|
25.9.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 338/33 |
Caingean arna tabhairt an 7 Lúnasa 2023 – ePlus v EUIPO – Telefónica Germany (E-Plus)
(Cás T-463/23)
(2023/C 338/43)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: ePlus Inc. (Herndon, Virginia, na Stáit Aontaithe) (ionadaí: A. Mottet, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Telefónica Germany GmbH & Co. OHG (München, an Ghearmáin)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Dílseánach an trádmhairc faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc
Trádmharc atá faoi cheist: Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh ‘E-Plus’ – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 17 781 791
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí cealaithe
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc de EUIPO an 2 Meitheamh 2023 i gCás R 951/2022-1
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
|
— |
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní; |
|
— |
a ordú do EUIPO a chostais féin agus na costais arna dtabhú ag an iarratasóir a íoc, lena n-áirítear na costais arna dtabhú de riachtanas a bhaineann leis na himeachtaí os comhair an Rannáin Cealúcháin agus os comhair an Chéad Bhoird Achomhairc de EUIPO; |
|
— |
a ordú d’aon idiragraí a chostais féin a íoc. |
Saincheisteanna dlí arna maíomh
|
— |
Nach raibh measúnú leordhóthanach déanta maidir le fíorúsáid agus na himpleachtaí maidir leis an measúnú i dtaobh meon mímhacánta; |
|
— |
Go ndearnadh mí-léiriú i leith na fianaise a bhaineann le scor d’úsáid; |
|
— |
Nár tugadh aird ar scor d’úsáid an dílseánaigh agus na himpleachtaí maidir leis an measúnú i dtaobh meon mímhacánta. |