3.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 235/57


Caingean arna taisceadh an 8 Bealtaine 2023 – LichtBlick v an Coimisiún

(Cás T-240/23)

(2023/C 235/71)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: LichtBlick SE (Hamburg, an Ghearmáin) (ionadaithe: C. von Hammerstein, P. Roegele agus H. Schutte, Dlíodóirí)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh ón gcosantóir an 21 Nollaig 2022 (State Aid SA.104606 (2222/N) – Germany, Fógra TCF: Temporary cost containment of natural gas, heat and electricity price increases) a chur ar neamhní a mhéid a cinneadh ann go raibh sé ag luí leis an margadh inmheánach cabhair a dheonú faoin Gesetz zur Einführung einer Strompreisbremse und zur Änderung weiterer energierechtlicher Bestimmungen (an Dlí Gearmánach lena dtugtar isteach caidhp ar phraghsanna leictreachais agus lena leasaítear forálacha eile faoin dlí fuinnimh) i bhfabhar oibreoirí pointí athluchtaithe ar mhaithe le laghdú costais srutha athluchtaithe arna ídiú ag tríú páirtithe taobh thiar de phointe athluchtaithe;

a ordú don chosantóir costais na n-imeachtaí a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, ardaítear cúig shaincheist dlí:

1.

An chéad saincheist dlí:

Leis an gcéad saincheist dlí, maíonn an t-iarratasóir nár thionscain an Coimisiún an príomhnós imeachta imscrúdaithe dá bhforáiltear in Airteagal 108(2) CFAE, in ainneoin go raibh deacrachtaí tromchúiseacha ann. Rinne an cosantóir neamhaird air go dtéann an scéim cabhrach dá bhforáiltear leis an Dlí Gearmánach lena dtugtar isteach caidhp ar phraghsanna leictreachais chun tairbhe d’oibreoirí pointí athluchtaithe freisin, cé nach tomhaltóirí deiridh iad, ach soláthróirí fuinnimh.

2.

An dara saincheist dlí

Leis an dara saincheist dlí, maíonn an t-iarratasóir gur chóir an príomhnós imeachta imscrúdaithe dá bhforáiltear in Airteagal 108(2) CFAE a thionscnamh, toisc gur chóir don Choimisiún a chinneadh i scrúdú iomlán, cé gurb iomchuí cabhair a bheith á fáil ag oibreoirí pointí athluchtaithe, ar díoltóirí agus soláthróirí leictreachais iad araon, nach amhlaidh atá i gcás gnáthsholáthróirí srutha athluchtaithe amhail an t-iarratasóir.

3.

An tríú saincheist dlí

Leis an tríú saincheist dlí, maíonn an t-iarratasóir gur chinn an cosantóir, go mícheart, go raibh an scéim cabhrach faoin Dlí lena dtugtar isteach caidhp ar phraghsanna leictreachais i bhfabhar oibreoirí pointí athluchtaithe ag luí leis an margadh inmheánach de réir Airteagal 107(3)(b) CFAE. Is léir ó Fhógra TCF nach mbeadh cabhair chun na costais bhreise de bharr an mhéadaithe mhóir eisceachtúil ar phraghsanna leictreachais de dheasca iarmhairtí chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine a chothromú i gcomhréir le hAirteagal 107(3)(b) CFAE, ach amháin i gcás ina mbeadh sásra ann, lena ráthaítear go dtéann an chabhair chun tairbhe freisin dóibh siúd a bhfuil tionchar ag suaitheadh tromchúiseach i ngeilleagar Ballstáit orthu. Níl ann do shásra den sórt sin i dtaca le cabhair i bhfabhar oibreoirí pointí athluchtaithe.

4.

An ceathrú saincheist dlí

Leis an gceathrú saincheist dlí, maíonn an t-iarratasóir nach bhfuil an scéim cabhrach i bhfabhar oibreoirí pointí athluchtaithe dá bhforáiltear leis an Dlí Gearmánach lena dtugtar isteach caidhp ar phraghsanna leictreachais ag luí leis an margadh inmheánach, toisc go saobhtar léi an iomaíocht idir gnáthsholáthróirí leictreachais athluchtaithe, ar thaobh amháin, agus oibreoirí pointí athluchtaithe, ar an taobh eile, gan aon chúis dhlisteanach. Ní théann an scéim cabhrach faoin Dlí lena dtugtar isteach caidhp ar phraghsanna leictreachais chun tairbhe ach do sholathróirí leictreachais atá i mbun pointí athluchtaithe a oibriú freisin. I gcodarsnacht leis sin, ní fhaigheann gnáthsholáthróirí leictreachais athluchtaithe aon chabhair faoin Dlí lena dtugtar isteach caidhp ar phraghsanna leictreachais. Dá bhrí sin, tugtar buntáiste iomaíoch d’oibreoirí pointí athluchtaithe i gcomparáid le gnáthsholáthróirí leictreachais athluchtaithe.

5.

An cúigiú saincheist dlí

Leis an gcúigiú saincheist dlí, maíonn an t-iarratasóir go sáraíonn an chabhair le haghaidh pointí athluchtaithe Treoir (AE) 2019/944 (1), toisc go bhfuil an chabhair sin bunaithe ar fhicsean, atá neamhdhleathach de réir Airteagal 2, pointe 3, de Threoir (AE) 2019/944, gur tomhaltóirí deiridh iad oibreoirí pointí athluchtaithe, cé gur gnóthais leictreachais iad i ndáiríre de réir bhrí Airteagal 2, pointe 57, de Threoir (AE) 2019/944 agus go bhfuil siad i mbun soláthair de réir bhrí Airteagal 2, phointe 12, de Threoir (AE) 2019/944. Déantar an iomaíocht a shaobhadh, de shárú ar Airteagal 3(4) agus Airteagal 5(1) de Threoir (AE) 2019/944 tríd an gcabhair roghnaitheach a théann chun tairbhe d’oibreoirí pointí athluchtaithe amháin agus ní do ghnáthsholáthróirí leictreachais athluchtaithe freisin.


(1)  Treoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach don leictreachas agus lena leasaítear Treoir 2012/27/AE (athmhúnlú) (IO 2019 L 158, lch. 125).