17.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 252/78


Caingean arna tabhairt an 31 Bealtaine 2023 – Vía Atlántica Adegas e Viñedos v EUIPO – Casa Relvas (VIA ATLÁNTICA)

(Cás T-301/23)

(2023/C 252/93)

An teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Vía Atlántica Adegas e Viñedos, SL (Chantada, an Spáinn) (ionadaí: E. Manresa Medina, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Casa Relvas Lda (Redondo, an Phortaingéil)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Iarratasóir ar an trádmharc faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta

Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh VIA ATLÁNTICA – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 205 496

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc de EUIPO an 10 Márta 2023 i gCás R 1419/2022-4

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

a ordú do EUIPO agus don idiragraí, más iomchuí, na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí

Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.