Eagrán sealadach

BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Ceathrú Dlísheomra)

9 Deireadh Fómhair 2025 (*)

(Tarchur chun réamhrialú – Comhaontuithe creidmheasa le haghaidh tomhaltóirí – Treoir 2008/48/CE – Airteagal 22(2) – Cineál dianriachtanach na Treorach sin – Sannadh éilimh an tomhaltóra do thríú páirtí i gcoinne bainc – Treoir 93/13/CE – Airteagal 6(1) – Airteagal 7(1) – Téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra – Scrúdú ag na cúirteanna náisiúnta as a stuaim féin ar théarmaí éagóracha an chonartha chun éilimh a shannadh nach ábhar na díospóide sna príomhimeachtaí iad ar feitheamh os comhair na cúirte sin)

I gCás C‑80/24,

IARRAIDH ar réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE ó Sąd Rejonowy dla Warszawy - Śródmieścia w Warszawie (Cúirt Dúiche Lár Chathair Vársá, an Pholainn), trí bhreith an 22 Eanáir 2024, a fuarthas ag an gCúirt an 1 Feabhra 2024, sna himeachtaí

Zwrotybankowe.pl sp. z o.o.

v

Powszechna Kasa Oszczędności Bank Polski S.A.,

tugann AN CHÚIRT (an Ceathrú Dlísheomra),

agus í comhdhéanta mar seo a leanas: I. Jarukaitis, Uachtarán Dlísheomra, K. Lenaerts, Uachtarán na Cúirte Breithiúnais, ag gníomhú mar Bhreitheamh den Ceathrú Dlísheomra, M. Condinanzi, N. Jääskinen, agus R. Frendo (Rapóirtéir), Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: L. Medina,

Cláraitheoir: A. Calot Escobar,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn,

tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

–        Zwrotybankowe.pl sp. z o.o., ag A. Tomaszewska, radca prawny,

–        Powszechna Kasa Oszczędności Bank Polski S.A., ag A. Kuzawińska, M. Malciak agus W. J. Wandzel, adwokaci,

–        Rialtas na Polainne, ag B. Majczyna, i gcáil Gníomhaire,

–        an Coimisiún Eorpach, ag P. Kienapfel agus U. Małecka, i gcáil Gníomhairí,

tar éis éisteacht le Tuairim an Abhcóide Ginearálta ag éisteacht an 30 Aibreán 2025,

an Breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1        Baineann an iarraidh ar réamhrialú le léiriú Airteagal 22(2) de Threoir 2008/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 maidir le comhaontuithe creidmheasa do thomhaltóirí agus lena n‑aisghairtear Treoir 87/102/CEE ón gComhairle (IO 2008 L 133, lch. 66), agus Airteagail 6(1) agus 7(1) de Threoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra (IO 1993 L 95, lch. 29).

2        Rinneadh an iarraidh seo in imeachtaí idir Zwrotybankowe.pl sp. z o.o., cuideachta faoi dhliteanas teoranta faoi dhlí na Polainne, agus Powszechna Kasa Oszczędności Bank Polski S.A. (‘PKO Bank Polski’), banc, maidir leis an éileamh i gcoinne an bhainc sin ag tomhaltóir arb é an t‑iarratasóir sna príomhimeachtaí a shannaí.

 An dlí lena mbaineann

 Dlí an Aontais Eorpaigh

 Treoir 93/13

3        Foráiltear mar a leanas in Airteagal 6(1) de Threoir 93/13:

‘Déanfaidh na Ballstáit foráil nach mbeidh téarmaí éagóracha a úsáidtear i gconradh arna chur i gcrích le tomhaltóir ag trádálaí ina gceangal ar an tomhaltóir, amhail dá bhforáiltear faoina ndlí náisiúnta, agus go leanfaidh an conradh de bheith ina cheangal ar na páirtithe de réir na dtéarmaí sin más féidir leis leanúint de bheith ann gan na téarmaí éagóracha.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

4        Is mar seo a leanas atá an fhoclaíocht in Airteagal 7(1) den Treoir sin:

‘Áiritheoidh na Ballstáit, ar mhaithe le leas na dtomhaltóirí agus na n‑iomaitheoirí, gurb ann do mhodhanna leordhóthanacha agus éifeachtacha chun cosc a chur ar úsáid leanúnach a bhaint as téarmaí éagóracha i gconarthaí arna dtabhairt i gcrích le tomhaltóirí ag trádálaí.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

 Treoir 2008/48

5        Foráiltear le hAirteagal 22(2) de Threoir 2008/48, dar teideal ‘Comhchuibhiú agus cineál éigeantach na Treorach seo’:

‘Áiritheoidh na Ballstáit nach bhféadfaidh an tomhaltóir a chearta a tharscaoileadh faoi fhorálacha an dlí náisiúnta lena gcuirtear an Treoir seo chun feidhme nó a chomhfhreagraíonn don Treoir seo.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

6        De réir Airteagal 23 den Treoir sin, dar teideal ‘Pionóis’:

‘Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar na forálacha náisiúnta a ghlactar de bhun na Treorach seo a leagan síos agus déanfaidh siad na bearta uile is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

 Dlí na Polainne

7        Maidir leis an ustawa o kredycie konsumenckim (an Dlí maidir le Creidmheas Tomhaltóra) an 12 Bealtaine 2011 (Dz. U. Uimh. 126, seasamh 715), sa leagan is infheidhme maidir leis an díospóid sna príomhimeachtaí (‘an Dlí maidir le Creidmheas Tomhaltóra’), trasuíodh Treoir 2008/48 i ndlíchóras na Polainne.

8        Foráiltear le hAirteagal 45(1) den Dlí maidir le Creidmheas Tomhaltóra:

‘I gcás ina ndéanfaidh an creidiúnaí sárú ar Airteagal 29(1), ar Airteagal 30(1), pointí (1) go (8), (10), (11) agus (14) go (17), agus ar Airteagail 31 go 33, Airteagal 33a agus Airteagal 36a go 36c [den dlí seo], déanfaidh an tomhaltóir, tar éis dó dearbhú i scríbhinn a chur faoi bhráid an chreidiúnaí, an creidmheas a aisíoc gan ús agus táillí eile atá dlite don chreidiúnaí, laistigh de na teorainneacha ama agus ar an mbealach a leagtar síos sa chomhaontú.’

9        Foráiltear in Airteagal 509(1) den ustawa Kodeks cywilny (an Dlí maidir leis an gCód Sibhialta) an 23 Aibreán 1964 (Dz. U. 1964, Uimh. 16, mír 93) sa leagan is infheidhme i leith na díospóide sna príomhimeachtaí, mar seo a leanas:

‘Is féidir le creidiúnaí, gan toiliú ón bhféichiúnaí, an t‑éileamh a aistriú go thríú páirtí (sannadh éilimh), mura rud é go bhfuil sé sin contrártha leis an dlí, le srian conarthach nó le cineál na hoibleagáide.’

 An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú

10      Lena chaingean, iarrann Zwrotybankowe.pl ar Sąd Rejonowy dla Warszawy – Śródmieścia w Warszawie (Cúirt Dúiche Lár Chathair Vársá, an Pholainn), an chúirt a rinne an tarchur, a ordú do PKO Bank Polski suim 4 537,45 zlotys na Polainne (PLN) (thart ar EUR 1 050) a íoc leis, mar aon le hús mainneachtana reachtúil agus costais dlíthíochta.

11      Thionscain Zwrotybankowe.pl an chaingean sin ar bhonn conradh sannta arna thabhairt i gcrích le tomhaltóir (‘an conradh sannta’), lenar shann an tomhaltóir an ceart dó aon éileamh airgeadaíochta a d’fhéadfadh sé a chur i gcoinne PKO Bank Polski a éileamh. Eascraíonn an t‑éileamh atá i gceist sna príomhimeachtaí as cur i bhfeidhm pionóis dá bhforáiltear in Airteagal 45(1) den Dlí maidir le creidmheas tomhaltóirí, lena gcuirtear Airteagal 23 de Threoir 2008/48 chun feidhme, mar gheall ar shárú, ag an mbanc sin, ar a oibleagáidí faisnéise faoin dlí sin. Foráiltear sa chonradh sannta go bhfaighidh an tomhaltóir sin, i gcomaoin an tsannta lena mbaineann, 50 % de mhéid an phríomhéilimh a ghnóthófar ón mbanc sin.

12      Áitíonn PKO Bank Polski gur cheart an chaingean a dhíbhe, ag maíomh nach bhfuil locus standi ag Zwrotybankowe.pl chun imeachtaí a thionscnamh ina choinne, ós rud é go gcuireann cineál an fhéich a n‑iarrtar a aisghabháil cosc ar é a shannadh do thríú páirtí. Ó thaobh substainte de, áitíonn sé nár mhainnigh sé, in aon chás, a oibleagáidí a chomhlíonadh maidir le faisnéis a sholáthar i gcomhthéacs an chomhaontaithe creidmheasa leis an tomhaltóir sin.

13      Sa chomhthéacs sin, ardaíonn an chúirt a rinne an tarchur, sa chéad áit, an léiriú atá le tabhairt ar an toirmeasc a tugadh isteach in Airteagal 22(2) de Threoir 2008/48, ar dá réir nach bhféadfaidh an tomhaltóir na cearta a thugtar dó le forálacha comhfhreagracha an dlí náisiúnta a tharscaoileadh. Fiafraíonn an chúirt sin an bhfuil feidhm ag an toirmeasc sin freisin maidir leis an bhféidearthacht, dá bhforáiltear leis an reachtaíocht náisiúnta, go bhféadfaidh an tomhaltóir a chearta a aistriú chuig tríú páirtí a dhéanfaidh iad a dhearbhú ina ainm féin agus a gheobhaidh, inter alia, luach saothair 50 % de na suimeanna a fhaightear agus a thabharfaidh an 50 % eile ar ais don tomhaltóir.

14      I ndáil leis sin, measann an chúirt a rinne an tarchur gur gá léiriú leathan a ghlacadh ar choincheap an tarscaoileadh dá dtagraítear in Airteagal 22(2) de Threoir 2008/48, chun cás den sórt sin a áireamh freisin. Is é príomhchuspóir na Treorach sin an tomhaltóir lena mbaineann a chosaint ar théarmaí éagóracha i gcomhaontuithe creidmheasa, agus gan foinse saibhrithe a chruthú do thríú páirtithe nach páirtithe iad sa chomhaontú creidmheasa a tugadh i gcrích.

15      Sa dara háit, i gcás nach nglactar leis an léiriú leathan sin, tá amhras ar an gcúirt a rinne an tarchur an gá Airteagal 6(1) agus Airteagal 7(1) de Threoir 93/13 a léiriú sa chaoi, i gcomhthéacs a hoibleagáide scrúdú a dhéanamh as a stuaim féin an bhfuil téarma conarthach éagórach, go gceanglaítear ar an gcúirt náisiúnta freisin scrúdú a dhéanamh as a stuaim féin ar théarmaí éagóracha i gconartha sannta arna thabhairt i gcrích idir an tomhaltóir aistritheach agus a shannaí, i gcás inarb é an conradh sin an bunús dlí don chaingean lena n‑éilíonn an sannaí sin éilimh an tomhaltóra sin i gcoinne an chreidiúnaí.

16      I ndáil leis sin, tugann an chúirt a rinne an tarchur dá haire, sa chás seo, go bhféadfadh sé go mbeadh an comhaontú sin neamhbhailí mar thoradh ar chinneadh go bhfuil téarmaí an chonartha sannta éagórach, agus mar thoradh air sin go mbainfí a locus standi de Zwrotybankowe.pl agus, dá bhrí sin, go ndíbhtear an chaingean sna príomhimeachtaí.

17      Leagann an chúirt sin béim ar na hiarmhairtí diúltacha a bheadh ann don tomhaltóir lena mbaineann nach bhfaigheadh fiú, in imthosca den sórt sin, an chuid den éileamh a éilítear ón gcreidiúnaí a leagtar síos sa chonradh sannta. Ina theannta sin, déantar scrúdú ar théarma éagórach sa chonradh sannta in éagmais an tomhaltóra sin agus gan é a bheith indéanta, ar chúiseanna a bhaineann le rialacha nós imeachta náisiúnta, a áirithiú go bhfuil sé in ann páirt a ghlacadh sna himeachtaí agus a thuairimí ar an ábhar a chur in iúl.

18      Sa chomhthéacs sin, chinn Sąd Rejonowy dla Warszawy – Śródmieścia w Warszawie (Cúirt Dúiche Lár Chathair Vársá) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Breithiúnais le haghaidh réamhrialú:

‘(1)      Maidir le hAirteagal 22(2) de Threoir [2008/48], an bhfuil léiriú le déanamh amhail go gcuirtear cosc leis ar reachtaíocht náisiúnta lena dtugtar cead do thomhaltóir a chuid cearta a thugtar dó le reachtaíocht náisiúnta lena gcuirtear an Treoir chun feidhme a aistriú go tríú páirtí nach tomhaltóir é?

(2)      Maidir le hAirteagail 6(1) agus 7(1) de Threoir [93/13], an bhfuil léiriú le déanamh amhail go bhfuil sé de dhualgas ar an gcúirt scrúdú a dhéanamh as a stuaim féin an éagórach nó nach éagórach téarma i gconradh sannta éilimh arna thabhairt i gcrích idir tomhaltóir agus tríú páirtí, má tá an tríú páirtí ag brath ar an gconradh sin mar bhunús dá locus standi in imeachtaí os comhair na cúirte [maidir le díoltóir] nó an soláthróra a thug an conradh tosaigh i gcrích leis an tomhaltóir?’

 Na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú

 An chéad cheist

19      Lena céad cheist, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur an gcuirtear cosc le hAirteagal 22(2) de Threoir 2008/48 ar reachtaíocht náisiúnta lena dtugtar cead do thomhaltóir éileamh lena líomhnaítear sárú ar cheart a thugtar dó le reachtaíocht náisiúnta lena gcuirtear an Treoir chun feidhme a shannadh go tríú páirtí nach tomhaltóir é.

20      Mar réamhbharúil, ba cheart a mheabhrú nach gcuireann an díospóid sna príomhimeachtaí idir díoltóirí nó soláthróirí bac ar chur i bhfeidhm Threoir 2008/48 nó Treoir 93/13 ós rud é nach mbraitheann raon feidhme na dtreoracha sin ar chéannacht na bpáirtithe sa díospóid sin, ach ar stádas na bpáirtithe sa chomhaontú creidmheasa atá i gceist sna príomhimeachtaí (féach, chuige sin, breithiúnas an 11 Meán Fómhair 2019, Lexitor, C‑383/18, EU:C:2019:702, mír 20, agus an 18 Samhain 2020, DelayFix, C‑519/19, EU:C:2020:933, míreanna 53 agus 54).

21      Sa chás seo, eascraíonn an t‑éileamh atá i gceist sna príomhimeachtaí as comhaontú creidmheasa a tugadh i gcrích idir tomhaltóir agus PKO Bank Polski agus a fuair Zwrotybankowe.pl faoi chonradh sannta, agus mar thoradh air sin go bhfuil feidhm ag an dá threoir sin maidir leis an díospóid sna príomhimeachtaí.

22      Ina theannta sin, ba cheart a mheabhrú gur glacadh Treoir 2008/48 agus dhá chuspóir aici, mar atá, a áirithiú go mbeidh ardleibhéal coibhéiseach cosanta ag tomhaltóirí uile an Aontais Eorpaigh dá leasanna agus teacht chun cinn margaidh inmheánaigh dea-fheidhmiúil i réimse creidmheasa tomhaltóirí a éascú (breithiúnas an 5 Meán Fómhair 2019, Pohotovosť, C‑331/18, EU:C:2019:665, mír 41, agus an 26 Márta 2020, Mikrokasa agus Revenue Niestandaryzowany Sekurytyzacyjny Fundusz Inwestycyjny Zamknięty, C‑779/18, EU:C:2020:236, mír 44 agus an cásdlí dá dtagraítear). Go háirithe, ráthaítear le hAirteagal 22(2) den Treoir sin ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí trí thoirmeasc a chur ar na cearta a thugtar dóibh leis an Treoir a tharscaoileadh.

23      Measann an chúirt a rinne an tarchur nach mór coincheap an tarscaoileadh san fhoráil sin a léiriú go leathan, ionas go n‑áireofar sannadh na gceart a dhíorthaíonn an tomhaltóir lena mbaineann ó Threoir 2008/48 agus, dá bhrí sin, go bhféadfadh sé cur i gcoinne sannadh den sórt sin, fiú má cheadaítear é faoin dlí náisiúnta.

24      Ba cheart a thabhairt faoi deara ag an tús nach shonraítear le foclaíocht Airteagal 22(2) de Threoir 2008/48 cad é atá le tuiscint le tarscaoileadh na gceart a thugtar do thomhaltóirí faoin dlí náisiúnta lena gcuirtear an Treoir sin i bhfeidhm. Dá bhrí sin, is gá anailís a dhéanamh ar an bhforáil sin i bhfianaise a comhthéacs agus na cuspóirí a shaothraítear leis na rialacha a bhfuil sí mar chuid díobh a chur san áireamh, mar a leagtar amach i mír 22 den bhreithiúnas seo (féach, chuige sin, breithiúnas an 26 Aibreán 2022, Landespolizeidirektion Steiermark (Uastréimhse rialaithe ag teorainneacha inmheánacha), C‑368/20 agus C‑369/20, EU:C:2022:298, mír 56 agus an cásdlí dá dtagraítear).

25      I ndáil leis sin, iarradh ar an gCúirt Breithiúnas rialú a dhéanamh ar léiriú forála dhlí an Aontais arb é is cuspóir dó ardleibhéal cosanta do pháirtí níos laige sa chonradh a áirithiú, i gcás dhiúscairt cearta an pháirtí sin ó chuideachta tráchtála. Sa chás as ar eascair breithiúnas an 29 Feabhra 2024, Eventmedia Soluciones (C‑11/23, EU:C:2024:194), d’fhíoraigh an Chúirt Breithiúnas, go bunúsach, an gceadaítear le hAirteagal 15 de Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 lena mbunaítear comhrialacha maidir le cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí i gcás nach gceadófar dóibh bordáil agus i gcás ina gcuirfear eitiltí ar ceal nó i gcás ina gcuirfear moill fhada orthu, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 295/91 (IO 2004 L 46, lch. 1) foráil a dhéanamh maidir le clásal lena dtoirmisctear cearta paisinéara a aistriú chuig an aeriompróir oibríochta, go háirithe an ceart chun cúitimh. Foráiltear le hAirteagal 15 dar teideal ‘Tarscaoileadh a eisiamh’, dá dtagraítear i mír 1 de, nach féidir na hoibleagáidí atá ar aeriompróirí i leith paisinéirí a leagtar amach sa Rialachán sin a theorannú nó a tharscaoileadh, go háirithe trí mhaolú nó trí chlásal sriantach atá i gconradh iompair.

26      Chinn an Chúirt Bhreithiúnais, ag féachaint don chuspóir ardleibhéal cosanta d’aerphaisinéirí agus chun éifeachtacht an chirt chun cúitimh do na paisinéirí sin, ní mór, de réir bhrí Airteagal 15 den Rialachán sin, ní hamháin na maoluithe nó na teorainneacha a bhaineann go díreach leis an gceart sin, ach freisin iad siúd lena gcuirtear srian, chun aimhleas na bpaisinéirí sin, ar na rialacha mionsonraithe a bhaineann le feidhmiú an chirt sin i ndáil leis na forálacha dlí is infheidhme, a mheas mar mhaoluithe nó teorainneacha neamh-inghlactha (féach, chuige sin, breithiúnas an 29 Feabhra 2024, Eventmedia Soluciones, C‑11/23, EU:C:2024:194, mír 43).

27      Ina theannta sin, chun ardleibhéal cosanta d’aerphaisinéirí a áirithiú agus chun a chumasú dóibh a gcearta a fheidhmiú go héifeachtach, ní mór an tsaoirse a ráthú do phaisinéir lena mbaineann eitilt a cuireadh ar ceal an bealach is éifeachtaí chun a cheart a chosaint a roghnú, go háirithe trína cheadú dó nó di a chinneadh dul i dteagmháil go díreach leis an aeriompróir oibríochta, an cás a tharchur chuig na cúirteanna inniúla nó, nuair a fhoráiltear dó sin sa dlí náisiúnta ábhartha, a éileamh nó a héileamh a aistriú chuig tríú páirtí chun deacrachtaí agus costais a sheachaint a d’fhéadfadh a chur i gcoinne caingean phearsanta a dhéanamh i gcoinne an iompróra sin mar gheall ar shaincheist airgeadais theoranta (breithiúnas an 29 Feabhra 2024, Eventmedia Soluciones , C‑11/23, EU:C:2024:194, mír 44).

28      Dá bhrí sin, chinn an Chúirt go gcuirtear cosc leis an gcuspóir ardleibhéal cosanta d’aerphaisinéirí, i gconradh taistil, clásal lena gcuirfí bac ar aistriú cearta a thagann ó Rialachán Uimh. 261/2004 a chur isteach (féach, chuige sin, breithiúnas an 29 Feabhra 2024, Eventmedia Soluciones , C‑11/23, EU:C:2024:194, mír 46).

29      Is léir, de réir analaí, go gcuirtear cosc leis an gcuspóir ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí ar léiriú leathan de choincheap an tarscaoileadh atá in Airteagal 22(2) de Threoir 2008/48, a bhí beartaithe ag an gcúirt a rinne an tarchur, a gcuirfidh bac ar aistriú na gcearta a thagann ón Treoir sin freisin. Is ceann de na féidearthachtaí dlíthiúla é aistriú den sórt sin, dá bhforáiltear leis an dlíchóras náisiúnta, chun chur ar chumas na dtomhaltóirí a gcearta a chosaint trí dheacrachtaí agus costais a sheachaint a d’fhéadfadh iad a dhíspreagadh ó chéimeanna pearsanta a ghlacadh i leith an díoltóra nó an tsoláthróra lena mbaineann.

30      I bhfianaise an mhéid sin go léir, is é an freagra ar an gcéad cheist nach mór Airteagal 22(2) de Threoir 2008/48 a léiriú sa chaoi nach gcuirtear cosc leis ar reachtaíocht náisiúnta lena dtugtar cead do thomhaltóir éileamh lena líomhnaítear sárú ar cheart a thugtar dó le reachtaíocht náisiúnta lena gcuirtear an Treoir chun feidhme a shannadh go tríú páirtí nach tomhaltóir é.

 An dara ceist

31      Lena dara ceist, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an bhfuil Airteagal 6(1) agus Airteagal 7(1) de Threoir 93/13 le léiriú sa chaoi gur féidir le cúirt náisiúnta, nó an gá di fiú, scrúdú a dhéanamh as a stuaim féin ar théarma éagórach i gconradh chun éilimh arna dtabhairt i gcrích ag tomhaltóir a shannadh i gcás nach mbaineann an díospóid os a comhair, idir an chuideachta sannaí agus díoltóir nó soláthróir, leis an gconradh sannta sin, ach le héileamh an tomhaltóra i gcoinne an díoltóra nó an tsoláthróra sin.

32      Is léir ón ordú tarchuir go mbaineann an díospóid sna príomhimeachtaí leis an éileamh a eascraíonn as an gconradh creidmheasa arna thabhairt i gcrích idir PKO Bank Polski agus tomhaltóir arb é Zwrotybankowe.pl a shannaí. Dá bhrí sin, ní hé an conradh sannta is ábhar don díospóid sin agus níl an tomhaltóir sin ina pháirtí sna himeachtaí arna dtionscnamh ag an tomhaltóir sin.

33      É sin ráite, tar éis di teacht ar an eolas faoin gconradh sannta óna bhfuil locus standi ag Zwrotybankowe.pl, tagraíonn an chúirt a rinne an tarchur, chun údar a thabhairt leis an dara ceist a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú, do chásdlí na Cúirte lena gceanglaítear ar an gcúirt náisiúnta scrúdú a dhéanamh as a stuaim féin, a luaithe a bheidh os a comhair na heilimintí dlíthiúla agus fíorasacha is gá chun na críche sin, an bhfuil téarma conarthach éagórach.

34      Maidir leis sin, ba cheart a mheabhrú, de réir an gcásdlí socair, go gceanglaítear ar an gcúirt náisiúnta measúnú a dhéanamh as a stuaim féin, a luaithe a bheidh na gnéithe dlíthiúla agus fíorasacha is gá chun na críche sin aici, ar a théarma éagórach i gconradh a thagann faoi raon feidhme Threoir 93/13 agus, ar an gcaoi sin, an éagothroime atá ann idir an tomhaltóir agus an díoltóir nó an soláthróir a chúiteamh (féach, chuige sin, breithiúnas an 11 Márta 2020, Lintner, C‑511/17, EU:C:2020:188, mír 26).

35      É sin ráite, chuir an Chúirt Breithiúnas in iúl freisin, ar dtús, go bhfuil an scrúdú nach mór don chúirt náisiúnta ar tugadh na himeachtaí os a comhair a dhéanamh as a stuaim féin de bhun Treoir 93/13 teoranta do chlásail conarthacha a bhféadfar a n‑éagóracht a shuí ar bhonn na n‑ábhar dlí agus na bhfíoras sa chomhad os comhair na cúirte náisiúnta sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 11 Márta 2020, Lintner, C‑511/17, EU:C:2020:188, mír 27).

36      Ina dhiaidh sin, luaigh sí go gceanglaítear ar an gcúirt náisiúnta sin bearta fiosrúcháin a ghlacadh as a stuaim féin a mhéid a eascraíonn amhras tromchúiseach as na hábhair dlí agus fíorais atá sa chomhad cheana féin maidir le héagóracht clásail áirithe, cé nach bhfuil agóid á dhéanamh ag an tomhaltóir ina leith, atá nasctha le hábhar na díospóide agus, dá bhrí sin, go n‑éilítear bearta imscrúdaitheacha den sórt sin chun scrúdú a dhéanamh don chúirt sin as a stuaim féin (breithiúnas an 11 Márta 2020, Lintner,  C‑511/17, EU:C:2020:188, mír 38). In éagmais rialú éifeachtach ar a éagóraí atá nó nach bhfuil na téarmaí conarthacha lena mbaineann, nach féidir urramú na gceart a thugtar le Treoir 93/13 a ráthú (breithiúnas an 7 Samhain 2019, Profi Credit Polska, C‑419/18 agus C‑483/18, EU:C:2019:930, mír 66 agus an cásdlí dá dtagraítear).

37      Ar deireadh, chinn an Chúirt Breithiúnas, mar sin féin, nach bhfuil sé ach laistigh de theorainneacha ábhar na díospóide atá os a comhair go n‑iarrtar ar an gcúirt náisiúnta scrúdú a dhéanamh as a stuaim féin ar théarma conarthach chun críocha na cosanta nach mór a dheonú don tomhaltóir faoi Threoir 93/13, chun cosc a chur ar dhiúltú d’éilimh an tomhaltóra le cinneadh a tugadh roimhe seo, i gcás inarb iomchuí, a bhfuil feidhm res judicata aige, cé go bhféadfaí seasamh leis na héilimh sin mura raibh an tomhaltóir sin, trí aineolas, ag brath ar an téarma éagórach sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 11 Márta 2020, Lintner,  C‑511/17, EU:C:2020:188, mír 32).

38      Leanann sé ó na breithnithe a leagtar amach i míreanna 34 go 37 den bhreithiúnas seo go bhfuil oibleagáid na cúirte náisiúnta scrúdú a dhéanamh as a stuaim féin ar théarma conarthach ceangailteach maidir leis na téarmaí, cé nach bhfuil siad faoi dhíospóid ag an tomhaltóir lena mbaineann, sa chonradh atá i gceist sa díospóid agus go bhfuil údar leis an athbhreithniú sin mar gheall ar an gceanglas cosanta nach mór a thabhairt don tomhaltóir sin faoi Threoir 93/13.

39      Mar sin, is léir ón ordú tarchuir go bhfuil Zwrotybankowe.pl ag iarraidh go n‑ordófaí do PKO Bank Polski éileamh a íoc a eascraíonn as comhaontú creidmheasa arna thabhairt i gcrích ag tomhaltóir leis an mbanc sin, mar thoradh ar mhainneachtain líomhnaithe na hoibleagáidí faisnéise a leagtar síos le Treoir 2008/48 a chomhlíonadh nuair a tugadh an comhaontú sin i gcrích. Ina chosaint, líomhnaíonn PKO Bank Polski, inter alia, de bhun Airteagal 22(2) de Threoir 2008/48, nach féidir le héileamh den sórt sin, as a dtagann locus standi an iarratasóra sna príomhimeachtaí, a bheith ina ábhar do chonradh sannta.

40      Dá bhrí sin, ní thagann an téarma conarthach dá dtagraíonn an chúirt a rinne an tarchur ina ceist chun réamhrialú faoi raon feidhme ábhar na díospóide atá os a comhair, agus mar thoradh air sin nach féidir a iarraidh ar an gcúirt sin scrúdú a dhéanamh air as a stuaim féin maidir leis an gcosaint nach mór a dheonú don tomhaltóir sin faoi Threoir 93/13, i gcomhréir leis an gcásdlí a luaitear i mír 37 den bhreithiúnas seo.

41      Ina theannta sin, maidir le caingean arna tionscnamh ag sannaí cuideachta ar éileamh tomhaltóra i gcoinne pháirtí conarthach gairmiúil an tomhaltóra, ba cheart a thabhairt faoi deara, mar a thugann an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 32 dá Tuairim, nach bhfuil an éagothroime atá ann i gcaingean idir an tomhaltóir agus an chonraitheoir gairmiúil eile ina saintréith de chaingean idir dhá dhíoltóir nó dhá sholáthróir (féach, chuige sin, breithiúnas an 11 Aibreán 2024, Air Europa Líneas Aéreas, C‑173/23, EU:C:2024:295, mír 38).

42      Mar a sonraíodh i mír 34 den bhreithiúnas seo, shoiléirigh an Chúirt Breithiúnas cheana féin gurb é is de bharr staid na héagothroime atá ann idir an tomhaltóir agus an díoltóir go gceanglaítear ar an gcúirt náisiúnta scrúdú a dhéanamh as a stuaim féin ar théarma éagórach i gconradh a thagann faoi raon feidhme Threoir 93/13 agus, ar an dóigh sin, chun an éagothroime idir an tomhaltóir agus an díoltóir nó an soláthróir a chúiteamh.

43      Mar sin, de bharr difríochta an cháis dá dtagraítear sa chásdlí i mír 34 den bhreithiúnas seo, ní gá, d’fhonn éifeachtacht an chórais cosanta do thomhaltóirí atá beartaithe le Treoir 93/13 a áirithiú, don chúirt náisiúnta, agus díospóid faoina breith idir beirt dhíoltóir, amhail cuideachta cearta thomhaltóir agus díoltóir conarthach an tomhaltóra sin a dhiúscairt, scrúdú a dhéanamh as a stuaim féin ar théarma éagórach i gconradh arna thabhairt i gcrích ag an tomhaltóir sin (breithiúnas an 11 Aibreán 2024, Air Europa Líneas Aéreas, C‑173/23, EU:C:2024:295, mír 39).

44      Ina theannta sin, mar a thugann an chúirt a rinne an tarchur faoi deara, sa chás seo, d’fhéadfadh sé go mbeadh sé mar thoradh ar chinneadh go bhfuil téarma amháin nó níos mó sa chonradh sannta éagórach, i gcás nach bhféadfadh an conradh leanúint ar aghaidh gan na téarmaí sin, nach bhfuil seasamh ag an aistrí lena mbaineann, eadhon Zwrotybankowe.pl, chun imeachtaí a thionscnamh agus dá bhrí sin, nach bhfuil aon chúiteamh ann i bhfábhar an tomhaltóra aistritheach i gcomhthéacs na n‑imeachtaí atá ar feitheamh os comhair na cúirte sin. D’fhéadfadh cás den sórt sin dochar a dhéanamh do chosaint éifeachtach an tomhaltóra ós rud é go mbainfí den tomhaltóir, láithreach ar a laghad, an chuid den éileamh a raibh sé ag súil leis a fháil trí chonradh an tsannacháin, gan an deis a bheith aige éisteacht a fháil ina leith sin fiú, ós rud é nach páirtí é sa díospóid sna príomhimeachtaí.

45      Fágann sé sin nach gceanglaítear le hAirteagal 6(1) agus Airteagal 7(1) de Threoir 93/13 ar chúirt náisiúnta scrúdú a dhéanamh as a stuaim féin an bhfuil téarma i gconradh chun éileamh a shannadh arna thabhairt i gcrích idir tomhaltóir agus an sannaí ar chearta an tsannaí éagórach i gcás nach mbaineann an díospóid atá os a comhair leis an gcomhaontú sannta sin, ach le héileamh an tomhaltóra i leith an bhainc a thug comhaontú creidmheasa i gcrích leis an tomhaltóir sin.

46      Sna himthosca sin, is faoin gcúirt náisiúnta amháin atá sé a mheas an gceadaítear lena dlí náisiúnta, agus a mhéid a cheadaítear di, a chinneadh an bhfuil locus standi ag Zwrotybankowe.pl, go háirithe trí scrúdú a dhéanamh ar ábhar an chonartha a d’fhéadfadh a thabhairt do Zwrotybankowe.pl locus standi, ach nach bhfuil ina ábhar don díospóid atá os a comhair. Mar sin féin, d’fhonn prionsabal éifeachtach dhlí an Aontais a chomhlíonadh, ní féidir le cur i bhfeidhm forála nós imeachta náisiúnta a bheith dodhéanta nó ródheacair na cearta a thugtar, inter alia, le Treoir 93/13 a fheidhmiú (féach, chuige sin, breithiúnas an 17 Bealtaine 2022, SPV Project 1503 agus páirtithe eile, C‑693/19 agus C‑831/19, EU:C:2022:395, mír 60). Dá bhrí sin, ní mór don chúirt náisiúnta sin a áirithiú nach bhfuil iarmhairtí neamhdhlisteanacha don tomhaltóir lena mbaineann ag an bhforáil sin, i gcás nach raibh an féidearthacht ag an tomhaltóir sin a argóintí a chur ar aghaidh i gcomhthéacs díospóireacht sáraíochta (féach, chuige sin, breithiúnas an 11 Aibreán 2024, Air Europa Líneas Aéreas, C‑173/23, EU:C:2024:295, mír 44).

47      I bhfianaise an mhéid sin go léir, is é an freagra ar an dara ceist nach mór Airteagal 6(1) agus Airteagal 7(1) de Threoir 93/13 a léiriú sa chaoi nach gceanglaítear ar chúirt náisiúnta scrúdú a dhéanamh as a stuaim féin ar théarma éagórach i gconradh chun éilimh arna dtabhairt i gcrích ag tomhaltóir a shannadh i gcás nach mbaineann an díospóid os a comhair, idir an chuideachta sannaí agus díoltóir nó soláthróir, leis an gconradh sannta sin, ach le héileamh an tomhaltóra i gcoinne an díoltóra nó an tsoláthróra sin.

 Costais

48      Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte a rinne an tarchur, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a chur faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Ceathrú Dlísheomra) mar seo a leanas:

1.      Maidir le hAirteagal 22(2) de Threoir 2008/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 maidir le comhaontuithe creidmheasa le haghaidh tomhaltóirí agus lena naisghairtear Treoir 87/102/CEE ón gComhairle,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

ní chuirtear cosc leis ar reachtaíocht náisiúnta lena dtugtar cead do thomhaltóir éileamh lena líomhnaítear sárú ar cheart a thugtar dó le reachtaíocht náisiúnta lena gcuirtear an Treoir chun feidhme a shannadh go tríú páirtí nach tomhaltóir é.

2.      Maidir le hAirteagal 6(1) agus Airteagal 7(1) de Threoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

ní cheanglaítear ar chúirt náisiúnta scrúdú a dhéanamh as a stuaim féin ar théarma éagórach i gconradh chun éilimh a shannadh arna thabhairt i gcrích ag tomhaltóir i gcás nach mbaineann an díospóid os a comhair, idir an chuideachta sannaí agus díoltóir nó soláthróir, leis an gconradh sannta sin, ach le héileamh an tomhaltóra i gcoinne an díoltóra nó an tsoláthróra sin.

[Sínithe]


*      Teanga an cháis: an Pholainnis.