24.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 261/37


Caingean arna tabhairt an 3 Bealtaine 2023 – LW v an Coimisiún

(Cás T-232/23)

(2023/C 261/52)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: LW (ionadaithe: S. Birenbaum-De Guchteneere agus M. Tournay, Dlíodóirí)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an Tuarascáil mheastóireachta le haghaidh 2020 a chur ar neamhní;

a mhéid a bhfuil gá leis, cinneadh an mheasúnóra achomhairc an 13 Iúil 2022 lenar deimhníodh an tuarascáil mheastóireachta le haghaidh 2020 agus lenar diúltaíodh achomharc an 11 Márta 2022 (cláraithe faoi Uimh. 507857) a chur ar neamhní;

a mhéid a bhfuil gá leis, cinneadh an údaráis ceapacháin an 24 Eanáir 2023 lenar diúltaíodh don ghearán a comhdaíodh le nóta an 7 Meán Fómhair 2022 (cláraithe faoi Uimh. R/422/22) a chur ar neamhní;

a ordú cúiteamh ar an damáiste neamhábhartha a íoc;

a ordú don chosantóir na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir ceithre shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar Airteagal 43 de na Rialacháin Foirne agus gur sáraíodh Airteagal 2(3) de Chinneadh C(2013) 8985 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le cur chun feidhme Airteagal 43 de na Rialacháin Foirne agus lena gcuirtear chun feidhme an chéad mhír d’Airteagal 44 de na Rialacháin Foirne (‘GIP’), Airteagal 5, 6 agus 7 de GIP, earráid fhollasach mheasúnaithe, mí-úsáid cumhachta agus sárú ar phrionsabal an dea-riaracháin.

2.

An dara saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar Airteagal 296 CFAE, Airteagal 41(2) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus Airteagal 25 de na Rialacháin Foirne, sárú ar an dualgas cúiseanna a lua, earráid fhollasach agus sárú ar phrionsabal an dea-riaracháin.

3.

An tríú saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar phrionsabal na comhréireachta.

4.

An ceathrú saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar Airteagal 21(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus Airteagal 1d(1) de na Rialacháin Foirne, agus sárú ar an dualgas aird a thabhairt ar leas an oifigigh.