BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Seachtú Dlísheomra)

6 Márta 2025 ( *1 )

(Tarchur chun réamhrialú – Aeriompar – Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 – Airteagal 2(g) – Airteagal 3(2) agus (3) – Ceart chun cúitimh i gcás moill fhada ar eitilt – Raon feidhme – Paisinéirí a bhfuil pas bordála acu – Cruthúnas ar áirithint dheimhnithe ag an aeriompróir – Paisinéirí ag taisteal saor in aisce nó ar tháille laghdaithe nach bhfuil ar fáil go díreach nó go hindíreach don phobal – Eitilt atá ina cuid de thuras láneagraithe arna mhaoiniú ag tríú páirtí – Dualgas cruthúnais íocaíochta)

I gCás C‑20/24 [Cymdek] ( i ),

IARRAIDH ar réamhrialú de bhun Airteagal 267 CFAE, ón Sąd Rejonowy dla m. st. Warszawy w Warszawie (an Chúirt Dúiche, Vársá, an Pholainn), trí bhreith an 24 Samhain 2023, a fuarthas ag an gCúirt an 12 Eanáir 2024, sna himeachtaí

M1.R.,

M2.R.

v

AAA sp. z o.o.,

tugann AN CHÚIRT (an Seachtú Dlísheomra),

agus í comhdhéanta mar seo a leanas: M. Gavalec (Rapóirtéir), Uachtarán Dlísheomra, Z. Csehi agus F. Schalin, Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: R. Norkus,

Cláraitheoir: A. Calot Escobar,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn,

tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha a tíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

M1.R. agus M2.R., ag P. Mędygrał, radca prawny,

AAA sp. z o.o., ag K. Bień, radca prawny,

Rialtas na Polainne, ag B. Majczyna, i gcáil Gníomhaire,

an Coimisiún Eorpach, ag B. Sasinowska agus N. Yerrell, i gcáil Gníomhairí,

tar éis cinneadh a dhéanamh, i ndiaidh an tAbhcóide Ginearálta a éisteacht, breith a thabhairt ar an gcás gan Tuairim,

an Breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1

Baineann an iarraidh ar réamhrialú le léiriú Airteagal 2(g), Airteagal 3(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 lena mbunaítear comhrialacha maidir le cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí i gcás nach gceadófar dóibh bordáil agus i gcás ina gcuirfear eitiltí ar ceal nó i gcás ina gcuirfear moill fhada orthu, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 295/91 (IO 2004 L 46, lch. 1).

2

Rinneadh an iarraidh seo in imeachtaí idir M1.R. agus M2.R., beirt aerphaisinéirí (‘na paisinéirí atá i gceist sna príomhimeachtaí’), agus an chuideachta AAA sp. z o.o., aeriompróir, maidir le héileamh ar chúiteamh arna chur isteach ag na paisinéirí sin ar bhonn Rialachán Uimh. 261/2004, tar éis moill fhada ar theacht isteach na heitilte chuig a ceann scríbe deiridh.

An dlí lena mbaineann

3

De réir aithrisí 1 agus 5 de Rialachán Uimh. 261/2004:

‘(1)

Ba cheart, go háirithe, go mbeadh sé mar aidhm ag gníomhaíocht an Chomhphobail [Eorpaigh] i réimse an aeriompair ardleibhéal cosanta do phaisinéirí a áirithiú. Thairis sin, ba cheart go dtabharfaí aird iomlán ar na riachtanais atá ann maidir le cosaint tomhaltóirí i gcoitinne.

[...]

(5)

Ós rud é go bhfuil an t‑idirdhealú idir aersheirbhísí sceidealaithe agus aersheirbhísí neamhsceidealaithe ag laghdú, ba cheart go mbeadh feidhm ag an gcosaint sin ní hamháin maidir le paisinéirí ar eitiltí sceidealaithe, ach maidir le paisinéirí ar eitiltí neamhsceidealaithe freisin, lena n‑áirítear eitiltí ar cuid de thurais láneagraithe iad.

[...]’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

4

Léitear Airteagal 2 den Rialachán sin, dar teideal ‘Sainmhínithe’ mar a leanas:

‘Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

[...]

(f)

ciallaíonn “ticéad” doiciméad bailí a thugann teideal chun iompair, nó aon ní coibhéiseach i bhfoirm nach páipéar, lena n‑áirítear foirm leictreonach, arna eisiúint nó arna údarú ag an aeriompróir nó ag a ghníomhaire údaraithe;

(g)

ciallaíonn “áirithint” an fíoras go bhfuil ticéad ag an bpaisinéir, nó cruthúnas eile, a léiríonn gur ghlac agus chláraigh an t‑aeriompróir nó an tionscnóir turas an áirithint;

[...]

(j)

ciallaíonn “cead bordála a dhiúltú” diúltú do phaisinéirí a iompar ar eitilt, cé gur chuir siad iad féin i láthair le haghaidh bordála faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 3(2), ach amháin má tá forais réasúnta ann bordáil a dhiúltú dóibh, amhail cúiseanna sláinte, sábháilteachta nó slándála, nó doiciméadúchán neamh-leordhóthanach taistil;

[...]’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

5

Foráiltear le hAirteagal 3 den Rialachán sin, dar teideal ‘Raon feidhme’:

‘1.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le:

(a)

paisinéirí a imíonn ó aerfort atá lonnaithe i gcríoch Bhallstáit a bhfuil feidhm ag an gConradh maidir leis;

(b)

paisinéirí a imíonn ó aerfort atá lonnaithe i dtríú tír chuig aerfort atá lonnaithe i gcríoch Bhallstáit a bhfuil feidhm ag an gConradh maidir leis, ach amháin má fuair siad sochair nó cúiteamh agus má tugadh cúnamh dóibh sa tríú tír sin, i gcás gur aeriompróir de chuid an Chomhphobail é aeriompróir oibriúcháin na heitilte lena mbaineann.

2.   Beidh feidhm ag mír 1 ar choinníoll:

(a)

go bhfuil áirithint dheimhnithe ag na paisinéirí ar an eitilt lena mbaineann agus, seachas i gcás cealú dá dtagraítear in Airteagal 5, go gcuirfidh siad iad féin i láthair le seiceáil isteach,

mar atá leagtha síos agus ag an am atá sonraithe roimh ré agus i scríbhinn (lena n‑áirítear trí mhodh leictreonach) ag an aeriompróir, ag an tionscnóir turas nó ag gníomhaire údaraithe taistil,

nó, mura bhfuil am sonraithe,

tráth nach déanaí ná 45 nóiméad roimh an am imeachta foilsithe; nó

b)

go ndearna aeriompróir nó tionscnóir turas a aistriú ón eitilt atá curtha in áirithe acu go heitilt eile, is cuma cén chúis atá leis.

3.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le paisinéirí a bheidh ag taisteal saor in aisce nó ar tháille laghdaithe ar táille í nach mbeidh ar fáil go díreach nó go hindíreach don phobal. Beidh feidhm aige, áfach, maidir le paisinéirí a bhfuil ticéid acu a eisíodh faoi chlár dílseachta nó clár tráchtála eile ag aeriompróir nó ag tionscnóir turas.

[...]

5.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le haon aeriompróir oibriúcháin a chuirfidh iompar ar fáil do phaisinéirí a chumhdaítear le míreanna 1 agus 2. I gcás ina gcomhlíonfaidh aeriompróir oibriúcháin, nach bhfuil aon chonradh aige leis an bpaisinéir, oibleagáidí a eascraíonn as an Rialachán seo, measfar go mbeidh sé á gcomhlíonadh thar ceann an duine a bhfuil conradh aige leis an bpaisinéir sin.

[...]’

[Aistriúchán neamhoifigiúil]

An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú

6

Chuir AAA, aeriompróir a thairgeann eitiltí cairtfhostaithe, conradh i gcrích le BBB sp. z o.o., tionscnóir turas, faoinar chuir AAA eitiltí sonracha ar fáil do BBB ar dhátaí sonracha, agus faoinar dhíol BBB ticéid le haerphaisinéirí ansin. D’íoc BBB na praghsanna eitilte le AAA.

7

Ghlac na paisinéirí atá i gceist sna príomhimeachtaí páirt i dturas láneagraithe, lena n‑áirítear eitilt ó Tenerife (an Spáinn) go Vársá (an Pholainn), a oibríodh an 20 Bealtaine 2021 ag AAA. Cuireadh an conradh taistil láneagraithe i gcrích idir CCC sp. z o.o., thar ceann na bpaisinéirí sin, agus BBB. Cuireadh moill níos mó ná 22 uair ar theacht isteach na heitilte sin.

8

Chun a seasamh a bhunú chun caingean le haghaidh cúitimh a thionscnamh mar gheall ar an moill ar an eitilt atá i gceist, chuir na paisinéirí i gceist sna príomhimeachtaí cóipeanna de na pasanna bordála don eitilt sin isteach. Dhiúltaigh AAA, áfach, na paisinéirí sin a chúiteamh ar an bhforas nár shuigh siad go raibh áirithint dheimhnithe agus íoctha acu don eitilt sin. De réir AAA, d’íoc CCC as turas láneagraithe na bpaisinéirí sin ar théarmaí fabhracha, ionas gur thaistil na paisinéirí céanna sin saor in aisce nó ar tháille laghdaithe, de réir bhrí Airteagal 3(3) de Rialachán Uimh. 261/2004, lena n‑eisiatar an ceart chun cúitimh faoin Rialachán sin.

9

Measann na paisinéirí atá i gceist sna príomhimeachtaí, trí na pasanna bordála a chur isteach chun an cúiteamh sin a fháil, gur léirigh siad go raibh áirithint dheimhnithe acu, ós rud é nach n‑eiseofaí na pasanna sin dóibh murach sin. Thairis sin, is faoi AAA atá sé a shuíomh gur thaistil na paisinéirí sin saor in aisce, agus ní faoi na paisinéirí a chruthú gur íoc siad praghas na heitilte a d’oibrigh AAA. In aon chás, a mhéid a fuair AAA íocaíocht ó BBB chun an eitilt sin a chur i gcrích, a fuair BBB ó CCC, a mhaoinigh an turas láneagraithe do na paisinéirí sin, lena n‑áirítear an eitilt sin, níor thaistil na paisinéirí atá i gceist sna príomhimeachtaí saor in aisce. Chuige sin, is beag tábhacht, i bhfianaise Airteagal 3(3) de Rialachán Uimh. 261/2004, gur íoc na paisinéirí sin nó tríú páirtí as an eitilt sin, ar choinníoll nach é an t‑aeriompróir an tríú páirtí.

10

Tá amhras ar an Sąd Rejonowy dla m. st. Warszawy w Warszawie (an Chúirt Dúiche, Vársá), arb í an chúirt a rinne an tarchur, an ionann pas bordála a bheith curtha isteach ag paisinéir agus ‘cruthúnas eile’ de réir bhrí Airteagal 2(g) de Rialachán Uimh. 261/2004, a léiríonn gur ghlac agus chláraigh an t‑aeriompróir nó an tionscnóir turas an áirithint.

11

Cuireann an chúirt sin in iúl, i ndáil leis sin, nach bhfágann an teagasc ó bhreithiúnas an 21 Nollaig 2021, Azurair agus páirtithe eile (C‑146/20, C‑188/20, C‑196/20 agus C‑270/20, EU:C:2021:1038), gur féidir freagra a thabhairt ar an gceist an údaraítear le dlí an Aontais, i gcás mar atá os a comhair, ‘cruthúnas eile’ a thabhairt ar aird, de réir bhrí na forála sin, lena léirítear go bhfuil áirithint dheimhnithe ag paisinéir le haghaidh eitilte, i gcás nach bhfuil an fhaisnéis go léir a luaitear sa bhreithiúnas sin ar an bpas bordála arna chur isteach ag an bpaisinéir sin, amhail am teachta na heitilte.

12

Thairis sin, fiú má tá AAA agus foirmíochtaí áirithe de Chúirteanna Achomhairc na Polainne den tuairim nach mór na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 3(2)(a) den Rialachán sin a léiriú go srianta, measann an chúirt a rinne an tarchur nach n‑eisítear pas bordála do dhuine go randamach, ach do phaisinéir a bhfuil áirithint dheimhnithe aige don eitilt lena mbaineann, tar éis don phaisinéir sin seiceáil isteach don eitilt sin, agus nach mór uimhir an ticéid nó na háirithinte a lua ag an tseiceáil isteach sin. Seachas i gcásanna urghnácha áirithe, níl aon bhealach réasúnach eile ann chun míniú a thabhairt ar an gcaoi a bhféadfadh paisinéir den sórt sin an pas sin a fháil gan áirithint den sórt sin a bheith aige.

13

Thairis sin, murab ionann agus AAA agus foirmíochtaí áirithe de Chúirteanna Achomhairc na Polainne, measann an chúirt a rinne an tarchur gur faoin aeriompróir atá sé a chruthú go raibh an eitilt atá i gceist saor in aisce agus nár cheart é féin a theorannú d’éifeachtaí dlíthiúla fabhracha a bhaint ó dhearbhú chuige sin amháin.

14

Ina theannta sin, fiafraíonn an chúirt sin faoin léiriú ar an bhfrása ‘ag taisteal saor in aisce nó ar tháille laghdaithe nach bhfuil ar fáil go díreach nó go hindíreach don phobal’, dá bhforáiltear in Airteagal 3(3) de Rialachán Uimh. 261/2004. Tá sí den tuairim, i gcás turais láneagraithe, má áirítear ar thuras a d’íoc na paisinéirí go díreach, nó eintiteas eile thar a gceann, leis an tionscnóir turas, eitilt a d’íoc an tionscnóir sin leis an aeriompróir, nach bhfuil na paisinéirí sin ag taisteal ‘saor in aisce’, de réir bhrí na forála sin.

15

Go sonrach, maidir leis an gcoincheap ‘táille laghdaithe’, de réir bhrí na forála sin, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur ar cheart é a léiriú sa chaoi is gur lascaine é a thairgeann an t‑aeriompróir don phaisinéir nó an gcumhdaíonn sé freisin cás ina bhfaigheann an t‑iompróir sin luach saothair i gcomhréir le dálaí an mhargaidh ón tionscnóir turas, ach go gceadaíonn an tionscnóir turas nó eintiteas eile do phaisinéirí páirt a ghlacadh sa turas láneagraithe ar théarmaí fabhracha. Dar leis an gcúirt sin, is cosúil go bhfuil an léiriú deireanach sin contrártha do chuspóir an Rialacháin sin agus go mbeadh sé deacair é a chur i bhfeidhm, i bhfianaise easpa critéar chun a chinneadh cad is téarmaí fabhracha ann chun páirt a ghlacadh i dturas láneagraithe.

16

Sna himthosca sin, chinn an Sąd Rejonowy dla m. st. Warszawy w Warszawie (an Chúirt Dúiche, Vársá) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:

‘1)

Maidir le hAirteagal 2(g) de Rialachán [Uimh. 261/2004], an bhfuil léiriú le déanamh amhail gur féidir pas bordála paisinéara a bheith ina fhianaise eile gur ghlac agus chláraigh an t‑aeriompróir nó an tionscnóir turas an áirithint?

2)

Maidir le hAirteagal 3(2)(a) de Rialachán Uimh. 261/2004, an bhfuil léiriú le déanamh amhail nach mór a mheas go bhfuil áirithint dheimhnithe ar an eitilt atá i gceist ag paisinéirí a bhfuil pas bordála acu le haghaidh eitilt ar leith i gcás nach gcruthaítear go raibh aon chás neamhghnách speisialta?

3)

Maidir le hAirteagal 3(3) de Rialachán Uimh. 261/2004, an bhfuil léiriú le déanamh amhail go bhfuil an paisinéir faoi dhualgas cruthúnais gur íocadh as an eitilt nó, mar mhalairt air sin, an mbeadh sé le cruthú ag an aeriompróir, d’fhonn dliteanas a sheachaint, gur eitil an paisinéir saor in aisce nó de réir ráta laghdaithe?

4)

Maidir le hAirteagal 3(3) de Rialachán Uimh. 261/2004, an bhfuil léiriú le déanamh amhail, i gcás inar cheannaigh an paisinéir turas láneagraithe le tionscnóir turas agus inar íoc an tionscnóir leis an aeriompróir as an táille eitilte, gur eitilt íoctha atá inti?

5)

Maidir le hAirteagal 3(3) de Rialachán Uimh. 261/2004, an bhfuil léiriú le déanamh amhail, i gcás ina gceannaíonn tríú páirtí turas láneagraithe thar ceann paisinéirí, ar sa chomhthéacs sin a íocann an tionscnóir turas luach saothair margadhbhunaithe leis an aeriompróir cairtfhostaithe, nach amhlaidh gur thaistil [na] paisinéirí [atá i gceist sna príomhimeachtaí] ‘de réir ráta laghdaithe’, gan beann ar aon socrú idir an tríú páirtí agus na paisinéirí?’

Breithniú ar na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú

An chéad cheist agus an dara ceist

17

Lena céad cheist agus lena dara ceist, arb iomchuí iad a scrúdú le chéile, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an bhfuil Airteagal 2(g) agus Airteagal 3(2)(a) de Rialachán Uimh. 261/2004 le léiriú sa chaoi go bhféadfadh pas bordála a bheith ina ‘chruthúnas eile’ de réir bhrí an chéad cheann de na forálacha sin, a léiríonn gur ghlac agus chláraigh an t‑aeriompróir nó an tionscnóir turas an áirithint, sa chaoi go meastar go bhfuil ‘áirithint dheimhnithe’ ag paisinéir a bhfuil pas bordála den sórt sin aige, de réir bhrí an dara ceann de na forálacha sin, don eitilt lena mbaineann, i gcás nach léirítear aon imthosca urghnácha speisialta.

18

Leanann sé ó Airteagal 3(2)(a) de Rialachán Uimh. 261/2004 nach bhfuil feidhm ag an Rialachán sin ach amháin ar choinníoll, ar an gcéad dul síos, go bhfuil áirithint dheimhnithe ag na paisinéirí ar an eitilt lena mbaineann agus, ar an dara dul síos, go gcuireann siad iad féin i láthair le haghaidh seiceáil isteach in am trátha, seachas i gcás cealú eitilte dá dtagraítear in Airteagal 5 den Rialachán sin. Ós rud é go bhfuil an dá choinníoll sin carnach, ní féidir a thoimhdiú go bhfuil an paisinéir i láthair don tseiceáil isteach toisc go bhfuil áirithint dheimhnithe ag an bpaisinéir sin ar an eitilt lena mbaineann (féach chuige sin, breithiúnas an 25 Eanáir 2024, Laudamotion (Staonadh ó eitilt dhéanach), C‑474/22, EU:C:2024:73, mír 21 agus an cásdlí dá dtagraítear).

19

Ní dhéantar sainmhíniú ar choincheap na ‘háirithinte deimhnithe’ i Rialachán Uimh. 261/2004. Mar sin féin, sainmhínítear an coincheap ‘áirithint’ ina thaobh féin, in Airteagal 2(g) den Rialachán sin mar ‘an fíoras go bhfuil ticéad ag an bpaisinéir, nó cruthúnas eile, a léiríonn gur glacadh leis an áirithint agus gur chláraigh an t‑aeriompróir nó an tionscnóir turas í’. Ina theannta sin, áirítear leis an gcoincheap ‘ticéad’, de réir bhrí Airteagal 2(f) den Rialachán sin, gach eilimint inláimhsithe nó dholáimhsithe lena dtugtar teideal chun iompair don phaisinéir (féach, chuige sin, breithiúnais an 6 Deireadh Fómhair 2022, flightright (Aeriompar ó Stuttgart go Kansas City), C‑436/21, EU:C:2022:762, mír 21 agus an cásdlí dá dtagraítear, agus an 21 Nollaig 2021, Azurair agus páirtithe eile, C‑146/20, C‑188/20, C‑196/20 agus C‑270/20, EU:C:2021:1038, mír 40).

20

Thairis sin, maidir leis an gcoincheap ‘cruthúnas eile’, de réir bhrí Airteagal 2(g) de Rialachán Uimh. 261/2004, i gcás go bhfuil cruthúnas eile ag an aerphaisinéir arna eisiúint ag an aeriompróir nó an tionscnóir turas, is ionann an cruthúnas eile sin agus ‘áirithint’ de réir bhrí na forála sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 21 Nollaig 2021, Azurair agus páirtithe eile, C‑146/20, C‑188/20, C‑196/20 agus C‑270/20, EU:C:2021:1038, mír 42).

21

Ní mór na coincheapa sin, ar mhaithe le hardleibhéal cosanta do phaisinéirí, dá dtagraítear in aithris 1 den Rialachán sin, a léiriú go leathan (breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2022, flightright (Aeriompar ó Stuttgart go Kansas City), C‑436/21, EU:C:2022:762, mír 22 agus an cásdlí dá dtagraítear).

22

Sa chás seo, is léir ón gcomhad os comhair na Cúirte go raibh pasanna bordála arna n‑eisiúint ag an aeriompróir ag na paisinéirí atá i gceist sna príomhimeachtaí, rud a chuir ar a gcumas eitilt a fháil ó Tenerife go Vársá, arna hoibriú ag an iompróir sin, trína gcur i láthair roimh an tseiceáil isteach.

23

Dála na bpaisinéirí atá i gceist sna príomhimeachtaí, chuir Rialtas na Polainne agus an Coimisiún Eorpach in iúl, go bunúsach, ina mbarúlacha i scríbhinn, go n‑eisítear pas bordála do phaisinéir le haghaidh eitilt áirithe, go dtugtar teideal iompair leis, go n‑údaraítear dó dul ar bord an aerárthaigh agus an eitilt sin a thógáil, a luaithe a bheidh an tseiceáil isteach déanta ag an bpaisinéir sin, trí uimhir an ticéid nó na háirithinte, inter alia, a lua.

24

Leanann sé go bhféadfadh pas bordála a bheith ina ‘chruthúnas eile’, de réir bhrí Airteagal 2(g) de Rialachán Uimh. 261/2004, a léiríonn gur ghlac agus chláraigh an t‑aeriompróir nó an tionscnóir turas an áirithint le haghaidh na heitilte lena mbaineann.

25

Ní féidir conclúid den sórt sin a chur ó bhail toisc go bhfuil an chúirt a rinne an tarchur ag brath nach féidir le breithiúnas an 21 Nollaig 2021, Azurair agus páirtithe eile (C‑146/20, C‑188/20, C‑196/20 agus C‑270/20, EU:C:2021:1038), freagra a thabhairt ar an gceist an bhféadfadh pas bordála teacht faoin gcoincheap ‘cruthúnas eile’, de réir bhrí Airteagal 2(g) de Rialachán Uimh. 261/2004, a mhéid nach bhfuil an fhaisnéis go léir a luaitear sa bhreithiúnas sin sa phas sin, amhail, inter alia, am teachta na heitilte lena mbaineann.

26

Is fíor gur chinn an Chúirt Bhreithiúnais i mír 51 den bhreithiúnas sin, nach mór Airteagal 3(2)(a) de Rialachán Uimh. 261/2004 a léiriú sa chaoi go bhfuil ‘áirithint dheimhnithe’ ag an bpaisinéir, de réir bhrí na forála sin, i gcás ina gcuireann an tionscnóir turas ‘cruthúnas eile’ ar fáil don phaisinéir sin, a bhfuil nasc conarthach aige leis, de réir bhrí Airteagal 2(g) den Rialachán sin, ina bhfuil gealltanas é nó í a iompar ar eitilt ar leith, arna phearsantú trí na háiteanna agus na hamanna imeachta agus teachta a chur in iúl, chomh maith le huimhir na heitilte, fiú mura bhfuair an tionscnóir turas sin deimhniú ón aeriompróir lena mbaineann maidir le hamanna imeachta agus teachta na heitilte sin.

27

Ba cheart a thabhairt faoi deara, áfach, murab ionann agus sa chás seo, sna cásanna as ar eascair breithiúnas an 21 Nollaig 2021, Azurair agus páirtithe eile (C‑146/20, C‑188/20, C‑196/20 agus C‑270/20, EU:C:2021:1038), gur chuir an tionscnóir turas faisnéis ar fáil do phaisinéirí maidir le hamanna eitilte a bhí éagsúil leis an bhfaisnéis a chuir an t‑aeriompróir ar aghaidh chuig an tionscnóir turas, agus nár cuireadh an fhaisnéis sin ar fáil do na paisinéirí sin, rud a d’fhág nach raibh acu ach an fhaisnéis a bhí sa doiciméad a sheol an tionscnóir turas.

28

Ina theannta sin, dhearbhaigh an Chúirt cheana féin, a mhéid a thógann aeriompróir áirithe paisinéirí ar bord a bhfuil áirithint dheimhnithe acu ar an eitilt lena mbaineann agus a iompraíonn iad chuig a gceann scríbe, nach mór a mheas gur chomhlíon siad an ceanglas iad féin a chur i láthair le haghaidh seiceáil isteach roimh an eitilt sin (féach, chuige sin, ordú an 24 Deireadh Fómhair 2019, easyJet Airline, C‑756/18, EU:C:2019:902, mír 28).

29

Os a choinne sin, a mhéid a chomhlíon paisinéirí, amhail na paisinéirí i gceist sna príomhimeachtaí, i gceart an ceanglas maidir le teacht i láthair le haghaidh seiceáil isteach agus a mhéid a rinne siad an eitilt atá i gceist le pas bordála le haghaidh na heitilte sin, ní mór a mheas gur chomhlíon siad an ceanglas maidir le háirithint dheimhnithe a bheith ina seilbh acu ar an eitilt sin.

30

Tacaítear leis an gconclúid sin leis an gcuspóir, a leagtar amach in aithris 1 de Rialachán Uimh. 261/2004, maidir le hardleibhéal cosanta a áirithiú do phaisinéirí.

31

Dá bhrí sin, tá an deis ag paisinéirí a bhfuil moill fhada ar a n‑eitilt leas a bhaint as a gceart chun cúitimh gan bheith faoi réir an cheanglais, nach n‑oireann dá gcás, nach mór dóibh a chruthú ina dhiaidh sin, nuair a dhéantar a n‑éileamh ar chúiteamh, go raibh áirithint dheimhnithe acu ar an eitilt mhoillithe ar a raibh siad á n‑iompar in aon chás (féach, chuige sin, ordú an 24 Deireadh Fómhair 2019, easyJet Airline, C‑756/18, EU:C:2019:902, mír 32).

32

I ndáil leis sin, agus maidir leis an hipitéis, dá dtagraíonn AAA, go bhféadfadh duine eile a bhfuil sonraí comhchosúla aige pas bordála a úsáid, i gcás ina gcaillfeadh sé an pas sin, is leor a thabhairt faoi deara, mar is léir ó Airteagal 2(j) de Rialachán Uimh. 261/2004, go gceadaítear leis an Rialachán sin don aeriompróir cead bordála a dhiúltú ar fhorais, inter alia, go bhfuil doiciméid taistil neamhleora ann.

33

Leanann sé ón méid sin roimhe seo gurb é an freagra ar an gcéad cheist agus ar an dara ceist nach mór Airteagal 2(g) agus Airteagal 3(2)(a) de Rialachán Uimh. 261/2004 a léiriú sa chaoi go bhféadfadh pas bordála a bheith ina ‘chruthúnas eile’, de réir bhrí an chéad cheann de na forálacha sin, a léiríonn gur ghlac agus gur chláraigh an t‑aeriompróir nó an tionscnóir turas an áirithint, sa chaoi go meastar go bhfuil ‘áirithint dheimhnithe’ ag paisinéir a bhfuil pas bordála den sórt sin aige, de réir bhrí an dara ceann de na forálacha sin, don eitilt lena mbaineann, i gcás nach léirítear aon imthosca urghnácha speisialta.

An tríú ceist go dtí an cúigiú ceist

34

Lena tríú, ceathrú agus cúigiú ceist, arb iomchuí iad a scrúdú le chéile, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an bhfuil Airteagal 3(3) de Rialachán Uimh. 261/2004 le léiriú sa chaoi nach meastar go bhfuil paisinéir ag taisteal saor in aisce nó ar tháille laghdaithe nach bhfuil ar fáil go díreach nó go hindíreach don phobal, de réir bhrí na forála sin, i gcás, ar an gcéad dul síos, ina n‑íocann an tionscnóir turas praghas na heitilte leis an aeriompróir oibriúcháin i gcomhréir le dálaí an mhargaidh agus, ar an dara dul síos, ina n‑íocann tríú páirtí seachas an paisinéir sin praghas an turais láneagraithe leis an tionscnóir sin. Fiafraíonn an chúirt sin freisin an faoin aeriompróir sin atá sé a chruthú gur thaistil an paisinéir sin saor in aisce nó ar tháille laghdaithe, nó an faoin bpaisinéir sin atá sé a chruthú gur íoc sé praghas na heitilte.

35

De réir Airteagal 3(3) de Rialachán Uimh. 261/2004, níl feidhm ag an Rialachán sin maidir le paisinéirí atá ag taisteal saor in aisce nó ar tháille laghdaithe nach bhfuil ar fáil go díreach nó go hindíreach don phobal.

36

I ndáil leis sin, ní mór a thabhairt faoi deara gurb ionann neamhinfheidhmeacht an Rialacháin sin dá bhforáiltear san fhoráil sin agus eisceacht ón riail go bhfuil feidhm ag an Rialachán sin, mar is léir ó Airteagal 3(1) de, ar an gcéad dul síos, maidir le paisinéirí atá ag imeacht ó aerfort atá suite i gcríoch Bhallstáit a bhfuil feidhm ag an gConradh maidir leis, agus, ar an dara dul síos, maidir le paisinéirí atá ag imeacht ó aerfort atá suite i dtríú tír go haerfort atá suite i gcríoch Ballstáit a bhfuil feidhm ag an gConradh maidir leis, mura bhfaigheann na paisinéirí sin sochair nó cúiteamh agus cúnamh sa tríú tír sin, más iompróir atá bunaithe san Aontas Eorpach é an t‑aeriompróir oibriúcháin atá ag oibriú na heitilte, faoi na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 3(2).

37

Mar a chinn an Chúirt, ag féachaint do chuspóir Rialachán Uimh. 261/2004, dá dtagraítear in aithris 1 de agus arb é atá ann ardleibhéal cosanta do phaisinéirí a áirithiú, ní mór eisceacht ar na forálacha lena ndeonaítear cearta do phaisinéirí a léiriú go docht (breithiúnas an 16 Eanáir 2025, Qatar Airways, C‑516/23, EU:C:2025:21, mír 23 agus an cásdlí dá dtagraítear).

38

Thairis sin, i gcomhréir le cásdlí socair, chun foráil de dhlí an Aontais a léiriú, is gá machnamh a dhéanamh ní hamháin ar a foclaíocht ach freisin ar an gcomhthéacs ina bhfuil sí agus ar na cuspóirí a shaothraítear leis na rialacha ar cuid díobh í (breithiúnas an 21 Samhain 2024, Mesto Rimavská Sobota, C‑370/23, EU:C:2024:972, mír 25).

39

Is fíor nach bhfágann foclaíocht na chéad abairte d’Airteagal 3(3) de Rialachán Uimh. 261/2004 ann féin gur féidir a chinneadh an bhfuil raon feidhme na forála sin teoranta do chásanna inarb é an t‑aeriompróir oibriúcháin amháin a thairgeann an deis do phaisinéirí taisteal saor in aisce nó ar tháille laghdaithe nach bhfuil rochtain dhíreach nó indíreach ag an bpobal air.

40

Maidir le comhthéacs na forála sin, leanann sé ó Airteagal 3(3) den Rialachán sin, inter alia, nach gcumhdaítear leis an Rialachán sin paisinéirí atá ag taisteal ar thicéid arna n‑eisiúint saor in aisce ag aeriompróir, mura rud é gur eisíodh na ticéid sin i gcomhthéacs clár dílseachta nó clár tráchtála eile (féach, chuige sin, ordú an 26 Samhain 2020, SATA International – Azores Airlines, C‑316/20, EU:C:2020:966, mír 15).

41

Chinn an Chúirt cheana féin i ndáil leis sin nach mór Airteagal 3(3) de Rialachán Uimh. 261/2004 a léiriú sa chaoi nach bhfuil feidhm ag an Rialachán sin maidir le paisinéir atá ag taisteal ar bhonn ticéad táille fabhraí arna eisiúint ag aeriompróir i gcomhthéacs oibríocht urraíochta d’imeacht, a bhfuil a shochar teoranta do dhaoine sonracha áirithe agus a n‑éilíonn a eisiúint údarú roimh ré agus aonair ón aeriompróir sin (ordú an 26 Samhain 2020, SATA International – Azores Airlines, C‑316/20, EU:C:2020:966, mír 19).

42

Ina theannta sin, de bhun Airteagal 3(5) den Rialachán sin, tá feidhm ag an Rialachán sin maidir le haon aeriompróir oibriúcháin a oibríonn iompar paisinéirí ó aerfort atá suite i gcríoch Bhallstáit nó chuig aerfort den sórt sin. Sonraítear san fhoráil chéanna, i gcás ina gcomhlíonann aeriompróir oibriúcháin nach bhfuil conradh tugtha i gcrích aige leis an bpaisinéir na hoibleagáidí a eascraíonn as an Rialachán sin, go measfar go ngníomhaíonn sé thar ceann an duine a thug an conradh i gcrích leis an bpaisinéir lena mbaineann (breithiúnas an 26 Márta 2020, Primera Air Scandinavia, C‑215/18, EU:C:2020:235, mír 28 agus an cásdlí dá dtagraítear).

43

I ndáil leis sin, rialaigh an Chúirt go bhféadfaidh paisinéir ar eitilt a bhfuil moill 3 uair an chloig nó níos mó uirthi caingean le haghaidh cúitimh a thionscnamh faoi Airteagail 6 agus 7 de Rialachán Uimh. 261/2004 i gcoinne an aeriompróra oibriúcháin, fiú mura bhfuil conradh tugtha i gcrích ag an bpaisinéir sin agus ag an aeriompróir sin eatarthu agus gur cuid de thuras láneagraithe í an eitilt atá i gceist (féach, chuige sin, breithiúnas an 26 Márta 2020, Primera Air Scandinavia, C‑215/18, EU:C:2020:235, mír 38).

44

Dá bhrí sin, i bhfianaise dhliteanas an aeriompróra oibriúcháin paisinéirí a chúiteamh i gcás moill fhada ar eitiltí isteach, ba cheart a thabhairt faoi deara nach gcumhdaítear leis an eisceacht dá bhforáiltear sa chéad abairt d’Airteagal 3(3) de Rialachán Uimh. 261/2004 ach cásanna inarb é an t‑aeriompróir oibriúcháin a údaraíonn do phaisinéirí taisteal saor in aisce nó ar tháillí laghdaithe nach bhfuil rochtain dhíreach nó indíreach ag an bpobal orthu.

45

Tá léiriú den sórt sin comhsheasmhach le cuspóir Rialachán Uimh. 261/2004, is é sin ardleibhéal cosanta a áirithiú d’aerphaisinéirí.

46

I ndáil leis sin, de réir aithris 5 den Rialachán sin, ba cheart feidhm a bheith ag an gcosaint sin ní hamháin maidir le paisinéirí ar eitiltí sceidealaithe, ach maidir le paisinéirí ar eitiltí neamhsceidealaithe freisin, lena n‑áirítear eitiltí ar cuid de thurais láneagraithe iad.

47

Is léir ó stair reachtach an Rialacháin sin go raibh sé beartaithe ag reachtas an Aontais gan paisinéirí ar cuid de thuras láneagraithe a n‑eitiltí a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin sin, ach, seachas sin, go mbainfeadh siad tairbhe as na cearta a dheonaítear leis an Rialachán sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 26 Márta 2020, Primera Air Scandinavia, C‑215/18, EU:C:2020:235, mír 36).

48

Sa chás seo, sa mhéid go bhfuair an tionscnóir turas comaoin ar an turas láneagraithe a rinne na paisinéirí atá i gceist sna príomhimeachtaí agus gur íoc sé praghas na heitilte leis an aeriompróir oibriúcháin agus go bhfuair an t‑aeriompróir oibriúcháin luach saothair i gcomhréir le coinníollacha an mhargaidh, ní mór a mheas nár thaistil na paisinéirí sin saor in aisce nó ar tháille laghdaithe nach raibh rochtain ag an bpobal uirthi go díreach nó go hindíreach, de réir bhrí na chéad abairte d’Airteagal 3(3) de Rialachán Uimh. 261/2004.

49

Mar is léir ón gcásdlí a luaitear i mír 43 den bhreithiúnas seo, chun go ndearbhóidh na paisinéirí atá i gceist sna príomhimeachtaí cearta i gcoinne an aeriompróra oibriúcháin, ní bhaineann le hábhar nach iadsan a d’íoc praghas an turais láneagraithe, nach raibh gaol conarthach acu leis an iompróir sin, ach gur íoc tríú páirtí, leis an tionscnóir turas a d’íoc praghas na heitilte leis an iompróir sin.

50

Maidir leis an dualgas cruthúnais gur thaistil paisinéir saor in aisce nó ar tháille laghdaithe nach bhfuil inrochtana go díreach nó go hindíreach don phobal, de réir bhrí na chéad abairte d’Airteagal 3(3) de Rialachán Uimh. 261/2004, ba cheart a thabhairt faoi deara go mbunaítear leis an bhforáil sin, gan leithdháileadh an ualaigh sin a rialáil go sainráite, mar is léir ó mhír 37 den bhreithiúnas seo, eisceacht ar na forálacha lena ndeonaítear cearta do phaisinéirí, trí phaisinéir den sórt sin a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin sin.

51

Dá bhrí sin, chun é féin a shaoradh óna oibleagáid an paisinéir sin a chúiteamh, is faoin aeriompróir oibriúcháin atá sé a léiriú, i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos leis an dlí náisiúnta, gur thaistil an paisinéir sin saor in aisce nó ar tháille laghdaithe nach bhfuil rochtain dhíreach nó indíreach ag an bpobal uirthi, de réir bhrí na chéad abairte d’Airteagal 3(3) den Rialachán sin, agus, dá bhrí sin, nach dtagann sé faoi raon feidhme an Rialacháin sin.

52

Ní mór a thabhairt faoi deara go mbeadh léiriú arb é atá ann an dualgas cruthúnais a chur ar phaisinéirí contrártha ní hamháin do chuspóir Rialachán Uimh. 261/2004, eadhon ardleibhéal cosanta a áirithiú d’aerphaisinéirí, ach go mbeadh sé deacair é a chur chun feidhme freisin, go háirithe i gcomhthéacs sonrach an cháis seo, i gcás inar chuir na paisinéirí i gceist sna príomhimeachtaí turas láneagraithe in áirithe le tionscnóir turas.

53

Mar a d’áitigh na paisinéirí atá i gceist sna príomhimeachtaí agus an Coimisiún, go bunúsach, ina mbarúlacha i scríbhinn, i gcás inar chuir paisinéir a thuras láneagraithe in áirithe ní go díreach leis an aeriompróir oibriúcháin, ach trí thionscnóir turas, is gnách gurb é an tionscnóir turas, mar is amhlaidh sa chás seo, a íocann praghas na heitilte leis an iompróir sin, agus go n‑íocann an paisinéir sin praghas ar an turas láneagraithe iomlán lena n‑áirítear praghas na heitilte. Seachas nach bhfuil an paisinéir sin ar an eolas faoi phraghas beacht na heitilte a d’íoc an tionscnóir sin, tá deiseanna teoranta ag an bpaisinéir céanna a chruthú gur íoc sé praghas na heitilte sin.

54

Leanann sé ón méid sin roimhe seo gurb é an freagra ar an tríú, ar an gceathrú agus ar an gcúigiú ceist nach mór Airteagal 3(3) de Rialachán Uimh. 261/2004 a léiriú sa chaoi nach meastar go bhfuil paisinéir ag taisteal saor in aisce nó ar tháille laghdaithe nach bhfuil inrochtana go díreach nó go hindíreach ag an bpobal, de réir bhrí na forála sin, i gcás, ar an gcéad dul síos, ina n‑íocann an tionscnóir turas praghas na heitilte leis an aeriompróir oibriúcháin i gcomhréir le coinníollacha an mhargaidh agus, ar an dara dul síos, ina n‑íocann tríú páirtí seachas an paisinéir sin praghas an turais láneagraithe leis an tionscnóir sin. Is faoin aeriompróir sin atá sé a léiriú, i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos leis an dlí náisiúnta, gur thaistil an paisinéir sin saor in aisce nó ar tháille laghdaithe den sórt sin.

Costais

55

Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte a rinne an tarchur, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a chur faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

 

Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Seachtú Dlísheomra) mar seo a leanas:

 

1.

Maidir le hAirteagal 2(g) agus Airteagal 3(2)(a) de Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 lena mbunaítear comhrialacha maidir le cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí i gcás nach gceadófar dóibh bordáil agus i gcás ina gcuirfear eitiltí ar ceal nó i gcás ina gcuirfear moill fhada orthu, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 295/91,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

is féidir le pas bordála a bheith ina ‘chruthúnas eile’ de réir bhrí an chéad cheann de na forálacha sin, a léiríonn gur ghlac agus gur chláraigh an t‑aeriompróir nó an tionscnóir turas an áirithint, sa chaoi go meastar go bhfuil ‘áirithint dheimhnithe’ ag paisinéir a bhfuil pas bordála den sórt sin aige, de réir bhrí an dara ceann de na forálacha sin, don eitilt lena mbaineann, i gcás nach léirítear aon imthosca urghnácha speisialta.

 

2.

Maidir le hAirteagal 3(3) de Rialachán Uimh. 261/2004,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

ní mheastar go bhfuil paisinéir ag taisteal saor in aisce nó ar tháille laghdaithe nach bhfuil ar fáil go díreach nó go hindíreach don phobal, de réir bhrí na forála sin, i gcás, ar an gcéad dul síos, ina n‑íocann an tionscnóir turas praghas na heitilte leis an aeriompróir oibriúcháin i gcomhréir le dálaí an mhargaidh agus, ar an dara dul síos, ina n‑íocann tríú páirtí seachas an paisinéir sin praghas an turais láneagraithe leis an tionscnóir sin. Is faoin aeriompróir sin atá sé a léiriú, i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos leis an dlí náisiúnta, gur thaistil an paisinéir sin saor in aisce nó ar tháille laghdaithe den sórt sin.

 

Sínithe


( *1 ) Teanga an cháis: an Pholainnis.

( i ) Is ainm bréige é ainm an cháis seo. Ní fhreagraíonn sé d’fhíorainm aon pháirtí sna príomhimeachtaí