14.8.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 286/37


Caingean arna tabhairt an 17 Meitheamh 2023 — Nehera agus páirtithe eile v EUIPO — Zdút (NEHERA)

(Cás T-337/23)

(2023/C 286/50)

An teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóirí: Isabel Nehera (Sutton, Ontario, Ceanada), Natacha Sehnal (Montferrier-sur-Lez, an Fhrainc), Jean-Henri Nehera (Burnaby, British Columbia, Ceanada) (ionadaí: W. Woll, dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Ladislav Zdút (an Bhratasláiv, an tSlóvaic)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Iarratasóir an trádmhairc atá faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc

Trádmharc atá faoi cheist: Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh NEHERA — Trádmharc an Aontais Eorpaigh Uimh. 16 799 678

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí maidir le cealú

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc de EUIPO an 17 Aibreán 2023 i gCás R 1219/2020-4

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

a ordú go n-íocfaidh EUIPO a chostais féin agus na costais arna dtabhú ag an bpáirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc, lena n-áirítear na costais riachtanacha arna dtabhú sna himeachtaí achomhairc os comhair an Bhoird Achomhairc;

a ordú go n-íocfaidh EUIPO, sa bhreis ar a chostais féin, na costais arna dtabhú ag na hiarratasóirí.

Pléadálacha sa dlí

Sárú ar an gceart chun triail chóir a fháil;

Sárú ar Airteagal 52(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 ón gComhairle.