21.8.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 296/34


Caingean arna tabhairt an 24 Bealtaine 2023 – Timchenko v an Chomhairle

(Cás T-297/23)

(2023/C 296/38)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: Gennady Nikolayevich Timchenko (Moscó, an Rúis) (ionadaithe: T. Bontinck, L. Burguin, S. Bonifassi, E. Fedorova agus J. Goffin, Dlíodóirí)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinneadh (CBES) 2023/572 ón gComhairle an 13 Márta 2023 a chur ar neamhní a mhéid a chuirtear síneadh leis le cur i bhfeidhm na mbeart sriantach a glacadh i gcoinne an iarratasóra le Cinneadh (CBES) 2022/337 ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 agus le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/336 ón gComhairle an 28 Feabhra 2022;

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/571 ón gComhairle an 13 Márta 2023 a chur ar neamhní a mhéid a chuirtear síneadh leis le cur i bhfeidhm na mbeart sriantach a glacadh i gcoinne an iarratasóra le Cinneadh (CBES) 2022/337 ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 agus le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/336 ón gComhairle an 28 Feabhra 2022;

a ordú don Chomhairle EUR 1 000 000 a íoc go sealadach as an damáiste neamhábhartha a bhain don iarratasóir;

a ordú don Chomhairle na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir sé shaincheist dlí.

1.

An chéad shaincheist dlí, lena n-éilítear earráid fhollasach mheasúnaithe maidir leis na cúiseanna ar a bhfuil an Chomhairle ag brath, agus go háirithe na critéir le haghaidh ainmniúcháin a cuireadh i bhfeidhm ar an iarratasóir agus cineál na mbeart a glacadh.

2.

An dara saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar oibleagáid na Comhairle cúiseanna a lua.

3.

An tríú saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar an gceart chun éisteacht a fháil.

4.

An ceathrú saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar phrionsabal na comhréireachta.

5.

An cúigiú saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar na cearta bunúsacha a fhaigheann an t-iarratasóir as a stádas bunúsach mar shaoránach Eorpach. Áitíonn an t-iarratasóir nach bhfuil bunús dlí le cur isteach ar a shaoirse gluaiseachta laistigh de chríoch an Aontais Eorpaigh, dá ráthaítear leis na Conarthaí, ar bhonn CBES, agus go bhfuil sé díréireach agus neamhriachtanach.

6.

An séú saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar chearta bunúsacha eile an iarratasóra a ráthaítear leis an gCairt um Chearta Bunúsacha agus leis an gCoinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, go háirithe sárú ar a cheart chun maoine agus ar a cheart go n-urramófaí a shaol príobháideach agus a shaol teaghlaigh.