25.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 338/42


Caingean arna tabhairt an 14 Lúnasa 2023 – Enterprise Holdings v EUIPO – Qommute (COMMUTE WITH ENTERPRISE)

(Cás T-499/23)

(2023/C 338/54)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Enterprise Holdings, Inc. (Saint Louis, Missouri, Stáit Aontaithe Mheiriceá) (ionadaí: M. Forde, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Qommute SARL (Marseille, an Fhrainc)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Iarratasóir an trádmhairc faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta

Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh COMMUTE WITH ENTERPRISE – Iarratas ar chlárú Uimh. 17 925 816

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 1 Meitheamh 2023 i gCás R 1015/2022-5

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

mar mhalairt air sin, an cinneadh atá faoi chonspóid a athrú sa mhéid is go gcuirtear an freasúra ar aghaidh chuig an Rannán Freasúra;

a ordú don chosantóir costais an iarratasóra sna himeachtaí reatha agus os comhair Bhord Achomhairc EUIPO a íoc; mar mhalairt air sin, i gcás ina ndéanfadh an páirtí eile atá os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO idiragairt, ordú a thabhairt don chosantóir agus don idiragraí i gcomhpháirt agus go leithleach costais an iarratasóra sna himeachtaí reatha agus os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO a íoc.

Saincheist dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.