14.8.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 286/38


Caingean arna tabhairt an 23 Meitheamh 2023 – Sergio Rossi v EUIPO – Stefano Ricci (sr 1)

(Cás T-344/23)

(2023/C 286/52)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Iodáilis

Páirtithe

Iarratasóir: Sergio Rossi SpA (San Mauro Pascoli, an Iodáil) (ionadaí: C. Sala, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO: Stefano Ricci SpA (Fiesole, an Iodáil)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Dílseánach an trádmhairc faoi cheist: Iarratasóir sna himeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta

Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh ‘sr 1’ – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 15 861 248

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí maidir le neamhbhailíocht

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón Dara Bord Achomhairc de EUIPO an 2 Bealtaine 2023 i gCás R 89/2021-2

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

a ordú do EUIPO agus an páirtí eile sna himeachtaí costais an iarratasóra a íoc.

Saincheisteanna dlí

Sárú ar Airteagal 41(2) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh maidir le sárú ar oibleagáid an riaracháin cúiseanna lena chinntí a lua;

Mí-úsáid cumhachta agus easpa dlínse sa mheasúnú ar shaincháilíocht na marcanna níos luaithe ag Bord Achomhairc de EUIPO;

Mainneachtain cúiseanna a lua maidir le pointe cinntitheach sa díospóid (sárú ar Airteagal 41(2) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh) agus sárú ar phrionsabail ghinearálta dhlí an Aontais, go háirithe prionsabail na dlíthiúlachta, na córa comhionainne agus an dea-riaracháin;

Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Airteagal 17(3) de Rialachán Tarmligthe 2018/625 ón gCoimisiún agus Airteagal 41(2) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe maidir le measúnú ar shaincháilíocht trádmharcanna náisiúnta agus trádmharcanna nach trádmharcanna de chuid an Aontais iad, sainaithint an phobail ábhartha agus an anailís ina dhiaidh sin ar chineál comhchosúlacht na gcomharthaí.