BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Séú Dlísheomra)

20 Márta 2025 ( *1 )

(Tarchur chun réamhrialú – Comhbheartas Talmhaíochta – Maoiniú ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) – Clár Forbartha Tuaithe Náisiúnta 2007 go 2013 – Beart forbartha tuaithe – Íocaíochtaí leasa ainmhithe – Earráidí ríofa – Laghdú na n‑íocaíochtaí sin ag na húdaráis náisiúnta gan fanacht le cinneadh cinntitheach ón gCoimisiún Eorpach – Tionchar dhul in éag an spriocdháta atá leagtha síos chun an clár sin a leasú, agus cinntí ón gCoimisiún lena bhformheastar nó lena leasaítear an clár sin – Gan a bheith ag teacht salach ar a chéile idir breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais agus breithiúnas ó Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh – Dliteanas an Bhallstáit lena mbaineann i leith sárú ar dhlí an Aontais)

I gCás C‑116/24,

IARRAIDH ar réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE, ó Curtea de Apel Piteşti (an Chúirt Achomhairc Piteşti, an Rómáin), trí bhreith an 28 Samhain 2023, a fuarthas ag an gCúirt an 12 Feabhra 2024, sna himeachtaí

Porcellino Grasso SRL

v

Ministerul Agriculturii şi Dezvoltării Rurale,

Agenţia pentru Finanţarea Investiţiilor Rurale,

Agenţia de Plăţi şi Intervenţie în Agricultură,

Agenţia de Plăţi şi Intervenţie pentru Agricultură – Centrul Judeţean Vâlcea,

tugann AN CHÚIRT (an Séú Dlísheomra),

agus í comhdhéanta mar seo a leanas A. Kumin (Rapóirtéir), Uachtarán Dlísheomra, F. Biltgen, Uachtarán an Chéad Dlísheomra, agus I. Ziemele, Breitheamh,

Abhcóide Ginearálta: D. Spielmann,

Cláraitheoir: A. Calot Escobar,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn,

tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha a cuireadh isteach thar ceann iad seo a leanas:

Porcellino Grasso SRL, ag C. S. Strătulă agus O. Strătulă, avocaţi,

Ministerul Agriculturii şi Dezvoltării Rurale, ag F. I. Barbu agus A. Popescu, i gcáil Gníomhairí,

Rialtas na Rómáine, ag R. Antonie, E. Gane agus A. Rotăreanu, i gcáil Gníomhairí,

an Coimisiún Eorpach, ag L. Radu Bouyon agus M. Salyková, i gcáil Gníomhairí,

tar éis cinneadh a dhéanamh, tar éis di an tAbhcóide Ginearálta a éisteacht, breithiúnas a thabhairt ar an gcás gan Tuairim,

an Breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1

Baineann an iarraidh ar réamhrialú seo le léiriú ar Airteagail 288, 291 agus 297 CFAE, ar phrionsabal dhlí an Aontais faoina mbeidh éifeachtaí dlíthiúla ag cinneadh ón gCoimisiún Eorpach go dtí go gcuirfear ar neamhní é, ar Airteagail 18 agus 19 de Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle an 20 Meán Fómhair 2005 maidir le tacaíocht d’fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) (IO 2005 L 277, lch. 1), arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 74/2009 ón gComhairle an 19 Eanáir 2009 (IO 2009 L 30, lch. 100) (‘Rialachán Uimh. 1698/2005’), agus ar Airteagal 9(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1974/2006 ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2006 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle maidir le tacaíocht d’fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) (IO 2006 L 368, lch. 15), arna leasú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 335/2013 ón gCoimisiún an 12 Aibreán 2013 (IO 2013 L 105, lch. 1) (‘Rialachán Uimh. 1974/2006’).

2

Rinneadh an iarraidh seo in imeachtaí idir Porcellino Grasso SRL agus an Ministerul Agriculturii şi Dezvoltării Rurale (an Aireacht Talmhaíochta agus Forbartha Tuaithe, an Rómáin), an Agenția pentru Finanțarea Investițiilor Rurale (an Ghníomhaireacht chun Infheistíochtaí Tuaithe a Mhaoiniú, an Rómáin), an Agenția de Plăți și Intervenție pentru Agricultură (an Ghníomhaireacht um Íocaíochtaí agus Idirghabháil sa Talmhaíocht, an Rómáin) agus an Agenția de Plăți și Intervenție pentru Agricultură – Centrul Județean Vâlcea (an Ghníomhaireacht um Íocaíochtaí agus Idirghabháil sa Talmhaíocht – Lárionad Ceantair Vâlcea, an Rómáin) (‘APIA Vâlcea’) maidir le híocaíochtaí leasa ainmhithe a laghdú.

An dlí lena mbaineann

Rialachán Uimh. 1698/2005

3

Foráiltear le hAirteagal 18 de Rialachán Uimh. 1698/2005, dar teideal ‘Ullmhúchán agus formheas’:

‘1.   Bunóidh Ballstát cláir forbartha tuaithe tar éis dlúthchomhar leis na comhpháirtithe dá dtagraítear in Airteagal 6.

2.   Cuirfidh na Ballstáit togra faoi bhráid an Choimisiúin do gach clár forbartha tuaithe, ina mbeidh an fhaisnéis atá luaite in Airteagal 16.

3.   Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na cláir atá beartaithe bunaithe ar a gcomhsheasmhacht le treoirlínte straitéiseacha an Chomhphobail, leis an bplean straitéise náisiúnta agus leis an Rialachán seo.

I gcás ina measann an Coimisiún nach bhfuil clár forbartha tuaithe i gcomhréir le treoirlínte straitéiseacha an Chomhphobail, leis an bplean straitéise náisiúnta nó leis an Rialachán seo, iarrfaidh sé ar an mBallstát an clár atá beartaithe a athbhreithniú dá réir sin.

4.   Formheasfar gach clár forbartha tuaithe i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 90(2)’.

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

4

Foráiltear le hAirteagal 19 den Rialachán sin, dar teideal ‘Athbhreithniú’:

‘1.   Déanfaidh an Ballstát na cláir forbartha tuaithe a athscrúdú agus, más iomchuí, a oiriúnú don chuid eile den tréimhse tar éis formheas a fháil ón gCoiste Faireacháin. Cuirfear torthaí na meastóireachtaí agus tuarascálacha an Choimisiúin san áireamh sna hathbhreithnithe, go háirithe d’fhonn an bealach ina gcuirtear tosaíochtaí an Chomhphobail san áireamh a neartú nó a oiriúnú.

2.   Glacfaidh an Coimisiún cinneadh maidir le hiarrataí ar chláir forbartha tuaithe a athbhreithniú tar éis do Bhallstát iarraidh den sórt sin a thíolacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 90(2). Déanfar athruithe a dteastaíonn formheas le cinneadh ón gCoimisiún ina leith a shainiú i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 90(2)’.

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

5

Luadh an méid seo a leanas in Airteagal 40 den Rialachán sin, dar teideal ‘Íocaíochtaí leasa ainmhithe’:

‘1.   Deonófar na híocaíochtaí leasa ainmhithe dá bhforáiltear in Airteagal 36(a)(v) d’fheirmeoirí a dhéanfaidh gealltanais maidir le leas ainmhithe ar bhonn deonach.

2.   Ní chumhdóidh íocaíochtaí leasa ainmhithe ach na gealltanais a théann thar na caighdeáin shainordaitheacha ábhartha arna mbunú de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1782/2003 [an 29 Meán Fómhair 2003 lena mbunaítear comhrialacha do scéimeanna tacaíochta dírí faoin gcomhbheartas talmhaíochta agus lena mbunaítear scéimeanna áirithe tacaíochta le haghaidh feirmeoirí agus lena leasaítear Rialacháin (CEE) Uimh. 2019/93, (CE) Uimh. 1452/2001, (CE) Uimh. 1453/2001, (CE) Uimh. 1454/2001, (CE) Uimh. 1868/94, (CE) Uimh. 1251/1999, (CE) Uimh. 1254/1999, (CE) Uimh. 1673/2000, (CEE) Uimh. 2358/71 agus (CE) Uimh. 2529/2001 (IO 2003 L 270, lch. 1)] agus ceanglais shainordaitheacha ábhartha eile arna mbunú le reachtaíocht náisiúnta agus arna sainaithint sa chlár, agus na gealltanais sin amháin.

Mar riail ghinearálta, déanfar na gealltanais sin ar feadh tréimhse idir 5 bliana agus 7 mbliana. I gcás inar gá agus ina mbeidh údar maith leis, cinnfear tréimhse níos faide de réir an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 90(2) maidir le cineálacha áirithe gealltanas.

3.   Deonófar na híocaíochtaí ar bhonn bliantúil agus cumhdófar leo costais bhreise agus cailleadh ioncaim mar thoradh ar na gealltanais arna ndéanamh. Más iomchuí, féadfaidh siad costais idirbhirt a chumhdach freisin.

Beidh an tacaíocht teoranta don uasmhéid atá leagtha síos in Iarscríbhinn I.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

Rialachán Uimh. 1974/2006,

6

Foráiltear le hAirteagal 6(1) de Rialachán Uimh. 1974/2006:

‘Déanfar leasuithe ar chláir forbartha tuaithe a roinnt i gcatagóirí éagsúla:

(a)

athbhreithnithe dá dtagraítear in Airteagal 19(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005;

(b)

athbhreithnithe a eascraíonn ó nósanna imeachta comhordaithe maidir le glacadh na n‑acmhainní airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 77(3) de Rialachán [Uimh. 1698/2005];

(ba)

athruithe ar an bplean maoinithe a bhaineann le cur chun feidhme Airteagal 70(4b) de Rialachán [Uimh. 1698/2005];

(c)

athruithe eile nach gcumhdaítear le pointí (a), (b) agus (ba) den mhír seo’.

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

7

De réir Airteagal 9(1) go (3) den Rialachán sin:

‘1.   D’fhéadfadh athruithe ar mhiondealuithe airgeadais de réir birt laistigh d’ais a bheith i gceist le hathruithe ar chláir ag Ballstáit dá dtagraítear in Airteagal 6(1)(c) chomh maith le hathruithe neamhairgeadais maidir le bearta nua agus cineálacha nua oibríochtaí a thabhairt isteach, bearta atá ann cheana agus cineálacha oibríochtaí atá ann cheana féin a tharraingt siar, na hathruithe a bhaineann leis an eisceacht dá dtagraítear in Airteagal 5(6) de Rialachán [Uimh. 1698/2005] nó faisnéis agus cur síos ar bhearta atá ann cheana sa chlár.

2.   Údarófar do na Ballstáit freisin athruithe a dhéanamh amhail dá dtagraítear in Airteagal 6(1)(c) trí suas le 3 % de ranníocaíocht iomlán an CETFT leis an gclár don chlárthréimhse iomlán a aistriú laistigh de bhliain féilire ó agus chuig aon ais.

3.   Féadfar na hathruithe dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a dhéanamh roimh an 31 Nollaig 2015 ar a dhéanaí, ar choinníoll go dtabharfaidh na Ballstáit fógra faoi na hathruithe sin faoin 31 Lúnasa 2015 ar a dhéanaí.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013

8

Foráiltear le hAirteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n‑aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 352/78, (CE) Uimh. 165/94, (CE) Uimh. 2799/98, (CE) Uimh. 814/2000, (CE) Uimh. 1290/2005 agus (CE) Uimh. 485/2008 ón gComhairle (IO 2013 L 347, lch. 549, agus ceartúchán IO 2016, L 130, lch. 13), dar teideal ‘Caiteachas CETFT’:

‘Déanfar CETFT a chur chun feidhme trí bhainistiú comhpháirteach idir na Ballstáit agus an tAontas. Maoineofar leis ranníocaíocht airgeadais an Aontais le cláir forbartha tuaithe a chuirtear chun feidhme i gcomhréir le dlí an Aontais maidir le tacaíocht d’fhorbairt na tuaithe.’

9

Foráiltear le hAirteagal 52(1) den Rialachán sin, dar teideal ‘Imréiteach comhréireachta’:

‘I gcás ina bhfaigheann sé amach nach ndearnadh caiteachas a thagann faoi raon feidhme Airteagal 4(1) agus Airteagal 5 i gcomhréir le dlí an Aontais agus, maidir le CETFT, nach ndearnadh é i gcomhréir le dlí infheidhme an Aontais agus leis an dlí infheidhme náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 85 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 [ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle (IO 2013 L 347, lch. 320)], glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena gcinnfear na méideanna atá le heisiamh ó mhaoiniú an Aontais [...]’.

10

Foráiltear le hAirteagal 58(1) de Rialachán Uimh. 1306/2013, dar teideal ‘Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint’:

‘Glacfaidh na Ballstáit, faoi chuimsiú CBT, na forálacha reachtacha, rialúcháin agus riaracháin ar fad is gá agus glacfaidh siad aon bhearta eile is gá chun cosaint éifeachtach a áirithiú do leasanna airgeadais an Aontais, go háirithe chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

dlíthiúlacht agus cirte na n‑oibríochtaí a mhaoiníonn na Cístí a sheiceáil;

(b)

cosaint éifeachtach a áirithiú i gcoinne calaoise, go háirithe maidir leis na réimsí a mbaineann leibhéal níos airde riosca leo, ar bac í an chosaint sin, ag féachaint do na costais agus do na sochair chomh maith le comhréireacht na mbeart;

(c)

neamhrialtachtaí agus calaois a chosc, a bhrath agus a cheartú;

(d)

pionóis a ghearradh atá éifeachtach athchomhairleach agus comhréireach i gcomhréir le dlí an Aontais, nó ina éagmais sin, leis an dlí náisiúnta, agus imeachtaí dlí a thionscnamh chuige sin, de réir mar is gá;

(e)

íocaíochtaí neamhdhlite móide ús a aisghabháil, agus imeachtaí dlí a thionscnamh chuige sin de réir mar is gá.’

An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tharchuirtear le haghaigh réamhrialú

11

Tar éis ghlacadh Chinneadh C(2008) 3831 ón gCoimisiún an 16 Iúil 2008 lena bhformheastar Clár Forbartha Tuaithe CETFT don Rómáin don chlárthréimhse 2007 go 2013, ghlac an Ballstát sin forálacha chun leas ainmhithe a fheabhsú. Arna iarraidh sin don Bhallstát sin, chuir an Coimisiún, le Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2012) 3529 an 25 Bealtaine 2012, beart cabhrach san áireamh sa Chlár Forbartha Tuaithe Náisiúnta 2007 go 2013 (‘an Clár Forbartha Tuaithe Náisiúnta 2007 go 2013’) i bhfoirm íocaíochtaí lena mbeartaítear cúiteamh a dhéanamh ar chaillteanas ioncaim agus ar na costais bhreise a íocann feirmeoirí a gheall go deonach caighdeáin leasa ainmhithe a chur chun feidhme (‘Beart 215’). A mhéid a bhaineann le muca lena ramhrú, foráiltear leis an mbeart sin, go háirithe, d’íocaíocht bhliantúil EUR 4.90 in aghaidh an ‘aonaid beostoic’ trí chabhair chun leas ainmhithe a fheabhsú le linn iompair (‘cabhair chun iompar a fheabhsú’) agus íocaíocht bhliantúil EUR 16.80/aonad beostoic trí chabhair chun núiseanna a laghdú 30 % i ndáil leis an íosleibhéal sainordaitheach (‘cabhair chun núiseanna a laghdú’).

12

An 13 Lúnasa 2012, chuir Porcellino Grasso iarratas faoi bhráid APIA Vâlcea ar chabhair neamh-inaisíoctha, lena n‑áirítear cabhair chun iompar a fheabhsú agus cabhair chun núiseanna a laghdú, mar mhalairt ar a ghealltanas bearta leasa muc lena ramhrú ina ghabháltais a chomhlíonadh ar feadh íostréimhse 5 bliana.

13

An 14 Lúnasa 2015, chuir Porcellino Grasso iarratas faoi bhráid APIA Vâlcea ar an gcabhair sin a íoc don tréimhse ón 16 Iúil 2015 go dtí an 15 Iúil 2016, a chomhfhreagraíonn don cheathrú bliain dá ghealltanas.

14

An 8 Márta 2016, chuir APIA Vâlcea in iúl do Porcellino Grasso gur sainaithníodh earráidí, tar éis misean iniúchóireacht a rinne ionadaithe Chúirt Iniúchóirí na hEorpa don bhliain airgeadais 2015, a raibh ró-íocaíochtaí mar thoradh orthu maidir le cabhair chun feabhas a chur ar iompar agus cabhair chun núiseanna a laghdú, a eisíocadh faoi Bheart 215.

15

Mar thoradh ar na hearráidí sin, mhínigh APIA Vâlcea go laghdódh sé méid na cabhrach is iníoctha le Porcellino Grasso go dtí na rátaí nua EUR 1.43/aonad beostoic le haghaidh cabhair chun iompar a fheabhsú agus EUR 14.18/aonad beostoic le haghaidh cabhair chun núiseanna a laghdú. Tháinig laghdú na rátaí sin chun bheith cinntitheach ina dhiaidh sin trí fhoraithne ón Aireacht Talmhaíochta agus Forbartha Tuaithe a ghlacadh.

16

Thionscain Porcellino Grasso achomhairc riaracháin i gcoinne na gcinntí íocaíochta a rinneadh ar an gcaoi sin, bhí na caingne sin fós ar feitheamh ar an dáta a rinneadh an iarraidh seo ar réamhrialú.

17

An 31 Eanáir 2017, chuir Porcellino Grasso, go hairithe, iarratas faoi bhráid APIA Vâlcea ar íocaíocht cabhrach chun iompar a fheabhsú agus cabhair chun núiseanna a laghdú, don tréimhse ón 1 Eanáir 2017 go dtí an 31 Nollaig 2017, a chomhfhreagraíonn don séú bliain dá ghealltanas.

18

Le cinneadh an 6 Feabhra 2018, d’fhormheas APIA Vâlcea an t‑iarratas sin, ag ríomh, áfach, go mbeadh na híocaíochtaí atá le déanamh i leith an dá thacar cabhrach bunaithe ar na méideanna laghdaithe dá dtagraítear i mír 15 den bhreithiúnas seo.

19

Rinne Porcellino Grasso gearán i gcoinne an chinnidh sin, ar diúltaíodh dó an 8 Márta 2018.

20

Ansin thug Porcellino Grasso achomharc os comhair Curtea de Apel Piteşti (an Chúirt Achomhairc Piteşti, an Rómáin), arb í an chúirt a rinne an tarchur í, ag iarraidh, go háirithe, an cinneadh sin agus an gníomh lena ndiúltaítear dá ghearán a neamhniú, chomh maith le cúiteamh as damáiste i méid atá comhionann leis an difríocht idir an tsuim a mheas sí a bheith dlite di agus an tsuim a fuair sí i ndáiríre.

21

Sonraíonn an chúirt a rinne an tarchur, ar an gcéad dul síos, le breithiúnas an 17 Samhain 2022, Avicarvil Farms (C‑443/21, EU:C:2022:899), gur chinn an Chúirt, go bunúsach, nach gcuireann dlí an Aontais cosc ar údaráis náisiúnta a bhfuil baint acu le beart tacaíochta airgeadais neamh-inaisíoctha a chur chun feidhme gníomhartha a ghlacadh, mar gheall ar earráid ríofa a d’aimsigh an Chúirt Iniúchóirí, lena n‑ordaítear laghdú ar mhéid na cabhrach airgeadais a deonaíodh faoin gClár Forbartha Tuaithe Náisiúnta 2007 go 2013, arna fhormheas ag an gCoimisiún, gan fanacht leis an gCoimisiún cinneadh a ghlacadh lena n‑eisiatar ó chistiú an Aontais na méideanna a eascraíonn as an earráid ríofa sin.

22

Ní chuireann an chúirt a rinne an tarchur as an áireamh, áfach, go bhféadfadh rialacha agus prionsabail an Aontais a bhfuil Porcellino Grasso ag brath orthu, seachas iad siúd a chuirtear san áireamh sa bhreithiúnas sin, cosc a chur ar údaráis na Rómáine méid na cabhrach airgeadais atá i gceist sna príomhimeachtaí a laghdú. Tugann an chúirt a rinne an tarchur dá haire gur cinneadh an méid sin le Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2012) 3529 lena leasaítear an Chláir Forbartha Tuaithe Náisiúnta 2007 go 2013 agus nár cúlghaireadh ná nár neamhníodh an cinneadh sin; ná ní fhéadfaí é a leasú ach oiread ar an dáta a sainaithníodh na hearráidí ríomha dá dtagraítear i mír 14 den bhreithiúnas seo.

23

Ina dhiaidh sin, sonraíonn an chúirt a rinne an tarchur, de réir argóintí Porcellino Grasso, go mbaineann breithiúnas Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh an 18 Eanáir 2023, an Rómáin v an Coimisiún (T‑33/21, EU:T:2023:5), go bunúsach, le ceisteanna fíorais agus dlí atá comhionann leo siúd atá i gceist sa chás as ar eascair breithiúnas an 17 Samhain 2022, Avicarvil Farms (C‑443/21, EU:C:2022:899). Mar sin féin, is cosúil go bhfuil an breithiúnas sin ón gCúirt Ghinearálta ag teacht salach ar an mbreithiúnas in Avicarvil Farms, ós rud é gur tháinig an Chúirt Ghinearálta agus an Chúirt Bhreithiúnais ar chonclúidí éagsúla maidir le, go háirithe, prionsabal an ionchais dhlisteanaigh. Dá bhrí sin, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur an féidir léi breithiúnas sin na Cúirte Ginearálta a chur san áireamh chun an díospóid atá os a comhair a réiteach.

24

Ar deireadh, iarrann an chúirt a rinne an tarchur an gceanglaítear ar Stát na Rómáine, leis an bprionsabal maidir le dliteanas na mBallstát i gcás sárú ar dhlí an Aontais, na méideanna atá dlite i leith cabhair chun iompar a fheabhsú agus cabhair chun núiseanna a laghdú, sa mhéid dá bhforáiltear ar dtús i gCinneadh Cur Chun Feidhme C(2012) 3529, a íoc le tairbhí amhail Porcellino Grasso le linn ré na ngealltanas arna dtabhairt ag an tairbhí sin.

25

Sna himthosca sin, chinn Curtea de Apel Pitești (an Chúirt Achomhairc Pitești, an Rómáin) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:

‘(1)

An gcuirtear cosc le forálacha Airteagail 288, 291 agus 297 CFAE[,] agus prionsabal dhlí [an Aontais] ar dá réir a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla ag cinneadh ón gCoimisiún [...] go dtí go gcuirtear ar neamhní é, mar a chumhdaítear i mbreithiúnais an 8 Iúil 1999Chemie Linz v an Coimisiún (C‑245/92 P, EU:C:1999:363), 5 Deireadh Fómhair 2004, an Coimisiún v an Ghréig (C‑475/01, EU:C:2004:585), an 6 Deireadh Fómhair 2015, Schrems (C‑362/14,EU:C:2015:650), an 14 Meitheamh 2012, CIVAD (C‑533/10, EU:C:2012:347), an 22 Deireadh Fómhair 1987, Foto-Frost (314/85, EU:C:1987:452), an 3 Iúil 2019, Eurobolt (C‑644/17, EU:C:2019:555) agus an 12 Feabhra 2008, CELF agus Ministre de la Culture et de la Communication (C‑199/06, EU:C:2008:79), chomh maith le hAirteagal 9(3) de Rialachán [Uimh. 1974/2006] agus Airteagail 18 agus 19 de Rialachán Uimh. 1698/2005, ar chleachtas údaráis náisiúnta na Rómáine bearta inmheánacha a ghlacadh atá contrártha do Chinneadh Cur Chun Feidhme [C(2012) 3529] lena leasaítear an Chláir Forbartha Tuaithe Náisiúnta 2007 go 2013 agus an cinneadh sin a fhágáil gan feidhm dá réir [...], ar choinníoll nár leasaíodh nó nár cuireadh ar neamhní é?

(2)

Ag féachaint don oibleagáid ghinearálta atá ar na Ballstáit dlí an Aontais a chomhlíonadh, i gcás ina bhfuil cúirt náisiúnta breithiúnas léirmhínitheach arna thabhairt ag an [gCúirt Bhreithiúnais] a chomhlíonadh faoi Airteagal 267 CFAE (is é sin le rá, breithiúnas an 17 Samhain 2022, Avicarvil FarmsC‑443/21, EU:C:2022:899), ach nach bhfuil measúnuithe ann ar bhailíocht agus ar éifeachtaí Chinntí Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún (Cinneadh Uimh. C(2012) 3529 ón gCoimisiún an 13 Meitheamh 2018 agus Cinneadh Uimh. 2018/152 ón gCoimisiún an 13 Meitheamh 2018), lena n-eisiatar ó mhaoiniú an Aontais Eorpaigh caiteachas áirithe arna thabhú ag na Ballstáit faoin gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus faoin gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) (IO 2018 L 152, lch. 29)], ach amháin [measúnuithe] maidir le maoiniú a aisghabháil in éagmais cinneadh ón gCoimisiún Eorpach chuige sin, an bhfuil an chúirt náisiúnta sin i dteideal a chur san áireamh, agus í ag rialú ar an díospóid atá ar feitheamh os a comhair, éifeachtaí agus réasúnaíocht (na breithnithe a rinneadh) i mbreithiúnais Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh, a tugadh i gcaingean le haghaidh neamhniú, arna rialú ag Airteagal 263 CFAE, agus cinneadh cur chun feidhme ón gCoimisiún a chur ar neamhní i gcás den chineál céanna [eadhon breithiúnas an 18 Eanáir 2023, an Rómáin v an Coimisiúin (T‑33/21, EU:T:2023:5)]?

(3)

An gceanglaítear leis an bprionsabal maidir le dliteanas an Stáit a ghlacadh, i gcás amhail an cás seo, go n‑íocfaidh Stát na Rómáine na rátaí tacaíochta le tairbhithe Bheart 215, sa mhéid a leagtar síos i gCinneadh Cur Chun Feidhme [C (2012) 3529], ar feadh thréimhse iomlán a ngealltanas?’

Breithniú ar na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú

An chéad cheist agus an dara ceist

26

Lena céad cheist agus lena dara ceist, arb iomchuí déileáil leo le chéile, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, i bhfianaise na mbreithnithe a leag an Chúirt Ghinearálta amach ina breithiúnas an 18 Eanáir 2023, an Rómáin v an Coimisiún (T‑33/21, EU:T:2023:5), roinnt rialacha agus prionsabal de dhlí an Aontais, nár chuir an Chúirt Bhreithiúnais san áireamh ina breithiúnas an 17 Samhain 2022, an bhfuil sé d’éifeacht ag Avicarvil Farms (C‑443/21, EU:C:2022:899), an chuid oibríochtúil den bhreithiúnas deiridh sin a thabhairt faoi cheist a mhéid a chaithfí na rialacha agus na prionsabail sin a léiriú sa chaoi go gcuirfí bac ar na húdaráis náisiúnta a bhfuil baint acu le cur chun feidhme birt tacaíochta airgeadais neamh-inaisíoctha gníomhartha a ghlacadh, mar gheall ar earráid ríofa a d’aimsigh an Chúirt Iniúchóirí, lena n‑ordaítear laghdú ar mhéid na cabhrach airgeadais a deonaíodh faoin gClár Forbartha Tuaithe Náisiúnta 2007 go 2013, arna fhormheas agus arna leasú le cinntí ón gCoimisiún, nuair nach bhféadfaí an clár sin a athbhreithniú ná a leasú a thuilleadh ar an dáta a sainaithníodh na hearráidí sin.

Inghlacthacht

27

Sa chéad áit, áitíonn an Aireacht Talmhaíochta agus Forbartha Tuaithe go bhfuil an chéad cheist agus an dara ceist do-ghlactha, ar an bhforas gur soiléiríodh an chéad cheist cheana féin le breithiúnas an 17 Samhain 2022, Avicarvil Farms (C‑443/21, EU:C:2022:899), agus nach dtagann an dara ceist faoi ábhar na tarchuir le haghaidh réamhrialú dá bhforáiltear in Airteagal 267 CFAE.

28

I ndáil leis sin, ní mór a thabhairt faoi deara go bhfuil dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais raon feidhme breithiúnais léirmhínitheach a thug sí mar réamhrialú a shainiú i bhfianaise fhorálacha dhlí an Aontais nó an chásdlí nár tugadh aghaidh orthu sa bhreithiúnas sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 5 Nollaig 2017, M.A.S. agus M.B., C‑42/17, EU:C:2017:936, mír 28).

29

Leis an gcéad cheist agus an dara ceist, iarrann an chúirt a rinne an tarchur léiriú ar bhreithiúnas an 17 Samhain 2022, Avicarvil Farms (C‑443/21, EU:C:2022:899), i bhfianaise fhorálacha dhlí an Aontais agus breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta nár scrúdaíodh sa bhreithiúnas in Avicarvil Farms. Sna himthosca sin, tá na ceisteanna sin inghlactha.

30

É sin ráite, ba cheart a mheabhrú, ar an dara dul síos, go bhfuil sé fíor-riachtanach, mar a luaitear in Airteagal 94(c) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais, go bhfuil ráiteas san iarraidh ar réamhrialú ar na cúiseanna a spreag an chúirt nó an binse a rinne an tarchur chun fiosrú a dhéanamh faoi léiriú nó bailíocht forálacha áirithe de dhlí an Aontais, agus faoin ngaol idir na forálacha sin agus an reachtaíocht náisiúnta is infheidhme maidir leis na príomhimeachtaí.

31

Cé go dtagraíonn an chúirt a rinne an tarchur, ina céad cheist, d’Airteagail 288, 291 agus 297 CFAE agus do phrionsabal dhlí an Aontais faoina mbeidh éifeachtaí dlíthiúla ag cinneadh ón gCoimisiún go dtí go gcuirfear ar neamhní é, ní mór a lua nach míníonn an chúirt sin ar bhealach ar bith, ina hiarraidh ar réamhrialú, na cúiseanna a thug uirthi soiléiriú a lorg ar na hairteagail sin agus ar an bprionsabal sin. Go háirithe, ní mhíníonn sí cén fáth, dar léi, go bhfuil na hairteagail sin agus an prionsabal sin in ann, go háirithe, i bhfianaise a n‑ábhair, a gcomhthéacs nó a gcuspóra, an léiriú a leagtar amach sa chuid oibríochtúil de bhreithiúnas an 17 Samhain 2022, Avicarvil Farms (C‑443/21, EU:C:2022:899) a chur ó bhail. Sna himthosca sin, tá an chéad cheist do-ghlactha a mhéid a bhaineann sí leis na hAirteagail sin agus leis an bprionsabal sin.

32

Os a choinne sin, tá an chéad cheist inghlactha a mhéid a bhaineann sí le hAirteagal 9(3) de Rialachán Uimh. 1974/2006 agus le hAirteagail 18 19 de Rialachán Uimh. 1698/2005. Sonraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, maidir leis na breithnithe a leag an Chúirt Ghinearálta amach ina breithiúnas an 18 Eanáir 2023, an Rómáin v an Coimisiún (T‑33/21, EU:T:2023:5), nach bhféadfaí, faoi na forálacha sin, an Clár Forbartha Tuaithe Náisiúnta 2007 go 2013, arna fhormheas le Cinneadh C(2008) 3831 agus arna leasú le Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2012) 3529, a athbhreithniú ná a leasú a thuilleadh ar an dáta a d’aimsigh an Chúirt Iniúchóirí na hearráidí ríomha atá i gceist sna príomhimeachtaí. Dá bhrí sin, iarrann sí, go bunúsach, an raibh údaráis na Rómáine i dteideal, in imthosca den sórt sin, an laghdú dá dtagraítear i mír 15 den bhreithiúnas seo a dhéanamh. Leis sin, leagann an chúirt a rinne an tarchur amach, ar bhealach leordhóthanach, na cúiseanna lena héiginnteacht maidir le léiriú na bhforálacha sin.

33

Leanann sé ó na breithnithe roimhe seo go bhfuil an chéad cheist inghlactha a mhéid a bhaineann sí le hAirteagal 9(3) de Rialachán Uimh. 1974/2006 agus le hAirteagail 18 agus 19 de Rialachán Uimh. 1698/2005, agus go bhfuil an dara ceist inghlactha ina hiomláine.

Substaint

34

Mar réamhphointe, ní mór a thabhairt faoi deara, i gcomhthéacs an nós imeachta a bhunaítear le hAirteagal 267 CFAE lena bhforáiltear do chomhar idir na cúirteanna náisiúnta agus an Chúirt Bhreithiúnais, gur faoin gCúirt Bhreithiúnais atá sé freagra a thabhairt don chúirt náisiúnta a bheidh úsáideach di agus lena gcuirfear ar a cumas an cás atá os a comhair a chinneadh. Agus an méid sin á chur san áireamh, d’fhéadfadh sé go mbeadh ar an gCúirt Bhreithiúnais an cheist a tharchuirtear chuici a athfhoirmliú. Chuige sin, féadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais an fhaisnéis go léir a sholáthair an chúirt náisiúnta a bhaint, go háirithe ó fhorais an chinnidh an tarchur a dhéanamh, ón reachtaíocht agus ó phrionsabail dhlí an Aontais lena gceanglaítear léiriú i bhfianaise ábhar na díospóide sna príomhimeachtaí (breithiúnas an 21 Márta 2024, Dyrektor Izby Administracji Skarbowej w Bydgoszczy (Deis chun ceartúchán a dhéanamh i gcás ráta mícheart), C‑606/22, EU:C:2024:255, míreanna 19 agus 20 agus an cásdlí dá dtagraítear).

35

Sa chás seo, tá an chéad cheist bunaithe, go bunúsach, ar an mbonn nach bhféadfaí an Clár Forbartha Tuaithe Náisiúnta 2007 go 2013, arna fhormheas le Cinneadh C(2008) 3831 agus arna leasú le Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2012) 3529, a athbhreithniú ná a leasú a thuilleadh ar an dáta a d’aimsigh an Chúirt Iniúchóirí na hearráidí ríofa atá i gceist sna príomhimeachtaí. Sa chomhthéacs sin, ní bhaineann Airteagal 18 de Rialachán Uimh. 1698/2005 le hábhar chun an cheist sin a fhreagairt, a mhéid, murab ionann agus Airteagal 19 den Rialachán sin agus Airteagal 9 de Rialachán Uimh. 1974/2006, nach mbaineann sé, de réir a cheannteidil, le cláir forbartha tuaithe CETFT a athbhreithniú nó a leasú, ach lena ‘n‑ullmhú agus lena bhformheas’.

36

Dá bhrí sin, ní mór a mheas, trína céad cheist agus a dara ceist, go bhfiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, i bhfianaise na mbreithnithe a leag an Chúirt Ghinearálta amach ina breithiúnas an 18 Eanáir 2023, an Rómáin v an Coimisiún (T‑33/21, EU:T:2023:5), Airteagal 19 de Rialachán Uimh. 1698/2005 agus Airteagal 9(3) de Rialachán Uimh. 1974/2006, an bhfuil sé d’éifeacht acu amhras a chaitheamh ar an gcuid oibríochtúil de bhreithiúnas an 17 Samhain 2022, Avicarvil Farms (C‑443/21, EU:C:2022:899), a mhéid a chaithfí na hairteagail sin a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leo ar údaráis náisiúnta a bhfuil baint acu le beart tacaíochta airgeadais neamh-inaisíoctha a chur chun feidhme ó ghníomhartha a ghlacadh, mar gheall ar earráidí ríofa a d’aimsigh an Chúirt Iniúchóirí, lena n‑ordaítear laghdú ar mhéid na cabhrach airgeadais a deonaíodh faoin gClár Forbartha Tuaithe Náisiúnta 2007 go 2013, arna fhormheas agus arna leasú le cinntí ón gCoimisiún, nuair nach bhféadfaí an clár sin a athbhreithniú ná a leasú a thuilleadh ar an dáta a sainaithníodh na hearráidí sin.

37

Mar a luaigh an chúirt a rinne an tarchur, i míreanna 91 go 95 agus i mír 100 de bhreithiúnas an 18 Eanáir 2023, an Rómáin v an Coimisiún (T‑33/21, EU:T:2023:5), thug an Chúirt Ghinearálta dá haire, ar an dáta a sainaithníodh earráidí ríomha maidir le cabhair a bhaineann le Beart 215, seachas na tacair chabhrach atá i gceist sna príomhimeachtaí, nach bhféadfaí an Clár Forbartha Tuaithe Náisiúnta 2007 go 2013, arna fhormheas le Cinneadh C(2008) 3831 agus arna leasú le Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2012) 3529, a athbhreithniú ná a leasú a thuilleadh faoi Airteagal 19 de Rialachán Uimh. 1698/2005 agus Airteagal 9(3) de Rialachán Uimh. 1974/2006. Is féidir na torthaí sin, ratione temporis, a thrasuí mutatis mutandis chuig an gcás sna príomhimeachtaí.

38

Mar sin féin, cé nach bhféadfaí, faoi na forálacha sin, an clár sin a athbhreithniú nó a leasú a thuilleadh ar an dáta a sainaithníodh na hearráidí ríomha sin, ní féidir leis sin amhras a chaitheamh ar an gcuid oibríochtúil de bhreithiúnas an 17 Samhain 2022, Avicarvil Farms (C‑443/21, EU:C:2022:899), a tugadh i gcomhthéacs atá éagsúil leis an gcomhthéacs atá i gceist sa chás as ar eascair breithiúnas an 18 Eanáir 2023, an Rómáin v an Coimisiún (T‑33/21, EU:T:2023:5).

39

I míreanna 74, 86, 91, 92, 100, 102 agus 113 den bhreithiúnas sin, chinn an Chúirt Ghinearálta, go bunúsach, cé, mar thoradh ar earráid ríomha, nach mbeadh méid na cabhrach faoi Bheart 215 ag luí le hAirteagal 40(3) de Rialachán Uimh. 1698/2005, chuir an Coimisiún faoi deara d’údaráis na Rómáine ionchais dhlisteanacha a ghlacadh go raibh íocaíocht an mhéid sin cumhdaithe ag cistiú ón Aontas. Chinn an Chúirt Ghinearálta go raibh an fhaisnéis go léir ar fáil don Choimisiún, agus an chabhair sin agus an modh ríofa a bhaineann léi á bhformheas aige, tar éis caibidlíocht shonrach le húdaráis na Rómáine, chun a chur ar a chumas an earráid sin a bhrath agus chun a mheas ar chomhlíon an chabhair sin an fhoráil sin. Tháinig an Chúirt Ghinearálta ar an gconclúid nach bhféadfaí an méid sin a cheartú ach amháin trí leasú ar an gClár Forbartha Tuaithe Náisiúnta 2007 go 2013 agus trí chinneadh lena bhformheastar an leasú sin, agus ní, mar a rinne an Coimisiún, trí chinneadh cur chun feidhme lena ndéantar an chuid mhícheart den chabhair lena mbaineann a eisiamh ó chistiú. Dá bhrí sin, ar na forais sin, chuir an Chúirt Ghinearálta an cinneadh cur chun feidhme sin ar neamhní go páirteach.

40

Is fíor gur bhain an cás as ar eascair breithiúnas an 17 Samhain 2022, Avicarvil Farms (C‑443/21, EU:C:2022:899) freisin, maidir le cabhair eile faoi Bheart 215, le méideanna nár chomhlíon, mar gheall ar earráidí ríomha, Airteagal 40(3) de Rialachán Uimh. 1698/2005 agus a ceartaíodh le cinneadh cur chun feidhme ón gCoimisiún, eadhon Cinneadh Cur Chun Feidhme 2018/873.

41

Mar sin féin, is léir ón gcomhad sa chás sin, maidir le ríomh na méideanna sin, nár aithníodh aon ionchas dlisteanach, i leith na méideanna sin, sa chaidreamh idir an Rómáin agus an Coimisiún. Cé gur fíor gur iarr an Rómáin, trína caingean sa chás as ar eascair ordú an 30 Aibreán 2019, an Rómáin v an Coimisiún (T‑530/18, EU:T:2019:269), go ndéanfaí an cinneadh cur chun feidhme sin a neamhniú agus gur áitigh sí gur cheart na modhanna ríofa a d’fhormheas an Coimisiún i ndáil leis na méideanna sin a chosaint faoin bprionsabal an ionchais dhlisteanaigh, dhiúltaigh an Chúirt Ghinearálta, leis an ordú sin, ar seasadh leis ar achomharc le breithiúnas an 10 Meán Fómhair 2020, an Rómáin v an Coimisiún (C‑498/19 P, EU:C:2020:686), an chaingean sin toisc í a bheith do-ghlactha, ar an bhforas gur tugadh as am í.

42

I míreanna 33 go 36 dá breithiúnas an 17 Samhain 2022, Avicarvil Farms (C- 443/21, EU:C:2022:899), chinn an Chúirt Bhreithiúnais, dá bhrí sin, nár mhór don Choimisiún na méideanna lena mbaineann, nár chomhlíon Airteagal 40(3) de Rialachán Uimh. 1698/2005 agus nár aithníodh a bheith cosanta ag ionchais dhlisteanacha sa chaidreamh idir an Rómáin agus an Coimisiún, a cheartú, ar bhonn Airteagal 52(1) de Rialachán Uimh. 1306/2013, trí chinneadh cur chun feidhme a ghlacadh lena n‑eisiatar ó chistiú an Aontais an chuid mhícheart den chabhair atá i gceist, agus ag na húdaráis náisiúnta, ar bhonn Airteagal 58(1) de Rialachán Uimh. 1306/2013; níor ceanglaíodh ar na húdaráis sin fanacht go nglacfadh an Coimisiún cinneadh cur chun feidhme den sórt sin.

43

I mír 44 den bhreithiúnas sin, shonraigh an Chúirt, sa chaidreamh idir údaráis na Rómáine agus na feirmeoirí a fuair an chabhair lena mbaineann, nach raibh aon tionchar ag prionsabal an ionchais dhlisteanaigh ar an measúnú sin. Mheas sí, ós rud é gur cinneadh na méideanna sin ar bhealach nach raibh i gcomhréir le hAirteagal 40(3) de Rialachán Uimh. 1698/2005, nach raibh aon chumhacht ag údaráis na Rómáine ionchais dhlisteanacha a chruthú do na feirmeoirí sin go mbainfidís tairbhe as cóireáil ar bhealach a bheadh contrártha le dlí an Aontais.

44

Sna príomhimeachtaí, leanann sé ó na mínithe a thug an chúirt a rinne an tarchur gur eascair na hearráidí ríomha atá i gceist, maidir le cabhair a chumhdaítear freisin le Beart 215, cé go bhfuil siad éagsúil leis an gcabhair a scrúdaigh an Chúirt Bhreithiúnais agus an Chúirt Ghinearálta ina mbreithiúnais faoi seach an 17 Samhain 2022, Avicarvil Farms (C‑443/21, EU:C:2022:899), agus an 18 Eanáir 2023, an Rómáin v an Coimisiún (T‑33/21, EU:T:2023:5), maidir le méideanna a chinneadh nár chomhlíon Airteagal 40(3) de Rialachán Uimh. 1698/2005. Thairis sin, ní luann an chúirt a rinne an tarchur gur aithin an Coimisiún nó institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais go raibh na méideanna sin faoi chosaint ag ionchais dhlisteanacha sa chaidreamh idir an Rómáin agus an Coimisiún. Dá bhrí sin, freagraíonn an cás atá i gceist sna príomhimeachtaí, go bunúsach, don chás atá i gceist sa chás as ar eascair breithiúnas an 17 Samhain 2022, Avicarvil Farms (C‑443/21, EU:C:2022:899).

45

Ar an gcéad dul síos, áfach, luann an chúirt a rinne an tarchur, ag tagairt d’argóintí Porcellino Grasso, gur féidir an réasúnaíocht a lean an Chúirt Ghinearálta ina breithiúnas an 18 Eanáir 2023, an Rómáin v an Coimisiún (T‑33/21, EU:T:2023:5) a thrasuí sa chás sna príomhimeachtaí sa mhéid is go gcaithfeadh feidhm a bheith ag prionsabal an ionchais dhlisteanaigh, sa chaidreamh idir an Rómáin agus an Coimisiún, maidir leis na méideanna sin toisc, nuair a d’fhormheas an Coimisiún an leasú ar an gClár Forbartha Tuaithe Náisiúnta 2007 go 2013, go raibh an fhaisnéis ar fáil di lena gcuirtear ar a cumas a mheas ar chomhlíon an chabhair atá i gceist sna príomhimeachtaí agus na modhanna ríofa gaolmhara Airteagal 40(3) de Rialachán Uimh. 1698/2005. Ós rud é, de réir na cúirte a rinne an tarchur, go bhfuil cosaint ag na suimeanna sin faoin bprionsabal sin, ní féidir iad a cheartú, i gcomhréir le cinntí na Cúirte Ginearálta a leagtar amach i mír 39 den bhreithiúnas seo, ach amháin trí leasú ar an gClár Forbartha Tuaithe Náisiúnta 2007 go 2013 agus trí chinneadh lena bhformheastar an leasú sin.

46

I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, cé go mbaineann breithiúnas an 18 Eanáir 2023, an Rómáin v an Coimisiún (T‑33/21, EU:T:2023:5), mar is amhlaidh sa chás seo, le cabhair a chumhdaítear le Beart 215, gur chabhair í atá éagsúil leis an gcabhair atá i gceist sna príomhimeachtaí. Sna himthosca sin, ní raibh an Chúirt Ghinearálta in ann a scrúdú, sa bhreithiúnas sin, an raibh faisnéis ar fáil don Choimisiún, agus leasú ar an gClár Forbartha Tuaithe Náisiúnta 2007 go 2013 á fhormheas aige, lenar cuireadh ar a chumas a mheas ar chomhlíon an chabhair sin agus na modhanna ríomha gaolmhara Airteagal 40(3) de Rialachán Uimh. 1698/2005, agus mar thoradh air sin nach féidir réasúnaíocht na Cúirte Ginearálta a thrasuí mutatis mutandis sa chás sna príomhimeachtaí. Ina theannta sin, ní mór a thabhairt faoi deara nach maíonn Rialtas na Rómáine, ina bharúlacha i scríbhinn, go mbraitheann sé, ina chaidreamh leis an gCoimisiún, ar an bprionsabal an ionchais dhlisteanaigh i ndáil leis an gcabhair atá i gceist sna príomhimeachtaí.

47

Ar an dara dul síos, cuireann an chúirt a rinne an tarchur in iúl, de réir argóintí Porcellino Grasso, go bhfuil na breithnithe a leag an Chúirt Ghinearálta amach i mír 113 de bhreithiúnas an 18 Eanáir 2023, an Rómáin v an Coimisiún (T‑33/21, EU:T:2023:5), ag teacht salach ar mhíreanna 42 agus 44 de bhreithiúnas an 17 Samhain 2022, Avicarvil Farms (C‑443/21, EU:C:2022:899). Dá bhrí sin, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur ar cheart di na breithnithe sin a chur san áireamh.

48

Mar is léir ó mhír 113 de bhreithiúnas an 18 Eanáir 2023, an Rómáin v an Coimisiún (T‑33/21, EU:T:2023:5), leanann réasúnaíocht na Cúirte Ginearálta as an méid a leagtar amach i míreanna 75 go 86 den bhreithiúnas sin, ar dá réir a rinneadh na modhanna ríofa lena mbaineann agus na méideanna arna gcinneadh ar bhonn na modhanna sin a chosaint, sa chaidreamh idir an Rómáin agus an Coimisiún, faoi phrionsabal an ionchais dhlisteanaigh toisc go raibh na modhanna agus na méideanna sin ina n‑ábhar do ‘chaibidlíocht shonrach le húdaráis na Rómáine’ agus go raibh an fhaisnéis go léir ar fáil don Choimisiún, i gcomhthéacs na caibidlíochta sin, lena gcuirtear ar a chumas a mheas an raibh na modhanna agus na méideanna sin i gcomhréir le hAirteagal 40(3) de Rialachán Uimh. 1698/2005.

49

Leanann sé ó mhír 42 den bhreithiúnas seo gur bhain an cás as ar eascair breithiúnas an 17 Samhain 2022, Avicarvil Farms (C‑443/21, EU:C:2022:899), le méideanna cabhrach nach raibh á gcosaint ag ionchais dhlisteanacha sa chaidreamh idir an Rómáin agus an Coimisiún. Ós rud é gur tugadh an breithiúnas sin i gcomhthéacs iomlán difriúil ón gcomhthéacs atá i gceist sa chás as ar eascair breithiúnas an 18 Eanáir 2023, an Rómáin v an Coimisiún (T‑33/21, EU:T:2023:5), ní féidir leis na breithnithe a leagtar amach i mír 113 den bhreithiúnas sin a bheith ábhartha chun breithiúnas an 17 Samhain 2022, Avicarvil Farms (C‑443/21, EU:C:2022:899) a léiriú.

50

Dá bhrí sin, ní féidir suimeanna na cabhrach atá i gceist sna príomhimeachtaí a mheas, a bunaíodh tar éis earráidí ríofa, ar bhonn bhreithiúnas an 18 Eanáir 2023, an Rómáin v an Coimisiún (T‑33/21, EU:T:2023:5), agus in éagmais aon tásc dá mhalairt sa chomhad os comhair na Cúirte, mar rud atá faoi chosaint ag ionchais dhlisteanacha sa chaidreamh idir an Rómáin agus an Coimisiún, agus d'fhág sin, i bhfianaise na mbreithnithe atá leagtha amach i mír 44 den bhreithiúnas seo, gurb ionann, go bunúsach, an cás atá i gceist sna príomhimeachtaí agus an staid atá i gceist sa chás as ar eascair breithiúnas an 17 Samhain 2022, Avicarvil Farms (C‑443/21, EU:C:2022:899).

51

Dá bhrí sin, i gcás inar suíodh méideanna, tar éis earráid ríomha, ar bhealach nach gcomhlíonann dlí an Aontais agus nach gcosnaítear le hionchais dhlisteanacha sa chaidreamh idir an Coimisiún agus an Ballstát lena mbaineann, ceanglaítear ar an institiúid sin agus ar an mBallstát sin araon, mar a leanas ó mhíreanna 33 agus 34 de bhreithiúnas an 17 Samhain 2022, Avicarvil Farms (C‑443/21, EU:C:2022:899), faoi Airteagal 310(5) CFAE agus Airteagal 52(1) agus Airteagal 58(1) de Rialachán Uimh. 1306/2013, na méideanna a ndéanann an earráid ríomha sin difear dóibh a eisiamh ó chistiú an Aontais.

52

Ní chiallaíonn eisiamh den sórt sin ar bhealach ar bith gur gá athbhreithniú nó leasú a dhéanamh ar an gclár forbartha tuaithe ábhartha.

53

Ní bheidh aon athbhreithniú ná leasú ar an gclár forbartha tuaithe ábhartha i gceist le ceartú earráide ríomha nach bhfuil i gcomhréir le dlí an Aontais, ná le ceartú na rátaí agus na n‑íocaíochtaí a eascraíonn as an earráid sin, ach, mar a leanas ó na forálacha dá dtagraítear i mír 51 den bhreithiúnas seo, is ionann é agus filleadh ar an staid ba cheart a bheith ann ón tús mura ndearnadh an earráid sin, ar bhealach nach ndéanfar aon damáiste do bhuiséad an Aontais.

54

Dá bhrí sin, ós rud é nach bhféadfaí, faoi Airteagal 19 de Rialachán Uimh. 1698/2005 agus Airteagal 9(3) de Rialachán Uimh. 1974/2006, an Clár Forbartha Tuaithe Náisiúnta 2007 go 2013 a athbhreithniú ná a leasú a thuilleadh ar an dáta a d’aimsigh an Chúirt Iniúchóirí na hearráidí ríomha atá i gceist sna príomhimeachtaí, ní chuirtear bac ar an gCoimisiún ná ar na húdaráis náisiúnta na bearta is gá a ghlacadh chun na méideanna agus na híocaíochtaí a ndéanann na hearráidí sin difear dóibh a cheartú, i gcomhthéacs imréiteach comhréireacht.

55

I bhfianaise na bhforas roimhe seo, is é an freagra ar an gcéad cheist agus ar an dara ceist ná nach mór Airteagal 19 de Rialachán Uimh. 1698/2005 agus Airteagal 9(3) de Rialachán Uimh. 1974/2006 a léiriú sa chaoi nach gcuirtear cosc leo ar na húdaráis náisiúnta a bhfuil baint acu le beart tacaíochta airgeadais neamh-inaisíoctha a chur chun feidhme gníomhartha a ghlacadh, mar gheall ar earráidí ríofa a d’aimsigh an Chúirt Iniúchóirí, lena n‑ordaítear laghdú ar mhéid na cabhrach airgeadais a deonaíodh faoin gClár Forbartha Tuaithe Náisiúnta 2007 go 2013, arna fhormheas agus arna leasú le cinntí ón gCoimisiún, nuair nach bhféadfaí an clár sin a athbhreithniú nó a leasú a thuilleadh ar an dáta a aimsíodh na hearráidí sin. Ní bhaineann na breithnithe a leag an Chúirt Ghinearálta amach i mbreithiúnas an 18 Eanáir 2023, an Rómáin v an Coimisiún (T‑33/21, EU:T:2023:5), le hábhar ina leith sin.

An tríú ceist

56

Lena tríú ceist, iarrann an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gceanglaítear le prionsabal dhliteanas na mBallstát i leith sárú ar dhlí an Aontais ar Stát na Rómáine na suimeanna atá dlite i leith an dá thacar cabhrach sna méideanna dá bhforáiltear i gCinneadh Cur Chun Feidhme C(2012) 3529 a íoc leis na tairbhithe cabhrach chun feabhas a chur ar iompar agus ar chabhair chun núiseanna a laghdú, ar feadh ré iomlán na ngealltanas arna ndéanamh ag na tairbhithe sin.

57

Ba cheart a thabhairt faoi deara go bhforchuirtear le dlí an Aontais an prionsabal go bhfuil sé d’oibleagáid ar na Ballstáit damáiste a dhéantar do dhaoine aonair de dheasca sáruithe ar dhlí an Aontais a chúiteamh, sáruithe ar féidir na Ballstáit sin a chur freagrach astu (breithiúnas an 5 Márta 1996, Brasserie du pêcheur agus Factortame, C‑46/93 agus C‑48/93, EU:C:1996:79, mír 17 agus an cásdlí dá dtagraítear).

58

Sa chás seo, is léir ó chinntí na cúirte a rinne an tarchur, mar gheall ar na hearráidí ríofa atá i gceist sna príomhimeachtaí, nár chomhlíon na rátaí tacaíochta dá bhforáiltear i gCinneadh Cur Chun Feidhme C(2012) 3529 maidir le cabhair chun iompar a fheabhsú agus cabhair chun núiseanna a laghdú Airteagal 40(3) de Rialachán Uimh. 1698/2005. Is léir freisin ó na cinntí sin go ndearna údaráis na Rómáine na bearta is gá chun na rátaí sin a cheartú ionas gur chomhlíon siad an fhoráil sin agus, tríd an méid sin a dhéanamh, gur chuir na húdaráis sin deireadh leis an sárú ar dhlí an Aontais atá inchurtha ina leith.

59

Sna himthosca sin, ní féidir le tairbhí cabhrach amhail Porcellino Grasso brath ar an bprionsabal maidir le dliteanas na mBallstát i leith sárú ar dhlí an Aontais chun an difríocht a éileamh idir suim na n‑íocaíochtaí ba cheart dó a fháil ar dtús agus suim cheartaithe na n‑íocaíochtaí sin, cé go gcomhlíonann an tsuim dheireanach sin dlí an Aontais agus nach bhfuil aon cheart ag an tairbhí sin an difríocht sin a fháil.

60

Ar thaobh amháin, dá n‑íocfaí an chuid sin de mhéideanna a ndéanann earráidí ríomha difear dóibh le tairbhí cabhrach amhail Porcellino Grasso, bheadh saibhriú éagórach an tairbhí sin, rud a thoirmisctear le dlí an Aontais, sa mhéid go mbeadh sé d’éifeacht ag an íocaíocht sin an tairbhí sin a shaibhriú gan bunús dlí bailí agus go mbeadh mar thoradh air go ndéanfaí an tAontas Eorpach atá nasctha leis an saibhriú sin a bhochtú (féach, chuige sin, breithiúnais an 10 Aibreán 2008, Marks & Spencer, C‑309/06, EU:C:2008:211, mír 41 agus an cásdlí dá dtagraítear, agus an 28 Iúil 2011, Agrana Zucker, C‑309/10, EU:C:2011:531, mír 53 agus an cásdlí dá dtagraítear).

61

Ar an taobh eile, ag glacadh leis, ina chaingean le haghaidh damáistí, go bhfuil sé beartaithe ag Porcellino Grasso brath, os comhair na cúirte a rinne an tarchur, ar phrionsabal na cosanta d’ionchais dhlisteanacha ina caidreamh le húdaráis na Rómáine, ba cheart a thabhairt faoi deara, mar a luaitear i mír 43 den bhreithiúnas seo, nach féidir leis an bprionsabal sin a bheith ina chúis le hionchais dhlisteanacha, ar thaobh trádálaí, maidir le cóir thairbhiúil atá contrártha le dlí an Aontais (breithiúnas an 17 Samhain 2022, Avicarvil Farms, C‑443/21, EU:C:2022:899, mír 41).

62

I bhfianaise na bhforas roimhe seo, is é an freagra ar an tríú ceist ná nach bhfuil feidhm ag an bprionsabal maidir le dliteanas na mBallstát i leith sárú ar dhlí an Aontais i gcás inar cinneadh na rátaí tacaíochta a bhaineann le cúnamh airgeadais arna dheonú faoi Chlár Forbartha Tuaithe CETFT ar bhealach nach gcomhlíonann dlí an Aontais agus i gcás ina bhfuil íocaíochtaí faighte ag tairbhithe na cabhrach sin, i ndáil leis an gcabhair sin, a ríomhtar ar bhonn rátaí ceartaithe a chomhlíonann an dlí sin.

Costais

63

Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte a rinne an tarchur, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a cuireadh faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

 

Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Séú Dlísheomra) mar seo a leanas:

 

1.

Maidir le hAirteagal 19 de Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle an 20 Meán Fómhair 2005 maidir le tacaíocht d‘fhorbairt na tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT), arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 74/2009 ón gComhairle an 19 Eanáir 2009, agus Airteagal 9(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1974/2006 ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2006 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle maidir le tacaíocht d’fhorbairt na tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT), arna leasú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 335/2013 ón gCoimisiún an 12 Aibreán 2013,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

ní chuirtear cosc leis ar na húdaráis náisiúnta a bhfuil baint acu le cur chun feidhme birt tacaíochta airgeadais neamh-inaisíoctha gníomhartha a ghlacadh, mar gheall ar earráidí ríofa arna n‑aimsiú ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, lena n‑ordaítear laghdú a dhéanamh ar mhéid na cabhrach airgeadais arna deonú faoin gClár Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) don Rómáin don chlárthréimhse 2007 go 2013, arna bhformheas agus arna leasú le cinntí ón gCoimisiún Eorpach, nuair nach bhféadfaí an clár sin a athbhreithniú ná a leasú a thuilleadh ar an dáta ar thángthas ar na hearráidí sin. Ní bhaineann na breithnithe a leag Cúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh amach i mbreithiúnas an 18 Eanáir 2023, an Rómáin v an Coimisiún (T‑33/21, EU:T:2023:5) le hábhar ina leith sin.

 

2.

Níl feidhm ag prionsabal dhliteanas na mBallstát i leith sárú ar dhlí an Aontais i gcás inar cinneadh na rátaí tacaíochta a bhaineann le cúnamh airgeadais arna dheonú faoi Chlár Forbartha Tuaithe an Chiste Eorpaigh Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) ar bhealach nach gcomhlíonann dlí an Aontais agus i gcás ina bhfuil íocaíochtaí faighte ag tairbhithe na cabhrach sin, i leith na cabhrach sin, a ríomhtar ar bhonn rátaí ceartaithe a chomhlíonann an dlí sin.

 

Sínithe


( *1 ) Teanga an cháis: an Rómáinis.