gá Airteagal 5(1) de Threoir 2014/104 a léiriú sa chaoi go bhfuil feidhm aige maidir le caingean roimh ré lena n‑iarrtar rochtain ar fhianaise sula dtionscnaítear caingean le haghaidh damáistí, de réir bhrí Airteagal 2(4) den Treoir sin, i gcás ina bhforáiltear do chaingean den sórt sin roimh ré leis an dlí náisiúnta.

25      I ndáil leis sin, ní mór a mheabhrú go leagtar síos in Airteagal 5 den Treoir sin roinnt rialacha ginearálta maidir le nochtadh fianaise in imeachtaí a bhaineann le caingne le haghaidh damáistí i leith sáruithe ar dhlí na hiomaíochta (breithiúnas an 12 Eanáir 2023, RegioJet, C‑57/21, EU:C:2023:6, mír 55).

26      Faoin gcéad abairt den chéad fhomhír d’Airteagal 5(1) de Threoir 2014/104, áiritheoidh na Ballstáit, in imeachtaí a bhaineann le caingne le haghaidh damáistí arna dtionscnamh san Aontas arna iarraidh sin d’éilitheoir a thíolaic údar réasúnaithe ina bhfuil fíorais agus fianaise atá ar fáil go réasúnta agus ar leor iad chun tacú le hinchreidteacht a éilimh ar dhamáistí, go bhféadfaidh cúirteanna náisiúnta a ordú don chosantóir nó do thríú páirtí fianaise ábhartha atá ina seilbh a nochtadh, faoi na coinníollacha a leagtar amach i gCaibidil II den Treoir sin, a bhaineann le nochtadh fianaise.

27      Chun an fhoráil sin a léiriú, is gá, i gcomhréir le cásdlí socair na Cúirte, breithniú a dhéanamh ní hamháin ar fhoclaíocht fhoráil dhlí an Aontais atá le léiriú, ach freisin ar an gcomhthéacs ina bhfuil sí agus ar na cuspóirí a shaothraítear leis na rialacha ar cuid díobh í (Féach breithiúnais an 17 Samhain 1983, Merck, 292/82, EU:C:1983:335, mír 12, agus an 10 Samhain 2022, PACCAR agus páirtithe eile, C‑163/21, EU:C:2022:863, mír 38 agus an cásdlí dá dtagraítear).

28      Ar an gcéad dul síos, maidir leis an léiriú litriúil ar Airteagal 5(1) de Threoir 2014/104, ní mór a thabhairt faoi deara go n‑athraíonn foclaíocht na forála sin de réir na leaganacha teanga.

29      Dá bhrí sin, úsáidtear inter alia, na focail ‘procédures relatives aux actions en dommages et intérêts’, sna leaganacha Fraincise, Spáinnise (‘procedimientos relativos a acciones por daños’), Seicise (‘řízeních týkajících se žaloby o náhradu škody’), Eastóinise (‘kahju hüvitamise hagiga seotud menetluses’), Béarla (‘proceedings relating to an action for damages in the Union’), Iodáilise (‘procedimenti relativi a un’azione per il risarcimento del danno’) agus den fhoráil sin. Sna leaganacha sin, dá bhrí sin, déantar Airteagal 5(1) de Threoir 2014/104 a fhoirmliú i dtéarmaí leathana mar thoradh ar úsáid an natha neamhchinntithe ‘imeachtaí a bhaineann le’. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh an fhoráil sin, sa bhreis ar chaingean le haghaidh damáistí stricto sensu, de réir bhrí Airteagal 2(4) de Threoir 2014/104, caingean roimh an gcaingean sin a chumhdach, amhail caingean chun fianaise a fháil, faoin dlí náisiúnta, i gcomhthéacs caingean le haghaidh damáistí amach anseo.

30      É sin ráite, tá foclaíocht níos cúinge ar leaganacha teanga eile d’Airteagal 5(1) den Treoir sin, amhail iad siúd sa Ghréigis (‘διαδικασίες αγωγής αποζημίωσης’) nó sa Pholainnis (‘w postępowaniu o odszkodowanie’), a mhéid nach dtagraíonn siad, faoi seach, ach do ‘imeachtaí le haghaidh damáistí’ nó ‘imeachtaí le haghaidh damáistí’. D’fhéadfaí a thuiscint leis na téarmaí sin nach bhfuil feidhm ag an bhforáil sin maidir le caingean roimh chaingean le haghaidh damáistí lena bhféachtar le fianaise dhoiciméadach a fháil.

31      I ndáil leis sin, ba cheart a mheabhrú, de réir cásdlí socair na Cúirte, nach bhféadfar a ghlacadh mar bhunús an fhoclaíocht atá á húsáid i leagan teanga amháin d’fhoráil dhlí an Aontais agus í sin amháin chun an fhoráil sin a léiriú ná tús áite a thabhairt di ar na leaganacha teanga eile. Cuireann an gá le léiriú agus cur i bhfeidhm aonfhoirmeach ar gach foráil de dhlí an Aontais cosc air a bheith á mheas ar leithligh in aon cheann dá leaganacha teanga agus éilíonn sé go ndéanfaí é a léiriú i gcomhréir le struchtúr agus le cuspóir iomlán na reachtaíochta arbh cuid di é. (féach, chuige sin, breithiúnais an 12 Samhain 1969, Stauder, 29/69, EU:C:1969:57, míreanna 2 agus 3, agus an 29 Feabhra 2024, Bundesamt für Fremdenwesen und Asyl (Iompú reiligiúin níos déanaí), C‑222/22, EU:C:2024:192, mír 42).

32      Ar an dara dul síos, maidir le comhthéacs Airteagal 5(1) de Threoir 2014/104, ba cheart a thabhairt faoi deara, ar an gcéad dul síos, mar is léir ó theideal na Treorach sin agus ó Airteagal 1 di, go leagtar síos leis an Treoir sin rialacha áirithe is gá chun a áirithiú gur féidir le haon duine a ndearnadh díobháil dó de dheasca sárú ar dhlí na hiomaíochta a cheart a fheidhmiú go héifeachtach chun lánchúiteamh a éileamh as an díobháil sin agus go leagtar síos léi na rialacha lena gcomhordaítear forfheidhmiú na rialacha iomaíochta ag na húdaráis iomaíochta agus forfheidhmiú na rialacha sin i gcaingne le haghaidh damáistí a thugtar os comhair na gcúirteanna náisiúnta.

33      I bhfianaise Airteagal 1 de Threoir 2014/104, chinn an Chúirt cheana féin go bhfuil raon feidhme ábhartha na Treorach sin teoranta do chaingne le haghaidh damáistí a thionscnaítear mar gheall ar sháruithe ar rialacha iomaíochta amháin agus nach mbaineann sé le cineálacha eile caingne a bhaineann le sáruithe ar fhorálacha dhlí na hiomaíochta (féach, chuige sin, breithiúnas an 20 Aibreán 2023, Repsol Comercial de Productos Petrolíferos, C‑25/21, EU:C:2023:298, míreanna 30 agus 31). Cé go raibh sé beartaithe ag an gCúirt, dá bhrí sin, caingne le haghaidh dearbhú neamhbhailíochta a thionscnaítear faoi Airteagal 101(2) CFAE a eisiamh ó raon feidhme na Treorach sin, níor rialaigh sí, ar an taobh eile, maidir le hinfheidhmeacht na Treorach sin, agus go háirithe Airteagal 5(1) di, maidir le caingne roimh chaingne le haghaidh damáistí lena n‑iarrtar rochtain ar fhianaise.

34      Anuas air sin, ba cheart a thabhairt faoi deara go gcuirtear in iúl le forálacha áirithe de Threoir 2014/104 go bhfuil sé ar intinn ag reachtóir an Aontais gan na caingne sin roimhe sin a eisiamh ó raon feidhme na Treorach sin.

35      Luaitear in Airteagal 6(4) (b) de Threoir 2014/104, maidir le fianaise i gcomhad údaráis iomaíochta, nuair a scrúdaíonn cúirteanna náisiúnta comhréireacht ordaithe um nochtadh faisnéise i gcomhréir le hAirteagal 5(3) den Treoir sin, nach mór dóibh a chur san áireamh freisin ‘an ndéanann an páirtí a iarrann nochtadh faisnéise amhlaidh i gcomhthéacs caingean le haghaidh damáistí a thugtar os comhair cúirt náisiúnta’.

36      Sa chomhthéacs sin, tagraítear go sainráite in aithris 22 de Threoir 2014/104, chun cosaint éifeachtach an chirt chun cúitimh a áirithiú, do nochtadh doiciméad d’éilitheoir ‘a bhfuil sé beartaithe aige caingean le haghaidh damáistí a thionscnamh’. Chuige sin, tá sé níos soiléire fós le haithris 27 den Treoir sin go n‑áirithítear le rialacha na Treorach sin maidir le nochtadh doiciméad go mbeidh rochtain ag daoine díobhálaithe ar an bhfianaise ábhartha is gá ‘chun a gcaingne le haghaidh damáistí a ullmhú’.

37      Dá bhrí sin, ní raibh sé ar intinn ag reachtóir an Aontais, mar phrionsabal, aon chaingean roimh ré lena n‑iarrtar rochtain ar fhianaise a eisiamh ó raon feidhme Threoir 2014/104 sula dtionscnófaí caingean le haghaidh damáistí lena n‑iarrtar cúiteamh as an díobháil a rinneadh de dheasca sárú ar dhlí na hiomaíochta. Os a choinne sin, dealraíonn sé, in imthosca áirithe ar a laghad, go gcumhdaítear go sainráite leis an Treoir sin an cás ina ndéantar iarraidh ar nochtadh fianaise roimh chaingean le haghaidh damáistí, chun an chaingean sin a ullmhú.

38      Dá bhrí sin, tacaíonn na tosca sin le léiriú leathan ar Airteagal 5(1) de Threoir 2014/104 ar dá réir a bhfuil feidhm ag an bhforáil sin maidir le caingean roimh ré chun rochtain a fháil ar fhianaise sula dtugtar caingean le haghaidh damáistí, i gcás ina bhforáiltear do chaingean den sórt sin leis an dlí náisiúnta.

39      Ar an tríú dul síos, tá na cuspóirí a shaothraítear le Treoir 2014/104 de chineál a thacaíonn le léiriú den sórt sin freisin.

40      I ndáil leis sin, ní mór a mheabhrú, agus Treoir 2014/104 á glacadh, gur thosaigh reachtóir an Aontais ón gcinneadh nár leor an comhrac i gcoinne iompar frithiomaíoch arna thionscnamh ag an réimse poiblí, is é sin le rá ag an gCoimisiún agus ag na húdaráis iomaíochta náisiúnta, chun a áirithiú go gcomhlíonfar go hiomlán Airteagail 101 agus 102 CFAE agus go raibh sé tábhachtach an fhéidearthacht a éascú don réimse príobháideach rannchuidiú leis an gcuspóir sin a bhaint amach, mar a léirítear in aithris 6 den Treoir sin (breithiúnas an 10 Samhain 2022, PACCAR agus páirtithe eile, C‑163/21, EU:C:2022:863, mír 55).

41      Chun na cuspóirí sin a bhaint amach, bhí gá le huirlisí a chur chun feidhme a d’fhéadfadh neamhshiméadracht na faisnéise idir na páirtithe i ndíospóidí a bhaineann le cúiteamh as an díobháil a rinneadh de dheasca sáruithe ar dhlí na hiomaíochta a leigheas, rud atá ina shaintréith, i bprionsabal, de na díospóidí sin chun dochair don pháirtí díobhálaithe, mar a mheabhraítear in aithris 15 de Threoir 2014/104, agus a fhágann go bhfuil sé níos deacra don duine sin an fhaisnéis is gá a fháil chun caingean le haghaidh damáistí a thionscnamh (féach, chuige sin, breithiúnas an 10 Samhain 2022, PACCAR agus páirtithe eile, C‑163/21, EU:C:2022:863, míreanna 32 agus 59).

42      Tá sé beartaithe go sonrach leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 5(1) de Threoir 2014/104 an neamhshiméadracht faisnéise sin a leigheas, a mhéid a cheanglaítear léi ar na Ballstáit cumhachtaí sonracha a thabhairt do chúirteanna náisiúnta agus scrúdú á dhéanamh acu ar dhíospóidí a bhaineann le caingne le haghaidh damáistí lena n‑iarrtar cúiteamh as díobháil a ndearnadh dó de dheasca sáruithe ar dhlí na hiomaíochta. (féach, chuige sin, breithiúnais an 10 Samhain 2022, PACCAR agus páirtithe eile, C‑163/21, EU:C:2022:863, mír 32, agus an 12 Eanáir 2023, RegioJet, C‑57/21, EU:C:2023:6, mír 41).

43      Bheadh léiriú ar Airteagal 5(1) de Threoir 2014/104 sa chaoi nach bhfuil feidhm aige ach amháin maidir le caingne le haghaidh damáistí stricto sensu, d’eisiamh caingne roimhe sin, dá bhforáiltear leis an dlí náisiúnta agus lena n‑iarrtar rochtain ar fhianaise, contrártha do chuspóirí na Treorach sin, eadhon feidhmiú an chirt chun damáistí a éascú, i bhfianaise an ghá atá le neamhshiméadracht na faisnéise is saintréith de na díospóidí sin a leigheas, agus, ar an gcaoi sin, éifeachtacht fhorfheidhmiú príobháideach dhlí na hiomaíochta a áirithiú.

44      Tá caingean roimh ré chun rochtain a fháil ar fhianaise sula dtionscnaítear caingean le haghaidh damáistí in ann cur go beacht le héifeachtacht na caingne sin agus leis an neamhshiméadracht faisnéise sin a leigheas.

45      Fágann léiriú den sórt sin freisin gur féidir leasanna dlisteanacha na bpáirtithe agus na dtríú páirtithe uile lena mbaineann a chosaint.

46      Dá bhrí sin, ós rud é go n‑áirítear é faoi raon feidhme Airteagal 5(1) de Threoir 2014/104, tá caingean den sórt sin roimh ré faoi réir na rialacha ginearálta maidir le nochtadh fianaise in imeachtaí a bhaineann le caingne le haghaidh damáistí i leith sáruithe ar dhlí na hiomaíochta a leagtar síos in Airteagal 5 den Treoir sin. Bunaítear le míreanna 2 agus 3 den Airteagal sin, ar mhaithe le feidhmiú éifeachtach an chirt chun damáistí a fháil a áirithiú agus mí-úsáid caingne den sórt sin a chosc, sásra chun leasanna dlisteanacha na bpáirtithe agus na dtríú páirtithe uile lena mbaineann a chothromú, faoi réir athbhreithniú dian ag na cúirteanna náisiúnta ar tugadh na himeachtaí os a gcomhair (féach, chuige sin, breithiúnas an 10 Samhain 2022, PACCAR agus páirtithe eile, C‑163/21, EU:C:2022:863, míreanna 57 agus 64).

47      Dá bhrí sin, trí chaingne roimh ré, dá bhforáiltear leis an dlí náisiúnta agus trí rochtain ar fhianaise a lorg sula dtionscnaítear caingean le haghaidh damáistí, a chur faoi réir na rialacha ginearálta sin, is féidir cosc a chur ar ‘thurais iascaireachta’, eadhon, i gcomhréir le hAirteagal 5(3)(b) den Treoir sin, aon chuardach neamhshonrach ar fhaisnéis nach dócha go mbeidh sí ábhartha do na páirtithe sna himeachtaí.

48      I bhfianaise na gcúiseanna sin roimhe seo, is é an freagra ar an gcéad cheist ná nach mór Airteagal 5(1) de Threoir 2014/104 a léiriú sa chaoi go bhfuil feidhm aige maidir le caingean roimh ré chun rochtain a fháil ar fhianaise sula dtionscnaítear caingean le haghaidh damáistí de réir bhrí Airteagal 2(4) den Treoir sin, i gcás ina bhforáiltear do chaingean den sórt sin roimh ré leis an dlí náisiúnta.

 An tríú ceist

49      Mar réamhphointe, ba cheart a thabhairt faoi deara, mar a rinne an Coimisiún, go mbaineann an tríú ceist, ar cheart í a scrúdú roimh an dara ceist, le léiriú Airteagal 5(1) de Threoir 2014/104 agus, go sonrach, leis an gcritéar atá bunaithe ar ‘inchreidteacht an damáiste’.

50      I ndáil leis sin, ní mór a chur in iúl go gcuireann Airteagal 5(1) de Threoir 2014/104 glacadh na fianaise arna hiarraidh faoi réir údar réasúnaithe a bheith á chur isteach ag an éilitheoir ina bhfuil fíorais agus fianaise atá ar fáil go réasúnta agus ar leor iad chun tacú le ‘hinchreidteacht a iarratas éilimh ar dhamáistí’.

51      Ina theannta sin, is léir ó chásdlí socair na Cúirte go bhfuil aon duine i dteideal cúiteamh a éileamh as an díobháil a ndearnadh dó i gcás ina bhfuil nasc cúisíoch idir an díobháil sin agus sárú ar dhlí iomaíochta an Aontais. Dá bhrí sin, níl sa damáiste ach ceann amháin de na heilimintí riachtanacha chun críocha caingne le haghaidh damáistí, arb é an dá cheann eile ná sárú ar dhlí na hiomaíochta a bheith ann agus nasc cúisíoch a bheith ann idir an sárú sin agus an damáiste (féach, chuige sin, breithiúnais an 13 Iúil 2006, Manfredi agus páirtithe eile, C‑295/04 go C‑298/04, EU:C:2006:461, mír 61, agus an 22 Meitheamh 2022, Volvo agus DAF Trucks, C‑267/20, EU:C:2022:494, mír 58 agus 60).

52      Sna himthosca sin, is gá, i gcomhréir leis an gcásdlí dá dtagraítear i mír 21 den bhreithiúnas seo agus chun freagra úsáideach a thabhairt don chúirt a rinne an tarchur, an tríú ceist a athfhoirmliú.

53      Dá bhrí sin, ní mór a mheas, leis an gceist sin, go bhfiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gá Airteagal 5(1) de Threoir 2014/104 a léiriú sa chaoi gur leor cinneadh ón gCoimisiún lena gcinntear gurb ann do shárú ar dhlí iomaíochta an Aontais a bhí i bhfoirm srian ingearach de réir cuspóra chun inchreidteacht éilimh ar dhamáistí a shuíomh agus an ndéantar difear do fhreagra na ceiste sin toisc gur tugadh an cinneadh sin ag deireadh nós imeachta socraíochta.

54      Mar is léir ó mhíreanna 50 agus 51 den bhreithiúnas seo, ceanglaítear le hAirteagal 5(1) de Threoir 2014/104, go bunúsach, ar an duine a ndearnadh díobháil dó de dheasca sárú ar dhlí na hiomaíochta, mar thaca lena iarraidh ar nochtadh fianaise, údar réasúnaithe a chur ar aghaidh ina bhfuil fíorais agus fianaise atá ar fáil go réasúnta agus ar leor iad chun inchreidteacht a éilimh ar dhamáistí a shuíomh, is é sin le rá, inchreidteacht an tsáraithe, na díobhála agus nasc cúisíoch idir an sárú sin agus an díobháil sin.

55      Ar an gcéad dul síos, ba cheart a mheabhrú, i gcomhréir le hAirteagal 16(1) de Rialachán Uimh. 1/2003, nuair a thugann cúirteanna náisiúnta rialú ar chomhaontuithe, ar chinntí nó ar chleachtais a thagann, inter alia, faoi Airteagal 101 CFAE atá faoi réir cinneadh ón gCoimisiún cheana féin, nach bhféadfaidh siad cinntí a dhéanamh atá contrártha leis an gcinneadh arna ghlacadh ag an gCoimisiún.

56      I gcomhréir le cásdlí na Cúirte, forchuirtear an oibleagáid sin ar an gcúirt náisiúnta gan cinntí a dhéanamh atá contrártha le cinneadh ón gCoimisiún lena gcinntear go ndearnadh sárú ar Airteagal 101 CFAE ar an gcúirt náisiúnta fiú i gcás nach bhfuil an cinneadh sin críochnaitheach go fóill. Ar an gcéad dul síos, ní cheanglaítear le hAirteagal 16(1) de Rialachán Uimh. 1/2003 cinneadh an Choimisiúin a bheith críochnaitheach chun go gceanglófar ar an gcúirt náisiúnta é a chomhlíonadh. Ar an dara dul síos, tá éifeacht cheangailteach ag cinneadh nach bhfuil tagtha chun bheith críochnaitheach go fóill, ina gcinneann an Coimisiún go ndearnadh sárú ar dhlí na hiomaíochta, fad is nár cuireadh ar neamhní é agus is faoin gcúirt náisiúnta atá sé na hiarmhairtí iomchuí a chinneadh sna himeachtaí os a comhair (féach, chuige sin, breithiúnas an 18 Aibreán 2024, Heureka Group (Seirbhísí comparáide praghsanna ar líne), C‑605/21, EU:C:2024:324, míreanna 74 agus 77).

57      Leanann sé freisin ó chásdlí na Cúirte go gceanglaítear uirthi leis an oibleagáid atá ar an gcúirt náisiúnta gan cinntí a dhéanamh atá contrártha le cinneadh ón gCoimisiún lena gcinntear go ndearnadh sárú ar Airteagal 101 CFAE a aithint gurb ann do chomhaontú nó cleachtas toirmiscthe. Ar an taobh eile, tá damáiste agus nasc cúisíoch díreach idir an damáiste sin agus an cairtéal nó an cleachtas atá i gceist fós faoi réir mheasúnú na cúirte náisiúnta (féach, chuige sin, breithiúnas an 6 Samhain 2012, Otis agus páirtithe eile, C‑199/11, EU:C:2012:684, mír 65).

58      Dá bhrí sin, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i míreanna 43 agus 45 dá Thuairim, cuireann cinneadh ón gCoimisiún lena gcinntear sárú ar Airteagal 101 CFAE ar chumas na cúirte náisiúnta a chinneadh gur suíodh gurb ann don sárú agus, a fortiori, go bhfuil sé inchreidte. Ní bhaineann éifeacht cinnidh den sórt sin, bunaithe ar an gcinneadh sin, ach le cineál an tsáraithe agus lena raon feidhme ábhartha, pearsanta, ama agus críochach arna chinneadh ag an gCoimisiún. Os a choinne sin, ní leor an cinneadh sin, ann féin, chun tacú, i ngach cás, le hinchreidteacht éilimh ar dhamáistí. Chuige sin, is gá freisin inchreidteacht an damáiste agus an naisc chúisíoch a léiriú.

59      I ndáil leis sin, ba cheart a mheabhrú, ar an dara dul síos, i gcomhréir le hAirteagal 17(2) de Threoir 2014/104, go nglactar leis go ndéanann sáruithe cairtéil díobháil. Tá sé de cheart ag an sáraitheoir, áfach, an toimhde sin a fhrisnéis.

60      Is léir ó fhoclaíocht na forála sin go mbunaítear toimhde infhrisnéise léi maidir le díobháil a eascraíonn as cairtéal a bheith ann. Mar is léir ó aithris 47 de Threoir 2014/104, chuir reachtóir an Aontais teorainn leis an toimhde sin do chásanna cairtéil, i bhfianaise a nádúr rúnda, rud a mhéadaíonn neamhshiméadracht faisnéise agus a fhágann go bhfuil sé níos deacra do dhaoine díobhálaithe an fhianaise is gá a fháil chun a léiriú gurb ann do dhíobháil (féach, chuige sin, breithiúnas an 22 Meitheamh 2022, Volvo agus DAF Trucks, C‑267/20, EU:C:2022:494, mír 91).

61      Leanann sé ó Airteagal 2(14) den Treoir sin, chun críocha na Treorach sin, go bhfuil an cairtéal le tuiscint mar shrian cothrománach ar an iomaíocht idir dhá iomaitheoir nó níos mó.

62      Dá réir sin, níl an toimhde infhrisnéise díobhála dá bhforáiltear in Airteagal 17(2) de Threoir 2014/104 infheidhme i gcás srian ingearach iomaíochta lena mbaineann gnóthais neamhiomaíocha a oibríonn ar leibhéil éagsúla den slabhra táirgthe nó dáilte.

63      Dá bhrí sin, i gcás ina bhfuil cinneadh ón gCoimisiún lena gcinntear cairtéal a thoirmisctear le hAirteagal 101 CFAE, ní mór a mheas go bhfuil inchreidteacht an damáiste arb é an sárú ba chúis leis léirithe, mura rud é go ndéanann an cosantóir an toimhde a fhrisnéis.

64      Os a choinne sin, ní fhágann cinneadh ón gCoimisiún lena gcinntear sárú ar Airteagal 101 CFAE i bhfoirm srian ingearach ar iomaíocht, ann féin, gur féidir a chinneadh gur suíodh inchreidteacht na díobhála arb é an sárú ba chúis léi.

65      Tá feidhm ag an gconclúid sin freisin i gcás inar srian ar iomaíocht ‘de réir cuspóra’ é an srian ingearach a fhaightear i gcinneadh an Choimisiúin.

66      I ndáil leis sin, ba cheart a mheabhrú go ndéantar idirdhealú soiléir in Airteagal 101(1) CFAE idir coincheap an tsriain ‘de réir cuspóra’ agus coincheap an tsriain ‘de réir éifeachta’, a bhfuil gach ceann acu faoi réir córas fianaiseach éagsúil (breithiúnas an 30 Eanáir 2020, Generics ( UK) agus páirtithe eile, C‑307/18, EU:C:2020:52, mír 63). Dá bhrí sin, i gcás ina suitear cuspóir frithiomaíoch comhaontaithe, ní gá scrúdú a dhéanamh ar a éifeachtaí ar an iomaíocht (breithiúnais an 20 Eanáir 2016, Toshiba Corporation v an Coimisiún, C‑373/14 P, EU:C:2016:26, mír 25 agus an cásdlí dá dtagraítear, agus an 29 Meitheamh 2023, Super Bock Bebidas, C‑211/22, EU:C:2023:529, mír 31).

67      Mar sin féin, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 53 dá Thuairim, ní chiallaíonn cinneadh maidir le srian ingearach ar iomaíocht de réir cuspóra go ndearnadh díobháil do dhuine ar leith nó go bhfuil nasc cúisíoch idir an srian sin agus aon díobháil. Dá bhrí sin, mar a luaigh an tAbhcóide Ginearálta freisin i mír 54 dá Thuairim, ní mór don éilitheoir bunús a thabhairt fós leis an méid inchreidteachta is gá chun críocha iarraidh ar nochtadh fianaise faoi Airteagal 5(1) de Threoir 2014/104 maidir leis an damáiste agus an nasc cúisíoch.

68      É sin ráite, féadfaidh eilimintí a bheith i gcinneadh lena gcinntear srian ingearach de réir cuspóra atá ábhartha chun measúnú a dhéanamh ar inchreidteacht an damáiste agus an naisc chúisíoch, in éineacht leis na fíorais agus an fhianaise eile atá ar fáil go réasúnta don éilitheoir agus atá curtha ar aghaidh aige.

69      Sa chás seo, is léir ó mhíreanna 46 agus 49 de chinneadh ón gCoimisiún an 21 Feabhra 2020 gur chuir na comhaontuithe atá i gceist teorainn le cumas tionscnóirí turas cóiríocht a dhíol gan bhac i Stáit uile an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch (LEE). Is léiriú é an cinneadh sin ón gCoimisiún gur dócha go ndearna an sárú lena mbaineann difear do thomhaltóirí na Portaingéile. Féadfar an fhianaise sin, in éineacht leis na fíorais agus an fhianaise eile atá ar fáil go réasúnta arna gcur ar aghaidh ag Ius Omnibus, a chur san áireamh chun measúnú a dhéanamh ar inchreidteacht an damáiste agus ar an nasc cúisíoch idir an damáiste sin agus an sárú sin.

70      Ar an tríú dul síos, i bhfianaise cheisteanna na cúirte a rinne an tarchur, ba cheart a lua freisin nach mbaineann sé le hábhar gur glacadh an cinneadh ón gCoimisiún lena gcinntear sárú ar Airteagal 101 CFAE i gcomhthéacs nós imeachta socraíochta i gcomhthéacs an fhreagra ar an tríú ceist.

71      Is ionann cinneadh a ghlactar ag deireadh nós imeachta socraíochta agus cinneadh faoi Airteagail 7 agus 23 de Rialachán Uimh. 1/2003, trína gcinneann an Coimisiún go raibh seolaithe an chinnidh rannpháirteach i sárú ar an dlí iomaíochta.

72      I bhfianaise na gcúiseanna roimhe seo, is é an freagra ar an tríú ceist ná nach mór Airteagal 5(1) de Threoir 2014/104 a léiriú sa chaoi nach leor cinneadh ón gCoimisiún lena gcinntear gurb ann do shárú ar dhlí iomaíochta an Aontais i bhfoirm srian ingearach de réir cuspóra chun inchreidteacht éilimh ar dhamáistí a shuíomh, i gcás ina n‑éilíonn an t‑éileamh sin léiriú, ní hamháin ar inchreidteacht sáraithe den sórt sin, a bhunaítear le cinneadh den sórt sin, ach freisin ar inchreidteacht díobhála agus ar nasc cúisíoch idir an díobháil sin agus an sárú sin. Ní gá freagra difriúil a thabhairt toisc gur tugadh an cinneadh sin ag deireadh nós imeachta socraíochta.

 An dara ceist

73      Lena dara ceist, ar cheart í a athfhoirmliú i gcomhréir leis na breithnithe a leagtar amach i míreanna 21 agus 50 go 52 den bhreithiúnas seo, féachann an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, lena fháil amach an gá Airteagal 5(1) de Threoir 2014/104 a léiriú sa chaoi, chun inchreidteacht éilimh ar dhamáistí a léiriú, de réir bhrí na forála sin, gur gá a chruthú gur dóchúla ná a mhalairt go gcomhlíontar na coinníollacha chun dliteanas a thabhú i leith sárú ar dhlí na hiomaíochta.

74      Mar a tugadh faoi deara i mír 54 den bhreithiúnas seo, ceanglaítear le hAirteagal 5(1) de Threoir 2014/104, go bunúsach, ar an duine a ndearnadh díobháil dó mar gheall ar shárú ar dhlí na hiomaíochta, mar thaca lena iarraidh ar nochtadh fianaise, údar réasúnaithe a chur ar aghaidh ina bhfuil fíorais agus fianaise atá ar fáil go réasúnta agus ar leor iad chun inchreidteacht a éilimh ar dhamáistí a shuíomh.

75      I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara nach sainmhínítear i dTreoir 2014/104 an méid atá le tuiscint le ‘(h)inchreidteacht’ éilimh ar dhamáistí, ná nach dtagraítear inti do dhlí na mBallstát chun coincheap den sórt sin a shainiú. Dá bhrí sin, ní mór léiriú uathrialach a thabhairt don Chúirt i ndlí an Aontais, agus ní hamháin foclaíocht na bhforálacha sin á cur san áireamh ach freisin ar an gcomhthéacs ina dtarlaíonn siad agus ar na cuspóirí a shaothraítear leis na rialacha ar cuid díobh iad (féach, chuige sin, breithiúnais an 18 Eanáir 1984, Ekro, 327/82, EU:C:1984:11, mír 11; an 30 Aibreán 2024, M.N.(EncroChat), (C‑670/22, EU:C:2024:372, mír 109, agus an 9 Eanáir 2025, Delda, C‑583/23, EU:C:2025:6, mír 27).  

76      Ar an gcéad dul síos, de réir a ghnáthbhrí, tagraíonn an coincheap ‘inchreidtheacht’ do dhealraitheacht, creidiúnacht nó dóchúlacht. Is é an rud is inchreidte ná an méid a dhealraíonn a bheith inghlactha, incháilithe, iontaofa, indéanta, bailí nó dealraitheach.

77      Dá bhrí sin, ní cheanglaítear leis an gcoincheap ‘inchreidteacht’ ar an duine a líomhnaítear go ndearnadh díobháil dó mar gheall ar shárú ar dhlí na hiomaíochta leibhéal dóchúlachta an‑ard a léiriú go gcomhlíontar na trí coinníollacha maidir le dliteanas a thabhú. Os a choinne sin, agus mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 76 dá Thuairim, ag féachaint dá ghnáthbhrí, tugtar le fios leis an gcoincheap ‘inchreidteacht’ an éilimh ar dhamáistí gur gá agus gur leor don duine sin a chur ina luí ar an gcúirt náisiúnta ag rialú ar a hiarraidh ar nochtadh fianaise go bhfuil an hipitéis go gcomhlíontar na trí choinníoll sin inghlactha go réasúnta.

78      Ar an dara dul síos, tacaítear leis an léiriú sin le hanailís chomhthéacsúil ar an gcoincheap ‘inchreidteacht’ an éilimh ar dhamáistí in Airteagal 5(1) de Threoir 2014/104.

79      I ndáil leis sin, tá sé tábhachtach, ar an gcéad dul síos, a thabhairt faoi deara, i scéim ghinearálta Airteagal 5(1) de Threoir 2014/104, arna léamh i bhfianaise aithrisí 6, 14 agus 15 di go háirithe, lena léirítear inchreidteacht an éilimh ar dhamáistí, nach ndéantar cúiteamh a dhámhachtain i gcomhthéacs caingean ar na tuillteanais, ach ordú a fháil chun fianaise a thabhairt ar aird roimh ré atá riachtanach chun go mbeidh caingean den sórt sin éifeachtach. Mura bhfuil mearbhall ann maidir leis na rialacha nós imeachta lena rialaítear an phríomhchaingean agus an iarraidh ar fhianaise a thabhairt ar aird agus mura bhfuil sé ródheacair nó dodhéanta iad a fheidhmiú, ní mór an caighdeán cruthúnais is gá chun an fhianaise is gá a fháil chun críocha na príomhchaingean a bheith níos ísle ná an caighdeán cruthúnais is gá chun a shuí go gcomhlíontar na coinníollacha chun dliteanas substainteach a thabhú.

80      Ar an dara dul síos, ní mór a thabhairt faoi deara, i gcomhréir le hAirteagal 5(1) de Threoir 2014/104, nach mór don éilitheoir inchreidteacht an éilimh ar dhamáistí a chruthú trí ‘réasúnú réasúnaithe a sholáthar ina bhfuil fíorais agus fianaise atá ar fáil go réasúnta’. Ina theannta sin, mar is léir ó aithris 16 den Treoir sin, ‘is léir ó cheanglas na comhréireachta [a leagtar síos in Airteagal 5(3) den Treoir sin] nach féidir nochtadh fianaise a ordú ach amháin i gcás inar líomhain an t‑éilitheoir go hinchreidte, ar bhonn fíorais atá ar fáil go réasúnach dó, gur bhain díobháil dó arb é an cosantóir ba chúis léi’.

81      I bhfianaise na dtosca sin, ní mór a mheas go léiríonn an fíoras nach mór ‘inchreidteacht’ an éilimh ar dhamáistí a shuíomh ar bhonn na bhfíoras agus na fianaise ‘atá ar fáil go réasúnach’ don éilitheoir amháin go bhfuil sé ar intinn ag reachtóir an Aontais gan dualgas cruthúnais iomarcach a chur ar an éilitheoir sin. Os a choinne sin, ní dhéanann an t‑éilitheoir ach ‘a líomhain ar bhealach inchreidte’ go ndearna sárú ar dhlí na hiomaíochta díobháil dó.

82      Dá bhrí sin, tacaíonn na tosca sin leis an léiriú, dá dtagraítear i mír 77 den bhreithiúnas seo, gur gá go n‑éireoidh leis an léiriú, ag an éilitheoir, ar inchreidteacht a éilimh ar dhamáistí a chur ina luí ar an gcúirt náisiúnta agus rialú á thabhairt aici ar a hiarraidh ar nochtadh fianaise go bhfuil an toimhde go gcomhlíontar na trí choinníoll charnacha maidir le dliteanas inghlactha go réasúnta.

83      Ar an tríú dul síos, is é an léiriú sin an t‑aon léiriú is féidir a réiteach le cuspóirí Threoir 2014/104.

84      I ndáil leis sin, mar is léir ó mhíreanna 40 go 42 den bhreithiúnas seo, féachtar leis an Treoir sin, inter alia, le feidhmiú an chirt chun damáistí a éascú agus, ar an gcaoi sin, éifeachtacht fhorfheidhmiú príobháideach dhlí na hiomaíochta a áirithiú.

85      Chuige sin, féachtar leis an Treoir sin, go háirithe, leis an neamhshiméadracht faisnéise atá ina saintréith, mar is léir ó aithris 14 di, de chaingne le haghaidh damáistí mar gheall ar sháruithe ar dhlí na hiomaíochta a leigheas. Mar a chuirtear in iúl san aithris sin, i mórán cásanna is ag an bpáirtí freasúrach nó ag tríú páirtithe amháin atá an fhianaise is gá chun fiúntas éilimh ar dhamáistí a léiriú agus níl an t‑éilitheoir ar an eolas ná níl rochtain leordhóthanach aige uirthi. Sna himthosca sin, mar is léir ó aithrisí 14 go 16 de Threoir 2014/104, níor cheart an t‑éilitheoir a bheith faoi réir ‘ceanglais dhlíthiúla dhochta’ a d’fhéadfadh cosc míchuí a chur ar fheidhmiú éifeachtach a chirt chun cúitimh.

86      Maidir le ceanglas a chur ar an éilitheoir a shuíomh, mar thaca lena iarraidh go dtabharfaí ar aird an fhianaise is gá chun críocha a chaingne le haghaidh damáistí, gur dóchúla ná a mhalairt go gcomhlíonfar na coinníollacha dliteanais i leith sárú ar dhlí na hiomaíochta, is ceanglas dian dlíthiúil é a d’fhéadfadh cosc míchuí a chur ar fheidhmiú éifeachtach a chirt chun cúitimh. Bheadh ceanglas cruthúnais den sórt sin ar neamhréir leis an gcuspóir caingne le haghaidh damáistí a éascú, ós rud é go mbeadh an caighdeán cruthúnais a bheadh ag teastáil de chineál a d’fhágfadh go mbeadh sé beagnach dodhéanta nó ródheacair don éilitheoir a chaingean le haghaidh damáistí a thionscnamh.

87      Dá bhrí sin, tacaíonn cuspóirí Threoir 2014/104 le léiriú an choincheapa ‘inchreidteacht’ an éilimh ar dhamáistí agus an dualgais cruthúnais atá ar an éilitheoir, ar dá réir nach mór don éilitheoir, ar bhonn na fianaise atá ar fáil dó go réasúnach, a chur ina luí ar an gcúirt náisiúnta rialú a thabhairt ar a hiarraidh ar nochtadh fianaise go bhfuil an toimhde go gcomhlíontar na trí choinníoll charnacha maidir le dliteanas i leith sárú ar dhlí na hiomaíochta inghlactha go réasúnta.

88      I bhfianaise na gcúiseanna sin roimhe seo, is é an freagra ar an dara ceist ná nach mór Airteagal 5(1) de Threoir 2014/104 a léiriú sa chaoi nach gceanglaítear leis an léiriú ar inchreidteacht éilimh ar dhamáistí, de réir bhrí na forála sin, go suífear gur dóchúla ná nach gcomhlíonfar na coinníollacha chun dliteanas a thabhú i leith sárú ar dhlí na hiomaíochta. Is leor don éilitheoir a léiriú go bhfuil an toimhde go gcomhlíontar na coinníollacha sin inghlactha go réasúnta.

 Costais

89      Os rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte a rinne an tarchur, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a chur faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Dara Dlísheomra) mar seo a leanas:

1.      Maidir le hAirteagal 5(1) de Threoir 2014/104/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Samhain 2014 maidir le rialacha áirithe lena rialaítear caingne le haghaidh damáistí faoin dlí náisiúnta maidir le sáruithe ar fhorálacha dhlí iomaíochta na mBallstát agus an Aontais Eorpaigh,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

tá feidhm aige maidir le caingean roimh ré lena niarrtar rochtain ar fhianaise sula dtionscnaítear caingean le haghaidh damáistí de réir bhrí Airteagal 2(4) den Treoir sin, i gcás ina bhforáiltear do chaingean roimh ré den sórt sin leis an dlí náisiúnta.

2.      Maidir le hAirteagal 5(1) de Threoir 2014/104,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

ní leor cinneadh ón gCoimisiún Eorpach lena gcinntear sárú ar dhlí iomaíochta an Aontais i bhfoirm srian ingearach de réir cuspóra chun inchreidteacht éilimh ar dhamáistí a shuí, ós rud é go néilítear leis ní hamháin inchreidteacht sáraithe den sórt sin a léiriú, a bhunaítear le cinneadh den sórt sin, ach inchreidteacht damáiste agus nasc cúisíoch idir an damáiste sin agus an sárú sin freisin. Ní gá freagra difriúil a thabhairt toisc gur tugadh an cinneadh sin ag deireadh nós imeachta socraíochta.

3.      Maidir le hAirteagal 5(1) de Threoir 2014/104,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

ní cheanglaítear le léiriú inchreidteacht éilimh ar dhamáistí, de réir bhrí na forála sin, go suífear gur dóchúla ná nach gcomhlíonfar na coinníollacha chun dliteanas a thabhú i leith sárú ar dhlí na hiomaíochta. Is leor don éilitheoir a léiriú go bhfuil an toimhde go gcomhlíontar na coinníollacha sin inghlactha go réasúnta.

Sínithe


*      Teanga an cháis: an Phortaingéilis.