14.8.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 286/33


Caingean arna tabhairt an 16 Meitheamh 2023 – Importaciones Origen Pacífico v EUIPO – Molinos Nacionales (Juana de Origen)

(Cás T-331/23)

(2023/C 286/45)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Spáinnis

Páirtithe

Iarratasóir: Importaciones Origen Pacífico SL (València, an Spáinn) (ionadaí: Á. Pérez Lluna, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Molinos Nacionales C.A. (Puerto Cabello, Veiniséala)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Dílseánach an trádmhairc faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta

Trádmharc faoi cheist: Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh ‘Juana de Origen’ – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 16 517 948

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí maidir le cealú

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 24 Márta 2023 i gCás R 818/2022-5

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní.

a ordú do EUIPO costais na n-imeachtaí seo a íoc agus a ordú don pháirtí eile na costais arna dtabhú sna himeachtaí maidir le cealú agus sa chaingean os comhair EUIPO a íoc.

Saincheisteanna dlí

Éag na dtrádmharcanna ar a mbunaítear an cealú.

Gan fíor-úsáid arna baint as na trádmharcanna ar a mbunaítear an cealú, i gcomhréir le hAirteagal 64(2) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

Éagmais cruthúnais ar mheon mímhacánta an iarratasóra, Airteagal 59(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.