TUAIRIM AN ABHCÓIDE GHINEARÁLTA

SPIELMANN

arna tabhairt an 13 Feabhra 2025 ( 1 )

Cás C‑743/24 [Alchaster II] ( i )

an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais

v

MA

(Iarraidh ar réamhrialú ón gCúirt Uachtarach (Éire))

(Tarchur le haghaidh réamhrialú – Comhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile – Comhar breithiúnach in ábhair choiriúla – Barántas gabhála – Tabhairt suas – Leasú díobhálach ar an gcóras parúil sa Stát eisiúna – Baol go sárófar ceart bunúsach – Airteagal 49(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – Prionsabal na dlíthiúlachta i dtaca le cionta coiriúla agus pionóis)

I. Réamhrá

1.

Is ionann an iarraidh ar réamhrialú seo ón gCúirt Uachtarach (Éire) agus an chéad chás ina scrúdóidh an Chúirt Bhreithiúnais raon feidhme neamh-aisghníomhaíochta pionóis faoi Airteagal 49 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’), agus is é sin an fáth go ndíreoidh mé láithreach bonn ar an gcás treorach ón gCúirt Eorpach um Chearta an Duine (‘ECtHR’ nó ‘Cúirt Strasbourg’) arb ionann é agus Del Río Prada v an Spáinn. ( 2 ) Seo a leanas an sliocht ríthábhachtach den bhreithiúnas sin:

‘… d’fhéadfadh go n‑eascróidh athshainiú nó leasú raon feidhme an “phionóis” arna fhorchur ag an gcúirt chéadchéime as bearta arna nglacadh ag an reachtas, ag na húdaráis riaracháin nó ag na cúirteanna i ndiaidh an phianbhreith deiridh a bheith forchurtha nó le linn chur i gcrích na pianbhreithe. I gcás go dtarlaíonn sé sin, measann an Chúirt gur cheart go dtiocfaidh na bearta lena mbaineann faoi raon feidhme an toirmisc ar chur i bhfeidhm cúlghabhálach pionós a chumhdaítear in [Airteagal 7(1) den Choinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint (“ECHR”), arna shíniú sa Róimh an 4 Samhain 1950]. Murach sin, bheadh Stáit saor – tríd an dlí a leasú nó athléiriú a dhéanamh ar na rialacháin bunaithe, mar shampla – chun bearta a ghlacadh lena n‑athshaineofaí go cúlghabhálach raon feidhme an phionóis arna fhorchur, chun dochair an duine chiontaithe, nuair nach bhféadfadh an duine sin forbairt den sórt sin a shamhlú tráth a rinneadh an cion nó a forchuireadh an phianbhreith. I gcoinníollacha den sórt sin bhainfí gach éifeacht úsáideach ó [Airteagal 7(1) ECHR] le haghaidh daoine ciontaithe, ar athraíodh raon feidhme a bpianbhreitheanna ex post facto chun a ndochair. Cuireann an Chúirt in iúl nach mór athruithe den sórt sin a idirdhealú ó athruithe arna ndéanamh do mhodh forghníomhaithe na pianbhreithe, nach dtagann faoi raon feidhme [Airteagal 7(1) ECHR].’ ( 3 )

2.

Léirítear go follasach agus go beacht leis an sliocht seo gur féidir é a bheith deacair idirdhealú a dhéanamh idir forchur pianbhreithe agus a forghníomhú. Is amhlaidh an cás go háirithe i gcás gur glacadh sraith nua rialacha, atá in ainm is a bheith bainteach le forghníomhú pianbhreithe arb ionann í, go bunúsach, agus saoirse a chosc ar dhuine aonair le haghaidh tréimhse níos faide ná mar a choiscfí faoi na rialacha roimhe sin.

3.

Nochtar thairis sin na deachrachtaí seo ó thaobh teorannú de leis an iarraidh ar réamhrialú seo ón gCúirt Uachtarach. Tugtar níos mó fianaise léi arís, cé gurb ionann Airteagal 7 ECHR agus ‘riail i leith cothroime shimplí, riail a thuigfeadh aon pháiste’, ( 4 ) mar a chuir Lord Bingham, atá imithe ar shlí na fírinne, síos air go tráthúil, go bhfuil sé níos deacra riail den sórt sin a chur i bhfeidhm i leith sraith shonrach imthosca.

4.

Déanfaidh mé an argóint sa Tuairim seo nach bhfuil sé furasta an teorainn idir forchur agus forghníomhú pionóis a chinneadh, agus go bhfuil gá chuige sin grinnscrúdú a dhéanamh ar an reachtaíocht náisiúnta lena mbaineann de réir an cháis.

II. An dlí lena mbaineann

A. ECHR

5.

Is é ‘Pionós ar bith gan dlí’ an teideal atá ar Airteagal 7 ECHR. Seo a leanas foclaíocht na chéad mhíre:

‘Ní bhfaighfear aon duine ciontach in aon chion coiriúil i ngeall ar aon ghníomh nó neamhghníomh nár chion coiriúil é faoin dlí náisiúnta nó faoin dlí idirnáisiúnta tráth a dhéanta. Ná ní ghearrfar pionós is troime ná mar dob inghearrtha an tráth a rinneadh an cion coiriúil.’

B. Dlí an Aontais Eorpaigh

6.

Is comhaontú comhlachais é an Comhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (‘CTC’) ( 5 ) atá bunaithe ar Airteagal 217 CFAE ( 6 ) agus Airteagal 101 den Chonradh lena mbunaítear an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach. ( 7 ) I ndiaidh cur i bhfeidhm sealadach ón 1 Eanáir 2021, ( 8 ) tháinig sé i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2021, i ndiaidh a dhaigniú ag an Aontas Eorpach agus ag an Ríocht Aontaithe. ( 9 ) Tá CTC comhdhéanta de sheacht bpáirt. ( 10 )

7.

Tá Airteagal 5 de CTC, dar teideal ‘Cearta príobháideacha’, i gCuid a hAon, ( 11 ) Teideal II, ( 12 ) de CTC agus seo a leanas a fhoclaíocht:

‘1.   Gan dochar d’Airteagal SSC.67 den Phrótacal maidir le Comhordú Slándála Sóisialta agus cé is moite, maidir leis an Aontas, de Chuid a Trí den Chomhaontú sin, ní fhorléireofar aon ní sa Chomhaontú seo ná aon chomhaontú forlíontach mar ní lena dtugtar cearta ná lena bhforchuirtear oibleagáidí ar dhaoine seachas iad sin arna gcruthú idir na Páirtithe faoin dlí poiblí idirnáisiúnta, ná ní fhorléireofar iad mar ní lena gceadaítear an Comhaontú seo ná aon chomhaontú forlíontach a agairt go díreach i gcórais dlí baile na bPáirtithe.

2.   Ní dhéanfaidh Páirtí foráil maidir le ceart caingne faoina dhlí in aghaidh an Pháirtí eile ar an bhforas gur ghníomhaigh an Páirtí eile de shárú ar an gComhaontú seo nó de shárú ar aon chomhaontú forlíontach.’

8.

Baineann Cuid a Trí le forfheidhmiú an dlí agus comhar breithiúnach in ábhair choiriúla.

9.

Tá Airteagal 524 de CTC, dar teideal ‘Cearta an duine agus saoirsí bunúsacha a chosaint’, i gCuid a Trí, Teideal I, ( 13 ) agus seo a leanas a fhoclaíocht:

‘1.   Is ar urraim sheanbhunaithe na bPáirtithe agus na mBallstát don daonlathas, don smacht reachta agus do chearta agus saoirsí bunúsacha daoine aonair a chosaint atá an comhar dá bhforáiltear sa Chuid seo bunaithe, lena n‑áirítear mar atá leagtha amach i nDearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine agus i gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine, agus maidir lena thábhachtaí atá sé na cearta agus na saoirsí bunúsacha sa Choinbhinsiún sin a chur i bhfeidhm ar bhonn intíre.

2.   Ní bheidh d’éifeacht ag aon ní dá bhfuil sa Chuid seo go modhnófar an oibleagáid cearta bunúsacha agus prionsabail dlí a urramú mar a léirítear, go háirithe, sa Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine agus, i gcás an Aontais agus a Bhallstát, [sa Chairt].’

10.

Bunaítear le Teideal VII de Chuid a Trí (Airteagail 596 go 632), dar teideal ‘Tabhairt suas’, córas tabhairt suas idir na Ballstáit agus an Ríocht Aontaithe. Forlíontar na forálacha sin le hIarscríbhinn 43, a leagann amach an fhaisnéis atá le háireamh i mbarántas gabhála. ( 14 )

11.

Seo a leanas mír 3 d’Airteagal 599 de CTC, dar teideal ‘Raon feidhme’:

‘Faoi réir Airteagal 600, pointí (b) go (h) d’Airteagal 601(1), agus Airteagail 602, 603 agus 604, ní dhiúltóidh Stát barántas gabhála a fhorghníomhú ar barántas é arna eisiúint i ndáil leis an iompar seo a leanas i gcás inarb inphionóis an t‑iompar céanna le cailleadh saoirse nó le hordú coinneála ar feadh uastréimhse 12 mhí ar a laghad:

(a)

iompar aon duine a rannchuidíonn le grúpa daoine ag gníomhú dóibh chun críche coitinne cion amháin nó níos mó a dhéanamh i réimse na sceimhlitheoireachta dá dtagraítear in Airteagail 1 agus 2 den Choinbhinsiún Eorpach chun Sceimhliú a Dhíchur, arna dhéanamh i Strasbourg an 27 Eanáir 1977, nó i ndáil le gáinneáil aindleathach drugaí támhshuanacha agus substaintí síceatrópacha, nó dúnmharú, mórdhíobháil choirp, fuadach, srianadh neamhdhleathach, gabháil giall nó éigniú, fiú i gcás nach nglacann an duine sin páirt sna cionta nó sa chion lena mbaineann; ní mór rannchuidiú den sórt sin a dhéanamh d’aon ghnó agus é ar eolas go gcuideoidh an rannpháirtíocht le gníomhaíochtaí coiriúla an ghrúpa a bhaint amach; nó

(b)

sceimhlitheoireacht mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn 45.’

12.

Foráiltear in Airteagal 604(c) de CTC ( 15 )‘má tá foras substaintiúil ann lena chreidiúint go bhfuil fíor-riosca ann do chosaint chearta bunúsacha an duine iarrtha, féadfaidh an t‑údarás breithiúnach forghníomhaitheach, de réir mar is iomchuí, ráthaíochtaí breise a éileamh maidir leis an gcaoi a ndéileáiltear leis an duine iarrtha tar éis é nó í a thabhairt suas sula gcinneann sé an barántas gabhála a fhorghníomhú’.

13.

Sonraítear in Airteagal 613(2) de CTC ‘[m]ás rud é go measann an t‑údarás breithiúnach forghníomhaitheach nach leor an fhaisnéis a chuir an Stát eisiúna in iúl chun gur féidir leis cinneadh a dhéanamh maidir leis an tabhairt suas, iarrfaidh sé an fhaisnéis fhorlíontach is gá, go háirithe i ndáil le hAirteagal [...] 604 [...] a thabhairt faoi phráinn agus féadfaidh sé teorainn ama a leagan síos lena fáil [...]’.

III. Na príomhimeachtaí agus an cheist a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú

14.

D’eisigh District Judge of the Magistrates’ Courts of Northern Ireland (Breitheamh Dúiche Chúirteanna Dúiche Thuaisceart Éireann, an Ríocht Aontaithe) ceithre bharántas gabhála i leith MA ar an 26 Samhain 2021 maidir le ceithre chion a bhain le sceimhlitheoireacht, ( 16 ) a líomhnaíodh a bheith déanta idir an 18 agus 20 Iúil 2020. Tá an chéad chion astu sin inphionóis de phianbhreith choimeádta de suas go dtí 10 mbliana, agus d’fhéadfaí pianbhreith choimeádta saoil a ghearradh i leith na dtrí chion eile.

15.

Le breithiúnas an 24 Deireadh Fómhair 2022 agus orduithe an 24 Deireadh Fómhair agus an 7 Samhain 2022, d’ordaigh an Ard-Chúirt (Éire) go dtabharfaí MA suas go dtí an Ríocht Aontaithe, agus í ag diúltú cead achomhairc chuig an gCúirt Achomhairc (Éire) a thabhairt dó.

16.

Le cinneadh an 17 Eanáir 2023, dheonaigh an Chúirt Uachtarach cead achomhairc do MA i gcoinne an bhreithiúnais sin agus i gcoinne na n‑orduithe sin ón Ard-Chúirt.

17.

Maíonn MA go bhfuil a thabhairt suas go dtí an Ríocht Aontaithe ar neamhréir le prionsabal na dlíthiúlachta i dtaca le cionta coiriúla agus pionóis.

18.

Dearbhaíonn an chúirt a rinne an tarchur, dá dtabharfaí MA suas go dtí an Ríocht Aontaithe agus dá ngearrfaí pianbhreith choimeádta air, go rialófaí a cheart chun scaoileadh saor coinníollach le reachtaíocht na Ríochta Aontaithe arna nglacadh i ndiaidh chur i gcrích na gcionta líomhainte i leith a leithéide a bhfuil sé ina ábhar d’imeachtaí coiriúla.

19.

Ós rud é go raibh amhras ar an gcúirt a rinne an tarchur maidir leis an ngá a scrúdú an raibh baol ann go sárófaí Airteagal 49(1) den Chairt agus, dá raibh, conas ar cheart don údarás breithiúnach forghníomhaitheach an t‑athbhreithniú sin a dhéanamh faoi CTC agus faoin gCairt, chinn sí bac a chur ar na himeachtaí agus ceist a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais.

20.

Ina breithiúnas in Alchaster, ( 17 ) chinn an Chúirt nach mór Airteagal 524(2) agus Airteagal 604(c) de CTC, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 49(1) den Chairt, a léiriú sa chaoi nach mór d’údarás breithiúnach forghníomhaitheach, i gcás ina líomhnaíonn duine atá faoi réir barántas gabhála arna eisiúint ar bhonn an chomhaontaithe sin go bhfuil baol ann go sárófar Airteagal 49(1) den Chairt i gcás tabhairt suas don Ríocht Aontaithe, mar gheall ar athrú, atá neamhfhabhrach don duine sin, ar na coinníollacha maidir le scaoileadh saor coinníollach, a tharla tar éis an cion a líomhnaítear a dhéanamh a bhfuil an duine sin á ionchúiseamh ina leith, scrúdú neamhspleách a dhéanamh ar an mbaol sin a bheith ann sula dtabharfaidh sé breith ar an mbarántas gabhála a fhorghníomhú, i gcás inar chuir an t‑údarás breithiúnach sin as an áireamh cheana féin go bhfuil baol go sárófaí Airteagal 7 ECHR ar bhonn na ráthaíochtaí a thairgeann an Ríocht Aontaithe, i gcoitinne, maidir le comhlíonadh ECHR agus na féidearthachta atá ag an duine céanna cás a chur faoi bhráid ECtHR. Tar éis an scrúdaithe sin, níor cheart don údarás breithiúnach forghníomhaitheach sin diúltú do bharántas gabhála a fhorghníomhú ach amháin, tar éis an fhaisnéis agus na ráthaíochtaí breise a iarraidh ón údarás breithiúnach eisiúna, má tá fianaise oibiachtúil, iontaofa, bheacht agus nuashonraithe go cuí lena suitear go bhfuil fíorbhaol ann go n‑athrófar raon feidhme na pianbhreithe arna tabhú an lá a rinneadh an cion i dtrácht, rud a fhágann go ngearrfar pionós níos troime ná mar a tabhaíodh ar dtús.

21.

I bhfianaise an bhreithiúnais sin, d’iarr an chúirt a rinne an tarchur, de bhun Airteagal 613(2) de CTC, ar údaráis na Ríochta Aontaithe faisnéise bhreise a sholáthar ar reachtaíocht na Ríochta Aontaithe a mbeadh infheidhme i leith MA dá gciontófaí é as ceann amháin nó níos mó de na cionta dá dtóraítear é. D’fhreagair Breitheamh Dúiche Chúirteanna Dúiche Thuaisceart Éireann an iarraidh sin ar an 17 Meán Fómhair 2024.

22.

Thairis an freagra sin, deimhníonn an chúirt a rinne an tarchur, tráth a rinneadh na cionta faoi cheist sna príomhimeachtaí, i gcás gur gearradh pianbhreith choimeádta le haghaidh tréimhse sheasta, gur ceanglaíodh ar an gcúirt a d’fhorchuir an phianbhreith sin ‘tréimhse choimeádta’ a shocrú, nach bhféadfadh leath na pianbhreithe arna gearradh a shárú, ag deireadh a leithéide ar ceanglaíodh an ciontóir a scaoileadh saor go coinníollach. I gcás pianbhreith saoil, pianbhreith choimeádta d’fhad éiginnte nó pianbhreith choimeádta ar cuireadh síneadh léi, ní fhéadfadh scaoileadh saor coinníollach ach tarlú, ag deireadh tréimhse shonraithe, i gcás gur mheas Coimisinéirí Parúil Thuaisceart Éireann nach raibh coinneáil leanúnach an duine chiontaithe riachtanach le haghaidh chosaint an phobail.

23.

Faoin gcóras parúil a raibh infheidhme i dTuaisceart Éireann ón 30 Aibreán 2021 ar aghaidh, lena n‑áirítear cionta arna ndéanamh roimh an dáta sin, comhdhéantar pianbhreith choimeádta de thréimhse chinnte le haghaidh cion sceimhlitheoireachta sonraithe de ‘théarma coimeádta iomchuí’ arna chinneadh ag an mbreitheamh, le tréimhse bhreise de bhliain amháin lena linn a scaoilfear an duine saor go coinníollach, agus ní fhéadfadh comhiomlán an mhéid sin an uastréimhse phríosúnachta a shárú. Féadfar an daoine a scaoileadh saor go coinníollach freisin i ndiaidh dhá thrian den ‘téarma coimeádta iomchuí’ a chur i gcrích, ar chuntar go bhfuil na Coimisinéirí Parúil sásta nach gá a choinneáil leanúnach le haghaidh chosaint an phobail.

24.

Níl na rialacha a bhaineann le scaoileadh saor coinníollach duine ar gearradh pianbhreith choimeádta saoil, pianbhreith choimeádta de thréimhse éiginnte nó pianbhreith choimeádta ar cuireadh síneadh léi air ábhartha sa chás seo, ós rud é gur dhearbhaigh an chúirt a rinne an tarchur nach mbaineann gearáin MA ach le leasú na rialacha a bhaineann le pianbhreitheanna coimeádta de thréimhse chinnte.

25.

Measann an chúirt a rinne an tarchur go bhfuil fíorfhéidearthacht ann go ngearrfar pianbhreith choimeádta de théarma seasta ar MA má chuirtear ar ais chuig an Ríocht Aontaithe é agus go n‑eascróidh sé as an leasú faoi cheist go bhfanfaidh daoine a ghearrtar príosúnacht den sórt sin orthu faoi choinneáil le haghaidh tréimhse níos faide. Lorgaíonn sí a fháil amach cé acu an féidir an leasú, a bhfuil sé mar éifeacht leis go ndíothaítear córas faoina raibh scaoileadh saor coinníollach uathoibríoch, a mheas go fóill mar bheith bainteach le forghníomhú pianbhreitheanna agus leis sin amháin, nó cé acu an gcaithfear é a mheas mar raon feidhme féin na pianbhreithe a leasú go cúlghabhálach.

26.

Ba sna himthosca sin, le hordú an 22 Deireadh Fómhair 2024, a fuarthas i gClárlann na Cúirte Breithiúnais an 24 Deireadh Fómhair 2024, a chinn an Chúirt Uachtarach bac a chur ar na himeachtaí agus an cheist seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:

‘An mbeadh forchur “pionóis níos troime” i gceist maidir leis an duine ciontaithe ná an pionós is infheidhme tráth na gcionta líomhnaithe a mhéid a sháraíonn sé Airteagal 49(1) den Chairt, i gcás feidhme, do dhuine a chiontaítear i gcion nó i gcionta agus ar cuireadh pianbhreith chinnte air, ag rialacha leasaithe a mbeadh d’éifeacht leo go mbeadh air nó uirthi dhá thrian ar a laghad den phianbhreith sin a chur isteach agus nach mbeidh ach ceart coinníollach aige nó aici ansin chun scaoileadh saor coinníollach ar cheadúnas ag brath ar mheasúnú ar chontúirt, cé, faoi na rialacha is infheidhme tráth na gcionta líomhnaithe, go mbeadh an duine sin i dteideal go huathoibríoch mar ábhar dlí scaoileadh saor ar cheadúnas a luaithe a bheadh leath na pianbhreithe sin curtha isteach aige nó aici?’

IV. Nós imeachta os comhair na Cúirte Breithiúnais

27.

D’iarr an Chúirt Uachtarach go gcinnfear an cás seo de bhun an nós imeachta brostaithe dá bhforáiltear in Airteagal 105(1) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais.

28.

Foráiltear in Airteagal 105(1) de na Rialacha Nós Imeachta, ar iarratas ón gcúirt nó ón mbinse a rinne an tarchur nó, go heisceachtúil, uaidh féin, go bhféadfaidh Uachtarán na Cúirte a chinneadh, i gcás go n‑éilíonn nádúr an cháis go ndéileálfar leis laistigh d’achar gearr ama, tar éis dó an Breitheamh is Rapóirtéir agus an tAbhcóide Ginearálta a éisteacht, go gcuirfear nós imeachta brostaithe i bhfeidhm maidir le tarchur chun réamhrialú. ( 18 )

29.

Ar an 26 Samhain 2024, chinn Uachtarán na Cúirte, i ndiaidh an Breitheamh is Rapóirtéir agus an tAbhcóide Ginearálta a éisteacht, iarratas na cúirte a rinne an tarchur go gcinnfear an iarraidh ar réamhrialú seo de bhun nós imeachta brostaithe i gcomhréir le hAirteagal 105(1) de na Rialacha Nós Imeachta a dheonú. ( 19 ) Bhunaigh Uachtarán na Cúirte a chinneadh ar an bhfíoras gur ardaíodh an cheist arna tarchur ag an gcúirt a rinne an tarchur le haghaidh réamhrialú i gcás maidir le duine faoi choimeád, de réir bhrí an cheathrú mír d’Airteagal 267 CFAE. Thairis sin, is dóchúil go mbeidh éifeacht ag freagra na ceiste sin, i bhfianaise chineál na ceiste agus na n‑imthosca ina n‑ardaítear í, ar choimeád leanúnach an duine lena mbaineann. ( 20 )

30.

Shocraigh Uachtarán na Cúirte an teorainn ama chun barúlacha i scríbhinn a chur isteach don 10 Nollaig 2024. I gcomhréir le hAirteagal 105(2) de na Rialacha Nós Imeachta, socraíodh dáta na héisteachta don 21 Eanáir 2025..

31.

Chuir na páirtithe sna príomhimeachtaí, an Coimisiún Eorpach agus Rialtas na Ríochta Aontaithe barúlacha i scríbhinn isteach. ( 21 ) D’fhreastal na páirtithe uile ar an éisteacht thuasluaite.

V. Measúnú

32.

Is é seo an dara huair laistigh de leath bliana go ndearna an chúirt a rinne an tarchur tarchur chuig an gCúirt maidir leis an gcás céanna ar leibhéal náisiúnta: tá amhras ar na húdaráis Éireannacha maidir le cé acu an féidir duine a líomhnaítear a rinne sraith cionta a thabhairt suas don Ríocht Aontaithe faoi fhorálacha ábhartha CTC.

33.

Ina breithiúnas an 29 Iúil 2024, chinn an Chúirt nach mór Airteagal 524(2) agus Airteagal 604(c) de CTC a léiriú sa chaoi nach mór d’údarás breithiúnach forghníomhaitheach, i gcás ina líomhnaíonn duine atá faoi réir barántas gabhála go bhfuil baol ann go sárófar Airteagal 49(1) den Chairt i gcás tabhairt suas don Ríocht Aontaithe, mar gheall ar athrú, atá neamhfhabhrach don duine sin, ar na coinníollacha maidir le scaoileadh saor coinníollach, a tharla tar éis an cion a líomhnaítear a dhéanamh a bhfuil an duine sin á ionchúiseamh ina leith, scrúdú neamhspleách a dhéanamh ar an mbaol sin a bheith ann sula dtabharfaidh sé breith ar an mbarántas gabhála a fhorghníomhú. ( 22 ) Tar éis an scrúdaithe sin, beidh ar an údarás breithiúnach forghníomhaitheach sin diúltú do bharántas gabhála a fhorghníomhú ach amháin, tar éis an fhaisnéis agus na ráthaíochtaí breise a iarraidh ón údarás breithiúnach eisiúna, má tá fianaise oibiachtúil, iontaofa, bheacht agus nuashonraithe go cuí lena suitear go bhfuil fíorbhaol ann go n‑athrófar raon feidhme na pianbhreithe arna tabhú an lá a rinneadh an cion i dtrácht, rud a fhágann go ngearrfar pionós níos troime ná mar a tabhaíodh ar dtús. ( 23 )

34.

Go sonrach, maidir le raon feidhme Airteagal 49(1) den Chairt, thagair an Chúirt do: (1) a cásdlí comhleanúnach ar dá réir go bhfuil san Airteagal sin, ar a laghad, na ráthaíochtaí céanna leo siúd dá bhforáiltear in Airteagal 7 ECHR, nach mór a chur san áireamh de bhun Airteagal 52(3) den Chairt mar íostairseach cosanta; ( 24 ) agus (2) cásdlí comhleanúnach ar dá réir, d’fhonn Airteagal 7 ECHR a chur i bhfeidhm, nach mór idirdhealú a dhéanamh idir beart arb ionann é ó thaobh na substainte de agus ‘pionós’ agus beart a bhaineann le ‘forghníomhú’ nó ‘forfheidhmiú’ an phionóis. Dá bhrí sin, i gcás go mbaineann cineál agus cuspóir birt le loghadh pianbhreithe nó athrú sa chóras le haghaidh scaoileadh saor coinníollach, ní chuid den ‘phionós’ é sin de réir bhrí Airteagal 7 ECHR. ( 25 )

35.

Lean an Chúirt ar aghaidh chun teacht ar an gconclúid nach mbeidh beart a bhaineann le forghníomhú pianbhreithe ar neamhréir le hAirteagal 49(1) den Chairt ach amháin má athraíonn sé go cúlghabhálach raon feidhme iarbhír an phionóis dá bhforáiltear ar an lá a rinneadh an cion faoi cheist, agus dá bhrí sin go ngearrfaí pionós níos troime ná an ceann a tabhaíodh ar dtús. Cé nach amhlaidh an cás, in aon chás, nuair a chuireann an beart sin moill go lom ar an tairseach incháilitheachta le haghaidh scaoileadh saor coinníollach, d’fhéadfadh cúrsaí a bheith difriúil, go háirithe, má aisghairtear go bunúsach leis an mbeart sin an fhéidearthacht go scaoilfí duine saor go coinníollach nó má tá sé mar pháirt de shraith beart a bhfuil sé d’éifeacht leo go méadaítear tromchúis intreach na pianbhreithe a tabhaíodh ar dtús. ( 26 )

36.

Lena ceist, lorgaíonn an chúirt a rinne an tarchur a dhéanamh amach, go bunúsach, cé acu an gcaithfear an dara habairt d’Airteagal 49(1) den Chairt a léiriú sa chaoi go gcumhdaítear leis an gcoincheap ‘pionós is troime’ atá san fhoráil sin cás inar leasaíodh na forálacha dlíthiúla lena rialaítear córas parúil chun foráil a dhéanamh gur cuireadh in áit ceart chun teidlíochta uathoibríche i leith scaoileadh saor coinníollach, a luaithe a bhfuil an chéad leath den phianbhreith arna forchur curtha i gcrích, le ceart chun scaoilte shaoir a luaithe a chuirtear dhá thrian ar a laghad de phianbhreith arna forchur i gcrích. Braitheann an scaoileadh saor sin ar mheasúnú arna dhéanamh ag na Coimisinéirí Parúil.

A. Forchur agus forghníomhú pianbhreithe

37.

Ag an tús, ba cheart a chur chun suntais, cé is moite den sásra tabhairt suas arna bhunú le CTC, ( 27 ) nach bhfuil aon chomhchuibhiú den Aontas ar na coincheapa a bhfuil mé ar tí a phlé go mionsonraithe. Tá na coincheapa sin go léir, i bhfoirm amháin nó i bhfoirm eile, le fáil i ndlí náisiúnta Bhallstáit an Aontais. Mar gheall ar easpa comhchuibhithe, áfach, bíonn difríochtaí ann go dosheachanta ó thaobh coincheapa agus sonraí de ó Bhallstát go Ballstát. Is é atá sa phlé thíos dá bhrí sin iarracht achoimre agus míniú a thabhairt ar na coincheapa a bhfuil coiteann d’aon chóras dlí coiriúil.

38.

Baineann an cás seo go dlúth leis an difríocht idir forchur agus forghníomhú ( 28 ) pionóis.

39.

Forálann dlíthe coiriúla do réimse pionós, agus is é cailleadh saoirse i bhfoirm pianbhreith choimeádta an ceann is danartha. Forchuireann cúirt pianbhreith den sórt sin ( 29 ) ag deireadh trialach poiblí agus cuirtear dímheas poiblí i leith an ghnímh in iúl, agus leis sin cuirtear le comhlíonadh an dlí. Baineann srianadh suntasach ar chearta an chiontóra leis, agus dá bhrí sin, ní mór go mbeidh sé comhchuimseach le tromchúis an chiona agus na ciontachta. ( 30 ) Bíonn cuspóir an phionóis sin iomadúil agus de ghnáth tagann sé laistigh de roinnt catagóirí, amhail pionósú, ( 31 ) díspreagadh ( 32 ) agus athshlánú. ( 33 )

40.

I gcodarsnacht leis sin, tagraíonn forghníomhú pianbhreithe don phróiseas téarma príosúnachta arna fhorchur ag cúirt a chur i gcrích nó a fhorfheidhmiú. Bíonn difríochtaí suntasacha ann idir córais fhorghníomhaithe ó dhlíchóras amháin go ceann eile. ( 34 ) D’fhéadfadh a bheith mar pháirt d’fhorghníomhú pianbhreithe iontráil sa phríosún, sonraí a bhaineann le coinneáil agus bainistiú pianbhreithe.

41.

Cé gur dílsíodh go traidisúnta forghníomhú pionóis don fheidhmeannach, ( 35 ) bíonn difríochtaí ann idir dlíchórais maidir leis an gceist shonrach cé a ghlacann an cinneadh maidir le scaoileadh saor ó phríosún: i ndlíchórais áirithe, ní mór, go héigeantach, go nglacfaidh breitheamh an cinneadh, ( 36 ) agus i ndlíchórais eile déanann an feidhmeannach é sin. ( 37 ) I roinnt Ballstát, tá córas hibride i bhfeidhm, ina gcinneann an feidhmeannach, i leith cionta áirithe, le comhaontú ó pháirt den bhreithiúnacht. ( 38 )

42.

Cé go bhfuil an t‑idirdhealú idir forchur agus forghníomhú simplí go leor sa teoiric, bíonn deachrachtaí sna mionsonraí, agus bíonn sé deacair uaireanta idirdhealú a dhéanamh idir forchur agus forghníomhú, ( 39 ) mar a dhéanfaidh mé iarracht a léiriú le trí shampla bheachta: pianbhreith arna cur ar fionraí, pianbhreith laghdaithe agus scaoileadh saor luath ón bpríosún.

43.

Sa chéad áit, féadfaidh cúirt a chinneadh, tráth a ghearrtar an phianbhreith, pianbhreith a chur ar fionraí, lena gceadaítear don duine ciontaithe am a chaitheamh i bpríosún a sheachaint, faoi réir coinníollacha áirithe a chomhlíonadh. Is é seo go háirithe agus go tipiciúil an cás i leith pianbhreitheanna le speictream pionóis gearr, i gcás nach bhfuil aon taifead suntasach roimh ré nó baol suntasach go n‑athdhéanfar coireanna, nó i gcásanna de phrognóis shóisialta dhearfach.

44.

Sa dara háit, féadfar fad pianbhreithe a ghiorrú go hoifigiúil i ndiaidh an phianbhreith a bheith forchurtha. Glaoitear laghdú (nó loghadh) pianbhreith air seo. Go tipiciúil, féadfaidh sin a bheith mar thoradh ar achomharc, pardún, maithiúnas nó, go simplí, athrú ar an reachtaíocht nó ar an gcásdlí. Má dheonaítear sin, tagann an phianbhreith nua, níos giorra chun bheith an fad oifigiúil.

45.

Baineann tríú catagóir le córais maidir le scaoileadh saor luath ón bpríosún. Sa chás seo, ní athraítear an (bhun)phianbhreith, go háirithe a fad. In ionad sin, ceadaítear don phríosúnach an méid atá fágtha den phianbhreith a chur i gcrích lasmuigh den phríosún, faoi choinníollacha áirithe. Is ionann sin agus céim neamhbhuan idir córas príosúin (le cailleadh saoirse) agus saoirse iomlán. ( 40 ) Féadfaidh scaoileadh saor luath den sórt sin a bheith uathoibríoch nó faoi réir iompar maith nó dul chun cinn ó thaobh athshlánaithe de.

46.

Go ginearálta, tá comhdhearcadh ann go dtagraíonn fionraí (an chéad sampla) d’fhorchur pianbhreithe, cé go mbaineann scaoileadh saor luath ó bheith faoi choinneáil (an tríú sampla) le forghníomhú pianbhreithe. Meastar go ginearálta go dtagraíonn laghdú pianbhreithe (an dara sampla) d’fhorchur pianbhreithe, ós rud é go ngiorraítear go hoifigiúil fad na pianbhreithe. Mar sin féin, i roinnt dlíchóras, meastar é a bheith bainteach le forghníomhú pianbhreithe, ós rud é go dtarlaíonn giorrú na pianbhreithe i ndiaidh an chiontaithe. Baineann an breithiúnas in Del Río Prada v an Spáinn, ar a gcasfaidh mé anois, leis an gcatagóir dheireanach seo.

B. Prionsabal na neamh-aisghníomhaíochta (Airteagal 7(1) ECHR agus Airteagal 49 den Chairt)

1.   Breithnithe ginearálta

47.

Ba cheart go gcosnódh Stát faoin smacht reachta daoine aonair ní hamháin leis an dlí coiriúil, ach freisin ón dlí coiriúil. ( 41 ) Dá bhrí sin, ní mór do gach dlíchóras, ar thaobh amháin, foráil a dhéanamh do mhodhanna agus bealaí chun coireacht a chosc agus, ar an taobh eile, srianta a fhorchur maidir le húsáid na cumhachta coiriúla sa chaoi nach bhfágtar saoránaigh gan chosaint i gcoinne gníomhaíocht threallach nó thar fóir ón Stát. Is é prionsabal na dlíthiúlachta ceann de na prionsabail chun an chuid dheireanach sin a áirithiú. Feidhmíonn sé chun pionósú treallach, doríofa gan dlí nó ar bhonn dlí éiginnte nó cúlghabhálach a chosc.

48.

Is féidir prionsabal na dlíthiúlachta a scaradh i gceithre fhophrionsabal thairis sin: ( 42 ) an toirmeasc ar analach, ( 43 ) as toirmeasc ar dhlí an ghnáis a bheith mar phionós nó pionós a mhéadú, ( 44 ) prionsabal na neamh-aisghníomhaíochta ( 45 ) agus an toirmeasc ar dhlíthe coiriúla nach bhfuil sonrach. ( 46 )

49.

Tá prionsabal na dlíthiúlachta le fáil in Airteagal 49(1) den Chairt, de bhun a leithéide nach bhfaighfear aon duine ciontach in aon chion coiriúil i ngeall ar aon ghníomh nó neamhghníomh nár chion coiriúil é faoin dlí náisiúnta nó faoin dlí idirnáisiúnta tráth a dhéanta.

50.

Ar an gcaoi chéanna, ní ghearrfar pionós is troime ná mar dob inghearrtha an tráth a rinneadh an cion coiriúil. Más rud é, i ndiaidh cion coiriúil a bheith déanta, go bhforálann an dlí do phionós níos éadroime, beidh an pionós sin infheidhme.

51.

Tá na ceart seo, mar chearta bunúsacha, infhorfheidhmithe go dlíthiúil. ( 47 )

52.

Tá Airteagal 49(1) den Chairt múnlaithe go príomhúil ar Airteagal 7 ECHR atá i bhfocail atá comhionann go páirteach. ( 48 ) ( 49 ) Ní mór é a léiriú sa chaoi go bhfuil mar pháirt de, ar a laghad, na ceanglais chéanna leo siúd a eascraíonn as Airteagal 7 ECHR. ( 50 ) Deimhnítear an méid seo leis na míniúcháin (neamhcheangailteacha) a bhaineann leis an gCairt. ( 51 )

53.

Is fhoráil bhunúsach laistigh den choinbhinsiún é Airteagal 7 ECHR ( 52 ) agus is gné ríthábhachtach den smacht reachta é. Níl aon mhaolú air ceadmhach faoi Airteagal 15 ECHR. ( 53 )

54.

Treoraíonn an méid sin mé chuig cásdlí ECtHR, ar a mbraitear chun Airteagal 49(1) den Chairt a léiriú. Tá corp daingean cásdlí ann ón gcúirt sin maidir le neamh-aisghníomhaíocht, ( 54 ) is é sin le rá, an dara habairt d’Airteagal 7(1) ECHR faoina bhfuil cosc ar aon phionós is troime a fhorchur ná mar dob inghearrtha an tráth a rinneadh an cion coiriúil.

55.

De réir chásdlí traidisiúnta agus comhleanúnach Chúirt Strasbourg, cé go dtagann an pionós faoi raon feidhme Airteagal 7(1) ECHR, ní hamhlaidh an cás maidir le forghníomhú an phionóis sin. ( 55 )

56.

Dála an scéil, ghlac an Coiste um Chearta an Duine na Náisiún Aontaithe, arb ionann é agus comhlacht monatóireachta an Chúnaint Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla, ( 56 ) an cur chuige céanna, cé go bhfuil feidhm, i ndlíchórais náisiúnta freisin, ag prionsabal na neamh-aisghníomhaíochta go tipiciúil i leith pionós amháin agus ní i leith a bhforghníomhaithe. ( 57 )

2.   An córas faoi cheist

57.

Ina dhiaidh sin, ní mór aghaidh a thabhairt ar an gcás seo agus ar an gceist cé acu an mbaineann na bearta faoi cheist leis an bpionós féin nó le forghníomhú pionóis. D’fhonn é sin a chinneadh, is gá gnéithe na mbeart sin a thabhairt chun cuimhne.

58.

Is léir gur faoin gcúirt a rinne an tarchur atá sé ar deireadh a chinneadh cé acu, sa chás seo, an ann do bhaol go sárófaí Airteagal 49(1) den Chairt dá dtabharfaí MA suas go dtí an Ríocht Aontaithe. ( 58 ) Thairis sin, táimid ag déileáil le méid suntasach éiginnteachtaí, ós rud é nach bhfuil aon chiontú ann go fóill agus go lorgaítear tabhairt suas MA i leith cionta líomhainte a bheith déanta. Ní fios faoi láthair go riachtanach cé acu, i gcás ciontú, an ngearrfaí téarma príosúnachta nó príosúnacht saoil mar phionós. Tá sé sin go léir, mar sin féin, neamhábhartha ar deireadh, ós rud é go mbaineann ceist na cúirte a rinne an tarchur go sainráite le pianbhreith de thréimhse chinnte. Mar thoradh air sin, beidh sé faoin gCúirt an reachtaíocht leasaithe a scrúdú maidir le pianbhreitheanna de thréimhse chinnte (amháin).

59.

Mar sin féin, bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil agus ag féachaint don fhíoras gur léir go bhfuil treoir maidir leis an ábhar seo ag teastáil ón gcúirt a rinne an tarchur, mar a léirítear leis an bhfíoras gur (ath-)tharchuir sí a ceist chuig an gCúirt, measaim go bhfuilim in ann treoir a thabhairt don chúirt a rinne an tarchur ag an gcéim seo.

(a)   Ábhar na rialacha nua

60.

Tráth a rinneadh na cionta faoi cheist sna príomhimeachtaí, i gcás gur gearradh pianbhreith choimeádta le haghaidh tréimhse sheasta, ceanglaíodh ar an gcúirt a d’fhorchur an phianbhreith sin ‘tréimhse choimeádta’ a shocrú, nach bhféadfadh leath na pianbhreithe arna gearradh a shárú, ag deireadh a leithéid ar ceanglaíodh an ciontóir a scaoileadh saor – go huathoibríoch – go coinníollach. ( 59 ) Ba dhualgas é de chuid Státrúnaí Thuaisceart Éireann príosúnach a chuir an tréimhse choinneála ábhartha i gcrích a scaoileadh saor. ( 60 )

61.

Faoi na rialacha nua, is féidir pianbhreith choimeádta de thréimhse chinnte a ghearradh ar dhuine a chiontaítear le haghaidh téarma atá comhionann le comhiomlán an ‘téarma coimeádta iomchuí’, le tréimhse bhreise de bhliain amháin lena linn a bhfuil an ciontóir le bheith faoi réir scaoileadh saor coinníollach. Ní féidir an téarma comhiomlán sin an uastréimhse phríosúnachta is infheidhme a shárú (chun críocha an cháis seo: 10 mbliana). ( 61 ) Is ionann an ‘téarma coimeádta iomchuí’ agus an téarma, i dtuairim na cúirte, lena n‑áirithítear go bhfuil an phianbhreith iomchuí. I ndiaidh dhá thrian den téarma sin a chur i gcrích, féadfar an ciontóir a scaoileadh saor go coinníollach arna stiúradh sin ag na Coimisinéirí Parúil, ar chuntar go bhfuil na Coimisinéirí sin sásta nach bhfuil gá a thuilleadh le coimeád an phríosúnaigh le haghaidh chosaint an phobail. ( 62 )

62.

Is ann, dá bhrí sin, do dhá athrú ar leith arna dtabhairt isteach leis na rialacha nua: sa chéad áit, cuireadh siar an fhéidearthacht i leith scaoileadh saor coinníollach ó leath an téarma den phianbhreith go dtí ar a laghad dhá thrian den téarma sin, agus tuiscint ann nach mór go mbeidh ar a laghad bliain amháin deiridh ina scaoiltear saor an duine lena mbaineann, go coinníollach. Sa dara háit, tháinig córas coinníollach scaoileadh saor, ina bhfuil idirghabháil na gCoimisinéirí Parúil riachtanach, in áit chóras scaoileadh saor uathoibríoch.

63.

Ba cheart a chur leis sin, mar a chuir an chúirt a rinne an tarchur in iúl, ( 63 ) trí thagairt a dhéanamh do bhreithiúnas ábhartha ó Chúirt Uachtarach na Ríochta Aontaithe, ( 64 ) gurb ionann cuspóir dearbhaithe an leasaithe ar an ngníomh sin an pobal a chosaint trí dheireadh a chur le ciontóir sceimhlitheoireachta a scaoileadh saor go luath, go huathoibríoch, agus moill a chur ar an bpointe is luaithe a bhféadfaí ciontóirí den sórt sin a mheas le haghaidh scaoileadh saor.

(b)   Argóintí na bpáirtithe

64.

Déanann MA an argóint, go bunúsach, nach mór an coincheap i leith na féidearthachta de scaoileadh saor a ‘aisghair’ dá dtagraítear i mbreithiúnas na Cúirte in Alchaster ( 65 ) a thuiscint mar thagairt a dhéanamh do scriosadh ní hamháin aon fhéidearthacht i leith scaoileadh saor coinníollach ag aon chéim d’fhorghníomhú pianbhreithe coimeádta, ach freisin de scaoileadh saor uathoibríoch dá bhforáiltear i dtús ag céim ar leith den fhorghníomhú sin. Thairis sin, dar le MA, tá sé d’éifeacht leis na leasuithe faoi cheist sna príomhimeachtaí go méadaítear tromchúis intreach na pianbhreithe a thabhaítear. Maíonn sé go gcuireann na leasuithe sin gné phionósach léi.

65.

Measann Éire, an Ríocht Aontaithe agus an Coimisiún a mhalairt. Cuireann siad chun suntais gur fhan na pionóis arna bhforchur gan athrú, is é sin le rá, príosúnacht le haghaidh uastréimhse 10 mbliana. Is ionann an leasú ar na coinníollacha le haghaidh scaoileadh saor luath, ina mbarúlacha, agus sampla tipiciúil de bheart a bhaineann le forghníomhú pianbhreithe. Thairis sin, níl sé de chumhacht ag na Coimisinéirí Parúil síneadh a chur leis an bpianbhreith arna forchur ná í a laghdú.

(c)   Anailís

66.

Admhaím gur cás idir-eatarthu é an cás os ár gcomhair nach bhfuil an freagra ceart air soiléir go héasca. Ní mór dom cásdlí ábhartha ECtHR ( 66 ) a scrúdú go mion sula mbeidh mé in ann freagra molta a sholáthar don Chúirt.

(1) Cásdlí ECtHR

67.

Is é pointe tosaithe chásdlí seanbhunaithe Chúirt Strasbourg ná go bhfuil an coincheap ‘pionós’ de raon feidhme uathrialaitheach. ( 67 ) Ina dhiaidh sin, tarraingíonn ECtHR idirdhealú go comhleanúnach ina chásdlí idir beart arb ionann é agus pionós per se agus beart a bhaineann le forghníomhú nó forfheidhmiú an phionóis.

(i) Cásanna roimh an mbreithiúnas in Del Río Prada v an Spáinn

68.

Sa chinneadh in Hogben, cás i leith príosúnacht saoil mar phianbhreith éigeantach le haghaidh dúnmharú, leis na rialacha den sórt sin go bhféadfadh an duine lena mbaineann, nuair nach measfaí dainséarach a thuilleadh é, a aistriú ó phríosún dúnta go dtí príosún oscailte leis an ionchas réasúnta go scaoilfí saor é laistigh de tréimhse 2 bhliain de bhun an aistrithe sin. Aistríodh Hogben chuig príosún oscailte i ndiaidh 13 bliana dá phianbhreith a chur i gcrích. Le linn an ama sin, athraíodh na rialacha le haghaidh scaoileadh saor coinníollach. Dhearbhaigh an tAire inniúil ( 68 ) beartas nua parúil chuig comhdháil dá pháirtí polaitiúil. B’ionann an aidhm dhearbhaithe agus scaoileadh saor coinníollach a eisiamh roimh 20 bliain faoi choimeád le haghaidh ‘dúnmharfóirí póilíní nó oifigigh phríosúin, dúnmharuithe sceimhlitheoireachta, dúnmharfóirí gnéasacha nó sádacha páistí agus dúnmharuithe le harm tine le linn robála’ a chur as an áireamh. D’fhág sé sin nach raibh Hogben incháilithe le haghaidh scaoileadh saor sular chaith sé 20 bliain faoi choimeád. Chinn an Coimisiún Eorpach um Chearta an Duine go raibh an ‘pionós’ chun críocha Airteagal 7(1) ECHR príosúnacht saoil. Bhain an fíoras gur leasaíodh an córas parúil le forghníomhú na pianbhreithe agus ní leis an ‘bpionós’ faoi cheist. ( 69 ) Mar sin, dearbhaíodh an t‑iarratas do-ghlactha.

69.

Sa chinneadh in Hosein, gearradh téarma príosúnachta saoil ar an iarratasóir. Mar gheall ar é a bheith tinn le linn coinneála agus gá a bheith ann é a choinneáil in ospidéal le haghaidh cóireála, dhiúltaigh sé don éisteacht parúil a bhféadfadh a scaoileadh saor a bheith mar thoradh uirthi. Chinn an Coimisiún Eorpach um Chearta an Duine ‘nach n‑imríonn ionchais maidir le scaoileadh saor coinníollach tionchar ar [an] “bpionós” arna fhorchur chun críocha Airteagal 7 [ECHR]’. ( 70 )

70.

Sa bhreithiúnas in Grava, gearradh 6 bliana príosúnachta ar an iarratasóir, a laghdaigh an chúirt achomhairc inniúil ina dhiaidh sin go dtí 4 bliana. Ina dhiaidh sin, lorg sé laghduithe pianbhreithe, lenar ceadaíodh loghadh pianbhreitheanna faoi choinníollacha áirithe. I ndiaidh é a bheith diúltaithe i dtús báire, deonaíodh loghadh. Faoin tráth sin, bhí an t‑iarratasóir cheana féin scaoilte saor. Bhí an t‑am a chaith sé i bpríosún, áfach, níos faide ná an fad a mbeadh curtha istigh aige dá mba rud é gur cuireadh an loghadh i bhfeidhm ar chaoi thráthúil. Rinne an t‑iarratasóir an argóint mar sin gur eascair pionós níos troime as cur i bhfeidhm mall an loghtha ná mar a foráladh le dlí tráth a chiona. D’easaontaigh an Chúirt Strasbourg, agus í ag dearbhú go dtagraíonn an ‘pionós’ don phianbhreith choimeádta 4 bliana. Baineann ceist an loghtha le forghníomhú pianbhreithe, ní leis an bpionós féin. Dá bhrí sin, ní raibh aon sárú ar Airteagal 7(1) ECHR ann. ( 71 )

71.

Sa chinneadh in Uttley, bheadh duine ar gearradh pianbhreith choimeádta de 12 bliana air incháilithe le haghaidh scaoileadh saor luath i ndiaidh dhá thrian dá phianbhreith a chur i gcrích, ar chuntar go raibh sé dea-iomprach. ( 72 ) Fad is a raibh sé i bpríosún, athraíodh na rialacha chun foráil a dhéanamh go raibh scaoileadh saor luath i ndiaidh dhá thrian de phianbhreith a chur i gcrích coinníollach. Rinne an t‑iarratasóir an argóint gurbh ionann an ceanglas coinníollachta sin agus pionós níos troime ná an ceann a forchuireadh ar dtús. Dhiúltaigh Cúirt Strasbourg don iarratas mar bheith do-ghlactha, agus í ag déanamh athrá nach raibh an beart faoi cheist mar pháirt den phionós, ach go raibh sé mar pháirt den chóras lena bhféadfaí príosúnaithe a scaoileadh saor roimh théarma iomlán na pianbhreithe arna forchur a chur i gcrích. ( 73 )

72.

Is féidir linn achoimre a dhéanamh dá bhrí sin go bhfágann na cásanna thuasluaite go léir, i gcás go mbaineann cineál agus cuspóir birt le loghadh pianbhreithe nó athrú sa chóras le haghaidh scaoileadh saor luath, nach cuid den ‘phionós’ é sin de réir bhrí Airteagal 7 ECHR.

(ii) An breithiúnas in Del Río Prada v an Spáinn

73.

Treoraíonn sé sin mé chuig an gceist maidir leis an méid ar athraíodh cur chuige sách foirmiúil ECtHR, mar a leagadh amach thuas, leis an mbreithiúnas in Del Río Prada v an Spáinn.

74.

Tráth chion Del Río Prada, theorannaigh Cód Coiriúil na Spáinne 1973 an uastréimhse phríosúnachta go dtí 30 bliain i gcás pianbhreitheanna iolracha. Ceadaíodh thairis sin leis an gcód coiriúil sin don phríosúnach loghadh de lá amháin a fháil le haghaidh gach 2 lá oibre. Ina dhiaidh sin, is é sin le rá, ní hamháin i ndiaidh na cionta a dhéanamh ach freisin i ndiaidh na pianbhreitheanna a bheith forchurtha, chuir an Tribunal Supremo (an Chúirt Uachtarach, an Spáinn) teoiric Parot mar a ghlaoitear uirthi i bhfeidhm, lenar athraíodh ríomh loghtha pianbhreitheanna. In ionad iad sin a chur i bhfeidhm i leith na huastréimhse 30 bliain, cuireadh iad i bhfeidhm i leith gach pianbhreithe aonair. Mar thoradh air sin bhí sé de facto indéanta le haghaidh Del Río Prada leas a bhaint as aon loghadh pianbhreithe ar chor ar bith. Laghdaíodh an fhéidearthacht chun loghadh pianbhreithe a fháil, is é sin le rá, go dtí nialas.

75.

Ba sna himthosca sin gur chinn ECtHR, agus í ag suí sa Mhór-Dhlísheomra, ( 74 ) gur baineadh le cur i bhfeidhm theoiric Parot i leith cás Del Río Prada aon éifeacht úsáideach ó loghadh pianbhreithe as obair arna déanamh faoi choimeád a raibh sí i dteideal faoin dlí agus i gcomhréir le cinntí críochnaitheacha na mbreithiúna a raibh freagrach as forghníomhú pianbhreitheanna. ( 75 ) Lean ECtHR ar aghaidh le rá go ndeachaigh an bealach inar cuireadh na forálacha i bhfeidhm ‘thar beartas príosúin go lom’ ( 76 ) agus ‘mar thoradh ar “theoiric Parot”, gur staon an uastréimhse de [30] bliain príosúnachta de bheith ina pianbhreith neamhspleách ar cuireadh loghadh pianbhreith as obair arna déanamh faoi choimeád i bhfeidhm ina leith, agus ina ionad sin gur tháinig sí chun bheith ina pianbhreith [30] bliana nach gcuirfí aon loghadh den sórt sin i bhfeidhm ina leith go héifeachtach.’ ( 77 )

76.

Is cosúil domsa go bhfuil an ghné dheireanach sin ríthábhachtach chun críocha an cháis seo: sa bhreithiúnas in Del Río Prada v an Spáinn, faoin staid dhlíthiúil nua ní raibh féidearthacht ann a thuilleadh ar chor ar bith chun an phianbhreith arna forchur a ghiorrú. B’ionann imthoisc eisceachtúil den sórt sin agus athshainiú ar raon feidhme an phionóis arna forchur i dtús báire.

77.

Is é a áitím ná go ndeimhnítear an cásdlí roimhe seo leis an mbreithiúnas in Del Río Prada v an Spáinn, sa chaoi go gcoinnítear an t‑idirdhealú idir forchur agus forghníomhú pianbhreithe ar bun. Bhí fíorais an cháis sin de chineál, áfach, trí aon fhéidearthacht an phianbhreith a laghdú a scriosadh, gur imríodh tionchar ar raon feidhme an phionóis tosaigh.

(iii) Cásanna i ndiaidh an bhreithiúnais in Del Río Prada v an Spáinn

78.

Lean ECtHR ar aghaidh chun an rialú seo a chur i bhfeidhm i roinnt cinntí do-ghlacthachta.

79.

Sa chinneadh in Abedin, bhí an t‑iarratasóir i dteideal i dtosach scaoileadh saor uathoibríoch agus gan choinníoll i ndiaidh trí cheathrú den phianbhreith a chur i gcrích. Faoi rialacha nua, a glacadh agus a tháinig i bhfeidhm i ndiaidh a chiontaithe, bhí ar bord parúil aon scaoileadh saor a fhormheas. Thairis sin, d’fhan coinníollacha parúil i bhfeidhm go dtí go ndeachaigh an phianbhreith in éag.

80.

Is é sin le rá, amhail sa chás seo, gur cuireadh córas lenar éilíodh idirghabháil agus formheas boird parúil in áit córais as ar eascair scaoileadh saor uathoibríoch.

81.

Thug Cúirt Strasbourg a cásdlí chun cuimhne ar dtús, go háirithe sa chinneadh in Uttley agus sa bhreithiúnas in Del Río Prada v an Spáinn. Gan tagairt shonrach a dhéanamh don bhreithiúnas deireanach sin, mheabhraigh an chúirt sin gurb ionann an ghné ríthábhachtach chun infheidhmeacht Airteagal 7 ECHR i leith cás den sórt sin a chinneadh agus cé acu an raibh sé d’éifeacht leis na hathruithe arna dtabhairt isteach an pionós féin a athrú nó a athshainiú. ( 78 ) Mhínigh sí sa bhreithiúnas in Del Río Prada v an Spáinn ‘gur tháinig an cheist i leith Airteagal 7 [ECHR] chun cinn ós rud é, in ionad loghadh arna thuilleamh a chur i bhfeidhm i leith phianbhreith [30] bliain an iarratasóra, mar a raibh an cleachtas breithiúnach roimhe sin, gur chuir na húdaráis an loghadh arna thuilleamh ag an iarratasóir i bhfeidhm i leith na bpianbhreitheanna aonair i gcomhréir le hathrú go deireanach sa chásdlí. Mheas an Chúirt gurb ionann éifeacht uileghabhálach an athraithe ar an gcleachtas sa Spáinn, go bunúsach, agus an pionós arna fhorchur ar an iarratasóir a athrú nó a athshainiú ó cheann de [30] bliain lúide aon loghadh arna thuilleamh go dtí ceann de [30] bliana gach aon teidlíocht loghadh a fháil’. ( 79 )

82.

Chinn Cúirt Strasbourg ansin nach raibh feidhm ag na breithnithe céanna i leith chás Abedin, nár athraíodh a phionós de 20 bliain príosúnachta, agus gur i leith an phionóis sin a raibh feidhm ag na forálacha scaoileadh saor luath. ( 80 ) Lean an chúirt ar aghaidh chun dearbhú nach raibh aon athshainiú nó athrú insmaoinimh ann ar an ‘bpionós’ arna fhorchur ar Abedin. ( 81 ) Mar gheall air sin tháinig an chúirt ar an gconclúid gur bhain cás Abedin le cineál forghníomhaithe a phianbhreithe agus nár tháinig sé faoi raon feidhme Airteagal 7(1) ECHR. ( 82 ) Chinn sí mar thoradh air sin go raibh an t‑iarratas do-ghlactha. ( 83 )

83.

Sa chinneadh in Devriendt, gearradh téarma príosúnachta saoil ar an iarratasóir. Tráth an chiontaithe, d’fhéadfadh sé cur isteach ar scaoileadh saor coinníollach i ndiaidh 10 mbliana príosúnachta. Ina dhiaidh sin, ardaíodh an tairseach go dtí 15 bliana agus cuireadh i bhfeidhm go cúlghabhálach é i leith cásanna amhail a chás.

84.

Chinn Cúirt Strasbourg gur bhain an t‑athrú sa reachtaíocht le forghníomhú na pianbhreithe. Amhail an cinneadh in Abedin, mheabhraigh sí nár athraíodh an pionós faoi cheist ón lá a rinneadh an cion. ( 84 ) Lean Cúirt Strasbourg ar aghaidh chun tabhairt faoi deara, faoi dhlí na Beilge, gur modh a raibh sa scaoileadh saor coinníollach chun pianbhreith choimeádta a fhorfheidhmiú sa chaoi gur chuir an duine ciontaithe a phianbhreith i gcrích lasmuigh den phríosún, faoi réir chomhlíonadh na gcoinníollacha arna bhforchur le linn tréimhse phromhaidh shonraithe. Maidir leis sin, dhearbhaigh Cúirt Strasbourg go sainráite go raibh difríocht idir an cás sin sa chaoi sin ón gcás sa bhreithiúnas in Del Río Prada v an Spáinn, cás inar bhain an cheist le laghdú ar an bpianbhreith le cur i gcrích agus ní laghdú lom nó coigeartú na gcoinníollacha forfheidhmithe. ( 85 )

85.

Lean an chúirt ar aghaidh chun idirdhealú a dhéanamh idir cás Devriendt agus cás Del Río Prada. Ghlac sí leis go raibh sé mar éifeacht le leasú reachtach 2013 an tairseach ama d’incháilitheacht le haghaidh scaoileadh saor coinníollach a mhéadú, as ar eascair gan dabht staid níos déine i leith choinneáil an iarratasóra, ach thug sí faoi deara, i gcodarsnacht leis an staid sa bhreithiúnas in Del Río Prada v an Spáinn, nach raibh sé d’éifeacht leis an gcóireáil níos déine sin é a dhéanamh dodhéanta scaoileadh saor coinníollach a dheonú. ( 86 )

86.

Thug sí chun cuimhne ansin gur cinneadh cheana gur bhain an fíoras go bhféadfadh staid níos déine sa choimeád eascairt as méadú i ndiaidh ciontú ar an tairseach d’incháilitheacht le haghaidh parúil le forghníomhú na pianbhreithe agus ní leis an bpianbhreith féin agus, mar thoradh air sin, nach bhféadfaí a bhaint de thátal as imthoisc den sórt sin go mbeadh an phianbhreith arna forchur níos déine ná an phianbhreith arna forchur ag an mbreitheamh céadchéime. ( 87 )

87.

Lean ECtHR ar aghaidh chun teacht ar an gconclúid nár bhain cás Devriendt ach leis an gcaoi inar cuireadh an phianbhreith i gcrích agus nach raibh aon tionchar aige ar raon feidhme na pianbhreithe, a d’fhan gan athrú. ( 88 ) Chinn sí mar thoradh air sin go raibh an t‑iarratas do-ghlactha. ( 89 )

88.

Is breithiúnas ón Mór-Dhlísheomra é an breithiúnas in Del Río Prada v an Spáinn, agus leis sin baineann an t‑údarás náisiúnta a ghabhann le foirmíocht is sollúnta ECtHR leis. Is cinntí do-ghlacthachta coiste ( 90 ) iad na cinntí in Abedin agus Devriendt. Tá an difríocht san fhoirmíocht, mar sin féin, neamhábhartha sa chomhthéacs seo, ós rud é go n‑úsáideann an dá fhoirmíocht go foirmiúil ECtHR sa chaoi chéanna. I ndáiríre, ba cheart an difríocht a thuiscint mar chomhartha, le haghaidh Chúirt Strasbourg, go raibh an t‑ábhar chomh soiléir sin i gcinntí Abedin agus Devriendt gur chinn sí iad a chur de chúram ar choiste. ( 91 )

(2) Cur i bhfeidhm i leith an cháis seo

(i) Moill ar an tairseach incháilitheachta le haghaidh scaoileadh saor coinníollach

89.

Ní chosúil go dtagann an mhoill ar an tairseach incháilitheachta le haghaidh scaoileadh saor coinníollach, ina haonair, de réir chinntí na Cúirte in Alchaster, faoi raon feidhme Airteagal 49(1) den Chairt. ( 92 ) Is féidir linn brath ar an mbreithiúnas in Del Río Prada v an Spáinn agus ar an gcinneadh in Devriendt maidir leis seo sa chaoi go bhfuil Cúirt Strasbourg an‑soiléir agus í ag dearbhú go bhfuil moill ar an tairseach incháilitheachta le haghaidh scaoileadh saor coinníollach mar pháirt d’fhorghníomhú pianbhreithe agus, dá bhrí sin, nach dtagann sí faoi Airteagal 7(1) ECHR.

(ii) Scaoileadh saor coinníollach ar mheasúnú ag na Coimisinéirí Parúil

90.

Dhearbhaigh an Chúirt, go bunúsach, in Alchaster go bhféadfadh go gcumhdaítear le raon feidhme Airteagal 49(1) den Chairt cás ina n‑aisghairtear leis an mbeart faoi cheist go bunúsach an fhéidearthacht de scaoileadh saor coinníollach nó go bhfuil sé mar pháirt de shraith beart a bhfuil sé mar éifeacht leo go méadaítear tromchúis intreach na pianbhreithe a tabhaíodh ar dtús. ( 93 )

91.

Is féidir aisghair iomlán na féidearthachta de scaoileadh saor coinníollach a eisiamh sa chás seo ós rud é, mar a dheimhnigh an Ríocht Aontaithe ag an éisteacht, le linn na bliana deireanaí den phianbhreith a chur i gcrích, go scaoiltear an duine faoi cheist saor i gcónaí, go coinníollach. Is ar an gcúis sin a mheasaim nach bhfuil an staid sa chás seo inchomparáide leis an staid sa bhreithiúnas in Del Río Prada v an Spáinn.

92.

Tá an cheist cé acu ag bhfuil sraith beart os ár gcomhair a bhfuil sé mar éifeacht leo tromchúis intreach na pianbhreithe a tabhaíodh ar dtús a mhéadú, i mo thuairim, níos achrannaí agus dá bhrí sin deacair a fhreagairt.

93.

Mar a leag an chúirt a rinne an tarchur amach, ( 94 ) trí thagairt a dhéanamh do bhreithiúnas ábhartha ó Chúirt Uachtarach na Ríochta Aontaithe, ( 95 ) is ionann cuspóir dearbhaithe an leasaithe an pobal a chosaint trí dheireadh a chur le scaoileadh saor luath agus uathoibríoch ciontóirí sceimhlitheoireachta agus moill a chur ar an bpointe is luaithe a bhféadfaí ciontóirí den sórt sin a mheas le haghaidh scaoileadh saor.

94.

Tá fios maith agam go bhfuil sin in ainm is a bheith cuspóir an reachtais. Go háirithe, d’fhéadfaí an fíoras go bhfuil an leasú faoi cheist dírithe go sonrach ar chiontóirí sceimhlitheoireachta trí chóras parúil sonrach a thabhairt isteach le haghaidh cionta sceimhlitheoireachta sonracha a mheas mar chomhartha, i ndáiríre, gurbh ionann an rún agus an pionós le haghaidh cionta den sórt sin a mhéadú. D’fhéadfaí a bheith amhrasach freisin, go ginearálta, an dtagraíonn an cinneadh chun scaoileadh saor luath a chosc ar chatagóirí áirithe de chiontóirí i ndáiríre do cheist theicniúil an fhorghníomhaithe seachas an pionós féin a athshainiú. Nó, ar bhealach éagsúil, mar a chuir an Chúirt Achomhairc é sa chinneadh in Uttley – admhaím, arna chur ar neamhní ag Teach na dTiarnaí – gur ‘ficsean’ é a bheith ag argóint nár tháinig an phianbhreith chun bheith níos troime. ( 96 )

95.

Mar sin féin, ní fheicim conas go bhféadfadh an rún reachtach seo, más ann dó, amhras a chaitheamh, maidir leis an gcás seo, ar an dearbhphrionsabal bunúsach nár athraíodh an pionós ann féin. Ba cheart a chur leis sin, cheana féin sa chinneadh in Hogben, go raibh aidhm dhearbhaithe an bhirt chun díriú ar chatagóirí áirithe cionta. ( 97 ) Ach níor chosúil go raibh fadhb ag Cúirt Strasbourg leis an mbreithniú sin. ( 98 )

96.

Thairis sin, is cosúil dom go bhfuil tabhairt isteach measúnaithe ar dhainséar féideartha duine don phobal mar pháirt de bheartas príosúin. Go léiritheach, is í an cheist ríthábhachtach ná an bhfuil sé oiriúnach do dhuine aonair, agus páirt shuntasach dá phianbhreith curtha i gcrích i bpríosún, príosún a fhágáil ag pointe áirithe san am. Má thagann na Coimisinéirí Parúil ar an gconclúid gur dainséar é an duine aonair don phobal ag an bpointe ama sin agus nach mór dó cuid níos faide de phianbhreith a chur i gcrích sa phríosún, ní fheicim conas go bhféadfadh sé sin tionchar a imirt ar thromchúis intreach na pianbhreithe a tabhaíodh i dtosach. Ní athraítear an phianbhreith féin; is faoin duine aonair atá sé ag an bpointe ama sin gníomhú go cuí agus a léiriú do na Coimisinéirí Parúil go bhfuil sé oiriúnach go bhfágfaidh sé. Tá an méid sin, i mo thuairim, go hiomlán deighilte ón bpianbhreith arna forchur. Is beartas príosúin traidisiúnta é, nach mór. Tá an fíoras go leanann cailleadh saoirse an duine ar aghaidh mar iarmhairt air sin.

97.

Ba mhian liom a chur chun suntais maidir leis seo go dtugtar le tuiscint go hiomlán leis na breithnithe arna ndéanamh sa mhír roimhe seo go bhfuil dlínse na gCoimisinéirí Parúil srianta don cheist cé acu an bagairt é an duine lena mbaineann don phobal ag am ar leith, go ndéantar an measúnú go hiomlán i gcomhréir le prótacal socraithe agus go ndéantar é a dhoiciméadú go cuí. Thairis sin, ní mór nach mbeidh na Coimisinéirí Parúil in ann a thuilleadh rogha a bhaint amach dóibh féin.

98.

Má chomhlíontar na coinníollacha sin, measaim go dtagraíonn na bearta leasaithe d’fhorghníomhú pianbhreithe. Níl tionchar acu ar chineál intreach na pianbhreithe a tabhaíodh i dtosach agus, dá bhrí sin, bunaithe ar chásdlí ECtHR arna anailísiú thuas, tagann siad lasmuigh de raon feidhme Airteagal 7(1) ECHR.

99.

Fágann an méid sin an cheist cé acu, i gcás amhail an cás seo, an bhforáiltear nó ar cheart go bhforáiltear le hAirteagal 49(1) den Chairt do chosaint níos leithne ná Airteagal 7(1) ECHR.

(iii) Maidir le hAirteagal 52(3) den Chairt

100.

De bhun Airteagal 52(3) den Chairt, a mhéid a chuimsítear leis an gCairt cearta a fhreagraíonn do chearta arna ráthú le ECHR, is ionann brí agus raon feidhme na gceart sin agus an bhrí agus an raon feidhme atá leagtha síos le ECHR. Ní mór a dhearbhú go bhfuil ráthaíocht in Airteagal 52(3) den Chairt agus ní rogha lom don Aontas Eorpach chun áirithiú nach mbaintear an bonn de bhrí agus raon feidhme na gceart comhfhreagrach faoi ECHR. ( 99 ) Ag an am céanna, sonraítear leis an bhforáil sin nach gcoisctear leis sin dlí an Aontais ar chosaint níos forleithne a sholáthar.

101.

Ní fheicim, áfach, aon chúis le meas gur cheart gurb é seo an cás. Chinn an Chúirt Bhreithiúnais go bhfuil in Airteagal 49 den Chairt, ar a laghad, na ráthaíochtaí céanna leo siúd dá bhforáiltear in Airteagal 7 ECHR, nach mór a chur san áireamh de bhun Airteagal 52(3) den Chairt mar íostairseach cosanta. ( 100 ) Ní dheimhníonn an ráiteas sin, áfach, ina aonair, ach foclaíocht Airteagal 52(3) den Chairt go lom. ( 101 )

102.

Mar a thug an Coimisiún faoi deara, níl aon traidisiún bunreachtúil inaitheanta i gcoiteann i measc na mBallstát faoina bhfuil nó faoinar cheart go mbeadh raon feidhme Airteagal 49(1) den Chairt níos leithne ná raon feidhme Airteagal 7(1) ECHR.

103.

Ní aithním ach oiread aon ghnéithe atá sonrach do dhlíchóras an Aontais lena dtabharfaí údar do chosaint níos leithne. D’fhéadfadh réimsí dlí a bheith ann ina bhfuil cúiseanna maithe ann don Aontas Eorpach chun foráil a dhéanamh do chosaint níos leithne seachas faoin gceart ECHR comhfhreagrach. Ní hamhlaidh an cás anseo, áfach. Ba cheart dúinn an teannas intreach agus nádúrtha a choimeád i gcuimhne idir an fhéidearthacht Airteagal 49 den Chairt a agairt agus an ardleibhéal iontaoibhe (cé nach iontaoibh fhrithpháirteach atá inti) ( 102 ) a leanann de bheith ann idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe maidir le hurraim ar chearta bunúsacha. ( 103 ) I gcás den sórt seo, baintear an chothromaíocht chúramach idir an dá phrionsabal sin amach is fearr le leibhéal cosanta do chearta bunúsacha atá i gcomhréir le leibhéal ECHR. Ag an bpointe seo is féidir liom aontú, arís, le Lord Bingham, atá imithe ar shlí na fírinne, nuair a dhearbhaigh sé go ‘[m]ba cheart go mbeadh brí [ECHR] aonfhoirmeach ar fud na [Stát] is páirtí ann. Is é dualgas na gcúirteanna náisiúnta coinneáil suas le cásdlí Strasbourg mar a fhorbraíonn sé thar am: ní a thuilleadh ná sin, ach cinnte ní níos lú.’ ( 104 ) Ba cheart an rud céanna a bheith i gceist maidir leis an gCúirt sa chás seo.

(3) Ráitis deiridh

104.

Ba mhian liom an deireadh a chur leis an Tuairim seo le dhá ráiteas deiridh, nach mór don chúirt a rinne an tarchur a measúnú a dhéanamh ina spiorad.

105.

Sa chéad áit, tá an cás seo srianta do na ráthaíochtaí dá bhforáiltear in Airteagal 7(1) ECHR agus Airteagal 49 den Chairt. Mar a léiríodh sa Tuairim seo, ní féidir bearta lena rialaítear forghníomhú pianbhreithe, i bprionsabal, a ghrinnscrúdú faoi Airteagal 7(1) ECHR. Mar sin féin, níor cheart dúinn a ligean i ndearmad go leanann príosúnaigh de leas a bhaint as réimse iomlán de chearta bunúsacha eile, amhail an ceart chun vóta a chaitheamh faoi Airteagal 3 den (chéad) Phrótacal a ghabhann le [ECHR] nó cearta áirithe atá sa ráthaíocht ar mheas ar an saol príobháideach agus teaghlaigh, ar chónaí agus ar chumarsáidí faoi Airteagal 8 ECHR, ( 105 ) chun dhá shampla a lua.

106.

Sa dara háit agus ar deireadh, ba mhian liom a chur chun suntais arís gur faoin gcúirt a rinne an tarchur atá sé an léiriú arna mholadh a chur i bhfeidhm i leith an cháis os a comhair agus nach mór di, le linn an chur i bhfeidhm sin, a dícheall a dhéanamh a scrúdú an ionann na bearta faoi cheist, arna lipéadú mar ‘bheartas príosúin’ ag an Ríocht Aontaithe, agus beartas lena rialaítear forghníomhú pianbhreithe amháin i ndáiríre.

VI. Conclúid

107.

I bhfianaise na mbreithnithe roimhe seo, molaim don Chúirt Bhreithiúnais an cheist a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú ón gCúirt Uachtarach (Éire) a fhreagairt mar seo a leanas:

Maidir leis an dara habairt d’Airteagal 49(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

ní chumhdaítear leis an gcoincheap ‘pionós níos troime’ atá san fhoráil sin, i bprionsabal, cás inar leasaíodh na forálacha dlíthiúla lena rialaítear córas parúil chun foráil a dhéanamh gur cuireadh ceart chun scaoilte shaoir a luaithe a chuirtear dhá thrian de phianbhreith arna forchur ar a laghad i gcrích, in áit ceart chun teidlíochta uathoibríche i leith scaoileadh saor coinníollach, a luaithe a bhfuil an chéad leath den phianbhreith arna forchur curtha i gcrích, i gcás go bhfuil an scaoileadh saor sin ag brath ar mheasúnú atá le déanamh ag na Coimisinéirí Parúil.


( 1 ) Bunteanga: an Béarla.

( i ) Is ainm bréige é ainm an cháis seo. Ní fhreagraíonn sé d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.

( 2 ) Féach breithiúnas ECtHR an 21 Deireadh Fómhair 2013, Del Río Prada v an Spáinn (CE:ECHR:2013:1021JUD004275009, § 89; ‘an breithiúnas in Del Río Prada v an Spáinn’).

( 3 ) Féach an breithiúnas in Del Río Prada v an Spáinn, § 89.

( 4 ) Féach Bingham, T., The Rule of Law, Penguin Books, Londain, 2011, lch. 79.

( 5 ) IO 2021 L 149, lch. 10.

( 6 ) Cinneadh (AE) 2021/689 ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, [CTC], agus an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bhaineann le nósanna imeachta slándála le haghaidh malartú agus cosaint faisnéise rúnaicmithe (IO 2021 L 149, lch. 2).

( 7 ) Cinneadh (Euratom) 2020/2253 ón gComhairle an 29 Nollaig 2020 lena bhformheastar an Coimisiún Eorpach do thabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir Rialtas Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach le haghaidh Comhar i ndáil le hÚsáidí Sábháilte agus Síochánta an Fhuinnimh Núicléach, agus an Coimisiún Eorpach do thabhairt i gcrích, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, [CTC] (IO 2020 L 444, lch. 11).

( 8 ) Féach Airteagal 783(2) de CTC.

( 9 ) Féach Airteagal 783(1) de CTC agus an Fógra maidir le tabhairt i gcrích CTC, agus an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bhaineann le nósanna imeachta slándála le haghaidh malartú agus cosaint faisnéise rúnaicmithe (IO 2021 L 149, lch. 2560).

( 10 ) Maidir le forálacha coiteanna agus institiúideacha (Cuid a hAon), maidir le socruithe trádála, iompair, iascaigh agus eile (Cuid a Dó), maidir le forfheidhmiú an dlí agus comhar breithiúnach in ábhair choiriúla (Cuid a Trí), maidir le comhar téamach (Cuid a Ceathair), maidir le rannpháirtíocht i gcláir an Aontais, bainistíocht fhónta airgeadais agus forálacha airgeadais (Cuid a Cúig), maidir le réiteach díospóide agus forálacha cothrománacha (Cuid a Sé) agus maidir le forálacha críochnaitheacha (Cuid a Seacht).

( 11 ) Forálacha coiteanna agus institiúideacha.

( 12 ) Prionsabail léirithe agus na sainmhínithe.

( 13 ) Forálacha ginearálta.

( 14 ) De bhun Airteagal 778(2)(r) de CTC, is cuid dhílis í Iarscríbhinn 43 de Theideal VII de Chuid a Trí. Féach freisin Airteagal 606 de CTC maidir le hábhar agus foirm an bharántais gabhála.

( 15 ) Is é ‘Ráthaíochtaí atá le tabhairt ag an Stát eisiúna i gcásanna ar leith’ an teideal atá ar Airteagal 604 de CTC.

( 16 ) Is ionann na ceithre chion agus (1) ballraíocht d’eagraíocht choiscthe, (2) gníomhaíochtaí eagraíochta a bhaineann le gníomhartha sceimhlitheoireachta a dhéanamh a stiúradh, (3) comhcheilg chun gníomhaíochtaí eagraíochta a bhaineann le gníomhartha sceimhlitheoireachta a dhéanamh a stiúradh, agus (4) ullmhú chun gníomhartha sceimhlitheoireachta a dhéanamh.

( 17 ) Féach breithiúnas an 29 Iúil 2024 (C‑202/24, EU:C:2024:649, mír 98 agus an chuid oibríochtúil).

( 18 ) Thairis sin, i gcás go n‑ardaítear éiginnteachtaí tromchúiseacha a imríonn tionchar ar cheisteanna bunúsacha den dlí náisiúnta bunreachtúil agus de dhlí an Aontais, d’fhéadfadh go mbeidh gá, ag féachaint d’imthosca sonracha cáis den sórt sin, deileáil leis laistigh de thréimhse ama ghearr. Féach ordú ó Uachtarán na Cúirte an 19 Deireadh Fómhair 2018, Wightman agus páirtithe eile (C‑621/18, EU:C:2018:851, mír 10 agus an cásdlí dá dtagraítear).

( 19 ) Féach ordú ó Uachtarán na Cúirte an 26 Samhain 2024, MA (C‑743/24, EU:C:2024:983).

( 20 ) Féach ordú ó Uachtarán na Cúirte an 26 Samhain 2024, MA (C‑743/24, EU:C:2024:983, mír 8).

( 21 ) Amhail sa chás as ar eascair breithiúnas an 29 Iúil 2024, Alchaster (C‑202/24, EU:C:2024:649), tá ceart ag an Ríocht Aontaithe chun idirghabháil a dhéanamh sa chás seo. Le haghaidh sonraí breise, féach Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Szpunar in Alchaster (C‑202/24, EU:C:2024:559, mír 30 agus fonóta 19).

( 22 ) Áirítear leis seo cás inar chuir an t‑údarás breithiúnach sin as an áireamh cheana féin é go bhfuil baol ann go sárófaí Airteagal 7 ECHR ar bhonn na ráthaíochtaí a thairgeann an Ríocht Aontaithe, i gcoitinne, maidir le comhlíonadh ECHR agus na féidearthachta atá ag an duine céanna cás a chur faoi bhráid ECtHR. Féach breithiúnas an 29 Iúil 2024, Alchaster (C‑202/24, EU:C:2024:649, mír 98).

( 23 ) Féach breithiúnas an 29 Iúil 2024, Alchaster (C‑202/24, EU:C:2024:649, mír 98).

( 24 ) Ibid., mír 92 agus an cásdlí dá dtagraítear.

( 25 ) Ibid., mír 94 agus cásdlí ECtHR dá dtagraítear.

( 26 ) Ibid., mír 97.

( 27 ) Fuarthas inspioráid shuntasach le haghaidh CTC ó Chinneadh Réime 2002/584/JHA ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach agus na nósanna imeachta um thabhairt suas idir na Ballstáit (IO 2002 L 190, lch. 1), arna leasú le Cinneadh Réime 2009/299/JHA ón gComhairle an 26 Feabhra 2009 (IO 2009 L 81, lch. 24). Féach Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Szpunar in Alchaster (C‑202/24, EU:C:2024:559, mír 63 et seq.).

( 28 ) Sa Tuairim seo úsáidfidh mé na téarmaí ‘forghníomhú’ agus ‘forfheidhmiú’ go comhchiallach.

( 29 ) Leagtar é seo síos go minic i mbunreacht Stáit. Féach, mar shampla, § 92 den Grundgesetz für die Bundesrepublik Deutschland (Dlí Bunúsach le haghaidh Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine) chomh maith le breithiúnas an Bundesverfassungsgericht (Cúirt Bhunreachtúil na Cónaidhme, an Ghearmáin) an 6 Meitheamh 1967, 2 BvR 375/60, 53/60 agus 18/65.

( 30 ) Féach, chuige sin, Jescheck, H.-H. agus Weigend, T., Lehrbuch des Strafrechts, Allgemeiner Teil, 5ú heagrán, Duncker & Humblot, Beirlín, 1996, lch. 13.

( 31 ) Dá bhrí sin feidhmíonn sé mar chúiteamh as an gcion arna dhéanamh, ag cinntiú go bhfuil iarmhairtí ann don chiontóir.

( 32 ) Dá bhrí sin spreagann sé an ciontóir aonair (díspreagadh sonrach) gan cionta breise a dhéanamh agus an pobal i gcoitinne (díspreagadh ginearálta) gan cionta a dhéanamh in aon chor.

( 33 ) Dá bhrí sin tá sé mar aidhm leis cabhrú le ciontóirí chun gur féidir leo dul i lánpháirtíocht arís sa sochaí, agus saol gan chionta a bheith acu.

( 34 ) Féach Höffler, K. agus Padfield, N., ‘The implementation of sentences’, in Ambos, K., Duff, A., Heinze, A., Roberts, J. agus Weigend, T., Core Concepts in Criminal Law and Criminal Justice, Volume II, Cambridge University Press, 2022, lgh. 349-391, ag lch. 379.

( 35 ) Féach Tulkens, F. agus van de Kerchove, M., Introduction au droit penal. Aspects juridiques et criminologiques, 8ú heagrán, Wolters, Waterloo, 2007, lch. 595. Féach freisin Spielmann, A., ‘L’exécution des peines – un éternel problème’, in Diagonales à travers le droit luxembourgeois, Livre jubilaire de la Conférence Saint‑Yves 1946-1986, Imprimérie Saint‑Paul, Lucsamburg, 1986, lgh. 831-846, ag lch. 839, arna athfhoilsiú in Spielmann, D. (eagarthóir), Au diapason des Droits de l’Homme. Ecrits choisis (1975-2003), Bruylant, an Bhrúiséil, 2006, lgh. 151-167, ag lch. 159.

( 36 ) Smaoinigh, mar shampla, ar an mBeilg (Teideal V, Caibidil II, den Loi relative au statut juridique externe des personnes condamnées à une peine privative de liberté et aux droits reconnus à la victime dans le cadre des modalités d’exécution de la peine an 17 Bealtaine 2006: Tribunal de l’application des peines) nó ar an nGearmáin (§ 462a den Strafprozeßordnung (an Cód um Nós Imeachta Coiriúil): Strafvollstreckungskammer (an dlísheomra coiriúil atá freagrach as pianbhreitheanna a fhorghníomhú)).

( 37 ) Is é seo an cás sa Ríocht Aontaithe, mar a fheicfear níos mionsonraithe thíos. Le haghaidh forléargas cuimsitheach comparáideach, féach van Kalmthout, A.M. agus Tak, P.J.P., Sanctions-Systems in the Member-States of the Council of Europe. Deprivation of liberty, community service and other substitutes. Part I (1988) agus Part II (1992), Kluwer Law International, Deventer. Féach freisin Pradel, J., Droit pénal comparé, 4ú heagrán, Dalloz, 2016, § 558.

( 38 ) Féach, mar shampla, Lucsamburg (Airteagal 669 et seq. den Code de procedure pénale (an Cód um Nós Imeachta Coiriúil), inar féidir leis an ionchúisitheoir ginearálta nó, de réir mar a bheidh, an t‑ionchúisitheoir ginearálta ar chomhairle choiste, atá comhdhéanta, in éineacht leis an ionchúisitheoir ginearálta, de bheirt ghiúistísí ó oifig an ionchúisitheora phoiblí, an cinneadh a dhéanamh.

( 39 ) Féach freisin Kadelbach, S., ‘Kapitel 15: Keine Strafe ohne Gesetz’, in Dörr, O., Grote, R., agus Marauhn, T. (eagarthóirí), EMRK/GG Konkordanzkommentar, 3ú heagrán, Mohr Siebeck, Tübingen, 2022, mír 37.

( 40 ) Féach Spielmann, D. agus Spielmann, A., Droit pénal général luxembourgeois, 2ú heagrán, Bruylant, an Bhrúiséil, 2004, lch. 576.

( 41 ) Féach Roxin, C., Strafrecht Allgemeiner Teil, Band I, 4ú heagrán, C.H. Beck, München, 2006, § 5 A, pointe 1.

( 42 ) Féach, maidir leis an idirdhealú seo, Roxin, C., Strafrecht Allgemeiner Teil, Band I, 4ú heagrán, C.H. Beck, München, 2006, § 5 B, pointe 7 et seq.

( 43 ) Nullum crimen, nulla poena sine lege stricta.

( 44 ) Nullum crimen, nulla poena sine lege scripta.

( 45 ) Nullum crimen, nulla poena sine lege praevia.

( 46 ) Nullum crimen, nulla poena sine lege certa.

( 47 ) Féach Lemke, S., in von der Groeben, H., Schwarze, J. agus Hatje, A. (eag.), Europäisches Unionsrecht (Kommentar), Band 1, 7ú heagrán, Nomos, Baden‑Baden, 2015, Airt. 49 GRC, pointe 2.

( 48 ) Tá foclaíocht an chéad dá abairt d’Airteagal 49(1) den Chairt comhionann go bunúsach le foclaíocht Airteagal 7(1) ECHR.

( 49 ) Tá sé múnlaithe freisin ar Airteagal 15 den Cúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla; féach Míniúchán ar Airteagal 49 – Prionsabail na dlíthiúlachta agus na comhréireachta i dtaca le cionta coiriúla agus pionóis, atá sna Míniúcháin a bhaineann leis an gCairt um Chearta Bunúsacha (IO 2007 C 303, lch. 17). I gcomhréir leis an tríú fomhír d’Airteagal 6(1) CAE agus Airteagal 52(3) den Chairt, tarraingíodh na míniúcháin suas chun treoir a thabhairt ar léiriú na Cairte agus ní mór do Chúirteanna an Aontais Eorpaigh agus cúirteanna na mBallstát iad a chur san áireamh go cuí.

( 50 ) Féach breithiúnas an 29 Iúil 2024, Alchaster (C‑202/24, EU:C:2024:649, mír 92 agus an cásdlí dá dtagraítear).

( 51 ) Féach an Míniúchán ar Airteagal 52 – Raon feidhme agus léiriú ceart agus prionsabail, atá sna Míniúcháin a bhaineann leis an gCairt um Chearta Bunúsacha (IO 2007 C 303, lch. 17).

( 52 ) Féach freisin, chuige sin, Scalia, D., ‘L’application du principe de légalité des peines aux crimes (les plus) graves: l’orthodoxie retrouvée’, in Revue trimestrielle des droits de l’homme, Iml. 25, Uimh. 99, an Bhrúiséil, 2014, lgh. 689-715, ag lch. 714.

( 53 ) Féach freisin, maidir leis sin, breithiúnas ECtHR an 22 Samhain 1995, C.R. v an Ríocht Aontaithe (CE:ECHR:1995:1122JUD002019092, § 32); an 22 Samhain 1995, S.W. v an Ríocht Aontaithe (CE:ECHR:1995:1122JUD002016692, § 34); agus an 12 Feabhra 2008, Kafkaris v an Chipir (CE:ECHR:2008:0212JUD002190604, § 137).

( 54 ) Tá sé suimiúil a thabhairt faoi deara mar sin féin, ina n‑iarratas os comhair ECtHR, go bhfuil sé níos coitianta do dhaoine aonair a n‑argóintí a bhunú ar sháruithe líomhainte ar Airteagal 7 ECHR in ionad Airteagail 5 (An ceart chun saoirse agus slándála), 6 (An ceart chun triail chóir a fháil) nó 8 (Meas ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh) ECHR. Féach, ar an ábhar sin, Sanz-Caballero, S., ‘The principle of nulla poena sine lege revisited: The retrospective application of criminal law in the eyes of the European Court of Human Rights’, in European Journal of International Law, Iml. 28, Uimh. 3, 2017, lgh. 787-817, ag lch. 789. Cuireann Sanz-Caballero in iúl freisin go raibh na beagán cásanna inar chinn Cúirt Strasbourg go raibh sárú ar Airteagal 7 ECHR ann ‘minic i mbéal an phobail go mór agus gur chruthaigh siad buairt shóisialta’.

( 55 ) Féach cinntí an Choimisiúin Eorpaigh um Chearta an Duine an 3 Márta 1986, Hogben v an Ríocht Aontaithe (CE:ECHR:1986:0303DEC001165385), agus an 28 Feabhra 1996, Hosein v an Ríocht Aontaithe (CE:ECHR:1996:0228DEC002629395). Féach freisin cinneadh ECtHR an 29 Samhain 2005, Uttley v an Ríocht Aontaithe (CE:ECHR:2005:1129DEC003694603), agus breithiúnas ECtHR an 12 Feabhra 2008, Kafkaris v an Chipir (CE:ECHR:2008:0212JUD002190604, § 142).

( 56 ) Tá toirmeasc in Airteagal 15 den Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla ar chur i bhfeidhm cúlghabhálach an dlí choiriúil. Maidir leis seo, shoiléirigh an Coiste um Chearta an Duine nár measadh tabhairt isteach cúlghabhálach parúil le maoirseacht éigeantach a bheith ina phionós de réir bhrí Airteagal 15 thuasluaite, ach in ionad sin ina bheart um chúnamh sóisialta atá beartaithe chun athshlánú an chiontóra a áirithiú. Féach A. R. S. v Ceanada, Teachtaireacht Uimh. 91/1981, U.N. Doc. CCPR/C/OP/1 ag 29 (1984), ag pointe 5.3, ar fáil ag: https://juris.ohchr.org/casedetails/438/en‑US. Mar thoradh air sin, dhearbhaigh an Coiste um Chearta an Duine an teachtaireacht a bheith do-ghlactha. Le haghaidh plé léirmheastach, féach Schabas, W.A., U.N. International Covenant on Civil and Political Rights. Nowak’s CCPR Commentary, 3ú heagrán, N.P. Engel Verlag, Kehl, 2019, Airt. 15 CCSP, pointe 13.

( 57 ) Féach, mar shampla, Merle, R. agus Vitu, A., Traité de droit criminel, Tome I, 7ú heagrán, Éditions Cujas, Páras, 1997, mír 282, agus Kuty, F., Principes généraux du droit pénal belge, Éditions Larcier, an Bhrúiséil, 2007, míreanna 482 agus 506.

( 58 ) Féach, chuige sin, Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Szpunar in Alchaster (C‑202/24, EU:C:2024:559, mír 81).

( 59 ) Féach Airteagal 8 den Criminal Justice (Northern Ireland) Order 2008 (an tOrdú um Cheartas Coiriúil (Tuaisceart Éireann) 2008) mar a rinne an chúirt a rinne an tarchur athrá air i míreanna 17 agus 18 den iarraidh ar réamhrialú. I gcás pianbhreith saoil, pianbhreith choimeádta d’fhad éiginnte nó pianbhreith choimeádta ar cuireadh síneadh léi, ní fhéadfadh scaoileadh saor coinníollach ach tarlú, ag deireadh tréimhse shonraithe, i gcás gur mheas na Coimisinéirí Parúil (an Ríocht Aontaithe) nach raibh coinneáil leanúnach an duine ciontaithe riachtanach le haghaidh chosaint an phobail.

( 60 ) Féach Airteagal 17 den Criminal Justice (Northern Ireland) Order 2008 (an tOrdú um Cheartas Coiriúil (Tuaisceart Éireann) 2008) mar a rinne an chúirt a rinne an tarchur athrá air i míreanna 17 agus 18 den iarraidh ar réamhrialú.

( 61 ) Féach mír 22 den iarraidh ar réamhrialú.

( 62 ) Féach mír 22 den iarraidh ar réamhrialú.

( 63 ) Féach mír 21 den iarraidh ar réamhrialú.

( 64 ) Féach breithiúnas Chúirt Uachtarach na Ríochta Aontaithe an 19 Aibreán 2023, Morgan agus páirtithe eile v Ministry of Justice, [2023] UKSC 14, [2024] AC 130, mír 69, ar fáil ag https://www.supremecourt.uk/cases/uksc-2022-0056.

( 65 ) Féach breithiúnas an 29 Iúil 2024, Alchaster (C‑202/24, EU:C:2024:649, mír 97).

( 66 ) Cásdlí eile atá ábhartha ná cásdlí an iar-Choimisiúin Eorpaigh um Chearta an Duine, a d’fheidhmigh, ag an gcéad chéim, sular tháinig Prótacal Uimh. 11 a ghabhann le [ECHR] i bhfeidhm an 1 Samhain 1998, lenar athstruchtúraíodh an t‑innealra rialaithe arna bhunú leis.

( 67 ) Féach, chuige sin, breithiúnais ECtHR an 9 Feabhra 1995, Welch v an Ríocht Aontaithe (CE:ECHR:1995:0209JUD001744090, § 28); an 8 Meitheamh 1995, Jamil v an Fhrainc (CE:ECHR:1995:0608JUD001591789, § 31); agus an 12 Feabhra 2008, Kafkaris v an Chipir (CE:ECHR:2008:0212JUD002190604, § 142).

( 68 ) Is é sin le rá, an Secretary of State for the Home Department (an Státrúnaí um Ghnóthaí Baile, an Ríocht Aontaithe).

( 69 ) Féach cinneadh an Choimisiúin Eorpaigh um Chearta an Duine an 3 Márta 1986, Hogben v an Ríocht Aontaithe (CE:ECHR:1986:0303DEC001165385, § 4).

( 70 ) Féach cinneadh an Choimisiúin Eorpaigh um Chearta an Duine an 28 Feabhra 1996, Hosein v an Ríocht Aontaithe (CE:ECHR:1996:0228DEC002629395, § 1).

( 71 ) Féach breithiúnas ECtHR an 10 Iúil 2003, Grava v an Iodáil (CE:ECHR:2003:0710JUD004352298, § 51).

( 72 ) Bheadh scaoileadh saor coinníollach ina fhéidearthacht i ndiaidh aon trian den phianbhreith a bheith imithe thart.

( 73 ) Féach cinneadh ECtHR an 29 Samhain 2005, Uttley v an Ríocht Aontaithe (CE:ECHR:2005:1129DEC003694603). Ar leibhéal náisiúnta, chinn an Court of Appeal (an Chúirt Achomhairc, Sasana & an Bhreatain Bheag) go raibh forchur coinníll ina chuid ríthábhachtach den phianbhreith ina hiomláine, agus ní foirm amháin chun í a chur i bhfeidhm go lom. Ba ‘ficsean’ a raibh ann argóint a dhéanamh nár tháinig an phianbhreith chun bheith níos tromchúisí, agus ba é sin an fáth gur chinn an chúirt gur sáraíodh Airteagal 7 ECHR. Féach [2003] EWCA Civ 1130, míreanna 14 agus 15; ar fáil ag: http://www2.bailii.org/ew/cases/EWCA/Civ/2003/1130.html. Chuir an House of Lords (Teach na dTiarnaí) cinneadh an Court of Appeal (an Chúirt Achomhairc, Sasana & an Bhreatain Bheag) ar neamhní, áfach ([2004] UKHL 38, ar fáil ag: https://publications.parliament.uk/pa/ld200304/ldjudgmt/jd040722/uttley-1.htm). Féach, go mionsonraithe, Douglas, H., ‘Article 7: no punishment without law’, in Simor, J. agus Emmerson, B., Human Rights Practice, Sweet & Maxwell, Londain, 2024.

( 74 ) In casu, tarchuireadh an cás go dtí an Mór-Dhlísheomra, arna iarraidh sin ag Rialtas na Spáinne, faoi Airteagal 43 ECHR, agus ciallaíonn sin gur cás eisceachtúil é ‘ina n‑ardaítear ceist thromchúiseach lena n‑imrítear tionchar ar léiriú nó cur i bhfeidhm [ECHR], nó ceist thromchúiseach de thábhacht ghinearálta’ (féach Airteagal 43(2) ECHR).

( 75 ) An breithiúnas in Del Río Prada v an Spáinn, § 107.

( 76 ) Féach an breithiúnas in Del Río Prada v an Spáinn, § 108.

( 77 ) Féach an breithiúnas in Del Río Prada v an Spáinn, § 109.

( 78 ) Féach cinneadh ECtHR an 12 Samhain 2019, Abedin v an Ríocht Aontaithe (CE:ECHR:2019:1112DEC005402616 § 33).

( 79 ) Ibid., § 35.

( 80 ) Ibid., § 36.

( 81 ) Ibid.

( 82 ) Ibid.

( 83 ) Ibid., § 37: bhí an gearán ar neamhréir ratione materiae le ECHR de réir bhrí Airteagal 35(3)(a) ECHR agus níor mhór diúltú leis i gcomhréir le hAirteagal 35(4) ECHR.

( 84 ) Féach breithiúnas ECtHR an 31 Lúnasa 2021, Devriendt v an Bheilg (CE:ECHR:2021:0831DEC003556719, § 24).

( 85 ) Ibid., § 26.

( 86 ) Ibid., § 28.

( 87 ) Ibid., § 29.

( 88 ) Ibid., § 30.

( 89 ) Ibid., § 34: cinneadh an gearán a bheith ar neamhréir ratione materiae le ECHR de réir bhrí Airteagal 35(3)(a) ECHR agus diúltaíodh dó i gcomhréir le hAirteagal 35(4) ECHR.

( 90 ) Comhdhéantar coistí de inter alia trí bhreitheamh, féach Airteagal 26(1) ECHR agus Riail 27 de Rialacha Cúirte ECtHR.

( 91 ) Cuireadh síos ar chinntí do-ghlacthachta den sórt sin mar ‘chásdlí diúltach’, a chiallaíonn ‘nach bhfuil aon phointe gearáin inchomparáide thairis sin a thabhairt chuig Strasbourg, ar a laghad go ceann i bhfad’, féach Myjer, E. agus Kempees, P., ‘Thoughts on the positive impact of negative case-law’, in El Tribunal Europeo de Derechos Humano. Una visión desde dentro. En homenaje al juez Josep Casadevall, Tirant Lo Blanch, Valencia, 2015, lgh. 343-356, ag lch. 352.

( 92 ) Féach breithiúnas an 29 Iúil 2024, Alchaster (C‑202/24, EU:C:2024:649, mír 97).

( 93 ) Féach breithiúnas an 29 Iúil 2024, Alchaster (C‑202/24, EU:C:2024:649, mír 97).

( 94 ) Féach mír 21 den iarraidh ar réamhrialú.

( 95 ) Féach breithiúnas Chúirt Uachtarach na Ríochta Aontaithe an 19 Aibreán 2023, Morgan agus páirtithe eile v Ministry of Justice, [2023] UKSC 14, [2024] AC 130, mír 69, ar fáil ag https://www.supremecourt.uk/cases/uksc-2022-0056.

( 96 ) Féach fonóta 70, thuas.

( 97 ) In casu, dúnmharfóirí póilíní nó oifigigh príosúin, dúnmharuithe sceimhlitheoireachta, dúnmharfóirí gnéasacha nó sádacha páistí agus dúnmharuithe le harm tine le linn robála; féach cinneadh an Choimisiúin Eorpaigh um Chearta an Duine an 3 Márta 1986, Hogben v an Ríocht Aontaithe (CE:ECHR:1986:0303DEC001165385, § 4).

( 98 ) Ibid.

( 99 ) Féach Callewaert, J., ‘L’adhésion de l’Union européenne à la Convention européenne des droits de l’homme: une réponse logique à l’optionalité de la Convention européenne des droits de l’homme en droit de l’Union européenne’, in Revue trimestrielle des Droits de l’Homme, Iml. 36, Uimh. 141, 2025, lgh. 9-29, ag lch. 12.

( 100 ) Féach breithiúnas an 29 Iúil 2024, Alchaster (C‑202/24, EU:C:2024:649, mír 92 agus an cásdlí dá dtagraítear).

( 101 ) Ní choisceann Airteagal 52(3) den Chairt dlí an Aontais ar chosaint níos forleithne a sholáthar.

( 102 ) Tuigim go dtéann an Chúirt i muinín phrionsabal na hiontaoibhe frithpháirtí chun tagairt a dhéanamh don chaidreamh idir Ballstáit den Aontas amháin; féach breithiúnas 29 Iúil 2024, Alchaster (C‑202/24, EU:C:2024:649, mír 92 agus an cásdlí dá dtagraítear). I gcodarsnacht leis sin, measaim go bhfuil an leibhéal iontaoibhe idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe níos airde go suntasach ná mar a bhfuil le formhór na Stát eile nach Ballstáit iad.

( 103 ) Féach, chuige sin, Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Szpunar in Alchaster (C‑202/24, EU:C:2024:559).

( 104 ) Féach Regina Special Adjudicator (Respondent) ex parte Ullah (FC) (Achomharcóir), [2004] UKHL 26, mír 20, ar fáil ag: https://publications.parliament.uk/pa/ld200304/ldjudgmt/jd040617/ullah-1.htm.

( 105 ) Féach, go mionsonraithe, Padfield, N., ‘Article 8 and the rehabilitation of offenders: a view from Cambridge, England’, in Casadevall, J. agus Raimondi, G. et al., Liber amicorum Dean Spielmann, Wolf Legal Publishers, Oisterwijk, 2015, lgh. 457-464.