25.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 338/38


Caingean arna tabhairt an 28 Iúil 2023 – Deutsche Bank v BRA

(Cás T-485/23)

(2023/C 338/49)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: Deutsche Bank AG (Frankfurt am Main, an Ghearmáin) (ionadaithe: H. Berger, M. Weber agus D. Schoo, Dlíodóirí)

Cosantóir: an Bord Réitigh Aonair

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinneadh ón mBord Réitigh Aonair an 2 Bealtaine 2023 maidir le ríomh na ranníocaíochtaí ex ante leis an gCiste Réitigh Aonair le haghaidh 2023 (SRB/ES/2023/23), mar aon leis na hiarscríbhinní a ghabhann leis, a chur ar neamhní, a mhéid a bhaineann an cinneadh atá faoi chonspóid, lena n-áirítear Iarscríbhinní 1, II agus III, le ranníocaíocht an iarratasóra;

a ordú do BRA costais na n-imeachtaí a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, ardaíonn an t-iarratasóir sé shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí: Sáraíonn an cinneadh an oibleagáid cúiseanna a lua faoin dara mír d’Airteagal 296 CFAE agus Airteagal 41(1) agus (2)(c) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (1) agus an ceart bunúsach chun cosanta dlí éifeachtaí faoin gcéad mhír d’Airteagal 47 den Chairt, toisc go bhfuil an ráiteas ar na cúiseanna easnamhach agus go bhfuil sé nach mór dodhéanta athbhreithniú a dhéanamh air.

2.

An dara saincheist dlí: Sáraíonn an cinneadh Airteagail 69 agus 70 de Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 (2) agus Airteagail 16, 17, 41 agus 53 den Chairt, toisc gur shocraigh an cosantóir an spriocleibhéal bliantúil go mícheart, agus go sáraíonn Airteagail 69 agus 70 de Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 dlí níos uachtaraí.

3.

An tríú saincheist dlí: Sáraítear dlí níos uachtaraí le hAirteagal 6 agus Iarscríbhinn I, Céim 2 de Rialachán Tarmligthe 2015/63 (3), a mhéid atá siad ar neamhréir leis an prionsabail a leagtar síos sa chásdlí in Meroni (4), sháraigh an Coimisiún a chumhachtaí agus sáraítear an prionsabal go ríomhtar an ranníocaíocht bunaithe ar an bpróifíl riosca, prionsabal na comhréireachta agus an prionsabal maidir leis na fíorais go léir a chur san áireamh.

4.

An ceathrú saincheist dlí: Mar mhalairt air sin, sáraíonn an Cinneadh Airteagail 16, 20 agus 52 den Chairt agus prionsabal na comhréireachta, toisc go bhfuil sé bunaithe ar earráidí follasacha measúnaithe maidir leis na táscairí riosca a chinneadh faoin gceathrú colún.

5.

An cúigiú saincheist dlí: Sáraíonn an cinneadh Airteagail 16, 20, 41 agus 52 den Chairt agus prionsabal na comhréireachta agus an ceart chun dea-riaracháin, toisc go ndearnadh an coigeartú bunaithe ar an bpróifíl riosca go mícheart.

6.

An séú saincheist dlí: Sáraítear dlí níos uachtaraí leis an gcéad abairt agus leis an dara habairt d’Airteagal 20(1) agus toisc go bhforáiltear ann nach mbeidh feidhm ag fachtóir nó fachtóirí riosca le linn tréimhse neamhshocraithe, a mhéid nach mbaineann an fhaisnéis a éilítear chuige sin le ceanglas tuairiscithe maoirseachta.


(1)   IO 2012, C 326, lch. 391.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 an 15 Iúil 2014 lena mbunaítear rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach maidir le réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe faoi chuimsiú Sásra Réitigh Aonair agus Ciste Réitigh Aonair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO 2014 L 225 lch. 1)

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/63 ón gCoimisiún an 21 Deireadh Fómhair 2014 lena bhforlíontar Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ranníocaíochtaí ex ante le socruithe um maoiniú réitigh (IO 2015 L 11, lch. 44).

(4)  Breithiúnas an 13 Meitheamh 1958, Meroni v an tArd-Údarás, 10/56, EU:C:1958:8.