Eagrán sealadach
BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Ceathrú Dlísheomra)
11 Meán Fómhair 2025 (*)
(Tarchur chun réamhrialú – Sláinte phoiblí – Cúram sláinte trasteorann – Treoir 2011/24/AE – Airteagal 3(d) agus (e) – Soláthar cúraim sláinte trí theilileigheas – An coincheap ‘teilileigheas’ – Cúram sláinte trasteorann arna sholáthar trí theilileigheas – Cóir chasta leighis ina n‑áirítear cúram sláinte arna thabhairt trí theilileigheas agus i láthair – Ballstát cóireála – Treoir 2000/31/CE – Seirbhís na sochaí faisnéise – Treoir 2005/36/CE – Cáilíochtaí gairmiúla – Saoirse chun seirbhísí a sholáthar – Raon feidhme – Airteagal 56 CFAE)
I gCás C‑115/24,
IARRAIDH ar réamhrialú de bhun Airteagal 267 CFAE, ón Oberster Gerichtshof (an Chúirt Uachtarach, an Ostair), trí bhreith an 25 Eanáir 2024, a fuarthas ag an gCúirt an 13 Feabhra 2024, sna himeachtaí
UJ
v
Österreichische Zahnärztekammer,
idiragraithe:
Urban Technology GmbH,
DZK Deutsche Zahnklinik GmbH,
tugann AN CHÚIRT (an Ceathrú Dlísheomra),
agus í comhdhéanta mar seo a leanas: I. Jarukaitis, Uachtarán Dlísheomra, N. Jääskinen, A. Arabadjiev, M. Condinanzi (Rapóirtéir) agus R. Frendo, Breithiúna,
Abhcóide Ginearálta: A. Rantos,
Cláraitheoir: D. Dittert, Ceann Aonaid,
ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn agus tar éis éisteacht an 13 Feabhra 2025,
tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha a cuireadh isteach thar ceann na bpáirtithe a leanas:
– UJ, ag D. Boyadjiyska agus J. Hütthaler-Brandauer, Rechtsanwälte,
– Österreichische Zahnärztekammer, ag F. Schulz, Rechtsanwalt,
– Urban Technology GmbH, ag U. Karpenstein, R. Sangi agus T. Shulman, Rechtsanwälte,
– DZK Deutsche Zahnklinik GmbH, ag R. Kreuml agus M. Nill, Rechtsanwälte,
– Rialtas na hOstaire, ag A. Posch, C. Gabauer, agus J. Schmoll, i gcáil Gníomhairí,
– Rialtas na hÍsiltíre, ag K. Bulterman agus A. Hanje agus J. Langer, i gcáil Gníomhairí,
– Rialtas na Polainne, ag B. Majczyna, i gcáil Gníomhaire,
– an Coimisiún Eorpach, ag L. Armati, S. Delaude agus E. Schmidt, i gcáil Gníomhairí,
tar éis éisteacht leis an Tuairim ón Abhcóide Ginearálta ag éisteacht an 8 Bealtaine 2025,
an Breithiúnas seo a leanas:
Breithiúnas
1 Baineann an iarraidh ar réamhrialú le léiriú ar Airteagal 56 CFAE agus ar Airteagal 2(n), Airteagal 3(d) agus (e), Airteagal 4(1)(a) agus Airteagal 7 de Threoir 2011/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Bealtaine 2011 maidir le cur i bhfeidhm ceart othar ó thaobh cúram sláinte trasteorann de (IO 2011 L 88, lch. 45), Treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe áirithe dlí de sheirbhísí na sochaí faisnéise, an trádáil leictreonach, go háirithe, sa Mhargadh Inmheánach (‘an Treoir maidir le tráchtáil leictreonach’) (IO 2000 L 178, lch. 1) agus Airteagal 5(3) de Threoir 2005/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Meán Fómhair 2005 maidir le Cáilíochtaí Gairmiúla a Aithint (IO 2005 L 255, lch. 22).
2 Rinneadh an iarraidh seo i ndíospóid idir UJ, is fiaclóir í, agus an Österreichische Zahnärztekammer (Comhlachas Fiaclóirí na hOstaire) faoi iarratas ar bhearta idirlinne arna dhéanamh ag an Österreichische Zahnärztekammer trína bhféachtar le ceangal go sealadach ar UJ scor de pháirt dhíreach nó indíreach a ghlacadh i ngníomhaíochtaí fiaclóireachta arna ndéanamh san Ostair ag cuideachtaí seachtracha nach bhfuil na húdaruithe faoi dhlí na hOstaire acu.
An dlí lena mbaineann
Dlí an Aontais
Treoracha 98/34 agus (AE) 2015/1535
3 Rinneadh Treoir 98/34/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meitheamh 1998 lena leagtar síos nós imeachta chun faisnéis a sholáthar i réimse na gcaighdeán teicniúil agus na rialachán teicniúil agus rialacha maidir le seirbhísí na sochaí faisnéise (IO 1998 L 204, lch. 37), arna leasú le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 (IO 2012 L 316, lch. 12) (‘Treoir 98/34’), a aisghairm le Treoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meán Fómhair 2015 lena leagtar síos nós imeachta chun faisnéis a sholáthar i réimse na rialachán teicniúil agus na rialacha maidir le seirbhísí na Sochaí Faisnéise (IO 2015 L 241, lch. 1), a tháinig i bhfeidhm an 7 Deireadh Fómhair 2015.
4 Foráiltear dá leanas in Airteagal 1(1) de Threoir 2015/1535:
‘Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
[...]
(b) ciallaíonn “seirbhís” aon seirbhís de chuid na sochaí faisnéise, is é sin le rá, aon seirbhís a sholáthraítear de ghnáth ar luach saothair, go cianda, trí mheán leictreonach agus ar iarraidh ar leith ó fhaighteoir na seirbhísí.
Chun críocha an tsainmhínithe seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(i) ciallaíonn “go cianda” seirbhís a sholáthraítear gan na páirtithe a bheith i láthair san am céanna;
(ii) ciallaíonn “trí mheán leictreonach” seirbhís arna seoladh agus arna fáil ag a ceann scríbe le trealamh leictreonach próiseála (lena n‑áirítear comhbhrú digiteach) agus stórála sonraí, agus a tharchuirtear, a iompraítear agus a fhaightear go hiomlán ar sreang, ar raidió, ar mhodhanna optacha nó ar mhodh leictreamaighnéadach eile;
(iii) ciallaíonn “ar iarraidh ar leith ó fhaighteoir seirbhísí” seirbhís a sholáthraítear trí tharchur sonraí arna iarraidh sin ar bhonn aonair.
Leagtar amach in Iarscríbhinn I liosta táscach seirbhísí nach gcumhdaítear leis an sainmhíniú seo;
[...]’
5 De réir an dara mír d’Airteagal 10 den Treoir sin:
‘An tuiscint a bhainfear ná go ndéantar na tagairtí do Threoir [98/34] don Treoir seo agus beidh siad le léamh iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil in Iarscríbhinn IV.’
6 De réir an tábla sin, de pháirt, tá an chéad fhomhír d’Airteagal 1(1)(b) ar aon dul leis an gcéad fomhír de phointe 2 den chéad fomhír d’Airteagal 1 de Threoir 98/34 agus, den pháirt eile, tá Iarscríbhinn 2015/1535 ar aon dul le hIarscríbhinn V de Threoir 98/34.
7 Tá an teideal ‘Liosta Táscach na Seirbhísí nach dtagann faoin dara fomhír d’Airteagal 1(1)(b)’ ar Iarscríbhinn I de Threoir 2015/1535.
8 Luaitear a leanas i bpointe 1 den Iarscríbhinn sin, dar teideal ‘Seirbhísí nach soláthraítear “go cianda”’:
‘Seirbhísí arna soláthar i láthair go pearsanta ag an soláthraí agus ag an bhfaighteoir, fiú má tá úsáid gléis leictreonaigh i gceist leo:
(a) scrúdú nó cóireáil leighis i lialann dochtúra trí threalamh leictreonach, ach i láthair an othair go pearsanta;
[...]’
9 Luaitear a leanas i bpointe 2 den Iarscríbhinn sin, dar teideal ‘Seirbhísí nach soláthraítear “go leictreonach”’:
‘[...]
– seirbhísí nach soláthraítear trí chórais leictreonacha stórála agus próiseála sonraí:
[...]
(d) comhairliúchán le dochtúir trí theileafón/meaisín facsála;
[...]’
[Aistriúchán neamhoifigiúil]
Treoir 2000/31
10 Leagtar amach an méid seo a leanas in aithris 18 de Threoir 2000/31:
‘Baineann seirbhísí na sochaí faisnéise le raon mór gníomhaíochtaí eacnamaíochta a dhéantar ar líne. Is féidir, go háirithe, díolachán earraí ar líne a bheith i gceist leis na gníomhaíochtaí sin. Ní bhaineann siad le gníomhaíochtaí ar nós seachadadh earraí ann féin nó sólathar seirbhísí as líne. Ní bhaineann seirbhísí na sochaí faisnéise le seirbhísí amháin ar dá réir a dhéantar conarthaí ar líne, ach, sa mhéid gur gníomhaíocht eacnamaíochta iad, bíonn seirbhísí i gceist leo nach n‑íocann na faighteoirí astu, ar nós seirbhísí lena soláthraítear faisnéis ar líne nó teachtaireachtaí tráchtála, nó lena soláthraítear uirlisí chun sonraí a chuardach, teacht orthu nó iad a athghabháil. Baineann seirbhísí na sochaí faisnéise le seirbhísí chomh maith trína seachadtar faisnéis trí líonra cumarsáide, trína gcuirtear líonra cumarsáide ar fáil nó trína n‑óstáiltear faisnéis arna soláthar ag an bhfaighteoir seirbhísí. [...] Ní seirbhís na sochaí faisnéis í úsáid ríomhphoist nó a chomhionann de mheáin chumarsáide ag daoine nádúrtha a ghníomhaíonn chun críocha nach mbaineann lena ngíomhaíochtaí tráchtála nó gairmiúla, ina n‑áirítear a n‑úsáid le haghaidh conarthaí a dhéanamh idir na daoine sin. Ní seirbhís na sochaí faisnéise an caidreamh conarthach idir fostaí agus a fhostóir. Ní seirbhísí na sochaí faisnéise iad gníomhaíochtaí nach indéanta, de réir a gcinéil, go cianda trí ríomhphost, ar nós iniúchadh reachtúil cuntas cuideachta nó comhairliúchán leighis a bhfuil scrúdú fisiciúil ar othar de dhíth air.’
11 Foráiltear don mhéid seo a leanas in Airteagal 2 den Treoir sin, dar teideal ‘Sainmhínithe’:
‘Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(a) ciallaíonn “seirbhísí na sochaí faisnéise” seirbhísí de réir bhrí [na chéad fhomhíre d’Airteagal 1(1)(b) de Threoir 2015/1535];
[...]
(h) ciallaíonn “réimse comhordaithe” ceanglais arna leagan síos maidir le córais dlí na mBallstáit is infheidhme maidir le soláthraithe seirbhíse na sochaí faisnéise nó maidir le seirbhísí na sochaí faisnéise, bíodh siad ginearálta nó curtha in oiriúint go sonrach dóibh.
(i) Baineann an réimse comhordaithe le ceanglais le comhlíonadh ag an soláthraí seirbhíse maidir lena leanas:
– gabháil do ghníomhaíocht seirbhíse na sochaí faisnéise, amhail ceanglais a bhaineann le cáilíochtaí, le húdarú nó le fógra a thabhairt;
– gníomhaíocht seirbhíse na sochaí faisnéise a dhéanamh, amhail ceanglais a bhaineann le hiompar an tsoláthraí seirbhíse, ceanglais maidir le cáilíocht nó ábhar na seirbhíse lena n‑áirítear na ceanglais sin is infheidhme maidir le fógraíocht agus conarthaí, nó ceanglais maidir le dliteanas an tsoláthraí seirbhíse;
(ii) Ní bhaineann an réimse comhordaithe lena leithéid seo ceanglas:
– ceanglais is infheidhme maidir le hearraí iontu féin,
– ceanglais is infheidhme maidir le seachadadh earraí,
– ceanglais maidir le seirbhísí nach soláthraítear trí mheán leictreonach.’
12 Foráiltear dá leanas in Airteagal 3(1) den Treoir sin, ar Airteagal é dar teideal ‘Margadh Inmheánach’:
‘Cinnteoidh gach Ballstát go gcomhlíonfaí leis na seirbhísí sochaí faisnéise arna soláthar ag soláthraí atá bunaithe ar a chríoch na forálacha náisiúnta is infheidhme sa Bhallstát sin a bhaineann leis an réimse comhordaithe.’
[Aistriúchán neamhoifigiúil]
Treoir 2005/36
13 Leagtar amach an méid seo a leanas in aithrisí 4 agus 5 de Threoir 2005/36:
‘(4) Ar mhaithe le saorghluaiseacht seirbhísí a éascú, ní mór foráil do rialacha sonracha le cur le hindéantacht na ngíomhaíochtaí gairmiúla de réir an teidil ghairmiúil thosaigh. Le haghaidh seirbhísí na sochaí faisnéise arna gciansoláthar, ní mór feidhm a bheith ag forálacha Threoir [2000/31] chomh maith.
(5) I bhfianaise na gcóras éagsúil arna mbunú, de pháirt, le haghaidh seirbhísí trasteorann arna soláthar go sealadach agus go hócáideach agus, den pháirt eile, le haghaidh na bunaíochta, ní mór na critéir a shoiléiriú le hidirdhealú a dhéanamh idir an dá choincheap i gcás aistriú an soláthraí seirbhíse go dtí an Bhallstát ósta.’
14 Foráiltear dá leanas in Airteagal 2(1) den Treoir sin, ar Airteagal é dar teideal ‘Raon Feidhme’:
‘Beidh feidhm ag an Treoir seo maidir le gach náisiúnach i mBallstát ar mian leis tabhairt faoi ghairm rialáilte i mBallstát, ina n‑áirítear iad sin a bhaineann leis na saorghairmeacha, seachas an ghairm sin inar bhain siad amach a gcáilíochtaí gairmiúla, bíodh sé sin ar bhonn féinfhostaithe nó ar bhonn fostaithe.’
15 Foráiltear dá leanas in Airteagal 5(2) agus (3) den Treoir sin, ar Airteagal é dar teideal ‘Prionsabal maidir leis an tSaoire chun Seirbhísí a Sholáthar’:
2. Ní bheidh feidhm ag forálacha an teidil seo ach i gcás ina n‑aistríonn an soláthraí go dtí Ballstát ósta leis an ngairm bheatha dá dtagraítear i mír 1 a fheidhmiú go sealadach agus go hócáideach.
Déanfar measúnú de réir an cháis ar chineál sealadach ócáideach na seirbhíse, go háirithe de réir a faid, minicíochta, tréimhsiúlachta agus leanúnachais.
3. I gcás a aistrithe, cuirfear faoi réir rialacha iompair de chineál proifisiúnta, rialaitheach nó riaracháin maidir le cáilíochtaí gairmiúla go díreach ar nós an tsainithe ar an ngairm bheatha, úsáid teideal mí-iompar gairmiúil a bhaineann go díreach sonrach le cosaint agus sábháilteacht tomhaltóirí agus faoi réir forálacha araíonachta is infheidhme sa Bhallstát ósta maidir le gairmithe a dhéanann an t‑aon ghairm bheatha.’
[Aistriúchán neamhoifigiúil]
Treoir 2011/24
16 Leagtar amach an méid seo a leanas in aithris 10 de Threoir 2011/24:
‘Is é is cuspóir don Treoir seo ná rialacha a bhunú le rochtain a éascú ar chúram sláinte trasteorann atá sábháilte agus ar ardchaigheán san Aontas, agus le soghluaiseacht othar a chinntiú i gcomhréir leis na prionsabail arna mbunú ag an gCúirt Bhreithiúnais agus le comhoibriú a chothú ó thaobh cúram sláinte sna Ballstáit, i lánchomhréir freagrachtaí na mBallstát maidir le sainiú na seirbhísí sábháilteachta sóisialta a bhaineann leis an sláinte agus maidir le bainistiú agus soláthar cúraim sláinte, cóireála leighis agus seirbhísí sábháilteachta sóisialta, go háirithe le haghaidh na breoiteachta.’
17 Tá na cúig Chaibidil a leanas sa Treoir sin: Caibidil I, dar teideal ‘Forálacha ginearálta’ ina bhfuil Airteagail 1 go 3, Caibidil II, dar teideal ‘Freagrachtaí na mBallstát ó thaobh cúram sláinte trasteorann de’, ina bhfuil Airteagail 4 go 6, Caibidil III, dar teideal ‘Cúiteamh chostais an chúraim sláinte trasteorann’, ina bhfuil Airteagail 7 go 9, Caibidil IV, dar teideal ‘Comhoibriú ó thaobh cúram sláinte’, ina bhfuil Airteagail 10 go 15 agus, faoi dheireadh, Caibidil V, dar teideal ‘Forálacha deiridh agus Cur Chun Feidhme’, ina bhfuil Airteagail 16 go 23.
18 Foráiltear dá leanas in Airteagal 1(1) agus (2) den Treoir sin, ar Airteagal é dar teideal ‘Cuspóir agus Raon Feidhme’:
‘1. Foráiltear sa Treoir seo do na rialacha trína bhféachtar le rochtain a éascú ar chúram sláinte trasteorann atá sábháilte agus ar ard-chaighdeán agus spreagtar tríthi comhoibriú ó thaobh cúram sláinte idir na Ballstáit, i lánchomhréir leis an dlínse náisiúnta ó thaobh bainistithe agus soláthair cúram sláinte. Féachtar chomh maith tríd an Treoir seo leis na ceangail a shoiléiriú atá aici leis an gcreat atá ann cheana féin ó thaobh chomhordú na gcóras sábháilteachta sóisialta, is é sin Rialachán (CE) Uimh. 883/2004, d’fhonn na cearta a chur i bhfeidhm maidir le hothair.
2. Baineann an Treoir seo le cúraim sláinte a sholáthar d’othair, gan beann ar an gcaoi a dhéantar iad a bhainistiú, a sholáthar nó a mhaoiniú.’
19 Foráiltear dá leanas in Airteagal 2 den Treoir sin, dar teideal ‘Ceangal le forálacha eile an Aontais’:
‘Beidh feidhm ag an Treoir seo gan dochar do na forálacha a leanas:
[...]
(e) Treoir [2000/31];
[...]
(n) Treoir [2005/36];
[...]’
20 Is sna focail a leanas atá Airteagal 3 de Threoir 2011/24, dar teideal ‘Sainmhínithe’:
‘Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(a) ciallaíonn “cúram sláinte” seirbhísí sláinte arna soláthar ag gairmithe sláinte d’othair le measúnú a dhéanamh ar a sláinte lena n‑athchur, lena gcoimeád ina sláinte, ina n‑áirítear trí oideasú, agus le dáileadh agus soláthar cógais agus gléasanna leictreonacha;
[...]
(d) ciallaíonn “Ballstát cóireála” an Ballstát inarb amhlaidh a bhíonn an cúram sláinte á thabhairt don othar. I gcás teilileighis, meastar go mbíonn cúram sláinte á thabhairt sa Bhallstát ina bhfuil an soláthraí cúraim sláinte bunaithe;
(e) ciallaíonn “cúram sláinte trasteorann” cúram sláinte arna thabhairt nó arna oideasú i mBallstát seachas an Ballstát cleamhnaithe;
(f) ciallaíonn “gairmí sláinte”, dochtúir, altra atá freagrach as cóireáil ginearálta, cleachtóir na fiaclóireachta, cnáimhseach nó poitigéir de réir bhrí Threoir [2005/36], nó gairmí eile a dhéanann gníomhaíochtaí san earnáil cúraim sláinte a bhaineann le gairm bheatha rialaithe amháin mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1)(a) de Threoir [2005/36] nó duine a mheastar gur gairmí sláinte é i gcomhréir le reachtaíocht an Bhallstáit cóireála;
(g) ciallaíonn “soláthraí cúraim sláinte” aon duine nádúrtha nó dlíthiúil nó aon eintiteas eile a thugann cúram sláinte de réir dlí i mBallstát eile;
[...]’
21 Foráiltear dá leanas in Airteagal 4(1) den Treoir sin, ar Airteagal é dar teideal ‘Freagracht an Bhallstáit cóireála’:
‘I bhfianaise phrionsabail na huilíochta, na rochtana ar chúram sláinte atá ar chaighdeán, an chothromais agus na dlúthpháirtíochta, tabharfar cúram sláinte i gcomhréir lena leanas:
(a) reachtaíocht an Bhallstáit cóireála;
(b) na rialacha agus treoracha maidir le cáilíocht agus leis an tsábháilteacht arna mbunú ag an mBallstát cóireála; agus
(c) reachtaíocht an Aontais maidir le rialacha maidir leis an tsábháilteacht;’
22 Foráiltear dá leanas in Airteagal 7(2) agus (7) den Treoir sin, ar Airteagal é dar teideal ‘Prionsabail ghinearálta maidir le Costais a Chúiteamh’:
‘D’fhéadfadh Ballstát cleamhnaithe a gcomhionann de choinníollacha, critéir incháilitheachta agus foirmiúlachtaí rialála agus riaracháin – bíodh is gur áitiúil, go réigiúnach nó go náisiúnta a shocraítear iad – a chur i bhfeidhm maidir le hárachaí a theastaíonn uaidh cúiteamh sna costais cúraim sláinte trasteorann, ina n‑áirítear cúram sláinte arna fháil trí theilileigheas agus a cheanglófaí dá dtabharfaí an cúram sláinte sin ina chríoch. D’fhéadfadh sé gurb é atá i gceist leis sin ná measúnú ag gairmí sláinte nó riarthóir sláinte a sholáthraíonn seirbhísí le haghaidh an chórais slándála sóisialaí nó chórais sláinte náisiúnta an Bhallstáit chleamhnaithe, ar nós dochtúir ginearálta nó soláthraí cúraim sláinte phríomhúil ag a bhfuil an t‑othar cláraithe, más cosúil gur gá leis ar mhaithe le socrú an bhfuil ceart ag othar ar chúram sláinte i gcáil phearsanta. Ní féidir gur leatromach, áfach, aon cheann de na coinníollacha, critéir incháilitheachta agus foirmiúlachtaí rialála agus riaracháin arna bhforchur de réir na fomhíre seo nó bac a chur tríothu ar shaorghluaiseacht othar, seirbhísí nó earraí, ach i gcás ina bhfuil údar oibiachtúil leis de bharr ceanglas pleanála a bhaineann leis an gcuspóir maidir le rochtain leordhóthanach bhuan a chinntiú sa Bhallstát lena mbaineann ar raon cothrom cúraim atá ar ard-chaighdeán nó leis an rún a chinntiú maidir le costais a choinneáil faoi smacht agus maidir le cur amú acmhainní airgeadais, teicniúla agus daonna a sheachaint a mhéid is féidir.’
[Aistriúchán neamhoifigiúil]
Dlí na hOstaire
23 De réir an iarrata ar réamhrialú, níl forálacha maidir le seirbhísí teilileighis in EU-Patientenmobilitätsgesetz (Dlí AE maidir le Soghluaiseacht Othar) (BGBl. I, 32/2014), lena dtrasuítear Treoir 2011/24, ná sa Zahnärztegesetz (an tAcht maidir le Déidlianna) (BGBl. I. 126/2005), sa leagan is infheidhme maidir leis na príomhimeachtáí (‘ZÄG’).
24 De réir Airteagal 3(1) de ZÄG, ní féidir an fhiaclóireacht a dhéanamh ach ar an nós dá bhforáiltear sa Dlí sin.
25 De réir Airteagal 4(2) den Dlí sin, baineann an fhiaclóireacht le haon ghníomhaíocht is bun léi eolas eolaíoch i réimse na fiaclóireachta, ina n‑áirítear gnáthaimh teiripe a bhaineann leis an leigheas comhlántach agus malartach, a dhéantar go díreach don duine nó go hindíreach lena aghaidh.
26 I gcomhréir le hAirteagal 4(3) den Dlí sin, is faoi réimse gníomhaíochta, nach mbaineann ach leo siúd atá leis an bhfiaclóireacht, a thagann, inter alia, scrúdú agus cóireáil ar thinnis agus aimhrialtachtaí fiacla, ina n‑áirítear idirghabhálacha cosmaideacha agus aeistéitiúla ar fhiacla, a mhéid a bhfuil scrúdú agus diagnóis ag fiaclóir de dhíth orthu chomh maith le hoideasú cógais, réitigh agus uirlisí diagnóiseacha san fhiaclóireacht.
27 De réir Airteagail 24 go 26 de ZÄG, ní mór dóibh siúd atá leis an bhfiaclóireacht a ngairm bheatha a fheidhmiú go pearsanta agus go díreach, i gcás inarb iomchuí, i gcomhar le daoine eile atá leis an ngairm bheatha sin nó le daoine atá le gairmeacha beatha sláinte eile, go háirithe i bhfoirm grúpaí cleachtais agus grúpaí trealaimh nó cleachtais grúpa. Thairis sin, d’fhéadfaidís iarraidh ar chúntóirí agus a ngairm bheatha á déanamh, ar choinníoll go ndéanfaidís de réir a dtreoracha sonracha agus faoina maoirseacht bhuan. Bíodh is inrite cleachtas grúpa i bhfoirm dlí cuideachta faoi dhliteanas teoranta, beidh sé faoi réir an choinníll, go háirithe, gur leis an bhfiaclóireacht is údaraithe leis an ngairm bheatha sin a fheidhmiú go neamhspleách an páirtithe ar fad.
28 Is sna focail a leanas atá Airteagal 31 den Dlí sin maidir leis an tsaoire seirbhísí a sholáthar:
‘(1) Náisiúnaigh de chuid Ballstát is páirtí leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) agus de chuid Chónaidhm na hEilvéise a dhéanann an fhiaclóireacht i gceann eile de na Stáit is Páirtithe leis an gcomhaontú sin nó san Eilvéis de réir dlí, d’fhéadfaidís gníomhaíocht fiaclóireachta a dhéanamh go sealadach san Ostair óna n‑áras proifisiúnta nó a n‑áit oibre thar lear, gan bheith cláraithe ar liosta na bhfiaclóirí.
(2) Roimh seirbhís fiaclóireachta a sholáthar den chéad uair san Ostair ar dá réir a bhfuil mór cuairt shealadach le tabhairt sa chríoch cónaidhme, ní mór do sholáthraí seirbhísí á cur in iúl i scríbhinn do chomhlachas fiaclóirí na hOstaire, trí chomhlachas fiaclóireachta an Land ina bhfuil an seirbhís le soláthar, agus na doiciméid a leanas a cheangal leis: [...]’
29 De réir an ordaithe tarchuir, ó thaobh cásanna a thagann faoi réimse dhlí na hiomaíochta, rialaigh na cúirteanna náisiúnta nach bhfuil i gceist le ZÄG cuideachtaí faoi dhliteanas teoranta, go háirithe nach bhfuil struchtúr a scairchaipitil i gcomhréir le hAirteagal 26 den ZÄG, ach daoine nádúrtha is údaraithe leis an ngairm a dhéanamh.
An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú
30 Is comhlacht poiblí é comhlachas fiaclóirí na hOstaire atá lonnaithe i Vín (na hOstaire) a bhfuil sé de mhisean aige, de réir na reachtaíochta naisiúnta, leasanna déidlianna agus fiaclóirí de chuid na hOstaire a chosaint.
31 Is fiaclóir í UJ atá bunaithe san Ostair a bhfuil údaraithe le cóireáil a chur ar othair sa Bhallstát sin de réir conradh cúraim sláinte arna dhéanamh leo.
32 Tá Urban Technology GmbH agus DZK Deutsche Zahnklinik GmbH bunaithe sa Ghearmáin agus i ngrúpa gnóthas is gníomhach san fhiaclóireacht ar fud an domhain.
33 Is í aidhm shóisialta Urban Technology ‘seirbhísí a sholáthar i réimse na dtáirgí lifestyle le haghaidh tomhaltóirí deiridh’. Bíonn fógraíocht á déanamh aige trína shuíomh gréasáin ar ailíneoirí dofheicthe fiacla is béalchléithíní trédhearcacha iad arna margú faoi bhranda DrSmile. Is féidir le custaiméirí féideartha coinne a iarraidh tríd an suíomh sin le ‘fiaclóir is páirtí’ san Ostair, ar nós UJ, atá bunaithe san áit arna roghnú acu. Ar dhéanamh a leithéide de choinne, déanann an fiaclóir sin anaimnéis, comhairliúchán faisnéise agus scanadh 3T ar an ngiall agus aon réamhchóireáil a bheidh de dhíth ar fheistiú béalchléithíní as sin amach. Ansin, seolann an fiaclóirí is páirtí chuig DZK Deutsche Zahnklinik an t‑ábhar íomháithe agus moladh maidir leis an ngnáthamh ailínithe fiacla.
34 Tá ag DZK Deutsche Zahnklinik, nach fiaclóirí a pháirtithe, cead agus na húdaruithe eile is gá le hionad fiaclóireachta a reáchtáil sa Ghearmáin, ar a thugtar ‘clinic fiaclóireachta’ ina dtugann fiaclóirí cóireáil d’othair, i gcomhréir le dlí na Gearmáine is infheidhme maidir leis an gcineál bunaíochta sin.
35 Is é DZK Deutsche Zahnklinik amháin a dhéanann conradh cóireála le hothair faoina dtagann gach seirbhís a bhaineann le feistiú bhéalchléithíní bhranda DrSmile. Faigheann sé na béalchléithíní ó Urban Technology a ordaíonn siad ó thríú páirtithe. Déantar iarchúram trí aip de chuid DZK Deutsche Zahnklinik agus bíonn íomhánna a ndéadeagair á seoladh go rialta ag na hothair. Tá caidreamh conarthach ag DZK Deutsche Zahnklinik leis an bhfiaclóir is páirtí agus íocann sé leis as na seirbhísí arna soláthar de réir na cóireála lena mbaineann.
36 Thug comhlachas fiaclóirí na hOstaire caingean os comhair Landesgericht Klagenfurt (Cúirt Réigiúnach Klagenfurt, an Ostair) le haghaidh urghaire i gcoinne UJ, mar aon le hiarratas ar bhearta idirlinne. Féachadh tríd an iarratas ar bhearta idirlinne sin le cosc a chur ar UJ, trí urghaire shealadach agus go ndéanfaí cinneadh sa bhreithiúnas maidir leis an gcaingean sin, aon pháirt dhíreach nó indíreach a ghlacadh i ngníomhaíochtaí fiaclóireachta arna ndéanamh san Ostair ag cuideachta seachtracha nach bhfuil údaruithe acu de réir dhlí na hOstaire, mar shampla trí loirg a ghlacadh ar mhí-oclúid, fiú go digiteach trí scanóir inbhéil, thar ceann na gcuideachtaí sin.
37 D’áitigh UJ gur bunaíocht phríobháideach déadchóireála arna húdarú sa Ghearmáin é DZK Deutsche Zahnklinik, is dleathach a ghníomhaíochtaí teilileighis agus roinnt a shaothair i gcomhthéacs cóireáil ortódóntaice. Thairis sin, d’áitigh UJ go ndéanadh sí a gníomhaíochtaí go díreach, go pearsanta agus in éagmais aon treorach.
38 Dhiúltaigh Landesgericht Klagenfurt (Cúirt Réigiúnach Klagenfurt) don iarratas ar bhearta idirlinne. Rialaigh sé, ar an gcéad dul síos, nach nglacann UJ páirt i ngníomhaíochtaí fiaclóireachta arna ndéanamh ag Urban Technology agus DZK Deutsche Zahnklinik; ar an dara dul síos, go bhfuil dhá chonradh cóireála ann atá le meas ina cheann agus ina cheann; ar an tríú dul síos, nach bhfuil UJ le meas mar ionadaí forfheidhmithe mar sin agus, ar an gceathrú dul síos, nach nglacann sí páirt a thuilleadh go náisiúnta i ngníomhaíochtaí fiaclóireachta arna ndéanamh ag duine eachtrannach mar sin.
39 Agus achomharc faoina bhreith, sheas Oberlandesgericht Graz (Ard-Chúirt Graz, an Ostair), go bunúsach, leis an iarratas ar bhearta idirlinne. Chinn sé, ar an gcéad dul síos, go bhfuil UJ ag DZK Deutsche Zahnklinik mar ionadaí forfheidhmithe ó thaobh conarthaí cóireála arna ndéanamh idir DZK Deutsche Zahnklinik agus a othair; ar an dara dul síos, nach bhfuil DZK Deutsche Zahnklinik údaraithe le seirbhísí fiaclóireachta a sholáthar san Ostair; ar an tríú dul síos, go mbíonn na seirbhísí cóireála arna soláthar ag DZK Deutsche Zahnklinik san Ostair trí UJ, agus í ag gníomhú mar ionadaí forfheidhmithe, á soláthar go díreach agus gan leas a bhaint as aon teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide; ar an gceathrú dul síos, gur ghlac UJ páirt mar sin i ngníomhaíochtaí fiaclóireachta a bhíonn á ndéanamh go náisiúnta ag cuideachta sheachtrach nach bhfuil údaraithe leis an bhfiaclóireacht a dhéanamh de réir ZÄG agus le hoibriú de réir dhlí na hOstaire is infheidhme maidir le bunaíochtaí cóireála; ar an gcúigiú dul síos, go ndearna UJ sárú mar sin ar na rialacha maidir le comhoibriú dá bhforáiltear in Airteagal 24 de ZÄG agus go raibh páirt aici, mar ionadaí forfheidhmithe, i sárú arna dhéanamh ag cuideachta sheachtrach sa réimse proifisiúnta forchoimeádta dá dtagraítear in Airteagal 3 agus Airteagal 4(3) den Dlí sin.
40 Faoi bhreith an Oberster Gerichtshof (an Chúirt Uachtarach, an Ostair) atá achomharc arna dhéanamh ag UJ i gcoinne an chinnidh de chuid Oberlandesgericht Graz (Ard-Chúirt Graz).
41 Ar an gcéad dul síos, is ábhar éiginnteachta ag an gcúirt a rinne an tarchur an mbíonn páirt á glacadh i ndáiríre ag UJ i ngníomhaíochtaí fiaclóireachta arna ndéanamh san Ostair ag cuideachtaí seachtracha.
42 Luann sé go mbíonn an tseirbhís á soláthar de réir dlí ag DZK Deutsche Zahnklinik ós rud é go mbíonn conradh cóireála ar leith ann idir an t‑othar agus DZK Deutsche Zahnklinik. Ní dhéanann UJ ach de réir a caidrimh chonarthaigh le DZK Deutsche Zahnklinik mar ionadaí forfheidhmithe dó. Dá bhrí sin, tógann an chúirt a rinne an tarchur ceist maidir le áit feidhmithe na seirbhísí fiaclóireachta i gceist.
43 Mar sin, fiafraíonn an chúirt sin an bhfuil feidhm le bheith ag Airteagal 3(d) de Threoir 2011/24 ar dá réir, i gcás teilileighis, a mheastar go mbíonn cúram sláinte á thabhairt sa Bhallstát ina bhfuil an soláthraí cúraim sláinte bunaithe, ach chun críocha costais a aisíoc, de réir Airteagal 7 den Treoir sin, nó an mbunaítear leis, le haghaidh seirbhísí teilileighis, prionsabal ginearálta maidir le tír thionscnaimh, nó an bhfuil an prionsabal sin le tabhairt le tuiscint ó Threoir 2000/31.
44 Ar an dara dul síos, ar mhaithe le cinneadh an bhfuil feidhm ag Treoir 2011/24 maidir leis an gcás seo, tógann an chúirt sin an cheist an amhlaidh nach bhfuil baint ag an tagairt in Airteagal 3(d) den Treoir sin do chúram sláinte arna thabhairt i gcás teilileighis ach le seirbhísí leighis sonracha arna ndéanamh, ar bhonn trasteorann, trí theicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide nó an mbaineann sé le conradh iomlán cóireála a d’fhéadfadh scrúduithe fisiceacha a bheith i gceist leis a dhéantar i mBallstát cónaithe an othair, agus, ina leithéid de chás, an bhfuil seirbhísí le déanamh trí theicneolaíochtaí den chuid is mó le meas go mbíonn cúram sláinte á thabhairt i gcás teilileighis, i gcomhréir leis an bhforáil sin. Thairis sin, is ábhar éiginnteachta ag an gcúirt a rinne an tarchur, i gcás ceangal a bheith ann idir an dá chineál seirbhísí, ar nós sa chás seo, an bhféadfaí cúram sláinte trasteorann a thabhairt síos dó ina iomláine de réir bhrí Airteagal 3(d) agus (e) de Threoir 2011/24.
45 I dtaca leis sin, chinn an Chúirt go bhféadfaí ‘seirbhís na sochaí faisnéise’ a thabhairt síos do sheirbhís idirghabhála ach gur gurb amhlaidh a mhalairt de chás más cosúil gur cuid dhílis an tseirbhís idirghabhála de sheirbhís chuimsitheach, arb í is príomhchuid di seirbhís a bhaineann le haicme eile dlí (breithiúnas an 19 Nollaig 2019, Airbnb Ireland, C‑390/18, EU:C:2019:1112, mír 50).
46 Ar an tríú dul síos, tógann an chúirt a rinne an tarchur ceist maidir leis an dlí is infheidhme maidir leis an teilileigheas. I dtaca leis sin, b’ábhartha an nasc atá ag Airteagal 2(n), Airteagal 3(d) agus Airteagal 4(1)(a) de Threoir 2011/24 le hAirteagal 5(3) de Threoir 2005/36, ar dá réir a mbíonn soláthraí seirbhísí a ‘aistríonn’ go Ballstát eile faoi réir rialacha iompair de chineál proifisiúnta, rialaitheach nó riaracháin is infheidhme sa Bhallstát ósta. B’ábhartha chomh maith an caidreamh idir Treoir 2000/31, go háirithe Airteagal 2(h)(ii) agus aithris 18 di, Treoir 2005/36, go háirithe Airteagal 5 agus aithris 4 di, agus Treoir 2011/24, go háirithe Airteagal 2(n), Airteagal 3(d) agus Airteagal 4(1)(a) di.
47 Is deimhin gur rialaigh an Chúirt cheana féin, i gcomhthéacs eile nach dtagann cúnamh tráchtála ó thaobh an chánachais de, a thugtar go trasteorann gan aistriú go dtí an Ballstát eile ag na daoine a ghníomhaíonn sa chomhthéacs sin, faoi Airteagal 5 de Threoir 2005/36, toisc nach mbíonn feidhm ag an Airteagal sin ach i gcás aistriú an soláthraí go dtí an Ballstát ósta (breithiúnas an 17 Nollaig 2015, X-Steuerberatungsgesellschaft, C‑342/14, EU:C:2015:827, míreanna 34 agus 35).
48 De réir na cúirte a rinne an tarchur, ó thaobh cúram sláinte de, d’fhéadfadh sé gur gá, chun an t‑othar a chosaint, rialacha proifisiúnta Bhallstát sainchónaithe an othair a chomhlíonadh.
49 Ar an gceathrú dul síos, tógann an chúirt a rinne an tarchur an cheist, i gcás ina mbeadh sé le meas gur san Ostair a sholáthraítear na seirbhísí fiaclóireachta arna ndéanamh ag UJ, an bhfuil reachtaíocht na hOstaire maidir leis an bhfiaclóireacht á sárú ag UJ agus í ag gníomhú ní de bhun a conartha cóireála féin ach mar ionadaí forfheidhmithe do DZK Deutsche Zahnklinik. Go deimhin, fiú dá mbeadh DZK Deutsche Zahnklinik ceadaithe sa Ghearmáin mar chlinic fiacla, ní bheadh údarú feidhmithe aige san Ostair de réir an dlí is infheidhme maidir le bunaíochtaí cóireála ná údarú de réir ZÄG aige. Thairis sin, bheadh struchtúr a scairchaipitil ar neamhréir le forálacha an dlí sin.
50 Is ábhar amhrais ag an gcúirt sin an bhfuil forálacha ZÄG, ina bhforáiltear go príomha do dhéanamh díreach agus pearsanta na gairme beatha agus don tsaoire chun seirbhísí a sholáthar ‘go sealadach’ do ‘náisiúnaigh LEE’ amháin, i gcomhréir leis an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar dá bhforáiltear in Airteagail 56 CFAE et seq., go háirithe sa chás i gceist sna príomhimeachtaí. I dtaca leis sin, cuireann an chúirt a rinne an tarchur i dtreis, go mbíonn a seirbhísí á soláthar go buan ag an bhfiaclóir seachtrach de réir conartha cóireála, go páirteach ón gcoigríoch, trí theicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, agus go páirteach go náisiúnta, trí iarraidh, mar ionadaí forfheidhmithe, ar fhiaclóir a bhfuil údaraithe leis an ngairm bheatha sin a fheidhmiú san Ostair.
51 Ó thaobh DZK Deutsche Zahnklinik de, tógann an chúirt a rinne an tarchur an cheist an bhfuil a chur i bhfeidhm maidir leis na forálacha maidir le cleachtais grúpa in Airteagal 26 de ZÄG, ar dá réir nach féidir fiaclóirí a thabhairt síos do pháirtithe, ar neamhréir leis an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar. Chuige sin, tagraíonn sí don chásdlí ar dá réir a cheadaítear do na Ballstáit srian a chur leis an tsaoirse chun seirbhísí leighis agus ospidéil a sholáthar, sa mhéid is gá le hacmhainneacht cúraim sláinte nó cumas leighis go náisiúnta ar mhaithe leis an sláinte phoiblí, fiú ar mhaithe le maireachtáil an phobail (breithiúnais an 28 Aibreán 1998, Kohll, C‑158/96, EU:C:1998:171, mír 51, agus an 13 Bealtaine 2004, Müller-Fauré agus van Riet, C‑385/99, EU:C:2003:270, mír 67). Dar leis an gcúirt sin, ní gá go gcinntíonn daoine nádúrtha a airde sin de chumas leighis agus a chinntíonn daoine dlíthiúla.
52 Sna himthosca sin, chinn an Oberster Gerichtshof (an Chúirt Uachtarach) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt le haghaidh réamhrialú:
‘1. (a) An mbaineann raon feidhme Airteagal 3(d) de Threoir [2011/24], faoina meastar, i gcás teilileighis, go gcuirtear cúram sláinte ar fáil sa Bhallstát ina bhfuil an soláthraí cúraim sláinte bunaithe, le críocha aisíocaíocht costas Airteagal 7 amháin?
(b) Sa chás go dtabharfar freagra diúltach ar cheist [1(a)], an leagtar síos in Airteagal 3(d) de Threoir 2011/24 prionsabal ginearálta na tíre tionscnaimh maidir le seirbhísí teilileighis?
(c) An leagtar síos i dTreoir [2000/31] prionsabal na tíre tionscnaimh maidir le seirbhísí teilileighis?
2. (a) An ndéanann “cúram sláinte i gcás teilileighis” de réir bhrí Airteagal 3(d) de Threoir 2011/24 tagairt go heisiach do sheirbhísí leighis aonair a sholáthraítear (ar bhonn trasteorann) le tacaíocht ó theicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide (TFC), nó do chonradh cóireála iomlán, a bhféadfadh scrúduithe fisiceacha i dtír chónaithe an othair a bheith san áireamh freisin?
(b) Más féidir scrúduithe fisiceacha a chur san áireamh, ar cheart go mbeadh seirbhísí tacaithe ag TFC ceannasach le go mbeidh “cúram sláinte i gcás teililieighis” ann agus, más ea, cad iad na critéir faoinar cheart an cheannasacht a mheas?
(c) An bhfuil cóireáil leighis ina hiomláine le feiceáil mar sheirbhís “cúraim sláinte trasteorann” de réir bhrí Airteagal 3(d) agus (e) de Threoir 2011/24 más rud é, ó thaobh an othair de, go soláthraíonn an soláthraí cúraim sláinte atá bunaithe sa Bhallstát eile lena bhfuil conradh cóireála tugtha i gcrích ag an othar (sa chás seo, clinic fiaclóireachta), cuid den chóireáil iomlán trí úsáid a bhaint as TFC, cé go soláthraítear an chuid eile den tseirbhís fhoriomlán ag soláthraí cúraim sláinte ([leis an bhfiaclóireacht]) atá bunaithe sa Bhallstát céanna leis an othar?
3. (a) 3.1. Ar cheart Airteagal 2(n) i gcomhar le hAirteagail 3(d) agus [4(1)(a)] de Threoir 2011/24, i gcomhar le hAirteagal 5(3) de Threoir 2005/36/CE (an Treoir maidir le Cáilíochtaí Gairmiúla), a léiriú sa chaoi nach mór do chlinic fiaclóireachta atá bunaithe sa Ghearmáin cloí leis na rialacha gairmiúla náisiúnta, dlí nó riaracháin atá infheidhme ansin i gcásanna “cúram sláinte trí theilileighis” san Ostair [go háirithe Míreanna 24, 26, 31 de ZÄG]?
b) An bhfuil Airteagal 5(3) de Threoir 2005/36 le léiriú sa chaoi go mbogann soláthraí cúraim sláinte go Ballstát eile má sholáthraíonn sé seirbhísí leighis arna dtacú ag TFC amháin? Mura bhfuil, an ionann é agus aistriú go Ballstát eile má tá scrúduithe fisiceacha nó cóireáil fhisiceach déanta aige, agus iad curtha i gcrích ag gníomhairí ionadacha i dtír chónaithe an othair?
4. An gcuirtear cosc leis an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 56 CFAE ar cheanglais in [ZÄG], a dhéanann foráil go príomha i Mír 24 et seq. do chleachtas gairmiúil díreach agus pearsanta agus nach gceadaítear saorghluaiseacht seirbhísí faoi chuimsiú Mhír 31 de ZÄG ach ‘go sealadach’ le haghaidh ‘náisiúnaigh LEE’, eadhon le haghaidh cásanna amhail an ceann atá idir lámha, ina soláthraíonn fiaclóir eachtrach – go buan i bprionsabal – seirbhísí le tacaíocht TFC ó thar lear i bpáirt (sa bhrí de sheirbhís chomhfhreagrais trasteorann) agus i bpáirt laistigh den tír trí rannpháirtíocht fiaclóra Ostaraigh atá údaraithe chun an ghairm a chleachtadh, mar ghníomhaire ionadach ar conradh cóireála aonfhoirmeach?’
Na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú
Inghlacthacht na gceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú
53 Áitíonn Poblacht na hOstaire agus comhlachas fiaclóirí na hOstaire gur neamh-inghlactha na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú.
54 Ar dtús, b’hipitéiseach an chéad cheist go dtí an tríú ceist a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú sa mhéid gur bun leo an bhuntuiscint earráideach gur féidir teilileigheas a thabhairt síos don déadchóireáil i gceist sna príomhimeachtaí. Is é fírinne an scéil go mbeadh saoirse chun an tseirbhís leighis a sholáthar i gceist leis an teilileigheas. Sa chás seo, is í an fiaclóir is páirtí, i láthair an othair, a dhéanfadh an chuid is mó den chóir leighis. Dá bhrí sin, sa chás seo, níorbh infheidhme Treoracha 2011/24, 2000/31 agus 2005/36 ag aon ghníomh teilileighis.
55 Ansin, b’hipitéiseach an tríú ceist mar sin de dheasca feidhm gan bheith ag Treoir 2005/36 maidir le daoine dlíthiúla, ar nós DZK Deutsche Zahnklinik.
56 Faoi dheireadh, ní raibh an cheathrú cheist i gcomhréir le ceanglais na soiléire agus na beaichte dá bhforáiltear in Airteagal 94 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte.
57 I dtaca leis sin, is leor a lua, de pháirt, nuair nach cosúil ar bhealach follasach nach bhfuil aon bhaint ag léiriú forála de dhlí an Aontais le fíorais iarbhír nó le cuspóir na díospóide sna príomhimeachtaí, nach mbaineann an agóid bunaithe ar neamh-infheidhmeacht na forála sin i leith an cháis sna príomhimeachtaí le hinghlacthacht na hiarrata ar réamhrialú, ach baineann sí le substaint na gceisteanna (breithiúnais an 5 Meith 2025, Elektrorazpredelitelni mrezhi Zapad, C‑310/24, EU:C:2025:406, mír 46 agus an cásdlí dá dtagraítear).
58 Den pháirt eile, is léir ón iarraidh ar réamhrialú go mbaineann an cheathrú ceist a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú a bhaineann le léiriú ar Airteagal 56 CFAE leis nach gcuireann an chúirt a rinne an tarchur as an áireamh gur féidir gur neamh-infheidhme Treoracha 2011/24, 2000/31 agus 2005/36 maidir leis sa chás seo. Mar sin, dar leis an gcúirt sin, d’fhéadfaí a mheas go soláthraíonn DZK Deutsche Zahnklinik seirbhísí sláinte trasteorann, is intagtha iad faoi raon feidhme an Airteagail sin.
59 Dá bhrí sin, is inghlactha na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú.
An dara ceist
60 Leis an dara ceist dá cuid, nach mór plé léi ar an gcéad dul síos, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an bhfuil Airteagal 3(d) agus (e) de Threoir 2011/24 le léiriú sa chaoi nach mbaineann an coincheap cúram sláinte trasteorann arna thabhairt i gcás teilileighis, de réir bhrí na forála sin, ach le cúram sláinte arna thabhairt d’othar ag soláthraí cúraim sláinte atá bunaithe i mBallstát seachas Ballstát cleamhnaithe an othair sin, go cianda agus mar sin gan an t‑othar sin agus an soláthraí sin a bheith san aon áit ag an am céanna go fisiciúil, trí theicneolaíoctaí faisnéise agus cumarsáide amháin nó an féidir go bhfuil cóir chasta leighis i gceist leis an gcoincheap sin, ina n‑áirítear, seachas cúram sláinte arna sholáthar go cianda trí na teicneolaíochtaí sin, cúram sláinte arna thabhairt sa Bhallstát cleamhnaithe ag soláthraí eile, atá bunaithe sa Bhallstát sin, i láthair fhisiciúil an othair. Sa dara cás sin, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur an gá go ndéanfaí an chuid is mó den chúram sláinte trí na teicneolaíochtaí sin agus, i gcás inarb iomchuí, na critéir ar a mbun a bhfuil measúnú le déanamh ar an gcuid is mó sin.
61 Ní mór a lua ar dtús, de pháirt, nach ndéantar le hAirteagal 3(d) de Threoir 2011/24 ach a shainiú go sainmhínítear an Ballstát cóireála mar an Ballstát inarb amhlaidh a thugtar cúram sláinte don othar agus, i gcás teilileighis, go meastar go dtugtar cúram sláinte sa Bhallstát ina bhfuil an soláthraí cúraim sláinte bunaithe. Den pháirt eile, i gcomhréir le hAirteagal 3(e) den Treoir sin, is é cúram sláinte trasteorann cúram sláinte a chuirtear ar fáil nó a oideasaítear i mBallstát seachas an Ballstát cleamhnaithe.
62 Ó tharla nach ndéantar sainmhíniú in Airteagal 3(d) agus (e) ná in aon fhoráil den Treoir sin an téarma ‘teilileigheas’ ná aon tagairt do dlí na mBallstát ó thaobh a leithéide de shainmhíniú, is téarma ar leith de dhlí an Aontais an téarma sin. Mar sin, ní mór é a léiriú i gcomhréir lena ghnáthbrhí sa ghnáthchaint, i bhfianaise chomhthéacs a úsáide agus an gcuspóirí faoina dtugtar leis an reachtaíocht lena mbaineann sé (breithiúnas an 30 Aibreán 2025, Galte, C‑63/24, EU:C:2025:292, mír 29 agus an cásdlí dá dtagraítear). Thairis sin, d’fhéadfadh gnéithe atá ábhartha dá léiriú a bheith ag gabháil le bunús forála de dhlí an Aontais chomh maith (féach breithiúnas an 10 Nollaig 2018, Wightman agus páirtithe eile, C‑621/18, EU:C:2018:999, mír 47 agus an cásdlí dá dtagraítear).
63 Ó thaobh an léirithe litriúil de, baineann gnáthbhrí an téarma ‘teilileigheas’, de réir a sanasaíochta, le seirbhísí leighis a sholáthraítear go cianda, ós amhlaidh gurb í cian atá i gceist leis an réimír ‘teili’. A dhála sin, mar is léir ó fhocail Airteagal 3(d) agus (e) de Threoir 2011/24, is gá cúram sláinte a thabhairt nó a oideasú i mBallstát seachas an Ballstát cleamhnaithe ar mhaithe leis go dtagann cúram sláinte arna thabhairt i gcás teilileighis faoi choincheap an chúraim sláinte trasteorann.
64 Ó thaobh an léirithe chomhthéacsúil de, ní mór a chinneadh, ar an gcéad dul síos, go bhforáiltear sa chéad abairt d’Airteagal 3(d) de Threoir 2011/24 don riail ghinearálta a bhaineann, i bprionsabal, le gach cúram sláinte, is é sin gurb é an Ballstát cóireála an Ballstát inarb amhlaidh a thugtar an cúram sláinte. Bunaítear eisceacht ón riail ghinearálta sin sa dara habairt d’Airteagal 3(d) sin ar dá réir, i gcás teilileighis, a mheastar go dtugtar cúram sláinte sa Bhallstát ina bhfuil an soláthraí cúraim sláinte bunaithe.
65 De réir cásdlí comhsheasmhach, léirítear go cruinn eisceachtaí sa chaoi is nach gcuirfí na rialacha ginearálta óna brí (breithiúnas an 30 Aibreán 2025, Generalstaatsanwaltschaft Frankfurt am Main (Onnmhairiú Airgid Thirim go dtí an Rúis), C‑246/24, EU:C:2025:295, mír 27 agus an cásdlí dá dtagraítear).
66 Tugtar le tuiscint uaidh sin nach inléirithe an dara habairt sa chaoi gur féidir baint a bheith ag an eisceacht sin le cúram sláinte seachas an teilileigheas. Dá bhrí sin, is de bun na críche inarb amhlaidh a thugtar cúram sláinte nach mór Ballstát cóireála chúraim sláinte nach teilileighis é a chinntiú.
67 Ar an dara dul síos, sainmhínítear ‘cúram sláinte’ in Airteagal 3(a) de Threoir 2011/24 mar sheirbhísí sláinte arna soláthar ag gairmithe sláinte d’othair le measúnú a dhéanamh ar a sláinte lena n‑athchur, lena gcoimeád ina sláinte, ina n‑áirítear trí oideasú, agus le dáileadh agus soláthar cógais agus gléasanna leictreonacha.
68 Mar sin, d’fhéadfadh raon mór seirbhísí sláinte a bheith i gceist leis an gcoincheap cúraim sláinte. Bíodh is go bhfuil an t‑aon chuspóir teiripe ag na seirbhísí sin i bprionsabal, is féidir gach ceann acu a bheith soláthartha ag gairmithe éagsúla nó chun críocha sonracha mar chuid den chúram sláinte, ar chuntar gur cúram casta sláinte é seo. I gcás inarb iomchuí, is féidir roinnt de na seirbhísí sin a thabhairt nó a oideasú i mBallstát seachas an Ballstát cleamhnaithe.
69 Dá bhrí sin, d’fhéadfadh cúram sláinte trasteorann, de réir bhrí Airteagal 3(d) agus (e) de Threoir 2011/24, a bheith i gceist le seirbhís sláinte arna soláthar i gcomhthéacs teilileighis, bíodh, de bharr na caoi sonraí lena leithéid de sheirbhís a sholáthar, is go bhfuil sé faoi réir rialacha sonracha, go háirithe ó thaobh an dlí is infheidhme maidir lena soláthar. Is féidir gurb éagsúil na rialacha sin leis na rialacha is infheidhme maidir le seirbhísí eile sláinte mar chuid den aon chóir chasta leighis.
70 Ar an tríú dul síos, ní mór a thabhairt chun cuimhne go bhforáiltear trí Airteagal 7(7) de Threoir 2011/24 dá gcomhionann de choinníollacha agus a cheanglófaí dá dtabharfaí an cúram sláinte sin sa Bhallstát sin a chur i bhfeidhm maidir le hárachaí a theastaíonn uaidh cúiteamh sna costais cúraim sláinte trasteorann, ‘ina n‑áirítear cúram sláinte arna fháil trí theilileigheas’. Mar a chuir an tAbhcóide Ginearálta in iúl, go bunúsach, i mír 56 dá Thuairim, tá sé le tuiscint ón nath ‘ina n‑áirítear’ gur féidir ‘cúram sláinte trasteorann’ arna shainmhíniú in Airteagal 3(e) den Treoir sin a bheith i gceist le cúram sláinte arna thabhairt nó arna oideasú trí theilileigheas.
71 Ar an gceathrú dul síos, mar a luaigh an Coimisiún ina bharúlacha i scríbhinn, sainmhínítear in Airteagal 2 de Threoir 2000/31, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 1(1)(b) de Threoir 2015/1535, ‘seirbhís na sochaí faisnéise’ mar ‘aon seirbhís a sholáthraítear de ghnáth ar luach saothair, go cianda nó trí mheán leictreonach ar iarraidh ar leith ag faighteoir na seirbhíse’. Soláthraítear seirbhís go cianda i gcás nach bhfuil na páirtithe ‘i láthair ag an am céanna’.
72 Ní mór a chur i dtreis, in Iarscríbhinn I de Threoir 2015/1535, a bhaineann le ‘Liosta Táscach na Seirbhísí nach dtagann faoin dara fomhír d’Airteagal 1(1)(b)’ na Treorach sin, go luaitear i mír 1 mar ‘s[h]eirbhísí nach soláthraítear “go cianda”’ ‘seirbhísí arna soláthar i láthair go pearsanta ag an soláthraí agus ag an duine lena mbaineann, fiú má tá úsáid gléis leictreonaigh i gceist leo’ agus, go háirithe ‘scrúdú nó cóireáil leighis i lialann dochtúra trí threalamh leictreonach, ach i láthair an othair go pearsanta’. A dhála sin, luaitear in aithris 18 de Threoir 2000/31 nach ‘seirbhísí sochaí faisnéise iad gníomhaíochtaí nach indéanta, de réir a gcinéil, go cianda trí ríomhphost, ar nós [...] comhairliúchán leighis a bhfuil scrúdú fisiciúil ar othar de dhíth air’.
73 Mar sin, ní féidir a mheas gur seirbhísí sochaí faisnéise agus cumarsáide iad seirbhísí sláinte trasteorann arna soláthar ag soláthraí d’othar, atá san áit ag an am céanna, fiú má tá úsáid teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide i gceist leis, agus nach féidir leo teacht faoi choincheap an teilileighis de réir Airteagal 3(d) de Threoir 2011/24 mar sin.
74 Os a choinne sin, d’fhéadfadh seirbhísí sláinte arb amhlaidh a sholáthraítear go cianda, is é sin gan an soláthraí agus an t‑othar a bheith san aon áit go fisiciúil leis an othar, trí na teicneolaíochtaí sin a bheith i gceist leis an gcoincheap seibhís faisnéise agus le ‘teilileigheas’ mar sin, fiú i gcás ina dtugtar é mar chuid de chóir chasta leighis ina n‑áirítear cúram sláinte arna thabhairt ag soláthraí atá san aon áit leis an othar go fisiciúil chomh maith.
75 Ní thugtar an anailís sin faoi cheist leis an gcásdlí dar thagair an chúirt a rinne an tarchur agus a thugtar chun cuimhne i mír 45 den breithiúnas seo.
76 Go deimhin, de réir an chásdlí, de pháirt, ní mór ‘seirbhís na sochaí faisnéise’ a thabhairt síos do sheirbhís trína bhféachtar le custaiméirí agus soláthraithe seirbhíse eile atá de chineál éagsúil a thabhairt i gceann a chéile agus atá i gcomhréir leis na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 1(1)(b) de Threoir 2015/1535 i gcás inar seirbhís ar leith atá de chineál éagsúil arna sholáthar ag na soláthraithe sin a leithéid de sheirbhís. Den pháirt eile, caithfidh nach amhlaidh an cás más cosúil gur cuid dhílis an tseirbhís tabhartha le chéile sin de sheirbhís chuimsitheach, a thugtar a mhalairt síos don phríomhchuid di de réir dlí ar ‘sheirbhís sochaí faisnéise’ (féach, chuige sin, breithiúnas an 29 Feabhra 2024, Doctipharma, C‑606/21, EU:C:2024:179, mír 35 agus an cásdlí dá dtagraítear).
77 Baineann an cásdlí sin le seirbhísí arna soláthar trí ardáin ar líne is gá a bhaineann siad le seirbhísí eile is féidir gurb ionann iad le chéile, de réir a chomhtháite agus atá siad, agus seirbhís chuimsitheach ar leith.
78 Os a choinne sin, is cóir chasta leighis ar leith é gach cúram sláinte, ina n‑áirítear i gcás, i gcomhar le cúram sláinte eile, ina bhfuil cúram sláinte casta i gceist leo, ar feadh is gá sainghnéithe proifisiúnta ina leith agus a bhfuil siad i gcomhréir leis na ceanglais theicniúla a bhaineann go sonrach leo.
79 Sa chás seo, tá cóireáil ortódóntaice bhranda DrSmile de chineál casta de réir na ndoiciméad arna gcur faoi bhráid na Cúirte. Go deimhin, tá roinnt cúraimí sláinte i gceist nach bhfuil a chomhtháithe sin gur seirbhís chuimsitheach ar leith iad, bíodh an t‑aon chuspóir teiripe amháin acu.
80 Go deimhin, cé go dtugann DZK Deutsche Zahnklinik an cúram sláinte teilileighis sin atá de dhíth ar an gcóireáil sin, déanann UJ, mar fhiaclóir is páirtí, ina cleachtas féin, anaimnéis, comhairliúchán faisnéise agus scanadh 3T ar an ngiall agus aon réamhchóireáil atá de dhíth ar fheistiú béalchléithíní as sin amach. Gan beann ar aon mheasúnú an féidir go bhfuil an chuid is mó den chúram sláinte á thabhairt ag UJ nó ag DZK Deutsche Zahnklinik, is cosúil go soláthraíonn UJ cúram sláinte go neamhspleách, ar iarraidh an othair, agus an fhiaclóireacht á déanamh aici san Ostair agus cláraíonn sí toradh a gníomhaíochta i moladh faoi bhráid DZK Deutsche Zahnklinik maidir leis an ngnáthamh ailínithe fiacla. Is deimhin gur cuid í gníomhaíocht UJ de chóireáil ortódóntaice bhranda DrSmile. Níl an ghníomhaíocht sin agus an chóireáil sin le cur trína chéile, áfach, a bhfuil a neamhspleáiche céanna de soláthar cúraimí sláinte teilileighis ar leith ag DZK Deutsche Zahnklinik de dhíth ar a déanamh ina hiomláine, agus saothar á roinnt mar a rialaítear trí chaidreamh conarthach idir DZK Deutsche Zahnklinik agus UJ.
81 Cuirtear treise leis na breithnithe sin trí bhreithiúnas an 2 Nollaig 2010, Ker-Optika (C‑108/09, EU:C:2010:725, míreanna 32 go 40), inarb amhlaidh a rinne an Chúirt scrúdú ar sholáthar seirbhíse casta sláinte arb é a bhí i gceist leis ná díol ar líne agus seachadadh lionsaí tadhaill, roimh chomhairliúchán leighis. Sa chás seo, rinne an Chúirt idirdhealú idir díol ar líne agus seachadadh lionsaí tadhaill, ag cinneadh nárbh infheidhme Treoir 2000/31 ach maidir leis an díol, ní leis an seachadadh. Thairis sin, shonraigh sé nach bhfuil feidhm ag an Treoir sin, i gcomhréir le haithris 18 maidir le comhairliúcháin leighis a bhfuil scrúdú fisiciúil ar an othar de dhíth orthu, nach bhfuil inmheasta mar sheirbhís na sochaí faisnéise.
82 Ó thaobh léiriú teileolaíoch, ní mór a thabhairt chun cuimhne go bhféachtar, trí Threoir 2011/24, i gcomhréir leis an gcéad abairt d’Airteagal 1(1) di, arna léamh i bhfianaise aithris 10 di, inter alia, le rochtain a éascú ar chúram sláinte trasteorann atá sábháilte agus ar ard-chaighdeán agus spreagtar tríthi comhoibriú ó thaobh cúram sláinte idir na Ballstáit, i lán‑chomhréir leis an dlínse náisiúnta ó thaobh bainistithe agus soláthair cúram sláinte.
83 Is amhlaidh gur cleachtas leighis é teilileigheas, is é sin leigheas trasteorann sa chás seo, trína n‑éascaítear rochtain ar chúram sláinte arna thabhairt i mBallstát eile ina bhfuil soláthraí an chúraim sin bunaithe, seachas an Ballstát cleamhnaithe ina bhfuil cónaí ar na hothair is faighteoirí de iad.
84 Mar sin, is mar gheall ar chineál agus sainghnéithe an chleachtais leighis sin, i bhfianaise chineál trasteorann an chúraim sláinte, ciansoláthair, is é sin gan an gairmí sláinte agus an t‑othar a bheith san aon áit ag an am céanna agus teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a úsáid, gur fhoráil reachtóir an Aontais do reachtaíocht mhaolaitheach ó thaobh shocrú an Bhallstáit cóireála agus an dlí is infheidhme maidir lena leithéid de chleachtas.
85 Ní hamhlaidh amháin nach dtabharfaí bunús trína leithéid de reachtaíocht mhaolaitheach le soláthar cúraim sláinte a bhfuil sé de dhíth air go bhfuil an soláthraí agus an t‑othar san aon áit ag an am céanna, ach gur féidir difear a dhéanamh tríthi do chuspóir Threoir 2011/24, a luaitear i mír 82 den bhreithiúnas seo agus in Airteagal 168 CFAE, is bunús dlí na Treorach sin iad, in éineacht le hAirteagal 114 CFAE. Ní mór a thabhairt chun cuimhne, i dtaca leis sin, go socraítear trí Airteagal 168(1) agus (7) CFAE an cuspóir ginearálta maidir leis an sláinte a choimeád ar ardchosaint trí fhoráil mar is gá do chomhlíonadh fhreagrachtaí na mBallstát ó thaobh shainiú a mbeartais sláinte poiblí agus bainistithe agus soláthartha seirbhísí sláinte agus cúraim.
86 Mar a chuir an Coimisiún i dtreis agus an ceart aige, bhainfí ó inniúlacht an Ballstáit cóireála a chúram sláinte a bhainistiú agus chuirfí dochtúirí agus othair faoi mhídheimhneacht dlí trí rialacha sábháilteachta, sláinteachais agus freagrachta Ballstáit eile a chur i bhfeidhm maidir le dochtúir ag obair i mBallstát ina bhfuil sé bunaithe, de thoisc amháin go bhfuil cúram sláinte arna thabhairt trí theilileigheas ag dochtúirí eile arna mbunú i mBallstáit eile i gceist leis an gcóir chasta leighis chomh maith, ar chuid di an ghníomhaíocht sin.
87 Ó thaobh bhunús Airteagal 3(d) agus (e) de Threoir 2011/24 de, ní mór a thabhairt chun cuimhne, ar dtús, go sainmhínítear ‘teilileigheas’ sa litir ón gCoimisiún an 4 Samhain 2008 chuig Parlaimint na hEorpa, an gComhairle, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste na Réigiún maidir le teilileigheas ar son othar, córais cúraim sláinte agus an tsochaí (COM(2008) 689 final) mar ‘chiansoláthar seirbhísí cúraim sláinte trí theicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide i gcásanna nach bhfuil an gairmí sláinte agus an t‑othar (nó beirt gairmithe sláinte) san aon áit go fisiciúil. Bíonn seoladh lán‑sábháilte sonraí agus faisnéis leighis de dhíth air trí théacs, fuaim, íomhá agus bealaí eile a dhéantar gur gá iad ar mhaithe leis an gcosaint, leis an diagnóis agus le cóireáil agus iarchúram othar.
88 Ansin, mar a luaigh an tAbhcóide Ginearálta i mír 53 dá Thuairim, is ábhartha an litir sin le measúnú a dhéanamh ar an gciall leis an téarma ‘teilileigheas’ a d’úsáid an Coimisiún sa togra le haghaidh Treorach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cur i bhfeidhm ceart othar ó thaobh cúram sláinte trasteorann de an 2 Iúil 2008 (COM(2008) 414 final), ina luaitear an litir sin. Sa togra sin, luaigh an Coimisiún gur cheann de mhodhanna soláthartha ‘cúram sláinte trasteorann’ ab ea ‘cúram sláinte trasteorann a sholáthar (is é sin le rá, soláthar seirbhíse ó Ballstát amháin go Ballstát eile) ar nós seirbhísí teilileighis, diagnóise agus oideasaithe go cianda, nó seirbhísí saotharlainne’. De réir an togra sin, is éagsúil an modh soláthartha sin le trí mhodh soláthartha cúraim sláinte eile, is iad sin cúram sláinte arna fháil ón gcoigríoch, soláthraí cúraim sláinte a bheith i mbuanláthair Ballstáit eile agus an soláthraí a bheith i láthair shealadach Bhallstát an othair le seirbhísí a sholáthar.
89 Faoi dheireadh, mar a luaigh an tAbhcóide Ginearálta i mír 54 dá Thuairim, níor cuireadh faoi chonspóid an tuiscint sin ar an gcoincheap ‘teilileigheas’ le linn an phróisis reachtaigh.
90 Tugtar le tuiscint uaidh sin, ó thaobh Threoir 2011/24, gurb é is cinntitheach maidir leis an gcoincheap ‘teilileigheas’, de réir mar a thuigeann reachtóir an Aontais, go dtugann soláthraí cúraim sláinte atá bunaithe ina mhalairt de Bhallstáit ar an mBallstát cleamhnaithe an tseirbhís sláinte don othar, go cianda agus mar sin gan an t‑othar sin agus an soláthraí sin a bheith san aon áit ag an am céanna go fisiciúil, trí theicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide.
91 Mar sin, ní bhaineann an coincheap sin le haon soláthar seirbhíse sláinte a dhéantar i gcomhthéacs ina bhfuil na gníomhaithe sin san aon áit ag an am céanna go fisiciúil, gan beann air go ndéantar an soláthar sin mar chuid de chóir chasta leighis, a sholáthraítear seirbhísí sláinte de chineál éagsúil mar chuid de, a thugtar ar chaíonna ar leith.
92 Agus na cúrsaí amhlaidh, ní ábhartha do thabhairt síos do gach cúram sláinte i bhfianaise shocrú an Bhallstáit cóireála, i gcomhréir le hAirteagal 3(d) de Threoir 2011/24, an measúnú cé acu de cheann amháin nó ceann eile de sheirbhísí na cóireála sin is príomhchuid é.
93 I bhfianaise an mhéid thuasluaite, an freagra atá le tabhairt ar an dara ceist ná go bhfuil Airteagal 3(d) agus (e) de Threoir 2011/24 le léiriú sa chaoi nach mbaineann an coincheap cúram sláinte trasteorann arna thabhairt i gcás teilileighis, de réir bhrí na forála sin, ach le cúram sláinte arna thabhairt d’othar ag soláthraí cúraim sláinte atá bunaithe i mBallstát seachas Ballstát cleamhnaithe an othair sin, go cianda agus mar sin gan an t‑othar sin agus an soláthraí sin a bheith san aon áit ag an am céanna go fisiciúil, trí theicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide amháin.
An chéad cheist
94 Leis an gcéad cheist dá cuid, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, de pháirt, an bhfuil Airteagal 3(d) de Threoir 2011/24 le léiriú sa chaoi go bhfuil feidhm aige maidir le gach réimse arna rialú leis an Treoir sin nó le cúiteamh costas cúraim sláinte trasteorann dá dtagraítear in Airteagal 7 den Treoir sin amháin agus, den pháirt eile, an bhfuil Airteagal 3(d) sin agus Airteagal 3(1) de Threoir 2000/31 le léiriú sa chaoi nach mór seirbhísí teilileighis a thabhairt i gcomhréir le reachtaíocht an Bhallstáit ina bhfuil an soláthraí bunaithe.
95 Ní mór, ar an gcéad dul síos, a lua, mar a cuireadh i dtreis i mír 82 den bhreithiúnas seo, i gcomhréir leis an gcéad abairt d’Airteagal 1(1) di, arna léamh in éineacht le haithris 10 di, go bhféachtar tríd an Treoir seo le rialacha a bhunú le rochtain a éascú ar chúram sláinte trasteorann atá sábháilte agus ar ardchaigheán san Aontas, agus le soghluaiseacht othar a chinntiú i gcomhréir leis na prionsabail arna mbunú ag an gCúirt agus le comhoibriú a chothú ó thaobh cúram sláinte sna Ballstáit, i lánchomhréir le freagrachtaí na mBallstát maidir le sainiú na seirbhísí sábháilteachta sóisialta a bhaineann leis an sláinte agus maidir le bainistiú agus soláthar cúraim sláinte, córa leighis agus seirbhísí sábháilteachta sóisialta, go háirithe le haghaidh na breoiteachta.
96 Thairis sin, de réir struchtúr féin na Treorach sin, a chuirtear síos air i mír 17 den bhreithiúnas seo, nach é amháin a dhéantar tríthi, ar mhaithe leis na cuspóirí arna lua sa mhír roimhe seo den bhreithiúnas seo a chomhlíonadh, ná rialacha a leagan síos maidir le cúiteamh costais cúraim sláinte trasteorann.
97 Is deimhin gurb amhlaidh go leagtar síos rialacha maidir leis sin i gCaibidil III den Treoir seo. Mar sin féin, foráiltear i gCaibidil II de Threoir 2011/24 do rialacha maidir le freagrachtaí na mBallstát ó thaobh cúram sláinte trasteorann. Tá a leanas, i measc eile, i gCaibidil II sin: ar dtús, Airteagal 4(1) den Treoir sin, ar dá réir a thugtar cúram sláinte trasteorann i gcomhréir le reachtaíocht an Bhallstáit cóireála, leis na rialacha agus treoracha maidir le cáilíocht na sábháilteachta arna mbunú ag an mBallstát sin agus le reachtaíocht an Aontais maidir le rialacha sábháilteachta agus, anuas air sin, Airteagal 5 den Treoir sin, ar dá réir a chinnteodh an Ballstát cleamhnaithe ní amháin go gcúiteofaí na costais cúraim sláinte trasteorann i gcomhréir le Caibidil III den Treoir sin, ach a chinnteodh sé cearta na n‑othar ó thaobh an iarchúraim leighis agus rochtain ar thaifid leighis inter alia, chomh maith.
98 A dhála sin, leagtar amach rialacha i gCaibidil IV de Threoir 2011/24 maidir le comhoibriú ó thaobh cúram sláinte, ar rialacha iad nach mbaineann leis an gcomhar is gá leo chun costais an chúraim sin a chúiteamh amháin.
99 Tugtar le tuiscint uaidh sin nach é atá i gceist amháin le raon feidhme Threoir 2011/24 agus réim Airteagal 3(d) di ná cúiteamh na gcostais cúraim sláinte trasteorann.
100 Ar an dara dul síos, de réir fhocail Airteagal 4(1) de Threoir 2011/24, mar a tugadh chun cuimhne i mír 97 den bhreithiúnas seo, tugtar cúram sláinte trasteorann i gcomhréir le reachtaíocht an Bhallstáit cóireála, leis na rialacha agus treoracha maidir le cáilíocht na sábháilteachta arna mbunú ag an mBallstát sin agus le reachtaíocht an Aontais maidir le rialacha sábháilteachta.
101 Mar sin, seachas reachtaíocht an Aontais maidir leis na rialacha sábháilteachta, níl le comhlíonadh ó thaobh reachtaíocht naisiúnta, caighdeán agus treoracha náisiúnta ó thaobh cáilíochta agus sábháilteachta agus an cúram sláinte á sholáthar, ó thaobh raon feidhme Threoir 2011/24, ach an reachtaíocht naisiúnta, caighdeán agus treoracha náisiúnta ó thaobh cáilíochta agus sábháilteachta de chuid an Bhallstáit cóireála, arna shainiú in Airteagal 3(d) den Treoir sin.
102 Dá bhrí sin, ní mór cúram sláinte trasteorann a bhaineann leis an teilileigheas, ós rud é go meastar go dtugtar é sa Bhallstát ina bhfuil soláthraí an chúraim bunaithe, a bheith i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta agus leis na rialacha agus treoracha de chuid an Bhallstáit sin ó thaobh cáilíochta agus sábháilteachta, mar aon le reachtaíocht an Aontais maidir leis na rialacha sábháilteachta.
103 Thairis sin, ní mór a thabhairt chun cuimhne go sonraítear in Airteagal 2(e) de Threoir 2011/24 go bhfuil a cur i bhfeidhm gan dochar do Threoir 2000/31. Sa mhéid gur féidir le seirbhís teilileighis a bheith ag teacht leis an gcoincheap ‘seirbhís na sochaí faisnéise’ de réir bhrí Airteagal 2(a) de Threoir 2000/31, tagann sí faoi raon feidhme na Treorach sin.
104 Foráiltear in Airteagal 3 de Threoir 2000/31 nach mór seirbhísí na sochaí faisnéise arna soláthar ag soláthraí atá bunaithe i mBallstát a bheith i gcomhréir leis na forálacha náisiúnta is infheidhme maidir leis a thagann faoin réimse comhordaithe.
105 I gcomhréir le hAirteagal 2(h) den Treoir sin, sa réimse comhordaithe sin atá na ceanglais a bhaineann, inter alia, le cáilíochtaí agus údaruithe le rochtain a fháil ar ghníomhaíocht sheirbhís shochaí na faisnéise.
106 Dá bhrí sin, ó thaobh seirbhís an chúraim sláinte i gcás teilileighis, cuirtear i bhfeidhm maidir leis an seirbhís sin, trí Threoir 2011/24 agus Treoir 2000/31, ina raon feidhme faoi seach, reachtaíocht an Bhallstáit ina bhfuil an soláthraí bunaithe.
107 I bhfianaise na mbreithnithe sin, an freagra atá le tabhairt ar an gcéad cheist ná, de pháirt, go bhfuil Airteagal 3(d) de Threoir 2011/24 le léiriú sa chaoi go bhfuil feidhm aige maidir le gach réimse arna rialú leis an Treoir sin agus ní le cúiteamh costas cúraim sláinte trasteorann dá dtagraítear in Airteagal 7 den Treoir sin amháin agus, den pháirt eile, go bhfuil Airteagal 3(d) sin agus Airteagal 3(1) de Threoir 2000/31 le léiriú sa chaoi nach mór seirbhísí teilileighis a thabhairt i gcomhréir le reachtaíocht an Bhallstáit ina bhfuil an soláthraí bunaithe.
An tríú ceist
108 Leis an tríú ceist dá cuid, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an bhfuil Airteagal 5 de Threoir 2005/36 le léiriú sa chaoi maidir, ar dtús, le soláthraí cúraim sláinte trasteorann i gcás teilileighis agus, anuas air sin, le soláthraí atá bunaithe i mBallstát eile, gan aistriú é féin, a dhéanann go dtabharfadh soláthraí atá bunaithe i mBallstát eile cúram sláinte i láthair fhisiciúil an othair atá ina chónaí sa Ballstát eile.
109 Maidir leis an gcéad chuid den cheist sin, ní mór a thabhairt chun cuimhne go bhforáiltear go sainráite in Airteagal 5(2) de Threoir 2005/36 nach mbíonn feidhm ag forálacha Theideal II den Treoir sin maidir leis an tsaoire chun seirbhísí a sholáthar, ia n‑áirítear Airteagal 5 di, ach i gcás aistriú an tsoláthraí go dtí an Ballstát ósta chun críocha gníomh proifisiúnta atá sealadach nó ócáideach a dhéanamh.
110 Mar is léir ó mhír 90 den bhreithiúnas seo, áirítear sa choincheap ‘teilileigheas’, arna lua i dTreoir 2011/24, aon seirbhís sláinte a thugann soláthraí cúraim sláinte atá bunaithe ina mhalairt de Bhallstáit ar an mBallstát cleamhnaithe an tseirbhís sláinte don othar, go cianda agus mar sin gan an t‑othar sin agus an soláthraí sin a bheith san aon áit ag an am céanna go fisiciúil, trí theicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide.
111 Dá bhrí sin, is é atá i gceist go riachtanach leis an teilileigheas go soláthraítear an tseirbhís gan aon aistriú, ní amháin ag an othar go dtí an Ballstát ina bhfuil an soláthraí bunaithe ach ag an soláthraí go dtí Ballstáit shainchónaí an othair chomh maith. Is é fírinne an scéil nach í an tseirbhís sláinte a ‘aistríonn’, de bharr a cineáil trasteorann.
112 Leis an dara cuid den tríú ceist, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur an bhféadfaí a mheas go n‑aistríonn soláthraí cúraim sláinte go dtí an Ballstát ósta i gcás ina dtugann an soláthraí cúram sláinte sa Bhallstát ósta sin trí sholáthraí eile, atá bunaithe sa Bhallstát sin agus i dteagmháil dhíreach leis an othar, de bhun forálacha conartha idir an bheirt soláthraithe.
113 Is leor a lua ina leith sin, i gcomhréir le hAirteagal 3(g) de Threoir 2011/24, gur soláthraí cúraim sláinte é aon duine nádúrtha nó dlíthiúil nó aon eintiteas eile a thugann cúram sláinte i mBallstát de réir dlí. De réir Airteagal 3(a) den Treoir sin, is cúram sláinte iad seirbhísí sláinte arna soláthar ag gairmithe sláinte, is é sin de réir bhrí Airteagal 3(f) den Treoir sin agus sa mhéid gurb ábhartha é don chás i gceist, seachas dochtúir nó cleachtóir na fiaclóireachta, duine a mheastar gur gairmí sláinte é i gcomhréir le reachtaíocht an Bhallstáit cóireála.
114 Ar dtús, sa chás seo, ós í an Ostair an Ballstáit cóireála le haghaidh seirbhísí fiaclóireachta arna ndéanamh i láthair, ní féidir a mheas gurb é DZK Deutsche Zahnklinik an soláthraí cúraim sláinte sa Bhallstát sin, ós amhlaidh nach gairmí sláinte é i gcomhréir le forálacha ZÄG, agus nach bhfuil sé údaraithe le cúram sláinte a thabhairt sa Stát sin ach go háirithe.
115 Anuas air sin, sa mhéid go mbíonn an cúram sláinte á thabhairt ag UJ, ní mór a chinneadh, ar an gcéad dul síos, gur gairmí sláinte is inmheasta mar sholáthraí an cúraim sláinte sin í ó thaobh thabhairt an chúraim sin de réir dlí de, ó tharla go bhfuil sí údaraithe leis an bhfiaclóireacht a dhéanamh san Ostair. Níorbh fhéidir gurbh ábhartha é chun críocha soláthraí cúraim sláinte a thabhairt síos don ghairmí sin nach ndearna an t‑othar aon chonradh leis an soláthraí sin agus, mar sin, nach bhfuil air íoc leis go díreach, ós cuid é an cúram sin de chóir chasta leighis dá dtagraítear i gconradh arna dhéanamh ag an othar sin le heintiteas atá bunaithe i mBallstát eile.
116 Ar an dara dul síos, b’fhicsean dlí é a chinneadh, go dtugann eintiteas, DZK Deutsche Zahnklinik, sa chás seo, atá bunaithe i mBallstát eile, mar atá an scéal, a thugann cúram sláinte arna thabhairt i láthair ag gairmí cúraim sláinte phríomhúil de thoisc téarmaí conartha amháin idir an gairmí sin agus an t‑eintiteas sin agus, dá bhrí sin, níor mhór a chinneadh gur aistrigh an t‑eintiteas sin leis an gcúram a sholáthar go fisiciúil.
117 Ar an tríú dul síos, ní inmheasta gur aistrigh gairmí sláinte go dtí Ballstát sainchónaithe an othair toisc gurbh fhéidir le soláthraí ag feidhmiú sa Bhallstát sin gníomhú thar ceann gairmí sláinte atá bunaithe i mBallstát eile ar an gcúis sin amháin (féach, chuige sin, breithiúnas an 17 Nollaig 2015, X-Steuerberatungsgesellschaft, C‑342/14, EU:C:2015:827, míreanna 34 agus 35).
118 I bhfianaise an mhéid thuasluaite, an freagra atá le tabhairt ar an tríú ceist a go bhfuil Airteagal 5 de Threoir 2005/36 le léiriú sa chaoi nach bhfuil feidhm ag an Treoir sin maidir le soláthraí cúraim sláinte trasteorann i gcás teilileighis ná maidir le soláthraí, atá bunaithe i mBallstát gan aistriú é féin, a dhéanann go dtabharfadh soláthraí atá bunaithe i mBallstát eile cúram sláinte i láthair fhisiciúil an othair atá ina shainchónaí sa Ballstát eile.
An ceathrú ceist
119 Leis an gceathrú ceist, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gcuirtear cosc trí Airteagal 56 CFAE ar reachtaíocht Ballstáit ina bhforáiltear go príomha do dhéanamh díreach pearsanta na fiaclóireachta agus gur féidir le náisiúnaigh LEE an ghairm bheatha sin a fheidhmiú sa Bhallstát sin go sealadach amháin.
120 I bhfianaise na bhfreagraí arna soláthar ar an gcéad cheist go dtí an tríú ceist, ní mór a lua, ó thaobh idir chúram sláinte arna thabhairt ag DZK Deutsche Zahnklinik agus, de pháirt, nach bhfuil feidhm maidir leo ag reachtaíocht náisiúnta na hOstaire, lena mbaineann an ceathrú ceist, toisc go dtagann an cúram sláinte teilileighis faoi Threoir 201/24. Den pháirt eile, mar a fhágann míreanna 114 go 117 den bhreithiúnas seo, ní féidir a mheas gur soláthraí cúraim sláinte san Ostair é DZK Deutsche Zahnklinik i bhfianaise an chúraim sláinte arna thabhairt i láthair fhisiciúil ag UJ sa Stát sin.
121 Ar an dara dul síos, ó thaobh an chúraim sláinte arna thabhairt i láthair fhisiciúil ag UJ, is infheidhme an reachtaíocht sin maidir léi mar sholáthraí an chúraim sin, is léir ó na doiciméid arna gcur faoi bhráid na Cúirte nach bhfuil aon chineál trasteorann iontu arb ionann é agus soláthar an chúraim sláinte sin ar dá réir arb infheidhme Airteagal 56 CFAE maidir leis an soláthar sin.
122 Agus na cúrsaí amhlaidh, ní gá rialú a thabhairt ar an gceathrú ceist.
Costais
123 Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte a rinne an tarchur, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a chur faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.
Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Ceathrú Dlísheomra) mar seo a leanas:
1. Maidir le Treoir 2011/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2011 maidir le cearta othar i gcúram sláinte trasteorann a chur i bhfeidhm,
ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:
ní bhaineann an coincheap cúram sláinte trasteorann arna thabhairt i gcás teilileighis, de réir bhrí na forála sin, ach le cúram sláinte arna thabhairt d’othar ag soláthraí cúraim sláinte atá bunaithe i mBallstát seachas Ballstát cleamhnaithe an othair sin, go cianda agus mar sin gan an t‑othar sin agus an soláthraí sin a bheith san aon áit ag an am céanna go fisiciúil, trí theicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide amháin.
2. Maidir le hAirteagal 3(d) de Threoir 2011/24,
ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:
tá feidhm aige maidir le gach réimse arna rialú leis an Treoir sin agus ní le cúiteamh costas cúraim sláinte trasteorann dá dtagraítear in Airteagal 7 den Treoir sin amháin.
3. Maidir le hAirteagal 3(d) de Threoir 2011/24 agus Airteagal 3(1) de Threoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe áirithe dlí de sheirbhísí na sochaí faisnéise, an trádáil leictreonach, go háirithe, sa Mhargadh Inmheánach (an Treoir maidir le tráchtáil leictreonach),
ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:
ní mór seirbhísí teilileighis a thabhairt i gcomhréir le reachtaíocht an Bhallstáit ina bhfuil an soláthraí bunaithe
4. Maidir le hAirteagal 5 de Threoir 2005/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Meán Fómhair 2005 i ndáil le cáilíochtaí gairmiúla a aithint,
ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:
níl feidhm ag an Treoir sin maidir le soláthraí cúraim sláinte trasteorann i gcás teilileighis ná maidir le soláthraí, atá bunaithe i mBallstát gan aistriú é féin, a dhéanann go dtabharfadh soláthraí atá bunaithe i mBallstát eile cúram sláinte i láthair fhisiciúil an othair atá ina shainchónaí sa Ballstát eile.
Sínithe
* Teanga an cháis: an Ghearmáinis.