28.8.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 304/28 |
Caingean arna tabhairt an 11 Iúil 2023 – Essilor International v EUIPO – Carl Zeiss Vision (MYOLUX)
(Cás T-383/23)
(2023/C 304/35)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Essilor International (Charenton-le-Pont, an Fhrainc) (ionadaithe: A. Parassina agus A. Giovannardi, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Carl Zeiss Vision GmbH (Aalen, an Ghearmáin)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Iarratasóir an trádmhairc atá faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta
Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh ‘MYOLUX’ – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 215 110
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc de EUIPO an 11 Bealtaine 2023 i gCás 267/2022-1
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní; |
— |
inchláraitheacht an trádmhairc atá i gceist a dhearbhú; |
— |
a ordú don pháirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc costais na n-imeachtaí arna dtabhú ag an iarratasóir a íoc. |
Saincheist dlí arna maíomh
— |
Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. |