BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Chéad Dlísheomra)
23 Deireadh Fómhair 2025 ( *1 )
(Tarchur chun réamhrialú – Comhshaol – Dramhaíl – Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 – Airteagal 24(2) – Loingsiú – Glacadh ar ais i gcás loingsiú neamhdhleathach – Glacadh ar ais dramhaíola ag an údarás inniúil seolta – Oibleagáid nó rogha don údarás sin an dramhaíl a aisghabháil nó a dhiúscairt d’ainneoin agóid tosaigh an choinsíneora – Airteagal 17(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – An ceart chun maoine – Bailíocht)
I gCásanna uamtha C‑221/24 agus C‑222/24,
IARRAIDH ar réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE, ó Svea hovrätt, Mark- och marknadsöverdomstolen (Cúirt Achomhairc ag suí i Stócólm mar Chúirt Achomhairc na Talún agus an Chomhshaoil, an tSualainn), trí bhreith an 12 Márta 2024, a fuarthas ag an gCúirt an 22 Márta 2024, sna himeachtaí
Naturvårdsverket
v
UQ (C‑221/24)
IC (C‑222/24)
tugann AN CHÚIRT (an Chéad Dlísheomra),
agus í comhdhéanta mar seo a leanas: F. Biltgen, Uachtarán Dlísheomra, T. von Danwitz, Leas-Uachtarán na Cúirte, ag feidhmiú mar Bhreitheamh den Chéad Dlísheomra, A. Kumin, I. Ziemele agus S. Gervasoni (Rapóirtéir), Breithiúna,
Abhcóide Ginearálta: T. Ćapeta,
Cláraitheoir: C. Strömholm, Riarthóir,
ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn agus tar éis éisteacht an 27 Feabhra 2025,
tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:
|
– |
le Naturvårdsverket, ag Y. Lindén agus L. Vogel, miljöjurister, |
|
– |
Parlaimint na hEorpa, ag A. Ahlvin, W. D. Kuzmienko agus A. Neergaard, i gcáil Gníomhairí, |
|
– |
Comhairle an Aontais Eorpaigh, ag J. Himmanen agus A. Maceroni, i gcáil Gníomhairí, |
|
– |
an Coimisiún Eorpach, ag M. Björkland agus T. S. Bohr, i gcáil Gníomhairí, |
tar éis éisteacht le Tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 22 Bealtaine 2025,
an Breithiúnas seo a leanas:
Breithiúnas
|
1 |
Baineann na hiarrataí ar réamhrialú le léiriú ar an gcéad fhomhír d’Airteagal 24(2)(c) agus (d) de Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2006 maidir le loingsithe dramhaíola (IO 2006 L 190, lch. 1) agus le bailíocht an chéad fhomhír d’Airteagal 24(2)(c) den rialachán sin i bhfianaise an chirt chun maoine a chumhdaítear in Airteagal 17(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’). |
|
2 |
Rinneadh na hiarrataí in dhá shraith imeachtaí idir Naturvårdsverket (an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil, an tSualainn, ‘an Ghníomhaireacht’) agus UQ (Cás C‑221/24) agus IC (Cás C‑222/24), maidir le dramhaíl atá i gcoimeádáin arna seoladh ag UQ agus IC a bheith á gabháil ar láimh ag an nGníomhaireacht sin. |
An dlí lena mbaineann
Dlí idirnáisiúnta
|
3 |
Luaitear, i mbrollach an Choinbhinsiúin maidir le Rialú Gluaiseachtaí Trasteorann Dramhaíolacha Guaiseacha agus a nDiúscairt, arna shíniú in Basel an 22 Márta 1989, arna fhormheas thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh le Cinneadh 93/98/CEE ón gComhairle an 1 Feabhra 1993 (IO 1993 L 39, lch. 1, ‘Coinbhinsiún Basel’), nár cheart gluaiseachtaí trasteorann dramhaíolacha guaiseacha agus dramhaíolacha eile a cheadú ach amháin má tá iompar agus diúscairt deiridh dramhaíolacha den sórt sin neamhdhíobhálach don chomhshaol. |
|
4 |
Foráiltear le hAirteagal 9(2) den Choinbhinsiún, dar teideal ‘Gáinneáil neamhdhleathach’: ‘I gcás ina measfar gur gáinneáil neamhdhleathach í gluaiseacht trasteorann dramhaíolacha guaiseacha nó dramhaíolacha eile mar thoradh ar iompar an onnmhaireora nó an táirgeora, áiritheoidh an Stát onmhairiúcháin go mbeidh an dramhaíl ghuaiseach atá i gceist:
laistigh de 30 lá ón tráth a cuireadh an Stát onmhairiúcháin ar an eolas faoin ngáinneáil neamhdhleathach nó faoi aon tréimhse eile de réir mar a chomhaontófar idir na Stáit lena mbaineann. Chuige sin, ní chuirfidh na páirtithe lena mbaineann i gcoinne an dramhaíl sin a ghlacadh ar ais chuig an Stát onmhairiúcháin, ná ní chuirfidh siad bac ná cosc uirthi.’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
Dlí an Aontais Eorpaigh
An Chairt
|
5 |
Foráiltear mar seo a leanas le hAirteagal 17(1) den Chairt, dar teideal ‘An ceart chun maoine’: ‘Tá ag gach duine an ceart chun a shealúchais nó a sealúchais arna bhfáil go dleathach a shealbhú, a úsáid, a dhiúscairt agus a thiomnú. Ní fhéadfar a shealúchais nó a sealúchais a cheilt ar dhuine ach amháin ar mhaithe leis an leas poiblí agus sna cásanna agus faoi na coinníollacha dá bhforáiltear le dlí, ach sin faoi réir cúiteamh cóir a íoc in am trátha mar chomaoin ar chailleadh na sealúchas sin. Féadfar úsáid maoine a rialáil le dlí a mhéad is gá sin ar mhaithe leis an leas ginearálta.’ |
|
6 |
Foráiltear mar seo a leanas le hAirteagal 52(1) den Chairt, dar teideal ‘Raon feidhme agus léiriú na gceart agus na bprionsabal’: ‘Ní mór foráil le dlí d'aon teorannú ar fheidhmiú na gceart agus na saoirsí arna n‑aithint sa Chairt seo agus ní mór inneachar sár-riachtanach na gceart agus na saoirsí sin a urramú. Faoi réir phrionsabal na comhréireachta, ní fhéadfar teorainneacha a dhéanamh ach amháin má tá gá leo agus má fhreagraíonn siad iarbhír do chuspóirí leasa ghinearálta arna n‑aithint ag an Aontas nó don riachtanas cearta agus saoirsí daoine eile a chosaint.’ |
Treoir 2008/98/CE
|
7 |
Le Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl agus lena n‑aisghairtear Treoracha áirithe (IO 2008 L 312, lch. 3), (‘Treoir 2008/98’) dá dtagraítear i Rialachán Uimh. 1013/2006, ós rud é go ndéantar é a leasú le Rialachán Uimh. 660/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 (IO 2014 L 189, lch. 135), bunaítear creat dlíthiúil maidir le cóireáil dramhaíola san Aontas Eorpach. |
|
8 |
Mar is léir ó aithris 6 de Threoir 2008/98, ‘ba cheart é a bheith mar phríomhchuspóir ag aon bheartas dramhaíola na tionchair dhiúltacha a bhíonn ag giniúint agus bainistiú dramhaíola ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol a íoslaghdú’. [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
|
9 |
Foráiltear mar seo a leanas le hAirteagal 3 den Treoir sin, dar teideal ‘Sainmhínithe’: ‘Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
[...]’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
|
10 |
Foráiltear mar seo a leanas le hAirteagal 15(1) agus (2) de Threoir 2008/98, dar teideal ‘Dliteanas maidir le bainistiú dramhaíola’: ‘1. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go ndéanfaidh aon táirgeoir dramhaíola bunaidh nó aon sealbhóir dramhaíola eile an dramhaíl a chóireáil é féin nó go ndéanfaidh déileálaí, bunaíocht nó gnóthas a dhéanann oibríochtaí cóireála dramhaíola nó bailitheoir dramhaíola príobháideach nó poiblí í a chóireáil, i gcomhréir le hAirteagail 4 agus 13.’ 2. Nuair a aistrítear an dramhaíl ón táirgeoir bunaidh nó ón sealbhóir bunaidh chuig duine de na daoine nádúrtha nó dlítheanacha dá dtagraítear i mír 1 le haghaidh réamhchóireáil, ní dhéanfar an fhreagracht as oibríocht iomlán aisghabhála nó diúscartha a dhéanamh mar riail ghinearálta a urscaoileadh. […]’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
|
11 |
Faoi Airteagal 16(1) den Treoir sin, ‘déanfaidh na Ballstáit bearta iomchuí chun gréasán comhtháite agus leordhóthanach de shuiteálacha diúscartha dramhaíola a bhunú [...]’. [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
Rialachán Uimh. 1013/2006,
|
12 |
Mar is léir ó aithris 1 de, is é is príomhchuspóir agus an phríomhghné de Rialachán Uimh. 1013/2006 ná an comhshaol a chosaint. Ina theannta sin, de réir aithrisí 3, 7 agus 8 de:
[…]
[Aistriúchán neamhoifigiúil] |
|
13 |
Foráiltear mar seo a leanas le hAirteagal 1(1) den Rialachán sin, dar teideal ‘Raon feidhme’: ‘Leis an Rialachán sin, féachtar le nósanna imeachta agus córais rialaithe is infheidhme maidir le loingsithe dramhaíola a bhunú [...]’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
|
14 |
In Airteagal 2(34) den Rialachán sin, sainmhínítear an coincheap ‘loingsiú’ go bunúsach mar ‘iompar dramhaíola atá beartaithe lena diúscairt nó lena haisghabháil’ idir roinnt tíortha nó laistigh den tír chéanna. |
|
15 |
Leagtar síos le hAirteagal 3 den Rialachán sin an ‘creat nós imeachta fhoriomláin’ maidir le loingsithe den sórt sin, lena bhforáiltear, inter alia, do nós imeachta maidir le fógra a thabhairt faoi loingsithe den sórt sin, a bhfuil a raon feidhme sonraithe sa dara mír d’Airteagal 4(6) de, lena gcumhdaítear ‘loingsiú dramhaíola óna háit seolta tosaigh, lena n‑áirítear a cóireáil nó a diúscairt’. |
|
16 |
Foráiltear le hAirteagal 24(1) agus (1) de Rialachán Uimh. 1013/2006, dar teideal ‘Glacadh ar ais i gcás loingsiú neamhdhleathach’: ‘1. I gcás ina dtagann údarás inniúil ar loingsiú a mheasann sé a bheith ina loingsiú neamhdhleathach, cuirfidh sé na húdaráis inniúla eile lena mbaineann ar an eolas láithreach. 2. I gcás ina bhfuil an fógróir freagrach as loingsiú neamhdhleathach, áiritheoidh an t‑údarás inniúil seolta an méid seo a leanas maidir leis an dramhaíl lena mbaineann:
Tarlóidh an glacadh ar ais, cóireáil nó diúscairt laistigh de 30 lá, nó laistigh d’aon tréimhse eile a fhéadfaidh na húdaráis inniúla lena mbaineann aontú eatarthu, i ndiaidh don údarás inniúil seolta tabhairt faoi deara nó i ndiaidh dó a bheith curtha ar an eolas ag na húdaráis inniúla cinn scríbe nó iompar maidir le loingsiú neamhdhleathach agus na cúiseanna leis sin. Féadfar comhairle den sórt sin teacht as faisnéis a chuir údaráis inniúla eile isteach, inter alia, chuig na húdaráis maidir le cinn scríbe nó iompar. I gcásanna glacadh ar ais dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c), cuirfear fógra nua isteach, seachas i gcás ina aontaíonn na húdaráis inniúla lena mbaineann gur leor iarraidh réasúnaithe go cuí de chuid údaráis inniúil an tseolta bhunaidh. Is é an duine nó an t‑údarás a liostaítear i bpointí (a), (b) nó (c), a chuirfidh an fógra nua isteach, san ord sin a shainítear. Ní chuirfidh na húdaráis inniúla in aghaidh nó ní dhéanfaidh siad agóid i gcoinne tabhairt ar ais dramhaíl a bhaineann le loingsiú neamhdhleathach. [...]’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
|
17 |
Foráiltear le hAirteagal 25(1) den Rialachán sin, dar teideal ‘Costais maidir le glacadh ar ais i gcás loingsiú neamhdhleathach’, mar a leanas: ‘Gearrfar costais a eascraíonn as glacadh ar ais dramhaíola a bhaineann le loingsiú neamhdhleathach, lena n‑áirítear costais a iompair, a chóireála nó a dhiúscartha de bhun Airteagal 24(2) agus, ón dáta ar a gcuirfear an t‑údarás inniúil seolta ar an eolas gur loingsiú neamhdhleathach atá ann, costais stórála de bhun Airteagal 24(7) ar na páirtithe seo a leanas:
|
An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tarchuireadh i gcomhair réamhrialú
Cás C‑221/24
|
18 |
Chuir an ghníomhaireacht, arb é an t‑údarás inniúil atá freagrach as Rialachán Uimh. 1013/2006 a chur chun feidhme sa tSualainn, údaráis na Beilge ar an eolas an 26 Lúnasa 2022 gur fhág coimeádán an tSualainn a raibh amhras ann go raibh dramhaíl ann, dhá fheithicil, boinn agus táirgi leictreonacha go háirithe, le dul go Camarún tríd an mBeilg agus d’iarr sí orthu an coimeádán sin a stopadh. |
|
19 |
An 17 Deireadh Fómhair, chuir an ghníomhaireacht in iúl don seoltóir, eadhon UQ, gur tugadh an coimeadán ar ais go dtí an tSualainn, a mhéid a bhí dramhaíl laistigh de agus d’fhiafraigh an ghníomhaireacht an raibh sé i gceist ag an seoltóir an coimeadán a thabhairt ar ais nó an raibh an ghníomhaireacht lena dhéanamh, ar chostas UQ. Chuir UQ i gcoinne go raibh dramhaíl sa choimeádán agus d’fhiafraigh sé ar an ngníomhaireacht socrú a dhéanamh chun an coimeádán a thabhairt ar ais go dtí an tSualainn, dúirt UQ nach raibh siad in ann na coinníollacha riachtanacha a chomhlíonadh chun an coiméadán a ghlacadh ar ais é féin. |
|
20 |
Chinn an ghníomhaireacht an 14 Nollaig 2022, socruithe a dhéanamh chun an coimeádán a ghlacadh ar ais go dtí an tSualainn. Ba é an chúis a bhí leis an gcinneadh sin, dar leis an ngníomhaireacht, ná go raibh dramhaíl sa choimeádán, lena n‑áirítear dramhaíl ghuaiseach. Luaigh an ghníomhaireacht freisin ina cinneadh nach raibh glacadh ar ais ná cóireáil dramhaíola mar rogha ag UQ, ós rud é nár bhain UQ leas as an deis a tugadh dó chun ábhar an choimeádáin a ghlacadh ar ais agus nár chuir sé fianaise ar fáil a léireodh go mbeadh sé in ann an dramhaíl a chóireáil ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol. |
|
21 |
D’fhonn an coimeádán a ghlacadh ar ais go dtí an tSualainn, thug an ghníomhaireacht fógra faoin tríú fomhír d’Airteagal 24(2) de Rialachán Uimh. 1013/2006, inar ainmníodh é féin mar fhógróir agus mar an duine atá freagrach as an loingsiú. Ainmníodh saoráid glactha dramhaíola sa tSualainn mar choinsíní na dramhaíola agus sonraíodh gur seoladh an dramhaíl d’fhonn a aisghabháil. D’fhormheas údarás inniúil na Beilge an fógra. |
|
22 |
Tugadh ábhar an choimeádáin ar ais ansin chuig an tSualainn chuig an tsaoráid a léiríodh san fhógra agus stóráladh inti é. Rinne Länsstyrelsen i Norrbottens län (Bord riaracháin chontae Norrbotten, an tSualainn) scrúdú ar an ábhar sin freisin, agus fuarthas amach go raibh meascán dramhaíola ann, ar dramhaíl ghuaiseach cuid di. Roinn Länsstyrelsen i Norrbottens län an anailís a rinne údaráis na Beilge agus an ghníomhaireacht gur loingsiú neamhdhleathach dramhaíola é sin, agus nach mór é a dhéanamh ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol. |
|
23 |
Thug UQ caingean i gcoinne chinneadh na gníomhaireachta os comhair Nacka tingsrätt, Mark- och miljödomstolen (Cúirt na Talún agus an Chomhshaoil ag suí in Nacka, an tSualainn), a chuir an cinneadh ar neamhní go páirteach a mhéid a rinneadh foráil maidir le cóireáil ábhar an choimeádáin ag an ngníomhaireacht. Dar leis an gcúirt sin, ní fhéadfaí a thuiscint le cinneadh na gníomhaireachta ach go mbainfí réadmhaoin UQ de agus go ndéanfaí luacháil orthu, agus chinn sí, a mhéid a bhaineann sé le luacháil na réadmhaoine sin, gur sháraigh an cinneadh sin an ceart bunúsach chun maoine a chosaint faoin gCoinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, a síníodh sa Róimh an 4 Samhain 1950 (‘ECHR’), agus go raibh bunús dlí soiléir riachtanach dá bhrí sin. Mar sin féin, níor chuir aon ní i bhfoclaíocht fhorálacha Rialachán Uimh. 1013/2006 ar chumas na gníomhaireachta cinneadh a dhéanamh gur ghá réadmhaoin ar le UQ é agus gur aicmigh an ghníomhaireacht an réadmhaoin sin mar dhramhaíl, a aisghabháil tar éis é a ghlacadh ar ais go dtí an tSualainn, in aghaidh thoil UQ. |
|
24 |
Rinne an ghníomhaireacht achomharc i gcoinne an bhreithiúnais sin os comhair Svea hovrätt, Mark- och miljöverdomstolen (Cúirt Achomhairc ag suí i Stócólm mar Chúirt Achomhairc na Talún agus an Chomhshaoil, an tSualainn), arb í an chúirt a rinne an tarchur i gCás C‑221/24 í. |
Cás C‑222/24
|
25 |
Tá an comhthéacs agus na himeachtaí cúirte náisiúnta sa chás sin an‑chosúil le comhthéacs agus leis na himeachtaí i gCás C‑221/24. |
|
26 |
An 25 Samhain 2021, rinne údaráis na Gearmáine iniúchadh ar an méid atá i gcoimeádán ón tSualainn a bhí ceaptha don Chongó. Dar le húdaráis na Gearmáine, bhí dramhaíl sa choimeádán, lena n‑áirítear feithicil, troscán, éadaí agus bréagáin. |
|
27 |
Chuir údaráis na Gearmáine loingsiú an choimeádáin sin ar fionraí mar gheall ar amhras faoi loingsiú neamhdhleathach dramhaíola. D’iarr siad ar an ngníomhaireacht freisin, mar an t‑údarás freagrach sa tSualainn, a áirithiú go dtabharfar ábhar an choimeádáin ar ais go dtí an tSualainn agus go gcaithfí leis ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol. |
|
28 |
Agus anailís údaráis na Gearmáine á roinnt aici, chuaigh an ghníomhaireacht i dteagmháil leis an seoltóir, IC, chun an deis a thabhairt dó a eagrú chun ábhar an choimeádáin a thabhairt ar ais go dtí an tSualainn. Dúirt IC leis an ngníomhaireacht nach raibh sé d’acmhainn aige seoladh ábhar an choimeádáin ón nGearmáin go dtí an tSualainn a mhaoiniú agus go raibh cúnamh á lorg aige ón ngníomhaireacht chun é sin a dhéanamh. |
|
29 |
Chinn an ghníomhaireacht thairis sin, nach raibh intinn IC maidir le hábhair an choimeádáin soiléir, agus gur cheart an t‑ábhar sin a thabhairt ar ais don tSualainn chun a áirithiú go gcaithfí leis ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol. |
|
30 |
Thug IC caingean i gcoinne chinneadh na gníomhaireachta os comhair Nacka tingsrätt, Mark- och miljödomstolen (Cúirt Dúiche um Talún agus Chomhshaoil, Nacka), a chuir an cinneadh ar neamhní a mhéid a rinneadh foráil d’aisgabháil ábhar an choimeádáin ar na forais chéanna a luaitear i mír 23 den bhreithiúnas seo i gCás C‑221/24. |
|
31 |
Rinne an ghníomhaireacht achomharc i gcoinne an bhreithiúnais sin os comhair Svea hovrätt, Mark- och miljöverdomstolen (Cúirt Achomhairc ag suí i Stócólm mar Chúirt Achomhairc na Talún agus an Chomhshaoil, an tSualainn), arb í an chúirt a rinne an tarchur í freisin i gCás C‑222/24. |
|
32 |
Mar thaca lena chaingean i ngach ceann den dá chás os comhair na cúirte a rinne an tarchur, áitíonn an ghníomhaireacht, dá ndéanfaí an chéad fhomhír d’Airteagal 24(2)(c) de Rialachán Uimh. 1013/2006 a léiriú sa chaoi nach gceadaítear don údarás seolta an dramhaíl a aisghabháil sa tír seolta ina meastar nach bhfuil an t‑onnmhaireoir in ann an dramhaíl a chóireáil ar bhealach iomchuí tar éis an ghlactha ar ais, go mbeadh an chéad fhomhír d’Airteagal 24(2)(d) den Rialachán sin ina bhunús dlí iomchuí ansin chun é sin a dhéanamh. Cuireann UQ agus IC in aghaidh aicmiú ábhar na gcoimeádán mar ‘dhramhaíl’. Deir UQ freisin nár aontaigh sé riamh le haisghabháil na dramhaíola atá i gceist. Tá IC i gcoinne an ghá atá le haisghabháil dramhaíola agus is mian leis í a aisghabháil chun críoch daonnúil. |
|
33 |
Tá amhras ar an gcúirt a rinne an tarchur i ngach ceann den dá chás maidir leis an gcaoi a bhfuil an chéad fhomhír d’Airteagal 24(2) de Rialachán Uimh. 1013/2006 le léiriú i gcás ina ndearna an t‑údarás inniúil seolta, ar an gcéad dul síos, dramhaíl is ábhar do loingsiú neamhdhleathach a thabhairt ar ais ar bhonn Airteagal 24(2)(c) sin agus, ar an dara dul síos, nach mór an fógra a thabhairt, faoin tríú fomhír agus faoin gceathrú fomhír d’Airteagal 24(2), roimh an glacadh ar ais sin. Dá bhrí sin, measann an chúirt sin go n‑eascraíonn an cheist, i gcás den sórt sin, an féidir nó nach féidir an t‑údarás sin a mheas mar ‘shealbhóir na dramhaíola’ agus an féidir leis nó an gcaithfidh sé, faoin Rialachán sin, an dramhaíl a aisghabháil nó a dhiúscairt i gcás ina gcuireann an coinsíneoir bunaidh ina choinne. Ina theannta sin, más amhlaidh atá, is mian leis an gcúirt sin a fháil amach an bhfuil léiriú den sórt sin ar an bhforáil sin, nach bhforáiltear leis an bhféidearthacht a cheart chun maoine a bhaint d’úinéir na dramhaíola tar éis an ghlactha ar ais sin, ag luí le cosaint an chirt sin a chumhdaítear in Airteagal 17 den Chairt. |
|
34 |
Sa chomhthéacs sin, chinn Svea hovrätt, Mark- och miljöverdomstolen (Cúirt Achomhairc ag suí i Stócólm mar Chúirt Achomhairc na Talún agus an Chomhshaoil, an tSualainn) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas, a bhfuil an fhoclaíocht chomhionann iontu i gCásanna C‑221/24 agus C‑222/24, a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:
|
Na ceisteanna arna dtarchur chun réamhrialú
An chéad cheist agus an dara ceist
|
35 |
Leis an gcéad cheist agus leis an dara ceist, ar cheart iad a scrúdú le chéile, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gá an chéad fhomhír d’Airteagal 24(2) de Rialachán Uimh. 1013/2006 a léiriú sa chaoi, ar an gcéad dul síos, go bhfuil feidhm ag pointí (c) agus (d) den fhomhír sin ar bhealach malartach agus, ar an dara dul síos, go gceanglaítear le pointe (c) den fhomhír sin ar údarás inniúil na tíre seolta, i gcás ina dtagann sí ar loingsiú a mheasann sí a bheith neamhdhleathach, dramhaíl a ghlactar ar ais mar thoradh ar loingsiú den sórt sin a aisghabháil nó a dhiúscairt. |
|
36 |
Rialaítear le hAirteagal 24 de Rialachán Uimh. 1013/2006, mar is léir óna cheannteideal, ‘glacadh ar ais i gcás loingsiú neamhdhleathach’, glacadh ar ais dramhaíola i gcás ina bhfuil sí faoi réir loingsiú neamhdhleathach faoin Rialachán sin. Baineann sé sin, go háirithe, le staid na ndíospóidí sna príomhimeachtaí, ina ndearnadh an loingsiú de shárú ar Airteagal 36 den Rialachán sin, lena dtoirmisctear onnmhairiú dramhaíola áirithe chuig tríú tíortha amhail Camarún agus an Congó, agus gan fógra a thabhairt do na húdaráis inniúla uile lena mbaineann. |
|
37 |
Leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 24(2) de Rialachán Uimh. 1013/2006, ainmnítear, i gcomhréir leis an ord tosaíochta a leagtar síos le hAirteagal 24(2)(a) go (c) de, na húdaráis agus na daoine nádúrtha nó dlítheanacha a gceanglaítear orthu dramhaíl a ghlacadh ar ais i gcás loingsiú neamhdhleathach, is é sin le rá, ar an gcéad dul síos, an duine a thug fógra faoin loingsiú, dá ngairtear an ‘fógróir de facto’, ansin an duine ar cheart dó an fógra sin a thabhairt ach nach ndearna amhlaidh, ar a dtugtar an ‘fógróir de jure’ agus, ar deireadh, an t‑údarás inniúil seolta nó a ionadaí. Is léir an t‑ord sin ó na nathanna nasctha sa chéad fhomhír d’Airteagal 24(2)(a) agus (b) de Rialachán Uimh. 1013/2006, eadhon ‘nó, mura cuireadh fógra isteach’ agus ‘nó, mura féidir é sin a dhéanamh’ (féach, de réir analaí, breithiúnas an 16 Feabhra 2006, Pedersen, C‑215/04, EU:C:2006:108, mír 16). Deimhnítear an t‑ord sin leis an tríú fomhír agus leis an gceathrú fomhír d’Airteagal 24(2) den Rialachán sin, lena bhforáiltear, i gcás glacadh ar ais, de réir bhrí Airteagal 24(2)(a) go (c) den chéad fhomhír de, go bhfuil fógra nua le tabhairt, san ord a luaitear sna forálacha sin. |
|
38 |
Ós rud é go bhfuil an téarma ‘nó, mura féidir é sin a dhéanamh’ le feiceáil freisin ag deireadh an chéad fhomhír d’Airteagal 24(2)(c) de Rialachán Uimh. 1013/2006, fágann sé nach féidir aisghabháil ná diúscairt na dramhaíola lena mbaineann, dá bhforáiltear sa chéad fhomhír d’Airteagal 24(2)(d), a dhéanamh ach amháin i gcás nach nglacann an t‑údarás seolta an dramhaíl glacadh ar ais de réir an chéad fhomhír d’Airteagal 24(2)(c). |
|
39 |
Mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara, go bunúsach, i míreanna 36 agus 37 dá Tuairim, tagraíonn pointí (a) go (c), ar thaobh amháin, agus pointí (d) agus (e), ar an taobh eile, den chéad fhomhír d’Airteagal 24(2) de Rialachán Uimh. 1013/2006 do chásanna éagsúla. Dá bhrí sin, baineann pointí (a) go (c) le cásanna inar fhág an dramhaíl atá i gceist an tír seolta, lena mbaineann ‘glacadh ar ais’ nó ‘tabhairt ar ais’ sa tír sin. Os a choinne sin, cumhdaítear le pointí (d) agus (e) cásanna nár fhág an dramhaíl an tír seolta riamh nó i gcás ina bhfuil an dramhaíl sa tír cinn scríbe cheana féin nó ina bhfuil sí i dtír eile, ach nach féidir í a atreorú chuig an tír seolta. Sna cásanna sin, ní mór an dramhaíl atá i gceist a aisghabháil nó a dhiúscairt sa tír ina bhfuil sí suite, bíodh sin sa tír seolta, sa tír cinn scríbe nó i dtír eile. |
|
40 |
Tacaítear leis an gconclúid sin leis an tríú fomhír d’Airteagal 24(2) de Rialachán Uimh. 1013/2006, lena n‑éilítear, i bprionsabal, fógra nua, atá éigeantach, faoi Airteagal 4 den Rialachán sin, do gach loingsiú agus, dá bhrí sin, d’aon iompar dramhaíola, sna cásanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír d’Airteagal 24(2)(a) go (c) den Rialachán sin amháin agus ní sna cásanna dá bhforáiltear sa chéad fhomhír d’Airteagal 24(2)(d) agus (e). |
|
41 |
Leanann sé ón méid sin roimhe seo, ar an gcéad dul síos, nach féidir feidhm a bheith ag an chéad fhomhír d’Airteagal 24(2)(c) agus (d) de Rialachán Uimh. 1013/2006 ach ar bhealach malartach, ós rud é go bhfuil feidhm ag Airteagal 24(2)(d) i gcás nach bhfuil feidhm ag Airteagal 24(2)(c), agus, ar an dara dul síos, go gcomhfhreagraíonn an cás dá dtagraítear in Airteagal 24(2)(d) don chás ina bhfuil an dramhaíl lena mbaineann i gcríoch na tíre cinn scríbe nó na tíre seolta agus, dá bhrí sin, go bhféadfaidh an t‑údarás inniúil seolta nó an t‑eintiteas arna údarú aige chun na críche sin í a aisghabháil nó a dhiúscairt ansin. |
|
42 |
Dá bhrí sin, i gcásanna, amhail iad siúd atá i gceist sna príomhimeachtaí, ina bhfuil an dramhaíl, de réir na faisnéise a chuir an chúirt a rinne an tarchur ar fáil, imithe ón tír seolta, ina bhfuil sí faoi réir loingsiú neamhdhleathach trí Bhallstát agus nár thóg a gcoinsíneoirí ar ais í, tá feidhm ag an gcéad fhomhír d’Airteagal 24(2)(c) de Rialachán Uimh. 1013/2006. |
|
43 |
Sonraíonn an chúirt a rinne an tarchur nach luaitear go sainráite sa chéad fhomhír d’Airteagal 24(2)(c), atá i gcontrárthacht le hAirteagal 24(2)(d) den Rialachán sin, go bhfuil dramhaíl le haisghabháil nó le diúscairt, nach bhfuil amhras ann maidir leis na hiarmhairtí a eascraíonn as glacadh ar ais na dramhaíola, a measann an ghníomhaireacht go bhfuil a loingsiú neamhdhleathach, faoi Airteagal 24(2)(c) agus, go háirithe, an gá go ndéanfaí í a aisghabháil nó a dhiúscairt. |
|
44 |
Ar an gcéad dul síos, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara, go bunúsach, i mír 49 dá Tuairim, murab ionann, go háirithe, na leaganacha Spáinnise (‘valorizados o eliminados de forma alternativa’), Fraincise (‘valorisés ou éliminés d’une autre manière’) agus Iodáilise (‘recuperati o smaltiti in modo alternativo’) den chéad fhomhír d’Airteagal 24(2)(d) de Rialachán Uimh. 1013/2006, sna leaganacha Gearmáinise (‘auf andere Weise verwertet oder beseitigt werden’) agus Béarla (‘alternatively recovered or disposed of’) den fhoráil sin, d’fhéadfaí na focail ‘ar bhealach eile’ a thuiscint mar thagairt d’aisghabháil nó do dhiúscairt dramhaíola trí phróiseas nach mbaineann le glacadh ar ais na dramhaíola roimh ré. Dá bhrí sin, ciallaíonn an fhoráil sin nach mór an aisghabháil agus an diúscairt a dhéanamh i gcónaí tar éis an ghlactha ar ais ach, mar mhalairt air sin, go bhféadfadh sé tarlú gan an dramhaíl a ghlacadh ar ais ar dtús i gcás nach féidir glacadh ar ais den sórt sin. |
|
45 |
Mar sin féin, de réir cásdlí socair, i gcás ina bhfuil éagsúlacht idir roinnt leaganacha teanga de théacs dhlí an Aontais, ní mór an fhoráil atá i gceist a léiriú de réir scéim ghinearálta agus chuspóir na reachtaíochta a bhfuil sí ina chuid di (breithiúnas an 15 Aibreán 2010, Heinrich Heine, C‑511/08, EU:C:2010:189, mír 51 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
46 |
Chuige sin, ar an dara dul síos, ba cheart a mheabhrú go ndearnadh, le Cinneadh 93/98, Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa de bheith ina pháirtí i gCoinbhinsiún Basel, agus mar thoradh air sin go bhfuil an coinbhinsiún sin ina dhlúthchuid de dhlíchóras an Aontais ó 1994 i leith (breithiúnas an 21 Eanáir 2025, Conti 11. Container Schiffahrt II, C‑188/23, EU:C:2025:26, mír 45 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
47 |
Mar a luaitear in aithris 3 de Rialachán Uimh. 1013/2006, trí Rialachán Uimh. 259/93 a ghlacadh, a aisghaireadh agus ar cuireadh Rialachán Uimh. 1013/2006 ina ionad, leag reachtas an Aontais rialacha síos a bhí ceaptha loingsithe dramhaíola a shrianadh agus a rialú agus é mar aidhm, inter alia, chun an córas Comhphobail atá ann cheana maidir le maoirseacht agus rialú gluaiseachtaí dramhaíola a chur i gcomhréir le ceanglais Choinbhinsiún Basel. |
|
48 |
Sa chomhthéacs sin, tagraíonn Airteagal 9(2)(a) agus (b) de Choinbhinsiún Basel, faoi seach, do ghlacadh ar ais dramhaíola nó, mura féidir é sin a dhéanamh, don diúscartha ‘ar bhealach eile’. Is iondúil go dtugtar le fios le foclaíocht den sórt sin, amhail na leaganacha Béarla agus Gearmáinise den chéad fhomhír d’Airteagal 24(2)(d) de Rialachán Uimh. 1013/2006 agus mar a luaitear, go bunúsach, i míreanna 101 agus 102 de na Treoirlínte maidir le cur chun feidhme fhorálacha Choinbhinsiún Basel maidir le gáinneáil neamhdleathach (míreanna 2, go 4 d’Airteagal 9), go bhfuil diúscairt na dramhaíola lena mbaineann i gceist leis an oibleagáid glactha ar ais inti féin agus, i gcás nach féidir é sin a dhéanamh, go bhféadfar í a dhiúscairt ‘ar bhealach eile’. Dá bhrí sin, is cosúil gurb é diúscairt nó aisghabháil an aidhm atá le baint amach tar éis loingsiú neamhdhleathach dramhaíola a chinneadh, cibé acu tar éis an dramhaíl a ghlacadh ar ais nó ‘ar bhealach eile’, i gcás go bhfuil glacadh ar ais den sórt sin dodhéanta. |
|
49 |
Thairis sin, i gcomhréir leis an gcuspóir an comhshaol agus sláinte an duine a chosaint a shaothraítear le Rialachán Uimh. 1013/2006, mar a leagtar amach in aithrisí 1 agus 7 (féach, chuige sin, breithiúnais an 8 Meán Fómhair, an Coimisiún v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C‑411/06, EU:C:2009:518, mír 62, agus an 28 Bealtaine 2020, Interseroh, C‑654/18, EU:C:2020:398, mír 51) agus maidir le bainistiú dramhaíola atá neamhdhíobhálach don chomhshaol atá i gceist léi, mar a shainmhínítear in Airteagal 2(8) den Rialachán sin, is léir ó Airteagal 2(34) agus ó Airteagal 3 den Rialachán sin, lena leagtar síos an creat nós imeachta do gach loingsiú dramhaíola, nach ndéantar dramhaíl a loingsiú, bíodh sé dleathach nó neamhdhleathach, ach amháin chun í a aisghabháil nó a dhiúscairt. |
|
50 |
Dá bhrí sin, áirítear san fhoirm fógra a leagtar amach in Iarscríbhinn IA a ghabhann le Rialachán Uimh. 1013/2006, atá éigeantach i bprionsabal, mar a cuireadh in iúl i mír 40 den bhreithiúnas seo, i gcás dramhaíl a ghlacadh ar ais faoin gcéad fhomhír d’Airteagal 24(2)(c) de Rialachán Uimh. 1013/2006, cuid lena gceanglaítear ar an bhfógróir tic a chur sa bhosca ‘diúscairt’ nó ‘aisghabháil’, lena nglactar leis go leanann an diúscairt nó an aisghabháil sin an glacadh ar ais sin. |
|
51 |
Chuige sin, leanann sé ó fhoclaíocht Airteagal 25(1) de Rialachán Uimh. 1013/2006, a bhaineann leis na costais glacadh ar ais i gcás loingsiú neamhdhleathach, go n‑áirítear leis na costais sin, inter alia, na costais a bhaineann lena n‑aisghabháil nó lena ndiúscairt i gcomhréir le hAirteagal 24(2) den Rialachán sin, rud a thugann le tuiscint freisin go n‑áirítear aisghabháil nó diúscairt leis an nglacadh ar ais. |
|
52 |
Tacaítear leis an gconclúid sin le hAirteagal 15 de Threoir 2008/98, dá dtagraítear i Rialachán Uimh. 1013/2006, lena leagtar síos freagracht as bainistiú dramhaíola agus, go háirithe, an oibleagáid atá ar tháirgeoir nó ar shealbhóir dramhaíola cóireáil a dhéanamh, is é sin le rá, oibríocht iomlán aisghabhála nó diúscartha. Foráladh le hAirteagal 16 de Threoir 2008/98 freisin go mbunóidh na Ballstáit saoráidí tiomnaithe atá in ann dramhaíl a dhiúscairt, lena n‑áirítear i gcás ina dtionscnaíonn sí nó ina bhfuil sí ceaptha do thríú tíortha. |
|
53 |
Tá gá le tuiscint den sórt sin ar an gcéad fhomhír d’Airteagal 24(2)(c) de Rialachán Uimh. 1013/2006, sa tríú háit, i bhfianaise an phríomhchuspóra a shaothraítear leis an Rialachán sin, eadhon an comhshaol agus sláinte an duine a chosaint, agus i bhfianaise bhainistiú na dramhaíola ar bhealach neamhdhíobhálach don chomhshaol, mar a mheabhraítear i mír 49 den bhreithiúnas seo. |
|
54 |
Dá mba rud é, tar éis atreorú a dhéanamh ar dhramhaíl a loingsíodh go neamhdhleathach, go dtabharfadh an t‑údarás inniúil an dramhaíl ar ais chuig a úinéir í, mar is léir ó na cásanna sna príomhimeachtaí, ar mian leis í a aisghabháil agus gan a ghlacadh ar ais a eagrú é féin, bheadh baol ann go seolfaí arís í go neamhdhleathach agus, in aon chás, gan í a chóireáil, rud a bhainfeadh an bonn den chuspóir maidir le bainistiú dramhaíola atá neamhdhíobhálach don chomhshaol agus an ceanglas maidir lena loingsithe a laghdú i gcomhréir le bainistiú dramhaíola atá éifeachtúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol, a leagtar síos in Airteagal 4(2)(d) de Choinbhinsiún Basel agus dá dtagraítear in aithris 8 de Rialachán Uimh. 1013/2006. |
|
55 |
Ar deireadh, féadfar a thabhairt faoi deara go luaitear go sainráite in Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2024/1157 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 maidir le loingsithe dramhaíola, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1257/2013 agus (AE) 2020/1056 agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 (IO L, 2024/1157), atá beartaithe a chur in ionad Airteagal 24(2) de Rialachán Uimh. 1013/2006 ón 21 Bealtaine 2026, go ndéanfaidh ceann de na húdaráis nó na daoine dlítheanacha nó nádúrtha dá dtagraítear in Airteagal 24(2)(a) go (c) sin dramhaíl a ghlacadh ar ais ‘chun a diúscairt nó a haisghabháil a eagrú’. |
|
56 |
I bhfianaise na mbreithnithe roimhe seo, is é an freagra ar an gcéad cheist agus ar an dara ceist nach mór an chéad fhomhír d’Airteagal 24(2) de Rialachán Uimh. 1013/2006 a léiriú sa chaoi, ar an gcéad dul síos, go bhfuil feidhm ag an gcéad fhomhír d’Airteagal 24(2)(c) agus (d) de Rialachán Uimh. 1013/2006 ar bhealach malartach, ós rud é go bhfuil feidhm ag Airteagal 24(2)(d) i gcás nach bhfuil feidhm ag Airteagal 24(2)(c) agus, ar an dara dul síos, ceanglaítear le hAirteagal 24(2)(c) ar údarás inniúil na tíre seolta, i gcás ina dtagann sé ar loingsiú a mheasann sé a bheith neamhdhleathach, dramhaíl a ghlactar ar ais mar thoradh ar loingsiú den sórt sin a aisghabháil nó a dhiúscairt. |
An tríú ceist
|
57 |
Lena tríú ceist, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an bhfuil an chéad fhomhír d’Airteagal 24(2)(c) de Rialachán Uimh. 1013/2006, a mhéid a cheanglaítear leis aisghabháil nó diúscairt dramhaíola arna tógáil ar ais ag údarás inniúil na tíre seolta d’ainneoin agóid an choinsíneora tosaigh, bailí i bhfianaise chosaint an chirt chun maoine a chumhdaítear in Airteagal 17(1) den Chairt. |
|
58 |
De bhun Airteagal 52(3) den Chairt, a mhéid a chuimsítear leis an gCairt cearta a fhreagraíonn do chearta arna ráthú le ECHR, is ionann brí agus raon feidhme na gceart sin agus an bhrí agus an raon feidhme atá leagtha síos le ECHR. Ní choisctear le hAirteagal 52(3) den Chairt cosaint níos forleithne a sholáthar le dlí an Aontais. Dá bhrí sin, chun críocha Airteagal 17(1) den Chairt a léiriú, ní mór cásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine a bhaineann le hAirteagal 1 den Chéad Phrótacal Breise a ghabhann le CECD a chur san áireamh, lena gcumhdaítear cearta maoine a chosaint (féach, chuige sin, breithiúnas an 10 Meán Fómhair 2024, Neves 77 Solutions, C‑351/22, EU:C:2024:723, mír 80 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
59 |
Tá trí fhoráil ar leith in Airteagal 17(1) den Chairt. Leis an gcéad cheann, a chuirtear in iúl sa chéad abairt den fhoráil sin agus ar de chineál ginearálta í, léirítear go nithiúil prionsabal na hurraime do mhaoin. Baineann an dara ceann, atá sa dara habairt den fhoráil sin, le cailleadh maoine agus fágann sí go bhfuil sí faoi réir coinníollacha áirithe. Maidir leis an tríú habairt den fhoráil sin, tugann sí an chumhacht do na Ballstáit úsáid maoine a rialú a mhéid is gá ar mhaithe le leas an phobail. Mar sin féin, ní hionann sin is a rá nach bhfuil baint ag na rialacha sin lena chéile. Baineann an dara agus an tríú riail le samplaí sonracha de chur isteach ar an gceart chun maoine agus ní mór iad a léiriú i bhfianaise an phrionsabail a chumhdaítear sa chéad cheann de na rialacha sin (féach chuige sin, breithiúnas an 10 Iúil 2025, INTERZERO agus páirtithe eile, C‑254/23, EU:C:2025:569, mír 144 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
60 |
Ba cheart a mheabhrú freisin go nglactar leis, mar gheall ar chailleadh maoine a bheith ann, go ndearnadh díshealbhú nó díshealbhú foirmiúil nó gurbh ionann an cás atá i gceist agus díshealbhú de facto (breithiúnas an 5 Bealtaine 2022, BPC Lux 2 agus páirtithe eile, C‑83/20, EU:C:2022:346, mír 44 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
61 |
Sa chás seo, is léir ó fhoclaíocht den chéad fhomhír d’Airteagal 24(2)(c) de Rialachán Uimh. 1013/2006 nach bhfuil feidhm ag an mbeart atá i gceist, eadhon an glacadh ar ais, ag údarás inniúil na tíre seolta, dramhaíl is ábhar do loingsiú neamhdhleathach lena haisghabháil nó lena diúscairt, ós rud é nach ndéanann an t‑údarás sin idirghabháil ach amháin i gcás ina bhfuil an loingsiú neamhdhleathach dramhaíola faoi fhreagracht an fhógróra – cibé acu an é úinéir na dramhaíola é nó an bhfuil sé údaraithe aige an loingsiú dramhaíola a dhéanamh – agus nach bhfuil an dramhaíl sin glactha ar ais ag an bhfógróir nó, a fortiori nár léirigh sé a thoil nó a chumas an dramhaíl a bhainistiú ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol nó gur dóigh leis an bhfógróir sin iarracht a dhéanamh iad a aistriú arís go neamhdhleathach. |
|
62 |
Sna himthosca sin, ní féidir a mheas, ag féachaint do chineál coimhdeach idirghabháil an údaráis inniúil, gurb ionann glacadh ar ais dramhaíola is ábhar do loingsiú neamhdhleathach arna dhéanamh ag an údarás inniúil agus ‘cailleadh maoine’, de réir bhrí Airteagal 17(1) den Chairt. Leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 24(2) de Rialachán Uimh. 1013/2006, tugtar tosaíocht don fhógróir chun an dramhaíl a glacadh ar ais. |
|
63 |
Is amhlaidh fós gurb ionann beart den sórt sin agus teorannú ar fheidhmiú an chirt chun maoine, a chumhdaítear leis an rialachán maidir le húsáid maoine, de réir bhrí an tríú habairt d’Airteagal 17(1) den Chairt, ós rud é gur gá gurb é cinniúint na dramhaíola sin a aisghabháil nó a dhiúscairt atá i gceist. |
|
64 |
I ndáil leis sin, ba cheart a mheabhrú nach ceart iomlán é an ceart chun maoine a ráthaítear le hAirteagal 17(1) den Chairt agus go bhféadfadh feidhmiú an chirt sin, faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 52(1) den Chairt, a bheith faoi réir srianta a bhfuil údar leo de bharr cuspóirí leasa ghinearálta arna saothrú ag an Aontas (féach chuige sin, breithiúnas an 10 Iúil 2025, INTERZERO agus páirtithe eile, C‑254/23, EU:C:2025:569, mír 108 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
65 |
Ar an gcéad dul síos, ní mór a thabhairt faoi deara, sa chás seo, go gcomhlíontar an ceanglas a leagtar síos in Airteagal 52(1) den Chairt, nach mór ‘foráil a dhéanamh le dlí’ maidir le teorainneacha ar fheidhmiú an chirt chun maoine, ós rud é gur léir ón bhfreagra ar an gcéad dá cheist nach mór an chéad fhomhír d’Airteagal 24(2)(c) de Rialachán Uimh. 1013/2006 a léiriú sa chaoi go gceanglaítear ar an údarás inniúil seolta an dramhaíl a glacadh ar ais a aisghabháil nó a dhiúscairt, rud a d’fhéadfadh srian a chur ar cheart maoine a n‑úinéirí. Cé nach mór don ghníomh lena gceadaítear cur isteach ar fheidhmiú na gceart bunúsach raon feidhme an teorannaithe ar fheidhmiú an chirt lena mbaineann a shainiú, féadfaidh an Chúirt, i gcás inarb iomchuí, raon feidhme sonrach na teorann a shonrú, trí léiriú, i bhfianaise fhoclaíocht iarbhír reachtaíocht an Aontais atá i gceist agus a scéime ginearálta agus na gcuspóirí a shaothraítear léi (féach, chuige sin, breithiúnas an 21 Meitheamh 2022, Ligue des droits humains, C‑817/19, EU:C:2022:491, mír 114 agus an cásdlí dá dtagraítear) |
|
66 |
Ar an dara dul síos, leanann sé ó chásdlí socair go bhfuil cosaint an chomhshaoil agus shláinte an duine ar cheann de na cuspóirí leasa ghinearálta a d’fhéadfadh údar a thabhairt le srianta a d’fhéadfaí a fhorchur ar an gceart chun maoine (féach, chuige sin, breithiúnais an 9 Márta 2010, ERG agus páirtithe eile, C‑379/08 agus C‑380/08, EU:C:2010:127, mír 81 agus an cásdlí dá dtagraítear, agus an 10 Iúil 2025, INTERZERO agus páirtithe eile, C‑254/23, EU:C:2025:569, mír 152). Mar a cuireadh in iúl i mír 49 den bhreithiúnas seo, is é príomhchuspóir Rialachán Uimh. 1013/2006 an comhshaol agus sláinte an duine a chosaint. In Airteagal 175 CE (Airteagal 192 CFAE anois), arb é bunús dlí Rialachán Uimh. 1013/2006 é, tagraítear do na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 174 CE (Airteagal 191 CFAE anois), lena bhforáiltear go rannchuideoidh beartas an Aontais maidir leis an gcomhshaol, inter alia, le cáilíocht an chomhshaoil a chaomhnú, a chosaint agus a fheabhsú agus le sláinte an duine a chosaint agus go bhfuil sé d’aidhm ag an mbeartas sin ardleibhéal cosanta a bhaint amach. |
|
67 |
Ar an tríú dul síos, a mhéid a bhaineann le comhréireacht na n‑iarmhairtí a bhaineann le dramhaíl a ghlacadh ar ais, atá faoi réir loingsiú neamhdhleathach, faoin gcéad fhomhír d’Airteagal 24(2)(c) de Rialachán Uimh. 1013/2006, ní mór a mheabhrú go gceanglaítear le prionsabal na comhréireachta go mbeidh gníomhartha institiúidí an Aontais iomchuí chun na cuspóirí dlisteanacha a shaothraítear leis an reachtaíocht atá i gceist a bhaint amach agus nach rachfar thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach, ar an tuiscint, i gcás ina bhfuil rogha idir roinnt beart iomchuí, gur cheart an beart is lú srian a úsáid, agus nár cheart na míbhuntáistí a eascraíonn uaidh a bheith díréireach leis na haidhmeanna atá á saothrú (féach, chuige sin, breithiúnais an 6 Meán Fómhair 2017, an tSlóvaic agus an Ungáir v an Chomhairle, C‑643/15 agus C‑647/15, EU:C:2017:631, mír 206 agus an cásdlí dá dtagraítear agus an 10 Iúil 2025, INTERZERO agus páirtithe eile, C‑254/23, EU:C:2025:569, mír 109). |
|
68 |
I ndáil leis sin, ní mór a mheas go bhfuil glacadh ar ais dramhaíola ag údarás inniúil na tíre seolta chun críocha aisghabháil nó diúscairt tar éis loingsiú neamhdhleathach, a mhéid a ráthaítear leis cóireáil na dramhaíola sin, iomchuí chun an comhshaol agus sláinte an duine a chaomhnú. |
|
69 |
Ar an taobh eile, ní bheadh beart is lú srian, amhail an beart dár tagraíodh ag an éisteacht agus arb é a bhí i gceist ná an dramhaíl a chur ar iontaoibh na bhfógróirí de jure nó de facto tar éis don údarás seolta í a ghlacadh ar ais, chun go bhféadfadh na fógróirí sin iad féin í a aisghabháil nó a dhiúscairt, i gcás gurb iomchuí, faoi mhaoirseacht an údaráis seolta, ina bheart iomchuí chun an comhshaol agus sláinte an duine a chaomhnú. Mar gheall ar dhrogall na bhfógróirí nó a gcuid neamhinniúlachta an dramhaíl a fuair an chúirt a rinne an tarchur a ghlacadh ar ais agus neamhdhleathacht na loingsithe lena mbaineann, tá amhras tromchúiseach ann maidir le fonn nó cumas na bhfógróirí an dramhaíl sin a aisghabháil nó a dhiúscairt, agus mar thoradh air sin níor ráthaigh an beart ba lú srian dár tagraíodh ag an éisteacht gur caomhnaíodh an comhshaol agus sláinte an duine. |
|
70 |
Thairis sin, níl na míbhuntáistí, eadhon, sa chás seo, na srianta a fhorchuirtear ar an gceart chun maoine, díréireach leis an gcuspóir an comhshaol agus sláinte an duine a chosaint. |
|
71 |
I ndáil leis sin, ar an gcéad dul síos, de réir chásdlí na Cúirte, tá tosaíocht ag cosaint sláinte daoine ar chúinsí eacnamaíocha, agus mar thoradh air sin is féidir údar a tabhairt maidir le hiarmhairtí eacnamaíocha diúltacha substaintiúla d’oibreoirí áirithe (féach, chuige sin, breithiúnas an 16 Nollaig 2008, Arcelor Atlantique et Lorraine agus páirtithe eile, C‑127/07, EU:C:2008:728, mír 59 agus an cásdlí dá dtagraítear) Ar an gcaoi chéanna, faoi Airteagal 35 den Chairt, déanfar ardleibhéal cosanta ar shláinte an duine a áirithiú i sainiú agus i gcur chun feidhme bheartais agus ghníomhaíochtaí uile an Aontais agus, faoi Airteagal 37 den Chairt, ní mór ardleibhéal cosanta don chomhshaol agus feabhsú cháilíocht an chomhshaoil a lánpháirtiú i mbeartais an Aontais agus a áirithiú i gcomhréir le prionsabal na forbartha inbhuanaithe. |
|
72 |
Ar an taobh eile, tá na srianta lena mbaineann teoranta agus rialaithe. |
|
73 |
Mar a cuireadh in iúl i mír 62 den bhreithiúnas seo, ní cheanglaítear le hAirteagal 24(2) de Rialachán Uimh. 1013/2006 ar úinéir na dramhaíola, bíodh sé ina fhógróir faoin bhforáil sin nó ná bíodh, a chearta uile i leith na dramhaíola sin a chailleadh, ná na cearta sin a bhaint di go hiomlán. |
|
74 |
Thairis sin, ní mór a mheabhrú, i gcomhréir leis an gceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach, go bhféadfar achomharc a dhéanamh i gcoinne cinntí maidir le haisghabháil nó diúscairt dramhaíola arna ndéanamh ag an údarás seolta (féach, chuige sin, ECtHR, 28 Meitheamh 2018, G.I.E.M. S.R.L. agus páirtithe eile v. an Iodáil, CE:ECHR:2018:0628JUD000182806, § 302 agus an cásdlí dá dtagraítear, agus breithiúnas an 10 Meán Fómhair 2024, Neves 77 Solutions, C‑351/22, EU:C:2024:723, míreanna 95 agus 96 agus an cásdlí dá dtagraítear). Ina theannta sin, is fianaise iad na cásanna sna príomhimeachtaí ar an athbhreithniú breithiúnach ar na srianta ar an gceart chun maoine atá i gceist, rud a fhágann gur féidir agóid a dhéanamh ina gcoinne i gcás gurb iomchuí, trí neamhrialtacht a agairt, lena n‑áirítear maidir le haicmiú na maoine mar ‘dhramhaíl’, nó iompar treallach nó míréasúnta. Chun críocha an athbhreithniú bhreithiúnaigh sin, ní mór na cinntí sin chun an dramhaíl a aisghabháil nó a dhiúscairt cúiseanna a lua; sa chás seo tugadh cúiseanna maidir le na cinntí sin, eadhon neamhinniúlacht UQ agus IC glacadh ar ais agus cóireáil a chinntiú. Ciallaíonn réasúnú mar sin nach mór don údarás inniúil a áirithiú go bhfuil ag cliseadh ar an bhfógróir faoi dhó, i ndáil le hiompar agus cóireáil dramhaíola araon, lena nglactar le malartuithe leis an bhfógróir, a rinneadh go hiarbhír sna cásanna sna príomhimeachtaí agus go bhféadfaidh sé, i gcás inarb iomchuí, é a chur ar a chumas an dramhaíl atá i gceist a aisghabháil má chruthaíonn sé go bhfuil sé in ann í a chóireáil. |
|
75 |
Dá bhrí sin, áirithítear leis an léiriú ar an gcéad fhomhír d’Airteagal 24(2) de Rialachán Uimh. 1013/2006, mar a eascraíonn ón bhfreagra a tugadh ar an gcéad cheist agus ar an dara ceist, ardleibhéal cosanta don chomhshaol agus do shláinte an duine, cuspóir a shaothraítear leis an gCairt freisin, agus dá bhrí sin tá sé comhsheasmhach le hAirteagal 17(1) den Chairt. |
|
76 |
I bhfianaise na mbreithnithe roimhe seo, ní mór a chinneadh nár nochtadh le scrúdú an tríú ceist aon toisc de chineál lena ndéanfaí difear do bhailíocht an chéad fhomhír d’Airteagal 24(2)(c) de Rialachán Uimh. 1013/2006. |
Costais
|
77 |
Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte a rinne an tarchur, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe. |
|
Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Chéad Dlísheomra) mar seo a leanas: |
|
|
|
Sínithe |
( *1 ) Teanga an cháis: an tSualainnis.