Eagrán sealadach

BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Chéad Dlísheomra)

18 Nollaig 2025 (*)

(Tarchur chun réamhrialú – Maoin intleachtúil – Cóipcheart agus cearta gaolmhara – Treoir 2001/29/CE – Airteagail 2 go 4 agus 8 – Treoir 2004/48/CE – Airteagail 1 go 3 – Treoir 2006/115/CE – Treoir 2006/116/CE – Airteagail 1, 2 agus 9 – Airteagail 17 agus 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – Leigheasanna – Ceart chun leigheas éifeachtach a fháil – Reachtaíocht náisiúnta lena gcuirtear inghlacthacht caingne mar gheall ar shárú arna tionscnamh ag duine de chomhdhílseánaigh an chóipchirt i saothar cineamatagrafach faoi réir amhras a chaitheamh ar chomhdhílseánaigh uile an chirt sin)

I gCás C‑182/24,

IARRAIDH ar réamhrialú de bhun Airteagal 267 CFAE, ó tribunal judiciaire de Paris (Cúirt Bhreithiúnais Pháras, an Fhrainc), trí bhreith an 8 Feabhra 2024, a fuarthas ag an gCúirt an 5 Márta 2024, sna himeachtaí

RB, mar chomharba i dteideal ar Claude Chabrol,

AD, dá ndéanann a choimeádaí NM ionadaíocht, mar chomharba i dteideal ar Claude Chabrol,

DR, mar chomharba i dteideal ar Claude Chabrol,

ZB, mar chomharba i dteideal ar Claude Chabrol,

VQ, mar chomharba i dteideal ar Claude Chabrol,

RZ, mar chomharba i dteideal ar Paul Gégauff,

DQ, mar chomharba i dteideal ar Paul Gégauff,

FI, mar chomharba i dteideal ar Paul Gégauff,

LF, mar chomharba i dteideal ar Paul Gégauff

v

Société des auteurs et compositeurs dramatiques (SACD),

Radio Days SARL,

Brinter Company Ltd,

BS,

MW,

Artedis SA,

Panoceanic Films SA,

idiragraithe:

Société des auteurs, compositeurs et éditeurs de musique (SACEM),

HU, mar chomharba i dteideal ar Pierre Jansen,

YG, mar chomharba i dteideal ar Ellery Queen,

VH, mar chomharba i dteideal ar Ellery Queen,

IA,

ID, mar chomharba i dteideal ar Jean Patrick Manchette,

Succession Daniel Boulanger, mar chomharba i dteideal ar Daniel Boulanger,

HK, mar chomharba i dteideal ar Claude Brulé,

QY, mar chomharba i dteideal ar Claude Brulé,

WY, mar chomharba i dteideal ar Claude Brulé,

KE, mar chomharba i dteideal ar Claude Brulé,

NA, mar chomharba i dteideal ar Claude Brulé,

IY, mar chomharba i dteideal ar Claude Brulé,

Succession Nicholas Blake, mar chomharba i dteideal ar Nicholas Blake,

Succession Edward Atiyah, mar chomharba i dteideal ar Edward Atiyah,

Succession Ellery Queen, mar chomharba i dteideal ar Ellery Queen,

Succession Richard Neely, mar chomharba i dteideal ar Richard Neely,

Succession Patricia Highsmith,

Succession Charlotte Armstrong, mar chomharba i dteideal ar Charlotte Armstrong,

WI, mar chomharba i dteideal ar Claude Rank,

QT, mar chomharba i dteideal ar Hubert Monteilhet,

tugann AN CHÚIRT (an Chéad Dlísheomra),

agus í comhdhéanta mar seo a leanas: F. Biltgen, Uachtarán Dlísheomra, T. von Danwitz, Leas-Uachtarán na Cúirte, ag feidhmiú mar Bhreitheamh den Chéad Dlísheomra, I. Ziemele (Rapóirtéir), A. Kumin agus S. Gervasoni, Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: M. Campos Sánchez-Bordona,

Cláraitheoir: A. Calot Escobar,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn,

tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha a cuireadh isteach thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

–        RB, mar chomharba i dteideal ar Claude Chabrol, ag J. Aittouares, Dlíodóir,

–        AD, dá ndéanann a choimeádaí NM ionadaíocht, mar chomharba i dteideal ar Claude Chabrol, DR, ZB agus VQ, mar chomharba i dteideal ar Claude Chabrol, RZ, DQ, FI agus LF, mar chomharba i dteideal ar Paul Gégauff, ag L. Klein, Dlíodóir,

–        Radio Days SARL, Brinter Company Ltd, BS, MW, Artedis SA agus Panoceanic Films SA, ag Me P. Spinosi, Dlíodóir,

–        Rialtas na Fraince, ag B. Fodda agus E. Timmermans, i gcáil Gníomhairí,

–        Rialtas na hOstaire, ag A. Posch, J. Schmoll agus G. Kunnert, i gcáil Gníomhairí,

–        an Coimisiún Eorpach, ag C. Auvret agus J. Samnadda, i gcáil Gníomhairí,

tar éis éisteacht le Tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 10 Aibreán 2025,

an Breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1        Baineann an iarraidh ar réamhrialú le léiriú ar Airteagail 2 go 4 agus 8 de Threoir 2001/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2001 maidir le gnéithe áirithe de chóipcheart agus de chearta gaolmhara a chomhchuibhiú sa tsochaí faisnéise (IO 2001 L 167, lch. 10), Airteagail 1 go 3 de Threoir 2004/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le cearta maoine intleachtúla a fhorfheidhmiú (IO 2004 L 157, lch. 45, agus ceartúchán IO 2004 L 195, lch. 16), Treoir 2006/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir leis an gceart cíosa agus leis an gceart iasachta agus maidir le cearta áirithe a bhaineann le cóipcheart i réimse na maoine intleachtúla (IO 2006 L 376, lch. 28), Airteagail 1, 2 agus 9 de Threoir 2006/116/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir leis an téarma cosanta do chóipcheart agus do chearta gaolmhara áirithe (IO 2006 L 372, lch. 12), agus Airteagail 17 agus 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’).

2        Rinneadh an iarraidh seo in imeachtaí idir naonúr daoine nádúrtha, mar chomharbaí i dteideal ar Claude Chabrol, stiúrthóir a fuair bás in 2010, agus Paul Gégauff, scríbhneoir scáileáin agus dialógaí a fuair bás in 1983, agus an Société des auteurs et compositeurs dramatiques (SACD), Radio Days SARL, Brinter Company Ltd (‘Brinter’), BS, MW, Artedis SA agus Panoceanic Films SA maidir le saothrú 14 scannán a rinne Chabrol agus inar chomhoibrigh Gégauff ar chúig cinn dóibh, mar dhialógaí.

 An dlí lena mbaineann

 Dlí an Aontais Eorpaigh

 Treoir 2001/29

3        Luaitear a leanas in aithris 4 de Threoir 2001/29:

‘An creat dlíthiúil comhchuibhithe maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara, tacóidh sé le hinfheistíocht mhór sa chruthaíocht agus sa nuálaíocht, lena n‑áirítear bonneagar líonraí, trí dheimhneacht dhlíthiúil bhreise agus trí leibhéal ard cosanta a chur ar fáil ag an am céanna maidir le maoin intleachtúil, agus dá thoradh sin beidh forás ann agus tiocfaidh méadú ar iomaíocht i dtionsclaíocht na hEorpa, i réimse an tsoláthair inneachair agus sa teicneolaíocht faisnéise araon agus, ar bhonn níos ginearálta, ar fud raon leathan earnálacha tionsclaíochta agus cultúrtha. Dá thairbhe sin déanfar fostaíocht a choimirciú agus spreagfar cruthú fostaíochta.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

4        Faoi Airteagal 2 den Treoir sin, dar teideal ‘Ceart atáirgthe’:

‘Déanfaidh na Ballstáit foráil maidir leis an gceart eisiach chun atáirgeadh díreach nó indíreach, sealadach nó buan a údarú nó a thoirmeasc ar aon mhodh agus in aon fhoirm, ina iomláine nó i bpáirt:

(a)      d’údair, ar a gcuid saothar;

(b)      le haghaidh taibheoirí, maidir lena dtaibhiú a fhosú;

(c)      a bheith ag léiritheoirí fónagram, maidir lena bhfónagraim;

(d)      a bheith ag na léiritheoirí a dhéanann an chéad fhosú ar scannáin, maidir le bunchóip agus cóipeanna a gcuid scannán;

(e)      le haghaidh eagraíochtaí craolacháin, maidir lena gcraoltaí a fhosú, is cuma má dhéantar na craoltaí seo a thraschur trí mheán sreinge nó gan sreang, lena n‑áirítear ar chábla nó trí shatailít.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

5        Leagtar an méid seo a leanas amach in Airteagal 3 den Treoir sin, dar teideal ‘An ceart cumarsáide maidir le saothair a chur in iúl don phobal agus an ceart ábhar eile a chur ar fáil don phobal’:

‘1.      Déanfaidh na Ballstáit foráil maidir leis an gceart eisiach ag na húdair aon chur i láthair dá saothair don phobal, trí mheán sreinge nó gan sreang, lena n‑áirítear a saothair a chur ar fáil don phobal ar bhealach trína bhféadfadh duine den phobal rochtain a fháil orthu ón áit agus ag an am dá rogha féin, a údarú nó a thoirmeasc.

2.      Déanfaidh na Ballstáit foráil maidir leis an gceart eisiach an chumarsáid leis an bpobal, trí mheán sreinge nó gan sreang ar bhealach trína bhféadfadh duine den phobal rochtain a fháil orthu ón áit agus ag an am dá rogha féin, a údarú nó a thoirmeasc:

(a)      le haghaidh taibheoirí, maidir lena dtaibhiú a fhosú;

(b)      a bheith ag léiritheoirí fónagram, maidir lena bhfónagraim;

(c)      a bheith ag na léiritheoirí a dhéanann an chéad fhosú ar scannáin, maidir le bunchóip agus cóipeanna a gcuid scannán;

(d)      le haghaidh eagraíochtaí craolacháin, maidir lena gcraoltaí a fhosú, is cuma má dhéantar na craoltaí seo a thraschur trí mheán sreinge nó gan sreang, lena n‑áirítear ar chábla nó trí shatailít.

3.      Na cearta dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, ní ídeofar iad trí aon ghníomh cumarsáide leis an bpobal ná aon ghníomh cur ar fáil don phobal mar a leagtar amach san Airteagal seo.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

6        Foráiltear le hAirteagal 4 den Treoir sin, dar teideal ‘Ceart dáileacháin’, mar seo a leanas:

‘1.      ‘Déanfaidh na Ballstáit foráil maidir leis an gceart eisiach ag na húdair, bunchóip a saothar nó cóipeanna, aon chineál dáilte ar an bpobal trí dhíolachán nó ar shlí eile, a údarú nó a thoirmeasc.

2.      Ní ídeofar an ceart dáileacháin sa Chomhphobal maidir leis an mbunchóip nó cóipeanna de shaothar ach amháin i gcás ina ndéanann an sealbhóir cirt an réad sin a dhíol den chéad uair nó úinéireacht air a aistriú ar bhealach eile sa Chomhphobal nó i gcás ina dtoilíonn an sealbhóir cirt leis sin.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

7        Foráiltear le hAirteagal 8 den Treoir sin, dar teideal ‘Smachtbhannaí agus leigheasanna’:

‘1.      Déanfaidh na Ballstáit foráil maidir le smachtbhannaí agus leigheasanna iomchuí i gcoinne sáruithe ar na cearta agus na hoibleagáidí dá bhforáiltear sa Treoir seo agus déanfaidh siad gach beart is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na smachtbhannaí sin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

2.      Déanfaidh gach Ballstát na bearta is gá chun a áirithiú go bhféadfaidh sealbhóirí cirt a ndearnadh dochar dá leasanna mar gheall ar shárú a rinneadh ar a chríoch caingean a thionscnamh chun damáistí a ghnóthú agus/nó urghaire a iarraidh agus, i gcás inarb iomchuí, chun ábhar sáraitheach a urghabháil chomh maith le feistí, táirgí nó comhpháirteanna dá dtagraítear in Airteagal 6(2).

3.      Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh sealbhóirí cirt iarratas a dhéanamh ar urghaire i gcoinne idirghabhálaithe a n‑úsáideann tríú páirtí a gcuid seirbhísí chun cóipcheart nó ceart gaolmhar a shárú.’

[Aistriúcháin neamhoifigiúil]

 Treoir 2004/48

8        Foráiltear le haithrisí 10 agus 13 de Threoir 2004/48 mar a leanas:

‘(10)      Is é is cuspóir don Treoir seo [dlíthe na mBallstát a bhaineann leis an dlí substainteach maidir le maoin intleachtúil] a chomhfhogasú chun leibhéal ard, coibhéiseach agus aonchineálach cosanta do mhaoin intleachtúil sa mhargadh inmheánach a áirithiú.

[...]

(13)      Is gá raon feidhme na Treorach seo a shainiú chomh leathan agus is féidir chun na cearta maoine intleachtúla uile a chumhdaítear le forálacha ábhartha an Chomhphobail agus/nó le dlí náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann a áireamh. Ní chuirfidh an ceanglas sin cosc ar na Ballstáit, áfach, forálacha na Treorach seo a leathnú, chun críocha intíre, chuig gníomhartha iomaíochta éagóraí, lena n‑áirítear cóipeanna seadánacha, nó gníomhaíochtaí comhchosúla, más mian leo.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

9        Foráiltear le hAirteagal 1 den Treoir sin, dar teideal ‘Ábhar’:

‘Baineann an Treoir seo maidir leis na bearta, na nósanna imeachta agus na leigheasanna is gá chun forfheidhmiú ceart maoine intleachtúla a áirithiú. Chun críocha na Treorach seo, áirítear leis an téarma “cearta maoine intleachtúla” cearta maoine tionsclaíche.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

10      Foráiltear le hAirteagal 2 den Treoir sin, dar teideal ‘Raon feidhme’, mar seo a leanas:

‘1.      Gan dochar do na modhanna dá bhforáiltear nó a bhféadfar foráil a dhéanamh dóibh sa reachtaíocht Chomhphobail nó náisiúnta, a mhéid is gur fabhraí na modhanna sin do shealbhóirí cirt, beidh feidhm ag na bearta, na nósanna imeachta agus na leigheasanna dá bhforáiltear leis an Treoir seo, i gcomhréir le hAirteagal 3, maidir le haon sárú ar chearta maoine intleachtúla dá bhforáiltear le dlí an Chomhphobail agus/nó le dlí náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann.

2.      Tá an Treoir seo gan dochar d’fhorálacha sonracha a bhaineann le forfheidhmiú na gceart agus na n‑eisceachtaí dá bhforáiltear le reachtaíocht an Chomhphobail i réimse an chóipchirt agus na gceart a bhaineann le cóipcheart agus go háirithe le Treoir 91/250/CEE [ón gComhairle an 14 Bealtaine 1991 maidir le cosaint dhlíthiúil ríomhchlár (IO 1991 L 122, lch. 42)], go háirithe Airteagal 7, nó le Treoir [2001/29], go háirithe Airteagail 2 go 6 agus Airteagal 8 di.

3.      Ní dhéanann an Treoir seo difear don mhéid seo a leanas:

(a)      na forálacha Comhphobail lena rialaítear an dlí substainteach maoine intleachtúla, Treoir 95/46/CE [ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO 1995 L 281, lch. 31)], Treoir 1999/93/CE [ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 1999 maidir le creat Comhphobail le haghaidh sínithe leictreonacha (IO 2000 L 13, lch. 12)] agus Treoir 2000/31/CE [ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe áirithe dlí de sheirbhísí na sochaí faisnéise, go háirithe an tráchtáil leictreonach, sa Mhargadh Inmheánach (IO 2000 L 178, lch. 1)] go ginearálta agus Airteagail 12 go 15 den Treoir sin go háirithe;

(b)      oibleagáidí na mBallstát a eascraíonn as coinbhinsiúin idirnáisiúnta, agus go háirithe as an gComhaontú maidir le [gnéithe de chearta maoine intleachtúla a bhaineann le trádáil a leagtar amach in Iarscríbhinn 1C a ghabhann leis an gComhaontú lena mbunaítear an Eagraíocht Dhomhanda Trádála (EDT), a síníodh in Marrakech an 15 Aibreán 1994 agus a formheasadh le Cinneadh 94/800/CE ón gComhairle an 22 Nollaig 1994 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, a mhéid a bhaineann le hábhair laistigh dá inniúlacht, na gcomhaontuithe ar thángthas orthu faoi Bhabhta Uragua de chaibidlíochtaí iltaobhacha (1986-1994) (IO 1994 L 336, lch. 1)], lena n‑áirítear iad siúd a bhaineann le himeachtaí coiriúla agus leis na smachtbhannaí is infheidhme;

(c)      forálacha náisiúnta na mBallstát uile maidir le nósanna imeachta coiriúla nó pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar chearta maoine intleachtúla.’

[Aistriúcháin neamhoifigiúil]

11      Foráiltear le hAirteagal 3 den Treoir sin, dar teideal ‘Oibleagáid ghinearálta’, don mhéid seo a leanas:

‘1.      Déanfaidh na Ballstáit foráil do na bearta, na nósanna imeachta agus na leigheasanna is gá chun forfheidhmiú na gceart maoine intleachtúla a chumhdaítear leis an Treoir seo a áirithiú. Beidh na bearta, nósanna imeachta agus leigheasanna sin cóir agus cothromasach agus ní bheidh castacht ná costas gan ghá ag baint leo, ná ní bheidh teorainneacha ama míréasúnta ná moilleanna gan údar i gceist leo.

2.      Ina theannta sin, beidh na bearta, na nósanna imeachta agus na leigheasanna sin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach agus cuirfear i bhfeidhm iad ar bhealach lena seachnófar bacainní a chur ar thrádáil dhlisteanach agus lena ndéanfar foráil maidir le coimircí i gcoinne a mí-úsáide.’

[Aistriúcháin neamhoifigiúil]

12      Foráiltear le hAirteagal 4 de Threoir 2004/48, dar teideal ‘Daoine atá i dteideal iarratas a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na mbeart, na nósanna imeachta agus na leigheasanna’:

‘Aithneoidh na Ballstáit mar dhaoine atá i dteideal a éileamh go gcuirfí i bhfeidhm na bearta, na nósanna imeachta agus na leigheasanna dá dtagraítear sa Chaibidil seo:

(a)      sealbhóirí ceart maoine intleachtúla, i gcomhréir le forálacha an dlí is infheidhme;

(b)      gach duine eile atá údaraithe chun na cearta sin a úsáid, ceadúnaithe go háirithe, a mhéid a cheadaítear é sin leis an dlí is infheidhme agus i gcomhréir leis na dlíthe sin;

(c)      comhlachtaí bainistíochta ceart comhchoiteann maoine intleachtúla a aithnítear go tráthrialta go bhfuil sé de cheart acu ionadaíocht a dhéanamh ar shealbhóirí ceart maoine intleachtúla, a mhéid a cheadaítear le forálacha an dlí is infheidhme agus i gcomhréir leis na forálacha sin;

(d)      comhlachtaí cosanta gairmiúla a aithnítear go tráthrialta go bhfuil sé de cheart acu ionadaíocht a dhéanamh ar shealbhóirí ceart maoine intleachtúla, a mhéid a cheadaítear le forálacha an dlí is infheidhme agus i gcomhréir leis na forálacha sin.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

 Treoir 2006/115

13      Baineann Treoir 2006/115 leis an gceart cíosa agus leis an gceart iasachta agus le cearta áirithe a bhaineann le cóipcheart i réimse na maoine intleachtúla.

 Treoir 2006/116

14      Luaitear a leanas in aithris 11 de Threoir 2006/116:

‘Ní mór leibhéal ard cosanta a bheith ann do chóipcheart agus do chearta gaolmhara, ós rud é go bhfuil na cearta sin fíor-riachtanach le haghaidh cruthú intleachtúil. Cinntíonn a gcosaint go ndéantar cruthaitheacht a chothabháil agus a fhorbairt ar mhaithe le húdair, tionscail chultúrtha, tomhaltóirí agus an pobal ina iomláine’.

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

15      Faoi Airteagal 1 den Treoir sin, dar teideal ‘Fad chearta na n‑údar’:

‘1.      Mairfidh cearta údair saothair litríochta nó ealaíne de réir bhrí Airteagal 2 de Choinbhinsiún Bheirn [chun Saothair Litríochta agus Ealaíon a Chosaint, a síníodh i mBeirn an 9 Meán Fómhair 1886 (Acht Pháras an 24 Iúil 1971), arna leasú an 28 Iúil 1979,] ar feadh shaol an údair agus go ceann 70 bliain tar éis a bháis, gan beann ar an dáta a cuireadh an saothar ar fáil go dleathach don phobal.

2.      I gcás ina mbaineann an cóipcheart go comhpháirteach le comhoibrithe saothair, ríomhfar an tréimhse dá dtagraítear i mír 1 ó bhás an údair mharthanaigh deiridh.

[...]

4.      I gcás ina leagann Ballstát síos forálacha sonracha maidir le cóipcheart i gcomhshaothair nó maidir le duine dlítheanach a ainmniú mar shealbhóir cirt, déanfar an téarma cosanta a ríomh i gcomhréir le mír 3, ach amháin má shainaithnítear na daoine nádúrtha a chruthaigh an saothar mar dhaoine nádúrtha sna leaganacha den saothar a chuirtear ar fáil don phobal. Beidh an mhír seo gan dochar do chearta na n‑údar sainaitheanta a n‑áirítear a rannchuidithe inaitheanta i saothair den sórt sin, agus beidh feidhm ag mír 1 nó mír 2 maidir leis na rannchuidithe sin.

[...]’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

16      Foráiltear le hAirteagal 2 den Treoir sin, dar teideal ‘Saothair chineamatagrafacha nó chlosamhairc’, mar seo a leanas:

‘1.      Measfar gurb é príomhstiúrthóir saothair chineamatagrafaigh nó chlosamhairc údar nó duine de na húdair. Tá sé de shaoirse ag na Ballstáit comhúdair eile a cheapadh.

2.      Rachaidh an téarma cosanta do shaothair chineamatagrafacha nó chlosamhairc in éag 70 bliain i ndiaidh bhás an duine deiridh de na daoine seo a leanas a mhaireann, bídís ainmnithe mar chomhúdair nó ná bídís: an príomhstiúrthóir, údar na scripte scannáin, údar an dialóige agus cumadóir an cheoil a cruthaíodh go sonrach lena úsáid sa saothar cineamatagrafach nó closamhairc.’

[Aistriúcháin neamhoifigiúil]

17      Foráiltear le hAirteagal 9 den Treoir sin, dar teideal ‘Cearta morálta’, don mhéid seo a leanas:

‘Beidh an Treoir seo gan dochar d’fhorálacha na mBallstát lena rialaítear cearta morálta.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

 Dlí na Fraince

18      Foráiltear le hAirteagal L. 113-3 den Chód Maoine Intleachtúla:

‘Is maoin chomhpháirteach de chuid na gcomhúdar í obair an chomhair.

Ní mór do na comhúdair a gcearta a fheidhmiú trí chomhaontú comhchoiteann.

I gcás easaontais, is faoin gcúirt shibhialta atá sé cinneadh a dhéanamh.

I gcás ina bhfuil rannpháirtíocht gach duine de na comhúdair de chineálacha éagsúla, féadfaidh gach duine acu, mura gcomhaontaítear a mhalairt, leas a bhaint as a rannchuidiú féin ar leithligh, gan dochar a dhéanamh, áfach, do shaothrú na hoibre comhpháirtí.’

 An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tarchuirtear le haghaidh réamhrialú

19      Idir 1967 agus 1974, rinne Chabrol 14 scannán (‘na scannáin atá i gceist’). Chomhoibrigh Gégauff ar chúig cinn de na scannáin sin mar údar an idirphlé, na scripte scannáin nó an oiriúnaithe.

20      Bhain an t‑ábhar a bhaineann leis na scannáin lena léiritheoir, SA Les Films La Boétie, a d’aistrigh an t‑ábhar sin, tráth a leachtaithe, trí chomhaontú an 25 Márta 1982, chuig an gcuideachta atá corpraithe faoi dhlí Shasana Brinter C.

21      Trí shainordú díolacháin dar dáta an 1 Eanáir 1990, thug Brinter údarú do Artedis, ar ar chuir MW í féin i láthair mar an stiúrthóir, conarthaí díolacháin a shíniú go díreach le ceannaitheoirí agus na fáltais a fháil, ar feadh thréimhse 12 mhí, in‑athnuaite trí chomhaontú intuigthe.

22      Le conradh an 8 Meitheamh 1990, shann Chabrol an ceart ar Brinter chun ‘leanúint de shaothrú’ roinnt de na scannáin atá i gceist, ar feadh thréimhse 30 bliain. Chuir BS é féin i láthair mar stiúrthóir na cuideachta sin.

23      Shann ceathrar dá oidhrí cearta saothraithe Gégauff i leith na gcúig scannán ar ar chomhoibrigh sé do Brinter freisin trí chomhaontú an 8 Meitheamh 1990.

24      Le conradh an 18 Feabhra 2012, shann Brinter na cearta saothraithe do na cúig scannán sin do Panoceanic Films.

25      An 11 Iúil 2019, thionscain cúigear oidhrí Chabrol agus ceathrar oidhrí Gégauff imeachtaí i gcoinne Radio Days, Brinter, BS, MW, Artedis agus Panoceanic Films as sárú conartha agus cóipchirt i ndáil leis na scannáin atá i gceist. Cáineann na hoidhrí sin, arb iad na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí iad, go bunúsach nach ndearnadh na scannáin sin a shaothrú ar chor ar bith nó nach ndearnadh iad a shaothrú go leordhóthanach agus éilíonn siad damáistí as an díobháil a baineadh dóibh mar thoradh ar sháruithe conarthacha.

26      An 27 Eanáir 2020, d’ardaigh na cosantóirí sna príomhimeachtaí, ag brath ar an gcásdlí a bhaineann leis an dara mír d’Airteagal L. 113-3 den Chód Maoine Intleachtúla, pléadáil do-ghlacthachta ar an bhforas nár iarradh ar 19 gcomhúdar na scannán sin páirt a ghlacadh sna himeachtaí.

27      Chun a n‑éilimh a thabhairt chun rialtachta, le doiciméid an 5 Bealtaine agus an 12 Meitheamh 2020, d’iarr na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí ar sheachtar daoine nádúrtha a mheas siad a bheith ina ‘gcomhúdair’ nó ina ‘gcomharbaí i dteideal comhúdar’ a fuair bás roimhe sin, ocht ‘eastát’ de chomhúdair, nach raibh siad in ann na daoine nádúrtha a bhfuil stádas oidhrí acu a shainaithint iontu, agus dhá chumann bhailitheacha, eadhon Société des auteurs et compositeurs dramatiques (SACD) agus Société des auteurs, compositeurs et éditeurs de musique (SACEM), páirt a ghlacadh sna himeachtaí.

28      Le hordú an 9 Feabhra 2023, d’ordaigh an tribunal judiciaire de Paris (an Chúirt Bhreithiúnais Pháras, an Fhrainc), arb í an chúirt a rinne an tarchur í, do na cosantóirí sna príomhimeachtaí, go bunúsach, sonraí aitheantais chomhúdair na scannán atá i gceist nó na gcomharbaí i dteideal a chur ar fáil do na comhúdair sin.

29      Ní raibh na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí, fiú agus na sonraí sin ar fáil dóibh, in ann comhúdair uile na scannán atá i gceist agus a gcomharbaí i dteideal a aimsiú agus a shainaithint mar gheall ar líon na scannán lena mbaineann, a n‑aois, éagsúlacht na bpáirtithe leasmhara agus bás roinnt de na comhúdair sin, nach eol a n‑oidhrí nó nach bhfuil cónaí orthu sa Fhrainc.

30      Sonraíonn an chúirt a rinne an tarchur, ón 27 Eanáir 2020, go bhfuil an díospóid sna príomhimeachtaí ina stad toisc nach féidir iliomad oidhrí comhleanúnacha chomhúdair na scannán atá i gceist a shainaithint. Tugann sí dá haire go bhfuil bearta suntasacha déanta ag na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí chun na comhúdair nó a gcomharbaí i dteideal a shainaithint, ach nárbh fhéidir a iarraidh orthu ar an mbealach cuí a bheith rannpháirteach, mar a cheanglaítear leis an gcásdlí náisiúnta maidir le hAirteagal L. 113-3 den Chód Maoine Intleachtúla.

31      Tugann an chúirt sin dá haire, sa chéad áit, go gceanglaítear le Treoir 2001/29, áfach, ar an gcéad dul síos, ar na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le smachtbhannaí agus leigheasanna iomchuí agus, ar an dara dul síos, go bhfuil na smachtbhannaí sin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

32      Tugann an chúirt sin dá haire, sa dara háit, go bhfuil na bearta, na nósanna imeachta agus na leigheasanna dá bhforáiltear le Treoir 2004/48 gan dochar do na modhanna dá bhforáiltear leis an reachtaíocht náisiúnta, cé ‘a mhéid is gur fabhraí na modhanna sin do shealbhóirí cirt’ agus ar choinníoll nach bhfuil siad ‘casta ná costasach gan ghá’ agus nach bhfuil ‘teorainneacha ama míréasúnta’ ná ‘moill gan údar’ i gceist leo.

33      In aon chás, sonraíonn an chúirt a rinne an tarchur go gcosnaítear le hAirteagal 1 de Threoir 2006/116 cóipcheart a aistríodh chuig comharbaí i dteideal ar feadh 70 bliain tar éis bhás an údair agus go leathnaítear an chosaint sin i gcás saothair chomhchoiteanna, ós rud é go ríomhtar é ó bhás an údair deiridh mharthanaigh den saothar lena mbaineann. Is amhlaidh atá, go háirithe, i gcás saothar cineamatagrafach nó closamhairc de réir bhrí Airteagal 2 den Treoir sin.

34      Thairis sin, sonraíonn an chúirt sin go ráthaítear leis an gCairt ceart na n‑iarratasóirí sna príomhimeachtaí chun leigheas breithiúnach éifeachtach a fháil. Dar leis an gcúirt sin, diúltaítear rochtain dóibh, i ndáiríre, ar rialú cúirte maidir le substaint a n‑éilimh shibhialta ach amháin más féidir leo iarraidh ar na comharbaí i dteideal go léir ar chomhúdair na scannán atá i gceist páirt a ghlacadh sna himeachtaí.

35      I ndáil leis sin, cuireann an chúirt a rinne an tarchur in iúl nach mbaineann sé le cearta faighte atá faoi dhíospóid ag na páirtithe a chumhdaítear leis an díospóireacht shubstainteach a thabhairt faoi cheist, ach, ag céim na hinghlacthachta, leis an bhféidearthacht féin na cearta sin a dhearbhú trí imeachtaí dlíthiúla. De réir na cúirte sin, sa chás seo, is cosúil go mbraitheann feidhmiú cóipchirt na n‑iarratasóirí sna príomhimeachtaí ar a gcumas comhshealbhóirí na gceart sin go léir a shainaithint.

36      Sna himthosca sin, chinn an tribunal judiciaire de Paris (Cúirt Bhreithiúnais Pháras, an Fhrainc) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais le haghaidh réamhrialú:

‘(1)      An gcaithfear Airteagail [2 go 4] agus 8 de Threoir [2001/29], agus Airteagail 1 go 3 de Threoir [2004/48], agus Airteagail 1, 2 agus 9 de Threoir [2006/116], sa mhéid is go n‑áirithítear leo d’údar agus do chomhúdar saothair cineamatagraif nó closamhairc, an ceart eisiach chun atáirgeadh a gcuid saothair a údarú nó a thoirmeasc agus a nochtadh ar an mhargadh ar thréimhse cosanta a tugadh i gcrích 70 bliain tar éis bás an údair mharthanaigh deiridh, i measc comhoibrithe an tsaothair, i dteannta a cheanglaítear ar na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le pionóis éifeachtacha, comhréireacha agus athchomhairleacha agus leigheasanna dlíthiúla iomchuí in aghaidh sáruithe cóipchirt, chomh maith le bearta, nósanna imeachta agus deisiúcháin nach bhfuil róchasta nó róchostasach, nó nach n‑ionchorpraítear teorainneacha ama míréasúnta ná moilleanna gan údar ag gabháil leo, a léamh sa chaoi a cheanglaítear ar chaingne sáraithe cóipchirt saothair comhoibrithe, ag sealbhóir an cheada, chun go mbeadh an t‑iarratas bhailí, de gach comhúdar an tsaothair?

2.      An gcaithfear an ceart atá ag sealbhóir an cóipchirt chun leigheas breithiúnach éifeachtach a fheidhmiú agus rochtain ar thriail chóir a fháil, comhpháirt an phróis chuí, mar a ráthaítear in Airteagail [2 go 4] agus 8 de Threoir [2001/29], Airteagail 1 go 3 de Threoir [2004/48], Airteagail 1, 2 agus 9 de Threoir [2006/116], Treoir [2006/115], agus Airteagail 17 agus 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, le léiriú sa chaoi go bhfuil, nó nach bhfuil, caingne maidir le sárú chóipchirt faoi réir gach comhúdar an tsaothair?’

 Na ceisteanna le haghaidh réamhrialú

 Inghlacthacht na hiarrata ar réamhrialú a mhéid a bhaineann sé le léiriú ar Threoir 2006/115

37      Ní mór a mheabhrú go mbaineann na ceisteanna a cuireadh go heisiach le saincheist nós imeachta a eascraíonn as an léiriú ar Airteagal L. 113-3 den Chód Maoine Intleachtúla, lena bhforáiltear go ndéanfaidh comhúdair saothair comhair a gcearta a fheidhmiú trí chomhaontú comhchoiteann. De réir chásdlí an Cour de cassation (an Fhrainc) (an Chúirt um Achomharc Deiridh, an Fhrainc), is léir ón bhforáil sin go gceanglaítear ar chomhúdar saothair comhair, amhail na scannáin atá i gceist sna príomhimeachtaí, a thionscain imeachtaí dlí chun a chearta eacnamaíocha a chosaint, ar phian a chaingne a bheith do-ghlactha, a iarraidh ar chomhúdair uile an tsaothair lena mbaineann páirt a ghlacadh sna himeachtaí, ós rud é nach féidir rannchuidiú an chomhúdair sin a scaradh ó ranníocaíochtaí na gcomhúdar eile sin. Is mian leis an gcúirt a rinne an tarchur a fháil amach, go bunúsach, an gcuirtear cosc ar cheanglas den sórt sin le dlí an Aontais, a bhfuil roinnt forálacha de ag brath air, lena n‑áirítear Treoir 2006/115, sna ceisteanna sin.

38      De réir cásdlí socair, is ionstraim chomhair idir an Chúirt agus na cúirteanna náisiúnta é an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 267 CFAE, trína soláthraíonn an Chúirt na heilimintí léirithe ar dhlí an Aontais a theastaíonn uathu chun na díospóidí atá os a gcomhair a réiteach (breithiúnas an 27 Aibreán 2023, Castorama Polska agus Knor, C‑628/21, EU:C:2023:342, mír 25 agus an cásdlí dá dtagraítear).

39      De réir cásdlí socair chomh maith, bíonn comhthéacs fíorasach agus reachtach na gceisteanna arna gcur ag an gcúirt náisiúnta le sainiú nó, ar a laghad ar bith, na cásanna is bun leis na ceisteanna le míniú, de réir an ghá a bhíonn le léiriú a dhéanamh ar dhlí an Aontais mar a bhíonn fónta di. Ní mór a lua san ordú tarchuir freisin na cúiseanna beachta faoi nach bhfuil an chúirt náisiúnta cinnte maidir le léiriú dhlí an Aontais agus na cúiseanna a mheasann sí gur gá ceist a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú (breithiúnas an 27 Aibreán 2023, Castorama Polska agus Knor, C‑628/21, EU:C:2023:342, mír 27 agus an cásdlí dá dtagraítear).

40      I ndáil leis sin, mar is léir ó Airteagal 94(c) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais, ní mór ráiteas a bheith in iarraidh ar réamhrialú maidir leis na cúiseanna a spreag an chúirt a rinne an tarchur chun fiosrú a dhéanamh faoi léiriú nó bailíocht forálacha áirithe de dhlí an Aontais, agus faoin ngaol idir na forálacha sin agus an reachtaíocht náisiúnta is infheidhme maidir leis na príomhimeachtaí.

41      Sa chás seo, áfach, níl aon léiriú san iarraidh ar réamhrialú ar an gcaoi a bhféadfadh Treoir 2006/115 a bheith ábhartha chun an díospóid sna príomhimeachtaí a réiteach agus ní shonraítear inti na forálacha den Treoir sin a n‑iarrann an chúirt a rinne an tarchur léiriú orthu.

42      Ní mór a bhaint de thátal as an méid sin roimhe seo, maidir le Treoir 2006/115, nach gcomhlíonann an t‑ordú tarchuir na ceanglais go léir dá dtagraítear i míreanna 39 agus 40 den bhreithiúnas seo.

43      Leanann sé ón méid sin roimhe seo go bhfuil an iarraidh ar réamhrialú do-ghlactha, a mhéid a bhaineann sí le léiriú Threoir 2006/115.

 Substaint

44      Ní mór a thabhairt faoi deara, de réir cásdlí socair, faoin nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 267 CFAE, lena bhforáiltear do chomhar idir na cúirteanna náisiúnta agus an Chúirt Bhreithiúnais, gur faoin gCúirt Bhreithiúnais atá sé freagra a thabhairt ar an gcúirt náisiúnta a bheidh úsáideach di agus lena gcuirfear ar a cumas cinneadh a dhéanamh sa díospóid atá roimpi. Chuige sin, ba cheart don Chúirt, nuair is gá, na ceisteanna a tarchuireadh chuici a athfhoirmliú (breithiúnas an 18 Samhain 2021, A. S.A., C‑212/20, EU:C:2021:934, mír 36 agus an cásdlí dá dtagraítear).

45      Sa chás seo, is léir ó fhorais an ordaithe tarchuir go mbaineann éiginnteachtaí na cúirte a rinne an tarchur, go bunúsach, le himpleachtaí Airteagal 8 de Threoir 2001/29, Airteagal 3 de Threoir 2004/48 agus Airteagal 1 de Threoir 2006/116 maidir le hinghlacthacht caingne mar gheall ar shárú arna thionscnamh ag roinnt sealbhóirí cóipchirt i gcomhshaothar. Sonraíonn an chúirt sin nach gcomhlíontar sa chás seo an ceanglas, a leagtar síos leis an gCód Maoine Intleachtúla, mar a léirítear é le cásdlí an Cour de cassation (an Chúirt Achomhairc), ar dá bhun nach bhfuil caingean den sórt sin inghlactha ach amháin má thionscnaíonn na sealbhóirí cirt sin go léir í, ós rud é nach bhfuil na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí in ann na comharbaí i dteideal a shainaithint do chomhúdair áirithe ar bhealach lena gceadaítear fógra a thabhairt dóibh a bheith i láthair sna himeachtaí.

46      Sna himthosca sin, ní mór a mheas, trína ceisteanna, ar cheart iad a scrúdú le chéile, go bhfiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gá Airteagal 8 de Threoir 2001/29, Airteagal 3 de Threoir 2004/48 agus Airteagal 1 de Threoir 2006/116, arna léamh i gcomhar le hAirteagail 17 agus 47 den Chairt, a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leo ar reachtaíocht náisiúnta faoina bhfuil inghlacthacht caingne mar gheall ar shárú ar chóipcheart i gcomhshaothar faoi réir an choinníll go n‑iarrfar ar chomhshealbhóirí uile an chóipchirt sin páirt a ghlacadh sna himeachtaí.

47      Sa chéad áit, foráiltear leis an gcéad abairt d’Airteagal 8(1) de Threoir 2001/29 go ndéanfaidh na Ballstáit foráil maidir le smachtbhannaí agus leigheasanna iomchuí i gcoinne sáruithe ar na cearta agus na hoibleagáidí dá bhforáiltear sa Treoir seo agus déanfaidh siad gach beart is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad.

48      Dá bhrí sin, ní luaitear san fhoráil sin ach an ceanglas leigheasanna iomchuí a bhunú, inter alia, i leith sáruithe ar na cearta agus ar na hoibleagáidí a leagtar amach sa Treoir sin, gan na rialacha mionsonraithe a shonrú maidir le himeachtaí dlí a thionscnamh atá beartaithe chun cosaint cóipchirt a áirithiú i gcás ina bhfuil cóipcheart i gcomhsheilbh.

49      Sa dara háit, maidir le Treoir 2004/48, foráiltear le hAirteagal 3(1) nach mór do na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir leis na bearta, na nósanna imeachta agus na leigheasanna is gá chun forfheidhmiú na gceart maoine intleachtúla a chumhdaítear leis an Treoir sin a áirithiú. Beidh na bearta, nósanna imeachta agus leigheasanna sin cóir agus cothromasach agus ní bheidh castacht ná costas gan ghá ag baint leo, ná ní bheidh teorainneacha ama míréasúnta ná moilleanna gan údar i gceist leo. Ina theannta sin, de réir Airteagal 3(2) den Treoir sin, beidh na bearta, na nósanna imeachta agus na leigheasanna sin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach agus cuirfear i bhfeidhm iad ar bhealach lena seachnófar bacainní a chur ar thrádáil dhlisteanach agus lena ndéanfar foráil maidir le coimircí i gcoinne a mí-úsáide.

50      I ndáil leis sin, ní mór a thabhairt faoi deara, cé go gceanglaítear le hAirteagal 3 sin, inter alia, nósanna imeachta éifeachtacha a bhunú chun forfheidhmiú ceart maoine intleachtúla a áirithiú, agus é á shonrú nach féidir leis na nósanna imeachta sin a bheith casta ná costasach gan ghá, nach bhfuil rialacha ann mar sin féin is infheidhme maidir le cóipcheart a shealbhú i gcomhsheilbh.

51      Sa tríú háit, rialaítear le hAirteagal 1(2) de Threoir 2006/116 an téarma cosanta cóipchirt trína fhoráil, i gcás comhoibrithe saothair, go ríomhfar an téarma dá dtagraítear in Airteagal 1(1) den Treoir sin ó bhás an údair mharthanaigh deiridh. Dá bhrí sin, ní thugtar aghaidh ar na nósanna imeachta chun imeachtaí dlíthiúla a thionscnamh atá beartaithe chun cosaint cóipchirt a áirithiú i gcás ina bhfuil cóipcheart i gcomhsheilbh.

52      Leanann sé ón méid sin roimhe seo go gceanglaítear le hAirteagal 8 de Threoir 2001/29, le hAirteagal 3 de Threoir 2004/48 agus le hAirteagal 1 de Threoir 2006/116 ar na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir leis na nósanna imeachta is gá chun cosaint éifeachtach na gceart maoine intleachtúla dá dtagraítear sna treoracha sin a áirithiú, agus toirmeasc a chur, go háirithe, ar nósanna imeachta atá casta nó costasach gan ghá. Mar mhalairt ar sin, ní chinntear le haon cheann de na hairteagail sin, lena fhoclaíocht amháin, na rialacha mionsonraithe maidir leis an gcosaint sin i gcás ina bhfuil cóipcheart i gcomhsheilbh.

53      Mar sin féin, de réir cásdlí socair, agus foráil de dhlí an Aontais á léiriú, ní mór machnamh a dhéanamh ní hamháin ar a foclaíocht ach freisin ar an gcomhthéacs ina bhfuil sí agus ar na cuspóirí a shaothraítear leis na rialacha ar cuid díobh í (breithiúnas an 27 Aibreán 2023, Castorama Polska agus Knor, C‑628/21, EU:C:2023:342, mír 36 agus an cásdlí dá dtagraítear).

54      Maidir le comhthéacs Airteagal 8 de Threoir 2001/29, Airteagal 3 de Threoir 2004/48 agus Airteagal 1 de Threoir 2006/116, ní mór a thabhairt faoi deara nach leagtar síos leis na hairteagail eile de na Treoracha sin, ar an gcaoi chéanna, na rialacha mionsonraithe maidir le feidhmiú na leigheasanna lena mbaineann i gcás ina bhfuil cóipcheart i gcomhsheilbh.

55      Go háirithe, níl aon rialacha sonracha in Airteagal 4 de Threoir 2004/48, a bhaineann leis na daoine atá i dteideal iarratas a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na mbeart, na nósanna imeachta agus na leigheasanna dá dtagraítear sa Treoir sin, maidir le caingne arna dtionscnamh ag comhshealbhóirí cóipchirt.

56      Maidir leis na cuspóirí atá á saothrú, ba cheart a thabhairt faoi deara gur léir ó aithris 4 de Threoir 2001/29, ó aithris 10 de Threoir 2004/48 agus ó aithris 11 de Threoir 2006/116 go bhféachtar leis na trí Threoir sin, ach go háirithe, le hardleibhéal cosanta a sholáthar do mhaoin intleachtúil, lena n‑áirítear cóipcheart.

57      Maidir le Treoir 2004/48, go sonrach, de réir cásdlí socair, níl sé i gceist le forálacha na Treorach sin gach gné de chearta maoine intleachtúla a rialú, ach na gnéithe sin amháin a bhaineann go dlúth, ar an gcéad dul síos, le forfheidhmiú na gceart sin agus, ar an dara dul síos, lena sárú, trína cheangal go mbeidh leigheasanna éifeachtacha dlí ann atá ceaptha chun aon sárú ar cheart maoine intleachtúla atá ann cheana a chosc, a fhoirceannadh nó a leigheas. Roghnaigh reachtóir an Aontais, agus an méid sin á dhéanamh aige, foráil a dhéanamh do chomhchuibhiú íosta maidir le cearta maoine intleachtúla a fhorfheidhmiú i gcoitinne (féach, chuige sin, breithiúnais an 9 Iúil 2020, Constantin Film Verleih, C‑264/19, EU:C:2020:542, mír 36, agus an 11 Eanáir 2024, Mylan, C‑473/22, EU:C:2024:8, mír 33 agus an cásdlí dá dtagraítear).

58      Dá bhrí sin, ba cheart a mheas, faoi réir na hoibleagáide foráil a dhéanamh maidir le leigheasanna nach bhfuil casta ná costasach gan ghá, gur faoi na Ballstáit atá sé, i gcomhréir le prionsabal neamhspleáchais nós imeachta, na rialacha nós imeachta mionsonraithe a leagan síos lena rialaítear na leigheasanna lena mbaineann, lena n‑áirítear i gcás ina bhfuil cearta maoine intleachtúla i gcomhsheilbh.

59      I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, de réir chásdlí na Cúirte, de réir an phrionsabail sin, gur faoi ord dlíthiúil inmheánach gach Ballstáit atá sé na rialacha nós imeachta a rialú atá beartaithe chun a áirithiú go gcosnófar na cearta a fhaigheann daoine aonair ó dhlí an Aontais, ar choinníoll, áfach, nach lú fabhair na rialacha sin ná na rialacha lena rialaítear cásanna comhchosúla faoi réir an dlí náisiúnta (prionsabal na coibhéise) agus nár cheart dóibh a fhágáil go mbeadh sé ródheacair nó dodhéanta sa chleachtas na cearta a thugtar le dlí an Aontais a fheidhmiú (prionsabal na héifeachtúlachta) (féach, chuige sin, breithiúnais an 16 Nollaig 1976, Rewe-Zentralfinanz agus Rewe-Zentral, 33/76, EU:C:1976:188, mír 5; an 17 Samhain 2022, Harman International Industries, C‑175/21, EU:C:2022:895, mír 65; agus an 30 Aibreán 2024, M.N. (EncroChat), C‑670/22, EU:C:2024:372, mír 129).

60      Ina theannta sin, ní mór do na rialacha nós imeachta sin, in aon chás, na ceanglais a eascraíonn as an gCairt a chomhlíonadh, go háirithe as Airteagal 17, maidir leis an gceart chun maoine, agus as Airteagal 47, lena gcumhdaítear an ceart chun leigheas éifeachtach a fháil.

61      Sa chás seo, is léir ón bhfaisnéis a chuir an chúirt a rinne an tarchur ar fáil, faoi Airteagal L. 113-3 den Chód Maoine Intleachtúla, go bhfeidhmeoidh comhúdair saothar comhchoiteann a gcearta trí chomhaontú comhchoiteann agus, i gcás easaontais, go gcinnfidh an chúirt náisiúnta a éisteann an cás. Mar sin féin, tá sé d’éifeacht ag léiriú na forála sin ag an Cour de cassation (an Chúirt um Achomharc Deiridh) go bhfuil caingean arna tionscnamh ag comhúdar do-ghlactha mura n‑iarrtar ar na comhúdair eile go léir nó, de réir mar a bheidh, ar a gcomharbaí i dteideal, páirt a ghlacadh sna himeachtaí, fiú má tá sé deacair, fiú dodhéanta, a iarraidh orthu é sin a dhéanamh mar gheall ar imthosca nach bhfuil neart ag an iarratasóir orthu.

62      I bhfianaise na gceanglas a leagtar síos i míreanna 58 go 60 den bhreithiúnas seo, is gá a fháil amach, sna himthosca sin, an bhfuil an nós imeachta atá i gceist casta nó costasach gan ghá, agus an bhféadfadh sé a bheith contrártha do phrionsabail na coibhéise agus na héifeachtachta agus do na ceanglais a eascraíonn as Airteagail 17 agus 47 den Chairt.

63      Ar an gcéad dul síos, is léir ón bhfaisnéis a chuir an chúirt a rinne an tarchur ar fáil go bhfágann an ceanglas go n‑iarrfaí ar na comhúdair uile agus/nó ar a gcomharbaí uile i dteideal páirt a ghlacadh sna himeachtaí nach féidir le cúirt a n‑éilimh a scrúdú, i bhfianaise na deacrachta a bhaineann leis na comharbaí uile i dteideal a shainaithint do chomhshealbhóirí an chóipchirt lena mbaineann agus, dá bhrí sin, a iarraidh orthu páirt a ghlacadh sna himeachtaí. Is faoin gcúirt sin atá sé a fháil amach, sa chás seo, an bhfuil sé d’éifeacht ag an gceanglas sin an nós imeachta lena mbaineann a dhéanamh casta agus costasach gan ghá.

64      Ar an dara dul síos, cé nach dtugtar le fios sa chomhad os comhair na Cúirte go bhfuil aon sárú ar phrionsabal na coibhéise, maidir le prionsabal na héifeachtachta, ba cheart a mheabhrú nach bhfuil sé d’éifeacht ag dlí an Aontais a cheangal ar na Ballstáit leigheasanna a bhunú seachas na leigheasanna sin a bhunaítear leis an dlí náisiúnta, ach amháin más léir ó scéim fhoriomlán an chórais dlí náisiúnta atá i gceist nach bhfuil aon leigheas dlí ann lena bhféadfaí a áirithiú, fiú go hindíreach, go n‑urramófar na cearta a dhíorthaíonn daoine aonair ó dhlí an Aontais, nó gurb é an t‑aon bhealach chun rochtain a fháil ar chúirt ná go héifeachtach do dhaoine aonair an dlí a shárú (breithiúnas an 17 Samhain 2022, Harman International Industries, C‑175/21, EU:C:2022:895, mír 67 agus an cásdlí dá dtagraítear).

65      Ina theannta sin, ní mór a thabhairt faoi deara, i gcomhréir le cásdlí na Cúirte, nach mór anailís a dhéanamh ar gach cás ina n‑ardaítear an cheist i dtaobh an bhfágann foráil nós imeachta náisiúnta go bhfuil cur i bhfeidhm dhlí an Aontais dodhéanta nó ródheacair trí thagairt a dhéanamh do ról na forála sin sa nós imeachta, dá dul chun cinn agus dá gnéithe ar leith, arna mbreithniú ina n‑iomláine, os comhair na gcomhlachtaí náisiúnta éagsúla (breithiúnas an 17 Samhain 2022, Harman International Industries, C‑175/21, EU:C:2022:895, mír 68 agus an cásdlí dá dtagraítear).

66      Sa chás seo, i gcás ina mbíonn deacrachtaí tromchúiseacha leanúnacha ann maidir le comhúdair saothair chomhchoitinn a shainaithint agus a aimsiú, d’fhéadfadh sé a bheith ródheacair cearta a thugtar le dlí an Aontais do chomhúdair an tsaothair sin a fheidhmiú toisc go bhfuil inghlacthacht caingne dlí arna tionscnamh ag comhúdair an tsaothair sin a fhéachann lena gcearta a chosaint coinníollach ar bhaint comhúdair uile eile an tsaothair sin.

67      Ar an tríú dul síos, ba cheart a chinneadh freisin an bhféadfadh cás den sórt sin sárú a dhéanamh ar na cearta a chumhdaítear in Airteagail 17 agus 47 den Chairt, a bhaineann leis an gceart chun maoine agus leis an gceart chun leigheas éifeachtach a fháil faoi seach.

68      I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, faoi Airteagal 17(1) den Chairt, ‘tá ag gach duine an ceart chun a shealúchais nó a sealúchais arna bhfáil go dleathach a shealbhú, a úsáid, a dhiúscairt agus a thiomnú. Ní fhéadfar a shealúchais nó a sealúchais a cheilt ar dhuine ach amháin ar mhaithe leis an leas poiblí agus sna cásanna agus faoi na coinníollacha dá bhforáiltear le dlí, ach sin faoi réir cúiteamh cóir a íoc in am trátha mar chomaoin ar chailleadh na sealúchas sin. Féadfar úsáid maoine a rialáil le dlí a mhéad is gá sin ar mhaithe leis an leas ginearálta’. Foráiltear le hAirteagal 17(2) go ndéanfar maoin intleachtúil a chosaint (breithiúnas an 9 Feabhra 2012, Luksan, C‑277/10, EU:C:2012:65, mír 68).

69      Sa chomhthéacs sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, i gcás inar féidir an t‑ábhar a aicmiú mar ‘shaothar’ de réir bhrí Threoir 2001/29, nach mór dó, sa cháil sin, cosaint cóipchirt a fháil, i gcomhréir leis an Treoir sin, nach leagtar síos léi, thairis sin, aon choinníoll maidir le líon na gcomhúdar ar shaothar den chineál sin.

70      Ní mór teacht ar an gconclúid ón méid sin roimhe seo, i gcás ina bhfuil maoin intleachtúil, amhail cóipcheart, ag níos mó ná duine amháin i gcomhpháirt sa saothar céanna, go meastar go bhfuair na daoine sin go léir, faoi dhlí an Aontais, an ceart chun an mhaoin intleachtúil sin a bheith acu, agus go gcosnaítear iad ar an mbealach céanna.

71      Sna himthosca sin, is coinníoll leordhóthanach é aitheantas mar údar saothair chineamatagrafaigh, mar atá sa chás seo, chun an ceart chun maoine a fheidhmiú, i bhfianaise na bprionsabal a leagtar amach i mír 59 den bhreithiúnas seo.

72      Thairis sin, ba cheart a mheabhrú nach mór d’aon duine ar sáraíodh a chearta agus a shaoirsí a ráthaítear le dlí an Aontais a bheith i dteideal leigheas éifeachtach a fháil, mar a fhoráiltear in Airteagal 47 den Chairt. Is léir ó chásdlí na Cúirte nach féidir an ceart chun leigheas éifeachtach a fháil a agairt ach amháin ar bhonn Airteagal 47 den Chairt, gan gá a bheith ann an t‑ábhar atá ann a shoiléiriú le forálacha eile de dhlí an Aontais nó le forálacha dhlí náisiúnta na mBallstát, agus an ceart sin á aithint, i gcás ar leith, lena nglactar, mar is léir ón gcéad mhír d’Airteagal 47 den Chairt, go bhfuil an duine a agraíonn an ceart sin ag brath ar chearta nó ar shaoirsí a ráthaítear le dlí an Aontais (féach, de réir analaí, breithiúnas an 17 Samhain 2022, Harman International Industries, C‑175/21, EU:C:2022:895, mír 32 agus an cásdlí dá dtagraítear).

73      Chinn an Chúirt go n‑áirítear le bunbhrí an chirt chun leigheas éifeachtach a fháil a chumhdaítear in Airteagal 47 den Chairt, i measc gnéithe eile, an fhéidearthacht don duine a bhfuil an ceart sin aige rochtain a fháil ar chúirt a bhfuil sé de chumhacht aici a áirithiú go n‑urramófar na cearta a ráthaítear don duine sin le dlí an Aontais agus, chuige sin, scrúdú a dhéanamh ar gach ceist dlí agus fíorais atá ábhartha do réiteach na díospóide atá os a comhair (breithiúnas an 17 Samhain 2022, Harman International Industries, C‑175/21, EU:C:2022:895, mír 61 agus an cásdlí dá dtagraítear).

74      Is fíor go gcosnaítear le srian amhail an srian a eascraíonn as forálacha Airteagal L. 113-3 den Chód Maoine Intleachtúla cearta na gcomhshealbhóirí cirt atá in easnamh, lena dtugtar faisnéis leordhóthanach dóibh chun a chur ar a gcumas páirt a ghlacadh sna himeachtaí nó gan páirt a ghlacadh iontu, rud a rannchuidíonn, go háirithe, le hurraim a ráthú do cheart maoine na gcomhshealbhóirí cirt sin faoi Airteagal 17 den Chairt agus leis an gcuspóir dá dtagraítear i mír 56 den bhreithiúnas seo a bhaint amach ina leith.

75      Mar sin féin, dealraíonn sé go bhfuil sé d’éifeacht ag na forálacha sin, in ainneoin na n‑iarrachtaí a rinne na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí a iarraidh ar na comhshealbhóirí cóipchirt uile páirt a ghlacadh sna himeachtaí agus nach féidir le cúirt scrúdú a dhéanamh ar a n‑éilimh de bharr a ndiongbháilteachta. I gcás den sórt sin, is cosúil go gcuireann an oibleagáid ar na comhshealbhóirí páirt a ghlacadh sna himeachtaí, agus nach mbeidh an chaingean do-ghlactha, cosc ar na hiarratasóirí sin a gcearta féin a fheidhmiú. I ndáil leis sin, ghlac Rialtas na Fraince leis go bhféadfadh an oibleagáid sin, i gcásanna áirithe, a bheith ina ceanglas míréasúnta a dhéanfadh dodhéanta nó ródheacair do na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí na cearta a thugtar le dlí an Aontais a fheidhmiú. Mar a luaigh an tAbhcóide Ginearálta, go bunúsach, i mír 65 dá Thuairim, níor cheart ceart na gcomhshealbhóirí cirt chun a gcóipcheart a chosaint a chur faoi réir ceanglais nós imeachta atá dodhéanta nó an‑deacair a chomhlíonadh, arb ionann é, sa chleachtas, agus neodrú an chirt sin chun cóipcheart a chosaint agus a sháródh an ceart bunúsach a ráthaítear in Airteagal 47 den Chairt.

76      Faoi réir fíorú ag an gcúirt a rinne an tarchur, is cosúil, dá bhrí sin, go bhféadfadh léiriú agus cur i bhfeidhm na gceanglas nós imeachta a fhorchuirtear ar na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí, i bhfianaise imthosca sonracha na díospóide os comhair na cúirte sin, an nós imeachta lena mbaineann a dhéanamh níos casta agus níos costasaí gan ghá agus prionsabal na héifeachtachta agus Airteagal 47 den Chairt araon a shárú.

77      Dá gcinnfeadh an chúirt a rinne an tarchur nach féidir a dlí náisiúnta a léiriú ar bhealach atá i gcomhréir le dlí an Aontais, cheanglófaí uirthi, laistigh de theorainneacha a dlínse, an chosaint dhlíthiúil a eascraíonn as Airteagal 47 den Chairt, agus lánéifeacht na bhforálacha sin a ráthú trí na forálacha náisiúnta lena mbaineann a fhágáil gan feidhm, más gá (féach, de réir analaí, breithiúnas an 25 Samhain 2025, Wojewoda Mazowiecki, C‑713/23, EU:C:2025:917, mír 76 agus an cásdlí dá dtagraítear).

78      I bhfianaise na mbreithnithe go léir roimhe seo, is é an freagra ar na ceisteanna a tharchuirtear ná nach mór Airteagal 8 de Threoir 2001/29, Airteagal 3 de Threoir 2004/48 agus Airteagal 1 de Threoir 2006/116, arna léamh i gcomhar le hAirteagail 17 agus 47 den Chairt, a léiriú sa chaoi nach gcuirtear cosc leo ar reachtaíocht náisiúnta faoina bhfuil inghlacthacht caingne mar gheall ar shárú ar chóipcheart saothair chomhchoitinn ag brath ar chomhshealbhóirí uile an chóipchirt sin páirt a ghlacadh sna himeachtaí, ar choinníoll nach bhfágann léiriú agus cur i bhfeidhm na reachtaíochta sin go bhfuil an nós imeachta dá bhforáiltear do nós imeachta casta nó costasach gan ghá agus nach bhfágann an nós imeachta sin go bhfuil sé dodhéanta nó ródheacair ar dhuine amháin nó ar chuid de na comhúdair an chaingean sin a thionscnamh. Ní mór don chúirt náisiúnta, in aon chás, a áirithiú go n‑urramófar an ceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil a chumhdaítear in Airteagal 47 den Chairt.

 Costais

79      Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte a rinne an tarchur, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Chéad Dlísheomra) mar seo a leanas:

Maidir le hAirteagal 8 de Threoir 2001/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2001 maidir le gnéithe áirithe de chóipcheart agus de chearta gaolmhara a chomhchuibhiú sa tsochaí faisnéise, Airteagal 3 de Threoir 2004/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le cearta maoine intleachtúla a fhorfheidhmiú agus Airteagal 1 de Threoir 2006/116/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir leis an téarma cosanta do chóipcheart agus do chearta gaolmhara áirithe, arna léamh i gcomhar le hAirteagail 17 agus 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

ní chuirtear cosc leo ar reachtaíocht náisiúnta faoina bhfuil inghlacthacht caingne mar gheall ar shárú ar chóipcheart saothair chomhchoitinn ag brath ar chomhshealbhóirí uile an chóipchirt sin páirt a ghlacadh sna himeachtaí, ar choinníoll nach bhfágann léiriú agus cur i bhfeidhm na reachtaíochta sin go bhfuil an nós imeachta dá bhforáiltear do nós imeachta casta nó costasach gan ghá agus nach bhfágann an nós imeachta sin go bhfuil sé dodhéanta nó ródheacair ar dhuine amháin nó ar chuid de na comhúdair an chaingean sin a thionscnamh. Ní mór don chúirt náisiúnta, in aon chás, a áirithiú go nurramófar an ceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil a chumhdaítear in Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha.

[Sínithe]


*      Teanga an cháis: an Fhraincis.