4.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 314/22


Caingean arna tabhairt an 13 Iúil 2023 – Kärntner Sparkasse v BRA

(Cás T-404/23)

(2023/C 314/26)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: Kärntner Sparkasse AG (Klagenfurt, an Ostair) (ionadaithe: G. Eisenberger, A Brenneis agus J. Holzmann, Dlíodóirí)

Cosantóir: An Bord Réitigh Aonair (BRA)

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh ón mBord Réitigh Aonair an 2 Bealtaine 2023 maidir le ríomh na ranníocaíochtaí ex ante leis an gCiste Réitigh Aonair le haghaidh 2023 (SRB/ES/2023/23), iarscríbhinní san áireamh, a chur ar neamhní, ar a laghad a mhéid a bhaineann sé leis an iarratasóir, agus

a ordú don Bhord Réitigh Aonair na costais a íoc.

Thairis sin, iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta, ar bhonn Airteagal 68 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta, na cásanna seo a leanas den chineál céanna, atá gaolmhar agus a bhfuil an t-ábhar céanna acu, a uamadh chun críocha na gcéimeanna i scríbhinn agus ó bhéal den nós imeachta agus an chinnidh lena gcuirtear clabhsúr leis an nós imeachta: T-400/23, Erste Group Bank v BRA, T-401/23, Erste Bank der österreichischen Sparkassen v BRA, T-402/23, Steiermärkische Bank und Sparkasse v BRA, T-403/23, Dornbirner Sparkasse Bank v BRA, T-404/23, Kärntner Sparkasse v BRA, T-405/23, Sparkasse Niederösterreich Mitte West v BRA, T-406/23, Tiroler Sparkasse v BRA, T-407/23, Salzburger Sparkasse Bank v BRA, T-408/23, Sparkasse Oberösterreich Bank v BRA.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir seacht saincheist dlí atá comhionann leo siúd arna maíomh i gCás T-402/23, Steiermärkische Bank und Sparkasse v BRA.