BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Cúigiú Dlísheomra)
3 Aibreán 2025 ( *1 )
(Tarchur chun réamhrialú – Beartas tearmainn – Cosaint idirnáisiúnta – Treoir 2013/32/AE – Airteagal 46(3) – Ceanglas maidir le scrúdú iomlán ex nunc – Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – Ceart chun leigheas éifeachtach a fháil – Réimse na gcumhachtaí atá ag cúirt céadchéime – Reachtaíocht náisiúnta nach ndéanann foráil don chumhacht ordú a thabhairt go ndéanfaí scrúdú leighis ar iarratasóir ar chosaint idirnáisiúnta)
I gCás C‑283/24 [Barouk] ( i ),
IARRAIDH ar réamhrialú de bhun Airteagal 267 CFAE, ón Dioikitiko Dikastirio Diethnous Prostasias (an Chúirt Riaracháin um Chosaint Idirnáisiúnta, an Chipir), trí bhreith an 29 Márta 2024, a fuarthas ag an gCúirt an 23 Aibreán 2024, sna himeachtaí idir
B. F.
v
Kypriaki Dimokratia,
tugann AN CHÚIRT (an Cúigiú Dlísheomra),
agus í comhdhéanta mar seo a leanas: M. L. Arastey Sahún, Uachtarán Dlísheomra, D. Gratsias, E. Regan, J. Passer agus B. Smulders (Rapóirtéir), Breithiúna,
Abhcóide Ginearálta: J. Richard de la Tour,
Cláraitheoir: A. Calot Escobar,
ag féachaint don nós imeachta ó bhéal,
tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha a cuireadh isteach thar ceann iad seo a leanas:
|
– |
Rialtas na Cipire, ag F. Sotiriou agus E. Symeonidou, i gcáil Gníomhairí, |
|
– |
an Coimisiún Eorpach, ag M. Debieuvre agus A. Katsimerou, i gcáil Gníomhairí, |
tar éis cinneadh a dhéanamh, tar éis di an tAbhcóide Ginearálta a éisteacht, breithiúnas a thabhairt ar an gcás gan Tuairim,
an Breithiúnas seo a leanas
Breithiúnas
|
1 |
Baineann an iarraidh ar réamhrialú le léiriú Airteagal 46(1) agus (3) de Threoir 2013/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le nósanna imeachta coiteanna chun cosaint idirnáisiúnta a dheonú agus a tharraingt siar (IO 2013 L 180, lch. 60), arna léamh i bhfianaise Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’) agus i gcomhar le hAirteagal 4(1) agus Airteagal 4(3)(c) de Threoir 2011/95/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le caighdeáin i dtaca le cáilitheacht náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát mar thairbhithe de chosaint idirnáisiúnta, ar mhaithe le stádas aonfhoirmeach do dhídeanaithe nó do dhaoine atá incháilithe le haghaidh cosaint choimhdeach agus i dtaca lena bhfuil sa chosaint a thugtar (IO 2011 L 337, lch. 9), agus le hAirteagal 4(3) CAE. |
|
2 |
Rinneadh an iarraidh seo in imeachtaí idir BF agus Kypriaki Dimokratia (Poblacht na Cipire) trí ionadaíocht an Ypiresia Asylou (an tÚdarás Tearmainn, an Chipir) (‘an tÚdarás Tearmainn’), maidir le cinneadh an údaráis sin lenar diúltaíodh d’iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna dhéanamh ag BF agus lenar ordaíodh go bhfillfeadh sé ar a thír thionscnaimh. |
An dlí lena mbaineann
Dlí an Aontais Eorpaigh
Treoir 2011/95,
|
3 |
Foráiltear le hAirteagal 4 de Threoir 2011/95 mar seo a leanas: ‘1. Féadfaidh na Ballstáit a mheas go bhfuil sé de dhualgas ar an iarratasóir an t‑ábhar is gá a thaisceadh le bunús a thabhairt lena iarratas, nó lena hiarratas, ar chosaint idirnáisiúnta a luaithe is féidir. Is faoin mBallstát atá sé measúnú a dhéanamh, i gcomhar leis an iarratasóir sin, ar gach rud a bhaineann le hábhar an iarratais. [...] 3. Déanfar measúnú ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta ina aonar agus cuirfear an méid seo a leanas san áireamh: [...]
[...]’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
Treoir 2013/32
|
4 |
Foráiltear mar a leanas le haithrisí 18, 50 agus 60 de Threoir 2013/32:
[...]
[...]
[Aistriúchán neamhoifigiúil] |
|
5 |
De réir Airteagal 2(f) den Treoir chéanna: ‘Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas: [...]
[Aistriúchán neamhoifigiúil] |
|
6 |
Foráiltear le hAirteagal 18 den Treoir sin, dar teideal ‘Scrúdú leighis’: ‘1. I gcás ina measfaidh an t‑údarás cinntitheach go bhfuil sé ábhartha don mheasúnú ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 4 de Threoir 2011/95/AE, déanfaidh na Ballstáit, faoi réir thoiliú an iarratasóra, scrúdú leighis ar an iarratasóir a shocrú i dtaca le comharthaí a d’fhéadfadh a léiriú go ndearnadh géarleanúint nó díobháil thromchúiseach san am atá thart. De rogha air sin, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh go ndéanfaidh an t‑iarratasóir scrúdú leighis den sórt sin a shocrú. Déanfaidh gairmithe leighis cáilithe na scrúduithe leighis dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus cuirfear na torthaí orthu sin faoi bhráid an údaráis chinntithigh a luaithe is féidir. Féadfaidh na Ballstáit na gairmithe leighis a ainmniú a fhéadfaidh scrúduithe leighis den sórt sin a dhéanamh. I gcás ina ndiúltóidh iarratasóir dul faoi scrúdú leighis den sórt sin, ní chuirfear cosc ar an údarás cinntitheach cinneadh a ghlacadh i dtaca leis an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta. Is as cistí poiblí a íocfar scrúduithe leighis a dhéanfar i gcomhréir leis an mír seo. 2. I gcás nach ndéanfar scrúdú leighis i gcomhréir le mír 1, cuirfidh an t‑údarás cinntitheach iarratasóirí ar an eolas go bhféadfaidh siad, ar a dtionscnamh féin agus ar a gcostas féin, scrúdú leighis a shocrú i dtaca le comharthaí agus airíonna a d’fhéadfadh a léiriú go ndearnadh géarleanúint nó díobháil thromchúiseach san am atá thart. 3. Déanfaidh an t‑údarás cinntitheach torthaí an scrúdaithe leighis dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 a mheasúnú in éineacht le heilimintí eile an iarratais.’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
|
7 |
Foráiltear le hAirteagal 46 de Threoir 2013/32, dar teideal ‘An ceart chun leighis éifeachtaigh’: ‘1. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh ceart ag iarratasóirí leigheas éifeachtach a fháil os comhair cúirte nó binse, i gcoinne na nithe seo a leanas:
[...] 3. Chun mír 1 a chomhlíonadh, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar foráil le leigheas éifeachtach maidir le scrúdú iomlán ex nunc ar fhíorais agus ar phointí dlí araon, lena n‑áirítear, i gcás inarb infheidhme, scrúdú ar riachtanais na cosanta idirnáisiúnta de bhun Threoir 2011/95/AE, i nósanna imeachta achomhairc os comhair cúirte nó binse céadchéime ar a laghad. 4. Déanfaidh na Ballstáit foráil maidir le teorainneacha ama réasúnacha agus maidir le rialacha riachtanacha eile chun gur féidir leis an iarratasóir a cheart nó a ceart a fheidhmiú de bhun mhír 1. [...] [...]’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
Dlí na Cipire
|
8 |
Foráiltear mar a leanas le hAirteagal 15 den Peri Prosfygon Nomos (Acht na nDídeanaithe), sa leagan is infheidhme maidir leis an díospóid sna príomhimeachtaí (‘an tAcht maidir le Dídeanaithe’) dar teideal ‘Scrúdú leighis nó shíceolaíoch ar iarratasóir’: ‘(1) I gcás ina measfaidh an t‑oifigeach inniúil [an tÚdarás Tearmainn] é a bheith iomchuí chun scrúdú a dhéanamh ar iarratas [...] agus faoi réir chomhaontú an iarratasóra, déanfaidh dochtúir agus/nó síceolaí, scrúdú ar an iarratasóir a bhaineann le ceann de na nithe seo a leanas:
(2) Is gairmithe sláinte cáilithe a dhéanfaidh an scrúdú leighis dá dtagraítear i mír 1, arna maoiniú le cistí poiblí, agus cuirfear torthaí an scrúdaithe sin in iúl don [Údarás Tearmainn] gan mhoill. (3) Má dhiúltaíonn an t‑iarratasóir dul faoi scrúdú leighis agus/nó síceolaíoch, ní chuirfear cosc ar Cheann [an Údaráis Tearmainn] cinneadh a dhéanamh maidir leis an iarratas. (4) Déanfaidh Ceann [an Údaráis Tearmainn] measúnú ar thorthaí na scrúduithe leighis agus/nó síceolaíocha a dhéanfar de bhun mhír 1 nó 8 i gcomhthráth leis na gnéithe eile den iarratas. (5) I gcás ina bhfuil comharthaí ann go ndearnadh díobháil thromchúiseach, déanfaidh oifigeach inniúil [an Údaráis Tearmainn] an t‑agallamh leis an iarratasóir, tar éis dul i gcomhairle leis an dochtúir inniúil agus i gcomhar leis. [...] (8) I gcás nach ndéanfar scrúdú leighis agus/nó síceolaíoch i gcomhréir le mír 1, cuirfidh an [tÚdarás Tearmainn] in iúl d’iarratasóirí gur féidir leo, ar a dtionscnamh féin agus ar a gcostas féin, scrúdú leighis agus/nó síceolaíoch a shocrú i dtaca le comharthaí agus airíonna a léireodh, b’fhéidir, go ndearnadh géarleanúint nó díobháil thromchúiseach orthu san am a chuaigh thart.’ |
|
9 |
De réir Airteagal 7 den Peri tis Litourgias Dioikitikou Dikastiriou Diethnous Prostasias Diadikastikoi Kanonismoi tou 2019 (Rialachán nós imeachta 2019 maidir le feidhmiú na Cúirte Riaracháin um Chosaint Idirnáisiúnta) sa leagan is infheidhme maidir leis an díospóid sna príomhimeachtaí: ‘Féadfaidh [an Chúirt Riaracháin um Chosaint Idirnáisiúnta] an nós imeachta a chinneadh, agus más infheidhme, treoracha a eisiúint maidir le fianaise i scríbhinn nó ó bhéal nó fianaise eile a ghlacadh, agallaimh leis an iarratasóir ar thearmann nó ar chosaint idirnáisiúnta, agus nósanna imeachta eile, i gcomhréir leis an Acht maidir le Dídeanaithe agus leis na treoirlínte ón Oifig Tacaíochta Eorpaí do Chúrsaí Tearmainn (EASO), de réir mar a mheasann an chúirt sin a bheith iomchuí agus cothrom in imthosca an cháis.’ |
An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tarchuireadh le haghaidh réamhrialú
|
10 |
An 4 Deireadh Fómhair 2018, rinne BF, náisiúnach de chuid na Liobáine, iarratas ar chosaint idirnáisiúnta sa Chipir. |
|
11 |
Mar thaca lena hiarratas, d’áitigh sé, inter alia, go ndearna seirbhísí rúnda agus míleata na Liobáine céasadh air mar gheall, inter alia, ar a ghníomhaíochas polaitiúil agus ar an gcaoi go raibh sé rannpháirteach i sciathán míleata de pháirtí pholaitiúil de chuid na Liobáine, agus go raibh sé fós faoi réir bagairtí agus iarrachtaí feallmharaithe, ionas go raibh sé cinnte, dá bhfillfeadh sé ar an Liobáin, go ngabhfaí é ag an aerfort sa tír sin agus go ngearrfaí príosúnacht nó pionós an bháis air. |
|
12 |
Le cinneadh an 7 Feabhra 2022, dhiúltaigh an tÚdarás Tearmainn stádas dídeanaí a dheonú dó, ar an bhforas nach raibh faitíos roimh ghéarleanúint a raibh bunús maith leis agus nach raibh sé i mbaol díobháil thromchúiseach a fhulaingt dá bhfillfeadh sé ar an Liobáin. I ndáil leis sin, mheas an t‑údarás gurbh neamhréireach, contrártha agus gan bheachtas iad na dearbhaithe arna ndéanamh ag BF le linn roinnt agallamh. |
|
13 |
Agus í ag tabhairt faoi chaingean arna tabhairt ag BF i gcoinne an chinnidh sin, deimhníonn Dioikitiko Dikastirio Diethnous Prostasias (an Chúirt Riaracháin um Chosaint Idirnáisiúnta, an Chipir), arb í an chúirt a rinne an tarchur, chomh maith, gur tháinig sí ar an gconclúid go raibh easpa comhleanúnachais, loighce agus sochreidteachta i líomhaintí BF. maidir le géarleanúint pholaitiúil, reiligiúnach agus chiníoch a n‑éilítear a rinne seirbhísí rúnda na Liobáine air, go háirithe, mar chomhalta de pháirtí polaitiúil de chuid na Liobáine. |
|
14 |
Mar sin féin, de réir na cúirte a rinne an tarchur, sa mheasúnú aonair ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, is gá leochaileacht an iarratasóra a chur san áireamh, ós rud é go bhféadfadh an leochaileacht sin difear a dhéanamh, inter alia, do chomhsheasmhacht a ráiteas mar thaca lena iarratas ar chosaint idirnáisiúnta agus, dá bhrí sin, don mheasúnú ar a chreidiúnacht. |
|
15 |
Mhainnigh an tÚdarás Tearmainn scrúdú leighis nó síceolaíoch a dhéanamh ar an duine lena mbaineann maidir le comharthaí géarleanúna nó díobhála tromchúisí a mhaíonn sé a d’fhulaing sé san am a chuaigh thart nó maidir le na siomptóim agus tásca céastóireachta nó gníomhartha tromchúiseacha eile foréigin fhisicigh nó shíceolaíocha. |
|
16 |
Dá bhrí sin, in éagmais scrúdú leighis ar an duine lena mbaineann, measann an chúirt a rinne an tarchur nach féidir leis an gcúirt sin measúnú a dhéanamh ar chreidiúnacht an iarratasóra, ar cuid dhílis é, mar sin féin, den scrúdú iomlán ex nunc ar an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta atá le déanamh ag an gcúirt chéadchéime de bhun Airteagal 46(3) de Threoir 2013/32. |
|
17 |
Mar sin féin, deimhníonn an chúirt a rinne an tarchur nach bhfuil sé de chumhacht aici, faoin dlí náisiúnta, ordú a thabhairt go ndéanfaí scrúdú leighis den sórt sin, rud a dheimhnítear le cásdlí Anotato Dikastirio Kyprou (an Chúirt Uachtarach, an Chipir) le déanaí, ar dá réir nach bhfuil an tÚdarás Tearmainn inniúil ach amháin, faoin dlí náisiúnta, chun ordú a thabhairt don iarrthóir tearmainn dul faoi scrúduithe leighis. Dá bhrí sin, ní fhéadfadh an chúirt a rinne an tarchur a iarraidh ar an údarás sin ach amháin na cúiseanna nár tharla na scrúduithe sin agus, más iomchuí, an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní má mheasann sí go ndearnadh sárú ar Airteagal 15 den Acht maidir le Dídeanaithe. |
|
18 |
Mar thoradh air sin, iarrann an chúirt sin an féidir léi an chumhacht chun ordú a thabhairt go ndéanfaí scrúdú leighis a dhíorthú ó Airteagal 46(3) de Threoir 2013/32 ós rud é go gceanglaítear uirthi leis an bhforáil sin, arna léamh i bhfianaise an chirt chun leigheas éifeachtach a fháil a chumhdaítear in Airteagal 47 den Chairt, ‘scrúdú iomlán ex nunc’ a dhéanamh ar an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta. |
|
19 |
Iarrann an chúirt a rinne an tarchur, go háirithe, i gcás ina measann sí go bhfuil gá le scrúdú leighis chun measúnú a dhéanamh ar an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, an féidir a mheas, ag féachaint d’éifeacht dhíreach Airteagal 46(3) de Threoir 2013/32, mar a chumhdaítear i gcásdlí na Cúirte, go bhfuil sé de chumhacht aici ordú a thabhairt í féin go ndéanfaí scrúdú den sórt sin nó, ar a laghad, an chumhacht chun a ordú don údarás cinntitheach scrúdú leighis a dhéanamh agus torthaí an scrúdaithe sin a chur in iúl dó. |
|
20 |
Ina theannta sin, i gcás ina nglactar leis go dtagann na modhanna atá ar fáil di chun an scrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 46(3) den Treoir sin a dhéanamh faoi neamhspleáchas nós imeachta na mBallstát, féachann an chúirt a rinne an tarchur lena fháil amach, i gcás nach gcomhlíonann an reachtaíocht náisiúnta is infheidhme na ceanglais a eascraíonn as prionsabal na héifeachtachta, an bhféadfaidh sí a cheangal ar an údarás cinntitheach, tríd an sásra dá bhforáiltear in Airteagal 18 de Threoir 2013/32 a chur i ngníomh, scrúdú leighis a dhéanamh ar an duine lena mbaineann agus toradh an scrúdaithe sin a chur in iúl dó. |
|
21 |
Ar deireadh, iarrann an chúirt a rinne an tarchur, ag féachaint don ghá scagadh tapa a dhéanamh ar iarratais ar thearmann, an gcomhlíontar na ráthaíochtaí dá bhforáiltear in Airteagal 46(3) de Threoir 2013/32 agus in Airteagal 47 den Chairt i gcás ina dtagann ceist leighis chun cinn le linn athbhreithniú breithiúnach ar iarratas ar thearmann, nach bhfuil sé de chumhacht ag an gcúirt náisiúnta a ordú go ndéanfaí scrúdú leighis nuair a mheasann sí go bhfuil gá le scrúdú den sórt sin, ach go bhféadfaidh sí cinneadh arna ghlacadh ag an údarás cinntitheach lena ndiúltaítear d’iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a chur ar neamhní, ar an bhforas nár chuir an t‑údarás sin an t‑iarratasóir ar chosaint idirnáisiúnta faoi scrúdú leighis. |
|
22 |
Sna himthosca sin, chinn an Dioikitiko Dikastirio Diethnous Prostasias (an Chúirt Riaracháin maidir le Cosaint Idirnáisiúnta) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:
|
Na ceisteanna le haghaidh réamhrialú
|
23 |
Lena ceithre cheist, ar cheart iad a scrúdú le chéile, iarrann an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, ar cheart Airteagal 46(3) de Threoir 2013/32, arna léamh i bhfianaise Airteagal 47 den Chairt agus Airteagal 4(3) CAE, a léiriú sa chaoi nach mór go mbeidh sé de chumhacht ag an gcúirt céadchéime náisiúnta, a éisteann achomharc i gcoinne chinnidh ón údarás cinntitheach lena ndiúltaítear d’iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, iarratasóir ar chosaint idirnáisiúnta a tharchur chuig scrúdú leighis, chun an ceanglas maidir le scrúdú iomlán ex nunc dá bhforáiltear in Airteagal 46(3), a chomhlíonadh, nuair a mheasann an chúirt sin go bhfuil scrúdú den sórt sin riachtanach nó ábhartha chun críocha an measúnú ar an iarratas sin nuair is leor go bhfuil sé de chumhacht ag an gcúirt sin cinneadh den sórt sin a chur ar neamhní, ar an bhforas nár chuir an t‑údarás sin an t‑iarratasóir faoi réir scrúdaithe leighis, agus an cás a tharchur chuig an údarás sin ionas go dtabharfaidh an t‑údarás sin, ina dhiaidh sin, ordú go ndéanfaí an scrúdú sin, i gcomhthéacs nós imeachta nua. |
|
24 |
I gcomhréir lena theideal, baineann Airteagal 46 de Threoir 2013/32 leis an gceart chun leigheas éifeachtach a fháil d’iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta. Ráthaítear le mír 1 d’Airteagal 46 ceart den sórt sin chun leigheas éifeachtach a fháil os comhair cúirte nó binse i gcoinne cinntí a rinneadh maidir lena n‑iarratas. Sainítear i mír 3 d’Airteagal 46 den Treoir sin raon feidhme an chirt chun leigheas éifeachtach a fháil trína shonrú nach mór do na Ballstáit atá faoi cheangal ag an Treoir sin a áirithiú go ndéanfaidh an chúirt nó an binse a ndéantar an cinneadh maidir leis an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta lena mbaineann a chonspóid os a chomhair ‘scrúdú iomlán ex nunc ar fhíorais agus ar phointí dlí araon, lena n‑áirítear, i gcás inarb infheidhme, scrúdú ar riachtanais na cosanta idirnáisiúnta de bhun Threoir [2011/95]’ [Aistriúchán neamhoifigiúil.]. |
|
25 |
Ina theannta sin, ba cheart a mheabhrú gur léir ó chásdlí na Cúirte Breithiúnais nach mór saintréithe an leighis dá bhforáiltear in Airteagal 46 de Threoir 2013/32 a chinneadh ar bhealach atá i gcomhréir le hAirteagal 47 den Chairt, arb ionann é agus athdhearbhú ar phrionsabal na cosanta breithiúnaí éifeachtaí. Soiléiríodh mar sin leis an Airteagal sin den Chairt ‘gur leor Airteagal 47 den Chairt ann féin agus ní gá é a shoiléiriú le forálacha dhlí an Aontais nó an dlí náisiúnta chun ceart a thabhairt do dhaoine aonair ar féidir leo a agairt’. Dá bhrí sin, ní mór an rud céanna a dhéanamh maidir le hAirteagal 46(3) den Treoir sin, arna léamh i bhfianaise an Airteagail sin den Chairt (breithiúnas an 4 Deireadh Fómhair 2024, Ministerstvo vnitra České republiky, Odbor azylové a migrační politiky, C‑406/22, EU:C:2024:841, mír 86 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
26 |
Ón taobh sin de, maidir le raon feidhme an chirt chun leigheas éifeachtach a fháil, mar a shainmhínítear in Airteagal 46(3) den Treoir sin, chinn an Chúirt Bhreithiúnais nach mór na focail ‘áiritheoidh [...] go ndéanfar foráil le leigheas éifeachtach maidir le scrúdú iomlán ex nunc ar fhíorais agus ar phointí dlí araon’ [Aistriúchán neamhoifigiúil], san fhoráil sin, a léiriú sa chaoi go gceanglaítear ar na Ballstáit, de bhua na forála sin, a ndlí náisiúnta a eagrú ar bhealach ina n‑áireofar i bpróiseáil na gcaingne dá dtagraítear scrúdú, ag an gcúirt nó ag an mbinse, ar na fíorais agus ar na pointí dlí uile is gá chun measúnú cothrom le dáta a dhéanamh ar an gcás atá idir lámha (breithiúnas an 4 Deireadh Fómhair 2024, Ministerstvo vnitra České republiky, Odbor azylové a migrační politiky, C‑406/22, EU:C:2024:841, mír 87 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
27 |
I ndáil leis sin, déantar tagairt leis an nath ‘ex nunc’ don oibleagáid atá ar an gcúirt nó ar an mbinse measúnú a dhéanamh lena gcuirtear san áireamh, más gá, fianaise nua a tháinig chun solais tar éis ghlacadh an chinnidh a bhfuil agóid á déanamh ina choinne. Le measúnú den sórt sin, is féidir déileáil go huileghabhálach leis an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta gan aon ghá a bheith ann an cás a tharchur ar ais chuig an údarás cinntitheach. Dá bhrí sin, tagann cumhacht na cúirte fianaise nua nach bhfuil rialú tugtha ag an údarás sin ina leith a chur san áireamh faoi raon feidhme Threoir 2013/32, lena bhféachtar, mar is léir, go háirithe, ó aithris 18 di, lena áirithiú go ndeileálfar le hiarratais ar chosaint idirnáisiúnta ‘a luaithe is féidir, gan dochar do scrúdú leordhóthanach agus uileghabhálach a bheith á dhéanamh’ (breithiúnas an 4 Deireadh Fómhair 2024, Ministerstvo vnitra České republiky, Odbor azylové a migrační politiky, C‑406/22, EU:C:2024:841, míreanna 78 agus 88 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
28 |
Dearbhaítear leis an aidiacht ‘iomlán’ a úsáidtear in Airteagal 46(3) de Threoir 2013/32 go gceanglaítear ar an gcúirt nó ar an mbinse scrúdú a dhéanamh ar an bhfianaise a chuir an t‑údarás cinntitheach san áireamh nó a d’fhéadfadh sé a chur san áireamh agus ar an bhfianaise a tháinig chun cinn tar éis don údarás sin an cinneadh a ghlacadh (breithiúnas an 4 Deireadh Fómhair 2024, Ministerstvo vnitra České republiky, Odbor azylové a migrační politiky, C‑406/22, EU:C:2024:841, mír 89 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
29 |
Sa chás seo, cuireann an chúirt a rinne an tarchur in iúl, ar an gcéad dul síos, nach ndéantar foráil leis an dlí náisiúnta is infheidhme, é féin, don chumhacht an t‑iarratasóir ar chosaint idirnáisiúnta a chur faoi réir scrúdaithe leighis nó ordú don údarás cinntitheach an scrúdú sin a dhéanamh cé go measann sí, sa chás seo, go bhfuil scrúdú den sórt sin riachtanach chun scrúdú a dhéanamh ar an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, ós rud é go bhfuil cumhacht den sórt sin ag an Údarás Tearmainn, arb é ‘an t‑údarás cinntitheach’ de réir bhrí Airteagal 2(f) de Threoir 2013/32, é féin, i gcomhréir le hAirteagal 15 den Dlí maidir le Dídeanaithe, arb é is aidhm dó Airteagal 18 den Treoir sin a thrasuí. |
|
30 |
Ar an dara dul síos, cuireann an chúirt sin in iúl de bhun an dlí náisiúnta is infheidhme, go bhfuil sé de chumhacht aici, os a choinne sin, cinneadh ón Údarás Tearmainn lena ndiúltaítear cosaint idirnáisiúnta a dheonú a chur ar neamhní má mheasann sí, i bhfianaise ghnéithe sonracha an cháis, gur cheart don Údarás Tearmainn ordú a thabhairt go ndéanfaí scrúdú leighis ar an iarratasóir ar chosaint idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 15 agus go gceadaítear don údarás sin leis an neamhní sin cinneadh a ghlacadh, ina dhiaidh sin, i gcomhthéacs nós imeachta riaracháin nua, lena gcuirtear torthaí an scrúdaithe sin san áireamh. |
|
31 |
I bhfianaise an chásdlí a mheabhraítear i míreanna 25 go 28 den bhreithiúnas seo, ní mór a mheas, ar an gcéad dul síos, nach gcomhlíontar an ceanglas maidir le scrúdú iomlán agus ex nunc dá bhforáiltear le hAirteagal 46(3) de Threoir 2013/32 le reachtaíocht náisiúnta ar dá réir nach gceadaítear do chúirt chéadchéime ordú a thabhairt, faoi réir thoiliú an iarratasóra, go ndéanfaí scrúdú leighis, i gcás ina measann an chúirt chéadchéime sin go mbeadh scrúdú den sórt sin riachtanach nó ábhartha chun measúnú a dhéanamh ar fhiúntas an iarratais ar chosaint idirnáisiúnta. |
|
32 |
Go deimhin, is cosúil go bhfuil sé contrártha don oibleagáid a fhorchuirtear ar na Ballstáit de bhun Airteagal 46(3) de Threoir 2013/32 a ndlí náisiúnta a eagrú sa chaoi go mbeidh scrúdú le déanamh ag an mbreitheamh i bpróiseáil na n‑achomharc atá i gceist ar gach ábhar fíorais agus dlí a chuireann ar a chumas dó measúnú cothrom le dáta a dhéanamh ar an gcás atá i gceist, de réir bhrí an chásdlí a luaitear i mír 26 den bhreithiúnas seo, gan cead a thabhairt, in imthosca den sórt sin, do chúirt den chineál sin ordú a thabhairt go ndéanfaí scrúdú leighis ar an iarratasóir ar chosaint idirnáisiúnta. |
|
33 |
I gcás nach féidir leis an gcúirt inniúil an fhaisnéis maidir le stádas sláinte an iarratasóra ar chosaint idirnáisiúnta a fháil chun measúnú a dhéanamh ar a hiarratas ar chosaint idirnáisiúnta, ní fhéadfar gnéithe uile an fíorais lena gceadaítear don chúirt sin measúnú nuashonraithe a dhéanamh ar an gcás a chur san áireamh leis an measúnú sin. Go háirithe, d’fhéadfaí a fhíorú le scrúdú leighis an iarratasóra an dócha go míneofar tásca breoiteachta atá ag an iarratasóir, i gcás inarb iomchuí, le géarleanúint nó díobháil thromchúiseach a d’fhulaing sé san am a chuaigh thart, go háirithe ina thír thionscnaimh, agus ba cheart, ar an bhforas sin, iad a chur san áireamh chun measúnú a dhéanamh ar riachtanais cosanta idirnáisiúnta iarbhír an iarratasóra (féach, chuige sin, breithiúnas an 29 Meitheamh 2023, International Protection Appeals Tribunal agus páirtithe eile (Ionsaí sa Phacastáin) , C‑756/21, EU:C:2023:523, mír 61). |
|
34 |
Sa dara háit, is léir nach gcomhlíontar an ceanglas maidir le scrúdú iomlán ex nunc a dhéanamh, de réir bhrí Airteagal 46(3) de Threoir 2013/32, le reachtaíocht náisiúnta atá teoranta d’fhoráil a dhéanamh go bhfuil sé de rogha ag cúirt céadchéime cinneadh ón údarás cinntitheach lena ndiúltaítear d’iarratas ar chosaint náisiúnta a chur ar neamhní, ar an bhforas go raibh ar an gcúirt sin an t‑iarratasóir chur ar aghaidh chuig scrúdú leighis, fiú dá gceadófaí leis an rogha sin, dá thoradh sin, scrúdú nua arna dhéanamh ag an údarás sin ar an iarratas sin i bhfianaise thorthaí scrúdú leighis a dhéantar ar iarratasóir ar chosaint idirnáisiúnta. |
|
35 |
Go deimhin, is leor a thabhairt faoi deara nach ráthaítear le reachtaíocht náisiúnta, a mhéid a chuirtear in iúl léi go bhfuil ar an údarás sin cinneadh nua a ghlacadh lena gcuirtear torthaí an scrúdaithe sin in iúl, go ndéanfaí an prionsabal a eascraíonn as cásdlí na Cúirte Breithiúnais a luaitear i mír 27 den bhreithiúnas seo a chomhlíonadh, ar dá réir a bhfuil sé faoin gcúirt sin í féin a áirithiú go dtabharfaí aghaidh ar an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta go huileghabhálach gan aon ghá a bheith ann an cás a tharchur ar ais chuig an údarás cinntitheach agus lena mbaintear an bonn den chuspóir iarratais ar chosaint idirnáisiúnta a phróiseáil go tapa dá dtagraítear i dTreoir 2013/32, ar leag an Chúirt béim ar a thábhachtaí atá sé sa chásdlí sin. |
|
36 |
Ar an tríú dul síos, ba cheart a thabhairt faoi deara gurb é Airteagal 18 den Treoir sin an t‑aon fhoráil de Threoir 2013/32 lena mbunaítear rialacha maidir le scrúduithe leighis. Mar sin féin, mar is léir ó fhoclaíocht Airteagal 18 agus, go háirithe, ó mhír 1 de, níl feidhm ag na forálacha dá bhforáiltear ann, mar atá siad, ach amháin i gcomhthéacs mheasúnaithe ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna dhéanamh ag údarás cinntitheach agus níl feidhm acu in imeachtaí os comhair cúirte a dhírítear i gcoinne chinnidh arna ghlacadh ag údarás den chineál sin. |
|
37 |
Mar sin féin, mar is léir ó chásdlí na Cúirte Breithiúnais, in éagmais rialacha an Aontais maidir leis an ábhar sin, gur faoin gcóras dlí de chuid gach Ballstáit atá sé, i gcomhréir le prionsabal an neamhspleáchais ó thaobh nósanna imeachta de, na socruithe nós imeachta a leagan síos chun scrúdú den sórt sin a mholadh, ar an gcoinníoll, mar sin féin, nach lú fábhar iad ná na socruithe lena rialaítear cásanna comhchosúla faoi réir an dlí baile (prionsabal na coibhéise) agus nach bhfágann siad go mbeadh sé dodhéanta nó ródheacair sa chleachtas ceart an iarratasóra ar chosaint idirnáisiúnta chun leigheas éifeachtach a fháil, de réir bhrí Airteagal 46(3) de Threoir 2013/32 (prionsabal na héifeachtachta) (féach, de réir analaí, breithiúnas an 19 Márta 2020, Bevándorlási és Menekültügyi Hivatal (Tompa), C‑564/18, EU:C:2020:218, mír 63 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
38 |
I ndáil leis sin, de pháirt amháin, ní mór gur féidir leis an gcúirt lena mbaineann ordú a thabhairt go ndéanfaí an scrúdú leighis, in aon chás, nuair is ann do thásca maidir le fadhbanna meabhairshláinte a d'fhéadfadh a bheith mar thoradh ar theagmhas trámach, go háirithe, sa thír thionscnaimh agus, ar bhonn ginearálta, i gcás ina bhfuil sé riachtanach nó ábhartha, de réir mheasúnú na cúirte sin, dul ar iontaoibh scrúdú den sórt sin chun measúnú a dhéanamh ar riachtanais iarbhír cosanta idirnáisiúnta an iarratasóra sin. Thairis sin, ní mór do na socruithe chun dul ar iontaoibh scrúdú leighis na cearta bunúsacha a ráthaítear leis an gCairt a chomhlíonadh, amhail an ceart go n‑urramófaí dínit an duine agus an ceart go n‑urramófaí an saol príobháideach agus saol an teaghlaigh, a ráthaítear le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 7 den Chairt faoi seach (féach, chuige sin, breithiúnais an 25 Eanáir 2018, F, C‑473/16, EU:C:2018:36, mír 35 agus an 29 Meitheamh 2023, International Protection Appeals Tribunal agus páirtithe eile (Ionsaí sa Phacastáin) , C‑756/21, EU:C:2023:523, mír 61). |
|
39 |
Ar an taobh eile, ní mór a shoiléiriú nach bhfuil sé riachtanach gur féidir le cúirt a bhfuil ordú tugtha aici go ndéanfaí scrúdú leighis ar an iarratasóir lena mbaineann dul i dteagmháil le gairmí sláinte cáilithe í féin chun go ndéanfaidh an gairmí sin an scrúdú sin agus go seolfaidh sé na torthaí chuige, ós rud é go bhféadfaidh an chúirt sin ordú a thabhairt don údarás cinntitheach freisin ionas go nglacfaidh sé na bearta is gá chun an t‑iarratasóir sin a chur faoi réir an scrúdú leighis ordaithe agus go gcuirfidh sé torthaí an scrúdaithe sin ar aghaidh chuici laistigh de thréimhse ghearr ama. Go deimhin, i gceachtar cás díobh, bheadh an chúirt in ann na gnéithe a fháil a mheasann sí a bheith ábhartha nó riachtanach chun measúnú nuashonraithe a dhéanamh ar an gcás aonair, agus an cuspóir a shaothraítear le Treoir 2013/32 maidir le hiarratais ar chosaint idirnáisiúnta a phróiseáil go tapa á urramú ag an am céanna, mar a mheabhraítear i mír 27 den bhreithiúnas seo. |
|
40 |
Ar an gceathrú dul síos, cé nach mór a mheas, mar sin, nach bhfuil an reachtaíocht náisiúnta i gcomhréir leis an gceanglas maidir le scrúdú iomlán ex nunc dá bhforáiltear le hAirteagal 46(3) de Threoir 2013/32, ós rud é nach bhforáiltear leis an Airteagal sin do chumas na cúirte ordú a thabhairt go ndéanfaí scrúdú leighis ar iarratasóir ar chosaint idirnáisiúnta, ní mór a mheabhrú gur faoin gcúirt a rinne an tarchur atá sé léiriú a dhéanamh ar an reachtaíocht sin, a mhéid is féidir, i gcomhréir leis an gceanglas sin (féach, go háirithe, breithiúnas an 20 Nollaig 2017, Protect Natur-, Arten‑ und Landschaftsschutz Umweltorganisation, C‑664/15, EU:C:2017:987, mír 54 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
41 |
Mar sin féin, más rud é nach féidir léiriú den sórt sin a dhéanamh i gcomhréir le dlí an Aontais, leag an Chúirt béim cheana féin ar an ngá atá ann don chúirt inniúil, chun dlí an Aontais a chur i bhfeidhm, forálacha reachtacha náisiúnta a chur ar ceal lena bhféadfaí éifeachtacht iomlán rialacha an Aontais a chosc, amhail Airteagal 46(3) de Threoir 2013/32, arna léamh i bhfianaise Airteagal 47 den Chairt. (féach, chuige sin, breithiúnas an 29 Iúil 2019, Torubarov, C‑556/17, EU:C:2019:626, mír 73 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
42 |
Dá bhrí sin, ní mór a mheas go leanann sé ó éifeacht dhíreach Airteagal 47 den Chairt agus Airteagal 46(3) de Threoir 2013/32 araon, d’fhonn cosaint bhreithiúnach éifeachtach a áirithiú don iarratasóir ar chosaint idirnáisiúnta, de réir bhrí Airteagal 47 di, agus i gcomhréir le prionsabal an chomhair dhílis a chumhdaítear in Airteagal 4(3) CAE, nach mór don chúirt náisiúnta a éisteann achomharc i gcoinne an chinnidh lena ndiúltaítear an t‑iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a bheith in ann ordú a thabhairt go ndéanfaí scrúdú leighis ar an iarratasóir sin i gcás ina bhfuil gá le scrúdú den sórt sin chun measúnú a dhéanamh ar an iarratas sin. |
|
43 |
I bhfianaise na mbreithnithe go léir roimhe seo, is é an freagra ar na ceisteanna a tharchuirtear ná nach mór Airteagal 46(3) de Threoir 2013/32, arna léamh i bhfianaise Airteagal 47 den Chairt agus Airteagal 4(3) CAE, a léiriú sa chaoi, d’fhonn an ceanglas maidir le scrúdú iomlán ex nunc a leagtar síos in Airteagal 46(3) a chomhlíonadh, nach mór an chumhacht a bheith ag cúirt nó binse náisiúnta céadchéime a éisteann achomharc i gcoinne chinneadh an údaráis chinntithigh lena ndiúltaítear d’iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, a ordú go ndéanfaí scrúdú leighis ar an iarratasóir ar chosaint idirnáisiúnta i gcás ina measann sí go bhfuil úsáid an scrúdaithe sin riachtanach nó ábhartha chun measúnú a dhéanamh ar an iarratas sin. |
Costais
|
44 |
Ós rud é, sé leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte a rinne an tarchur, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a chur faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe. |
|
Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Cúigiú Dlísheomra) mar seo a leanas: |
|
Maidir le hAirteagal 46(3) de Threoir 2013/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le nósanna imeachta coiteanna chun cosaint idirnáisiúnta a dheonú, arna léamh i bhfianaise Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus Airteagal 4(3) CAE, |
|
ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas: |
|
D’fhonn an ceanglas maidir le scrúdú iomlán ex nunc a leagtar síos in Airteagal 46(3) a chomhlíonadh, ní mór an chumhacht a bheith ag cúirt nó binse náisiúnta céadchéime a éisteann achomharc i gcoinne chinneadh an údaráis chinntithigh lena ndiúltaítear d’iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a ordú go ndéanfaí scrúdú leighis ar an iarratasóir ar chosaint idirnáisiúnta i gcás ina measann sí go bhfuil úsáid an scrúdaithe sin riachtanach nó ábhartha chun measúnú a dhéanamh ar an iarratas sin. |
|
Sínithe |
( *1 ) Teanga an cháis: an Ghréigis.
( i ) Is ainm bréige é ainm an cháis seo. Ní fhreagraíonn sé d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.