BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Séú Dlísheomra)
15 Bealtaine 2025 ( *1 )
(Tarchur chun réamhrialú – Tráchtáil leictreonach – Treoir 2000/31/CE – Teachtaireachtaí tráchtála – Airteagal 6(c) – Tairiscintí bolscaireachta – Fógraíocht ar líne lena luaitear sainmhodh íocaíochta – Ceannach de réir sonraisc trína gcuirtear íocaíocht an phraghais díola ar athló – Faisnéis ar an ngá le réamh-mheasúnú a dhéanamh ar chreidiúnacht an tomhaltóra le linn ordú a dhéanamh ar líne agus lena linn amháin)
I gCás C‑100/24,
IARRAIDH ar réamhrialú de bhun Airteagal 267 CFAE ón Bundesgerichtshof (an Chúirt Chónaidhme Bhreithiúnais, an Ghearmáin), trí bhreith an 21 Nollaig 2023, a fuarthas ag an gCúirt an 7 Feabhra 2024, sna himeachtaí
Verbraucherzentrale Hamburg e.V.
v
bonprix Handelsgesellschaft mbH,
tugann AN CHÚIRT (an Dara Dlísheomra),
agus í comhdhéanta mar seo a leanas: K. Jürimäe, Uachtarán Dlísheomra, K. Lenaerts, Uachtarán na Cúirte, i gcáil Bhreitheamh an Dara Dlísheomra, M. Gavalec (Rapóirtéir), Z. Csehi agus F. Schalin, Breithiúna,
Abhcóide Ginearálta: N. Emiliou,
Cláraitheoir: A. Calot Escobar,
ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn,
tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:
|
– |
bonprix Handelsgesellschaft mbH, ag M. Ringer agus M. Sahner, Rechtsanwälte, |
|
– |
an Coimisiún Eorpach, G. von Rintelen agus J. Szczodrowski, i gcáil Gníomhairí, |
tar éis cinneadh a dhéanamh, i ndiaidh an tAbhcóide Ginearálta a éisteacht, breith a thabhairt ar an gcás gan Tuairim,
an Breithiúnas seo a leanas:
Breithiúnas
|
1 |
Baineann an iarraidh ar réamhrialú le léiriú ar Airteagal 6(c) de Threoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe dlíthiúla áirithe de sheirbhísí na sochaí faisnéise, go háirithe tráchtáil leictreonach, sa mhargadh inmheánach (‘an Treoir maidir le Tráchtáil Leictreonach’) (IO 2000 L 178, lch. 1). |
|
2 |
Rinneadh an iarraidh seo in imeachtaí idir Verbraucherzentrale Hamburg e.V., ar comhlachas cosanta tomhaltóirí é (‘an comhlachas cosanta tomhaltóirí’), agus bonprix Handelsgesellschaft mbH maidir le teachtaireacht bholscaireachta ar shuíomh gréasáin bonprix Handelsgesellschaft mbH faoi shainmhodh íocaíochta. |
An dlí lena mbaineann
Dlí an Aontais Eorpaigh
Treoir 2000/31
|
3 |
Foráiltear don mhéid seo a leanas in aithrisí 7, 10, 29, agus 60 de Threoir 2000/31:
[...]
[...]
[...]
|
|
4 |
Foráiltear don mhéid seo a leanas le hAirteagal 1 den Treoir sin dar teideal ‘Ábhar agus raon feidhme’: ‘1. Féachtar tríd an Treoir seo le cur le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh trí shaorghluaiseacht sheirbhísí na sochaí faisnéise a chinntiú idir na Ballstáit. [...]’ |
|
5 |
Foráiltear don mhéid seo a leanas le hAirteagal 2 den Treoir sin, dar teideal ‘Sainmhínithe’: ‘Chun críocha na Treorach seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas: [...]
[...]’ |
|
6 |
Foráiltear don mhéid seo a leanas le hAirteagal 6 de Threoir 2000/31, dar teideal ‘Faisnéis le soláthar’ atá i Roinn 2 di, a bhaineann le ‘Teachaireachtaí Tráchtála’: ‘Sa bhreis ar na ceanglais eile dá bhforáiltear le dlí [an Aontais] a bhaineann le faisnéis a thabhairt, cinnteoidh na Ballstáit go gcomhlíonfaí na coinníollacha a leanas ar a laghad agus teachtaireachtaí tráchtála á ndéanamh mar chuid de sheirbhís sochaí faisnéise nó i gcás inarb ionann í agus a leithéid de sheirbhís: [...]
[Aistriúchán neamhoifigiúil] |
Treoir 2005/29
|
7 |
Foráiltear don mhéid seo a leanas in Aireagal 3(4), ar Airteagal é dar teideal ‘Raon Feidhme’, de Threoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2005 maidir le cleachtais tráchtála éagothroma idir gnólachtaí agus tomhaltóirí sa mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Treoir 84/450/CEE ón gComhairle, Treoir 97/7/CE, Treoir 98/27/CE agus Treoir 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (‘An Treoir maidir le Cleachtais Tráchtála Éagóracha’) (IO 2005 L 149, lch. 22), arna leasú le Treoir (AE) 2019/2161 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 (IO 2019 L 328, lch. 7) (‘Treoir 2005/29’): ‘I gcás ina bhfuil coinbhleacht ann idir forálacha na Treorach seo agus rialacha eile [an Aontais] maidir le sainghnéithe na gcleachtas tráchtála éagóracha, bíonn tosaíocht ag na rialacha eile sin agus bíonn feidhm acu maidir leis na sainghnéithe a leanas.’ |
|
8 |
Foráiltear don mhéid seo a leanas le hAirteagal 7 den Treoir sin, dar teideal ‘Faillíocha Éagóracha’: ‘1. Measfar go bhfuil cleachtas tráchtála míthreorach más rud é, ina chomhthéacs fíorasach agus aird á tabhairt ar na gnéithe agus na cúinsí uile a ghabhann leis agus ar theorainneacha an mhodha cumarsáide, go bhfuil faisnéis ábhartha a theastaíonn ón meántomhaltóir chun cinneadh idirbhirt eolach a dhéanamh in easnamh agus, ar an dóigh sin, go bhfágann sé, nó gur dócha go bhfágfadh sé, go ndéanfadh an meántomhaltóir cinneadh idirbhirt nach ndéanfadh sé murach sin. 2. Ina theannta sin, measfar gur easnamh míthreorach é nuair a dhéanann trádálaí, agus na gnéithe ar a bhfuil tuairisc i mír 1 á gcur san áireamh, an fhaisnéis ábhartha sin dá dtagraítear sa mhír sin a cheilt nó a sholáthar ar bhealach doiléir, dothuigthe, débhríoch, nó míthráthúil nó nuair nach dtugann sé le fios rún tráchtála an chleachtais tráchtála murar léir cheana é ón gcomhthéacs, agus más rud é, i gceachtar de na cásanna sin, go bhfágann sé, nó gur dócha go bhfágfadh sé, go ndéanfadh an meántomhaltóir cinneadh idirbhirt nach ndéanfadh sé murach sin. [...] 4. I gcás cuireadh chun ceannaigh, measfar go bhfuil an fhaisnéis seo a leanas ábhartha, murar léir cheana í ón gcomhthéacs: [...]
[...]’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
Treoir 2011/83
|
9 |
Leagtar amach an méid seo a leanas in Airteagal 7 de Threoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‐aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO 2011 L 304, lch. 7), ar Airteagal é dar teideal ‘Oibleagáidí faisnéise ó thaobh cianchonarthaí agus conarthaí seacháitribh’: ‘1. Sula gcuirfear an tomhaltóir faoi cheangal ag cianchonradh nó conradh seacháitribh nó a comhchineáil de thairiscint, soláthróidh an trádálaí an fhaisnéis seo a leanas dó go soiléir sothuigthe: [...]
[...] 8. Na ceanglais maidir le faisnéis dá bhforáiltear sa Treoir seo, cuirtear iad leis na ceanglais atá [...] i dTreoir [2000/31] agus nach gcoisctear tríothu na Ballstáit ar cheanglais sa bhreis a fhorchur maidir le faisnéis i gcomhréir leis na Treoracha thuasluaite. [...]’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
Dlí na Gearmáine
|
10 |
Féachtar trí Airteagal 6(1)(3) de Telemediengesetz (an Dlí maidir leis na Meáin Leictreonacha, BGBl. 2007 I, lch. 179) le hAirteagal 6(c) de Threoir 2000/31 a thrasuí agus foráiltear tríd, ó thaobh na n‑oibleagáidí ar sholáthraithe seirbhísí a bhaineann le teachaireachtaí tráchtála atá ina dteileamheáin nó ina gcodanna de theileamheáin, nach mór tairiscintí bolscaireachta, ar nós lascainí, bónais agus duaiseanna, a bheith inaitheanta go soiléir mar atá siad agus ní mór na coinníollacha chun iad a fháil a bheith so-fhaighte agus leagtha amach go soiléir díreach. |
An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna arna dtarchur chun réamhrialú
|
11 |
Is cuideachta é bonprix a bhíonn i mbun tráchtáil ar líne. I mí na Nollag 2021, bhí an teachtaireacht bholscaireachta a leanas ar a shuíomh gréasáin: ‘Ceannach áisiúil de réir sonraisc’. |
|
12 |
Chuir an comhlachas cosanta tomhaltóirí i gcoinne an chleachtais bolscaireachta sin, agus é den tuairim gurb éagórach é toisc nach raibh sé le tuiscint uaidh ag an tomhaltóir go bhfuil an modh íocaíochta arna mholadh faoi réir réamhmheasúnú ar a gcreidiúnacht. |
|
13 |
Trí bhreithiúnas an 21 Iúil 2022, dhiúltaigh Landgericht Hamburg (Cúirt Dúiche Hamburg, an Ghearmáin) don chaingean de chuid an chomhlachais sin go gceanglaítear ar bonprix scor den chleachtas sin. |
|
14 |
Diúltaíodh don achomharc arna dhéanamh ag an gcomhlachas cosanta tomhaltóirí in aghaidh an bhreithiúnais sin os comhair Hanseatisches Oberlandesgericht (an Ard-Chúirt Réigiúnach Hainseatach, an Ghearmáin). Rialaigh an chúirt sin nach éagórach an cleachtas bolscaireachta i gceist agus nár sháraigh bonprix an oibleagáid faisnéise dá bhforáiltear in Airteagal 6(1)(3) den Telemediengesetz (an Dlí maidir leis na Meáin Leictreonacha). Go deimhin, ní raibh an teachtaireacht bholscaireachta ina ‘tairiscint bholscaireachta’ de réir bhrí na forála sin, ós rud é nach dtugtar buntáiste airgid don cheannaitheoir léi, ar buntáiste é a bhaineann go sainiúil lena leithéid de thairiscint bholscaireachta. Ós í indéantacht iaríocaíochta an t‑aon bhuntáiste amháin don cheannaitheoir, ní thabharfaí aon bhuntáiste dó nach mbaineann ach leis an gceannach amháin. |
|
15 |
Agus achomharc ar phointe dlí os a comhair a rinne an comhlachas cosanta tomhaltóirí, d’fhiafraigh an Bundesgerichtshof (an Chúirt Chónaidhme Bhreithiúnais, an Ghearmáin), arb í an chúirt a rinne an tarchur sa chás seo, faoi raon feidhme na hoibleagáide faisnéise dá bhforáiltear in Airteagal 6(c) de Threoir 2000/31. Agus é den tuairim gur teachtaireacht tráchtála an teachtaireacht bholscaireachta i gceist agus gur cuid dílis í den tseirbhís sochaí faisnéise, fiafraíonn sé an mbaineann an coincheap ‘tairiscint bholscaireachta’ de réir bhrí na forála sin leis an teachtaireacht sin. |
|
16 |
I ndáil leis sin, measann an chúirt a rinne an tarchur, i gcás inar féidir go gcaithfí freagra deimhneach a thabhairt de réir léiriú litriúil, b’intugtha le tuiscint trí anailís chomhthéacsúil ina n‑áirítear samplaí léiritheacha ar an gcoincheap sin a luaitear san fhoráil sin, is iad sin ‘lascainí, bónais agus duaiseanna’, nárbh iad socruithe íocaíochta amháin a bhí i gceist ag reachtas an Aontais de bharr neamhghnáth na mbeart arna leagan amach mar sin. |
|
17 |
Bíodh sin amhlaidh, measann an chúirt sin gur buntáiste airgid, fiú más lú buntáiste é, cur ar athló íocaíocht an phraghais díola a bhaineann le ceannach de réir sonraisc ach go háirithe. A dhála sin, d’fhéadfaí a mheas gur leor an tairiscint bholscaireachta é caitheamh fabhrach a ghealladh amháin. |
|
18 |
Thairis sin, tugann an chúirt a rinne an tarchur le fios go bhfuil an bhaint i gcomhréir leis an gcuspóir do Threoir 2000/31 maidir le cosaint tomhaltóirí a d’fhéadfadh teachtaireacht bholscaireachta ina sonraítear sainmhodh íocaíochta a bheith leis an gcoincheap ‘tairiscintí bolscaireachta’, ós buntáisteach ó thaobh dlí agus slándála de gur féidir ceannach a dhéanamh de réir sonraisc. |
|
19 |
Sna himthosca sin, chinn an Bundesgerichtshof (an Chúirt Chónaidhme Bhreithiúnais) bac a chur ar na himeachtaí agus an cheist seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú: ‘An ionann fógraíocht le modh íocaíochta (sa chás seo, “ceannach áisiúil ar sonrasc”) nach bhfuil ach luach íseal airgeadaíochta aige ach a fhreastalaíonn ar leasanna slándála agus dlíthiúla an tomhaltóra (sa chás seo, gan nochtadh sonraí íogaire íocaíochta; má dhéantar an conradh a fhreaschur, ní dhéantar réamhíocaíocht a éileamh), agus tairiscint chun promóisin de réir bhrí Airteagal 6(c) de Threoir 2000/31/CE [...]?’ |
An cheist a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú
|
20 |
Tríd an t‑aon cheist amháin dá cuid, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an bhfuil Airteagal 6(c) de Threoir 2000/31 le léiriú sa chaoi go mbaineann an coincheap ‘tairiscint bholscaireachta’ de réir bhrí na forála sin le teachtaireacht bholscaireachta atá ar shuíomh gréasáin de chuid gnóthas atá i mbun trádáil ar líne agus ina sonraítear sainmhodh íocaíochta. |
|
21 |
Foráiltear in Airteagal 6 de Threoir 2000/31, sa bhreis ar na ceanglais eile dá bhforáiltear le dlí an Aontais a bhaineann le faisnéis a thabhairt, go gcinnteoidh na Ballstáit go gcomhlíonfaí íoschoinníollacha áirithe agus teachaireachtaí tráchtála á ndéanamh mar chuid de sheirbhís sochaí faisnéise nó i gcás inarb ionann í agus a leithéid de sheirbhís. Mar sin, de réir Airteagal 6(c), i gcás ina n‑údaraítear tairiscintí bolscaireachta, ina n‑áirítear lascainí, bónais agus duaiseanna, sa Bhallstát ina bhfuil an soláthraí bunaithe, caithfidh tairiscintí bolscaireachta, ní mór na tairiscintí sin a bheith inaitheanta go soiléir mar atá siad agus ní mór na coinníollacha chun iad a fháil a bheith so-fhaighte agus leagtha amach go soiléir díreach. |
|
22 |
De réir fhocail Airteagal 6(c) de Threoir 2000/31, atá i Roinn 2 di, dar teideal ‘Teachaireachtaí Tráchtála’, baineann an coincheap ‘tairiscint bholscaireachta’ é féin leis an gcoincheap cineálach ‘teachtaireachtaí tráchtála’ a shainmhínítear in Airteagal 2(f) den Treoir sin, a bhaineann, i bprionsabal, le haon chineál cumarsáide trína bhféachtar le fógraíocht dhíreach nó indíreach a dhéanamh ar na hearraí nó seirbhísí de chuid gnóthas, eagraíocht nó duine atá i mbun gníomhaíocht tráchtála, tionsclaíochta nó cheirde nó le gairm rialaithe nó ar an gcáil atá air nó uirthi. |
|
23 |
Ós rud é nach sainítear le Treoir 2000/31, áfach, an tuiscint shonrach atá le baint as ‘tairiscint bholscaireachta’ de réir bhrí Airteagal 6(c) den Treoir sin, ní mór ábhar agus raon feidhme an choincheapa neamhspleách sin de dhlí an Aontais mar atá i gcomhréir leis an ngnáthchiall leis sa teanga bheo, ag féachaint don chomhthéacs ina n‑úsáidtear é agus na cuspóirí faoina dtugtar leis an reachtaíocht ina bhfuil sé (féach, chuige sin, breithiúnais an 14 Iúil 2022, Porsche Inter Auto agus Volkswagen, C‑145/20, EU:C:2022:572, mír 88 agus an cásdlí dá dtagraítear agus an 30 Aibreán 2024, Trade Express-L agus DEVNIA TSIMENT, C‑395/22 agus C‑428/22, EU:C:2024:374, mír 65). |
|
24 |
Ar an gcéad dul síos, ó thaobh na gnáthchéille atá leis na focail ‘tairiscint bholscaireachta’ sa teanga bheo, is intugtha ó anailís ar na leaganacha éagsúla teanga d’Airteagal 6(c) de Threoir 2000/31 go bhfuil baint ghinearálta ag an gcoincheap le haon chineál cumarsáide trína bhféachann soláthraí le hearraí nó seirbhísí a chur chun cinn leis an duine trí bhuntáiste a bhaint uaidh. Ba dhoshocraithe go díreach na coinníollacha nach mór a chomhlíonadh lena leithéid de bhuntáiste le bheith ina saintréithe de trí léiriú litriúil amháin a dhéanamh ar an gcoincheap sin. |
|
25 |
Ar an dara dul síos, ó thaobh an chomhthéacs ina n‑úsáidtear an coincheap ‘tairiscintí bolscaireachta’, is tábhachtach a lua go gcuirtear liosta uileghabhálach de shamplaí ar nós ‘lascainí, bónais agus duaiseanna’ leis in Airteagal 6(c) de Threoir 2000/31 féin. Ar chúiseanna an chomhleanúnachais, ní mór na tréithe a bhaineann go comhchoiteann le lascainí, bónais agus duaiseanna a bheith i dteachaireachtaí faoin bhforáil sin mar sin. |
|
26 |
I ndáil leis sin, ní mór a chinneadh, ar an gcéad dul síos, go dtugtar buntáiste oibiachtúil don duine lena mbaineann trí na lascainí, bónais agus duaiseanna dá dtagraítear san fhoráil sin, rud a fhágann nach bhféadfaí measúnú suibiachtúil a dhéanamh ar a bhfuil sa bhuntáiste sin i ndáiríre. |
|
27 |
Ar an dara dul síos, ós rud é go mbíonn feidhm ag Airteagal 6(d) de Threoir 2000/31 maidir le comórtais agus cluichí bolscaireachta, ní mór idirdhealú a dhéanamh de réir an chomhleanúnachais sin idir na tréithe a bhaineann go comhchoiteann le dhá chineál teachaireachtaí agus na cineálacha faoi Airteagal 6(c) den Treoir sin. Mar sin, murab ionann agus comórtais agus cluichí bolscaireachta, tugtar buntáiste áirithe trí thairiscintí bolscaireachta nach bhfuil randamach nó roghnach. |
|
28 |
Ar an tríú dul síos, tá sé de réir thréithe na lascainí, na mbónas agus na nduaiseanna dá dtagraítear in Airteagal 6(c) de Threoir 2000/31 gur spreagthach iad sa chaoi go bhfuil tionchar inimeartha tríothu ar iompar an duine lena mbaineann agus earra nó seirbhís á roghnú aige agus gurb oibiachtúil cinnte an buntáiste a thugtar don duine lena mbaineann tríothu. Dá réir sin, ní mór buntáiste oibiachtúil cinnte a thabhairt don duine lena mbaineann a bhfuil tionchar inimeartha tríd ar iompar a úsáide trí aon teachtaireacht trína bhféachtar le hearraí nó seirbhísí a chur chun cinn ionas gurb ionann é agus ‘tairiscint bholscaireachta’ de réir bhrí na forála sin. |
|
29 |
Murab ionann agus a d’áitigh bonprix ina bharúlacha i scríbhinn, ní fhéadfaí a thabhairt le tuiscint ó na focail ‘lascainí, bónais agus duaiseanna’ gur gá buntáiste mór airgid a thabhairt don duine lena mbaineann trí ‘thairiscint bholscaireachta’ de réir bhrí na forála sin. |
|
30 |
Go deimhin, ar thaobh amháin, d’fhéadfadh luach airgid na lascainí, na mbónas agus na duaiseanna a bheith íseal, nó fánach fiú. Ar an taobh eile, bíodh is deimhin go bhféadfaí glacadh leis go ndéantar laghdú trí lascaine ar luach-chomaoin airgeadais a dhlitear don duine lena mbaineann agus, dá bhrí sin, ar bhuntáiste airgid inchainníochtaithe dó, ní gá gurb amhlaidh atá i gcás bónais nó duaise, arb amhlaidh gur féidir gur do-shocraithe go hoibiachtúil a luach airgid. Dá bhrí sin, ní hé méid an bhuntáiste le dálaí creidiúnachta an duine lena mbaineann an t‑aon tréith fhéideartha amháin den choincheap ‘tairiscintí bolscaireachta’. Mar is léir ó mhír 28 den bhreithiúnas seo, ní cinntitheach ach a bhfuil spreagthach den tairiscint bholscaireachta aisti féin i ndáil le hearra nó seirbhís agus cineál oibiachtúil cinnte an bhuntáiste a thugtar tríthi don duine lena mbaineann sí. |
|
31 |
Thairis sin, a mhéid a d’áitigh bonprix chomh maith, sa chomhthéacs sin, gurb é a chineál neamhghnách is comhartha sóirt de thairiscint bholscaireachta, is leor a chinneadh nach gá go bhfuil teorainn ama ar bhearta ar nós lascainí, bónas agus duaiseanna ach go bhféadfaí iad a chur go seasmhach buan le beartais bholscaireacha na soláthruithe, de réir na rialachán náisiúnta is infheidhme. Dá bhrí sin, ní fhéadfaí glacadh le neamhghnáth líomhainte a leithéide de bhearta mar argóint chun socruithe íocaíochta a chur ón gcoincheap ‘tairiscint bholscaireachta’. |
|
32 |
De réir léiriú litriúil agus comhthéacsúil ar an gcoincheap ‘tairiscintí bolscaireachta’ de réir bhrí Airteagal 6(c) de Threoir 2000/31, is intugtha uaithi go bhfuil baint ghinearálta ag an gcoincheap le haon teachtaireacht tráchtála trína bhféachann soláthraí le hearraí nó seirbhísí a chur chun cinn leis an duine trí bhuntáiste a bhaint uaidh le buntáiste oibiachtúil cinnte a thabhairt don duine lena mbaineann a bhfuil tionchar inimeartha tríd ar a iompar agus a leithéid d’earraí nó seirbhísí á roghnú. Is cuma cé mhéid nó cén saghas buntáiste é sin, ós féidir inter alia, gur buntáiste airgid, dlí nó áisiúil agus buntáiste áisiúil amháin é, ar nós an duine lena mbaineann a chur i gcumas am a spáráil. |
|
33 |
Ar an tríú dul síos, tacaítear leis an léiriú sa mhír roimhe seo den bhreithiúnas seo trí léiriú teileolaíoch ar Airteagal 6(c) de Threoir 2000/31, arb í is aidhm di, mar is léir ó léiriú a dhéanamh ar Airteagal 1(1) di agus aithrisí 7, 10 agus 60 di in éineacht le chéile, cur le dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh trí shaorghluaiseacht na seirbhísí sochaí faisnéise idir Ballstáit a chinntiú agus trína dheimhniú go gcosnófaí tomhaltóirí go hard gan bac a chur, áfach, ar fhorbairt na trádála leictreonaí agus na hiomaíochta i dtionscal na hEorpa. De réir aithris 29 den Treoir sin, bunaítear na ceanglais maidir leis an bhfollasacht dá dtagraítear in Airteagal 6 den Treoir sin ar mhaithe le tomhaltóirí a chosaint agus leis an gcóirthrádáil. |
|
34 |
Cuirtear leis an ard-chosaint ar thomhaltóirí, gan soláthraithe a chur faoi ualaí ainmheasartha dá dheasca trí theachtaireacht bholscaireachta trína gcuirtear teachtaireacht bholscaireachta ina sonraítear modh íocaíochtaí faoi réir na gcoinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 6(c) de Threoir 2000/31 i gcomhthéacs gníomhaíocht tráchtála ar líne. |
|
35 |
Go deimhin, ciallaíonn an oibleagáid faisnéise atá ar an soláthraí de réir Airteagal 6(c) de Threoir 2000/31, ar theacht a fháil ar an suíomh gréasáin díolacháin ag an duine lena mbaineann teachtaireacht bholscaireachta atá ar an suíomh sin ina sonraítear sainmhodh íocaíochta, ní mór faisnéis a thabhairt dó ar na sainchoinníollacha faoinar féidir leis an tairiscint bholscaireachta a bheith aige, ar dá réir a chuirtear é i gcumas measúnú a dhéanamh láithreach an bhfuil sí infhaighte aige, i bhfianaise, i gcás inarb iomchuí, a dhálaí airgeadais. Ina theannta sin, tá a leithéid de léiriú i gcomhréir leis an gceanglas, a théann le Treoir 2000/31, nach mór a chinntiú go bhfuil leasanna na dtomhaltóirí faoi chosaint ag gach céim ina bhfuil teagmháil idir soláthraí seirbhíse agus an duine lena mbaineann sí. Féach, chuige sin, breithiúnas an 16 Deireadh Fómhair 2008, Bundesverband der Verbraucherzentralen und Verbraucherverbände, C‑298/07, EU:C:2008:572, mír 22). |
|
36 |
Dá réir sin, i gcás ina bhfuil dea-thoradh an réamh-mheasúnaithe ar chreidiúnacht an tomhaltóra ag baint leis an mbuntáiste a bhaineann le tairiscint bholscaireachta maidir le modh íocaíochta, ní mór é sin a chur in iúl dó go simplí soiléir díreach ionas gurb intugtha dó, trí dhul i muinín na tairisceana sin, gur dócha gur diúltaíodh é faoi chonradh a dhéanamh i gcás ina bhfuil drochthoradh ar an measúnú sin. |
|
37 |
Ar mhaithe le freagra iomlán a thabhairt don chúirt a rinne an tarchur, is tábhachtach a thabhairt faoi deara, mar a fhágann Airteagal 6 de Threoir 2000/31, go dtéann na ceanglais maidir leis an bhfollasacht atá san fhoráil sin leis na ceanglais faisnéise eile dá bhforáiltear le dlí an Aontais. Tá an léiriú i mír 32 den bhreithiúnas seo i lán‑chomhréir leis na ceanglais maidir le faisnéis ar na socruithe íocaíochta dá bhforáiltear i dTreoracha 2005/29 agus 2011/83. |
|
38 |
Go deimhin, ó thaobh Threoir 2005/29, ní mór a lua, i gcomhréir le hAirteagal 3(4), i gcás ina bhfuil coinbhleacht ann idir forálacha na Treorach sin agus rialacha eile an Aontais maidir le sainghnéithe na gcleachtas tráchtála éagóracha, bíonn tosaíocht ag na rialacha eile sin agus bíonn feidhm acu maidir leis na sainghnéithe a leanas. Mar sin, is tábhachtaí na ceanglais de réir Airteagal 6 de Threoir 2000/31 ná ceanglais Threoir 2005/29. |
|
39 |
De réir Airteagal 7(1), (2) agus (4)(d) de Threoir 2005/29 ach go háirithe, i gcás cuireadh ar cheannach a dhéanamh, ó mheastar gur riachtanach an fhaisnéis ar na socruithe íocaíochta, cleachtas tráchtála a thugtar éagóir síos dó a bhíonn ina dearmad, ceilt nó soláthar go héiginnte, go dothuigthe go hathbhríoch nó go míthráthúil. An oibleagáid atá ar sholáthraí de réir Threoir 2000/31, ó chéim na fógraíochta ar líne maidir le sainmhodh íocaíochta, na coinníollacha a shonrú chun a leithéid de thairiscint a bheith aige, níl sí ar neamhréir leis an bhforáil sin. |
|
40 |
Ar an taobh eile, foráiltear in Airteagal 6(1)(g) de Threoir 2011/83, sula gcuirtear cianchonradh, conradh seacháitribh nó a comhchineál de thairiscint, de cheangal ar thomhaltóir, ní mór don trádálaí na socruithe íocaíochta a chur in iúl don trádálaí. De réir na forála sin, níl na coinníollacha faoinar féidir leis dul i muinín sainmhodh íocaíochta le cur in iúl don tomhaltóir ag an trádálaí ach an gcéim, le linn phróiseas an ordaithe ar líne, ina bhfuil an tomhaltóir ar tí an rogha a dhéanamh, de bhrí, mar a fhágann mír 35 den bhreithiúnas seo, ó thaobh conarthaí a thagann faoi raon feidhme Threoir 2011//83, chun Airteagal 6(c) de Threoir 2000/31 a chur i bhfeidhm maidir le teachtaireachtaí bolscaireachta ina luaitear sainmhodh íocaíochta, nach mór don trádálaí faisnéis air a thabhairt don tomhaltóir ar theacht a fháil aige ar an suíomh díola ina dtaispeántar a leithéid sin de theachtaireacht. |
|
41 |
Níl a leithéid sin de chás ar neamhréir le Treoir 2011/83, áfach, ós rud é, i gcomhréir leis an gcéad abairt d’Airteagal 6(8) di, go gcuirtear na ceanglais maidir le faisnéis dá dtagraítear sa Treoir sin leis na ceanglais i dTreoir 2000/31 agus nach gcoisctear tríothu ar na Ballstáit ceanglais a fhorchur sa bhreis maidir le faisnéis a thabhairt i gcomhréir leis an Treoir sin. |
|
42 |
Sa chás seo, fágann an t‑ordú tarchuir go mbaineann na príomhimeachtaí le teachtaireacht bholscaireachta ar shuíomh gréasáin bonprix ina sonraítear gurb indéanta ceannach de réir sonraisc. |
|
43 |
Ar mhaithe le measúnú a dhéanamh an gcomhlíontar na coinníollacha i mír 32 den bhreithiúnas seo lena leithéid de theachtaireacht tráchtála, is tábhachtach a thabhairt faoi deara, mar a rinne an chúirt a rinne an tarchur amhlaidh, gur buntáiste airgid, cé gur lú é, cur ar athló íocaíocht an phraghais díola a bhaineann le ceannach de réir sonraisc, sa mhéid gurb infhaighte go fóill ag an gceannaitheoir an tsuim arna dlí de réir an phraghais díola, ar dá réir a thugtar airgead ar airleacan dó. Níl sé intuigthe go bhfuil aon riail de minimis ann de réir Airteagal 6(c) de Threoir 2000/31 ar mhaithe le measúnú a dhéanamh an ann do bhuntáiste airgid a d’fhéadfadh a bheith ina ‘thairiscint bholscaireachta’ de réir bhrí na forála sin. |
|
44 |
Ina theannta sin, i gcás fhoirceannadh an chonartha i ndiaidh, go háirithe, ceart ar tharraingt siar nó ar chealú a chur i bhfeidhm, ní gá don cheannaitheoir a iarraidh go n‑aisíocfaí méid an phraghais dó. |
|
45 |
De réir na seiceálacha ag an gcúirt a rinne an tarchur, tá an chuma ar an scéal gur dócha go spreagfaí an ceannaitheoir trína leithéid de bhuntáistí dó teagmháil a dhéanamh le díoltóir a tháirgeann ceannach de réir sonraisc ar líne seachas ar dhíoltóir eile a éilíonn go nglanfaí an t‑ordú láithreach. Tugtar le tuiscint uaidh sin go bhféadfaí a mheas go dtugtar buntáiste oibiachtúil cinnte trína leithéid de mhodh íocaíochta do cheannaitheoir a bhfuil tionchar inimeartha tríd ar a iompar agus a leithéid d’earraí nó seirbhísí á roghnú aige, rud a fhágann gurb intugtha sios ‘tairiscint bholscaireachta’ de réir bhrí Airteagal 6(c) de Threoir 2000/31 do theachtaireacht bholscaireachta ina sonraítear an socrú sin. |
|
46 |
I bhfianaise na bhforas thuasluaite, an freagra atá le tabhairt ar an gceist arna tarchur le haghaidh réamhrialú ná go bhfuil léiriú le déanamh ar Airteagal 6(c) de Threoir 2000/31 sa chaoi go mbaineann an coincheap ‘tairiscint bholscaireachta’, de réir bhrí na forála sin, le teachtaireacht bholscaireachta atá ar shuíomh gréasáin de chuid gnóthas atá i mbun trádáil ar líne agus ina sonraítear sainmhodh íocaíochta, sa mhéid go dtugtar buntáiste oibiachtúil cinnte tríd an modh íocaíochta sin don duine lena mbaineann a bhfuil tionchar inimeartha tríd ar a iompar agus a leithéid d’earraí nó seirbhísí á roghnú aige. |
Costais
|
47 |
Ós rud é, a mhéid a bhaineann leis na príomhpháirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte náisiúnta, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a cuireadh faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe. |
|
Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Dara Dlísheomra) mar seo a leanas: |
|
Maidir le hAirteagal 6(c) de Threoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe dlíthiúla áirithe de sheirbhísí na sochaí faisnéise, go háirithe tráchtáil leictreonach, sa mhargadh inmheánach (‘an Treoir maidir le tráchtáil leictreonach’), |
|
ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas: |
|
baineann an coincheap ‘tairiscint bholscaireachta’, de réir bhrí na forála sin, le teachtaireacht bholscaireachta atá ar shuíomh gréasáin de chuid gnóthas atá i mbun trádáil ar líne agus ina sonraítear sainmhodh íocaíochta, sa mhéid go dtugtar buntáiste oibiachtúil cinnte tríd an modh íocaíochta sin don duine lena mbaineann a bhfuil tionchar inimeartha tríd ar a iompar agus a leithéid d’earraí nó seirbhísí á roghnú aige. |
|
Sínithe |
( *1 ) Teanga an cháis: an Ghearmáinis.