Eagrán sealadach
BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Chéad Dhlísheomra)
12 Feabhra 2026 (*)
(Tarchur chun réamhrialú – Airteagal 49 CFAE – Saoirse bunaíochta – Raon feidhme – Gníomhaíocht eacnamaíoch – Cáilíochtaí gairmiúla a aithint – Treoir 2005/36/CE – Airteagal 53 – Eolas ar theangacha – Reachtaíocht náisiúnta lena leagtar síos ceanglas go mbeidh inniúlacht sa teanga oifigiúil ag múinteoirí agus ag baill foirne riaracháin atá fostaithe i mbunaíocht phríobhaideach oideachais agus a bhíonn i gcumarsáid rialta leis an bpobal agus leis na húdaráis riaracháin – Airteagal 4(2) CAE. – Féiniúlacht náisiúnta Bhallstáit – Cosaint agus cur chun cinn teanga oifigiúil de chuid Ballstáit – Bunaíocht phríobháideach oideachais a sholáthraíonn cláir oideachais idirnáisiúnta – An coinníoll maidir le riachtanas – Prionsabal na comhréireachta – Ceanglas maidir le hinniúlacht sa teanga oifigiúil gan an fhéidearthacht a bheith ann go mbeadh eisceachtaí ann nó go ndéanfaí maolú)
I gCás C‑48/24,
IARRAIDH ar réamhrialú de bhun Airteagal 267 CFAE, ó Lietuvos vyriausiasis administracinis teismas (Cúirt Riaracháin Uachtarach na Liotuáine), trí bhreith an 24 Eanáir 2024, a fuarthas ag an gCúirt an 25 Eanáir 2024, sna himeachtaí
VšĮ Vilniaus tarptautinė mokykla
v
Valstybinė kalbos inspekcija,
tugann AN CHÚIRT (an Chéad Dhlísheomra),
agus í comhdhéanta mar seo a leanas: F. Biltgen, Uachtarán Dlísheomra, T. von Danwitz (Rapóirtéir), Leas-Uachtarán na Cúirte, I. Ziemele, A. Kumin agus S. Gervasoni, Breithiúna,
Abhcóide Ginearálta: N. Emiliou,
Cláraitheoir: A. Calot Escobar,
ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn,
tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:
– Rialtas na Liotuáine, ag K. Dieninis, S. Grigonis agus V. Kazlauskaitė-Švenčionienė, i gcáil Gníomhairí,
– Rialtas na Laitvia, ag J. Davidoviča, K. Pommere agus S. Zābele, i gcáil Gníomhairí,
– Rialtas na hÍsiltíre, ag E. M. Besselink agus M. K. Bulterman, i gcáil Gníomhairí,
– an Coimisiún Eorpach, ag L. Armati, G. Meeßen agus A. Steiblytė, i gcáil Gníomhairí,
tar éis éisteacht leis an Tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 10 Iúil 2025,
an Breithiúnas seo a leanas:
Breithiúnas
1 Baineann an iarraidh ar réamhrialú le léiriú ar Airteagal 49 CFAE agus Airteagal 53 de Threoir 2005/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Meán Fómhair 2005 maidir le cáilíochtaí gairmiúla a aithint (IO 2005 L 255, lch. 22) arna leasú le Treoir 2013/55/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Samhain 2013 (IO 2013 L 354, lch. 132) ( ‘Treoir 2005/36’).
2 Rinneadh an iarraidh seo in imeachtaí idir VšĮ ‘Vilniaus tarptautinė mokykla’ (Scoil Idirnáisiúnta Vilnias, an Liotuáin) (‘VTM’) agus Valstybinė kalbos inspekcija (Cigireacht Teanga Stát, an Liotuáin) (‘VKI’), maidir leis an gceanglas a forchuireadh ar VTM a áirithiú go n‑éiríonn lena múinteoirí agus a baill foirne i scrúdú lena dtaispeántar go bhfuil leibhéal sonrach inniúlachta acu i Liotuáinis.
An dlí lena mbaineann
Dlí an Aontais Eorpaigh
3 Leagtar amach an méid seo a leanas le haithris 26 de Threoir 2013/55/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Samhain 2013 lena leasaítear Treoir 2005/36/CE maidir le cáilíochtaí gairmiúla a aithint agus Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 maidir le comhar riaracháin trí Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (‘Rialachán IMI’) (IO 2013 L 354, lch. 132):
‘Foráiltear cheana féin le Treoir 2005/36/CE go gceanglaítear go mbeidh na scileanna teanga is gá ag gairmithe. Leis an athbhreithniú ar chomhlíonadh na hoibleagáide sin, léiríodh go raibh gá le soiléiriú a dhéanamh ar ról na n‑údarás inniúil agus na bhfostóirí, go háirithe chun sábháilteacht othar a áirithiú ar bhealach níos fearr. Ní mór go mbeidh an fhéidearthacht ag na húdaráis inniúla rialuithe teanga a dhéanamh tar éis aitheantas a thabhairt do cháilíochtaí gairmiúla. Tá sé tábhachtach, go háirithe do ghairmeacha a bhfuil impleachtaí acu ó thaobh sábháilteacht othar de, go ndéanfar rialuithe teanga faoi Threoir 2005/36/CE sula tosóidh an gairmí ag cleachtadh a ghairm sa Bhallstát óstach. ‘Ba cheart go mbeadh an fíorú ar an leibhéal teanga réasúnta agus riachtanach, áfach, do na gairmeacha atá i gceist agus níor cheart go mbeadh sé mar aidhm leo gairmithe ó Bhallstáit eile a eisiamh ón margadh saothair sa Bhallstát óstach.’ [...] Ba cheart d’fhostóirí, freisin, leanúint de ról tábhachtach a bheith acu maidir leis an eolas is gá ar theangacha chun gníomhaíochtaí gairmiúla a fheidhmiú san ionad oibre a áirithiú.’
[Aistriúchán neamhoifigiúil.]
4 Foráiltear an méid seo a leanas sa chéad fhomhír d’Airteagal 2(1) de Rialachán 2005/36:
‘Beidh feidhm ag an Treoir seo maidir le gach náisiúnach de Bhallstát ar mian leis tabhairt faoi ghairm rialáilte i mBallstát, lena n‑áirítear iad sin a bhaineann leis na gairmeacha liobrálacha, seachas an ghairm sin inar bhain siad amach a gcáilíochtaí gairmiúla, bíodh sé sin ar bhonn féinfhostaithe nó ar bhonn fostaithe.’
[Aistriúchán neamhoifigiúil.]
5 Foráiltear mar a leanas le hAirteagal 53(1) go (3) den Treoir sin, dar teideal ‘Eolas ar theangacha’:
‘1. Ní mór go mbeidh ag daoine gairmiúla a bhaineann leas as aitheantas do cháilíochtaí gairmiúla an t-eolas is gá ar theangacha chun an gairm a chleachtadh sa Bhallstát óstach.
2. Maidir le haon rialuithe a dhéanfaidh an t‑údarás inniúil, nó a dhéanfar faoi mhaoirseacht an údaráis inniúil, chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na hoibleagáide dá dtagraítear i mír 1, áiritheoidh Ballstát go mbeidh na rialuithe sin teoranta d’eolas ar theanga oifigiúil de chuid an Bhallstáit óstaigh, nó ar theanga riaracháin de chuid an Bhallstáit óstaigh ar choinníoll gur teanga oifigiúil de chuid an Aontais í an teanga dheireanach sin freisin.
3. Féadfar rialuithe a dhéantar i gcomhréir le mír 2 a fhorchur i gcás go mbíonn impleachtaí ó thaobh sábháilteacht othar de ag an ngairm a bhfuil cleachtadh le déanamh uirthi. Féadfar rialuithe a fhorchur i leith gairmithe eile i gcásanna a mbíonn amhras tromchúiseach nithiúil ann maidir le cumas leormhaith in eolas teanga an duine gairmiúil i leith na ngníomhaíochtaí gairmiúla a bhfuil sé i gceist ag an gairmí sin tabhairt fúthu.
Ní fhéadfar na rialuithe a dhéanamh ach amháin tar éis Carta Eorpach Gairmiúil a bheith eisithe i gcomhréir le hAirteagal 4d, nó tar éis aitheantas a fháil ar cháilíocht ghairmiúil, de réir mar a bheidh.’
[Aistriúchán neamhoifigiúil.]
Dlí na Liotuáine
Bunreacht Phoblacht na Liotuáine
6 Foráiltear le hAirteagal 14 de Lietuvos Respublikos Konstitucija (Bunreacht Phoblacht na Liotuáine) gurb í an Liotuáinis teanga oifigiúil Phoblacht na Liotuáine.
An tAcht um an Teanga Oifigiúil agus Foraithne Uimh. 1688
7 Foráiltear mar a leanas le hAirteagal 2 de Lietuvos Respublikos valstybinės kalbos įstatymas Nr. I-779 (Acht Uimh. I-779 ó Phoblacht na Liotuáine um an Teanga Oifigiúil) an 31 Eanáir 1995 (Žin., 1995, Uimh. 15-344 ‘an tAcht um an Teanga Oifigiúil’):
‘Is í an Liotuáinis teanga oifigiúil Phoblacht na Liotuáine.’
8 Foráiltear mar a leanas le hAirteagal 6 den Acht sin:
‘Maidir le ceannasaithe, oifigigh na n‑údarás poiblí, na gcomhlachtaí poiblí agus na n‑institiúidí poiblí, chomh maith le bainisteoirí, oifigigh agus fostaithe forfheidhmithe dlí, póilíní, cumarsáide, iompair phoiblí, seirbhísí sláinte poiblí agus leasa shóisialaigh agus seirbhísí poiblí eile, ní mór dóibh eolas a bheith acu ar an teanga oifigiúil a chomhfhreagraíonn don chatagóir eolais teanga atá leagtha síos ag Rialtas Phoblacht na Liotuáine.’
9 Glacadh Lietuvos Respublikos Vyriausybės nutarimas dėl valstybinės kalbos mokėjimo kategorijų patvirtinimo ir įgyvendinimo Nr. 1688 (Foraithne Uimh. 1688 ó Rialtas Phoblacht na Liotuáine maidir le glacadh agus cur i bhfeidhm na gcatagóirí inniúlachta i dteanga an Stáit), an 24 Nollaig 2003 (Žin., 2003, Uimh. 123-5618), ar bhonn Airteagal 6 den Acht um an Teanga Oifigiúil.
10 Leagtar amach an méid seo a leanas le míreanna 2 go 4 den Fhoraithne sin (‘Foraithne Uimh. 1688’), sa leagan is infheidhme i leith fhíorais na díospóide sna príomhimeachtaí:
‘2. Beidh ceannairí na n‑údarás poiblí agus na gcomhlachtaí poiblí, na bhforas oideachais atá ag brath go hiomlán nó go páirteach ar an Stát nó ar na bardais, ar ranna forbartha réigiúnaí agus ar sheirbhísí poiblí eile freagrach as liosta na bpost a tharraingt suas do oifigigh Stáit agus do státseirbhísigh agus d’fhostaithe arna n‑íoc ó bhuiséad an Stáit nó ón mbuiséad bardasach nó ó chistí poiblí eile a bhfuil catagóir áirithe inniúlachta sa teanga oifigiúil ag teastáil ina leith.
3. Moltar do cheannairí eintiteas, comhlachas, gnóthas, institiúidí agus comhlachtaí poiblí seachas iad siúd dá dtagraítear i bpointe 2 den Fhoraithne seo an chatagóir inniúlachta sa teanga oifigiúil is gá a chinneadh le haghaidh gach ceann de na poist a ndéantar foráil ina dtuairisc maidir le hidirghníomhaíocht leis an bpobal agus ullmhú agus próiseáil doiciméad, agus liosta de na dualgais sin a tharraingt suas.
4. Ní bheidh feidhm ag an gceanglas maidir le catagóir áirithe inniúlachta sa teanga oifigiúil i leith fostaithe eachtracha a bhfuil nó a raibh cosaint shealadach acu sa Liotuáin, ar feadh tréimhse 2 bhliain ó dheonú na cosanta sealadaí sin.’
11 Sonraítear an méid seo a leanas i bpointí 2, 5, 6 agus 8 den tuairisc ar na catagóirí inniúlachta sa teanga oifigiúil agus na rialacha mionsonraithe maidir lena gcur i bhfeidhm, mar a leagtar síos le Foraithne Uimh. 1688:
‘2. Leis an gcatagóir inniúlachta sa teanga oifigiúil, ceadaítear eolas an duine ar an teanga sin a dheimhniú. [...]
[...]
5. Bunaítear na sé leibhéal inniúlachta seo a leanas sa Liotuáinis (ón leibhéal is ísle, A1, go dtí an leibhéal is airde, C2):
[...]
5.3. Leibhéal inniúlachta B1 sa Liotuáinis (leibhéal tairsí) (úsáideoir neamhspleách) Is féidir leis an úsáideoir téacsanna ó bhéal nó i scríbhinn a bhaineann le hábhair a bhfuil taithí aige air, nó labhairt faoi ábhair éagsúla a bhaineann leis an saol laethúil nó leis an obair, cuntas a dhéanamh ar éispéiris agus eachtraí, a bhrionglóidí, a dhóchas agus a mhianta a chur in iúl, tuairimí nó pleananna a chur in iúl go hachomair, foirmeanna a líonadh isteach, téacsanna gearra a scríobh maidir le hábhair a bhaineann leis an saol laethúil nó leis an obair, téacs simplí ciallmhar a scríobh maidir le hábhair a bhfuil taithí aige orthu nó ar díol spéise pearsanta dó iad. Is féidir leis an teanga labhartha agus téacsanna scríofa a thuiscint agus cumarsáid a dhéanamh;
6. Bunaítear na trí chatagóir inniúlachta seo a leanas sa teanga oifigiúil (ón gceann is ísle, Catagóir I, go dtí an ceann is airde, Catagóir III):
[...]
6.2 comhfhreagraíonn inniúlacht Chatagóir II sa teanga oifigiúil do leibhéal inniúlachta B1 sa Liotuáinis (leagtar amach na ceanglais a chomhfhreagraíonn don leibhéal sin i bpointe 5.3 den tuairisc seo);
[...]
8. Ní mór go mbeidh ag oibrithe, oifigigh agus gníomhairí an Stáit in earnálacha an oideachais, an chultúir, na sláinte, na cosanta sóisialta agus in earnálacha eile dioplóma ardoideachais neamhollscoile, dioplóma gairmoideachais a fuarthas roimh 2009 nó dioplóma teicniúil meánoideachais a fuarthas roimh 1995, ar a mhéid (cé is moite de mhúinteoirí a bhíonn ag múineadh sa teanga oifigiúil), inniúlacht sa Liotuáinis de chatagóir II má bhíonn idirghníomhaíocht rialta leis an bpobal nó próiseáil foirmeacha caighdeánacha i gceist lena ndualgais.’
An Dlí maidir le hOideachas agus Ordú Uimh. V-774 lena bhformheastar an tuairisc ar na ceanglais a bhaineann le cáilíochtaí múinteoirí
12 Foráiltear le hAirteagal 2(2) de Lietuvos Respublikos švietimo įstatymas Nr. I-1489 (Acht Uimh. I-1489 ó Phoblacht na Liotuáine maidir le hOideachas) an 25 Meitheamh 1991 (Lietuvos aidas, 1991, no 153-0), sa leagan is infheidhme i leith fhíorais na díospóide sna príomhimeachtaí (‘an Dlí maidir le hOideachas’) go mbaineann an téarma ‘oideachas ginearálta’ le hoideachas bunleibhéil, idirmheánach agus meánleibhéil.
13 Le hAirteagal 48(1) den Dlí maidir le hOideachas socraítear liosta de na daoine atá údaraithe chun gairm na múinteoireachta a shaothrú agus sonraítear, i mír 3 de, nach mór go mbeidh ag na múinteoirí a luaitear i mír 1 ‘na cáilíochtaí arna socrú ag an Aire Oideachais agus Eolaíochta’. Foráiltear mar a leanas le hAirteagal 48(4):
‘Aon duine a fuair cáilíocht i mBallstát nó i gCónaidhm na hEilvéise ar aithníodh a coibhéis i gcomhréir le Lietuvos Respublikos reglamentuojamų Profesinių kvalifikacijų pripažinimo įstatymas [(Dlí Uimh. X-1478 de Phoblacht na Liotuáine maidir le cáilíochtaí gairmiúla a aithint) an 3 Aibreán 2008 (Žin., 2008, Uimh. 47-1747)], agus a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i míreanna 1 agus 3 den Airteagal seo, féadfaidh sé gairm an mhúinteora a chleachtadh sa Liotuáin.’
14 Foráiltear mar a leanas le hAirteagal 72(1) agus (3) den Dlí maidir le hOideachas, dar teideal ‘Cur Chun Feidhme Chláir Oideachais ó stáit choígríche agus eagraíochtaí idirnáisiúnta’:
‘1. Bunófar scoileanna Stát eachtrach agus eagraíochtaí idirnáisiúnta (seachas ardoideachas) i bPoblacht na Liotuáine agus oibreoidh siad faoi na coinníollacha agus i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos sa Dlí seo, i gcomhaontuithe idirnáisiúnta arna dtabhairt i gcrích ag Poblacht na Liotuáine agus in Achtanna, rialacháin nó gníomhartha riaracháin eile. Féadfar cláir oideachais ó Stáit choígríche agus ó eagraíochtaí idirnáisiúnta (seachas ardoideachas) a sholáthar (nó a chur ar fionraí) de réir na nósanna imeachta atá leagtha síos ag an Rialtas, le húdarú i scríbhinn ón Aire Oideachais agus Eolaíochta.
[...]
3. Is féidir cláir oideachais ó stáit choígríche agus ó eagraíochtaí idirnáisiúnta a chur ar fáil i scoileanna sa Liotuáin i dteanga seachas an Liotuáinis. Gheobhaidh daoine a bhfuil clár oideachais sa Liotuáin ó Stát eachtrach nó ó eagraíocht idirnáisiúnta curtha i gcrích acu, tar éis dóibh a gcuid staidéir a chríochnú, an dioplóma comhfhreagrach ón Stát eachtrach nó ón eagraíocht idirnáisiúnta sin.’
15 Rinneadh Lietuvos Respublikos švietimo, mokslo ir sporto ministras įsakymas Nr. V-774 Dėl Reikalavimų mokytojų kvalifikacijai aprašo patvirtinimo (Ordú Uimh. V-774 ón Aire Oideachais, Eolaíochta agus Spóirt, Poblacht na Liotuáine lena bhformheastar an tuairisc ar na ceanglais a bhaineann le cáilíochtaí múinteoirí), an 29 Lúnasa 2014 (TAR, 2014, Uimh. 2014-11394), a ghlacadh de bhun Airteagal 48 den Dlí maidir le hOideachas. Foráiltear mar a leanas le mír 7 den tuairisc sin ar na ceanglais, sa leagan is infheidhme i leith fhíorais na díospóide sna príomhimeachtaí:
‘Ní mór leibhéal inniúlachta sa Liotuáinis a bheith ag múinteoirí a bhíonn ag feidhmiú san oideachas ginearálta, sa ghairmoiliúint agus san oideachas seachfhoirmiúil a chomhfhreagraíonn do na catagóirí inniúlachta teanga arna bhformheas le Foraithne [Uimh. 1688]; [...]’
Foraithne Uimh. 649 lena bhformheastar an nós imeachta chun údarú a dheonú, a chur ar fionraí agus a chúlghairm chun cláir oideachais an Stáit choigríche agus eagraíochtaí idirnáisiúnta a chur chun feidhme. (cé is moite den ardoideachas)
16 Le mír 26 de ‘Lietuvos Respublikos Vyriausybės nutarimas Nr. 649 Dėl sutikimo vykdyti užsienio valstybių ir tarptautinių organizacijų švietimo programas (išskyrus aukštojo mokslo studijų programas) išdavimo, galiojimo sustabdymo ir galiojimo panaikinimo tvarkos aprašo patvirtinimo’ (Foraithne Uimh. 649 ó Rialtas na Liotuáine lena bhformheastar an nós imeachta chun údarú a dheonú, a chur ar fionraí agus a chúlghairm chun cláir oideachais an Stáit choigríche agus eagraíochtaí idirnáisiúnta a chur chun feidhme. (cé is moite den ardoideachas)), an 6 Meitheamh 2012 (Žin. 2012, Uimh. 66-3343), sa leagan is infheidhme maidir le fíorais an cháis sna príomhimeachtaí, foráiltear an méid seo a leanas:
‘26. Ní mór do shealbhóir an údaraithe a chuireann an clár oideachais ó Stát choígríche nó ó eagraíocht idirnáisiúnta (‘an clár oideachais’) i gcrích dá dtagraítear san údarú sin:
26.1. […] rialú a dhéanamh ar eolas ar an teanga oifigiúil de réir na gclár ginearálta a bheidh ceadaithe ag an Aire Oideachais agus Eolaíochta;
26.2. a áirithiú go mbeidh oiliúint agus cáilíochtaí na múinteoirí agus na soláthraithe seirbhísí oideolaíochta comhréireach leis na ceanglais a leagtar amach sa [chlár oideachais];
26.3. Ceanglais dhlí na Liotuáine maidir le hOideachas agus ghníomhartha dlí eile a chomhlíonadh;
26.4. doiciméid agus sonraí a bhaineann le cur chun feidhme [an chláir oideachais] a sholáthar do na húdaráis mhaoirseachta, arna iarraidh sin dóibh, agus a chur ar a gcumas iad a fhíorú;
[...]’
An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tharchuirtear
17 Tá VTM, bunaíocht phríobháideach oideachais arna bunú ag náisiúnach de chuid na Liotuáine, gníomhach sa Liotuáin ó bhí 2004 ann. Tráth na bhfíoras sa chás sna príomhimeachtaí, bhí 49.96 % dá caipiteal i seilbh náisiúnach Fionlannach, 25.02 % i seilbh náisiúnach Danmhargach agus 25.02 % i seilbh náisiúnach de chuid Stáit Aontaithe Mheiriceá.
18 Fuair VTM na húdaruithe riaracháin is gá chun cláir oideachais bunscoile agus idirmheánaigh don Baccalauréat Idirnáisiúnta agus clár oideachais meánscoile ‘Cambridge International AS/A levels’ a chur ar fáil i mBéarla.
19 An 19 agus an 25 Bealtaine 2022, rinne VKI cigireacht i VTM chun a dheimhniú go raibh na ceanglais dá bhforáiltear leis an Acht um an Teanga Oifigiúil agus le Foraithne Uimh. 1688 á gcomhlíonadh ag VTM. Le linn na cigireachta sin, chinn sí nár éirigh le 18 bhfostaí de chuid VTM, lena n‑áirítear an Stiúrthóir, a hionadaí atá i gceannas ar an oideachas, oideolaí sóisialta agus 15 mhúinteoir, sa scrúdú teanga a chomhfhreagraíonn do chatagóir II inniúlachta sa teanga oifigiúil, mar a shainmhínítear i bhForaithne Uimh. 1688, nó nár chuir siad na doiciméid is gá isteach. As na 18 bhfostaí sin, bhí cúigear ina náisiúnaigh de Bhallstáit, agus bhí na 13 fhostaí eile ina náisiúnaigh de thíortha nach Ballstáit iad.
20 Sna himthosca sin, le hordú an 26 Bealtaine 2022, d’éiligh VKI ar VTM a áirithiú gur éirigh leis na fostaithe sin sa scrúdú teanga sin faoin 2 Feabhra 2023 ar a dhéanaí, agus gur ghá an t‑údarás inniúil a chur ar an eolas faoi sin faoin 9 Feabhra 2023 ar a dhéanaí. Chuir VKI in iúl do VTM freisin go ngearrfaí pionós as mainneachtain na ceanglais sin a chomhlíonadh i gcomhréir leis na rialacha mionsonraithe a leagtar síos le dlí na Liotuáine (‘Ordú Iocaíochta an 26 Bealtaine 2022’).
21 Rinne VTM caingean a thionscnamh os comhair Vilniaus apygardos administracinis teismas (Cúirt Réigiúnach Riaracháin, Vilnias, an Liotuáin), lenar iarradh Ordú Íocaíochta an 26 Bealtaine 2022 a chur ar neamhní.
22 Os rud é gur díbheadh an chaingean, rinne VTM achomharc ina dhiaidh sin os comhair Lietuvos vyriausiasis administracinis teismas (Cúirt Uachtarach Riaracháin, an Liotuáin), arb í an chúirt a rinne an tarchur.
23 Féachann an chúirt sin lena fháil amach, ar an gcéad dul síos, an dtagann an cás atá i gceist sna príomhimeachtaí faoi raon feidhme Airteagal 49 CFAE. I ndáil leis sin, tugann sí dá haire, cé go bhfuil VTM bunaithe sa Liotuáin agus gur náisiúnach Liotuánach a bhunaigh é, go bhfuil a chaipiteal i seilbh, go páirteach, ag náisiúnaigh de Bhallstáit seachas Poblacht na Liotuáine. Cuireann sí in iúl freisin go soláthraíonn VTM a cláir oideachais ar luach saothair. Ina dhiaidh sin, i gcás go mbeadh Airteagal 49 CFAE infheidhme i gcás den chineál sin, iarrann an chúirt a rinne an tarchur an bhfuil údar leis an mbacainn ar shaoirse bunaíochta a eascraíonn as reachtaíocht na Liotuáine ar chúis sháraitheach ar mhaithe le leas an phobail agus an gcomhlíonann sí prionsabal na comhréireachta, agus í ag cur in iúl, go háirithe, nach bhforáiltear leis an reachtaíocht sin d’aon eisceacht ón gceanglas teanga a leagtar síos léi. Ar deireadh, iarrann sí an gceadaítear le Treoir 2005/36 ceanglas den chineál sin a chur i bhfeidhm i leith bhaill foirne scoil idirnáisiúnta, amhail VTM, a bhfuil gairm rialáilte á feidhmiú acu.
24 Sna himthosca sin, a chinn Lietuvos vyriausiasis administracinis teismas (Cúirt Riaracháin Uachtarach na Liotuáine) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:
‘(1) An gcaithfear Airteagal 49 CFAE a léiriú sa chaoi go dtagann an ceanglas, dá bhforáiltear leis an dlí náisiúnta, faoina raon feidhme go mbeadh eolas ar an teanga oifigiúil agus a bhfuil feidhm ag an bhforáil seo ar fhoireann riaracháin agus ar mhúinteoirí de chuid [bunaíocht] oideachais a bhunaigh duine nádúrtha príobháideach, lena gcuirtear chun feidhme clár oideachais meánscoile idirnáisiúnta chomh maith le cláir bunoideachais agus meánoideachais idirnáisiúnta baccalauréat?
(2) I gcás freagra dearfach ar an gcéad cheist, an gcaithfear Airteagal 49 CFAE a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leis an reachtaíocht náisiúnta, amhail an reachtaíocht atá i gceist sna príomhimeachtaí, faoina bhfuil feidhm ag an ceanglas a bheith le heolas ar an teanga oifigiúil, gan eisceacht, ar an gcéad dul síos, do mhúinteoirí atá ag obair [i mbunaíocht] oideachais a bhunaigh duine nádúrtha príobháideach, lena gcuirtear chun feidhme clár oideachais meánscoile idirnáisiúnta chomh maith le cláir bunoideachais agus meánoideachais idirnáisiúnta [baccalauréat agus], ar an dara dul síos, d’fhoireann riaracháin [na bunaíochta] oideachais, gan aird a thabhairt ar aon chúinsí sainiúil do ghníomhaíochtaí [na bunaíochta] oideachais lena mbaineann?
(3) An gá Airteagal 53 de Threoir 2005/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Meán Fómhair 2005 a léiriú sa chaoi maidir le cáilíochtaí gairmiúla , sa chaoi go gcuirtear cosc ar reachtaíocht náisiúnta, amhail an reachtaíocht atá i gceist sna príomhimeachtaí, faoina bhfuil feidhm ag an ceanglas a bheith le heolas ar an teanga oifigiúil, gan eisceacht, ar an gcéad dul síos, do mhúinteoirí atá ag obair [i mbunaíocht] oideachais a bhunaigh duine nádúrtha príobháideach, lena gcuirtear chun feidhme clár oideachais meánscoile idirnáisiúnta chomh maith le cláir bunoideachais agus meánoideachais idirnáisiúnta [baccalauréat agus], ar an dara dul síos, d’fhoireann riaracháin [na bunaíochta] oideachais, gan aird a thabhairt ar aon chúinsí sainiúil do ghníomhaíochtaí [na bunaíochta] oideachais lena mbaineann?’
Inghlacthacht na hiarrata ar réamhrialú
25 Maíonn rialtas na Liotuáine go bhfuil an iarraidh ar réamhrialú do-ghlactha ar an bhforas nach bhforchuirtear le dlí na Liotuáine ceanglas maidir le hinniúlacht sa Liotuáinis ar mhúinteoirí bhunaíocht oideachais phríobháideach, amhail VTM, a sholáthraíonn clár meánoideachais idirnáisiúnta agus cláir oideachais bunscoile agus idirmheánaigh don baccalauréat idirnáisiúnta. Mar sin, níl aon nasc ag na ceisteanna arna dtarchur ag an gcúirt a rinne an tarchur le fíorais iarbhír na díospóide ná lena cuspóir agus níl gá leis an léiriú ar dhlí an Aontais lena mbaineann na ceisteanna sin chun an díospóid sna príomhimeachtaí a réiteach.
26 I ndáil leis sin, ba cheart a mheabhrú nach féidir an toimhde ábharthachta atá ag na ceisteanna maidir le léiriú dhlí an Aontais arna dtarchur ag an gcúirt náisiúnta sa chomhthéacs fíorasach agus reachtach a bhfuil an chúirt sin freagrach as a shainiú agus nach faoin gCúirt atá sé a chruinneas a chinneadh a bhréagnú le hargóintí lena ndéantar agóid i gcoinne léiriú an dlí náisiúnta arna nglacadh ag an gcúirt a rinne an tarchur, ós rud é gurb í an chúirt sin amháin atá inniúil chun léiriú a dhéanamh ar an dlí sin agus chun é a chur i bhfeidhm. (féach, chuige sin, breithiúnas an 20 Meán Fómhair 2018, OTP Bank agus OTP Faktoring, C‑51/17, EU:C:2018:750, mír 41).
27 Thairis sin, ina freagra ar an iarraidh ar fhaisnéis a sheol an Chúirt Bhreithiúnais chuici an 12 Nollaig 2024, dheimhnigh an chúirt a rinne an tarchur, ar bhonn anailís mhionsonraithe ar fhorálacha a dlí náisiúnta, go bhfuil gach múinteoir agus ball foirne riaracháin i gcumarsáid rialta leis an bpobal agus le húdaráis riaracháin na mbunaíochtaí oideachais amhail VTM faoi réir ceanglas maidir le hinniúlacht sa Liotuáinis.
28 Leanann sé ón méid sin go bhfuil an iarraidh seo ar réamhrialú inghlactha.
Breithniú ar na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú
An chéad cheist
29 Lena céad cheist, iarrann an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, ar cheart léiriú a dhéanamh ar Airteagal 49 CFAE sa chaoi go bhfuil feidhm aige maidir le bunaíocht phríobháideach oideachais atá bunaithe i mBallstát agus ar ina príomhchathair a bhfuil sealúchas ag náisiúnaigh Bhallstáit eile, i gcás ina bhfuil clár idirnáisiúnta meánoideachais agus cláir oideachais bunscoile agus idirmhéanaigh don baccalauréat idirnáisiúnta á gcur ar fáil ag an mbunaíocht sin sa Bhallstát ina bhfuil sí bunaithe.
30 I ndáil leis sin, leagtar amach faoin dara fomhír d’Airteagal 49 CFAE go bhfolóidh saoirse bhunaíochta an ceart chun gabháil le gníomhaíochtaí agus iad a shaothrú mar oibrithe ar a gconlán féin, chun gnóthais a chur ar bun agus a bhainistiú, go háirithe cuideachtaí nó gnólachtaí de réir bhrí an dara fomhír d’Airteagal 54 CFAE faoi na coinníollacha atá leagtha síos dá náisiúnaigh féin le dlí na tíre ina bhfuil suíomh na bunaíochta sin, faoi réir fhorálacha na Caibidle a bhaineann le caipiteal.
31 Is cásdlí socair é go bhfuil raon feidhme an‑leathan ag an gcoincheap ‘bunaíocht’, de réir bhrí Chonradh FAE, rud a chiallaíonn go bhféadfaidh náisiúnach de Bhallstát a bheith rannpháirteach, ar bhonn cobhsaí agus leanúnach, i saol eacnamaíoch Ballstáit seachas a Stát tionscnaimh agus tairbhe a bhaint as (breithiúnas an 4 Deireadh Fómhair 2024, an Liotuáin v an Pharlaimint agus an Chomhairle (Pacáiste Soghluaisteachta), C‑541/20 go C‑555/20, EU:C:2024:818, mír 363 agus an cásdlí dá dtagraítear).
32 Tugtar le fios leis an gcoincheap sin gur féidir gníomhaíocht eacnamaíoch a dhéanamh go héifeachtach trí shuiteáil sheasmhach sa Bhallstát óstach ar feadh tréimhse neamhchinntithe. Glactar leis, dá bhrí sin, go bhfuil an trádálaí lena mbaineann bunaithe go hiarbhír sa Bhallstát sin agus go ndéanann sé gníomhaíocht eacnamaíoch iarbhír sa Bhallstát sin (breithiúnas an 4 Deireadh Fómhair 2024, an Liotuáin agus páirtithe eile v an Pharlaimint agus an Chomhairle (Pacáiste Soghluaisteachta), C‑541/20 go C‑555/20, EU:C:2024:818, mír 364).
33 Mar sin, chinn an Chúirt cheana féin go gcumhdaítear leis an tsaoirse bunaíochta staid ina bhfaigheann náisiúnach Ballstáit sealúchas i gcaipiteal cuideachta a bunaíodh i mBallstát eile, lena dtugtar tionchar cinnte dó ar chinntí na cuideachta agus a ligeann dó gníomhaíochtaí na cuideachta a chinneadh. (féach, chuige sin, breithiúnas an 21 Nollaig 2016, AGET Iraklis, C‑201/15, EU:C:2016:972, mír 46 agus an cásdlí dá dtagraítear).
34 Sa chás seo, tá comhthuiscint ann go raibh caipiteal VTM, atá bunaithe sa Liotuáin agus a chuireann cláir oideachais ar fáil ann ar bhonn cobhsaí agus leanúnach, inter alia, i seilbh náisiúnaigh Fhionlannach tráth a glacadh Ordú Íocaíochta an 26 Bealtaine 2022, ar mhéid 49.96% agus i seilbh náisiúnaigh Dhanmhairgeach ar mhéid 25.02%, rud a bhí, i bprionsabal, de chineál a thabharfadh tionchar cinnte do na náisiúnaigh sin ar chinntí agus ar ghníomhaíochtaí na bunaíochta oideachais sin. (féach, de réir analaí, breithiúnas an 22 Nollaig 2008, Truck Center, C‑282/07, EU:C:2008:762, míreanna 28 agus an cásdlí dá dtagraítear).
35 Dá bhrí sin, d’fhéadfadh an staid atá i gceist sna príomhimeachtaí teacht faoi raon feidhme Airteagal 49 CFAE, ar choinníoll go suitear, i gcomhréir leis an gcásdlí a luaitear i mír 31 den bhreithiúnas seo, go ndéanann VTM gníomhaíocht eacnamaíoch iarbhír trína bhunú sa Liotuáin.
36 Mar sin féin, agus cé go bhfuil amhras ar an gcúirt a rinne an tarchur maidir le léiriú Airteagal 49 CFAE, measann Rialtas na hÍsiltíre gur cheart scrúdú a dhéanamh ar an staid atá i gceist sna príomhimeachtaí i bhfianaise Airteagal 45 CFAE, ós rud é go bhforchuirtear an ceanglas maidir le hinniúlacht sa Liotuáinis ar bhaill foirne VTM.
37 Chuige sin, chinn an Chúirt Bhreithiúnais, i gcás ina mbaineann beart náisiúnta go comhuaineach le roinnt saoirsí bunúsacha, ní dhéanfaidh an Chúirt, i bprionsabal, é a scrúdú ach i bhfianaise ceann amháin de na saoirsí sin, má dhealraíonn sé, i gcúinsí an cháis, go bhfuil na cinn eile tánaisteach ar fad don chéad cheann agus gur féidir iad a cheangal leis. Chun an phríomhshaoirse bhunúsach a chinneadh, ní mór aird a thabhairt ar ábhar na reachtaíochta lena mbaineann agus, i gcás inarb infheidhme, ar na heilimintí fíorasacha lena mbaineann an díospóid sna príomhimeachtaí (féach, chuige sin, breithiúnais an 11 Meitheamh 2020, KOB, C‑206/19, EU:C:2020:463, míreanna 23 agus 25, agus breithiúnas an 7 Meán Fómhair 2022, Cilevičs agus páirtithe eile, C‑391/20, EU:C:2022:638, míreanna 50 agus 51 agus an cásdlí dá dtagraítear).
38 Thairis sin, chinn an Chúirt, cé go suitear go dtéann na cearta chun saorghluaiseachta dá bhforáiltear in Airteagal 45 CFAE chun tairbhe d’oibrithe, nach bhfuil aon léiriú ann i bhfoclaíocht an Airteagail sin nach féidir le daoine eile, go háirithe fostóirí, brath ar na cearta sin. D’fhonn a bheith éifeachtach agus úsáideach, ní mór go mbeadh an ceart atá ag oibrithe a bheith fostaithe agus fostaithe gan idirdhealú mar chomhlánú ar cheart na bhfostóirí iad a fhostú i gcomhréir leis na rialacha maidir le saorghluaiseacht d’oibrithe (féach, chuige sin, breithiúnais an 7 Bealtaine 1998, Clean Car Autoservice, C‑350/96, EU:C:1998:205, míreanna 19 agus 20, agus an 13 Nollaig 2012, Caves Krier Frères, C‑379/11, EU:C:2012:798, mír 28).
39 É sin ráite, cé is moite den fhíoras gur thionscain VTM an chaingean sna príomhimeachtaí ar a thionscnamh féin, is léir ón ordú tarchuir, agus gan amhras a bheith caite ar an méid seo sna barúlacha a cuireadh faoi bhráid na Cúirte, gur díríodh Ordú an 26 Bealtaine 2022 dá dtagraítear sa chaingean sin, ní ar na 18 mball foirne lena mbaineann ach ar VTM féin, ós rud é go ndearna VKI gearán toisc nár chomhlíon VTM an oibleagáid a áirithiú go gcomhlíonann a mball foirne an ceanglas maidir le hinniúlacht sa Liotuáinis, mar a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta. Go deimhin, faoin reachtaíocht sin, ceanglaítear ar shealbhóir údaraithe chun cláir oideachais ó Stáit choígríche agus ó eagraíochtaí idirnáisiúnta a chur chun feidhme, inter alia, rialú a dhéanamh ar eolas ar an teanga oifigiúil i gcomhréir leis na cláir ghinearálta arna bhformheas ag an Aire Oideachais agus Eolaíochta, a áirithiú go gcomhlíonann oiliúint agus cáilíochtaí múinteoirí agus soláthraithe seirbhíse oideachais na ceanglais a leagtar amach sa chlár oideachais, ceanglais an Dlí maidir le hOideachas agus gníomhartha dlí eile a chomhlíonadh, agus na doiciméid agus na sonraí a bhaineann le cur chun feidhme an chláir oideachais a sholáthar do na húdaráis mhaoirseachta, arna iarraidh sin dóibh, agus a chur ar a gcumas iad a fhíorú.
40 Ar deireadh, ní luaitear san iarraidh ar réamhrialú gur dhearbhaigh VTM, os comhair na cúirte a rinne an tarchur, a cheart chun a fostaithe a fhostú i gcomhréir leis na rialacha maidir le saorghluaiseacht oibrithe.
41 Dá bhrí sin, i bhfianaise chuspóir na reachtaíochta náisiúnta atá i gceist sna príomhimeachtaí agus chuspóir na díospóide sna príomhimeachtaí araon, ní mór measúnú a dhéanamh ar an díospóid sna príomhimeachtaí i bhfianaise Airteagal 49 CFAE.
42 I ndáil leis sin, chinn an Chúirt gur gníomhaíocht eacnamaíoch í eagrú cúrsaí ardoideachais, ar comaoin, a thagann faoi raon feidhme Chaibidil 2 de Theideal IV de Chuid a Trí de Chonradh FAE, a bhaineann leis an gceart bunaíochta i gcás ina ndéanann náisiúnach de chuid Ballstáit i mBallstát eile é ar bhonn seasmhach agus leanúnach ó phríomhbhunaíocht nó ó bhunaíocht thánaisteach sa Bhallstát deiridh sin (breithiúnas an 7 Meán Fómhair 2022, Cilevičs agus páirtithe eile, C‑391/20, EU:C:2022:638, mír 52 agus an cásdlí dá dtagraítear). Ós rud é go mbraitheann aicmiú gníomhaíochta oideachais mar ghníomhaíocht eacnamaíoch ar cé acu a sholáthraítear nó nach soláthraítear na cúrsaí ar luach saothair, agus ní ar an leibhéal oideachais lena mbaineann siad, tá feidhm ag an gcásdlí sin de réir analaí maidir le heagrú, ar luach saothair, cúrsaí bunoideachais, idirmhéanach agus meánoideachais, arna ndéanamh ag bunaíocht phríobháideach oideachais atá bunaithe i mBallstát agus ar ina príomhchathair a bhfuil sealúchas ag náisiúnaigh Bhallstáit eile, lena gcuirtear ar a chumas tionchar cinnte a imirt ar cinntí na bunaíochta sin agus a gníomhaíochtaí a chinneadh.
43 Sa chás seo, is faoin gcúirt a rinne an tarchur atá sé scrúdú a dhéanamh ar an gceist an bhfuil na cláir oideachais arna gcur ar fáil ag VTM eagraithe ar luach saothair.
44 I bhfianaise na mbreithnithe uile thuas, ní mór freagra a thabhairt ar an gcéad cheist sa chaoi nach mór Airteagal 49 CFAE a léiriú sa chaoi go bhfuil feidhm aige i gcás bunaíocht phríobháideach oideachais atá bunaithe i mBallstát agus ar ina príomhchathair a bhfuil sealúchas ag náisiúnaigh Bhallstáit eile lena gcuirtear ar a chumas tionchar cinnte a imirt ar a cinntí agus a gníomhaíochtaí a chinneadh, nuair a sholáthraíonn an bhunaíocht sin clár idirnáisiúnta meánoideachais agus cláir oideachais bunscoile agus idirmheánach don baccalauréat idirnáisiúnta, ar luach saothair, sa Bhallstát ina bhfuil sí bunaithe.
An dara ceist
45 Mar réamhbharúil, ní mór a thabhairt faoi deara go gcuirtear oibleagáid ar bhunaíochtaí príobháideacha oideachais a fhíorú an bhfuil eolas ar an Liotuáinis de Chatagóir II ag a múinteoirí agus ag a mbaill foirne riaracháin i gcumarsáid rialta leis an bpobal agus leis na húdaráis riaracháin, rud a chomhfhreagraíonn do chumas na ndaoine sin, inter alia, téacsanna ó bhéal nó i scríbhinn a thuiscint ina bpléitear ábhair a bhfuil a bhfuil taithí acu orthu, iad féin a chur in iúl maidir le hábhair éagsúla a bhaineann leis an saol laethúil nó leis an obair laethúil, nó fiú téacs simplí agus comhleanúnach a dhréachtú maidir le hábhair a bhfuil cur amach acu orthu.
46 Mar sin, leis an dara ceist, iarrann an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an bhfuil Airteagal 49 CFAE le léiriú sa chaoi go gcuirtear bac leis, i gcás a thagann faoina raon fheidhme, ar reachtaíocht Ballstáit faoina gceanglaítear ar bhunaíocht oideachais phríobháideach a sholáthraíonn, i dteanga seachas teanga oifigiúil an Bhallstáit sin, clár idirnáisiúnta meánoideachais agus cláir oideachais bunscoile agus idirmheánacha an Baccalauréat Idirnáisiúnta a fhíorú an gcomhlíonann a múinteoirí agus a baill foirne riaracháin a bhíonn i gcumarsáid rialta leis an bpobal agus leis na húdaráis riaracháin an ceanglas maidir le hinniúlacht, ar leibhéal idirmheánach, sa teanga oifigiúil sin.
Srian a bheith ann ar an tsaoirse a ráthaítear in Airteagal 49 CFAE
47 I gcomhréir le hAirteagal 6 CFAE, tá inniúlacht ag an Aontas gníomhaíochtaí a chur i gcrích chun tacú le gníomhaíochtaí na mBallstát, agus iad a chomhordú nó a fhorlíonadh, lena n‑áirítear i réimse an oideachais. Cé nach ndéanann dlí an Aontais difear d’inniúlacht na mBallstát, ar an gcéad dul síos, maidir le hábhar an teagaisc agus eagrú na gcóras oideachais agus a n‑éagsúlacht chultúrtha agus teanga agus, ar an dara dul síos, inneachar agus eagrú na gairmoiliúna, mar a leanann ó Airteagal 165(1) agus Airteagal 166(1) CFAE, fós féin, i bhfeidhmiú na hinniúlachta sin, ní mór do na Ballstáit dlí an Aontais a chomhlíonadh, go háirithe na forálacha maidir le saoirse bunaíochta (féach, chuige sin, breithiúnas an 7 Meán Fómhair 2022, Cilevičs agus páirtithe eile, C‑391/20, EU:C:2022:638, míreanna 58 agus 59 agus an cásdlí dá dtagraítear).
48 I ndáil leis sin, foráiltear sa chéad mhír d’Airteagal 49 CFAE, i gcomhthéacs na bhforálacha a leagtar amach i gCaibidil 2 de Theideal IV de Chuid a Trí de Chonradh FAE, go bhfuil toirmeasc ar shrianta ar shaoirse bunaíochta náisiúnach de chuid Ballstáit amháin i gcríoch Ballstáit eile. Ní mór a mheas gur srianta ar an tsaoirse bunaíochta iad na bearta go léir lena gcuirtear toirmeasc ar fheidhmiú na saoirse a ráthaítear in Airteagal 49 CFAE, nó lena gcuirtear bac ar a feidhmiú nó a bhaineann de tharraingteacht fheidhmiú na saoirse sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 7 Meán Fómhair 2022, Cilevičs agus páirtithe eile, C‑391/20, EU:C:2022:638, míreanna 60 agus 61 agus an cásdlí dá dtagraítear).
49 Sa chás seo, cé gur fíor gur féidir le saoránaigh de chuid Ballstát seachas Poblacht na Liotuáine iad féin a bhunú ar chríoch an Bhallstáit sin agus cláir oideachais a chur ar fáil, laistigh de bhunaíocht phríobháideach oideachais, i dteanga seachas an Liotuáinis, tá féidearthacht den chineál sin, i bprionsabal, fós ag brath ar chomhlíonadh cheanglas teanga dá bhforáiltear leis na rialacha atá i bhfeidhm. Dá bhrí sin, ba mar gheall ar mhainneachtain an ceanglas sin a chomhlíonadh, le hOrdú Íocaíochta an 26 Bealtaine 2022, gur chuir VKO de cheangal ar VTM go mbeadh ar a mhúinteoirí agus ag a bhaill foirne riaracháin a bhíonn i gcumarsáid rialta leis an bpobal agus leis na húdaráis riaracháin eolas ar an Liotuáinis de Chatagóir II a thaispeáint.
50 D’fhéadfadh sé go bhfágfadh an reachtaíocht náisiúnta atá i gceist sna príomhimeachtaí, mar gheall ar na srianta a d’fhéadfadh a bheith i gceist léi maidir le hearcú foirne atá cáilithe go cuí, nach mbeadh sé chomh tarraingteach céanna do náisiúnaigh Ballstát eile bunaíocht oideachais a bhunú agus a oibriú sa Liotuáin, ar bunaíocht oideachais í atá beartaithe chun cláir oideachais a sholáthar i dteanga seachas an Liotuáinis, arb ionann í agus srian ar shaoirse bunaíochta.
Bonn cirt leis an srian ar an tsaoirse a ráthaítear in Airteagal 49 CFAE
51 De réir cásdlí socair, ní fhéadfar srian ar an tsaoirse bunaíochta a cheadú ach amháin más rud é, ar an gcéad dul síos, go bhfuil údar leis ar chúis sháraitheach ar mhaithe le leas an phobail agus, ar an dara dul síos, go gcomhlíontar prionsabal na comhréireachta, rud a chiallaíonn nach mór é a bheith iomchuí chun a áirithiú, ar bhealach comhsheasmhach córasach, go mbainfear amach an cuspóir atá á shaothrú agus nach dtéann sé thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach, agus nach mór nach mbeidh sé díréireach leis an gcuspóir sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 7 Meán Fómhair 2022, Cilevičs agus páirtithe eile, C‑391/20, EU:C:2022:638, mír 65 agus an cásdlí dá dtagraítear).
52 Sa chás seo, maidir le cúis sháraitheach a bheith ann ar mhaithe le leas an phobail, is léir ón gcomhad atá os comhair na Cúirte, go bhfuil an cuma air go bhfuil an reachtaíocht náisiúnta atá i gceist sna príomhimeachtaí beartaithe chun úsáid teanga oifigiúil Phoblacht na Liotuáine a chosaint agus a chur chun feidhme, rud arb ionann é agus cuspóir dlisteanach lena bhféadfaí údar a thabhairt, i bprionsabal, le srian ar na saoirsí bunúsacha dá bhforáiltear le dlí an Aontais (féach, de réir analaí, breithiúnas an 7 Meán Fómhair 2022, Cilevičs agus páirtithe eile (C‑391/20, EU:C:2022:638, míreanna 67 go 70 agus an cásdlí dá dtagraítear).
53 Go deimhin, de bhun an ceathrú fomhír d’Airteagal 3(3) CFAE agus Airteagal 22 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, urramóidh an tAontas éagsúlacht shaibhir cultúrtha agus teanga agus, i gcomhréir le hAirteagal 4(2) CFAE, urramóidh sí féiniúlacht náisiúnta a Bhallstát, lena n‑áirítear cosaint theanga oifigiúil an Bhallstáit lena mbaineann (breithiúnas an 7 Meán Fómhair 2022, Cilevičs agus páirtithe eile (C‑391/20, EU:C:2022:638, mír 68 agus an cásdlí dá dtagraítear).
54 Maidir leis an gceist an bhfuil an reachtaíocht náisiúnta atá i gceist sna príomhimeachtaí iomchuí chun a áirithiú go mbainfear amach an cuspóir dlisteanach maidir le Liotuáinis a chosaint agus a chur chun cinn, an dtéann sí thar a bhfuil riachtanach chun é a bhaint amach agus an bhfuil sí díréireach leis an gcuspóir sin, is faoin gcúirt a rinne an tarchur atá sé, ar deireadh, a bhfuil dlínse aici amháin measúnú a dhéanamh ar fhíorais na díospóide sna príomhimeachtaí agus an reachtaíocht náisiúnta a léiriú, a chinneadh an gcomhlíonann reachtaíocht den sórt sin na coinníollacha sin agus a mhéid a chomhlíonann sí iad (féach, de réir analaí, breithiúnas an 7 Meán Fómhair 2022, Cilevičs agus páirtithe eile, C‑391/20, EU:C:2022:638, mír 72 agus an cásdlí dá dtagraítear).
55 Mar sin féin, tá an Chúirt Bhreithiúnais, ar iarradh uirthi freagra úsáideach a sholáthar don chúirt sin, inniúil ar cibé treoir a thabhairt di bunaithe ar an gcomhad sna príomhimeachtaí agus ar na barúlacha i scríbhinn a cuireadh faoina bráid a chuirfidh ar chumas na cúirte sin a cinneadh a thabhairt (féach, de réir analaí, breithiúnas an 7 Meán Fómhair 2022, Cilevičs agus páirtithe eile, C‑391/20, EU:C:2022:638, mír 73 agus an cásdlí dá dtagraítear).
56 I ndáil leis sin, ní mór a chinneadh, ar an gcéad dul síos, go bhfuil an cuma air gurb iomchuí reachtaíocht Ballstáit amhail an reachtaíocht atá i gceist sna príomhimeachtaí chun a áirithiú go mbainfí amach an cuspóir maidir le teanga oifigiúil an Bhallstáit sin a chosaint agus a chur chun cinn. Go deimhin, le reachtaíocht den sórt sin, cuirtear úsáid na teanga sin chun cinn i measc daoine atá faoi réir an cheanglais teanga sin agus iad ag plé le daltaí, tuismitheoirí daltaí agus leis an bpobal i gcoitinne agus, go háirithe a mhéid a bhaineann le baill foirne riaracháin, leis na húdaráis riaracháin náisiúnta.
57 Is fíor nach féidir breathnú ar an reachtaíocht sin mar reachtaíocht lena ndéantar an cuspóir sin a áirithiú ach amháin má fhreagraíonn sí i ndáiríre don chuspóir chun é a bhaint amach agus má chuirtear chun feidhme ar bhealach comhsheasmhach agus córasach í (breithiúnas an 7 Meán Fómhair 2022, Cilevičs agus páirtithe eile, C‑391/20, EU:C:2022:638, mír 75 agus an cásdlí dá dtagraítear).
58 Is cosúil gurb amhlaidh atá sa chás seo ós rud é, mar is léir ó na doiciméid atá os comhair na Cúirte, go bhfuil feidhm ag an reachtaíocht náisiúnta atá i gceist sna príomhimeachtaí ní hamháin maidir le gach foras oideachais atá suite sa Liotuáin ach freisin maidir le fostaithe uile na bhforas sin a mbíonn, inter alia, cumarsáid rialta le daoine eile i gceist lena bpoist agus leis an ngá atá le foirmeacha caighdeánacha oifigiúla a líonadh amach.
59 Ar an dara dul síos, maidir leis an gceist an bhfuil gá leis an reachtaíocht náisiúnta atá i gceist sna príomhimeachtaí, go háirithe an ceanglas teanga atá inti, ba cheart a mheabhrú nach féidir údar a thabhairt le bearta lena gcuirtear srian ar shaoirse bhunúsach i gcás inar féidir an cuspóir atá á shaothrú a bhaint amach le bearta nach bhfuil chomh sriantach céanna (féach, chuige sin, breithiúnas an 7 Meán Fómhair 2022, Cilevičs agus páirtithe eile, C‑391/20, EU:C:2022:638, mír 81 agus an cásdlí dá dtagraítear).
60 Sa chomhthéacs sin, chinn an Chúirt cheana féin, cé go bhfuil lánrogha leathan ag na Ballstáit maidir lena rogha féin a dhéanamh ar na bearta, ar bearta iad lenar féidir cuspóirí a mbeartas a bhaint amach maidir leis an teanga oifigiúil a chosaint (ós rud é gur léiriú ar a gcéannacht náisiúnta é beartas den sórt sin chun críocha Airteagal 4(2) CAE), ní fhéadfar leis an lánrogha sin údar a thabhairt le bonn tromchúiseach a bhaint ó na cearta a thagann ó fhorálacha na gConarthaí lena gcumhdaítear a gcuid saoirsí bunúsacha (breithiúnas an 7 Meán Fómhair 2022, Cilevičs agus páirtithe eile, C‑391/20, EU:C:2022:638, mír 83 agus an cásdlí dá dtagraítear).
61 Sa chás seo, agus cé go bhfuil sé ar intinn ag Poblacht na Liotuáine, mar a léirítear lena reachtaíocht, ardleibhéal cosanta agus cur chun cinn a teanga oifigiúil a áirithiú, níor suíodh, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 54 dá Thuairim, go bhféadfadh bearta nach bhfuil chomh sriantach leis an gceanglas teanga atá i gceist sna príomhimeachtaí a bheith de chineál lena n‑áiritheofaí leibhéal coibhéiseach éifeachtachta chun cuspóir den sórt sin a bhaint amach.
62 Dá bhrí sin, is cosúil go gcomhlíontar coinníoll an riachtanais leis an gceanglas teanga atá i gceist sna príomhimeachtaí.
63 Mar sin féin, agus scrúdú á dhéanamh ar an gcoinníoll sin, ní mór na rialacha fianaise a cheanglaítear leis an reachtaíocht náisiúnta a chur san áireamh freisin chun a shuí go gcomhlíontar an ceanglas teanga sin.
64 I ndáil leis sin, ina freagra ar an iarraidh ar fhaisnéis dá dtagraítear i mír 27 den bhreithiúnas seo, shonraigh an chúirt a rinne an tarchur go gceanglaítear leis an reachtaíocht náisiúnta ar dhuine a bhfuil sé ar intinn aige a thaispeáint go bhfuil an leibhéal inniúlachta is gá aige nó aici sa Liotuáinis deimhniú arna eisiúint ag an Nacionalinė švietimo agentūra (an Ghníomhaireacht Náisiúnta um Oideachas, an Liotuáin) a sholáthar ar bhonn trialacha teanga arna n‑eagrú i gcríoch na Liotuáine.
65 Is fíor go bhféadfadh tabhairt ar aird deimhnithe a bheith ina chritéar chun measúnú a dhéanamh ar an eolas teanga is gá. (féach, de réir analaí, breithiúnas an 5 Feabhra 2015, an Coimisiún v an Bheilg, C‑317/14, EU:C:2015:63, mír 27). Mar sin féin, ós rud é nach féidir le hiarratasóir ar phost i mbunaíocht phríobháideach oideachais a chruthú go gcomhlíonann sé an ceanglas teanga a leagtar síos ar bhealach eile seachas trí dheimhniú den sórt sin a fháil amhail an deimhniú a cheanglaítear le reachtaíocht na Liotuáine, is cosúil go dtéann sé thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir dlisteanach atá á shaothrú a bhaint amach, ós rud é go gcuirtear cosc leis sin aon bhreithniú a dhéanamh ar an méid eolais a sholáthraítear le deimhniú nó dioplóma a fuarthas i mBallstát eile, ag féachaint do chineál agus fad na gcúrsaí a dhearbhaíonn sé a bheith curtha i gcrích, gur féidir a thoimhdiú ar thaobh a shealbhóra (féach, de réir analaí, breithiúnas an 5 Feabhra 2015, an Coimisiún v an Bheilg, C‑317/14, EU:C:2015:63, mír 29).
66 Sna himthosca sin, is cosúil go dtéann reachtaíocht náisiúnta amhail an reachtaíocht atá i gceist sna príomhimeachtaí, lena gceanglaítear ar na daoine a bhfuil feidhm aici maidir leo, chun a léiriú go bhfuil an leibhéal inniúlachta is gá acu sa teanga oifigiúil, deimhniú arna eisiúint ag comhlacht de chuid an Bhallstáit lena mbaineann a chur ar fáil ar bhonn trialacha teanga arna n‑eagrú sa Bhallstát sin, thar a bhfuil riachtanach chun a chuspóir dlisteanach a bhaint amach, agus is faoin gcúirt a rinne an tarchur atá sé é sin a fhíorú.
67 Ar an tríú dul síos, maidir le comhréireacht na reachtaíochta náisiúnta atá i gceist sna príomhimeachtaí, sa chiall is beaichte, ní mór a chur in iúl, áfach, nach bhféadfar cuspóir an leasa ghinearálta, amhail cosaint agus cur chun cinn na teanga oifigiúil, a shaothrú le beart náisiúnta gan aird a thabhairt ar an bhfíoras nach mór iad a réiteach leis na cearta bunúsacha agus na prionsabail bhunúsacha a ndéanann an beart sin difear dóibh, mar a leagtar amach sna Conarthaí agus sa Chairt, trí chothromaíocht chuí a bhaint amach idir na cuspóirí leasa ghinearálta sin agus na cearta agus na prionsabail atá i gceist, chun a áirithiú nach mbeidh na míbhuntáistí a eascraíonn as an mbeart sin díréireach leis na cuspóirí atá á saothrú (féach, de réir analaí, breithiúnas an 18 Nollaig 2025, Slagelse Almennyttige Boligselskab, Afdeling Schackenborgvænge, C‑417/23, EU:C:2025:1017, mír 168).
68 Dá bhrí sin, i gcás ina bhfuil sé beartaithe ag Ballstát, chun críocha an chuspóra a theanga oifigiúil a chosaint agus a chur chun cinn, ceanglas teanga a fhorchur ar mhúinteoirí agus ar bhaill áirithe do bhaill foirne riaracháin na mbunaíochtaí príobháideacha oideachais, is faoin mBallstát sin atá sé cothromaíocht a bhaint amach idir an cuspóir leasa ghinearálta sin agus na cearta a eascraíonn as Airteagal 49 CFAE. Mar shampla, bhainfí ualú cothrom den sórt sin amach le reachtaíocht náisiúnta lena ndéanfaí foráil don fhéidearthacht an leibhéal inniúlachta sa teanga oifigiúil a chur in oiriúint de réir a chéile tar éis na hearcaíochta, an leibhéal inniúlachta is gá a mhaolú de réir fhad na fostaíochta nó díolúine ón gceanglas teanga sin a thabhairt isteach, a bhfuil údar leis de bharr imthosca iomchuí, go háirithe i gcás nach gcuireann aon iarrthóir láncháilithe é féin nó i láthair don phost atá le líonadh (féach, chuige sin, breithiúnas an 7 Meán Fómhair 2022, Cilevičs agus páirtithe eile, C‑391/20, EU:C:2022:638, míreanna 84 agus 85).
69 Sa chás seo, is léir ón ordú tarchuir go bhforchuirtear an ceanglas teanga atá i gceist sna príomhimeachtaí, a luaithe a théann siad i mbun a ndualgas agus gan beann ar fhad a gconartha fostaíochta, ar gach múinteoir agus ar gach ball den fhoireann riaracháin a bhíonn i mbun cumarsáid rialta leis an bpobal agus leis na húdaráis riaracháin, ar fostaithe de bhunaíocht phríobháideach oideachais iad, agus nach bhforáiltear d’aon eisceacht ná d’aon mhaolú ina leith sin.
70 Dá bhrí sin, is cosúil nach gcomhlíontar prionsabal na comhréireachta leis an reachtaíocht náisiúnta atá i gceist sna príomhimeachtaí, sa chiall is beaichte, sa mhéid is go bhfuil an cuma air go bhfuil sé díréireach i ndáil leis an gcuspóir atá á shaothrú, ar faoin gcúirt a rinne an tarchur atá sé measúnú a dhéanamh air.
71 I bhfianaise na mbreithnithe roimhe seo, is é an freagra ar an dara ceist ná nach mór Airteagal 49 CFAE a léiriú sa chaoi nach gcuirtear cosc leis, i gcás a thagann faoina raon feidhme, ar reachtaíocht Ballstáit faoina gceanglaítear ar bhunaíocht phríobháideach oideachais a sholáthraíonn, i dteanga seachas teanga oifigiúil an Bhallstáit sin, clár meánoideachais idirnáisiúnta agus cláir bhunoideachais agus idirmheánacha an baccalauréat idirnáisiúnta a fhíorú an gcomhlíonann a mhúinteoirí agus a bhaill foirne riaracháin an ceanglas maidir le hinniúlacht, ar leibhéal idirmheánach, sa teanga oifigiúil sin, ar choinníoll go dtugtar údar leis an reachtaíocht sin le cuspóir maidir leis an teanga oifigiúil sin a chosaint agus a chur chun cinn agus go bhfuil sé riachtanach agus comhréireach chun an cuspóir sin a bhaint amach. Ní chomhlíontar an coinníoll sin nuair atá feidhm ag an reachtaíocht sin, gan aon fhéidearthacht a bheith ann eisceacht a nó maolú a dhéanamh, i leith na ndaoine uile a bhfuil feidhm aici maidir leo, agus ina gceanglaítear orthu, d’fhonn a thaispeáint go bhfuil an leibhéal inniúlachta is gá acu sa teanga oifigiúil, deimhniú arna eisiúint ag comhlacht Ballstáit de chuid an Bhallstáit lena mbaineann a chur ar fáil ar bhonn trialacha teanga arna n‑eagrú i gcríoch an Bhallstáít sin.
An tríú ceist
72 Lena tríú ceist, iarrann an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, ar cheart Airteagal 53(1) de Threoir 2005/36 a léiriú sa chaoi go gcuirtear bac leis, i gcás a thagann faoi raon fheidhme an Airteagail sin, ar reachtaíocht Ballstáit ar dá réir go bhfuil múinteoirí bhunaíochtaí oideachais phríobháideach ina gcuirtear clár meánoideachais idirnáisiúnta agus cláir oideachais bhunscoile agus idirmhéanaigh an baccalauréat idirnáisiúnta ar fáil, de réir ceanglas maidir le hinniúlacht, ar leibhéal idirmheánach, sa teanga oifigiúil sin.
73 Ní mór a mheabhrú, faoin gcéad fhomhír d’Airteagal 2(1) de Threoir 2005/36, beidh feidhm ag an Treoir sin maidir le gach náisiúnach i mBallstát ar mian leis tabhairt faoi ghairm rialáilte i mBallstát seachas an ghairm sin inar bhain siad amach a gcáilíochtaí gairmiúla.
74 Ina theannta sin, de réir Airteagal 53(1) den Treoir sin, beidh daoine gairmiúla a bhaineann leas as aitheantas na gcáilíochtaí gairmiúla ar an eolas faoi theangacha atá riachtanach chun cleachtadh a dhéanamh ar ghairm i dtír sa Bhallstát óstach.
75 Dá réir sin, sa chás seo, is faoin gcúirt a rinne an tarchur atá sé ar dtús, d’fhonn a fháil amach an dtagann an cás sna príomhimeachtaí faoi raon feidhme Airteagal 53(1) de Threoir 2005/36, a fháil amach ar bhain múinteoirí VTM nach náisiúnaigh de chuid na Liotuáine iad a gcáilíochtaí gairmiúla amach i mBallstáit seachas Poblacht na Liotuáine agus ar bhain siad tairbhe as aitheantas na gcáilíochtaí gairmiúla sin sa Bhallstát deireanach sin.
76 Faoi réir na tuairime sin, ní mór a mheas, i bhfianaise thábhacht an teagaisc chun beartas a bhaint amach atá dírithe ar theanga Ballstáit a chosaint agus a chur chun cinn, agus i bhfianaise an róil fhíor-riachtanaigh atá ag múinteoirí ní hamháin sa teagasc a sholáthraíonn siad ach freisin ina rannpháirtíocht i saol laethúil na mbunaíochtaí oideachais agus sa chaidreamh pribhléideach atá acu lena ndaltaí, go bhféadfar ceanglas maidir le hinniúlacht i dteanga oifigiúil an Bhallstáit ina saothraíonn siad a ngairm a mheas mar choinníoll a chomhfhreagraíonn don eolas teanga is gá chun a ngairm a chleachtadh, de réir bhrí Airteagal 53(1) de Threoir 2005/36. (féach, de réir analaí, breithiúnas an 28 Samhain 1989, Groener, C‑379/87, EU:C:1989:599, míreanna 19 go 21).
77 Mar sin féin, ní mór a chur san áireamh nach mór léiriú a dhéanamh ar Threoir 2005/36 i bhfianaise na saoirsí bunúsacha a ráthaítear le dlí an Aontais, go háirithe le hAirteagal 49 CFAE, i gcás, mar atá sna príomhimeachtaí, ina gceanglaítear le reachtaíocht Ballstáit ar bhunaíochtaí oideachais atá bunaithe ar a críoch a áirithiú go gcomhlíonann a múinteoirí ceanglas teanga sonrach.
78 Mar sin, ní mór measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht reachtaíocht den sórt sin le hAirteagal 53(1) de Threoir 2005/36, arna léamh i bhfianaise Airteagal 49 CFAE, de réir na gcritéar céanna is infheidhme maidir le scrúdú a dhéanamh ar chomhoiriúnacht na reachtaíochta sin le hAirteagal 49 CFAE, dá dtagraítear i míreanna 51 go 68 den bhreithiúnas seo, lena nglactar leis go bhfuil údar leis an reachtaíocht sin mar gheall ar chuspóir teanga oifigiúil an Bhallstáit atá i gceist a chosaint agus a chur chun cinn agus an bhfuil sí riachtanach agus comhréireach chun an cuspóir sin a bhaint amach.
79 Ar mhaithe le hiomláine, ba cheart a thabhairt faoi deara go bhforáiltear le hAirteagal 53(3) de Threoir 2005/36 nach bhféadfar seiceálacha a fhorchur chun comhlíonadh na hoibleagáide a leagtar amach i mír 1 den Airteagal sin a fhíorú i leith gairmeacha seachas na gairmeacha sin a bhfuil impleachtaí acu do shábháilteacht othar ach amháin má tá ‘amhras tromchúiseach nithiúil’ ann maidir le leibhéal leordhóthanach eolais ar theanga an ghairmí i bhfianaise na ngníomhaíochtaí gairmiúla atá beartaithe aige a shaothrú.
80 I bhfianaise na mbreithnithe roimhe seo, is é an freagra ar an tríú ceist nach mór Airteagal 53(1) de Threoir 2005/36, arna léamh i bhfianaise Airteagal 49 CFAE, a léiriú sa chaoi nach gcuirtear cosc leis, i gcás a thagann faoina raon feidhme, ar reachtaíocht Ballstáit faoina bhfuil múinteoirí bhunaíocht oideachais phríobháideach a sholáthraíonn, i dteanga seachas teanga oifigiúil an Bhallstáit sin, clár meánoideachais idirnáisiúnta agus cláir bhunoideachais agus idirmheánacha an baccalauréat idirnáisiúnta faoi réir ceanglas maidir le hinniúlacht, ar leibhéal idirmheánach, sa teanga oifigiúil sin, ar choinníoll go bhfuil údar leis an reachtaíocht sin mar gheall ar chuspóir maidir leis an an teanga oifigiúil sin a chosaint agus a chur chun cinn agus go bhfuil sí riachtanach agus comhréireach chun an cuspóir sin a bhaint amach. Ní chomhlíontar an coinníoll sin i gcás ina bhfuil feidhm ag an reachtaíocht sin, gan aon fhéidearthacht eisceachta nó maolaithe, maidir leis na daoine go léir a bhfuil feidhm aici maidir leo agus ina gceanglaítear orthu, chun a léiriú go bhfuil an leibhéal inniúlachta is gá acu sa teanga oifigiúil, deimhniú arna eisiúint ag comhlacht de chuid an Bhallstáit lena mbaineann a chur ar fáil ar bhonn trialacha teanga arna n‑eagrú i gcríoch an Bhallstáit sin.
Costais
81 Ós rud é, i gcás na bpáirtithe sna príomhimeachtaí, gur céim iad na himeachtaí sin sna himeachtaí atá ar feitheamh os comhair na cúirte a rinne an tarchur, is faoin gcúirt sin atá an cinneadh maidir le costais. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.
Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Chéad Dhlísheomra) mar seo a leanas:
1. Ní mór léiriú a dhéanamh ar Airteagal 49 CFAE sa chaoi go bhfuil feidhm aige i gcás bunaíocht oideachais phríobháideach atá bunaithe i mBallstát agus ar ina príomhchathair a bhfuil sealúchas ag náisiúnaigh Bhallstáit eile lena gcuirtear ar a chumas tionchar cinnte a imirt ar a cinntí agus a gníomhaíochtaí a chinneadh, nuair a sholáthraíonn an bhunaíocht sin clár idirnáisiúnta meánoideachais agus cláir oideachais bunscoile agus idirmheánach don baccalauréat idirnáisiúnta, ar luach saothair, sa Bhallstát ina bhfuil sí bunaithe.
2. Ní mór léiriú a dhéanamh ar Airteagal 49 CFAE sa chaoi nach gcuirtear cosc leis, i gcás a thagann faoina raon feidhme, ar reachtaíocht Ballstáit faoina gceanglaítear ar bhunaíocht oideachais phríobháideach a sholáthraíonn, i dteanga seachas teanga oifigiúil an Bhallstáit sin, clár meánoideachais idirnáisiúnta agus cláir bhunoideachais agus idirmheánacha an baccalauréat idirnáisiúnta a fhíorú an gcomhlíonann a mhúinteoirí agus a bhaill foirne riaracháin an ceanglas maidir le hinniúlacht, ar leibhéal idirmheánach, sa teanga oifigiúil sin, ar choinníoll go dtugtar údar leis an reachtaíocht sin le cuspóir maidir leis an teanga oifigiúil sin a chosaint agus a chur chun cinn agus go bhfuil sé riachtanach agus comhréireach chun an cuspóir sin a bhaint amach. Ní chomhlíontar an coinníoll sin i gcás ina bhfuil feidhm ag an reachtaíocht sin, gan aon fhéidearthacht eisceachta nó maolaithe, maidir leis na daoine go léir a bhfuil feidhm aici maidir leo agus ina gceanglaítear orthu, chun a léiriú go bhfuil an leibhéal inniúlachta is gá acu sa teanga oifigiúil, deimhniú arna eisiúint ag comhlacht de chuid an Bhallstáit lena mbaineann a chur ar fáil ar bhonn trialacha teanga arna n‑eagrú i gcríoch an Bhallstáit sin.
3. Ní mór Airteagal 53(1) de Threoir 2005/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Meán Fómhair 2005 maidir le cáilíochtaí gairmiúla a aithint, arna leasú le Treoir 2013/55/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Samhain 2013, arna léamh i bhfianaise Airteagal 49 CFAE, a léiriú sa chaoi nach gcuirtear cosc leis, i gcás a thagann faoina raon feidhme, ar reachtaíocht Ballstáit faoina bhfuil múinteoirí bhunaíocht oideachais phríobháideach a sholáthraíonn, i dteanga seachas teanga oifigiúil an Bhallstáit sin, clár meánoideachais idirnáisiúnta agus cláir bhunoideachais agus idirmheánacha an baccalauréat idirnáisiúnta faoi réir ceanglas maidir le hinniúlacht, ar leibhéal idirmheánach, sa teanga oifigiúil sin, ar choinníoll go bhfuil údar leis an reachtaíocht sin mar gheall ar chuspóir maidir leis an teanga oifigiúil sin a chosaint agus a chur chun cinn agus go bhfuil sí riachtanach agus comhréireach chun an cuspóir sin a bhaint amach. Ní chomhlíontar an coinníoll sin i gcás ina bhfuil feidhm ag an reachtaíocht sin, gan aon fhéidearthacht eisceachta nó maolaithe, maidir leis na daoine go léir a bhfuil feidhm aici maidir leo agus ina gceanglaítear orthu, chun a léiriú go bhfuil an leibhéal inniúlachta is gá acu sa teanga oifigiúil, deimhniú arna eisiúint ag comhlacht de chuid an Bhallstáit lena mbaineann a chur ar fáil ar bhonn trialacha teanga arna n‑eagrú i gcríoch an Bhallstáit sin.
Sínithe
* Teanga an cháis: an Liotuáinis.