4.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 314/18


Caingean arna tabhairt an 12 Iúil 2023 – Erste Group Bank v BRA

(Cás T-400/23)

(2023/C 314/22)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: Erste Group Bank AG (Vín, an Ostair) (ionadaithe: G. Eisenberger, A Brenneis agus J. Holzmann, Dlíodóirí)

Cosantóir: An Bord Réitigh Aonair (BRA)

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh ón mBord Réitigh Aonair an 2 Bealtaine 2023 maidir le ríomh na ranníocaíochtaí ex ante leis an gCiste Réitigh Aonair le haghaidh 2023 (SRB/ES/2023/23), iarscríbhinní san áireamh, a chur ar neamhní, ar a laghad a mhéid a bhaineann sé leis an iarratasóir, agus

a ordú don Bhord Réitigh Aonair na costais a íoc.

Thairis sin, iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta, ar bhonn Airteagal 68 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta, na cásanna seo a leanas den chineál céanna, atá gaolmhar agus a bhfuil an t-ábhar céanna acu, a uamadh chun críocha na gcéimeanna i scríbhinn agus ó bhéal den nós imeachta agus an chinnidh lena gcuirtear clabhsúr leis an nós imeachta: T-400/23, Erste Group Bank v BRA, T-401/23, Erste Bank der österreichischen Sparkassen v BRA, T-402/23, Steiermärkische Bank und Sparkasse v BRA, T-403/23, Dornbirner Sparkasse Bank v BRA, T-404/23, Kärntner Sparkasse v BRA, T-405/23, Sparkasse Niederösterreich Mitte West v BRA, T-406/23, Tiroler Sparkasse v BRA, T-407/23, Salzburger Sparkasse Bank v BRA, T-408/23, Sparkasse Oberösterreich Bank v BRA.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir an tsaincheist dlí seo a leanas:

Leis an gcinneadh atá faoi chonspóid, sáraítear Airteagal 102 de Threoir 2014/59/AE (1), Airteagal 69 agus Airteagal 70(2) de Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 (2), Airteagail 3 agus 4 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/63 (3) agus prionsabal na comhréireachta de bharr cinneadh mícheart maidir leis an spriocleibhéal, toisc gur shocraigh an cosantóir spriocleibhéal iomarcach atá contrártha do chreat dlí an Aontais.


(1)  Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat do théarnamh agus réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO 2014 L 173, lch. 190).

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2014 lena mbunaítear rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach maidir le réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe faoi chuimsiú Sásra Réitigh Aonair agus Ciste Réitigh Aonair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO 2014 L 225, lch. 1).

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/63 ón gCoimisiún an 21 Deireadh Fómhair 2014 lena bhforlíontar Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ranníocaíochtaí ex ante le socruithe um maoiniú réitigh (IO 2015 L 11, lch. 44).