18.9.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 329/29 |
Caingean arna tabhairt an 27 Iúil 2023 –Landesbank Baden-Württemberg v BRA
(Cás T-441/23)
(2023/C 329/41)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
Páirtithe
Iarratasóir: Landesbank Baden-Württemberg (ionadaithe: H. Berger, M. Weber agus D. Schoo, Dlíodóirí)
Cosantóir: an Bord Réitigh Aonair
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
go gcuirfí ar neamhní an Cinneadh ón mBord Réitigh Aonair an 2 Bealtaine 2023 maidir le ríomh na ranníocaíochtaí ex ante leis an gCiste Réitigh Aonair le haghaidh 2023 (SRB/ES/2023/23) mar aon leis na hiarscríbhinní a ghabhann leis, ar a laghad a mhéid a bhaineann an cinneadh atá faoi chonspóid, agus Iarscríbhinní I, II agus III a ghabhann leis le ranníocaíocht an iarratasóra; |
— |
a ordú do BRA na costais a íoc. |
Mar mhalairt air sin, i gcás ina bhfuil an Chúirt den tuairim nach ann don chinneadh atá faoi chonspóid ó thaobh dlí de as siocair gur bhain BRA úsáid as an teanga oifigiúil mhícheart agus go mbeadh an chaingean le haghaidh neamhniú do-ghlactha mar sin toisc nach mbeadh feidhm léi, iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
a dhearbhú nach ann don chinneadh atá faoi chonspóid ó thaobh an dlí de; |
— |
a ordú do BRA na costais a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, ardaíonn an t-iarratasóir naoi saincheist dlí, ar comhionann iad agus na saincheisteanna arna n-ardú i gCás T-440/23, Berlin Hyp v BRA.