Eagrán sealadach

BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Ceathrú Dlísheomra)

4 Meán Fómhair 2025 (*)

(Tarchur chun réamhrialú – Creat-Chomhaontú ETUC, UNICE agus CEEP maidir le hobair ar théarma socraithe – Clásal 4 – Prionsabal an neamhidirdhealaithe – Comhionannas – Cóir chomhionainn san fhostaíocht agus sa tslí bheatha – Giústísí oinigh agus gnáthghiúistísí – Clásal 5 – Bearta arb é is aidhm dóibh cosc a chur ar úsáid mhíchuí conarthaí théarma shocraithe agus iad a phionósú – Treoir 2003/88/CE – Airteagal 7 – Ceart chun tréimhse saoire le pá in aghaidh na bliana – Airteagal 31 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – Nós imeachta um measúnú chun a bheith deimhnithe go cinntitheach mar ghiúistís oinigh – Tarscaoileadh ex lege éileamh a eascraíonn as dualgais giúistís oinigh a rinneadh roimh an nós imeachta measúnaithe – Cailleadh cirt chun tréimhse saoire le pá in aghaidh na bliana a thugtar le dlí an Aontais)

I gCás C-253/24 [Pelavi] (i),

IARRAIDH ar réamhrialú de bhun Airteagal 267 CFAE, ó Corte d’appello di L’Aquila (Cúirt Achomhairc L'Aquila, an Iodáil), trí bhreith an 4 Aibreán 2024, a fuarthas ag an gCúirt an 4 Aibreán 2024, sna himeachtaí

Ministero della Giustizia

v

NZ,

páirtí leasmhar:

Istituto nazionale della previdenza sociale (INPS),

tugann AN CHÚIRT (an Ceathrú Dlísheomra),

agus í comhdhéanta mar seo a leanas: I. Jarukaitis, Uachtarán Dlísheomra, K. Lenaerts, Uachtarán na Cúirte, i gcáil Breitheamh den gCeathrú Dlísheomra, N. Jääskinen, A. Arabadjiev (Rapóirtéir) agus R. Frendo, Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: J. Kokott,

Cláraitheoir: A. Calot Escobar,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn,

tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

–        NZ, ag P. Perna, avvocata,

–        Rialtas na hIodáile, ag G. Palmieri, i gcáil Gníomhaire, le cúnamh ó L. Fiandaca agus G. Santini, avvocati dello Stato,

–        an Coimisiún Eorpach, ag S. Delaude agus D. Recchia, i gcáil Gníomhairí,

tar éis cinneadh a dhéanamh, i ndiaidh an tAbhcóide Ginearálta a éisteacht, breith a thabhairt ar an gcás gan Tuairim,

an Breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1        Baineann an iarraidh ar réamhrialú leis an léiriú atá le tabhairt ar Airteagal 7 de Threoir 2003/88/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Samhain 2003 a bhaineann le gnéithe áirithe i ndáil le heagrú ama oibre (IO 2003 L 299, lch 9), agus Clásail 4 agus 5 den Chreat-Chomhaontú maidir le hobair ar théarma socraithe a tugadh chun críche an 18 Márta 1999, (‘an creat-chomhaontú’) atá san Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 1999/70/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 maidir leis an gCreat-Chomhaontú maidir le hobair ar théarma socraithe a thug ETUC, UNICE agus CEEP i gcrích (IO 1999, L 175, lch 43), mar aon le hAirteagail 31 agus 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’).

2        Rinneadh an iarraidh seo in imeachtaí idir NZ, giúistís oinigh, agus a fostóir, Ministero della Giustizia (an Roinn Dlí agus Cirt, an Iodáil), maidir leis na hiarmhairtí a eascraíonn as rannpháirtíocht NZ i nós imeachta measúnaithe chun a bheith deimhnithe go cinntitheach ina cuid dualgas.

 An dlí lena mbaineann

 Dlí an Aontais Eorpaigh

 An Creat-Chomhaontú

3        Foráiltear mar seo a leanas i gClásal 2(1) den Chreat-Chomhaontú maidir le hobair ar théarma socraithe, dar teideal ‘Raon feidhme’:

‘Baineann an chomhaontú seo le hoibrithe ar théarma socraithe a bhfuil conradh fostaíochta nó caidreamh fostaíochta leo mar a shainmhínítear sa dlí, i gcomhaontuithe comhchoiteanna nó sa chleachtas atá i bhfeidhm i ngach Ballstát.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

4        Foráiltear mar seo a leanas le Clásal 4(1) den Chreat-Chomhaontú maidir le hobair ar théarma socraithe, dar teideal ‘Prionsabal an neamh-idirdhealaithe’:

‘Maidir le coinníollacha fostaíochta, ní chaithfear le hoibrithe ar théarma socraithe ar bhealach is lú fabhar ná le buanoibrithe inchomparáide toisc go bhfuil conradh nó caidreamh ar théarma socraithe acu, ach amháin má tá bonn cirt le cóir éagsúil ar fhorais oibiachtúla.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

5        Sonraítear an méid seo a leanas i gClásal 5 den Chreat-Chomhaontú maidir le hobair ar théarma socraithe, dar ceannteideal ‘Bearta chun mí-úsáid a chosc’:

1.      Chun cosc a chur ar mhí-úsáid a eascraíonn as an úsáid de chonarthaí fostaíochta nó caidrimh fostaíochta ar théarma socraithe comhleanúnacha, déanfaidh na Ballstáit, tar éis dul i gcomhairle le comhpháirtithe sóisialta i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, le comhaontuithe comhchoiteanna nó le cleachtais chomhchoiteanna, agus/nó déanfaidh na comhpháirtithe sóisialta, i gcás nach bhfuil aon bheart dlí comhionann ann chun mí-úsáid a chosc, ceann amháin nó níos mó de na bearta seo a leanas a thabhairt isteach ar bhealach lena gcuirtear san áireamh riachtanais earnálacha sonracha agus/nó catagóirí oibrithe:

(a)      cúiseanna oibiachtúla lena dtugtar údar maith le conarthaí nó le caidrimh den sórt sin a athnuachan;

(b)      uasré iomlán na gconarthaí fostaíochta nó na gcaidreamh fostaíochta ar théarma socraithe comhleanúnacha;

(c)      líon na n-athnuachan de chonarthaí nó de chaidrimh den sórt sin.

2.      Cinnfidh na Ballstáit, tar éis dul i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta agus/nó na comhpháirtithe sóisialta, i gcás inarb iomchuí, faoi cé na coinníollacha a fhéadfar conarthaí fostaíochta nó caidrimh fostaíochta ar théarma socraithe:

(a)      a mheas mar bheith “comhleanúnach”;

(b)      a mheas mar chonarthaí nó mar chaidrimh tréimhse éiginnte.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

 Treoir 2003/88

6        Foráiltear le hAirteagal 7(1) de Threoir 2003/88, dar teideal ‘Saoire bhliantúil’:

Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh gach oibrí i dteideal tréimhse saoire le pá in aghaidh na bliana a mhairfidh 4 seachtaine ar a laghad i gcomhréir leis na coinníollacha maidir le ceart chun na saoire sin, agus maidir le saoire den sórt sin a dheonú, a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta agus/nó sa chleachtas náisiúnta.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

 Dlí na hIodáile

7        Foráiltear mar seo a leanas i míreanna 1 go 3 agus 5 agus 9 d’Airteagal 29 de decreto legislativo n. 116 – Riforma organica della magistratura onoraria e altre disposizioni sui giudici di pace, nonché disciplina transitoria relativa ai magistrati onorari in servizio, a norma della legge 28 aprile 2016, n. 57 (Foraithne Reachtach Uimh. 116, maidir le leasú orgánach na ngiúistísí oinigh agus forálacha eile i ndáil le giúistísí síochána, agus le córas idirthréimhseach a bhaineann leis na giúistísí oinigh atá i mbun seirbhíse faoi láthair, i gcur chun feidhme Dhlí Uimh. 57 an 28 Aibreán 2016), an 13 Iúil 2017 (GURI Uimh. 177, an 31 Iúil 2017, lch. 1’) arna leasú le legge n. 234 [Dlí Uimh. 234] – Bilancio di previsione dello Stato per l’anno finanziario 2022 e bilancio pluriennale per il triennio 2022-2024 (Dlí Uimh. 234 maidir le réamh-mheastachán an Stáit le haghaidh na bliana fioscaí 2022 agus réamh-mheastachán 2022-2024), an 30 Nollaig 2021 (GURI Uimh. 310 an 31 Nollaig 2021, lch. 1) (‘Foraithne Reachtach Uimh. 116/2017’):

‘1.      Is féidir giúistísí oinigh atá in oifig ar dháta theacht i bhfeidhm na foraithne seo a dheimhniú ach é a iarraidh go dtí go sroicheann siad 70 bliain d’aois.

2.      Maidir le giúistísí oinigh atá in oifig ar dháta theacht i bhfeidhm na foraithne seo nach ndeimhnítear iad, toisc nár chuir siad an t-iarratas isteach nó toisc nár éirigh leo sa nós imeachta measúnaithe dá bhforáiltear i mír 3, beidh siad i dteideal, gan dochar don chumhacht diúltaithe, cúiteamh a fháil atá cothrom le EUR 2 500 d’asbhaintí cánach san iomlán, le haghaidh gach bliana seirbhíse inar ghlac an giúistís páirt in éisteachtaí ar feadh 80 lá ar a laghad, agus EUR 1 500 d’asbhaintí cánach san iomlán, le haghaidh gach bliana seirbhíse inar ghlac an giúistís páirt in éisteachtaí ar feadh níos lú ná 80 lá faoi seach, agus in aon chás laistigh d’uasteorainn EUR 50 000 d’asbhaintí cánach san iomlán in aghaidh an duine. Chun an cúiteamh dá dtagraítear san abairt roimhe seo a ríomh, déileálfar le tréimhsí seirbhíse is faide ná sé mhí mar bhliain amháin. Má fhaightear an cúiteamh, tarscaoiltear aon éileamh eile de chineál ar bith a eascraíonn as seirbhís mar ghiúistís oinigh a fhoirceannadh.

3.      Chun críocha an deimhnithe dá dtagraítear i mír 1, eagróidh an Uaschomhairle Giúistíseachta, trí chinneadh a dhéanamh, trí nós imeachta measúnaithe ar leith a tharlófar go bliantúil le linn na tréimhse trí bliana 2022-2024. Bainfidh siad le giúistísí oinigh atá in oifig agus a bhfuil an méid seo a leanas curtha i gcrích acu ar dháta theacht i bhfeidhm na foraithne seo:

(a) níos mó ná 16 bliana de sheirbhís;

(b) idir 12 bhliain agus 16 bliana de sheirbhís;

(c) níos lú ná 12 bhliain de sheirbhís.

[...]

5.      Tabharfar le tuiscint le hiarratas ar rannpháirtíocht sna nósanna imeachta measúnaithe dá dtagraítear i mír 3 go dtarscaoilfear aon éileamh eile de chineál ar bith a eascraíonn as seirbhís mar ghiúistís oinigh roimhe sin, gan dochar don cheart chun cúitimh dá dtagraítear i mír 2 i gcás nach ndeimhnítear é nó í.

[...]

9.      Scoirfidh giúistísí oinigh atá in oifig ar dháta theacht i bhfeidhm na foraithne seo de bheith in oifig mura gcuireann siad iarratas isteach ar rannpháirtíocht sa nós imeachta measúnaithe dá dtagraítear i mír 3.’

8        Tháinig an fhoráil sin i bhfeidhm an 1 Eanáir 2022.

 An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú

9        Ón 14 Feabhra 2001 i leith, tá NZ ina breitheamh oinigh ag Tribunale di Vasto (Cúirt Vasto, an Iodáil). Ceapadh í ar feadh 3 bliana ar dtús, cuireadh síneadh lena feidhmeannas agus rinneadh í a athnuachan go dtí an post sin gach 4 bliana, go dtí an 13 Nollaig 2022. Ar an dáta deireanach sin, deimhníodh go cinntitheach ina cuid dualgas í go dtí 70 bliain d’aois, de bhun Airteagal 29 d’Fhoraithne Reachtach Uimh. 116/2017, lena dtugtar isteach an fhéidearthacht, do ghiúistísí oinigh a bhí in oifig an 1 Eanáir 2022, iarratas a dhéanamh ar rannpháirtíocht i nós imeachta measúnaithe chun críocha a deimhnithe ina cuid dualgas.

10      Idir an 14 Feabhra 2001 agus an 13 Nollaig 2022, fuair NZ cúiteamh arna ríomh, inter alia, ar bhonn líon na n-éisteachtaí a tionóladh.

11      Níor shuigh NZ le linn na dtréimhsí saoire breithiúnacha a leagtar síos leis an reachtaíocht náisiúnta, idir an 1 agus an 31 Lúnasa gach bliain. Dá bhrí sin, ní bhfuair sí aon liúntas le linn na dtréimhsí sin.

12      Ó tharla go raibh sí ar chlár chomhlachas na nDlíodóirí, d’fhéadfadh NZ leanúint de ghairm an dlíodóra a chleachtadh, le linn an ama chéanna agus go dtí an 13 Nollaig 2022, lasmuigh de dhlínse chríochach na cúirte dár sannadh í.

13      Mar dhlíodóir, bhí sí cumhdaithe ag an scéim slándála sóisialta éigeantach arna riar ag Cassa Nazionale Forense (Ciste Slándála Sóisialta Náisiúnta do Dhlíodóirí, an Iodáil). Ar an mbonn sin, bhí uirthi ranníocaíocht a íoc, a raibh a méid ag brath ar an ioncam óna gníomhaíocht mar dhlíodóir agus ar an liúntas a d’eascair as a post mar bhreitheamh oinigh.

14      Ós rud é gur fhulaing NZ cóir neamhdhleathach maidir lena luach saothair as a cuid dualgas roimh theacht i bhfeidhm Airteagal 29 d’Fhoraithne Reachtach Uimh. 116/2017 agus an dearbhú deiridh ina post mar ghiúistís oinigh, thug NZ caingean os comhair na cúirte céadchéime ag lorg aitheantas – maidir lena dualgais mar ghiúistís oinigh – ar stádas ‘duine fostaithe’ de réir bhrí dhlí na hIodáile, nó ar stádas ‘oibrí’, de réir bhrí dhlí an Aontais, agus dá bhrí sin ar an gceart chun cóir eacnamaíoch agus dhlíthiúil a fháil arb ionann é leis an gceart atá ag oibrithe a bhfuil feidhmeanna comhionanna acu sa Roinn Dlí agus Cirt, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann sé le laethanta saoire poiblí, saoire bhliantúil, saoire mháithreachais agus bhreoiteachta, liúntais bhreoiteachta agus tionóisce, pá scarúna, leas sóisialach agus árachas. D’iarr sí cúiteamh freisin ar an damáiste a líomhnaíonn sí a d’fhulaing sí mar thoradh ar mhainneachtain a líomhnaítear ar na hoibleagáidí a leagtar síos le dlí an Aontais maidir le saoire, saoire mháithreachais agus aon chosaint eile a chomhlíonadh. Ina theannta sin, d’iarr NZ ar an gcúirt sin a chinneadh gur bhain an Roinn sin mí-úsáid as conarthaí fostaíochta ar théarma socraithe a thabhairt i gcrích maidir le NZ agus a ordú don Roinn sin cúiteamh a íoc ar an damáiste a rinneadh mar thoradh air sin do NZ.

15      Le breithiúnas an 14 Márta 2022, sheas an chúirt chéadchéime leis an gcaingean sin go páirteach. Chinn sí, agus a cuid dualgas mar ghiúistís oinigh á gcomhlíonadh aici, gur ghá NZ a aicmiú mar ‘oibrí’ de réir bhrí dhlí an Aontais agus go raibh sí i dteideal an luach saothair céanna a íoctar le gnáthghiúistís a fháil. Chinn an chúirt sin, áfach, nárbh de chineál an t-aicmiú sin lena dtabharfaí an ceart di a bheith cleamhnaithe, leis an Istituto nazionale della previdenza sociale (INPS) (an Institiúid Náisiúnta Slándála Sóisialta, an Iodáil), leis an scéim slándála sóisialta do státseirbhísigh, in éagmais caidreamh fostaíochta poiblí. Dá bhrí sin, d’ordaigh an chúirt sin don Roinn Dlí agus Cirt an luach saothair dlite don tréimhse roimh a chaingean a íoc le NZ, faoi réir na tréimhse teorann 5 bliana. Ina theannta sin, chinn an chúirt sin gur baineadh mí-úsáid as caidreamh fostaíochta ar théarma socraithe NZ agus d’ordaigh sí don Roinn sin cúiteamh a íoc ar an damáiste a bhain do NZ ar mhéid naoi dtráthchuid mhíosúla den luach saothair a íoctar le gnáthghiúistís.

16      Rinne an Roinn Dlí agus Cirt achomharc i gcoinne an chinnidh sin os comhair Corte d’appello di L’Aquila (Cúirt Achomhairc L’Aquila, an Iodáil), arb í an chúirt a rinne an tarchur í, ag cur in aghaidh chineál inchomparáide dhualgais an ghiúistís oinigh agus an ghnáthghiúistís agus cineál mí-úsáideach úsáid conarthaí ar théarma socraithe.

17      Rinne NZ cros-achomharc i gcoinne aicmiú a héileamh mar éileamh ar luach saothair, seachas cúiteamh, a ghlac an chúirt chéadchéime agus cur i bhfeidhm na tréimhse teorann 5 bliana, seachas 10 mbliana, a d’eascair as an aicmiú sin. Cuireann sí i gcoinne an fhíorais freisin nár thug a haicmiú mar ‘oibrí’, de réir bhrí dhlí an Aontais, ceart di a bheith cleamhnaithe le INPS.

18      Cé go raibh na himeachtaí achomhairc ar feitheamh, d’éirigh le NZ sa nós imeachta lena bhforáiltear go bhféadfadh giúistísí oinigh atá in oifig an 1 Eanáir 2022 iarratas a dhéanamh ar rannpháirtíocht i nós imeachta measúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 29, mír 3 d’Fhoraithne Reachtach Uimh. 116/2017.

19      Mar ghiúistís oinigh deimhnithe, tá NZ i dteideal, ón 13 Nollaig 2022, luach saothair socraithe, arna ríomh ar bhonn tuarastal oifigigh atá fostaithe ag an Roinn Dlí agus Cirt, liúntas breithiúnach agus dearbháin béilte a fháil. Íoctar an luach saothair sin freisin le linn na tréimhse saoire breithiúnaí, tréimhse nach bhfuil sí gníomhach lena linn. Ina theannta sin, tar éis stádas eisiach feidhmeanna oinigh a roghnú, baineadh NZ de Chomhlachas na nDlíodóirí agus an Chiste Slándála Sóisialta Náisiúnta le haghaidh Dlíodóirí agus cleamhnaíodh le INPS í.

20      I bhfianaise rannpháirtíocht NZ sa nós imeachta measúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 29, mír 3 d’Fhoraithne Reachtach Uimh. 116/2017 agus ós rud é go bhforáiltear le hAirteagal 29, mír 5 d’Fhoraithne Reachtach Uimh. 116/2017 gurb é atá i gceist leis an rannpháirtíocht sin, i gcás giúistísí oinigh arna ndeimhniú ina ndualgais ag deireadh an nós imeachta sin, tarscaoileadh ex lege ar aon éileamh eile a eascraíonn as a gcaidreamh fostaíochta oinigh roimhe sin, measann an Roinn Dlí agus Cirt nach bhfuil aon chuspóir leis an díospóid sna príomhimeachtaí.

21      Cuireann NZ i gcoinne an iarratais sin ar dhearbhú nach gá breithniú a dhéanamh agus iarrann sí ar an gcúirt a rinne an tarchur ceist a tharraingt anuas maidir le dlíthiúlacht bhunreachtúil Airteagal 29 d’Fhoraithne Reachtach Uimh. 116/2017, go háirithe an tarscaoileadh ex lege dá bhforáiltear i mír 5 den Airteagal sin.

22      Tá amhras ar an gcúirt a rinne an tarchur maidir le comhoiriúnacht Airteagal 29, mír 5 d’Fhoraithne Reachtach Uimh. 116/2017 le Clásal 4 den Chreat-Chomhaontú, Airteagal 7 de Threoir 2003/88 agus Airteagail 31 agus 47 den Chairt, go háirithe a mhéid a bhaineann an tarscaoileadh ex lege sin leis an gceart chun luach saothair a fháil ar saoire arb ionann iad lena bhfaigheann gnáthghiúistísí. Measann sí gurb iomchuí ceist a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú ina leith sin, i bhfianaise éifeacht dhíreach na bhforálacha sin agus na cumhachta atá aici dá réir gan reachtaíocht náisiúnta a chur i bhfeidhm atá i gcontrárthacht le riail a bhfuil éifeacht den sórt sin ag gabháil léi.

23      Ina theannta sin, fiafraíonn an chúirt sin an gcomhlíontar na ceanglais a eascraíonn as Clásal 5(1) den Chreat-Chomhaontú le hAirteagal 29, mír 5 d’Fhoraithne Reachtach Uimh. 16/2017. Measann sí gur iomchuí a iarraidh ar an gCúirt freisin, i ndáil leis sin, a mhéid a d’fhágfadh freagra ón gCúirt ar an dara ceist sin go mbeadh sé níos éasca measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le ceist maidir le bunreachtúlacht na forála náisiúnta atá i gceist a tharchur chuig an Corte costituzionale (an Chúirt Bhunreachtúil, an Iodáil).

24      Sna himthosca sin, chinn an Corte d’appello di L’Aquila (Cúirt Achomhairc L’Aquila) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt le haghaidh réamhrialú:

‘(1) An gcuirtear cosc le hAirteagal 31(1) agus Airteagal 47 den [Chairt], Airteagal 7 de Threoir 2003/88/CE agus Clásal 4 den [Chreat-Chomhaontú] ar reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear go gcaillfidh [giúistís] oinigh, a cháilíonn mar ‘oibrí’ agus ‘oibrí ar théarma socraithe’, a dheimhnítear in oifig go dtí 70 bliain d’aois, an ceart chun [tréimhse] saoire le pá i leith na tréimhse roimh an daingniú?

(2) An gcuirtear cosc le clásal 5(1) den [Chreat-Chomhaontú] ar reachtaíocht náisiúnta, lena ndéantar foráil, mar bheart chun úsáid mhíchuí a bhaint as caidreamh ar théarma socraithe a cheadú, chun [giúistís] oinigh a dhaingniú go dtí go mbainfidh siad 70 bliain d’aois amach, tar éis pas a fháil i nós imeachta measúnaithe de chineál neamhiomaíoch, agus – i gcás mainneachtana pas a fháil sa nós imeachta measúnaithe – lena bhforáiltear do [chúiteamh] airgid, le tarscaoileadh ar aon chearta roimh ré sa dá chás?’

 Inghlacthacht na hiarrata ar réamhrialú

25      Cuireann Rialtas na hIodáile i gcoinne inghlacthacht na hiarrata ar réamhrialú.

26      Maíonn sé, ar an gcéad dul síos, go bhfuil iarraidh ar réamhrialú déanta cheana féin ag Giudice di pace di Fondi (Cúirt Ghiúistís Fondi, an Iodáil), a cláraíodh leis an uimhir C-548/22, ina n-ardaítear ceisteanna comhionanna maidir leis na forálacha náisiúnta céanna agus atá i gceist sna príomhimeachtaí. Measann an rialtas sin, ar chúiseanna a bhaineann go bunúsach le bheith barainneach le cúrsaí nós imeachta, nach bhfuil aon fheidhm ag baint leis an tarchur seo le haghaidh réamhrialú agus gur cheart bac a chur ar an gcás sna príomhimeachtaí go dtí go dtabharfaidh an Chúirt freagra i gCás C-548/22.

27      Ar an dara dul síos, áitítear nach mbunaíonn an chúirt a rinne an tarchur aon nasc idir prionsabail dhlí an Aontais dá dtagraíonn sí agus an reachtaíocht náisiúnta is infheidhme maidir leis an díospóid sna príomhimeachtaí.

28      Ar deireadh, ar an tríú dul síos, áitítear go bhfuil an dara ceist hipitéiseach, ós rud é go mbaineann sí le cás seachas cás an iarratasóra sna príomhimeachtaí, a mhéid a d’éirigh léi sna trialacha ó bhéal sa nós imeachta measúnaithe agus, dá bhrí sin, nach bhfuair sí an cúiteamh airgeadais a bheadh faighte aici i gcás nach n-éireodh léi, dá dtagraítear sa cheist sin.

29      Ní mór a mheabhrú, de réir cásdlí socair, i gcomhthéacs an chomhair idir an Chúirt Bhreithiúnais agus na cúirteanna náisiúnta dá bhforáiltear in Airteagal 267 CFAE, gur faoin gcúirt náisiúnta amháin atá sé – ar tugadh an díospóid os a comhair agus a chaithfidh freagracht a ghlacadh as an gcinneadh breithiúnach atá le teacht, i bhfianaise imthosca sonracha an cháis – an gá atá le réamhrialú ionas go mbeidh sí in ann a breithiúnas a thabhairt agus ábharthacht na gceisteanna a chuireann sí faoi bhráid na Cúirte araon a chinneadh. Dá bhrí sin, nuair a bhaineann na ceisteanna a cuireadh isteach le léiriú ar dhlí an Aontais, tá an Chúirt faoi cheangal, i bprionsabal, rialú a thabhairt (breithiúnas an 17 Meán Fómhair 2020, Burgo Group, C-92/19, EU:C:2020:733, mír 39 agus an cásdlí dá dtagraítear).

30      Dá bhrí sin, tá toimhde ábharthachta ann maidir le ceisteanna a bhaineann le dlí an Aontais. Ní féidir leis an gCúirt Bhreithiúnas diúltú rialú a thabhairt ar iarraidh arna déanamh ag cúirt náisiúnta ach amháin má dhealraíonn sé go follasach nach bhfuil baint ar bith ag an léiriú arna iarraidh ar dhlí an Aontais le fíorais iarbhír ná cuspóir na díospóide sna príomhimeachtaí, gur fadhb de chineál hipitéiseach í nó nach bhfuil an fhaisnéis fhíorasach agus dhlíthiúil is gá ag an gCúirt Bhreithiúnais chun freagra úsáideach a thabhairt ar na ceisteanna a cuireadh uirthi (breithiúnas an 17 Meán Fómhair 2020, Burgo Group, C-92/19, EU:C:2020:733, mír 40 agus an cásdlí dá dtagraítear).

31      I dtaca leis sin, ionas go bhféadfaidh an Chúirt léiriú a thabhairt ar dhlí an Aontais a bheidh úsáideach don chúirt náisiúnta, ceanglaítear le hAirteagal 94(c) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais, inter alia, go dtabharfaí ráiteas san iarraidh ar réamhrialú ráiteas ar na fáthanna a spreag an chúirt nó an binse a rinne an tarchur chun léiriú nó bailíocht forálacha áirithe de dhlí an Aontais Eorpaigh a fhiosrú, agus an gaol idir na forálacha sin agus an reachtaíocht náisiúnta is infheidhme maidir leis na príomhimeachtaí (breithiúnas an 27 Aibreán 2023, AxFina Hungary, C-705/21, EU:C:2023:352, mír 26).

32      Ar an gcéad dul síos, ba cheart a thabhairt faoi deara, cé gur inchurtha na cúinsí as ar eascair breithiúnas an 12 Meán Fómhair 2024, Presidenza del Consiglio dei ministri agus páirtithe eile (Íocaíocht giúistísí oinigh) (C-548/22, EU:C:2024:730) – lenar dhearbhaigh an Chúirt freisin go raibh an iarraidh ar réamhrialú do-ghlactha – leo sin sa chás sna príomhimeachtaí agus go dtarraingítear anuas, leis an dá chás, ceisteanna atá cosúil lena chéile, is fíor fós, i bhfianaise, go háirithe, an chásdlí shocair dá dtagraítear i míreanna 29 agus 30 den bhreithiúnas seo, faoi réir chomhlíonadh na gceanglas a eascraíonn as sin, go bhfuil sé de shaoirse ag an gcúirt náisiúnta i gcónaí tarchur a dhéanamh chun réamhrialú maidir le léiriú ar fhorálacha dhlí an Aontais a bhaineann le réiteach na díospóide atá os a comhair. Go bunúsach, fiú má tá cásdlí socair ann maidir le pointe de dhlí an Aontais, cé go bhféadfadh go dtabharfaí ar an gCúirt ordú de bhun Airteagal 99 dá Rialacha Nós Imeachta a thabhairt dá bharr, ní dhéantar difear dá laghad d’inghlacthacht tarchuir chun réamhrialú i gcás ina gcinneann cúirt náisiúnta, i bhfeidhmiú na rogha sin atá aici, tarchur a dhéanamh chuig an gCúirt de bhun Airteagal 267 CFAE (breithiúnas an 26 Samhain 2014, Mascolo agus páirtithe eile, C-22/13, C-61/13 go C-63/13 agus C-418/13, EU:C:2014:2401, mír 49).

33      Ar an dara dul síos, trína áiteamh, ar bhealach réasúnaithe, dá hamhras, sa chéad áit, maidir lena fháil amach, i bhfianaise Chlásal 4 den Chreat-Chomhaontú, Airteagal 7 de Threoir 2003/88 agus Airteagal 31 den Chairt, an féidir an ceart chun tréimhse saoire le pá atá ag aon oibrí a bhaint den iarratasóir sna príomhimeachtaí agus, sa dara háit, maidir le comhoiriúnacht an nós imeachta measúnaithe atá i gceist sna príomhimeachtaí le Clásal 5(1) den Chreat-Chomhaontú, leagann an chúirt a rinne an tarchur amach go leordhóthanach an nasc a bhunaíonn sí idir forálacha dhlí an Aontais a bhféachann sí lena léiriú a fháil agus an reachtaíocht náisiúnta is infheidhme maidir leis an díospóid sna príomhimeachtaí.

34      Mar sin féin, maidir le hAirteagal 47 den Chairt, ba cheart a thabhairt faoi deara nár mhínigh an chúirt a rinne an tarchur ar bhealach sách nithiúil conas atá gá go dtabharfaí léiriú ar an bhforáil sin chun rialú a thabhairt ar an gcás atá os a comhair ná ní luann sí an nasc atá idir an fhoráil sin agus an reachtaíocht náisiúnta is infheidhme maidir leis an díospóid sin, ag féachaint, go háirithe, don fhíoras, ar thaobh amháin, go mbaineann an díospóid sin le feidhmiú cheart an iarratasóra chun cúiteamh a fháil i leith tréimhse saoire le pá in aghaidh na bliana agus dlíthiúlacht an tsásra chun mí-úsáid caidreamh fostaíochta ar théarma socraithe i ndiaidh a chéile a chosc agus a phionósú, agus, ar an taobh eile, gur thionscain an t-iarratasóir sna príomhimeachtaí caingean os comhair na gcúirteanna náisiúnta inniúla chun na cearta sin a chosaint.

35      Ar an tríú dul síos, maidir leis an líomhain maidir le cineál hipitéiseach an dara ceist, mar is léir ón ordú tarchuir, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur maidir lena chomhoiriúnaí le dlí an Aontais atá an bearta lena bhforchuirtear ar ghiúistísí oinigh a dhéanann iarratas ar rannpháirtíocht i nósanna imeachta measúnaithe, na cearta uile i leith na tréimhse roimh an nós imeachta sin agus, go háirithe, an ceart chun tréimhse saoire le pá in aghaidh na bliana a tharscaoileadh. Ós rud é go gceanglaítear ar an iarratasóir sna príomhimeachtaí, leis an reachtaíocht náisiúnta lena mbaineann, faoi réir an cheanglais an ceart sin a tharscaoileadh, ós rud é gur iarr sí a bheith rannpháirteach sa nós imeachta sin, tá an gaol idir an léiriú ar dhlí an Aontais arna lorg agus ábhar na díospóide sna príomhimeachtaí soiléir agus níl an dara ceist hipitéiseach maidir le cailleadh an chirt sin.

36      Mar sin féin, táthar ar chomhintinn gur éirigh leis an iarratasóir sna príomhimeachtaí sa nós imeachta measúnaithe sin agus gur deimhníodh go cinntitheach í ina dualgais mar ghiúistís oinigh. Dá bhrí sin, ní bhaineann ceistiúchán na cúirte a rinne an tarchur – maidir leis na rialacha mionsonraithe maidir le heagrú an nós imeachta sin agus maidir leis an reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear do chúiteamh airgid i gcás nach n-éiríonn le duine – leis an díospóid sna príomhimeachtaí. Tá an dara ceist hipitéiseach a mhéid a bhaineann sí leis an dá ghné sin den cheistiúchán.

37      Dá bhrí sin, tá an iarraidh ar réamhrialú inghlactha, cé is moite den dara ceist a mhéid a bhaineann sí leis na rialacha mionshonraithe maidir le heagrú an nós imeachta measúnaithe do ghiúistísí oinigh d’fhonn iad a dheimhniú go críochnaitheach i mbun a ndualgas agus an cúiteamh airgeadais i gcás nach n-éiríonn le duine sa nós imeachta sin.

 Na ceisteanna le haghaidh réamhrialú

 Barúlacha tosaigh

38      De réir chásdlí socair na Cúirte Breithiúnais, i gcomhthéacs an chomhair idir cúirteanna náisiúnta agus an Chúirt, arna leagan amach in Airteagal 267 CFAE, is faoin gCúirt atá sé freagra áisiúil a thabhairt ar an gcúirt náisiúnta ionas go bhféadfaidh sí an díospóid atá os a comhair a réiteach. Chuige sin, is faoin gCúirt atá sé, más gá, na ceisteanna a tharchuirtear chuici a athfhoirmliú (breithiúnas an 30 Aibreán 2025, Genzyński, C-278/24, EU:C:2025:299, mír 41 agus an cásdlí dá dtagraítear).

39      Sa chás seo, is cosúil go bhfuil dlúthnasc idir an dá cheist a tharchuir an chúirt a rinne an tarchur. Baineann siad leis na cearta nach féidir le giúistísí oinigh atá deimhnithe ina ndualgais ag deireadh an nós imeachta measúnaithe a agairt a thuilleadh mar thoradh air sin. Dá bhrí sin, baineann an chéad cheist leis an léiriú atá le tabhairt ar Chlásal 4 den Chreat-Chomhaontú, Airteagal 7 de Threoir 2003/88 agus Airteagal 31 den Chairt agus baineann sí, go háirithe, le cailleadh an chirt chun tréimhse saoire le pá don tréimhse roimh an dearbhú sin, cé go mbaineann an dara ceist le léiriú Chlásal 5 den Chreat-Chomhaontú agus baineann sí, ar bhonn níos leithne, le tarscaoileadh aon chirt a bhaineann leis an tréimhse níos luaithe sin.

40      Ar an gcéad dul síos, maidir leis na forálacha a bhfuiltear ag brath orthu sna ceisteanna a tarchuireadh, tugann an chúirt a rinne an tarchur dá haire gur beart é an nós imeachta meastóireachta arna ghlacadh chun freagra a thabhairt ar iarrataí an Choimisiúin Eorpaigh agus ar bhreithiúnas an 16 Iúil 2020, Governo della Repubblica italiana (Stádas giúistísí na hIodáile) (C-658/18, EU:C:2020:572). Ón taobh sin de, tá an nós imeachta sin ceaptha an oibleagáid a eascraíonn as Clásal 5(1) den Chreat-Chomhaontú a chur chun feidhme, eadhon, bearta éifeachtacha a ghlacadh chun mí-úsáid conarthaí ar théarma socraithe i ndiaidh a chéile a chosc agus pionós a ghearradh ina leith.

41      Fiafraíonn an chúirt sin an bhfuil an nós imeachta meastóireachta sách athchomhairleach, ionas go mbeifí in ann é a aicmiú mar bheart lena ngearrtar pionós ar mhí-úsáid conarthaí den sórt sin, de réir bhrí Chlásal 5(1) agus, dá réir sin, an gcomhlíontar ceanglais na forála sin, arna léiriú ag an gCúirt.

42      Tugann an chúirt sin faoi deara, i ndáil leis sin, gur chuir an reachtaíocht atá i gceist sna príomhimeachtaí ar chumas NZ buaine a feidhmeannas agus a cuid ráthaíochtaí don tréimhse ina dhiaidh sin a bhaint amach, amhail na hathchóirithe a scrúdaíodh i mbreithiúnais an 26 Samhain 2014, Mascolo agus páirtithe eile (C-22/13, C-61/13 go C-63/13 agus C-418/13, EU:C:2014:2401), agus an 8 Bealtaine 2019, Rossato agus Conservatorio di Musica F.A. Bonporti (C-494/17, EU:C:2019:387). Murab ionann agus na hathchóirithe sin, áfach, foráiltear leis an reachtaíocht sin má dhéantar iarratas ar rannpháirtíocht i nósanna imeachta measúnaithe go gcaithfidh ghiúistísí oinigh aon éileamh eile a eascraíonn as an gcaidreamh fostaíochta oinigh roimhe sin a tharscaoileadh agus, dá bhrí sin, a gceart chun prionsabal an neamh-idirdhealaithe a leagtar síos i gClásal 4 den Chreat-Chomhaontú lena dtacófaí lena n-éilimh a tharscaoileadh.

43      Dá bhrí sin, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an bhfuil an reachtaíocht sin comhoiriúnach leis an bhforáil atá beartaithe aici a chur chun feidhme, eadhon Clásal 5 den Chreat-Chomhaontú, lena bhféachtar leis an mí-úsáid a bhaintear as conarthaí fostaíochta ar théarma socraithe i ndiaidh a chéile a sheachaint agus pionós a ghearradh orthu, arna léamh i gcomhar le Clásal 4 den Chomhaontú sin, agus le hAirteagal 7 de Threoir 2003/88, ina ndaingnítear an ceart chun tréimhse saoire le pá in aghaidh na bliana, a chumhdaítear in Airteagal 31(2) den Chairt, ar a bhféadfaidh oibrí brath i gcoinne a fhostóra (féach, chuige sin, breithiúnas an 9 Samhain 2023 Keolis Agen, C-271/22 go C-275/22, EU:C:2023:834 mír 28). Dealraíonn sé, dá bhrí sin, gurb iomchuí scrúdú a dhéanamh le chéile ar na ceisteanna a tharchuirtear chun réamhrialú.

44      I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, ina theannta sin, cé go dtagraíonn an chúirt a rinne an tarchur, i bhfoclaíocht na chéad cheiste a tharchuirtear, d’Airteagal 31(1) den Chairt, lena gcumhdaítear an ceart atá ag gach oibrí chun dálaí oibre lena n-urramaítear a shláinte, a shábháilteacht agus a dhínit, gur léir ón ordú tarchuir, agus ó chomhthéacs na ceiste sin, go dtagraíonn an cheist sin i ndáiríre d’Airteagal 31(2).

45      Ar an dara dul síos, ba cheart a thabhairt faoi deara, cé gur léir ó fhoclaíocht na gceisteanna a tharchuirtear go mbaineann ceistiúchán na cúirte a rinne an tarchur le hAirteagal 29, mír 5 d’Fhoraithne Reachtach Uimh. 116/2017 lena gceanglaítear ar ghiúistísí oinigh, ar iarratas a dhéanamh ar rannpháirtíocht sa nós imeachta measúnaithe atá i gceist, aon cheart a eascraíonn as an gcaidreamh oinigh roimhe sin a tharscaoileadh, déanann an chúirt a rinne an tarchur tagairt go sonrach do tharscaoileadh an chirt chun tréimhse saoire le pá in aghaidh na bliana , ceart nach bhfuil ag giúistísí oinigh le linn laethanta saoire breithiúnacha, murab ionann agus gnáthghiúistísí.

46      Go bunúsach, i dtaca leis an gceart sin, measann an chúirt a rinne an tarchur go bhfuil an t-iarratasóir sna príomhimeachtaí i staid inchomparáide le gnáthghiúistís. Tugann an chúirt sin faoi deara, i ndáil leis sin, roimh theacht i bhfeidhm na reachtaíochta atá i gceist sna príomhimeachtaí, go raibh sé de cheart ag an iarratasóir, ina cáil mar ‘oibrí’ agus mar ‘oibrí ar théarma socraithe’, go seasfaí lena héileamh ar luach saothair don tréimhse saoire breithiúnaí, gan dochar do chur i bhfeidhm na rialacha maidir le tréimhsí teorann ábhartha.

47      Ar an taobh eile, maidir leis an gceart chun cosanta sóisialta, measann an chúirt a rinne an tarchur nach bhfuil staid na ngiúistísí oinigh agus staid na ngnáthghiúistísí inchomparáide agus, in aon chás, go bhfuil bonn cirt le haon difríocht sa chóir.

48      I bhfianaise na réamhbhreithnithe sin, is iomchuí dá bhrí sin gan scrúdú a dhéanamh ach ar cheann amháin de ghnéithe na reachtaíochta atá i gceist sna príomhimeachtaí, rud a léirigh an chúirt a rinne an tarchur ina hiarraidh ar réamhrialú, eadhon an ceanglas an ceart chun tréimhse saoire le pá in aghaidh na bliana a tharscaoileadh don tréimhse roimh an nós imeachta measúnaithe.

49      Dá bhrí sin, ní mór a mheas, trína ceisteanna, ar cheart iad a scrúdú le chéile, go n-iarrann an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gcaithfear Clásal 5(1) den Chreat-Chomhaontú, arna léamh i gcomhar le Clásal 4 den Chomhaontú sin, Airteagal 7 de Threoir 2003/88 agus Airteagal 31(2) den Chairt a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc ar reachtaíocht náisiúnta leo atá ceaptha pionós a ghearradh ar mhí-úsáid conarthaí fostaíochta ar théarma socraithe i ndiaidh a chéile, lena ndéantar an t-iarratas arna ndéanamh ag giúistísí oinigh atá i bhfeidhm a ndualgas, ar rannpháirtíocht i nós imeachta measúnaithe chun a bheith deimhnithe ina ndualgais go dtí go bhfuil 70 bliain d’aois slánaithe acu a chur faoi réir an cheanglais an ceart chun luach saothair arb é atá ann ná tréimhse saoire le pá in aghaidh na bliana a eascraíonn as dlí an Aontais – a bhaineann lena gcaidreamh fostaíochta i gcáil oinigh – a tharscaoileadh roimh an deimhniú sin a bheith faighte acu.

 Substaint an cháis

50      Le Clásal 5(1) den Chreat-Chomhaontú, ceanglaítear ar na Ballstáit, d’fhonn mí-úsáid conarthaí fostaíochta ar théarma socraithe i ndiaidh a chéile a chosc, ceann amháin ar a laghad de na bearta a liostaítear ann a ghlacadh, i gcás nach bhfuil bearta dlíthiúla ionanna ina ndlí náisiúnta (breithiúnas an 8 Bealtaine 2019, Rossato agus Conservatorio di Musica F.A. Bonporti, C-494/17, EU:C:2019:387, mír 24 agus an cásdlí dá dtagraítear).

51      Tríd an méid sin a dhéanamh, sanntar, le Clásal 5(1) den Chreat-Chomhaontú, cuspóir ginearálta do na Ballstáit, is é sin mí-úsáid den sórt sin a chosc, agus ag an am céanna rogha a thabhairt maidir leis na modhanna chun an cuspóir sin a bhaint amach, ar choinníoll nach dtarraingíonn siad amhras ar chuspóir ná ar éifeachtacht an Chreat-Chomhaontaithe (breithiúnas an 8 Bealtaine 2019, Rossato agus Conservatorio di Musica F.A. Bonporti, C-494/17, EU:C:2019:387, mír 26 agus an cásdlí dá dtagraítear).

52      Ina theannta sin, i gcás mar atá sa chás seo nach bhforáiltear le dlí an Aontais do phionóis shonracha i gcás ina n-aithnítear mí-úsáid mar sin féin, is faoi na húdaráis náisiúnta atá sé bearta a ghlacadh a chaithfidh a bheith comhréireach agus éifeachtach go leor agus athchomhairleach chomh maith chun a áirithiú go mbeidh na rialacha arna nglacadh de bhun an chreat-chomhaontaithe iomlán éifeachtach (féach, chuige sin, breithiúnas an 13 Meitheamh 2024, DG de la Función Pública, Generalitat de Catalunya agus Departamento de Justicia de la Generalitat de Catalunya, C-331/22 agus C-332/22, EU:C:2024:496, mír 67 agus an cásdlí dá dtagraítear).

53      Dá bhrí sin, i gcás mí-úsáid conarthaí fostaíochta ar théarma socraithe i ndiaidh a chéile nó caidreamh fostaíochta ar théarma socraithe i ndiaidh a chéile, ní mór beart lena dtugtar ráthaíochtaí éifeachtacha agus ionanna maidir le cosaint oibrithe a chur i bhfeidhm chun pionós cuí a ghearradh ar an mí-úsáid sin agus chun deireadh a chur le hiarmhairtí an tsáraithe ar dhlí an Aontais (breithiúnas an 8 Bealtaine 2019, Rossato agus Conservatorio di Musica F.A. Bonporti, C-494/17, EU:C:2019:387, mír 28 agus an cásdlí dá dtagraítear).

54      Ba cheart a mheabhrú nach faoin gCúirt atá sé rialú a thabhairt ar léiriú fhorálacha an dlí náisiúnta, ós rud é go mbaineann an cúram sin leis an gcúirt a rinne an tarchur go heisiach nó, de réir mar a bheidh, leis na cúirteanna náisiúnta inniúla, a chaithfidh a chinneadh an gcomhlíontar na ceanglais dá dtagraítear i míreanna 50 go 53 den bhreithiúnas seo le forálacha na reachtaíochta náisiúnta is infheidhme (féach, chuige sin, breithiúnas an 26 Samhain 2014, Mascolo agus páirtithe eile, C-22/13, C-61/13 go C-63/13 agus C-418/13, EU:C:2014:2401, mír 81).

55      Dá bhrí sin, is faoin gcúirt a rinne an tarchur atá sé measúnú a dhéanamh ar a mhéid atá na coinníollacha maidir le cur i bhfeidhm agus cur chun feidhme éifeachtach fhorálacha ábhartha an dlí náisiúnta ina mbeart iomchuí chun pionós a ghearradh ar mhí-úsáid conarthaí nó caidrimh fostaíochta ar théarma socraithe i ndiaidh a chéile agus chun deireadh a chur leis na hiarmhairtí lena mbaineann. Mar sin féin, féadfaidh an Chúirt, agus réamhrialú á thabhairt aici, soiléiriú a thabhairt, i gcás inarb iomchuí, chun treoir a thabhairt don chúirt a rinne an tarchur ina measúnú (féach chuige sin, breithiúnas an 26 Samhain 2014, Mascolo agus páirtithe eile, C-22/13, C-61/13 go C-63/13 agus C-418/13, EU:C:2014:2401 míreanna 82 agus 83 agus an cásdlí dá dtagraítear).

56      I ndáil leis sin, is fiú a mheabhrú, mar a chuir an Chúirt in iúl, nach leagtar síos oibleagáid ghinearálta ar na Ballstáit leis an gCreat-Chomhaontú foráil a dhéanamh maidir le conarthaí fostaíochta ar théarma socraithe a thiontú ina gconarthaí tréimhse éiginnte. Go bunúsach, fágtar faoi na Ballstáit é, le Clásal 5(2) den Chreat-Chomhaontú, na coinníollacha a chinneadh faoina measfar conarthaí fostaíochta ar théarma socraithe nó caidrimh fostaíochta ar théarma socraithe a bheith tugtha i gcrích ar feadh tréimhse éiginnte. Dá bhrí sin, ní leagtar síos sa Chreat-Chomhaontú na coinníollacha faoina bhféadfar conarthaí tréimhse éiginnte a úsáid (breithiúnas an 26 Samhain 2014, Mascolo agus páirtithe eile, C-22/13, C-61/13 go C-63/13 agus C-418/13, EU:C:2014:2401 mír 80 agus an cásdlí dá dtagraítear).

57      Leanann sé ón bhforáil sin go bhfuil sé de rogha ag na Ballstáit, trí bhearta lena bhféadfaí mí-úsáid conarthaí fostaíochta ar théarma socraithe i ndiaidh a chéile a chosc nó a phionósú, caidrimh fostaíochta ar théarma socraithe a thiontú ina gcaidrimh fostaíochta ar théarma éiginnte, ós rud é gurb í seasmhacht na fostaíochta a chuirtear ar fáil leis na caidrimh sin an phríomhghné de chosaint na n-oibrithe (féach, chuige sin, breithiúnas an 8 Bealtaine 2019, Rossato agus Conservatorio di Musica F.A. Bonporti, C-494/17, EU:C:2019:387, mír 39).

58      Dá bhrí sin, chinn an Chúirt, go bunúsach, go bhféadfadh beart a dhéantar le reachtaíocht lena bhforáiltear, ar bhealach éigeantach, i gcás mí-úsáid conarthaí fostaíochta ar théarma socraithe, go ndéanfar caidreamh fostaíochta ar feadh tréimhse éiginnte de na conarthaí sin, agus aon chúiteamh airgid a eisiamh – a bheith ina phionós éifeachtach ar ghníomhaíocht mhí-úsáideach den sórt sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 8 Bealtaine 2019, Rossato agus Conservatorio di Musica F.A. Bonporti, C-494/17, EU:C:2019:387, mír 40 agus an cásdlí dá dtagraítear).

59      Dá bhrí sin, ní cheanglaítear leis an gcásdlí go mbeadh roinnt bearta éagsúla i gceist. Thairis sin, ní cheanglaítear, le prionsabal an chúitimh iomláin ar an damáiste a fulaingíodh ná le prionsabal na comhréireachta, damáistí pionósacha a íoc. Go bunúsach, ceanglaítear ar na Ballstáit leis na prionsabail sin foráil a dhéanamh do chúiteamh leordhóthanach, de bhreis ar chúiteamh siombalach amháin, gan dul thar chúiteamh iomlán, áfach (breithiúnas an 8 Bealtaine 2019, Rossato agus Conservatorio di Musica F.A. Bonporti, C-494/17, EU:C:2019:387, míreanna 41 go 43 agus an cásdlí dá dtagraítear).

60      Dá bhrí sin, ní cheanglaítear leis an gCreat-Chomhaontú ar na Ballstáit, i gcás mí-úsáid conarthaí fostaíochta ar théarma socraithe, foráil a dhéanamh do cheart chun cúitimh chomh maith leis an gcaidreamh fostaíochta ar théarma socraithe a thiontú ina chaidreamh fostaíochta ar théarma éiginnte (breithiúnas an 8 Bealtaine 2019, Rossato agus Conservatorio di Musica F.A. Bonporti, C-494/17, EU:C:2019:387, mír 45).

61      Sa chás seo, cuireann Rialtas na hIodáile in iúl gurb é cuspóir na reachtaíochta atá i gceist sna príomhimeachtaí na ráthaíochtaí uile atá ag duine fostaithe a dheonú do ghiúistísí oinigh seirbhíse, trí fhoráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht leanúint d’fhostaíocht go dtí go bhfuil 70 bliain d’aois slánaithe acu, faoi réir an choinníll go n-éiríonn leo sa nós imeachta measúnaithe, arb é is aidhm dó a fhíorú go bhfuil na coinníollacha is gá chun feidhmeanna breithiúnacha a chleachtadh fós á gcomhlíonadh, i gcomhréir le cásdlí an Corte costituzionale (an Chúirt Bhunreachtúil).

62      Is léir ón ordú tarchuir, ar an gcéad dul síos, gur éirigh leis an iarratasóir sna príomhimeachtaí an nós imeachta measúnaithe i bhfianaise a dearbhú críochnaitheach i bhfeidhmeannas giúistís oinigh dá bhforáiltear leis an reachtaíocht sin.

63      Ar an dara dul síos, sular deimhníodh go críochnaitheach í, níor thionóil an t-iarratasóir sna príomhimeachtaí éisteacht le linn thréimhsí saoire breithiúnacha bliantúla na cúirte ina bhfeidhmíonn sí mar ghiúistís oinigh agus ní bhfuair sí aon luach saothair le haghaidh na dtréimhsí sin.

64      Ar an tríú dul síos, is é atá i gceist le hiarratas ar rannpháirtíocht sa nós imeachta measúnaithe ná an ceart chun tréimhse saoire le pá in aghaidh na bliana a tharscaoileadh don tréimhse roimh an dearbhú críochnaitheach sin, ceart a ráthaítear le hAirteagal 7 de Threoir 2003/88 agus le hAirteagal 31(2) den Chairt.

65      Dar le Rialtas na hIodáile, is leor ‘aon éileamh eile’, agus dá réir, an ceart chun tréimhse saoire le pá in aghaidh na bliana maidir leis an tréimhse roimhe sin a tharscaoileadh mar chomaoin ar an dearbhú críochnaitheach i bhfeidhmeannas giúistís oinigh, ós rud é nach dtugtar ach mionsheans go ndéanfaí buanchaidreamh fostaíochta den chaidreamh fostaíochta roimhe sin mar thoradh ar rath a bheith ar dhuine sa nós imeachta measúnaithe, ach go n-eascraíonn an deis as go leanfaí ar aghaidh go hiarbhír leis an gcaidreamh fostaíochta sin. Dá bhrí sin, is iarmhairt dhíreach é an tarscaoileadh ar chearta a bhí ann roimhe sin ar an ‘gcúiteamh comhchineáil’ a dheonaítear do ghiúistísí oinigh arna ndeimhniú.

66      Áitíonn an rialtas sin freisin gur cheart idirdhealú droim ar ais a sheachaint i gcoinne gnáthghiúistísí a bhfuil feidhm iomlán ag prionsabail na hearcaíochta iomaíche agus na feidhme breithiúnaí eisiaiche maidir leo.

67      Chuige sin, ba cheart a mheabhrú go gcuirtear cosc le Clásal 4(1) den Chreat-Chomhaontú, maidir le coinníollacha fostaíochta, ar chaitheamh le hoibrithe téarma shocraithe ar bhealach is lú fabhar ná mar a chaitear le hoibrithe buana atá i staid inchomparáide, ar an bhforas go bhfuil siad fostaithe ar chonradh ar théarma socraithe agus ar an bhforas sin amháin, ach amháin má bhíonn bonn cirt le cóir éagsúil ar fhorais oibiachtúla (breithiúnas an 27 Meitheamh 2024, Peigli, C-41/23, EU:C:2024:554, mír 38 agus an cásdlí dá dtagraítear).

68      Má shuitear go bhfuil giúistísí oinigh, amhail an t-iarratasóir sna príomhimeachtaí, i staid inchomparáide le gnáthghiúistísí, rud ar faoin gcúirt a rinne an tarchur atá sé measúnú a dhéanamh air, is gá a fháil amach an bhfuil forais oibiachtúla ann lena dtugtar bonn cirt leis an difríocht sin sa chóir a chuirtear orthu (breithiúnas an 27 Meitheamh 2024, Peigli, C-41/23, EU:C:2024:554, mír 50).

69      I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, dar leis an gcúirt sin, nach bhfuil aon bhonn cirt le tréimhse saoire le pá in aghaidh na bliana a shéanadh ar ghiúistísí oinigh.

70      Ina theannta sin, chinn an Chúirt cheana féin go bhfágtar – le nós imeachta earcaíochta trí chomórtas atá forchoimeádta do phoist ghnáthghiúistísí amháin chun críocha an ghiúistíseacht a rochtain, rud nach mbaineann dá bhrí sin le hearcú giúistísí oinigh – gur féidir na cearta ar fad a thugtar do ghnáthghiúistísí a shéanadh ar na giúistísí oinigh sin. Mar sin féin, cé go bhféadfadh bonn cirt a bheith le difríochtaí áirithe sa chóir mar gheall ar na difríochtaí sna cáilíochtaí is gá agus mar gheall ar chineál na gcúraimí nach mór do ghnáthghiúistísí freagracht a ghlacadh ina leith, ní féidir glacadh le haon eisiamh ar gach ceart chun tréimhse saoire le pá i leith giúistísí oinigh i bhfianaise Chlásal 4 den Chreat-Chomhaontú (breithiúnas an 27 Meitheamh 2024, Peigli, C-41/23, EU:C:2024:554, míreanna 53 agus 54 agus an cásdlí dá dtagraítear).

71      Go bunúsach, tá an ceart sin in Airteagal 7(1) de Threoir 2003/88, lena bhforáiltear ‘[go nd]éanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh gach oibrí i dteideal tréimhse saoire le pá in aghaidh na bliana a mhairfidh 4 seachtaine ar a laghad’.

72      Is cásdlí socair é go léirítear agus go gcuirtear in iúl go nithiúil an ceart bunúsach chun tréimhse saoire le pá in aghaidh na bliana leis an bhforáil sin, a chumhdaítear in Airteagal 31(2) den Chairt (breithiúnas an 9 Samhain 2023, Keolis Agen, C-271/22 go C-275/22, EU:C:2023:834, mír 18 agus an cásdlí dá dtagraítear).

73      Ina theannta sin, ón gceart sin a bheith ann as a stuaim féin, is de chineál éigeantach agus neamhchoinníollach araon an ceart sin chun tréimhse saoire le pá in aghaidh na bliana, a chumhdaítear don uile oibrí in Airteagal 31(2) den Chairt, ós rud é nach bhféachtar leis an bhforáil sin go ndéanfaí foráil ar leith don cheart sin le dlí an Aontais ná leis an dlí náisiúnta, ar chaoi nach bhfuil i gceist a dhéanamh leis an dá saghas reachtaíochta sin ach fad na saoire le pá in aghaidh na bliana a shonrú agus, i gcás inarb iomchuí, na coinníollacha áirithe chun an tsaoire sin a fheidhmiú a shonrú. Dá bhrí sin, is leor an fhoráil sin inti féin chun ceart a thabhairt d’oibrithe, ar féidir a agairt mar sin i ndíospóid idir iad agus a bhfostóir i gcás a chumhdaítear le dlí an Aontais agus, dá bhrí sin, a thagann faoi raon feidhme na Cairte (féach, chuige sin, breithiúnas an 6 Samhain 2018, Max-Planck-Gesellschaft zur Förderung der Wissenschaften, C-684/16, EU:C:2018:874, mír 74).

74      Dá bhrí sin, cuirtear cosc le Clásal 4 den Chreat-Chomhaontú, le hAirteagal 7 de Threoir 2003/88 agus le hAirteagal 31(2) den Chairt, ar reachtaíocht náisiúnta lena n-eisiatar, i gcás giúistísí oinigh i gcás inchomparáide, aon éileamh ar chúiteamh a íoc le linn na tréimhse saoire ar lena linn a cuireadh gníomhaíochtaí breithiúnacha ar fionraí, murab ionann agus an méid a fhoráiltear ann do ghnáthghiúistísí (féach, chuige sin, breithiúnas an 27 Meitheamh 2024, Peigli, C-41/23, EU:C:2024:554 mír 59).

75      Dá bhrí sin, ar thaobh amháin, mar is léir ón gcásdlí dá dtagraítear i míreanna 53 agus 57 den bhreithiúnas seo, d’fhonn na coinníollacha a leagtar síos le Clásal 5(1) den Chreat-Chomhaontú a chomhlíonadh, ní mór a fhoráil le reachtaíocht náisiúnta – i gcás mí-úsáid conarthaí fostaíochta ar théarma socraithe i ndiaidh a chéile – do ráthaíochtaí éifeachtacha chun pionós a ghearradh ar an mí-úsáid sin agus deireadh a chur leis na hiarmhairtí, ós rud é, i bprionsabal, gur pionós éifeachtach ar mhí-úsáid den sórt sin é an caidreamh fostaíochta ar théarma socraithe a thiontú ina chaidreamh fostaíochta ar feadh tréimhse éiginnte.

76      Ar an dara dul síos, mar is léir ó mhír 73 den bhreithiúnas seo, is ionann an ceart chun tréimhse saoire le pá in aghaidh na bliana agus ceart suibiachtúil an uile oibrí, a dheonaítear dó ar bhealach éigeantach agus neamhchoinníollach le dlí an Aontais.

77      Dá bhrí sin, ní féidir Clásal 5(1) den Chreat-Chomhaontú a léiriú sa chaoi go bhféadfadh sé go bhféadfaí an t-oibrí – lena mbaineann ceart a thugtar dó le dlí an Aontais de bhun Chlásal 4 den Chomhaontú sin – a chur faoi cheangal ceart dá leithéid sin a tharscaoileadh trí bheart a bheith á chur i bhfeidhm ag Ballstát chun mí-úsáid conarthaí fostaíochta ar théarma socraithe i ndiaidh a chéile a phionósú agus chun deireadh a chur leis na hiarmhairtí a ghabhann léi. Go bunúsach, tá raonta feidhme neamhspleácha ag Clásal 5(1) agus Clásal 4 den Chreat-Chomhaontú, atá ceaptha pionós a ghearradh ar mhí-úsáid den sórt sin agus a áirithiú go gcuirfear cóir chomhionann ar oibrithe nuair a oibríonn siad ar bhonn caidrimh fostaíochta ar théarma socraithe faoi seach..

78      Dá bhrí sin, ní fhéadfadh sé go gcuirfí an giúistís sin faoi cheangal na cearta a thugtar dó le dlí an Aontais a tharscaoileadh mar gheall ar an reachtaíocht náisiúnta lena ngearrtar pionós ar mhí-úsáid caidreamh fostaíochta ar théarma socraithe i ndiaidh a chéile trí fhoráil a dhéanamh maidir leis an ngiúistís oinigh go mbeidh an fhéidearthacht ann go ndéanfaí a chaidrimh sin a thiontú ina chaidreamh fostaíochta ar feadh tréimhse éiginnte.

79      I bhfianaise na mbreithnithe roimhe seo, is é an freagra ar na ceisteanna a tharchuirtear ná nach mór Clásal 5(1) den Chreat-Chomhaontú, arna léamh i gcomhar le Clásal 4 den Chomhaontú sin, Airteagal 7 de Threoir 2003/88 agus Airteagal 31(2) den Chairt, a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar reachtaíocht náisiúnta lena bhféachtar pionós a ghearradh ar mhí-úsáid conarthaí fostaíochta ar théarma socraithe i ndiaidh a chéile, lena ndéantar an t-iarratas arna ndéanamh ag giúistísí oinigh atá i bhfeidhm a ndualgas ar rannpháirtíocht i nós imeachta measúnaithe chun a bheith deimhnithe ina ndualgas go dtí go bhfuil 70 bliain d’aois slánaithe acu, faoi réir na hoibleagáide an ceart chun tréimhse saoire le pá in aghaidh na bliana a eascraíonn as dlí an Aontais – a bhaineann lena gcaidreamh fostaíochta i gcáil oinigh – a tharscaoileadh.

 Costais

80      Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte a rinne an tarchur, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a chur faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Ceathrú Dlísheomra) mar seo a leanas:

Maidir le Clásal 5(1) den Chreat-Chomhaontú maidir le hobair ar théarma socraithe, arna thabhairt i gcrích an 18 Márta 1999, atá san Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 1999/70/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 maidir le maidir le hobair ar théarma socraithe a thug ETUC, UNICE agus CEEP i gcrích, arna léamh i gcomhar le Clásal 4 den Chomhaontú sin, Airteagal 7 de Threoir 2003/88/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Samhain 2003 a bhaineann le gnéithe áirithe i ndáil le heagrú ama oibre, mar aon le hAirteagal 31(2) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

Cuirtear cosc leis ar reachtaíocht náisiúnta leo lena bhféachtar pionós a ghearradh ar mhí-úsáid conarthaí fostaíochta ar théarma socraithe i ndiaidh a chéile, lena ndéantar an t-iarratas arna ndéanamh ag giúistísí oinigh atá i bhfeidhm a ndualgas ar rannpháirtíocht i nós imeachta measúnaithe chun a bheith deimhnithe ina ndualgas go dtí go bhfuil 70 bliain d’aois slánaithe acu, faoi réir na hoibleagáide an ceart chun tréimhse saoire le pá in aghaidh na bliana a eascraíonn as dlí an Aontais – a bhaineann lena gcaidreamh fostaíochta i gcáil oinigh roimhe sin – a tharscaoileadh.

Sínithe


*      Teanga an cháis: an Iodáilis.


i       Is ainm bréige é ainm an cháis seo. Ní fhreagraíonn sé d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.